Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Vol. 1. No. 8

Title
Vol. 1. No. 8
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1896
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE
SHAN VAN VOCHT



VOL. I. — No. 8.


L. 156


(Bean-sidhe).



Go deirionnach an Aoine ag con-theasgair na h-oidhche
chuaidh me amach ag cionn a' tighe agus chuala me
glór truaghcánta, agus shaoil me gur duine bhi ann,
bhi 'na luidhe ar meisge. D'éist me go d-ti gur chuala
mé é cúig no sé fheachtana. Shaoil me ann sin gur
fhear deirbhshiúra (i. brathair-cheile) dhamh féin bhi
ann. Chuaidh me ag amharc ins an ait (sin thall i,
Alt-an-acaire, thiucfadh leat cloch a chaitheadh innti
as an dtigh seo) acht ni raibh aon duine ann. Chuar-
tuigh mé thart i na diogacha agus ar an mbealach mór
acht ni thiucfadh liom duine ar bith fhaghbhail. D'fhill
me ann a' thighe s' agam fein agus nior chuala me a'
ghach ni ba mhó. Nuair shuidh me ins an dtigh
thainic mac an fhir ar shaoil me do bheith ann isteach
agus d'fhiafruigh sé a' d-tainic lucht an mahargaidh go
fóil nior léig mise dadaidh orm féin fa d-taoibh de ar
chuala me, agus d'imthigh sé leis soir an bealach mór
agus casadh a athair air a' teacht 'na a bhaile fa
thuairm ceathramhadh mile as seo dhó. Taisbéanann
sin nach e glór an fhir sin ar chuala mise.



"An feidir," ar sa mise, "gur bheathadhach ar
bith do bheidheadh ann? Beidir gur ghamhain no
chaora, mhadadh no chat do bhi san ált agus iad ag
eag-caoin fa n-a m-buaidhreadh fein, agus gur shaoil
tusa gur ghlor duine bhi ann."



"Ni h-é beathadhach av bith bhi ann, maiseadh,
na bheidheadh aithne mhaith agam-sa ar ghlór bheath-
adhaigh ar bith, agus ni h-é sin bhi ann."



"Agus cad e mheasann tú bhi ann?"



"Cha d-tiucfadh liom dheanamh, 'mach mar bh'-e
comhartha báis no athrughthe eighinteach é."



MAG FHIONNLAOIGH."

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services