THE
SHAN VAN VOCHT
VOL. II — No. 4.
Teacht Naomh Phádraic go h-Éirinn.
Bhí Pádraic cuig bliadhna deug agus fiche dhe aois nuair a thainic
sé go h-'Eirinn anns an bhliadhain de aois ár d-Tighearna ceithre
cheud agus dha bhliadhain air fhichead. Aig deanadh aithris air
ár Slánuightheoir aig tabhairt maith anaghaidh an uilc thug Pádraic
iarraidh air a shean mhaighistir, le feuchail an d-tiocfadh leis
Críosdaidhe a dheanadh dhe acht bhí croidhe an fhir dhona, mío-
ághamhail so, amhail an dream air ar labhrann ár Slanuightheoir
nuair a deir Se "deantar cruaidh a g-croidhthe." Ann áit fáilte a
bheith aige roimhe an Naomh, 'sé an rud a righne sé, a theach a
dhruid suas agus teine a chur leis, anns an chruth gur dóigheadh é
féin agus an mhór-chuid de a chlann. Na dhéigh sin thug Pádraic
turus mara eile, gur chuir a long isteach a d-tír i b-Port Cholpaidh,
aig Beul na Bóinne. Tharlaidh gur Sathurn Cásg a bhí ann lá air
na mhárach agus an oidhche sin las siad teine na Casg. Bhí sé
anaghaidh dlíghe na tíre teine air bíth a lasadh an oidhche sin go
bh-feicfidh teine na n-draoidh lasta air mhullaigh chnoic Theamrach
agus chur sé fearg mhór air an rígh, Laoghaire, gur bhris Naomh
Pádraic dlígheadh na tíre. Chuaidh sé feín agus a chuid draoidh
go bh-feicfeadh siad caid é b' adhbhar do'n teine a bheith lasta agus
thainic Pádraic ann na n-araicis agus mhínigh sé dhoibh brígh
a shiúbhail agus fuair cuireadh ó'n rígh a theacht ann an
cúirte, la air na mhárach. Air an bhealach abhaile, d'innis
na draoidhthe do Laoghaire, go sgriosfadh an naomh é féin
agus iadsan agus go m-bainfeadh sé a g-comhachda uaibhthe.
Nuair a chualaidh Laoghaire so, chuir sé roimhe fein Pádraic agus
a chuid cléir a mharbhadh air an bhealach aig teacht dóibh acht
níor éirigh leis agus indéigh diospoireachd a chluinstean eadar é
fein agus na draoidh, thug sé cead d'on naomh a dhul air aghaidh
aig míniughadh agus aig teagasg Creidimh Chríosd. D' fhan sé
seachtmhain na dhéigh sin aig aonach Tháiltein aig deanadh
seanmoir agus aig baisdeadh na n-daoineadh a thionntoidh leis agus
'na dhéigh sin chuaidh sé go Connachta agus chaith sé sé bliadhna
anns an chuige sin. Nuair a thígeadh an Corgas a g-cómhnuidhe
theidheadh sé go h-áit uaigneach, iarg-cúlta, agus ghnídheadh sé
urnaigheacha agus trosgaidheacha fada. Chaith sé Corgas amháin
indhéigh a theachta go h-'Eirinn air mhullaigh Chruaighe Phádraic
i g-condaidh Mhuigh-Eó. Chuaidh sé ó Chonnachta go h-Ulladh
agus ó sin Laighin agus 'na dhéigh sin go Múmhan. Dhíbir sé na
deamhain as an tír, sgrios sé na h-iomhaigheacha a bhí aig na
paganaighibh agus tá sean rádh gur "bheannuigh sé an tir go
h-iomlan acht Gleann Cholmcill." Bhaisd sé na ceudta mílte de
dhaoinibh, choisreac sé móran easboc, chuír sé an iomad de
thighthibh poible air bun agus thug sé na h-'Eirreannaigh go
h-iomlan, acht 'sa bheag, faoi ríaghail na h-Eaglaise. Fuair sé
cómhachda ó Dhia miorbhuiltidhe ionghantacha a dheanadh agus
chuir sé an fhíor-chreideamh chómh daingean sin i g-croidhthibh
na n-'Eireannach gur sháruigh sé air na Lochlannaighibh agus air
na Sacsannaighibh é a sgrios amach asda, gidh gur fheuch siad a
n-inntleacht agus a n-díthchioll air feadh na ceudta bliadhain é a
dheanadh.
Is i n-Oileán Éadaígh atà mo chéad ghrádh,
Ag ar leig mé léithé mo rún go h-óg,
A bh-fuil triúir an aon chéill ag gul na diaid orm,
Agus gan bean a bhréagfadh mo chreach le fághail,
Tá mise tréith-lag — ni'-l gar d'a sheunadh,
Agus ní'l mé air aon chor acht mar bhíonn an ceó;
Sa stóir mo chleib is tú d' fág liom féin mé,
Agus chuaid tú a g-cré uaím in do chailín óg.
A n-aois a sé-déig seádh fuair mé féin í,
Agus budh lághach an féirín í ag fear le fághall;
Bud dheas a beusa 's budh chiúin a méin-mhaith,
'S budh gheal le reultan í air maidin bhreágh.
Mo ghrádh do bhéilín ná'r chum na breuga,
'S do ghruaidh ghéal, gleagal mar an eala ar tráigh,
Do dhá chích córa le do leanbh a bhreugadh,
Acht a stóir níor 'fheud mé thu thabairt ó'n m-bás.
Dâ b-pósfainn sláimin de chaile ghrânna,
Do tóigfeadh a lân orm a bheith gul 'na diaigh,
Acht an chiúin bhean bhân úd a d tug me grádh dl,
Is gur in a páisde do fuair mé í,
B' féarr lióm go mór mo dhiaidh 'sau ród í,
Ag bleaghan mo bhó no a g-cionn mo thighe,
Na saidhbhreas Sheórsa agus faghaim fa dhó é,
Agus gur faoi na fòdaibh do chuir mé í,
Dà mbeidh' fios ag na daoine có buadhartha 's bídim-s
An trath do smuainím air mo Shalòg ruadh
Bhideadh in aice liom air feádh na h-oidhche,
Agus ag comhrádh caoin liom le h-éirige 'nlae
Ni'l gar dam smuaineadh go b-fuigh' mé choidce í,
A g-cionn mo thigh no mo leambh bán;
Agus fuil mo chroidhe ì ag teact 's ag taodhmadh,
'Sa stóir, cé 'n t-'iongnadh é, í n-diaidh mo ghrádh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11