Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Vol. III - No.6
Title
Vol. III - No.6
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1898
Publisher
The Shan Van Vocht
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THE SHAN VAN VOCHT VOL. III. — No. 6.
ROINN 1. Rann 1. Eachtá as Gabháltas Uladh fá Mhédhbh I n-aimsir gein Chríost. Seal 1. Filleann Médhbh, Ríoghan Chonnacht ar n-ais d'éis cómhairle a Draoi d'fhághail i gcómhair Gabháltais Uladh. Taisbeantar insan turus di an bhean-fáidh, Fedelm, ar chrann an charbhaid. Tráchtann Fedelm ar amhgar shluaigte Chonnacht ó ghaisge agus gaile an righ-mhíleadh Cúchulainn Daoine — Médhbh, An Carbadóir, Fedelm. Seal 2. Ionnsaigheann Cúchulainn longphort na gConnachtaigh gach oidhche agus chuireann ár ortha. Déanann an deóraidhe Ultach Feargus Mac Róig aide Chuchulainn, agus Médhbh, ionad coinne le Cúchulainn ar tí tairise. Measann Médhbh é mhealladh acht tugann seisean druim a láimhe léi. Daoine — Médhbh, Feargus Mac Róigh, Cúchulainn. Seal 3. Tuiteas an chuid is mó de mhaithibh Chonnacht le Cúchulainn agus meal- lann Médhbh Feardia a shíor-chómhtha chum cath-aoinfhir leis. Tairgeas sí Fionnbár mar chéile dhó agus an t-eó-luachmhar as a falluing féin Géilleas Feardia dá léath-aindheoin. Daoine — Médhbh, Feargus Mac Róig, Feardia, Fionnbár. Seala, 4, 5, 6, An cómhlann cruaidh idir Cúchultiun agus Feardia. Daoine — Cúchulainn Feardia Loeg (carbadíor Cúchulainn). Seal 7. Feardia ar lár leis an ngae-builg, agus Cúchulainn dearg-ghonta tar éis an chómhlainn chruaidh. Caoine Chú ós cionn a charaid. Daoine — Cúchulainn, Leog, Feardia (marbh), Médhbh, Fionnbár, Feasgus Mac Róig. RANN 11. Eachtra Dhiarmuda agus Ghráinne. Seal 1. Cóisir Fhinn agus Ghráinne. Daoine — Cormac mac Airt Ard Rí Eireann, Gráinne, a inghean, Fionn, Taoiseadh na Féinne, Oisín mac Fhinn, Usgar, mac Oisín, Diarmaid donn, Draoi Fhinn, Comhal. Seal 2. Déanann Gráinne iarratach ar an bpósad le Fionn do dhiúltad. Meargann sí an corn-suain do chách acht amháin, Oisín Usgar, agus Diarmaid. Daoine — An dream céadna. Seal 3. Tá Gráinne a' tathannt air Dhiarmaid éalúghadh léi. Ní h-annsa leis a thaoiseach do thréigean. Cuireann sí na geasa air. Daoine — An dream céadna. Seal 4. Ta an fuadach ós árd. Daoine — An dream céadna, acht amháin Diarmaid agus Gráinne. Seal 5. Cuireadh an Tóir ar siubhal; leanadh Diarmaid agus Gráinne go doire dhá bhoth; cóirígheann Fionn ceap dlúth de'n Fhéin ar tí a ngabháil; foillsighthear d' Aongus Óg an bhrogha an cruadh-chás 'na raibh Diarmaid agus Gráinne, sgiobann sé sisi fá 'na fhalluing dhraaidheachta as an nguais, agus preabann Diarmaid as dearg-lár a naimhde le lúth a léim. Daoine — Diarmaid, Gráinne, Aóngus Óg, Seal 6. Ins an deireádh déanann Aongus Óg rith idir Fhionn agus Diarmaid. Créachtar Diarmaid le torc Bheinn Ghulbain; tá a Fhóirtin ar Fionn le deoch fíor-uisge acht tá cruimh 'na sróin do Dhiarmaid agus leigean sé do'n digh silleadh idir a mhéaraibh. Faghainn diarmaid bás. Daoine — Fionn, Oisín, Usgar, Diarmaid (marbh.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services