Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Vol. II - No.6. Beatha Cholmcille

Title
Vol. II - No.6. Beatha Cholmcille
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1897
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE
SHAN VAN VOCHT



VOL. II. — No. 6.


L. 2


CATHACH CHOLMCILLE.



Ag seo deilbh de'n chathach. Thá sí I mbaile-áth-cliath anois.
Ba ghnáthach turus do thabhairt lei timhcheall
na d-Tír-Chonnailligh roimh gluaiseacht dóibh chum catha.



BÁS NAOIMH CHOLMCILLE.



Thug Dia éolas do
Cholmcill air lá
agus uair a Bháis.
Tamall beag roimhe
chuaidh sé amach agus
sheas sé air chnoc.
D'amhaac sé síar-deas
agus chur sé a bhean-
nacht thár na n-gorm-
tonnaibh go H-Eirinn,
a thír-duthchais. Thug sé a aghaidh soir ann sin agus
Bheannuigh sé an oilean Souain, a rabh sé 'na
chómhnuidhe ann le ceitre bliadhnaibh déug I fíche.
Air an naomhadh la de mhí mheadhoim an t-samhraidh
thug sé a leantoir dílis Díarmuid leis amach ann
an sgioboil gur bheannuigh sé an dá charnan gráin
a bhí ann agus dubhairt sé, go rabh luathghair air,
da n-imtheóchadh seisean uaibhthe ann áit air bith, go
m-beidheadh go leór aig na braithreachaibh fa choinne
na bliadhna." Thainic brón air Dhíarmuid, aig
clos na bh-focal so. D'innis an duine naomhtha so,
ann sin, do Dhíarmuid, faoi rún, go b-fuighfeadh sé
bás I lár na hoidhcheadh sin.



'Na dhéigh so chuaidh an naomh amach ann ann sgioboil
agus thainic asteach arís go tigh na manaighe. Bhí sé
lag le h-aois agus shuidh sé síos aig deanadh
sgíthisde. Nuair a bhí sé tamall beag 'na shuidhe,
thainic an capall bán a bhídheadh aig iomchar an
bhainne ó'n ingheilt go tigh na manach, chuige, agus
chur an créatúr bocht, dílis so, a cheann ann uchd
an naomh agus thoisigh aig caoineadh go truacanta,
mar bheidheadh duine ann, agus aig sileadh na n-deór
go fras air bhrollach an naoimh agus aig cur cúbhar
go mór. Nuair a chonnairc an freasdaluidhe so thug
sé iarraidh an beathach brónach, bochd a chur air siubhal
acht ni leigfeadh an naomh do aig rádh, "léig do!
mar tá grádh aige ormsa, Léig do; ionnur go
silsíd sé asteach ann m' uchd-sa deóra a chaointe
ghéur-bhrónaigh. Feuch! is fear a tá ionnat-sa agus
tá anam tuigsionach agat agus 'na dhéigh sin, ní
thiocfadh leat air dhóigh air bith, eólas a bheith agat
air m' imtheacht-sa, muna b'é gur fhóillsígh me duit
é tamall beag ó shoin; acht do'n ainmhidhe so a tá
gan chéill, thug an Cruthtightheoir, Éféin, eólas air
dhóigh éigin, go bh-fuil a mhaíghistir air tí imtheacht
ua." Thug sé a bheannacht do'n beathach nuair a bí
sé aig dul air siubhal ua.


L. 3


Chuaidh sé suas air cnoc bheag, a bhí ós cionn tigh
na manaighe, sheas ré tamall beag air a mhullach,
thóg sé suas a dhá lámh, agus bheannuigh sé an
mhainisdir.



Phill sé anuas ó'n cnoc, chuaidh asteach ann a
sheoimrin agus thoisigh aig aith-sgríobhughadh an t-Sailm
go d-tainic sé go d-tí an rann sin anns an
tríomhadh sailm déug air fhíchead a deir, "Acht iadsan
a lorgas an Tíghearna, ní bheidh easbhaidh aon mhaitheasa
orrtha." "Annso," deir sé, "caithfídh me stad. An
mheíd a leanas sgríobhadh Baithene é." 'Na dhéigh so
chuaidh sé go tígh an phóbail, thainic air ais ann a
sheóimrín, an áit nach rabh aige mar leabuidh acht
leac lom agus cloch faoi n-a ceann. Shuidh sé air
an leabuidh ríoth na h-oidhcheadh agus so Í an chómhairle
deireannach a thug sé do na bráithreachaibh: — "Molaim
díbh na focla déighionach so; bidheadh fíor-charthanachd
eadraibh do a cheile, le síothchan. Ma ghnidh sibh so,
réir sompla a naithreach naomtha, cuideóchaidh. Dia
na sólais libh, agus dheanfaidh mise eadarguidh dibh
ann m'áit chómhnuidhe ann a lathair, agus bhéarfaidh
Sé díbh, ní h-é amháin, na neithibh a tá riachtanach air
an t-saoghal so acht pronnfaidh Sé orraibh saidhbhreas
na siorruidheachta a tá geallta dóibh-sean a
choimhlíonas a naomh aitheanta."



D'fhan an naomh 'na thosd nuair a bhí a uair shona
dhéigheanach aig teacht 'ndeas dó. Nuair a bhuaill
an clog an mheadhon-oidhche d'éirigh sé go deifreach
agus chuaidh sé amach ann an teampoill; ríoth sé
níos gaisde no'n chuid eile, chuaidh asteach leis fein
agus chaith é féin air a ghluinibh I n-urnuighibh le taobh
na h-altora. Bhí Díarmuid 'na dhéigh agus nuair a
bhí sé aig dul ann tosuigh chonnairc sé an teampoll
go leir lionta le solus ainglídhe. Connaire cuid
de na bráithreachaibh an solus ceadhna acht nuair a
thainic siad 'ndeas do, d' imthigh sé as a n-amharc
go tapaidh. Chuaidh Diarmuid asteach ann an
teampoill aig sgairtigh amach I nguth cráidhte "Ca
bh-fuil tú, a Athair?" Righne sé an bealach amach
thríd an dorchadas agus fuair sé an naomh 'na
luidhe sinte le taobh na h-altora. Thóg sé suas
rud beag é, shuidh sé le na thaobh agus chur sé a
cheann naomhtha ann a ucd. Eadar ama thainic pobal
na manaighe go leir ann tosaigh le soluisibh agus
nuair a chonnairc siad go rabh a n-athair aig faghail
bháis thusuigh siad aig caoineadh. Dh' amharc an naomh
thart air ghachtaobh de le na shúile fosgailte agus
le sholas agus athas iongantach ann a ghnúis, mar
bheidheadh se aig amharc air na h-ainglib aig teacht
ann a araicís. Thóg Díarmuid suas a lamh dheas
gur bheannuigh sé (go direach mar bhí a anam aig
fágbhail a cholann), comhchruinniughadh na manaighe a
bhí a lathair. Indhéigh a anam imtheacht as a cholann
d' fan cuma amharc air na h-ainglibh, air chaoi gur mhó an
chosamhlacht a bhí aige le duine beó no le duine
marbh.



(Geárrtha anuas beagan ó Bheatha Cholmcille leis
an Naomh Adhamhnan.)





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services