Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Vol. 1. No. 9

Title
Vol. 1. No. 9
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1896
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE
SHAN VAN VOCHT



VOL. I. — No. 9.


L. 171


An Chraoibhínn Aoibhinn Cecinib.



Mar reult ann san oidche a treóraigheas long
Ar n-éirghe na gaoithe agus na taoide go trom,
Taisbeánann sé a slighe di tré chiapál na dtonn
Agus téidheann sí go díreach tríd an dílinn anonn.



Mar sholus ann san oidche ar shliabh sgallta fuar,
Do'n choisidhe ta ag síon imtheacht is aoibhinn d'á shúil
Méadaigheann sé a's láidrigheann se a mheisneach 's a shiubhal,
Eirigheann sé a's beannaigheann se'righ glórmhar na ndúl.



Mo reult ann san oidche is tusa atá,
Mo sholus ar an sliabh fuar, is tu é a ghrádh,
Eirighin a's impidhim an Mhaighdean gach lá
Faoi do chúmdach a's do stiuradh a choidche a's go bráth.


L. 176


Ná h-abair liom go bhfuil Eire marbh.



Ná h-abair liom go bhfuil Eire marbh,
Gan dóchas saoirse, neirt ná réim',
Go bhfuil gach aon smuaine sonais follamh,
'S go mbeidh si coidhche faoi chuing a's péin;



Go bhfuil a clanna chó fhad faoi dhaoirse
Nach féidir leosan aon iarrachd mhór
Do dheunamh a rís ar son a saoirse,
'S go mbeidhid go síorruidhe ag silleadh deór.



Amach go deó le smuaintibh mar iad
Nach fiú le h-aon fhear do labhairt ós árd,
Nach fiú le h-Eireannui'bh chó fhad a's beidhid
Aon mhilliún treun-fhear a gcrich na mbárd!



Is cuma chó fhad bhias neul na h-oidhche
Ag clúdugh' tíre faoi smuid a's ceó,
Má bhidheann a clanna ag faire coidhche,
Ní fheudann an namhaid'a gclaoi go deó!



Feuch ar an tír bhig shean na Gréige
Do bhí faoi dhaoirse dá mhíle bhliadhan,
A's dubhairt an domhan mór go raibh dubh euga
Ag teacht d'a clúdugh' go grod 's go dian.



Acht maireann Gréig fós a's ní'l sí claoidhte,
Chó saor an diu í a's bhí sí fad ó
'Nuair chonnarc a h-óg-mhná, ar shlébhtibh suidhte,
Cabhlach na Bérseach sgriosta go deó.



Acht níor chaill Gréigigh canamhan a dtíre,
Níor labhradh leosan ó'n altóir Dé
Teanga na namhad do bhí d'a ndaoradh,
Mar deuntar in Eirinn a rith gach lae.



A's deuntar fós é 'sna h-aitibh 'nn a maireann
Sean theanga thioramhuil na sinnsear mór
Do throid fá mhaitheas a gclann 's a bhfuireann,
Sul bríbeadh cléirigh le gealladh 'gus ór.



Aontuighdis Eireannuigh go dluth le chéile,
Cuirtear troid um cine agus creideamh faoi,
A's ni fad go mbeidh saoirse a "dtír na féile,"
Gan cumhachd ag daoinibh an domhain d'a claoi.



T. O. R.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services