Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Vol. II - No.6. Beatha Cholmcille
Title
Vol. II - No.6. Beatha Cholmcille
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1897
Publisher
The Shan Van Vocht
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THE SHAN VAN VOCHT VOL. II. — No. 6.
CATHACH CHOLMCILLE. Ag seo deilbh de'n chathach. Thá sí I mbaile-áth-cliath anois. Ba ghnáthach turus do thabhairt lei timhcheall na d-Tír-Chonnailligh roimh gluaiseacht dóibh chum catha. BÁS NAOIMH CHOLMCILLE. Thug Dia éolas do Cholmcill air lá agus uair a Bháis. Tamall beag roimhe chuaidh sé amach agus sheas sé air chnoc. D'amhaac sé síar-deas agus chur sé a bhean- nacht thár na n-gorm- tonnaibh go H-Eirinn, a thír-duthchais. Thug sé a aghaidh soir ann sin agus Bheannuigh sé an oilean Souain, a rabh sé 'na chómhnuidhe ann le ceitre bliadhnaibh déug I fíche. Air an naomhadh la de mhí mheadhoim an t-samhraidh thug sé a leantoir dílis Díarmuid leis amach ann an sgioboil gur bheannuigh sé an dá charnan gráin a bhí ann agus dubhairt sé, go rabh luathghair air, da n-imtheóchadh seisean uaibhthe ann áit air bith, go m-beidheadh go leór aig na braithreachaibh fa choinne na bliadhna." Thainic brón air Dhíarmuid, aig clos na bh-focal so. D'innis an duine naomhtha so, ann sin, do Dhíarmuid, faoi rún, go b-fuighfeadh sé bás I lár na hoidhcheadh sin. 'Na dhéigh so chuaidh an naomh amach ann ann sgioboil agus thainic asteach arís go tigh na manaighe. Bhí sé lag le h-aois agus shuidh sé síos aig deanadh sgíthisde. Nuair a bhí sé tamall beag 'na shuidhe, thainic an capall bán a bhídheadh aig iomchar an bhainne ó'n ingheilt go tigh na manach, chuige, agus chur an créatúr bocht, dílis so, a cheann ann uchd an naomh agus thoisigh aig caoineadh go truacanta, mar bheidheadh duine ann, agus aig sileadh na n-deór go fras air bhrollach an naoimh agus aig cur cúbhar go mór. Nuair a chonnairc an freasdaluidhe so thug sé iarraidh an beathach brónach, bochd a chur air siubhal acht ni leigfeadh an naomh do aig rádh, "léig do! mar tá grádh aige ormsa, Léig do; ionnur go silsíd sé asteach ann m' uchd-sa deóra a chaointe ghéur-bhrónaigh. Feuch! is fear a tá ionnat-sa agus tá anam tuigsionach agat agus 'na dhéigh sin, ní thiocfadh leat air dhóigh air bith, eólas a bheith agat air m' imtheacht-sa, muna b'é gur fhóillsígh me duit é tamall beag ó shoin; acht do'n ainmhidhe so a tá gan chéill, thug an Cruthtightheoir, Éféin, eólas air dhóigh éigin, go bh-fuil a mhaíghistir air tí imtheacht ua." Thug sé a bheannacht do'n beathach nuair a bí sé aig dul air siubhal ua.
Chuaidh sé suas air cnoc bheag, a bhí ós cionn tigh na manaighe, sheas ré tamall beag air a mhullach, thóg sé suas a dhá lámh, agus bheannuigh sé an mhainisdir. Phill sé anuas ó'n cnoc, chuaidh asteach ann a sheoimrin agus thoisigh aig aith-sgríobhughadh an t-Sailm go d-tainic sé go d-tí an rann sin anns an tríomhadh sailm déug air fhíchead a deir, "Acht iadsan a lorgas an Tíghearna, ní bheidh easbhaidh aon mhaitheasa orrtha." "Annso," deir sé, "caithfídh me stad. An mheíd a leanas sgríobhadh Baithene é." 'Na dhéigh so chuaidh sé go tígh an phóbail, thainic air ais ann a sheóimrín, an áit nach rabh aige mar leabuidh acht leac lom agus cloch faoi n-a ceann. Shuidh sé air an leabuidh ríoth na h-oidhcheadh agus so Í an chómhairle deireannach a thug sé do na bráithreachaibh: — "Molaim díbh na focla déighionach so; bidheadh fíor-charthanachd eadraibh do a cheile, le síothchan. Ma ghnidh sibh so, réir sompla a naithreach naomtha, cuideóchaidh. Dia na sólais libh, agus dheanfaidh mise eadarguidh dibh ann m'áit chómhnuidhe ann a lathair, agus bhéarfaidh Sé díbh, ní h-é amháin, na neithibh a tá riachtanach air an t-saoghal so acht pronnfaidh Sé orraibh saidhbhreas na siorruidheachta a tá geallta dóibh-sean a choimhlíonas a naomh aitheanta." D'fhan an naomh 'na thosd nuair a bhí a uair shona dhéigheanach aig teacht 'ndeas dó. Nuair a bhuaill an clog an mheadhon-oidhche d'éirigh sé go deifreach agus chuaidh sé amach ann an teampoill; ríoth sé níos gaisde no'n chuid eile, chuaidh asteach leis fein agus chaith é féin air a ghluinibh I n-urnuighibh le taobh na h-altora. Bhí Díarmuid 'na dhéigh agus nuair a bhí sé aig dul ann tosuigh chonnairc sé an teampoll go leir lionta le solus ainglídhe. Connaire cuid de na bráithreachaibh an solus ceadhna acht nuair a thainic siad 'ndeas do, d' imthigh sé as a n-amharc go tapaidh. Chuaidh Diarmuid asteach ann an teampoill aig sgairtigh amach I nguth cráidhte "Ca bh-fuil tú, a Athair?" Righne sé an bealach amach thríd an dorchadas agus fuair sé an naomh 'na luidhe sinte le taobh na h-altora. Thóg sé suas rud beag é, shuidh sé le na thaobh agus chur sé a cheann naomhtha ann a ucd. Eadar ama thainic pobal na manaighe go leir ann tosaigh le soluisibh agus nuair a chonnairc siad go rabh a n-athair aig faghail bháis thusuigh siad aig caoineadh. Dh' amharc an naomh thart air ghachtaobh de le na shúile fosgailte agus le sholas agus athas iongantach ann a ghnúis, mar bheidheadh se aig amharc air na h-ainglib aig teacht ann a araicís. Thóg Díarmuid suas a lamh dheas gur bheannuigh sé (go direach mar bhí a anam aig fágbhail a cholann), comhchruinniughadh na manaighe a bhí a lathair. Indhéigh a anam imtheacht as a cholann d' fan cuma amharc air na h-ainglibh, air chaoi gur mhó an chosamhlacht a bhí aige le duine beó no le duine marbh. (Geárrtha anuas beagan ó Bheatha Cholmcille leis an Naomh Adhamhnan.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services