Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Vol. III - No.6

Title
Vol. III - No.6
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1898
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE
SHAN VAN VOCHT



VOL. III. — No. 6.


L. 115


ROINN 1.



Rann 1.



Eachtá as Gabháltas Uladh fá Mhédhbh I n-aimsir gein Chríost.



Seal 1.



Filleann Médhbh, Ríoghan Chonnacht ar n-ais d'éis cómhairle a Draoi
d'fhághail i gcómhair Gabháltais Uladh. Taisbeantar insan turus di
an bhean-fáidh, Fedelm, ar chrann an charbhaid. Tráchtann Fedelm ar
amhgar shluaigte Chonnacht ó ghaisge agus gaile an righ-mhíleadh Cúchulainn



Daoine — Médhbh, An Carbadóir, Fedelm.



Seal 2.



Ionnsaigheann Cúchulainn longphort na gConnachtaigh gach oidhche agus
chuireann ár ortha. Déanann an deóraidhe Ultach Feargus Mac Róig
aide Chuchulainn, agus Médhbh, ionad coinne le Cúchulainn ar tí tairise.
Measann Médhbh é mhealladh acht tugann seisean druim a láimhe léi.
Daoine — Médhbh, Feargus Mac Róigh, Cúchulainn.



Seal 3.



Tuiteas an chuid is mó de mhaithibh Chonnacht le Cúchulainn agus meal-
lann Médhbh Feardia a shíor-chómhtha chum cath-aoinfhir leis. Tairgeas sí
Fionnbár mar chéile dhó agus an t-eó-luachmhar as a falluing féin
Géilleas Feardia dá léath-aindheoin.



Daoine — Médhbh, Feargus Mac Róig, Feardia, Fionnbár.



Seala, 4, 5, 6,



An cómhlann cruaidh idir Cúchultiun agus Feardia.
Daoine — Cúchulainn Feardia Loeg (carbadíor Cúchulainn).



Seal 7.



Feardia ar lár leis an ngae-builg, agus Cúchulainn dearg-ghonta
tar éis an chómhlainn chruaidh. Caoine Chú ós cionn a charaid.
Daoine — Cúchulainn, Leog, Feardia (marbh), Médhbh, Fionnbár,
Feasgus Mac Róig.



RANN 11.



Eachtra Dhiarmuda agus Ghráinne.



Seal 1.



Cóisir Fhinn agus Ghráinne.



Daoine — Cormac mac Airt Ard Rí Eireann, Gráinne, a inghean,
Fionn, Taoiseadh na Féinne, Oisín mac Fhinn, Usgar,
mac Oisín, Diarmaid donn, Draoi Fhinn, Comhal.



Seal 2.



Déanann Gráinne iarratach ar an bpósad le Fionn do dhiúltad.
Meargann sí an corn-suain do chách acht amháin, Oisín Usgar, agus
Diarmaid.



Daoine — An dream céadna.



Seal 3.



Tá Gráinne a' tathannt air Dhiarmaid éalúghadh léi. Ní h-annsa
leis a thaoiseach do thréigean. Cuireann sí na geasa air.



Daoine — An dream céadna.



Seal 4.



Ta an fuadach ós árd.



Daoine — An dream céadna, acht amháin Diarmaid agus Gráinne.



Seal 5.



Cuireadh an Tóir ar siubhal; leanadh Diarmaid agus Gráinne go doire
dhá bhoth; cóirígheann Fionn ceap dlúth de'n Fhéin ar tí a ngabháil;
foillsighthear d' Aongus Óg an bhrogha an cruadh-chás 'na raibh
Diarmaid agus Gráinne, sgiobann sé sisi fá 'na fhalluing dhraaidheachta as
an nguais, agus preabann Diarmaid as dearg-lár a naimhde le lúth
a léim.



Daoine — Diarmaid, Gráinne, Aóngus Óg,



Seal 6.



Ins an deireádh déanann Aongus Óg rith idir Fhionn agus Diarmaid.
Créachtar Diarmaid le torc Bheinn Ghulbain; tá a Fhóirtin ar Fionn
le deoch fíor-uisge acht tá cruimh 'na sróin do Dhiarmaid agus leigean
sé do'n digh silleadh idir a mhéaraibh. Faghainn diarmaid bás.



Daoine — Fionn, Oisín, Usgar, Diarmaid (marbh.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services