Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Vol. 1. No. 9
Title
Vol. 1. No. 9
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1896
Publisher
The Shan Van Vocht
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THE SHAN VAN VOCHT VOL. I. — No. 9.
An Chraoibhínn Aoibhinn Cecinib. Mar reult ann san oidche a treóraigheas long Ar n-éirghe na gaoithe agus na taoide go trom, Taisbeánann sé a slighe di tré chiapál na dtonn Agus téidheann sí go díreach tríd an dílinn anonn. Mar sholus ann san oidche ar shliabh sgallta fuar, Do'n choisidhe ta ag síon imtheacht is aoibhinn d'á shúil Méadaigheann sé a's láidrigheann se a mheisneach 's a shiubhal, Eirigheann sé a's beannaigheann se'righ glórmhar na ndúl. Mo reult ann san oidche is tusa atá, Mo sholus ar an sliabh fuar, is tu é a ghrádh, Eirighin a's impidhim an Mhaighdean gach lá Faoi do chúmdach a's do stiuradh a choidche a's go bráth.
Ná h-abair liom go bhfuil Eire marbh. Ná h-abair liom go bhfuil Eire marbh, Gan dóchas saoirse, neirt ná réim', Go bhfuil gach aon smuaine sonais follamh, 'S go mbeidh si coidhche faoi chuing a's péin; Go bhfuil a clanna chó fhad faoi dhaoirse Nach féidir leosan aon iarrachd mhór Do dheunamh a rís ar son a saoirse, 'S go mbeidhid go síorruidhe ag silleadh deór. Amach go deó le smuaintibh mar iad Nach fiú le h-aon fhear do labhairt ós árd, Nach fiú le h-Eireannui'bh chó fhad a's beidhid Aon mhilliún treun-fhear a gcrich na mbárd! Is cuma chó fhad bhias neul na h-oidhche Ag clúdugh' tíre faoi smuid a's ceó, Má bhidheann a clanna ag faire coidhche, Ní fheudann an namhaid'a gclaoi go deó! Feuch ar an tír bhig shean na Gréige Do bhí faoi dhaoirse dá mhíle bhliadhan, A's dubhairt an domhan mór go raibh dubh euga Ag teacht d'a clúdugh' go grod 's go dian. Acht maireann Gréig fós a's ní'l sí claoidhte, Chó saor an diu í a's bhí sí fad ó 'Nuair chonnarc a h-óg-mhná, ar shlébhtibh suidhte, Cabhlach na Bérseach sgriosta go deó. Acht níor chaill Gréigigh canamhan a dtíre, Níor labhradh leosan ó'n altóir Dé Teanga na namhad do bhí d'a ndaoradh, Mar deuntar in Eirinn a rith gach lae. A's deuntar fós é 'sna h-aitibh 'nn a maireann Sean theanga thioramhuil na sinnsear mór Do throid fá mhaitheas a gclann 's a bhfuireann, Sul bríbeadh cléirigh le gealladh 'gus ór. Aontuighdis Eireannuigh go dluth le chéile, Cuirtear troid um cine agus creideamh faoi, A's ni fad go mbeidh saoirse a "dtír na féile," Gan cumhachd ag daoinibh an domhain d'a claoi. T. O. R.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services