Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Vol. II - No.4. Teacht Naomh Phádraic go hÉirinn (ar lean.)
Title
Vol. II - No.4. Teacht Naomh Phádraic go hÉirinn (ar lean.)
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1897
Publisher
The Shan Van Vocht
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THE SHAN VAN VOCHT VOL. II — No. 4.
Teacht Naomh Phádraic go h-Éirinn. Bhí Pádraic cuig bliadhna deug agus fiche dhe aois nuair a thainic sé go h-'Eirinn anns an bhliadhain de aois ár d-Tighearna ceithre cheud agus dha bhliadhain air fhichead. Aig deanadh aithris air ár Slánuightheoir aig tabhairt maith anaghaidh an uilc thug Pádraic iarraidh air a shean mhaighistir, le feuchail an d-tiocfadh leis Críosdaidhe a dheanadh dhe acht bhí croidhe an fhir dhona, mío- ághamhail so, amhail an dream air ar labhrann ár Slanuightheoir nuair a deir Se "deantar cruaidh a g-croidhthe." Ann áit fáilte a bheith aige roimhe an Naomh, 'sé an rud a righne sé, a theach a dhruid suas agus teine a chur leis, anns an chruth gur dóigheadh é féin agus an mhór-chuid de a chlann. Na dhéigh sin thug Pádraic turus mara eile, gur chuir a long isteach a d-tír i b-Port Cholpaidh, aig Beul na Bóinne. Tharlaidh gur Sathurn Cásg a bhí ann lá air na mhárach agus an oidhche sin las siad teine na Casg. Bhí sé anaghaidh dlíghe na tíre teine air bíth a lasadh an oidhche sin go bh-feicfidh teine na n-draoidh lasta air mhullaigh chnoic Theamrach agus chur sé fearg mhór air an rígh, Laoghaire, gur bhris Naomh Pádraic dlígheadh na tíre. Chuaidh sé feín agus a chuid draoidh go bh-feicfeadh siad caid é b' adhbhar do'n teine a bheith lasta agus thainic Pádraic ann na n-araicis agus mhínigh sé dhoibh brígh a shiúbhail agus fuair cuireadh ó'n rígh a theacht ann an cúirte, la air na mhárach. Air an bhealach abhaile, d'innis na draoidhthe do Laoghaire, go sgriosfadh an naomh é féin agus iadsan agus go m-bainfeadh sé a g-comhachda uaibhthe. Nuair a chualaidh Laoghaire so, chuir sé roimhe fein Pádraic agus a chuid cléir a mharbhadh air an bhealach aig teacht dóibh acht níor éirigh leis agus indéigh diospoireachd a chluinstean eadar é fein agus na draoidh, thug sé cead d'on naomh a dhul air aghaidh aig míniughadh agus aig teagasg Creidimh Chríosd. D' fhan sé seachtmhain na dhéigh sin aig aonach Tháiltein aig deanadh seanmoir agus aig baisdeadh na n-daoineadh a thionntoidh leis agus 'na dhéigh sin chuaidh sé go Connachta agus chaith sé sé bliadhna anns an chuige sin. Nuair a thígeadh an Corgas a g-cómhnuidhe theidheadh sé go h-áit uaigneach, iarg-cúlta, agus ghnídheadh sé urnaigheacha agus trosgaidheacha fada. Chaith sé Corgas amháin indhéigh a theachta go h-'Eirinn air mhullaigh Chruaighe Phádraic i g-condaidh Mhuigh-Eó. Chuaidh sé ó Chonnachta go h-Ulladh agus ó sin Laighin agus 'na dhéigh sin go Múmhan. Dhíbir sé na deamhain as an tír, sgrios sé na h-iomhaigheacha a bhí aig na paganaighibh agus tá sean rádh gur "bheannuigh sé an tir go h-iomlan acht Gleann Cholmcill." Bhaisd sé na ceudta mílte de dhaoinibh, choisreac sé móran easboc, chuír sé an iomad de thighthibh poible air bun agus thug sé na h-'Eirreannaigh go h-iomlan, acht 'sa bheag, faoi ríaghail na h-Eaglaise. Fuair sé cómhachda ó Dhia miorbhuiltidhe ionghantacha a dheanadh agus chuir sé an fhíor-chreideamh chómh daingean sin i g-croidhthibh na n-'Eireannach gur sháruigh sé air na Lochlannaighibh agus air na Sacsannaighibh é a sgrios amach asda, gidh gur fheuch siad a n-inntleacht agus a n-díthchioll air feadh na ceudta bliadhain é a dheanadh.
Is i n-Oileán Éadaígh atà mo chéad ghrádh, Ag ar leig mé léithé mo rún go h-óg, A bh-fuil triúir an aon chéill ag gul na diaid orm, Agus gan bean a bhréagfadh mo chreach le fághail, Tá mise tréith-lag — ni'-l gar d'a sheunadh, Agus ní'l mé air aon chor acht mar bhíonn an ceó; Sa stóir mo chleib is tú d' fág liom féin mé, Agus chuaid tú a g-cré uaím in do chailín óg. A n-aois a sé-déig seádh fuair mé féin í, Agus budh lághach an féirín í ag fear le fághall; Bud dheas a beusa 's budh chiúin a méin-mhaith, 'S budh gheal le reultan í air maidin bhreágh. Mo ghrádh do bhéilín ná'r chum na breuga, 'S do ghruaidh ghéal, gleagal mar an eala ar tráigh, Do dhá chích córa le do leanbh a bhreugadh, Acht a stóir níor 'fheud mé thu thabairt ó'n m-bás. Dâ b-pósfainn sláimin de chaile ghrânna, Do tóigfeadh a lân orm a bheith gul 'na diaigh, Acht an chiúin bhean bhân úd a d tug me grádh dl, Is gur in a páisde do fuair mé í, B' féarr lióm go mór mo dhiaidh 'sau ród í, Ag bleaghan mo bhó no a g-cionn mo thighe, Na saidhbhreas Sheórsa agus faghaim fa dhó é, Agus gur faoi na fòdaibh do chuir mé í, Dà mbeidh' fios ag na daoine có buadhartha 's bídim-s An trath do smuainím air mo Shalòg ruadh Bhideadh in aice liom air feádh na h-oidhche, Agus ag comhrádh caoin liom le h-éirige 'nlae Ni'l gar dam smuaineadh go b-fuigh' mé choidce í, A g-cionn mo thigh no mo leambh bán; Agus fuil mo chroidhe ì ag teact 's ag taodhmadh, 'Sa stóir, cé 'n t-'iongnadh é, í n-diaidh mo ghrádh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services