Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Vol. 1. No. 8
Title
Vol. 1. No. 8
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1896
Publisher
The Shan Van Vocht
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THE SHAN VAN VOCHT VOL. I. — No. 8.
(Bean-sidhe). Go deirionnach an Aoine ag con-theasgair na h-oidhche chuaidh me amach ag cionn a' tighe agus chuala me glór truaghcánta, agus shaoil me gur duine bhi ann, bhi 'na luidhe ar meisge. D'éist me go d-ti gur chuala mé é cúig no sé fheachtana. Shaoil me ann sin gur fhear deirbhshiúra (i. brathair-cheile) dhamh féin bhi ann. Chuaidh me ag amharc ins an ait (sin thall i, Alt-an-acaire, thiucfadh leat cloch a chaitheadh innti as an dtigh seo) acht ni raibh aon duine ann. Chuar- tuigh mé thart i na diogacha agus ar an mbealach mór acht ni thiucfadh liom duine ar bith fhaghbhail. D'fhill me ann a' thighe s' agam fein agus nior chuala me a' ghach ni ba mhó. Nuair shuidh me ins an dtigh thainic mac an fhir ar shaoil me do bheith ann isteach agus d'fhiafruigh sé a' d-tainic lucht an mahargaidh go fóil nior léig mise dadaidh orm féin fa d-taoibh de ar chuala me, agus d'imthigh sé leis soir an bealach mór agus casadh a athair air a' teacht 'na a bhaile fa thuairm ceathramhadh mile as seo dhó. Taisbéanann sin nach e glór an fhir sin ar chuala mise. "An feidir," ar sa mise, "gur bheathadhach ar bith do bheidheadh ann? Beidir gur ghamhain no chaora, mhadadh no chat do bhi san ált agus iad ag eag-caoin fa n-a m-buaidhreadh fein, agus gur shaoil tusa gur ghlor duine bhi ann." "Ni h-é beathadhach av bith bhi ann, maiseadh, na bheidheadh aithne mhaith agam-sa ar ghlór bheath- adhaigh ar bith, agus ni h-é sin bhi ann." "Agus cad e mheasann tú bhi ann?" "Cha d-tiucfadh liom dheanamh, 'mach mar bh'-e comhartha báis no athrughthe eighinteach é." MAG FHIONNLAOIGH."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services