Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Vol. III - No.11

Title
Vol. III - No.11
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1898
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE SHAN VAN VOCHT



(An t.Sean Bhean Bhocht).



Vol. III. — No. 11.


L. 198


An Sean-Chroppi agus é tinn.



Leis an g-"Craoibhin Aoibhinn."



Tá mé dúnta liom féin,
'Gus is fuar é mo chroidhe,
'Gus is fuar é an sneachta
Ar mhóin a's ar slighe;
Is fada ó chualas
Aon shúgradh no greann,
Ní'l grian anns na spéirthibh,
Ní'l éan ar an g-crann.



Is trom é an sneachta,
Acht is truime mo chroidhe;
Tá an condae seo creachta
Le annró 's le dlighe.
Is fada uaim ruaigeadh
Mo mhuinntir 's mo mhac,
A's saighdiúraidh 'ga m-bualadh
Thart timchioll na g-cnoc.


L. 199


Musgailt na nGaodhal i dTirchonaill.



Feadh tri céad bliadhan, beagnach, atá lucht Gaodhail i dTir-
chonaill 'na gcodladh agus faoi trom shnan. Nuair briseadh an
cath orra i n-aimsir Elizabet, agus d'imthigh Aodh Ruadh go dti
an Spáinn agus tugadh nimh dhó, agus nuair d'imthigh tar lear
ua Néill, ua Domhnaill agus taoiseacha Uladh, agus rinne an cead
ri Séamus an slad-phlanndail damanta úd ar Uladh, mhúch na
neidhthe seo spiorad na nGaodhal i dTirchonaill agus nior thóg
siad a gceann go ceart ó shoin. Acht fá dheirionnach atá musgailt
ag teacht orra arist. Tá siad a' tógail a gcinn agus a' tabhairt fá
deara go bhfuil siad beo go foill agus nach é planndail Uladh
dereadh na ceiste. Tá siad ag faghail greim daingean ar an talamh,
tá siad ag faghail greim ar riaghaltas na tire, agus is goirid go
mbeidh greim aca are gach uile nidh is cóir a bheith aca.



Mar sin de ni'l adhbhar iongantais go bhfuil siad ag amharc
thart ca bhfuil a dteanga dhuthcais agus ag breithnughadh mar
goideadh teangadh na nGaodhall uathá nuair bhi siad faoi an
trom-neul sin agus gan neart aca a dteanga do choimhead ar an
ghaduidhe choimhgheach. Agus mar bhain siad amach a gcuid
talmhan, agus mar tá siad ag gabhail arais a saoirse ó na bodaighibh
Gallda, atá sé cinnte go mbeirfidh siad arais a dteanga.



Dearc ar cruinniaghadh bhreagh úd do bhi aca anurraidh ag
Gartan; feuch Aonach Adhamhnain atá siad ag gléasadh i Litir-
cannain; agus amharc mar atá siad ag cur ar bun craobha de
Chonnradh na Gaedhilge ann siud agus an seo thrid Thirchonaill.
Seadh: agus le nua-bheatha na teangan tiocfaidh nua-bheatha
agus spiorad nuadh i bhfearaibh Tirechonaill .i. spiorad dána
neamh-eaglach, chroidheamhail, fearamhail na sean-Ghaodhal
nach ngéillfidh do nósaibh allmhuracha, agus nach dtréighfidh
nósa dhuthchaiseacha na nGhaodal.



Spiorad fós nach leigfidh do Mhuintir Tirechonaill a mbeil do
thruaillinghadh le teangaidh choimhigheach, no a súile le leigheadh
litireacht Gallda; no a n-intinne no a n-intleachta le smuaintibh
choig-chricha no cheol mhi-dhuthaiseach. Go bhfásaidh an
spiorad seo gan moill! Agus 'sé ar dteanga fréamh agus máthair
an spioraid úd. Gabhaidh ar aghaidh, mar sin, le hobair na Gaedhilge.
Planndaigh craobha de chonnradh na Gaedhilge i ngach ceanntar
de Thirchonaill, agus dibir aisti gach uile rud do tugadh isteach
leis na Gallaibh ar feadh na ceadta bliadhan. Bímis 'nar
n-Eirionnachaibh arist is cuma cia ta sásta no mi shásta dhe.



FEAR NA CÉILLE


L. 211


AISLING.



Air maidin andé le h-éirigh na gréine,
Casadh damh an spéirbhean air thaoibh an t-sléibhe,
Labhair mé léi go ciuin 's go ceillighe,
A's d'fhiosruigheas fein dí ár bh'eise Déirdre,
No'n déagh-bhean Bhénis a thug barr-sgéimhe
Air mhnáibh budh dheise a bhí faoi spéirthibh,
"Ní ceachdar díobh mé," ars an óig-bhean spéiseamhail,
"Acht do chéile féin, do mháthair bhocht Eire
Atá bh-fad faoi leun, faoi anro 's daoirse,
'S má's mac díom féin thú tar dom' fhuasgailt.
Tá mo chlann go tréith-lag 's a bh-fad gan saoirse,
Cuid aca i-ngéibhionn ó'n namhaid craosach,
Beir chugam go léir iad, a mhic mo chléibh thú,
'Sna leig dóibh mé níos faide thréigbheáil,
Iarr orrtha éirigh 'gus seasamh in éinfheacht
'Smo bheannacht do'n té sin a ghlacfas taobh liom."
D'éirigheas de léim agus shiúbhailmid le chéile
Thart timchioll gach réagúin, 'gus baile 'na dhiaigh sin;
Casadh dúinn morán de mhacaibh na h-Eireann,
'Gus chruinnigh siad uile air mhullach chnoic Néifin,
Sgaoileadh an brat glas le h-aghaidh na gréine
Le ceól agus spórt 'gus an iomarcuidh pléisiuir,
Fuair sé ceud fáilte le h'árd ghuth ár m-béilín,
'Gus thugmuid fíor-gheall a bheith seasmhach go h-eug do.
Bhí na h-Ultaigh tréightheach faoi chloinn Ui Néill ann,
Na Dálaigh 'sna Baoghallaigh 'lig go léir ann,
Mac Suibhne Bhóghaineach 's Mac Guibhir Liadruim;
'San iomad eile de uaislibh na h-Eireann;
Bhí Mac Gearailt Laighne, croidhe na féile,
Ua Mórdha 's Ua Brian 's an iomad de chléirchibh,
Búrcaigh 's Blácaigh 's Gráinne Mhaol leó;
Ua Choncubhair Shligigh 'gus mórán de Ghaedhealaibh
Bhí Fionn Mac Cumhail agus sluaighte na Féinne,
Cormac Mac Airt 'gus Cormac Mac Néise,
Brian na Boruimhe a's na Múmhanaigh treuna
'San t-easboc Pádraic aig beannughadh an lae doibh.
"A Shéaghain mo chléibh, is mithid duit éirigh,
Tá'n mhaidin caithte 'gus chómhair an mheadhon lae ann."
Chuir an sgairt seo deireadh le m'aisling bréige —
Dá m-béidheadh sí níos faide, bhéidheadh tuille dith-chéille!



SEÁGHAN S. MAC A'BHÁIRD.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services