Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Vol. III - No 8
Title
Vol. III - No 8
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1898
Publisher
The Shan Van Vocht
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THE SHAN VAN VOCHT Vol. III. — No. 8.
Molly Buidhe. Grah le m'anam hu! Cushla mo chree hu! Grah le m'anam hu! —* Ochone i-o! Ochone-a-yee a! Ochone i-o! — † Veemeed ag ole! Veemeed ag rinka! Veemeed ag ole!‡ Ath Cliath agus Corcach. Chum Eargarthórn na "Sean Mna Boichte." Ba mhaith liom beagán focal do rádh i bhfreagradh do'n fhear no do'n mhnaoi do sgríobh san uibhir dhéigheanaigh de'n t-"Sean Mhnaoi Bhocht" i d-taoibh Baile Aha Cliath Dubhlinne; no Atha Cliath, mar goirthear de níos mionca le h-úghdaraibh Eireannacha. Is fíor é go bhfuil sé ceart a morán neitheadh dá ndubhairt sé a dtaoibh an dá chathrach, eadhon, Atha Cliath agus Corcaighe. Tá Corcach mórán níos usa do chosaint a n-aghaidh ionnsuigh ó'n muir ioná Ath Cliath; tá an cuan is feárr dá bhfuil in Eirinn aici, agus tá sí níos foigse do'n dá thír is cáradaighe le h-Eirinn, eadhon, an Fhrainc agus na Stáidibh Aontuighthe. Nuair deir d'aithristeoir go bhfuil Ath Cliath "ro chomhfhogus do Shasanna," is éigean dam admháil go bhfuilim beagán 'sa ndorchadas. B'fheidir gurabh "do Shasain" ba mhian leis do sgríobhadh? Má do bhí, tuigim maith go leór. Acht ní chreidim go bhfuil Corcach níos Gaedhealaighe 'na Ath Cliath. Tá cúntas a stáir na h-Eireann go raibh Ath Cliath ann, agus gurabh cathair í sul tháinic na Lochlannaigh chum ár d-tíre; acht ní'l aon chúntas againn go raibh rud ar bith a g-Corcaigh, taobh amuigh de mhainistir 'nuair do gabhadh leis na Lochlannaibh í timcheal na bliadhna 850. Ní'l daoine in Eirinn níos feárr tá níos tíorghrádhighe 'na daoine Chorcaighe; acht tá go leór de shliocht na nGall innte. Dála stáide an dà chathrach a dtaoibh méid na nGall agus sleachta na nGall atá ionnta anois, ní aontuighim go léir leis an duine tíorghrádhach do sgrióbh an t-airtiogal ar a mbreathnuighim. Tá eolas maith agam ar an dá chathair, agus measaim go bhfuil Corcach chomh Gallda le Ath Cliath; sé sin do réir a méid, agus do réir uibhre na ndaoineadh atá innte. Acht ní chuirim féin mórán suime ná spéise a sliocht. Ní raibh braon fola na nGaedheal a n-Emmet ná a d-Tone; acht is deacair dá ainm le fagháil a stáir na h-Eireann ar a bhfuil an meud sin measta ag muintir na h-Eireann a's atá aca ar an dá ainm so. Tá na Gaill agus a sliocht in Eirinn; fanfaid innte in aimhdheoin gach uile neithe dheunamaoid agus deirimid. 'Sé an nidh is córaide dhúinn do dheunamh, Eireannaigh fíora do dheunamh dhíobh. Is cóir dhúinn cuimhniughadh gurab iad na cinidheacha coimeasgtha na cinidheacha is láidre. Ní cóir aon eidirdhealu- ghadh do dheunamh eidir sliocht na nGaedheal a's na nGall in Eirinn, agus ní dheunfadh le aon fhíor — Eireannach é ag a mbiadh cuimhne ar Tóne agus ar na céadthaíbh eile de shliocht na nGall fuair bás ar son Eireann. Ní mian liom lochtughadh sgribhinne d'aithristeóra, agus b'fhéidir gurab mé féin atá chó aineólach sin ar Ghaedhilig cheirt nach feudaim í thuigsin go furas; acht tá beagán focal in a litir atá dorcha go leór dam. Cad is ciall de na foclaibh "ná beadh." 'Sí mo bharamhuil gur droch-Ghaedhilig iad, óir is cinnte nach Gaedhilig cheart na h-Eireann iad. Tá súil agam go mbéidh tuilleadh aithrise 'san t-"Sean Mhnaoi Bhoicht" um an g-cúis thairbhigh thaithneamhaigh so, agus go ndeunfaidh Gaedheal eile nach mé, breathnuighthe níos feárr agus níos fíre uirri. CLAIRINEAH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services