Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Vol. III - No 8

Title
Vol. III - No 8
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1898
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE SHAN VAN VOCHT



Vol. III. — No. 8.


L. 145


Molly Buidhe.



Grah le m'anam hu!
Cushla mo chree hu!
Grah le m'anam hu! —*



Ochone i-o!
Ochone-a-yee a!
Ochone i-o! — †



Veemeed ag ole!
Veemeed ag rinka!
Veemeed ag ole!‡



Ath Cliath agus Corcach.



Chum Eargarthórn na "Sean Mna Boichte."



Ba mhaith liom beagán focal do rádh i bhfreagradh do'n fhear
no do'n mhnaoi do sgríobh san uibhir dhéigheanaigh de'n t-"Sean
Mhnaoi Bhocht" i d-taoibh Baile Aha Cliath Dubhlinne; no
Atha Cliath, mar goirthear de níos mionca le h-úghdaraibh
Eireannacha.



Is fíor é go bhfuil sé ceart a morán neitheadh dá ndubhairt sé a
dtaoibh an dá chathrach, eadhon, Atha Cliath agus Corcaighe. Tá
Corcach mórán níos usa do chosaint a n-aghaidh ionnsuigh ó'n
muir ioná Ath Cliath; tá an cuan is feárr dá bhfuil in Eirinn
aici, agus tá sí níos foigse do'n dá thír is cáradaighe le h-Eirinn,
eadhon, an Fhrainc agus na Stáidibh Aontuighthe. Nuair deir
d'aithristeoir go bhfuil Ath Cliath "ro chomhfhogus do Shasanna,"
is éigean dam admháil go bhfuilim beagán 'sa ndorchadas. B'fheidir
gurabh "do Shasain" ba mhian leis do sgríobhadh? Má do bhí,
tuigim maith go leór.



Acht ní chreidim go bhfuil Corcach níos Gaedhealaighe 'na Ath
Cliath. Tá cúntas a stáir na h-Eireann go raibh Ath Cliath ann,
agus gurabh cathair í sul tháinic na Lochlannaigh chum ár d-tíre;
acht ní'l aon chúntas againn go raibh rud ar bith a g-Corcaigh,
taobh amuigh de mhainistir 'nuair do gabhadh leis na Lochlannaibh
í timcheal na bliadhna 850.



Ní'l daoine in Eirinn níos feárr tá níos tíorghrádhighe 'na daoine
Chorcaighe; acht tá go leór de shliocht na nGall innte. Dála
stáide an dà chathrach a dtaoibh méid na nGall agus sleachta na
nGall atá ionnta anois, ní aontuighim go léir leis an duine
tíorghrádhach do sgrióbh an t-airtiogal ar a mbreathnuighim. Tá
eolas maith agam ar an dá chathair, agus measaim go bhfuil
Corcach chomh Gallda le Ath Cliath; sé sin do réir a méid, agus
do réir uibhre na ndaoineadh atá innte.



Acht ní chuirim féin mórán suime ná spéise a sliocht. Ní raibh
braon fola na nGaedheal a n-Emmet ná a d-Tone; acht is deacair
dá ainm le fagháil a stáir na h-Eireann ar a bhfuil an meud sin
measta ag muintir na h-Eireann a's atá aca ar an dá ainm so. Tá
na Gaill agus a sliocht in Eirinn; fanfaid innte in aimhdheoin
gach uile neithe dheunamaoid agus deirimid. 'Sé an nidh is
córaide dhúinn do dheunamh, Eireannaigh fíora do dheunamh
dhíobh. Is cóir dhúinn cuimhniughadh gurab iad na cinidheacha
coimeasgtha na cinidheacha is láidre. Ní cóir aon eidirdhealu-
ghadh do dheunamh eidir sliocht na nGaedheal a's na nGall in
Eirinn, agus ní dheunfadh le aon fhíor — Eireannach é ag a mbiadh
cuimhne ar Tóne agus ar na céadthaíbh eile de shliocht na nGall
fuair bás ar son Eireann.



Ní mian liom lochtughadh sgribhinne d'aithristeóra, agus
b'fhéidir gurab mé féin atá chó aineólach sin ar Ghaedhilig cheirt
nach feudaim í thuigsin go furas; acht tá beagán focal in a litir
atá dorcha go leór dam. Cad is ciall de na foclaibh "ná beadh."
'Sí mo bharamhuil gur droch-Ghaedhilig iad, óir is cinnte nach
Gaedhilig cheart na h-Eireann iad.



Tá súil agam go mbéidh tuilleadh aithrise 'san t-"Sean Mhnaoi
Bhoicht" um an g-cúis thairbhigh thaithneamhaigh so, agus go
ndeunfaidh Gaedheal eile nach mé, breathnuighthe níos feárr agus
níos fíre uirri.



CLAIRINEAH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services