Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Im. II. Uimh. 14. Samhain, 1923
Title
Im. II. Uimh. 14. Samhain, 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
Muintir an Sguab
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN SGUAB Im. II. Uimh. 14. SAMHAIN, 1923. 3p. SA MHÍ RÉIM NA h-UIMHREACH SO. Leath AG DÍÓL MEALA A'S AG CEANNACH MILSEÁIN 23 BANALTRA ÉIN TADHG Ó CEALLAIGH 25 SGATHADH NA nDUILLEÓG CÚ CHULAINN 26 DLEACHT AGUS CÁIN COS OBANN 26 NÁISIÚN BEAG BEO, I. AN CHÚ MHALL 28 AN GUTHÁN BRÉAGACH AN T-ATH S. MAC CLÚIN 30 BUILE AR BHUILE CLOCH-LABHRAIS 33 AN LACHA ÓG GRÁNNDA P. S. Ó GRÁDAIG 35 RANNTA BEANN GCROT 37 LÉIRMHEAS 38 LEITREACHA 39 AN GHAEDHEALG SNA SIOPAITHE. Má thá sé uait, a dhuine, an Ghaedhealg a bheith dá labhairt agat gach aon lá ceannuigh do chuid grósaereachta agus lóin-tighis uainn. Ní gádh dhuit Beurla do labhairt annso mar go bhfuil an Ghaedhealg ag gach aoinne sa t-siopa. Ó RAOGÁIN AGUS A CHOMH., TEO., SRÁID DÁSON, 54. CUMANN URRADHAIS MUINTIR NA h-ÉIREANN (THE IRISH PEOPLE'S ASSURANCE SOCIETY) CUMANN DO GACH AOINNE ISEADH É. NÍL AON NIDH CHUN DEIRIDH ANN. FÍOR-ÉIREANNAIGH ATÁ I mBUN NA h-OIBRE SEO. Gach fios agus faisnéis le fagháilt ón Rúnaidhe S. M. Ó DEORÁIN ÁRD-OIFIG — CEARNÓG PHARNEILL a 16, ÁTH CLIATH. GUAL! GUAL! GUAL! Anois an t-am chun Ghuail a cheannach i gcóir an ghéimridh. Béidh sé i bhfad níos costasaighe nuair a thiocfas an aimsir chruaidh. Ceannuigidh ó Ghaedhealaibh é. Tá an cineál is fearr le fághail. Ó MHUINNTHIR PLÉIMEANN, 9 Sráid Frederic Thuaidh, Áth Cliath. Guthán 2723. N.B. — Tá gluaistean (a iomcróchas ualach tonna) le fághail uainn ar thuarastal. ÁRACHAS Polasaithe ar ghach Conntabhairt le fagháil. CÁIN-IONCUIM Cóirighthear Eilimh Aisiocha, Reidhtighthe, &rl. AG MAC DONNCHADHA & Ó BEÓLÁIN, TEÓ. 51 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH. Guthán: 1106. Sreangán: Arrange, Dublin.
Tugaidh bhur gcuid Árachais do'n Chumann Gaedhealach is Fearr AN CUMANN IBÉRNACH INSIÚRÁLA TEÓ. I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS COITCHINNE. PRÍOMH-OIFIG — 48 & 49 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH. NA POLASAITHE IS IOMLÁINE LE FAGHÁIL. CUALLACHT DÚNA EIMER TEOR, Sráid Hardbhic, i mBaile Átha Cliath. ÉADAIGHE EAGLAISE, ILGHRÉASACH AGUS ÓIRGHRÉASACH. CULAITHE BAN ÉIREANN CAIRPÉIDÍ LÁIMH-FHIGHTHE. LEABHRA MAITHE GAEDHILGE AN BARRA: Leabhairín do pháistí. Nioclás Tóibín an scríbhneóir. Leabhairín é seo do pháistí sa tríomhadh buidhin nó sa ceathrú buidhin do réir mar a thuigtear don múinteóir. Mar do dhein sé sa nGeamhar tá a dhícheall déanta ag Nioclás Tóibín ar adhbhar oiriúnach léighinn do sholáthar don pháiste, agus a bheith cothrom maidir le ciall agus cruadhas. Ocht leathanaigh agus dachad atá ann. Luach 6d. glan. ÓIR-CHISTE: Duanaire Liricí don aos Foghluma. Seamas Ó h-Aodha, M.A., do thoigh. Cnuasacht é seo desna dánta is mó clú agus cáil i nGaedhilg. Tá 45 cinn aca ann agus na filí is fearr abhí riamh againn a scríobh iad ó Oisín Mac Fhinn go dtí Pádraig Mac Piarais. Tá míniú nó argóint ag gabháil le gach aiste sa leabhar agus gach míniú aca i nGaedhilg bhlasta. Tá foclóir, agus gluais ag tabhairt eolais ar gach áit is ar gach duine atá luaidhte sa leabhar. Níl aon Bhéarla ann. 156 leathanaigh. Luach 5s. glan. BEIRT DHÉISEACH. Cnuasacht scéilíní le Seán Ó Cuirrín. Scéal acu ar a cheann féin; eadartheangachd ar Bhéarla Washington Irving (Rip Van Winkle); Tolstoí (The Long Exile); Lorimer Stoddard (The Indian's Palm) an chuid eile. Tá adhbhar cleachta ar aistidheacht agus notaí agus foclóirín ag gabháil leó. Luach 3s. 6d. glan. Agus na Leabhra eile is fearr i nGaedhilg le fagháil ó CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN TEOR., 89 Sráid an Talbóidigh i mBaile Átha Cliath. WEST & SON SEODÓIRÍ, GAIBHNE AIRGID, AGUS CLUIGEADÓIRÍ. Tigh Grafton, 102 & 103 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath Tá suas le céud duine ag obair san gnó so. Déinimid duaiseanna óir agus airgid le h-aghaidh feiseanna &rl. agus deuntús fíor- Ghaedhealach ortha. Tagaidh isteach chun iad dh'fheiscint.
AG DÍOL MEALA AGUS AG CEANNACH MILSEÁIN. Tá alt san uimhir seo den “Sguab” a sgríobh “Cos Obann” i dtaobh Dleachta agus Cána. Is maith an rud é go bhfuil daoine ag tosnú ar a bheith ag cur síos ar a leithéid de cheist i nGaedhilg. Is mó duine adeireann gur ar an nGaedhilg féin amháin a bhíotar ag trácht an fhaid as a bhíonn an Gaedhealg dá labhairt (leath-is-muigh den nGaedhealtacht) agus ná bíonn aon adhbhar eile cainnte gur fiú a rádh ag Gaedhilgeóirí na gCatharacha. Ní fíor é sin ach, mar sin féin, chomh fada as a bheidh an Ghaedhealg meath ar mheath ag fanamhaint le bás no saoghal fada sona, ní féidir le Gaedhilgeóirí gan a bheith ag cur níos mó suime sa cheist sin ná in aon cheist eile. Seadh, ach bhíomar ag tagairt d'alt “Cos Obann.” Tá sé lán de theurmaí teicniceálta agus cuireann sé sin ag machtnamh sinn. Tá daoine ann agus ba mhaith leó focail nuadh do cheapadh do rudaí an lae indiu ná raibh in úsáid san am fadó nuair a bhí an Ghaedhealg fíor bheó. Béidir gur chirte dúinn a rádh “focail Gaedhilge do bhailiú” ná “focail nuadh do cheapadh.” Deir “Cos Obann,” cuir i gcás, go bhfuil sé ag bailiú focail den tsaghas san le tamall maith agus dá bhrígh sin tuigimíd go bhfuil úghdarás maith aige maidir leis na focail neamhchoith- chianta atá san alt úd. Tá daoine eile ann ar an dtaobh eile agus is dóigh leó gurb fhearr, go fóil pér domain de, focail d'úsáid a ghlacfuidhe isteach ón mBeurla. Is eagal linn go dtabharfar Tadhg an dá thaobh orainn ach tá saghas amhras againn go bhfuil cuid den cheart ag an dá dhream. Gan aon agó ba mhaith linn focail bhreagh Ghaedhealacha d'aithbheo- chaint agus do chur i mbeul na ndaoine arís. Is fearr ordlach den mbun ná leath throig den mbárr dar ndóigh. Ach caithfimíd cuimhneamh, leis, ná fuil an Ghaedhealig chomh láidir gur achfuinn dúinn a dheunamh níos cruaidhe ná mar atá sí. Bhí ceist focail Beurla sa nGaedhilg á plé sa “Sguab” tamall ó shoin agus d'fhoillsighmear liosta d'fhocail iasachta atá á n-úsáid sa nGaedhealtacht agus a bhí fadó riamh, agus cítear dúinn asta san go bhfuil rudaí ann ná fuighfidhe a rádh go cruinn beacht in glan- Ghaedhilg. Sé an sgeul ceudna é in gach aon teangain. Níl an oiread san eolais againn ar theangacha eile, ach feuch ar an méid focail agus abairtí Frainncíse, Laidin, &rl., atá sa mBeurla — esprit de corps, entente, table-d'hote, camouflage, siesta, mora- torium, &rl., &rl. Deirtear weekend san Iorbhuaidh agus tá racing club, knockout, football, &rl. acu sa bhFrainnc, Irish stew san Gearmáin agus mar sin de. Rud eile, cuirtear croiceann Gaedhealach ar fhocal iasachta tréis do a bheith in úsaid sa nGaedhilg tamall. Cuid mhaith desna teurmaí atá in úsáid i gcainnt na n-iasgairí is ón mBeurla a glacadh iad an cheud uair, ach is ar éigin a dh'aithneochthaidhe anois iad — feanndúr, cíle, locaed, gonal, &rl., &rl. Tá ughdarás cleachtaidh agus úsáide ar a leithéidí. Má thámuíd chun focail nuadh do ghlacadh isteach mar teurmaí teichnicáltha, nó focail ársa d'aithbheochaint, níor mhór dúinn ughdarás éigin, mar, má fhágtar fé imtheacht na h-aimsire é, bainfear úsáid as na focail Beurla chomh siúrálta as a choruigheann madra a earball. Is fearr dleacht ná custuim mar fhocal, dar linn, ach, ós rud é go bhfuil taithighe againn cheana ar an bhfocal custuim, custuim an focal a deirimíd denár n-aimhdheoin féin, is eagal linn. Ní bhfuighmís aon rud eile do thabhairt linn go nadúrtha pras. Cuireann sé sin i gcuimhne dúinn go mbíonn an-dhíospóireacht ar siubhal ó am go h-am ar cheist acadaimh, ach ní dóigh linn go mbainfidhe mórán tairbhe as dá dtosnóimís ar an gceist sin do chur trí chéile sa “Sguab” anois. Sé ár dtuairm féin gur cheart go bhfágfuidhe fén teangain a bheith ag fás agus ag leathadh go nádúrtha. Má tha an plannda bog lag is dóichighe go raghadh sé i láidireacht fén spéir i ndoineann agus i soineann ná i tigh gloine. Bhel, níl aon tigh gloine ag baint le h-alt “Cos Obann.” Is amhlaidh a chuir sé ag cuimhneamh sinn ar na smaointe atá ráidhte againn thuas. Sin é an méid baint atá aige leis an gceist seo.
AN TÉ NÁ GABHANN COMHAIRLE GABHADH SÉ COMHRAIC. Gheibhimíd leitir anois a's arís ó dhuine a chuir síntiús chughainn á rádh ná fuair sé a chóip den “Sguab.” Cuid acu a thug ainm agus seoladh dúinn i mBeurla féin tá an port ceudna acu. Bímíd an-chúramach ar fad mar gheall ar na Sguabanna do chur amach. Déinimíd iad do chomhaireamh d'réir leabhar na síntiúsaí fé dhó i gcomhnuidhe agus is féidir linn a rádh go deimhinightheach nách sinne is cionntach sa bhfaillighe seo. Tá's ag an domhan agus ag Tadhg a' mhargaidh go bhfuil rud éigin bun os cionn in oifig an phuist. Níl aoinne a bhfuil roinnt gnótha le deunamh aige tríd an bpost ná bíonn ag gearáin. Baineann sé naoi lá de leitir uaireannta áit do shroisint nuair nach ceart dí a bheith níos sia ná lá ar an mbóthar nó dhá lá an chuid is sia dhe, sa phost. Tá sé ráidhte go bhfuil déistean ar chuid de lucht an phuist toisg gur buaidheadh — má bhuaidheadh — ortha aimsir an stailc, agus ná bíonn siad ag cur suime san obair mar a dhéinidís, nó níos measa ná san go mbíd ag deunamh faillighe ar an obair d'aon ghnó. Ní fheadar an bhfuil ao' phioc den fhírinne sa rud san, ach is léir go bhfuigheadh fo- dhuine droch-chroidheach an-dhíobháil do dheunamh sa t-slighe sin agus ba cheart go bhfeuchfaidhe cuige gan a thuille moille. Tá aon rud amháin nach féidir le h-aoinne a rádh ná fuil sé fior .i. go bhfuil cuid desna cailíní in oifigí an phuist, i mBaile Átha Cliath go mór mhór, agus go mbíonn siad an-dhroch- mhúinte ar fad. Caithfimíd fuireach, (iseadh le meas ortha!) an fhaid agus a bhíonn siad ag sgithearacht taobh thiar den gcúntar nó ag críochnú sraith den jumper a bhíonn á chniotáil acu, agus annsan nuair is mian leo fritheáladh orrainn bíonn an rath orrainn maran dtugann siad snab orrainn. Ach go bfóire Dia ar aoinne a labharfadh Gaedhealg leo. Nach truagh ná fuil níos mó Gaedhilgeoirí in oifigí an phuist. Gheobhfá a bheith ag coinne le freagra séimh uatha san, pé sgeul é. Ós ag tagairt d'Oifig an Phuist dúinn arís (agus molamuíd lucht stiúrtha an phuist mar gheall ar mórán rudaí atá deuntam acu) 'dé chúis dóibh, agus iad ag Gaedhealú na “marcanna phuist” gan an mí do cur síos i nGaedhilg chomh maith le ainm na h-áite. Feuchann a leithéid seo de rud ait go leor: “Baile Átha Cliath — 10 a.m. — Sep. 28.” Ná deunfadh Meith., Iúl, Lugh., M. F., agus mar sin de an gnó chomh maith le Jun., Jul., Aug., agus Sep.? Cuimhnigh gur chuir Aire an Phuist fógra amach le deidheanaidhe ag cur i gcuimhne do gach aoinne atá ag obair fén Aireacht san narbh ag magadh a bhí sé nuair a dh'fhógair sé cheana go gcaithfidís a bheith ag foghluim na Gaedhilge in áit a chéile, agus mara bhfuilid in ann na míosanna do léigheamh fós — bhel, is searbhasach an sgeul é. Dar ndóigh, do bfhearra don Ghaedhilg “opposition” láidir a bheith sa Dáil chun an Rialtas do spríocadh agus d'aith-spríocadh i dtaobh ceisteanna den t-saghas so ná míle alt sna páipéiribh ná ná mílte púnt i spiorán Chonnradh na Gaedhilge. Tugaimíd fe ndear go bhfuil an riaghal nuadh i dtaobh an Fháinne óir curtha ar ath-lo go ceann ráithe eile. Sé mhí ó shoin nó mar sin bhíomar ag trácht ar cheist Gaedhilge san Eaglais agus bhí saghas searbhas orrainn gan níos mó Gaedhilge a bheith le h-aireachtaint ná le feiscint sna séipéil. Ach dréir deallraimh is beag an t-suim a chuireann Gaedhil Baile Átha Cliath sa cheist. An Chuallacht Mhuire agus Lorcáin Uí Thuathail, cuir i gcás, ag dul i luighead atá sí in áit a bheith ag dul i méid. Ní deas an rud faillighe d'fheiscint á dheunamh ar aonnidh Gaedhealach, gan trácht ar obair na h-Eaglaise, agus ní misde linn luadhadh annso go mbíonn Aifrionn agus Comaoin agus seanmóin ar an triomhad Domhnach den mhí ar a naoi a chlog agus cruinniú le Seanmóin agus Beannacht na Sacramainte Ro-Naomhtha ar an Aoine roimhe sin ar a h-ocht a chlog, i séipeul an Chumainn Iosa, i Sráid Ghairdiner. Baile Átha Cliath.
BANALTRA ÉIN AN RIABHÓG MHÓNA. Níor fhéad filí na n-amhrán ngrádh samhailt níos deise ná an chuach a thabhairt do mhéin na mban. “'Sí cuaichín barr an tsléibhe í,” agus “is binne ná an chuach í,” agus cainnteanna de'n chineál soin a bhíodh ag ár bhfilíbh tuaithe. Thaithnigh an tsamhailt leis na mnáibh ach ná tógtar ortha é mar nach bhfuil sárú na cuaiche imeasg éan. Taithnigheann an guth bog binn leis an domhan mór, le slán agus easlán, le sean agus óg. Tig an t-éan chugainn thar sáile anall i ndeire an earraigh agus cuireann in iúil dúinn go bhfuil laetheannta geala an tsamhraidh buailte linn. Tugann an sgéal soin misneach do'n sgolóig agus cuireann sé céardaidhe an bhaile mhóir ag drimleóid faoi'n gcnoicín fraoich atá abhfad uaidh. Cuireann sé tógáil chinn ar an diúgaire féin. Idir guth agus ciall is binn linn sgéal na cuaiche. Is geal le daoiníbh an chuach ach níl cluanaidhe chomh mór léithe imeasg na n-éan. Samhluightear le mnáibh breaghtha í, le n-a mánlacht agus a mbinneas. Is cosúil le mnáibh breaghtha í ar bhealach eile, leo so a chuireans a gclann ar altrom. Ní dhéanann an chuach nead dí féin, ná ní dhéanann gor ar ubh. Ní bheathuigheann sí gearrcach ach an oiread. 'Sí an riabhóg mhóna a ghníons altromacht do chlainn na cuaiche. “Banaltra na cuaiche” a thugann muintir an iarthair ar an riabhóig, agus “coimhdre na cuaiche” a bhíodh ag Gaedhilgeoiríbh Thír Eoghain uirthi. Is maith an aghaidh uirthi an teideal soin. Tagann an cluanaidhe cuaiche i ngan fhios do'n riabhóig móna agus beireann an t-ubh ina nead, nó leagann anuas ins an nead é. Ní feasach dúinn go cruinn an amhlaidh a bheireann sí an t-ubh ins an nead féin nó a leagann sí anuas ins an nead é tar éis a bhreith ar an talamh. Is cuma do'n riabhóig cé aca é. Ghníonn sise gor ar an ubh iasachtach chomh maith le n-a huibheachaibh féin. Nuair a thagann an t-am tagann an dá chlainn amach, clann na cuaiche agus clann na riabhóige. Ní fada a fhanans siad le chéile mar go gcaitheann an sgalltán cuaiche na riabhóga óga glan amach as an nead agus tógann sé a sheilbh dó féin. An mháthair riabhóige is dócha nach dtuig- thear an sgéal dí, nó b'éidir go gcuirtear faoi gheasaibh troma í gan faillighe a dhéanamh i mbeathú na cuachóige. Tógann sí an chlann altroma go dílis agus le dúthracht. Is fada ó n-a chéile goile na cuaiche agus goile na riabhóige. B'fhurasta do'n riabhóig a hiogán beag féin chomh maith le n-a gearrcaigh a shású, ach is cinnte go gcuireann iogán mór craosach na cuaiche saothar uirthi. Nuair a thagans neart sgiathán ins an gcuachóig fágann sí nead na riabhóige ina diaidh agus tógann sí an mháthair altroma in éindigh léithe ar fud na tuaithe. Níl aon chur síos ar dhílseacht na n-éan dá ngearrcaigh. Leanann na sean-éin do bheith ghá mbeathú tar éis imtheacht as an nead dóibh, agus ní taise leis an riabhóig é. Leanann sí dá somachán mic altroma ar fud na bpairceann, eisean ag eiteall indiaidh a chinn, ag dul ina rogha áite, agus ise, beag bídeach mar atá sí, ina dhiaidh aniar agus gach ré seal ag osnaghail agus ag casaoid aice. Níor chualas ariamh ó éan, cé's moite d'ean an nid sladtha, casaoid chomh brónach le casaoid na riabhóige agus an cuachóg ar a haire. Shílfeá gur cúis náire aice é. Chuirfeadh an péire “An Sota is a Mháthair” i gcuimhne duit. An mac gan mhuineadh, gan béas, gan foighid aige fanacht le cois na caillighe. An mháthair agus a cuid foighde sise caithte leis, agus ceann faoi uirthi faoi nach bhfuil cosúlacht athar nó máthar ar an mac, faoi nach bhfuil sé ag leanúint do nósaibh a sinnsear, ach é gan mód gan meas. Cineál fuiseoige atá ins an riabhóig móna, ach is goire i ngaol í do'n riabhóig coille ná do'n fhuiseoig ceoil. Tá méara na gcos roinnt fhada aice agus ní fheileann an chraobh ná an tslat dí. Taithigheann sí an talamh, an léana nó an mhóin. Is ins an bhféar a bhíonn an nead aice gan sgáth ná fasgadh air, agus tagann an chuach air gan stromh nuair a bhíons an riabhóg amuich. Deirtear gur minice a thoghann an chuach nead an éin seo dá hubh ná nead ar bith eile. Is cinnte go mba deacair dí teacht ar nead i lár sgeiche, agus ní leigfeadh na héanacha móra ina ngaobhthar í. Is cuma leis an gcuaich féin cé'n nead ina leagann si ubh nó cé'n t-éan a thógans a clann. Tá sé curtha síos gur fríothadh ubh léithe i gach cineál nid beagnach de neadracha na mion-éan, ach amháin
nead an dreoilín. Ní fhéadfadh sean-chuach dul isteach i nead an dreoilín. TADHG Ó CEALLAIGH. SGATHADH NA nDUILLEÓG. Uaigneach 'n radharc — Bás na bliadna — Duilleóga críona Sgaithte ó'n chrann. 'Na luighe sa ród Go fluirseach lionmhar Faoi chumhacht síne Shéidhtear ann. Dob' úr a mbláth Le gile 'n Earraigh, I dtosach barraí Dob' aoibhinn tráth. I n-áirde seal Ar éadan spéire Ag maisiú géige San Samhradh gheal. Ceol na gcuach D'eíst sibh tamall; Spéir gan scamall D'fhéach sibh thuas. Canntan éan I measg na gcraobh, Is sibh gan baoghal Ar sháimhín t-séin. Acht tháinig ré An Fhoghmhair bhuidhe Thug órdú díbh Bhur n-umhlú féin. Cúrsa 'n t-saoghail 'S é gan cham Nach bhfantar ann Acht seal — gach nidh. Beannacht slán Le bláth na gcrann Anois go fann — Ó, beannacht slán! “CÚ CHULAINN.”
DLEACHT AGUS CÁIN. Is tur an t-adhbhar seanchais é seo, a léightheoir, acht ní mó do dhraghan-se roimh an aiste do léigheamh ná mo dhraghan-sa roimh a scríobh. B'fhearr liom go mór agus dob usa dham aiste éigin eile do tharraingt chugham, acht ní fuláir dúinn tabhairt fé n-a leithéid go luath nó go mall; agus dá luaithe agus bainfear feidhm as an nGaedhilg i gcómhair ghnótha agus oibre an lae is amhlaidh is fearr é. Is mór agus is achrannach an cheist í seo le suathadh, agus níl san aiste seo acht mion-tráchtas 'n-a thaobh. Is iomdha saghas cáineachais atá ann, acht is gnáthach dhá roinn do dhéanamh dhíobh: an chéad roinn an cháin (sraith) a gearrthar ar ionnmhus (fairceall, strus nó fághaltas); agus an dara roinn an cháin a gearrthar ar earraí. Is ar an dara roinn atá tráchtas á dhéanamh agam annso. Tá dhá shaghas cáineachais earradh ann; i. Dleacht agus Cáin. Sé is “dleacht” ann an cháin a gearrthar ar earraí allmhara (anall thar muir); agus séard é “cáin” an cháin a gearrthar ar thorthaibh na tíre. (Cuirtear dleacht i n-ionad custum agus cáin i n-ionad acsadhas). Is taigsiona as so gur focal cinéil ar gach cáineachas an focal cáin (cé go raibh brigh eile leis sa sean-reacht), agus gur focal sonnradhach é ar cháineachas inmheadhonach. Chomh fada siar agus tá cuimhne im cheann do chuala dleacht á thabhairt ar cháineachas allmhara. An cháin ar dtúis. Na h-earraí is tor thamhla i gcómhair somhaíne Stáit (Revenue) an biotáile an corm agus an tabac. Acht cé go luadhaim tabac annso badh cheart dam a radh nach fiu biorán tabac na h-Éireann seach as an tabac allmhara. Trí saghas earradh is eadh iad so gur féidir déanamh gan iad: níl ionnta acht adhbhar macnuis, níl gábhadh éigneach leo; agus dá bhíthin sin tá cáin mhillteach trom ortha. Acht dá mhilltighe í an cháin tá glaodhach ortha ag íseal agus ag uasal, agus neartuighid go mór le somhaín an Stáit. Tá trí punt dó dhéag a's raol an galún cothrom ar an uisce beatha; cúig punt an barraille (36 galún) ar chorm, agus ocht scillingí an punt ar thabac gan fuineadh.
Taiscthear an t-uisce beatha tar éis a dhríogtha i dtigh naisc (air a mbíonn nasc nó bannaí Stáit) go dtí go mbíonn sé ag teastáil ó'n gceannaí. Annsin cóimhrigheann an reachtaire dleachta agus cána an cháin, agus ar n-íoc na cána scaoiltear an t-uisce beatha. Acht dá mbadh ná beadh an t-uisce beatha sin ceapaithe chun a chaithmhe sa Saor- Stát, acht i n-alltuaith éigin, ní díolfaí an cháin as i n-aon chor, mar ní ionchána sa Saor- Stát aon earradh ná caithtear ag baile. Acht bailighthear dleacht ar an earradh céadna ar rochtain na h-alltuatha dhó. Ní ionnann cás ag an gcorm é, ámh. Íoctar an cháin as an gcorm agus gach saghas leanna fé cheann ráithe tar éis a ghrúdaithe (brí- bhéaracht), acht onnmharthar (anonn thar muir) anachuid de chorm na h-Éireann. Aiseagthar leis an onnmhaire cáin dá réir, agus ní fhanann i gciste an Stáit acht cáin choimheasta na leanna a caithtear ag baile. Cuireann an aiseagacht so dul amudha mór ar an bpobul; chítear go n-íocann Cómhlucht Aonghusa oiread so de mhilliuin chána leis an Rialtas agus maoidhtear as, acht ní h-eol don phobul go ndéantar aiseag cána le Aonghus ar gach galún onnmharthar thar lear nó go “tuaisceart” na h-Éireann. Is gnáthach tabac na h-Éireann do thaisceadh i dtigh naisce mar déantar leis an uisce beatha. Ní scaoiltear chun na monarchan é nó go n-íoctar an cháin as. An dleacht anois. Is beag an deithbhir atá idir an cháin agus an dleacht a gearrthar ar earraidh d'aonchineál. Tá an dleacht beagán níos aoirde ná an cháin. Is iomdha cineál earradh air a bhfuil dleacht, agus áirmhighthear é do réir (1) airmhéide (toirt), (2) airbhide (meadhchan) agus (3) do réir luacha. Ná h-earraí is torthamhla i gcómhair somhaíne sa chéad roinn, na biotáilte agus na bith-uiscí, fíonta, leannta, coguisí (leighis) &rl., sa dara roinn tá téa, siuicre (agus earraí milsithe) cua (cócó), caife, tabac &rl.; agus sa tríomhadh roinn tá gluaisteáin, gléis cheoil, cluig uaireadóirí agus a leithéidí. Tá a lán slighthe agus a lán rialach ann chun cosc do chur le talladh dleachta pé aca thagaid na h-earraí indleachta i riocht bacáiste nó i riocht ceannuidheachta. Tá oiread rialach ann i gcómhair na ceannuidheachta agus líonfadh leabhragán deas duit; acht ní bhacfaimíd le rialacha annso. Nuair allmharthar earraí íoctar an dleacht asta i gcéadóir má bhíonn call éigneach leo, acht mara mbíonn cuireann an t-allmhaire i dtigh naisc iad go dtí go mbíd ag teastáil le caitheamh. Annsin íoctar an dleacht asta agus seoltar fá'n dtír iad. Is beag a cheapaid mná go ndíolaid dleacht as an mbraon téa ná as an ngráine siuicre, ná as na risíní, ná as na torthaí tíortha allmhara uile a caithtear sa tigh; is beag de bhlas na dleachta gheibhid fir ar an dtabac ná ar an “bas” ná ar neithibh nach iad; agus dar ndóigh is cuma le sna leanbhaí dleacht do bheith ar na milseáin nó gan a bheith. Ní mhothuigheann duine dleacht ná cáin ar na h-earraí chaitheann sé do bhrigh gur i riocht luacha dhíolann sé asta. Is mór an truagh dleacht ná cáin do bheith ar earraí an duine bhoicht; acht is beag nach iad na h-earraí céadna atá riachtanach i gcómhair chláir an fhir bhoicht agus an fhir shaidhbhir, agus dá bhíthin sin is deacair do'n Rialtas cáin do ghearradh ar chuid na n-uasal agus cuid na n-íseal do scaoileadh saor. Acht ní dhíolann an fear bocht sraith ionnmhuis ná sraith díobhaidh (ar uadhacht) ná a lán neithe eile a ndíolann an fear saidhbhir asta. Sé ba mhaith leis an Rialtas a dhéanamh acht a cheart féin do thabhairt do gach uile dhuine, gan laghar do chur go ró-dhoimhin i n-aon phóca agus cothrom do dhéanamh idir aosaibh ceárd. Acht ní fuiris somhaín do bhailiughadh i gcómhair ghnótha Rialtais gan míchothrom do dhéanamh ar dhream éigin. Tá cúpla dleacht eile ann gur cóir a luadhadh. Dleacht Eochair-scéithe Ceárd ceann aca. Cóir chosanta is eadh é sin do cheap an Sasanach chun cuid d'á cheárdaibh do dhíonadh ar námhaidibh. Geatrthar ar earraí do réir luacha é. Dleacht Díomholta Malarta ceann eile aca, agus gearrthar é do réir luacha ar earraí áirithe de bhun-thoradh na Gearamáine. Ní cosnamh d'aon chéird i nÉirinn na dleachta so, mar ná déantar annso na h-earraí air ar gearradh iad. Níl ionnta acht iarsmaí de'n reacht ghallda, agus tá súil agam go gcuirfimíd dinn ar ball iad. Má's fiu dhúinnceárd ar bith do dhíonadh ar an bhfear thall badh chóir go ndíonfaimís ár gcéird féin, mar tá call ag cuid aca leis. COS OBANN.
NÁISIÚN BEAG BEÓ. I. Dhearfainn go bhfuil na Bascaigh ar an náisiún is lugha ar Roinn na h-Euróipe agus béidir sa domhain leis. Náisiún fé leith iseadh muintir na mBascaigh cé ná fuil Riaghaltas fé leith aca ná ná raibh cho fada siar a's a theigheann a stáir. Seo an rud is mó thugann teideal dóibh náisiún do thabhairt ortha féin ach a dteanga fé leith agus sin an rud leis a chuireann d'fhiachaibh ar daoine nach iad admháil gur náisiún iad. Dréir an Census tá 600,000 Gaedhilgeóirí in Éirinn. Is ar éigin atá an méid sin ann mar is mó duine a chuir sios go raibh an Ghaedhealg aige (nó aici) ná raibh níos mó ná cúpla abairt aige — béidir gur cheapadar i 1911 go mbeadh an teanga aca sara bhfad agus gur theip ortha i ndeire na sgríbe nó béidir go raibh náire ar chuid aca; ní fheadar, ach pé sgeul é idir an dream san agus an mórán sean daoine atá tréis bháis d'fhághailt i rioth na ndeich mblian san is ar éigin a thabhairfidh na nua-Ghaedhil suas an méid atá caillte ó 1911. Abair go bhfuil 600,000 ann fós. 600,000: sin é an méid daoine atá i gCúige Connacht idir Gaedhilgeóirí agus Beurlóirí le na chéile agus sin é an méid ceudna de mhuintir na mBascaigh a chomh- nuigheann i nduthaigh na mBascaigh. Is dóca go bhfuil eolas ag an cuid is mó de lucht léighte “An Sguab” cá bhfuil duthaigh na mBascaigh ach ar eagla go gceap- feadh aoinne go bhfuilid i bhfolach i Rúise nó isna Balkans ní misde dhom a rádh go gcomhnuigheann siad sa cheanntair ó Bayonne cois fairrge sa bhFrainnc go dtí Bilbao sa Spáinn agus soir ar an dá thaobh desna Pyrenees timpeall dachad míle i dtír ar an slighe go dtí Lourdes (ach tá Lourdes leasmuigh de dhuthaigh na Bascaigh), sé sin a rádh go bhfuil timpeall a chomh oiread daoine in a dtír a's atá i gCúige Chonnacht agus go bhfuil an tír féin geall leis chomh mór le Co. Corcaighe. Sa cheanntair in a bhfuil na Bascaigh 'na gcomhnuidhe tá 1,000,000 daoine ach nil ach 600,000 Bascaigh cearta ann .i. daoine labhrann teanga na mBasc. Den mhéid sin tá timpeall 480,000, nó ceithre cúige díobh, fé riaghaltais na Spáinne agus an chuid eile, 120,000, sa bhFrainc. Is beag ar fad de bhaint a bhíonn ag an dá dhream le na chéile cé go bhfuilid mar a chéile maidir le síol, maidir le creidimh, maidir le nósanna agus an rud is tabhach- taighe i gceist náisiúndachta maidir le teanga. Ach tá an stát-teóra eatorra agus fíor-dheighilt is eadh í leis. Ach má thá tréithe na ndaoine mar a chéile ní hí an cinneamhaint ceudna a bhí in ndán dóibh nuair a thuit cuid aca fé chomhacht Riogh na Spáinne agus an chuid eile fé smacht na Frainnce. Tá siad sin a bhfad níos fearr as ná a muintir féin thar an teóra sa Spáinn agus táid níos sásta agus níos sona, nídh nach iongnadh. Tá a rian ar leis mar ní bhíonn aon trioblóidh politidheach ann agus níor bhriseadh an síothcháin leis na ceudta blian, ach na Bascaigh Spáinneacha ar an taobh eile ní dóigh liom go raibh aon glúin díobh nár éirigh amach i gcoinne Riaghaltais na Spáinne. Do theip ortha gach uair ach deunfaidh siad iarracht eile luath no mall is dócha agus bíd i gcomhnuidhe ag tnuthán le neamh-spleadhachais. Deirtear gur báidheamhail iad lucht éin-chine ach ní oibruigheann a muintir sa bhFrainnc leó agus ní chuirid aon suim sa cheist sin. Is minic a thugas fé ndeara chomh cosamhail a's atá na Bascaigh le muintir na hÉireann go speisiálta Bascaig na Spáinne mar go bhfuil fíor spioraid náisiúnta aca san, rud ná fuil ag na Bascaig sa bhFrainnc mar adubhart. Ach sa bhFrainnc féin tá spioraid náisiúnta aca ar slighe, i gan fhios dóibh féin béidir. Tá siad san níos cosamhla le muintir an Bhreatain bhig ná le muintir na hÉireann. Cé ná fuil a rialtas féin aca ná aon fhonn ortha é do bhaint amach dóibh féin aithnighear iad mar náisiún fé leith toisg a dteanga féin agus a nósanna féin a bheith aca. Frainncís is mó a chitear sgríobhtha in áirde i ngach aon áit agus a bhíonn dá labhairt insna sgoileanna mar is í Frainncís teanga oifigiúil na tíre, Frainncís a bhíonn insna páipéirí laetheamhla agus tá Frainncís ag lucht gnótha a's siopaithe. Níl aoinne beagnach
insna bailte móra ná fuil an Frainncís aige agus cé go bhfuil cuid desna daoine ag iarraidh a dteanga féin do choimeád beó agus á labhairt i gcomhnuidhe le na gclann mar sin féin níl aon dabht ná go bhfuil sí a' meath insna bailte móra, go mór mór in áiteanna 'na mbíonn an-chuid cuardóirí ag dul ann gach aon bhliadhain mar Biarritz, St. Jean de Luz, Hendaye, &rl. Feuchann na sgothanna síos ar an mBaiscís go díreach mar a dheintear (nó a dhineadh) ar an nGaedhilg in Éirinn. Ach fé'n dtuaith labhartar í i gcomnuidhe agus dá chomhartha sin féin nuair a thagann na cailíní isteach go dtí na bailte móra in aimsir is ar éigin atá focal Frainncís aca an cheud uair. Ach cé go bhfuil gach aon rud na coinne beagnach a bhí i gcoinne na Gaedhilge in Éirinn níl an Baiscís ag fághailt báis agus má tá bás i ndán di luath nó mall tá saoghal fada roimpe fós. Ní fheadar an í an Eaglais fé ndear san. Péacu an eadh nó nach eadh tá an Eaglais ag deunamh a cin féin chun a háit féin a thabhairt don teanga — fiú in áiteanna mar St. Jean de Luz féin, bíonn an Baiscís dá labhairt sna séipéil ar aon leibheula amháin leis an bhFrainncís. Sa dá theanga a foillsightear na hórduighthe ón altóir agus sa dá theanga a thugann an sagart an soisgéil uaidh. Is éigin do gach sagart i dtír na mBascaigh teanga na mBascaigh a bheith aige chomh pras as bhíonn an Frainncís aige ar a luighead. Tá an Creidheamh go láidir agesna Bascaigh. Ní raibh an Rialtas Gallda ag síor cur isteach ortha sa rud sin mar a righneadh in Éirinn. Sa Spáinn bhí an namhaid ar aon aigne leó fhéin sa méid sin agus sa bhFrainnc, dá luighead do righneadar de gach saghas creidimh, ní raibh aon fhonn ar an rialtas creideamh nuadh do phlanndáil na measg agus do leigeadar dóibh. Bhí na Bascaig rud beag tugtha do Jansenism (agus dála an sgéil bhí Jansenius féin na priomh-mhaighistir ar Choláiste Bayonne ó 1612 go 1614) ach dá aimdheóin sin bhí an urmhór díobh dílis don Róimh i gcomhnuidhe agus níor thugadar morán toradh d'aoinne ná raibh ar an aigne ceudna. Ba bhreághdha leat na séipéil agus na teampuill atá aca in gach aon áit. Fóirgnimh móra cearnógacha iseadh iad, rud beag lom leath-is-muigh béidir, ach deagh chumtha i gcomhnuidhe gan aon rud saor comónta ag baint leó, dála gach aon fóirgneamh ársa ar fúd na hEuróipe. Ag seo pictiúr de séipéil agus Mainistir Irache, mar sampla. Ar nós gach cine tuaithe creideann na Bascaig i ngach aon saghas piseóige. Má chítear bean fé'n bhfuinneóg ar an Luain, cuir i gcás, deirtear go mbeidh mí-ádh ann ar feadh na seachtaine. An té airigheann
an chuach an cheud uair agus airgead na phócha aige deunfaidh sé fortúin. Má theastuigheann ó fear a bheith na mhaighistir na thig féin ní mór dó blúire de ghúna a mhná do coimeád fé na ghlúin an fhaid as bhíonn siad ag an altóir agus an sagart á bpósadh. Má chloistear coilleach ag glaodhach istoidhche cuirtear blúirín salainn isteach sa teine agus mar sin de. Chun draoidheacht éigint do choimeád ón áit dhéintear san mar go gcreidtear (nó chreidtí pé sgeul é) in “sorciers” go mór mór. Bí an sgéil chomh dona san, go deimhin, gur cheapadh coimisiún speisiálta sa mbliadhain 1609 chun feuchaint isteach sa sgeul agus do chuireadh suas le trí fichid “sorcier” chun báis dá bhárr, toisg go raibh an oireadsan cur isteach aca ar na daoine agus an oiread san díobháil á dheunamh aca ar an bpobul go léir. (Ní Crioch.) AN CHÚ MHALL. TAE. Togha an mhargadh gach aon tSórt Tae atá againne, bíonn siad mar a chéile i gcomhnuide agus bíonn gach éinne sásta leo. Luach — 2/4, 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt. Tae ón t-Sín — 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt. BECKER BROS., LTD., Sráid Seoirse Mór Theas a 8 agus Sráid an Iarla Thuaidh a 17, i mBaile Átha Cliath. TIGH-ÓSDA “CLARENS,” ag Cé Ueillington i mBaile Átha Cliath Tá gach aon chompórd ann agus é so-lámhach do gach áit is fiú le rádh 'sa Chathair. 70 Suainliosa. Solus Eleictric. An biadh — bog, soghmhail, so-bhlasta agus an freasdal ar fheabhus. An díol-fiach réasúnta. BÍONN TARRAING MHÓR DAOINE AR AN “RESTAURANT” atá ag gabháil leis. An Guthán 1217. Telegram: “Clarence Hotel, Dublin” TIGH-ÓSDA AN ROYAL EXCHANGE Sráid na Feise, i mBaile Átha Cliath. Tá sé seo ar cheann des na Tighthe-ósda is compórd- amhla 'sa Chathair. Tá gach aon chóir ann agus an díolfiach réasúnta. Guthán 2678. Telegram: “Comfort, Dublin.” Ná Dearmhadaidh Lucht na bhFógraí sa “Sguab.” AN GUTHÁN BRÉAGACH. Mar seo a thárluigh sé. Bhí an breicfeasta críochnuithe againn an 3adh lá de Lúnasa, 1911, an páipéar léighte (chomh fada is a dheinimíst é léigheamh aon trus), agus gal an tsuaimhnis tógtha, nuair a dh'eirigh an Barrach, bhain an luaithreán de n-a chasóig mar ba ghnáth leis, bhuail air féinig a chóta báistighe, is súid leis amach dó féinig. Ní mór duit, a dhuine, a thuiscint gurbh' in béas aige chómh fada is a bhí aithne againn ar a chéile — an siúl so a dhéanamh tréis an bhreic- feasta atáim á rá. Ní raibh an Barrach bocht ar foghnamh ar feadh tamaill roimis sin: bhí sé múchta le slaghdán gránna: is déarfainn leis an ceó a sheachaint an mhaidin sin is an lá a thabhairt le h-ais na teine, ach gur thuigeas ná tabharfadh sé aon áird ar mo chainnt. Is cuma san anois, áfach. Dhaingeanuigh sé an cóta tímpal air héinig, thug féachaint síos is suas an tsráid, dhein fásca a thabhairt dó féinig, is síos fé dhéin an droichid leis, stad i lár an droichid, bhain gearra-stathad as a chluais, is ghluais go mall réidh go dtí an taobh eile. Nuair a bhí sé as radharc agam d'fhágas an fhinneóg is chuas i mbun mo leabhartha. Bhéadh sé thar n-ais fé n-a deich, sé sin laistig d'uair an chluaigh. Bhéadh? Dá mbéadh fhios agam! Ní raibh puínn daoine amuigh an tráth san. Nuair a shrois an Barrach lár an droichid thug sé fé ndeara fear áirithe go raibh imeacht aisteach fé. Bhuail an fear so a bhróg trí uaire as a cheile i gcoinnibh falla an droichid, bhain a chaipín dá cheann, is dhein casachtach árd. Nuair a shrois sé deire an droichid dhein sé an rud céadna ath-uair. Mheas an Barrach, dar ndó, gurbh' eo fear bocht as a mheabhair is bhí sé chun gabháilt amach thairis is é ag déanamh an cleas céadna an tríú trus nuair a thug sé fé ndeara fear eile is na geáitsí céadna sa tsiúl aige ar an dtaobh eile den tsráid. Hath! Bhí an scéal ag féachaint — Ach conus a bhí sé ag féachaint? Beirt amadán, béidir, ag déanamh aithrise ar a chéile? Seadh, ach b'é an chéad duine an taoiseach, an treoruidhe, air-sin a bhí an aithris á dhéanamh. Bhraithfeadh sé iad,
ach go h-áirithe. Tháinig an chead duine go dtí Tig an Phuist is bhuail sé a bhróg dhá uair 'na choinnibh. D'fhéach mo dhuine ón dtaobh eile air, chuir a lámh 'na phóca is dhein sé dhá líne le píosa coilce ar an bhfalla ós a choinne amach. Céad go leith slat ón mball san is deineadh rud éigint eile. Nuair a tháinig an treóruidhe go dtí Halla na Cathrach, stop sé, bhuail sé a dhorn cheithre trusa ar an bhfalla, bhain sé de a chaipín, is chaith seile ar an dtalamh. Dhein an tarna fear féachaint tímpal ar eagla, béidir, go mbéadh éinne á thabhairt fé ndeara, is thairig sé trí cearcail ar a fhalla féinig. Mar sin dóibh gur shrois- eadar Árus an Rialtais. Stop an treóruidhe aríst, chas sé tímpal, is chraith sé a cheirsiúr dhá uair san aer. Chrom an tarna duine síos chun a bhróg a cheangal; is má dhéin, do thuit a cheirsiúr as a phóca, is fágadh ar an dtalamh é. Thabharfadh an duine ba dhaille fé ndeara go raibh rud éigint ar bun eatorra-san, go raibh an treóruidhe ag déanamh comharthaí. Ach cad ba chiall leis na comharthaí so? is cad ba chiall 'na theannta san leis na nithe a dheineadh an tarna duine? Lár an droichid: deire an droichid: Tig an Phuist: Halla na Cathrach: Árus an Rialtais. Tithe puiblí á marcáil? Seadh, ach cad é an mhaitheas ceirsiúr a dh'fhágaint ar an dtalamh? Níorbh aon chomhartha é sin mar ná fágfaí ann é. Ba chuma. Bhí rud éigint ar bun: droch-rud, béidir: béidir gur spiadóirí iad: béidir mórán nithe: ach dheinfeadh an Barrach scrúdú go deire ar an scéal pé ní a thárlóch. Siúd leo ansan airíst, is na cleasa céadna sa tsiúl aca. Sa deire nuair a thánadar go dtí Sráid na Manach stadadar araon: thairig an taoiseac rud éigint as a phóca, is tairig an duine eile rud éigint leis: shéid an taoiseach isteach sa rud san, is shéid an duine eile chómh maith. Siúd le ceann aca suas sa spéir (lamhnán ab eadh é) is siúd an ceann eile ar an bpoinnte. D'fhéach an bheirt 'na dtímpal is ansan do chuireadar sa rith ar a séirsín suas an tstáid is isteach le chéile i lána. Bhí an Barrach ins na feili- mintí 'na ndiaidh, dar ndó, is nuair a shrois sé oscailt an láns fuair sé radharc ar dhuine aca (an duine a bhíodh ag déanamh na h-aithrise) ag eighrighe (bhí sé tuitithe) is ag preaba isteach i gceann desna seana-bhathallacha ar an láimh dheis. Ba ghearr go raibh an braith- eadóir ag an ndoras. Chuir sé an staighre suas de go mear is bhuail isteach i seomra gur chualaidh sé cainnt ann. Ní h-éinne den mbeirt a bhí ann roimis ach fear árd caol tanuidhe fé hata is spéaclaí is deigh-éadaighe córa. Bhí bata siúil 'na láimh is gearra- mháilín. “Gabhaim párdún agat, a dhuine,” ar- seisean leis an mBarrach, “ach tá ana-dheifir orm: duine breoite atá i gcruadh-chás, is caithfead bheith ag imeacht. Fiche nóimint, áfach, is bead thar n-ais is míneód an scéal so. Suidh síos ansan is dein do sheomra féin de seo. Tá leabhartha agat ansan is tobac is an páipéar. Slán agat go fóilín,” is bhí sé imthie. “Glaoch breoiteachta,” dubhairt an Barrach leis féinig, “is béidir ná beidh sé thar n-ais go ceann uair an chluig. Mar sin héin ní mór dom scéal na beirte seo a scrúdú pé ball go bhfuilid imithe as so. Sead! na leabhartha: is do thosnuigh sé á bhféachaint. Bhí gach uile shaghas ann: leabhartha taistil is úntaisí; úrscéalta go tiubh; cásana cáiliúla cúirte: gearra-scéalta, is éacht leabhartha eoluíochta: ach chómh fada is a chonnaic an Barrach níor bhain éinne aca le dochtúireacht. Tháinig amhras aige. Dochtúir gan a leabhartha! Agus na leabhartha eoluíochta? Thug sé féachaint eile ortha. Seadh, ach ní le substainnteana a bhrise ná a dhéanamh a bhaineadar ach le h-innealacha is slite chun so is súd a dhéanamh — doras gluaiste a chur i bhfalla, léim i n-áirde 'on tsíneál, dóirse a dh'oscailt, tig a chur tré theine, is gach saghas ní a bhain le electreachais. Lean sé air — sa chuardach anois — go dtí go bhfuair sé guthán i bhfolach i mbosca. Seadh, am baic, bhí caimiléaracht ann! Ar an mbórd do fuair sé litir fé stampa is fé shéala. Ní raibh ach ní amháin le déanamh. Bhris sé an séala. Seósán Mac Seaca! — an ainm is an scríobh!! Leath-nóimint eile is bhí an guthán ag obair aige. “Helló. Uimhir 3448 … Seadh, an Barrach … Mac Seaca atá anso, an Lána Fada, uimh. 24 … Triúr, an triúr is fearr, agus go luath: beidh sé thar n-ais anois díreach … Cuma Liom.” Níorbh fhada an feitheamh gur fhill an “dochtúir,” is é ag gáirí go séimh síbhialta. “Ba dheas an cás beag é,” arseisean ag tosnú, “is tá súil agam nár luigh an feitheamh ort. Nílean tu ag caitheamh aon tobac?” “Seadh, nílim,” arsan Barrach, chómh cúin
is do b'féidir leis, bíodh go raibh an fraoch 'na chroidhe, is chaith sé fanacht leis an dtriúr gan amhras a mhuscailt, “mar gur chuir na leabhartha so as mo cheann é. Tá bailiú breá díobh agat, bail ó Dhia ort, is cuid díobh go bhfuil ana-chion agam féinig artha. Is cuimhin liom (níor theastuigh ón mBarrach ach an t-am a mheilt) an ceann so a léigheamh breis is fiche bliain ó shoin nuair a bhíos ar mo shaoire i n-Albain — “Gleann an Dóchais.” Agus an ceann so, “Croidhthe Dílse,” fuaireas é fé éadach is ór mar bhronntanas nuair ná rabhas chómh h-aosta is atáim anois.” “Seadh,” arsan dochtúir, “ach is ionnta so is mó a chuirim spéis. Cuir i gcás anois dá dteastóch uaim tu scaoile síos i lár an úrlair seo níor ghá dhom ach féachaint ins an leabhar so is laistig de deich nóimintí …” Cnag! cnag! cnag! ar an ndoras. Oscluíodh é ón dtaobh istig (níor thuig an Barrach go raibh sé fé ghlas) is seo isteach an trúir, is iad chómh h-athruithe nár aithn an Barrach iad. Dúnadh an daras. “Tha, a dhuine,” arsan Barrach, is an solus na shúile, “a dhuine chóir, tá an mada- rua gabhtha. Molaim thú, Mac Seaca: dheinis rith fada ach tá an rith sin déanta. Ní rabhais glic go léor, a chara. D'fhágais rian a sceidh ort, a chladhaire. Fan anois: ní gá dhuit aon mhíniú go fóil. Na greamairí, a bhuachaillí,” is d'fhéach sé go maoiteach mórálách idtreo an triúir. Níor bhog na buachaillí. “Seo libh, adeirim, is tógaidh é. Beidh tu saor ó bhaol feasta, a dhuine.” Ach níor bhog na buachaillí ach oiread. “Is baol liom, a Barraigh, a chara chóir,” arsa Seósán Mac Seaca, Duine-Uasal, go bhfuil dearúd éigint ort, go bhfuil rud éigint amú. An guthán so a fuairis ins an mbosca ní ghabhan sé ach amhain leis an gcistin is tré dhearúd is liom-sa héin a bhís ag labhairt. Tá cathú orm, ana-chathú, ná fuilimíd i n-úil fios a chur ar na braitheadóirí nuair a deintear coir nó goid anso, ach le h-imeact aimsire beimíd ag dul i bhfeabhas. Tá gnó beag agam díot ar ball is is chuige sin a chuireas fios ar mo cháirde anso ar eagla nárbh' áil leat teacht liom bíodh is go dtuigim méid do mheas is do chion orm. Is fada an lá ó thánamair chun cáirdis le chéile, a Bharraigh, is is fada a sheasfaimíd le chéile go dílis dian. “Ba mhaith liom cainnt a dheanamh leat it aonar is ar eagla go gcloisfí sinn buailfimíd amach go dtí tig atá agam i mball eile den gcathair seo. Tá gluaisteán ag feitheamh linn. Seadh anois, a chara is dílis liom, dún do shúile ansan ar eagla an tsoluis láidir is ní fada a bheimíd ar an mbóthar.” Cúpla nóimint 'na dhiaidh sin chonnaic na comharsain gluaisteán ag cúla isteach sa lána. Bhuail cúigear fear isteach ann is tugadh fé ndeara go raibh hata ana-fhada anuas ar dhuine aca. An t-ATH. SEOIRSE MAC CLÚIN. THE MONUMENT CREAMERY AN T-IM UACHTARLAINN IS FEÁRR. Deunta d'uachtar glán, úr, pasturáltha: Milis, blasta, is úr i gcomhnuidhe. Tagann uibhe toghta muinighneacha isteach chughainn gach aon lá. Sráid Phárneill, 75, & Port Caoimhghin Íoch., 25, Baile Átha Cliath. ÚSÁID GRANIA TOOTH PASTE AR SON t'FHIACLA ÚSÁID GIBSOL OINTMENT AR SON DO CHROICINN Fior-dheuntús na h-Éireann iseadh iad so. Táid le fághail ósna drugadóirí ar fúd na tíre ar 1/3 gach ceann nó go díreach (saor tríd an bpost) ó Gibsol, Teo., Lána an Chláir, Áth Cliath. Deuntar íce le h-aghaidh beithidhigh ann leis.
BUILE AR BHUILE. NÓ AN PÚNCÁN I BPONC. Is doigh le fear na buile gurab é féin fear na céille, agus do Púncán, a cheap gur aige féin do bhí ciall fear domhan, do bhain so. É féin do bhí 'ghá innsint dom. “Ceithre bliadhna do bhíos imighthe,” — ar seisean, —” Acht bliadhanta annróghacha, tór- maigh cogaidh agus iompála ba eadh iad ins na Státaibh féin, — agus níor thaise d'Éirinn é, d'réir mar chloisinn, — agus níorbh' iongna liom, ag casadh Dhom, dá mbuaileadh rudaí aite, agus daoine aite liom. Do bhuail. An Chead Duine. Ag Cóbh tháinigheas i dtír, agus ins an dtigh ósta ann agus mé ag ithe mo dhinnéir tháinig duine uasal isteach agus do shuidh chum búird do bhí leagtha ann n-a chómhair. Do thóg sé an scian agus an t-adhal do bhí le h-ais an phláthá, d'fhéach sé orra agus do chaith uaibh go dtí bun an bhúird iad. Do shín sé a lámh fé dhéin scine agus adhail eile annsin, do thóg, d'fhéach, agus do chaith uaidh sa t-slighe céadna iad. Nuair ná raibh a thuilleadh ar a chómhgar, d'éirig sé agus d'féach sé ar a raibh ar an mbórd de sceannaibh agus d'adh- ailibh, agus, de réir deallriamh, ní bhfuair aon cheann chum shásimh, mar do chaith sé uaidh iad go léir, do dhein aon charn amháin de'n chnuasach, agus do leag ar bhórd eile iad. Annsin d'fhéach sé ar an bpláta do bhí n-a chómhair, agus nuair ná fuigheadh sé féacaint ar an dtaobh thios de gan an biadh do dhortadh, do thóg sé pláta eile do bhí gairid dó, agus d'fhéach ar gach taoibh de go cruinn. Bhí sé sásta leis sin mar do shuidh sé isteach, agus do thosnuig ag obair le n-a mhéarachaibh agus a fhiaclaibh ar a dhinnéar. Do b'iongna liom féin cad do bhí air, agus d'fhéachas ar na sceanna agus ar na h-adhail do bhí ar mo bhórd féin. Ní bhfhuighinn dada d'fhéiscint orra acht amháin ainm an chéardaidhe do dhéin, agus a áit chómhnuidhthe — Sheffield. Ní raibh dada ar aon chor ar na plátaibh. D'ith mé liom go mear agus d'fhágas ann é ag strachadh agus ag alpadh. An Dara Iongantas. I gConndae Portláirge chómhnuigheann mo mhuintir agus chuadhas go dtí iad. Bhí mo dhearbhráthair i m'choinne ag an dtraen, agus thiomáineamar linn abhaile. Nuair tháinigh- eamar go dtí tigh na scoile, — (múinteóir scoile is eadh m'athair), — do thúirlingeas-sa chum féachaint na sean-áite agus do thiomáin mo dhearbhráthair leis timcheall go dtí tigh na muintire. D'fhéachas isteach san bhfuinn- eóig agus cad do chídhfinn acht sean-fhear n-a shuidhe i n-a aonar ag bórd, carn lasán ar na mbórd roimis amach aige agus é d'iarradh caisleán do dhéanamh díobh mar bheadh leanbh! Bhí sé cráidhte aca leis, de réir deallraimh, mar díreach agus mé ag féachaint isteach, do ghaibh racht buile é, do rug sé greim ar a hata agus do bhuail stiall de ar an gcaisleán do chuir go fóir-leathan an fuaid an tíghe é. Annsin d'árduig sé a cheann agus d' aithnigheas é. M'athair do bhí ann. An Deirbhsiúr leis. Ní dubhairt mé aon rud, cé gur bh'ait liom mar obair é, agus le n-a linn sin, tháinig mo dheirbhsiúr amach. Do chuir sí fáilte rómhamh, acht bhraitheas, nó shíleas gur bhraitheas, saghas scáth uirre rómham. Maidin i mbháireach, níor eirigheas ró-mhoch, mar bhíos cortha. Nuair éirigheas, d'fhéachas amach agus, i mbasa, do baineadh geit dáiríribh asam. Bhí mo dheirbhsiúr amuich ag an ngeata, litir i n-a láimh aice agus í 'ghá léigheamh, acht b'é bhain an gheit asam, an tslíghe a raibh sí ag oibriughadh a lámh agus a cos. Adéarfá gur ag rinnce do bhí sí acht, dar ndóigh, ní raibh aoinne ag feaduíl, ná dada a thiubhradh ceól dí, agus ar aon chuma, bhí sí ag tuitim anonn agus anall mar bheadh sí ar meisge. D'fhanas tamall ag féachaint uirre, agus nuair ná raibh sí ag stadh, bhíos deimhin de go raibh rud éigin uirre chómh maith agus bhí ar m'athair. Ní dubhairt mé focal mar sin féin. Agus an Dearbhráthair. Tar éis bhriocfasta chuadhas ag siubhlóid dom féin tamall ó'n tigh agus tháinig mé go dtí páirc a raibh mo dhearbhráthair ag baint féir innte. bh'fhearr liom ná dtiocfainn. An céad amharc fuaireas air badh dhóigh leat gurabh amhlaidh bhaineadh d'á mheabhair ar an áit é. Ag cur suas faobhair do bhí sé, acht i n-áit leanmhaint de, do chaith sé an speal
d'á ghualainn, do thosnuig ag bualadh timcheall air leis an gcláirín, annsin do chaith sé uaidh an cláirín agus do rug ar laiste de'n fhéar agus do thosnuig ag bualadh timcheall leis sinn. Sa deire do rith sé le n-anam síos an pháirc, do chaith ar an dtalamh é féin, agus do chrom ghá iomlosc féin agus ag caitheamh an fhéir anáirde air féin go raibh sé i bhfolach uaim. Do cuireas díom abhaile. Agus an Dochtúir. Do cuireas díom agus fé dhéin an dochtúra liom fé ndéinfídhe díoghbháil, b'fhéidir. Fuaireas istigh é, agus cé do bhí ann, is dóigh leat? An fear buile do bhí 'san tigh-ósta i gCóibh! Acht ní raibh leigheas air, agus d'innseas mo scéal dó. Má innseas badh dhóigh leat nár thuig sé focal de, mar, cé gur as Béarla do labhair mé — mar mheasas ná beadh Gaedhealg ag a leithéid — níor thug sé aon fhreagra orm acht é ag féachaint go doithigheasach, drochmhúinte orm agus gach aon chnead as! D'eirig sé agus tháinig sé liom, mar sin féin, agus síos an bóthar linn go dtí an tigh seo againne. Do bhí ceárdcha idir sinn agus an tigh agus chuaidh sé isteach ann. Nuair tháinig sé amach, do bhí ceathrar fear le n-a chois, agus shiubhladar linn, beirt ar mo chlé-se, fear eile agus an dochtúir ar mo dheis, agus an ceathramhadh duine taoibh thiar díom. Thuigeas gur chum na muintire sa mbaile do cheangailt má badh ghábhadh bhíodar ag teacht, acht ní dubhairt mé aon nídh, agus shroicheamar an tigh ar an órdughadh sin. Bhí an triúr agus mo mháthair istigh, díreach ag suidhe isteach chum a ndinnéir, acht do stadadar, agus iongna ortha nuair chonnacadar chucha sinn. Do thosnuig an dochtúir ar an nóimid. “A Thaidhg,” — arsa sé le 'm athair, —” an rabhais-se istigh sa scoil aréir ag cleachtadh na gceacht úd ‘lámh a's súi’ bhíonn ar siúbal agaibh le deidheannaighe? Na ceacht- anna cipín úd, táim a rádh.” “Bhíos,” — arsa m'athair, — “agus scéal dóighte ortha mar chipínibh; caithfidh mé iad do chaitheamh uaim táim cráidhte aca.” “Agus tusa, a Chaitlín,” — arsa an dochtúir le m' dheirbhshiúr —” an bhfuairis an litir do chuireas chughat athrughadh indé ó Chorcaigh leis an gcoiscéim nua corn-phíopa?” “Fuaireas,” — ar sise, — “agus is mé do bhí buidheach díot. Ná raibh mé ag cleachtadh na coiscéime i rith na maidne, agus a d'iarradh í dhéanamh amach as an litir.” “Tusa, a thomáis,” — ar seisean le m' dhearbhráthair —, “an rabhais ag baint féir ar maidin, agus ar éirig saithe beach chughat?” “Mhuise! cia bhí 'ghá innsint duith, a dhochtúir?” — ar seisean. “Dar ndóigh, ní dada é, féach!” — agus do theasbeáin sé a shuil clé dhúinn agus í ataighthe chómh mór le h-uibh circe. “Sin é cheapas” — ars an dochtúir. “An fear so” — ar seisean, —” do rith chugham-sa le scéal áiféise go rabhadar go léir ag imteacht as bhúr meabhair. É féin, is boaghal liom, atá ag imtheacht, agus fanaidhidh agus fair é, a fheara, go gcuirfead cúpla ceist air a inneósaidh dúinn.” Acht, dar ndóigh, do bhí mo bhéal ar leathadh orm-sa agus mé ag tochas mo chinn, an botún do bhí déanta agam. Do dheineas gáire, cad eile cad dhéanfainn. “Nóimid na h-uaire, a dhochtúir” — arsa mise, — “go gcuiread-sa ceist bheag amháin ar t'onóir. Cad chuige dhuit na sceanna agus na h-adhail do chaitheamh uait sa tigh ósta i gCóibh indé?” “An tú do bhí ann?” — ar seisean. “Cad chuige dhom iad do chaitheamh uaim, an eadh? Mar nárbh i n-Éirinn do deineadh iadh, cad eile. Sidí Éire feasta agat, a bhuachaill, agus dála an scéil, bíodh a bhios agat é an chéad úair eile bhéidh tú ag cuimhneamh ar theacht chugam-sa le d' chuid béarla mar tháinighis ó chianaibh.” “CLOCH LABHRAIS.” DIXON & HEMPENSTALL Fir Deunta Speuclairi SEOMRAI UM TASTAIL RADHAIRC AR OSCAILT GACH LA Cuirimíd shuim speisiáltha in oideasaí liagh-súl Nuair a chuireann tú fios ón dtuaith ar rud cuirimíd chugat é an lá ceudna. SRAID SUFFOLK, 12, ATH CLIATH.
“AN LACHA ÓG GRÁNNDA.” SGEUL DON AOS ÓG. Is faoi billeógaibh leithne cocóla móire i gcúinne deas cúilráideach a bhí an nead ag an sean-lachain. I ndiaidh a chéile thosuigheadar na h-uibhe á scolbadh ach ceann amháin a bhí mall righin —an ceann ba mhó — agus do sheasaimh sé sin níos fuide ná an chuid eile. Sa deireadh thiar do scolb an t-ubh mór agus scaoileadh amach scalachán gránda liobarnach. “Nach mór é?” ars an lacha. “Níl aon deallramh aige le haoinne againn. An amhlaidh gur turcaí é ar shlighe éigin? Is furus é sin d'aithint. Munab áil leis dul amach san uisge beidh sé soiléar nach lacha é.” Lá ar n-mbárach bhí an aimsir an-bhreagh ar fad. Bhí lonnradh na gréine ag spalpadh ar billeogaibh na gcocoil nglas; d'imthigheadar an mháthair agus a h-ál go léir go dtí an lochán. “Splais!” agus amach leis an mháthair de phlimp san uisge. “Uac-Uac” ar sise agus do léimeadar na rudaí beaga go léir ceann ar cheann na diaidh gan ceist. Le preab na súl bhíodar ar a shástacht ag snámh anonn is anall go fuadrach, bhí na cosa ag imtheacht dá ndeoin féin, agus ní súgradh go dtí an súgradh a bhí 'ghá dhéanamh annsan acu — ag an lacha gránda chomh maith le cách. “Ní turcaí i n-aon-chor é” ars an mháthair “mar ní bhéadh na cosa chomh h-aicillidhe san ag a leithéid, ná ní iomchróchadh sé é féin chomh díreach san. I ndiaidh sin is uile sé mo ghearrcach féin é agus nuair fhéachfá go cruinn air níl sé chomh gránda i n-aon-chor is a cheapas ó chianaibh. Uach-Uac! siubhlaidh libh i naonacht liom anois agus raghmíd go dtí an áit i n-a bhfuil comhnuidhe ar na lachnaibh. Ní fuláir taithighe do dhéanamh gan mórán moille leis an gnáth-shaoghal. Ach fannaidh-se i naice liom ar eagla go mbeireadh an cat leis sibh. Bíodh áirdeall ar an ropaire san agaibh.” Isteach leo annsan i gclós na lachan. Nach ann a bhí an glag-glag. Idir dhá ál bhí ceann eascon agus é á atharrú gach ré noiméid ó ghob go gob le neart gliocais an iomrascála. Sa deireadh sé an cat do sciob chun siubhal é. “Tabhair fé ndear an tslighe a thuiteann rudaí amach san tsaoghal” ars an sean- lacha agus í ag cur faobhair ar a gob le teann. Mian mic a shúil mar ba mhaith lei ceann an eascon dí féin. Le linn múinte dhóibh cionnus iad féin d'iomchar, cionnus na cinn d'umhlú, agus na mion-rudaí béasamhla do dhéanamh tháinig gargán de shean-bhárdal i láthair agus thug fogha ar an lacha óg gránda. “Leig dó féin é más é do thoil é” ars an sean-lacha “níl sé ag déanamh diobhála d'aoinne.” “Tá a fhios agam san” ars an buailim-sciath “ac tá sé chomh níór agus chomh h-ait san nach féidir liom gan é do lásáil.” “Is deas an clann athá agat a bhean bhoicht” arsa sean-bhárdal eile — an gaisgi- dheach ba mhó agus ba mhórdhálaighe de'n chuideachtan — “ní fhaghaim aon locht orra ach amháin an ceann san agus ba dheacair do h-aoinne a rádh go bhfuil sé sin deagh-chumtha. Ba mhaith liom dá bh'fhéadfhá cruth níos deise do chur air.” “Níl sé ar mo chumas anois” ars an mháthair “tá sé rud beag mio-chumtha is fíor ach mar sin féin tá sé an-mhacánta agus tá an snámh go h-iongantach aige. D'fhan sé ró-fhada san ubh agus sin é cúis ná bhfuil cruth ná cuma air.” “Anois a chlann ó ná bíodh aon faitchíos orraibh annso ach déinidh bhur rogha rud agus má theagmhuigheann sibh le ceann eascon ná dearmhad é do thabhairt domsa.” Agus ba ghearr gur dheineadar na rudaí beaga taithighe ar an áit. Ach an lacha bocht a tháinig mall as an ubh nír tugadh dhó de dhruim a ghrandhachta ach buillí agus masla agus a lán d'asmhucháin; na sicíní féin do bhídís ag magadh fáoi. “Tá sé ró mhór” adeiridís, agus an turcaí — an gaisgidheach mór san a tháinig ar an saogal le dhá spor agus a chreid é féin bheith na impire chuir sé cochall air féin agus dhein go díreach air mar long fé lán-seol — é feargach agus dearg go súilibh. Ní raibh a fhios ag an aindeiseoir bocht cad ba cheart dó dhéanamh. Do ghoill sé ar a chroidhe nuair nach ndéanfadh aoinne caidreamh leis de chionn gan é bheith deas gleoite ach thuit sé go doimhin i n-umar na haimléise nuair ná raibh ag an cuid eile dhó ach diomholadh agus sgeimhle, mar is ag dul i nolcas a bhí an sgéal aige i nagaidh an lae. Cuirtí ruaig air ó gach áird. A dhrifúir féin ní rabhadar cneasta leis; do snapaidís na lachain é; thugadh na cearca fogha faoi agus an cailín aimsire a thugadh biadh dhóibh do ghabhadh sí
dá cosa air. Fá dheiread do bhris ar a fhoidhne agus d'eitioll sé thar claidhe. Nuair do chonaic na h-éanlaithe beaga ó'n scairt é tháinig sgeon ionnta agus seo chun siubhal iad. “Na héin beaga féin” ars an lacha óg leis féin “ní maith leo mé. An cruth atá orm atá ag cur eagla orra is dócha.” Ach do chomáin sé ar aghaidh thar cnocaibh is thar gleanntaibh agus gan aon tsuim aige san áird ar a raibh a ghluaiseacht … Um thráthnóna tar éis dul faoi do'n ghréin do chonaic sé bothán beag suarach a bhí ar tí tuitim ba dhoigh leat. Go deimhin sé an rud a choimeád suas an bothán ná gan a bheith i nann an cheist do réidhteach ar cia aca taobh b'fhearr dhó tuitim. Um an taca so bhí an ghaoth ag séideadh chomh láidir san gur b'éigean do'n lacha a scíth do leigint. Fuair sé caoi ar dhul isteach san bhothán. Sean-bhean liath a bhí 'na comhnaidhe ann gan aoinne leí acht cat agus an cearc dhearg. Bhí an triúr an-mhuinnteardha le na chéile. “Micín” thugadh an tsean bhean ar an gcat agus bhí grádh aici do'n gcirc mar a bhéadh aici d'inghin lei. B'fhéidir leis an gcat dronn do chur air féin nó crónán bog a dhéanamh do réir a mheoin. Nuair a bhíodh sé an- chrosta ar fad thuig sé cionnus teine-creasa do stealladh amach. An chearc, cionn is go raibh na cosa gearr aici do ghlaodhtí “gearr- chos” mar ainm uirri. Dó bheireadh sí ubh i naghaidh an lae. Lá ar n-a mbáireach nuair tugadh fé ndeara an lacha thosuigh an cat agus an chearc ag tormas le teann doichill ach do cheap an tsean-bhean gur lacha éigin ar strae é agus go gcoimeádfadh sí é chun uibhe lachan a bheith aici. Tar éis tamaill nuair do bhí sé de mhisneach ag an lachain baramhail a thabhairt ar rud nár reidhtig le tuairm an chait agus na cearca do tháinig fearg ar an gcirc. “A' dtig leat uibhe do bhreith?” arsa sí. Chaith sé admháil nár fhéad fé. “Dá bhrigh sin” ars an chearc “badh chóra dhuit do bhéal a éisteacht.” Annsan do chuir an cat a chaint isteach “an dtig leat” ar sé “dronn do chur ort féin? An dtig leat crónán do dhéanamh nó teine creasa do shéideadh asat?” “Ní thig liom” ars an lachóg. “Seadh is dóigh” ars an cat go searbhasach “ní ceart duit do thuairim féin do thagairt nuair a bhíonn daoine ciallmhara ag comhrádh.” Do thuit croidhe na lachan le diombádh agus d'fhan sé go ciuin i gcúinne as san amach; ach i gcionn tamaill tháinig gath gréine na maidne isteach sa seomra a chuir an lochán i gcuimhne dho agus a chuir dúil chomh mór san 'sa snámh aige nár fhéad sé gan labhairt leis an gcirc air. “Airiú a laogh” ar sise “nach agat atá na hárd smaointe! Déin iarracht ar uibhe do bhreith agus ar crónán do dhéanamh agus cuir uait a leithéid de dhi chéille.” “Ach caithfidh tú admháil” ars an lacha bhocht “nach bhfuil aon aoibhneas sa domhan le cur i gcomórtas le snámh i mbárr locháin uisce. Nach breagh é bheith ag casadh agus ag únfairt san uisce agus ar uairibh ag tomadh síos earball i n-áirde chun béalán blasta d'aimsiú, níl aon gáirdeachas eile ach é a dhuine!” “Déarfainn gur sult thar na beartaithe é!” D'fhreagair an chearc go fonómhai- deach. “An amhlaidh go bhfuilir as do mheabhair? Fiafruigh de Mhini—agus, cat níos ciallmhairc ba dheacair d'fhágháil—ar mhaith leis dul ar snámh agus ag damhsadh san uisge. Fiafruigh, más maith leat, dár máighistreás — agus ní féidir í shárú ar eolas agus ar thuigsint — dá mba mhaith lei dul chun snámh sa lochán agus í féin d'fhoghragadh fé'n uisge. Ní baoghal dí a mhic ó.” “Is eagal liom ná tiugeann sibh mé …” “Ná tuigimíd thú! Ach cia thuigfeadh thú? An amhlaidh a Cheapann tú gur eolgaisidhe tú ná Mini agus ná ár máighistreás?” “B'fhearr liom gan chainnt orm féin.” “B'fhearra dhuit a dhuine” ars an chearc “gan an oiread san fuadar a bheith fút. Umhluigh thú féin agus tabhair buidheachas do Dhia ar son a dtabharthas. Táir anois i dtig clúthmhar agus cuideachta maith is eadh sinn. Ach ar a shon soin féin táir chomh mí- réasúnta san gur eagal liom go raghaidh sé dhínn chur suas leat. Go deimhin ní haon phléisiúr d'aoinne aontigheas do dhéanamh leat. Chun do leasa atáim tá a fhios agat agus deirim an fhírinne leat gan fiacal do chur ann cé nach fuláir gur searbh leat é. Bíonn na fior-cháirde oscailte. Glac mo chomhairle a stóch' agus dein iarracht ar uibhe do bhreith nó ar crónán bog suanmhar do dhéanamh duit féin.” “Ceapaim” ars an lacha “go n-oirfeadh sé níos fearr dhom dul agus cuid de'n domhan a thaisdeal chun na h-iongantaisí d'fheiceál.” Agus d'imthig sé agus bhiodh sé ag snámh agus á fholcadh féin sa lochánaibh agus san
aibhnibh ar a lán-shástacht, ach níor dheineadar na h-ainmhighthe beaga eile aon charadas leis de chionn a gránnachta. D'imthigh na laetheannta agus na seacht- mainí agus tháinig an fóghmhar nuair thuit an duilleabhar de na crannaibh agus go tiugh ar a shálaibh tháinig an geimhreadh agus na gaotha móra a chuir ruaig agus scaipeadh ar an duilleabhar céadna, thuas sna spéirthibh do ritheadar na sgamaill ó bhroid a chéile nó thiománadar rómpa an sneachta agus an garbh shíon. Nárbh' anróghach an aimsir í in dá ríribh do'n lacha bhocht! Go deimhin do bheadh sé ró-dhubhach ar fadh chur síos ar gach a d'fhulaing sé i gcaitheamh dubhluachair an gheimhridh sin. Ach i gcionn tamaill tháinig an lá nuair ba léir do'n t-saoghal go raibh buaidhte ag an ngréin ar an ngaoith a dtuaidh. Thuas sa spéir bhí fuiseog ar séirse ar a dhicheall. Ar gach taobh bhí líonmhaireacht na beatha ag taisbeánt a fheabhas a bhí an tEarrach sin. Do mhothuigh an lacha beodhacht an tseasúir chomh maith le cách, agus tháinig dúil sceinnte air. De phreib do ghlac sé sciatháin agus ó's rud go raibh a lúth ag déanamh ionga do d'fhan sé ar sgiathán go ceann tamaill maith. Nuair a thuirling sé sa deire i lár ubhallghuirt a thárla sé — áit a raibh a lán de chranna ubhaill fé bláth. Ar ball do chonnaic sé trí ealaí bána ag teacht amach as choill. Tháinigh siad anuas ar an loch agus thosuigheadar ag snámh go maordha i dtreo an uballghuirt. “Ba mhaith liom” cheap an lacha leis féin “teagmháil leo siud, táid chomh háluinn san. 'Siad na héin is breaghtha a chonnac riamh. Ach marbhóchaidh siad mé de chionn mo dhánaidheachta agus mo gránnachta nuair raghad i n-aice leo. Ach b'fhearr go mór liom bheith marbh acu siud ná é do bheith orm masla na lachan agus na gcearc agus anrogh an gheimhridh d'fhulaing.” Leis sin do léim sé amach sa loch agus dhein go díreach ar na healaí. Thugadar siud fé ndear é agus thánadar na choinne — gac cleite acu i na sheasamh go maiseach. “Marbh mé” ars an t-éan bocht agus do chrom sé a cheann sios go bárr an uisge chun go bhféadaidís é do mharbhú. Ach cad a chífeadh sé thios faoi san uisge glan gléir ach a dhealbh féin. Agus feuch, ní lacha gránnda a chonnaic sé i n-aon chor ach eala áluinn. Bhí na trí healaí eile ag snámh na thimcheall agus á chimilt le n-a nguib le méid an fháilte a bhí acu roimis. Ba bhreagh le na páisdí, ar an bport é; b'é a dtuairim gur bh'é an ceann ba bhreaghtha de'n cheathrar é, agus dá chomhartha san ba chuige a chaithidís na sódhluistí a bhí acu. Nárbh' é an t-athrú é? Ach mar sin féin ní raibh aon mórdháil a baint leis dá bhárr. Ní tháinig aon athrú ar an gcroidhe nádúrtha a bhí aige. San ubhallghort ar taoibh an locha ba dhoigh leat go raibh na crainn a lúbadh a mbláth-chraobhacha le h-umhlóid dó, agus thuas sa spéirthibh dar leat go raibh taithneamh na gréine ní ba thaithneamhaighe ná mar ba ghnáth. B'shin an céad lá de shaol fada shéanmhar a bhí ag tosnú do'n lacha bhocht ghránnda úd. (Aistriú ó'n bhFranncais.) PÁDRAIG S. Ó GRÁDAIGH. RANNTA. Is mór an truagh ná baintear a ndíol d'fheidhm as rannta beaga in-dáil do mhúineadh cainte na Gaedhilge do leanbhaí scoile — ach ní bhaintear — go mór mhór más duine gan “guth” an t-Oide. 'Dé is béas le Oidí Gaedhilge ná an rann beag do mhúineadh 'n a chaint do sna leanbhaí ar an gcéad dul síos — annsoin deirid leo é chur de mheabhair agus annsoin fágtar an Rann beag deas in a “spaid” — fuar, leamh, trom, leath- mharbh acu — in a shaghas “fágaimís siúd mar atá sé,” mar adearfá. “Seadh, a's cad do dhéanfainn, is dóin, is gan guth ná gíocs d' aon nídh i bhfuirm abhráin agam?” a déarfaidh Oide óg liom. Mo freagra-sa air sin. — “Mura bhfuil féin a mhic ó — (nó a inghín ó —) ná chaill do chuid misnigh dá dheascaibh. Tá leigheas air-sin féin — Níl an cluiche caillte fós — níl in éa' chor. Cogar i leith chúgham. Cad tá dá bhac ort nuair a bheidh an rann beag múinte go cruinn baileach agat a's é tuigthe go beacht ag do chuid scoláirí — cad tá dá bhac ort, adeirim, ceacht beag deas cómhráidh do baint as fé mar do dhéanfá le h-aon cheacht próis? as ná marbhaigh tú féin le neart ceistucháin — tabhair caoi do sna leanbhaí — (a's sos a's suaimhneas duit féin le linn a chéile) ar na ceisteanna do chur ort-sa thar n-ais — a's má dheinir botún beag anois agus arís — (d'aon am
gan amhras, cad eile?) chun caoi thabhairt do sna leanbhaí ar thú do cheartú — a's gáire beag a bhainte asta. Dhera a dhuine — ní fearr ar domhain é — gáiridís leó, na créiturí. “Is é an leigheas (medecin) is fearr amuigh é” adubhairt an Franncac faobhrach úd — “dit” — Moliére. Ná bíodh eagal ort go bhfaighidh na leanbhaí an iomad taithighe ar cheistiuchán a's go g-cuirfidh i bpúnc lá éigin tú. Má bhíonn, bfearra dhuit eirghe as an gcéard ar fad, a mhic ó. Seadh, a's sprioc suas na leanbhaí chun rannta beaga dá g-cuid féin do dhéanamh — Cuir ortha focail eile chur isteach in ionad na bhfocal bhíonn i rannta beaga na leabhar, a's má bhíonn scríobhadh na Gaedhilge acu cuir ortha ceisteanna dá gcuid féin (ar dhul ceisteanna na leabhar) do scríobh cois bhaile dhuit; a's mura mbíonn an scríobhadh acu cuir ortha ceisteanna ó bhéil do rádh dhuit in a áit-sin. Focailín eile, mar “buille scuir” mar adearfá:— Más rud é go bhfaighir blas ar mo chuid chainte-se a 's gur mian leat mo chómhairle bhocht do chur ingníomh ní fhéadfá rud ní bhfhearr dhéanamh ná leabhríní beaga a's na rannta so ionnta dfhágail a's iad bheith mar bhun as bunudhas comhráidh agat. 'Sa saghas leabhríní a chialluighim ná cinn de shaghas cuid an “Fhir Mhóir,” “Bréagán” a's “Féirín,” cuirim igcás, nó cuid Phroinnséis Uí Súilleabháin, O.S. (“na h-Íona Readers” &c.). Do cuireadh adhbhar na leabhriní seo, le chéile le tuiscint, le ciall a's le cruinneas, de thorad thaithige fhada ar chéard an mhúin- teóra a's má bhaintear an feidhm ceart asta meallfaidh an t-aos óg chun breis suime do chur i bhfoghluim a's go mór mhór i labhairt na teangan — a's tar éis an t-saoghail, “beatha teangain í labhairt.” BEANN g-CROT. DEUNANN SCOTT & A CHOMH., TEÓ. Ráin, Sluasaid, Grafáin, Piocóid, Héatair, &rl. I MÓIN-ÁRD I gCO. CORCAIGHE. Oifig: Sráid Mhic Curtain i gCorcaigh. “GRAIMÉAR GAEDHILGE.” Éamonn Ó Donnchadha, Léigheachtaí san Nua Ghaedhilg, Coláiste Ollscoile, Corcaigh do chuir an leabhar so le chéile. Cuireann sé an-áthas orainn, go deimhin, a leithéid seo de leabhar d'fheicsint — leabhar ar ealadhain na Gramadaighe agus gach aon eolas dá dheunamh dhúinn as an Ghaedhilg amach. Tá mórán leabhar dá leithéid seo in easnamh orainn agus cé hiad ba chóra iad a fhrithealadh orainn ná ollamhain na Gaedhilge san Ollscoil. Molaimíd Eamonn agus guidhimíd a thuille misnigh dó. Mar adeir mé táimíd i bpráinn na leabhartha so go dóighte. Ní fhuil 'sa leabhar acht an cheud chuid den sceul — .i. Oirléigheamh agus Forus Focal. Tagrann an oirléigheamh do chomharthaí an scriobhaidh agus d'fhoghar an cainte. Cuireann sé síos, ar an Aibhithir, Gutaí agus Consoiní, Dé fhoghracha agus Tréfhothracha, Consoiní, Séimhiú, Urdhubha, Táibhle na gConsoiní, Dífhoghrú Consoiní, Análu Gutaí, Aiceann agus Cuimriú. Is mór agus is tairbheach é an méid eolais ata bailighthe i dteannta a chéile aige sa méid seo—rudaí a bhfuil an deisacht agus an ealadha ag baint leo, rudaí a teas- báineann dúinn fo bhfuil léigheann agus méadughadh meabhrach ag baint le hOirléitheamh na teangan, agus eolas go mb'é an feall é bheith in easnamh orainn go dtí so. Comhairleochainn dóibh seo a bhfuil saint orra rop-saillí a dheunamh ar leitreadh na Gaedhilge an t-eolas so a thabhairt fé ndeara agus a mheabhruighadh fé riothfaidís i ndiaidh a gcinn. Badh dhóigh liom, má iseadh, go bhfuighbhthí an t-eolas a leagaint amach níos giorra agus níos cruinne agus níos soiléire don té a bheadh ag foghluim. Tá an rud an-shimplidhe acht tá sé ar áilneacht an domhain. Deir Éamonn go bhfuair sé na Téarmaí sa liosta a chuir Connradh na Gaedhilge amach agus i nGraiméar (ní maith liom Graiméar) Dhá theanghthach Taidhg Uí Choindealbhain. Tá cuid de na téarmaí so maith go leor agus cuid eile aca go mb' fhuiris locht d'fhagháilt orra, dheurfainn nárbh' mór do na húdair teacht idteannta arís agus na téarmaí seo a leasughadh. In aon leabhar Ealadhan mar seo níorbh' mhór don chaint a bheith piochtha, caochta, snasta, — í bheith cruinn agus sníomhtha in chéile go deas; níor cheart í bheith liobarsach ná ag silleadh as a chéile. Caithfear cleas na bhfocal, cruinneas cainte, agus an snastacht so a shaothrughadh chum gach aon rud a chrochadh suas rud beag ó chaint choitchianta na ndaoine acht in ainm Dé seach- naigheadh gach aoinne imtheacht agus cóiriúghadh an Bheurla. “An ‘t-” san ainmeach agus 'sa ghearanach firin- scneach roimh ainm a thosnuigheann ar thuta.” Ní fhuil aon chruinneas ná críochnúlacht sa saghas so cainte agus in aon t-slithe imteacht an Bheurla atá fé. “Sa Choláiste Ollscoile, Corcaith;” ní fhuil 'sa méid seo leis acht imtheacht an Bheurla. Acht is cuma é, tá an t-eolas ann agus é 'sa nGaedhilg agus é údarasach. Mo thruagh léir! gur chaith sé an cló-Rómhánách a ghabhailt chuige. FEAR FEASA.
LEITREACHA. POST-SHEANCHUS. A Fhir Eagair, Tugtar “an Abhainn Mhór” ar Ovoca i gcuid I. ach ní fheicim-se é i n-ao' chor i gcuid II. Ní mór duit cuimhneamh ar an dá “Baile an Phuill” i gCo. Cille Coinnigh, leis (Ballyfoyle agus Pilltown). Níl Piltown i gcuid II. Dá mbeadh féin raghadh leitreacha amú idir an dá áit. Ba cheart an focal “Ireland” d'fhágaint amach ar leath. 20, cuid I , fé Aghar. Seo cúpla rud eile thugas fe ndear leis: Rathmines — Ráth ó Máine I , Ráth Maoineas II.; Foynes — Finninis I., Faing II.; Kilmacthomas — Cill mhic Thomáisín I, Coill mhic thomáisín II. Cill mhic thomáis Fhinn an furm ceart, ámhthach, dréir muintir na h-áite. Mise, RÁTH GEARR (?RÁTH GARBH). D'Fhear Eagair “An Sguab.” Níl aon eolas agam ar ainmeacha áiteann ach do leitheas an méid a sgríobhadh sa “Sguab” i dtaobh “Post-Sheanchais” agus tréis dom feuchaint tríd an leabhar ní misde dhom a rádh ná fuil ciall ná cruinneas sa t-slithe a cuireadh síos na sráideanna ann. Ba cheart gach aon sráid a bhfuil ainm oifigiúil Gaedhilge uirre a bheith ann nó gan aon cheann a bheith ann ar chor ar bith. Cad chuige a cuireadh síos Sráid Bhictoria, Béal Féirsde, cuir i gcás agus gan na mílte sráid eile a bhfuil ainm den t-saghas san ortha do chur síos chomh maith. Feuch ar Chathair Luimnighe, mar shampla; a bhfaca éinne a leithéid de dhithcéille riamh: 'sé Sráid Éadbháird (pé lána suarach é) an t-aon ceann amháin atá i bPost-Sheanchus agus níl Sráid Uí Chonail le fághailt, fiú fé Sráid Sheoirse féin! Feuch ar Bothar Mhórhamtúin, Cháirleól, &rl, &rl, Cearnóg Marcuéis Dhúin na nGall, Sráid na Doirlinge, Sráid an Chaibéalaigh — ach 'dé'n tairbhe a bheith ag magadh fé rud chomh áiféiseach san. CLÉIREACH. P.S. — Dóbair go righneas éagcóir ar “Phost- Sheanchas”: tá Sráid Réaltan (Rutland Street!) agus dhá ceann eile ann ó chathair Luimnighe.” CRAINN ÓGA Níl aon rud níos tabhachtaí sa tír seo na crainn do chur. A Ghaedhil, ba mhaith linn ár ngnó do dheunamh as Gaedhilg, agus ní beag san, is dóigh linn. Cuiridh fios ar chlár na Luach; Crainn Coille, Tuir Gáirdín, agus Crainn Torthaí. Tá teistiméireacht againn ó Aireacht na Talmhanuidheachta. MUINTIR AN RÁITHÍN, TUAIMGRÉINE, Co. AN CHLÁIR. FOCAIL GAEDHILGE SA mBEURLA Is oth linn ná fuil aon slighe sa “Sguab” an mí seo cló do chur ar an chuid eile de liosta Sheáin Uí Shíothcháin. OBAIR DO GHAEDHILGEOIRÍ. Is mó duine a bhíonn ag lorg Gaedhilgeoirí le h-aghaidh oibre áirighthe ach is mó Gaedhilgeoir, mar sin féin, atá gan obair. Támuíd ar aigne an columhan so do choimeád ar leith-i-leith chun a leithéidí do thabhairt le chéile. Ba bhreáth linn dá bhfuighfimís lámh conganta do thabhairt chun Gaedhilgeoirí na h-Éireann do choimeád na dtír féin. Dá bhrígh sin ní chuirfimíd ach costas an-eudtrom ar na fógraí so. Gheobhfar gach fios ón mbainisteoir, Oifig an “Sguab,” Cearnóg Mont- seoithe, Baile Átha Cliath. TÁ buachaill toghta ag teastáil mar chongantóir ó lucht siopa mhóir i mBaile Átha Cliath. Níor mhór dó eolas a bheith aige ar ghnó grósaereachta agus teistiméireacht a bheith aige ó dhaoine mhuinighineacha. Sgríobh chun “A1,” oifig an “Sguab.” Tá post le fághail ag buachaill a bhfuil eolas aige ar deuntús ime agus a bhfuil taithighe aige ar gach saghas oibre a bhaineann le buaibh bainne. Tuarasdal 38s. sa t-seachtain. “A2,” Oifig an “Sguab.” Cailín óg iseadh mise — Gaodhluinn mhaith agam — Raghainn mar chongantóir i siopa nó in oifig an phuist fé'n dtuaith. “A3,” oifig an “Sguab.” FÁINNEACH: cailín, 17. Scoluigheacht mhaith. Ba mhaith léi post d'fhagháil i siopa éigin a bhéadh Gaolach:— Siopa leabhar nó éadaigh. Gan taithighe aici. Scríobh chun A4. oifig an “Sguab.” CÁRTAÍ NODLAG! 'Seadh, is mithid Cúimhneamh ar na Ca-irdibh thar aile. Tá sreath de CHártaí Deasa, Dáthuiththe, Beannachtaí i bhFilíocht ortha, le fagháil ó MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, Siopadóir Leabhar, 87 Sráid Uach. na Dhriseóige, Áth Cliath. N.B. — Liosta leabhar Gaedhealach ullamh anois.
BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA. ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE ÁTHA CLIATH. DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT. Bun-airgead Geallta, £406,000. Bun-airgead Díolta, £203,000. Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1923, £1,650,000. BUNUIGHTHE 1920. BRAINNSI:— 68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh, Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis, Mathchromtha. THE NATIONAL LAND BANK LTD. Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason agus a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Uí Mhathghamhna, Áth Cliath agus foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services