Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Im. II. Uimh. 14. Samhain, 1923

Title
Im. II. Uimh. 14. Samhain, 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
Muintir an Sguab

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SGUAB



Im. II. Uimh. 14. SAMHAIN, 1923. 3p. SA MHÍ



RÉIM NA h-UIMHREACH SO. Leath



AG DÍÓL MEALA A'S AG CEANNACH MILSEÁIN 23



BANALTRA ÉIN TADHG Ó CEALLAIGH 25



SGATHADH NA nDUILLEÓG CÚ CHULAINN 26



DLEACHT AGUS CÁIN COS OBANN 26



NÁISIÚN BEAG BEO, I. AN CHÚ MHALL 28



AN GUTHÁN BRÉAGACH AN T-ATH S. MAC CLÚIN 30



BUILE AR BHUILE CLOCH-LABHRAIS 33



AN LACHA ÓG GRÁNNDA P. S. Ó GRÁDAIG 35



RANNTA BEANN GCROT 37



LÉIRMHEAS 38



LEITREACHA 39



AN GHAEDHEALG SNA SIOPAITHE.



Má thá sé uait, a dhuine, an Ghaedhealg a bheith dá labhairt agat gach aon lá
ceannuigh do chuid grósaereachta agus lóin-tighis uainn. Ní gádh dhuit Beurla do
labhairt annso mar go bhfuil an Ghaedhealg ag gach aoinne sa t-siopa.



Ó RAOGÁIN AGUS A CHOMH., TEO., SRÁID DÁSON, 54.



CUMANN URRADHAIS MUINTIR NA h-ÉIREANN
(THE IRISH PEOPLE'S ASSURANCE SOCIETY)



CUMANN DO GACH AOINNE ISEADH É. NÍL AON NIDH CHUN DEIRIDH ANN.
FÍOR-ÉIREANNAIGH ATÁ I mBUN NA h-OIBRE SEO.



Gach fios agus faisnéis le fagháilt ón Rúnaidhe



S. M. Ó DEORÁIN



ÁRD-OIFIG — CEARNÓG PHARNEILL a 16, ÁTH CLIATH.



GUAL! GUAL! GUAL!



Anois an t-am chun Ghuail a cheannach i gcóir an
ghéimridh. Béidh sé i bhfad níos costasaighe nuair a
thiocfas an aimsir chruaidh. Ceannuigidh ó Ghaedhealaibh
é. Tá an cineál is fearr le fághail.



Ó MHUINNTHIR PLÉIMEANN,
9 Sráid Frederic Thuaidh, Áth Cliath.



Guthán 2723.



N.B. — Tá gluaistean (a iomcróchas ualach tonna) le
fághail uainn ar thuarastal.



ÁRACHAS



Polasaithe ar ghach
Conntabhairt le
fagháil.



CÁIN-IONCUIM



Cóirighthear Eilimh
Aisiocha, Reidhtighthe,
&rl.



AG



MAC DONNCHADHA & Ó BEÓLÁIN, TEÓ.
51 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH.



Guthán: 1106. Sreangán: Arrange, Dublin.


L. 22


Tugaidh bhur gcuid Árachais do'n
Chumann Gaedhealach is Fearr



AN CUMANN IBÉRNACH
INSIÚRÁLA TEÓ.



I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS
COITCHINNE.



PRÍOMH-OIFIG — 48 & 49 SRÁID AN
DÁMA, ÁTH CLIATH.



NA POLASAITHE IS IOMLÁINE LE
FAGHÁIL.



CUALLACHT DÚNA EIMER
TEOR,
Sráid Hardbhic, i mBaile Átha Cliath.



ÉADAIGHE EAGLAISE, ILGHRÉASACH
AGUS ÓIRGHRÉASACH.



CULAITHE BAN ÉIREANN



CAIRPÉIDÍ LÁIMH-FHIGHTHE.



LEABHRA MAITHE GAEDHILGE



AN BARRA: Leabhairín do pháistí. Nioclás Tóibín
an scríbhneóir.



Leabhairín é seo do pháistí sa tríomhadh buidhin nó sa
ceathrú buidhin do réir mar a thuigtear don múinteóir.
Mar do dhein sé sa nGeamhar tá a dhícheall déanta ag
Nioclás Tóibín ar adhbhar oiriúnach léighinn do sholáthar
don pháiste, agus a bheith cothrom maidir le ciall agus
cruadhas. Ocht leathanaigh agus dachad atá ann.
Luach 6d. glan.



ÓIR-CHISTE: Duanaire Liricí don aos Foghluma.



Seamas Ó h-Aodha, M.A., do thoigh.



Cnuasacht é seo desna dánta is mó clú agus cáil i
nGaedhilg. Tá 45 cinn aca ann agus na filí is fearr abhí
riamh againn a scríobh iad ó Oisín Mac Fhinn go dtí
Pádraig Mac Piarais. Tá míniú nó argóint ag gabháil
le gach aiste sa leabhar agus gach míniú aca i nGaedhilg
bhlasta. Tá foclóir, agus gluais ag tabhairt eolais ar
gach áit is ar gach duine atá luaidhte sa leabhar. Níl
aon Bhéarla ann. 156 leathanaigh. Luach 5s. glan.



BEIRT DHÉISEACH. Cnuasacht scéilíní le Seán Ó
Cuirrín. Scéal acu ar a cheann féin; eadartheangachd
ar Bhéarla Washington Irving (Rip Van Winkle);
Tolstoí (The Long Exile); Lorimer Stoddard (The
Indian's Palm) an chuid eile. Tá adhbhar cleachta ar
aistidheacht agus notaí agus foclóirín ag gabháil leó.
Luach 3s. 6d. glan.



Agus na Leabhra eile is fearr i nGaedhilg le fagháil ó



CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN TEOR.,
89 Sráid an Talbóidigh i mBaile Átha Cliath.



WEST & SON



SEODÓIRÍ, GAIBHNE AIRGID, AGUS
CLUIGEADÓIRÍ.



Tigh Grafton,
102 & 103 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath



Tá suas le céud duine ag
obair san gnó so. Déinimid
duaiseanna óir agus airgid
le h-aghaidh feiseanna &rl.
agus deuntús fíor-
Ghaedhealach ortha.



Tagaidh isteach chun iad dh'fheiscint.


L. 23


AG DÍOL MEALA AGUS AG CEANNACH MILSEÁIN.



Tá alt san uimhir seo den “Sguab” a
sgríobh “Cos Obann” i dtaobh Dleachta
agus Cána. Is maith an rud é go bhfuil daoine
ag tosnú ar a bheith ag cur síos ar a leithéid
de cheist i nGaedhilg. Is mó duine adeireann
gur ar an nGaedhilg féin amháin a bhíotar ag
trácht an fhaid as a bhíonn an Gaedhealg dá
labhairt (leath-is-muigh den nGaedhealtacht)
agus ná bíonn aon adhbhar eile cainnte gur
fiú a rádh ag Gaedhilgeóirí na gCatharacha.
Ní fíor é sin ach, mar sin féin, chomh fada
as a bheidh an Ghaedhealg meath ar mheath ag
fanamhaint le bás no saoghal fada sona, ní
féidir le Gaedhilgeóirí gan a bheith ag cur
níos mó suime sa cheist sin ná in aon cheist
eile. Seadh, ach bhíomar ag tagairt d'alt
“Cos Obann.” Tá sé lán de theurmaí
teicniceálta agus cuireann sé sin ag
machtnamh sinn. Tá daoine ann agus ba
mhaith leó focail nuadh do cheapadh do rudaí
an lae indiu ná raibh in úsáid san am fadó
nuair a bhí an Ghaedhealg fíor bheó. Béidir
gur chirte dúinn a rádh “focail Gaedhilge do
bhailiú” ná “focail nuadh do cheapadh.” Deir
“Cos Obann,” cuir i gcás, go bhfuil sé ag
bailiú focail den tsaghas san le tamall maith
agus dá bhrígh sin tuigimíd go bhfuil úghdarás
maith aige maidir leis na focail neamhchoith-
chianta atá san alt úd. Tá daoine eile ann
ar an dtaobh eile agus is dóigh leó gurb
fhearr, go fóil pér domain de, focail d'úsáid
a ghlacfuidhe isteach ón mBeurla. Is eagal
linn go dtabharfar Tadhg an dá thaobh orainn
ach tá saghas amhras againn go bhfuil cuid den
cheart ag an dá dhream. Gan aon agó ba
mhaith linn focail bhreagh Ghaedhealacha d'aithbheo-
chaint agus do chur i mbeul na ndaoine arís.
Is fearr ordlach den mbun ná leath throig
den mbárr dar ndóigh. Ach caithfimíd
cuimhneamh, leis, ná fuil an Ghaedhealig chomh
láidir gur achfuinn dúinn a dheunamh níos
cruaidhe ná mar atá sí. Bhí ceist focail
Beurla sa nGaedhilg á plé sa “Sguab”
tamall ó shoin agus d'fhoillsighmear liosta
d'fhocail iasachta atá á n-úsáid sa
nGaedhealtacht agus a bhí fadó riamh, agus
cítear dúinn asta san go bhfuil rudaí ann
ná fuighfidhe a rádh go cruinn beacht in glan-
Ghaedhilg. Sé an sgeul ceudna é in gach aon
teangain. Níl an oiread san eolais againn
ar theangacha eile, ach feuch ar an méid focail
agus abairtí Frainncíse, Laidin, &rl., atá
sa mBeurla — esprit de corps, entente,
table-d'hote, camouflage, siesta, mora-
torium, &rl., &rl. Deirtear weekend san
Iorbhuaidh agus tá racing club, knockout,
football, &rl. acu sa bhFrainnc, Irish stew
san Gearmáin agus mar sin de.



Rud eile, cuirtear croiceann Gaedhealach
ar fhocal iasachta tréis do a bheith in úsaid
sa nGaedhilg tamall. Cuid mhaith desna
teurmaí atá in úsáid i gcainnt na n-iasgairí
is ón mBeurla a glacadh iad an cheud uair,
ach is ar éigin a dh'aithneochthaidhe anois iad —
feanndúr, cíle, locaed, gonal, &rl., &rl.
Tá ughdarás cleachtaidh agus úsáide ar a
leithéidí. Má thámuíd chun focail nuadh do
ghlacadh isteach mar teurmaí teichnicáltha, nó
focail ársa d'aithbheochaint, níor mhór dúinn
ughdarás éigin, mar, má fhágtar fé imtheacht
na h-aimsire é, bainfear úsáid as na focail
Beurla chomh siúrálta as a choruigheann madra
a earball. Is fearr dleacht ná custuim
mar fhocal, dar linn, ach, ós rud é go bhfuil
taithighe againn cheana ar an bhfocal custuim,
custuim an focal a deirimíd denár
n-aimhdheoin féin, is eagal linn. Ní bhfuighmís
aon rud eile do thabhairt linn go nadúrtha
pras. Cuireann sé sin i gcuimhne dúinn
go mbíonn an-dhíospóireacht ar siubhal ó am
go h-am ar cheist acadaimh, ach ní dóigh linn
go mbainfidhe mórán tairbhe as dá dtosnóimís
ar an gceist sin do chur trí chéile sa
“Sguab” anois. Sé ár dtuairm féin gur
cheart go bhfágfuidhe fén teangain a bheith ag
fás agus ag leathadh go nádúrtha. Má tha
an plannda bog lag is dóichighe go raghadh
sé i láidireacht fén spéir i ndoineann agus
i soineann ná i tigh gloine. Bhel, níl aon
tigh gloine ag baint le h-alt “Cos Obann.”
Is amhlaidh a chuir sé ag cuimhneamh sinn ar
na smaointe atá ráidhte againn thuas. Sin
é an méid baint atá aige leis an gceist seo.


L. 24


AN TÉ NÁ GABHANN COMHAIRLE GABHADH
SÉ COMHRAIC.



Gheibhimíd leitir anois a's arís ó dhuine
a chuir síntiús chughainn á rádh ná fuair sé
a chóip den “Sguab.” Cuid acu a thug
ainm agus seoladh dúinn i mBeurla féin tá
an port ceudna acu. Bímíd an-chúramach
ar fad mar gheall ar na Sguabanna do chur
amach. Déinimíd iad do chomhaireamh d'réir
leabhar na síntiúsaí fé dhó i gcomhnuidhe agus
is féidir linn a rádh go deimhinightheach nách
sinne is cionntach sa bhfaillighe seo.



Tá's ag an domhan agus ag Tadhg a'
mhargaidh go bhfuil rud éigin bun os cionn
in oifig an phuist. Níl aoinne a bhfuil
roinnt gnótha le deunamh aige tríd an bpost
ná bíonn ag gearáin. Baineann sé naoi
lá de leitir uaireannta áit do shroisint
nuair nach ceart dí a bheith níos sia ná lá
ar an mbóthar nó dhá lá an chuid is sia dhe,
sa phost. Tá sé ráidhte go bhfuil déistean
ar chuid de lucht an phuist toisg gur buaidheadh
— má bhuaidheadh — ortha aimsir an stailc, agus
ná bíonn siad ag cur suime san obair mar
a dhéinidís, nó níos measa ná san go mbíd
ag deunamh faillighe ar an obair d'aon ghnó.
Ní fheadar an bhfuil ao' phioc den fhírinne
sa rud san, ach is léir go bhfuigheadh fo-
dhuine droch-chroidheach an-dhíobháil do dheunamh
sa t-slighe sin agus ba cheart go bhfeuchfaidhe
cuige gan a thuille moille. Tá aon rud
amháin nach féidir le h-aoinne a rádh ná fuil
sé fior .i. go bhfuil cuid desna cailíní in
oifigí an phuist, i mBaile Átha Cliath go
mór mhór, agus go mbíonn siad an-dhroch-
mhúinte ar fad. Caithfimíd fuireach, (iseadh
le meas ortha!) an fhaid agus a bhíonn siad
ag sgithearacht taobh thiar den gcúntar nó
ag críochnú sraith den jumper a bhíonn á
chniotáil acu, agus annsan nuair is mian
leo fritheáladh orrainn bíonn an rath orrainn
maran dtugann siad snab orrainn. Ach
go bfóire Dia ar aoinne a labharfadh
Gaedhealg leo. Nach truagh ná fuil níos mó
Gaedhilgeoirí in oifigí an phuist. Gheobhfá
a bheith ag coinne le freagra séimh uatha san,
pé sgeul é.



Ós ag tagairt d'Oifig an Phuist dúinn arís
(agus molamuíd lucht stiúrtha an phuist mar
gheall ar mórán rudaí atá deuntam acu) 'dé
chúis dóibh, agus iad ag Gaedhealú na
“marcanna phuist” gan an mí do cur síos
i nGaedhilg chomh maith le ainm na h-áite.
Feuchann a leithéid seo de rud ait go leor:
“Baile Átha Cliath — 10 a.m. — Sep. 28.”
Ná deunfadh Meith., Iúl, Lugh., M. F., agus
mar sin de an gnó chomh maith le Jun., Jul.,
Aug., agus Sep.? Cuimhnigh gur chuir Aire
an Phuist fógra amach le deidheanaidhe ag cur
i gcuimhne do gach aoinne atá ag obair fén
Aireacht san narbh ag magadh a bhí sé nuair
a dh'fhógair sé cheana go gcaithfidís a bheith
ag foghluim na Gaedhilge in áit a chéile,
agus mara bhfuilid in ann na míosanna do
léigheamh fós — bhel, is searbhasach an sgeul
é. Dar ndóigh, do bfhearra don Ghaedhilg
“opposition” láidir a bheith sa Dáil chun
an Rialtas do spríocadh agus d'aith-spríocadh
i dtaobh ceisteanna den t-saghas so ná míle
alt sna páipéiribh ná ná mílte púnt i spiorán
Chonnradh na Gaedhilge.



Tugaimíd fe ndear go bhfuil an riaghal
nuadh i dtaobh an Fháinne óir curtha ar ath-lo
go ceann ráithe eile.



Sé mhí ó shoin nó mar sin bhíomar ag trácht
ar cheist Gaedhilge san Eaglais agus bhí
saghas searbhas orrainn gan níos mó Gaedhilge
a bheith le h-aireachtaint ná le feiscint sna
séipéil. Ach dréir deallraimh is beag an
t-suim a chuireann Gaedhil Baile Átha Cliath
sa cheist. An Chuallacht Mhuire agus Lorcáin
Uí Thuathail, cuir i gcás, ag dul i luighead
atá sí in áit a bheith ag dul i méid. Ní deas
an rud faillighe d'fheiscint á dheunamh ar
aonnidh Gaedhealach, gan trácht ar obair na
h-Eaglaise, agus ní misde linn luadhadh annso
go mbíonn Aifrionn agus Comaoin agus
seanmóin ar an triomhad Domhnach den mhí
ar a naoi a chlog agus cruinniú le Seanmóin
agus Beannacht na Sacramainte Ro-Naomhtha
ar an Aoine roimhe sin ar a h-ocht a chlog,
i séipeul an Chumainn Iosa, i Sráid Ghairdiner.
Baile Átha Cliath.


L. 25


BANALTRA ÉIN



AN RIABHÓG MHÓNA.



Níor fhéad filí na n-amhrán ngrádh samhailt
níos deise ná an chuach a thabhairt do mhéin
na mban. “'Sí cuaichín barr an tsléibhe
í,” agus “is binne ná an chuach í,” agus
cainnteanna de'n chineál soin a bhíodh ag
ár bhfilíbh tuaithe. Thaithnigh an tsamhailt
leis na mnáibh ach ná tógtar ortha é mar
nach bhfuil sárú na cuaiche imeasg éan.
Taithnigheann an guth bog binn leis an domhan
mór, le slán agus easlán, le sean agus
óg. Tig an t-éan chugainn thar sáile anall
i ndeire an earraigh agus cuireann in iúil
dúinn go bhfuil laetheannta geala an
tsamhraidh buailte linn. Tugann an sgéal
soin misneach do'n sgolóig agus cuireann
sé céardaidhe an bhaile mhóir ag drimleóid
faoi'n gcnoicín fraoich atá abhfad uaidh.
Cuireann sé tógáil chinn ar an diúgaire
féin. Idir guth agus ciall is binn linn sgéal
na cuaiche.



Is geal le daoiníbh an chuach ach níl cluanaidhe
chomh mór léithe imeasg na n-éan. Samhluightear
le mnáibh breaghtha í, le n-a mánlacht agus
a mbinneas. Is cosúil le mnáibh breaghtha
í ar bhealach eile, leo so a chuireans a
gclann ar altrom. Ní dhéanann an chuach
nead dí féin, ná ní dhéanann gor ar ubh.
Ní bheathuigheann sí gearrcach ach an oiread.
'Sí an riabhóg mhóna a ghníons altromacht do
chlainn na cuaiche. “Banaltra na cuaiche”
a thugann muintir an iarthair ar an riabhóig,
agus “coimhdre na cuaiche” a bhíodh ag
Gaedhilgeoiríbh Thír Eoghain uirthi. Is maith
an aghaidh uirthi an teideal soin.



Tagann an cluanaidhe cuaiche i ngan fhios
do'n riabhóig móna agus beireann an t-ubh
ina nead, nó leagann anuas ins an nead
é. Ní feasach dúinn go cruinn an amhlaidh
a bheireann sí an t-ubh ins an nead féin
nó a leagann sí anuas ins an nead é tar
éis a bhreith ar an talamh. Is cuma do'n
riabhóig cé aca é. Ghníonn sise gor ar an
ubh iasachtach chomh maith le n-a huibheachaibh
féin. Nuair a thagann an t-am tagann an
dá chlainn amach, clann na cuaiche agus clann
na riabhóige. Ní fada a fhanans siad le
chéile mar go gcaitheann an sgalltán cuaiche
na riabhóga óga glan amach as an nead agus
tógann sé a sheilbh dó féin.



An mháthair riabhóige is dócha nach dtuig-
thear an sgéal dí, nó b'éidir go gcuirtear
faoi gheasaibh troma í gan faillighe a dhéanamh
i mbeathú na cuachóige. Tógann sí an chlann
altroma go dílis agus le dúthracht. Is
fada ó n-a chéile goile na cuaiche agus goile
na riabhóige. B'fhurasta do'n riabhóig a
hiogán beag féin chomh maith le n-a gearrcaigh
a shású, ach is cinnte go gcuireann iogán
mór craosach na cuaiche saothar uirthi.



Nuair a thagans neart sgiathán ins an
gcuachóig fágann sí nead na riabhóige ina
diaidh agus tógann sí an mháthair altroma
in éindigh léithe ar fud na tuaithe. Níl
aon chur síos ar dhílseacht na n-éan dá
ngearrcaigh. Leanann na sean-éin do bheith
ghá mbeathú tar éis imtheacht as an nead
dóibh, agus ní taise leis an riabhóig é.
Leanann sí dá somachán mic altroma ar
fud na bpairceann, eisean ag eiteall indiaidh
a chinn, ag dul ina rogha áite, agus ise,
beag bídeach mar atá sí, ina dhiaidh aniar
agus gach ré seal ag osnaghail agus ag casaoid
aice. Níor chualas ariamh ó éan, cé's moite
d'ean an nid sladtha, casaoid chomh brónach
le casaoid na riabhóige agus an cuachóg ar
a haire. Shílfeá gur cúis náire aice é.
Chuirfeadh an péire “An Sota is a Mháthair”
i gcuimhne duit. An mac gan mhuineadh,
gan béas, gan foighid aige fanacht le cois
na caillighe. An mháthair agus a cuid foighde
sise caithte leis, agus ceann faoi uirthi
faoi nach bhfuil cosúlacht athar nó máthar
ar an mac, faoi nach bhfuil sé ag leanúint
do nósaibh a sinnsear, ach é gan mód gan
meas.



Cineál fuiseoige atá ins an riabhóig móna,
ach is goire i ngaol í do'n riabhóig coille
ná do'n fhuiseoig ceoil. Tá méara na gcos
roinnt fhada aice agus ní fheileann an chraobh
ná an tslat dí. Taithigheann sí an talamh,
an léana nó an mhóin. Is ins an bhféar a
bhíonn an nead aice gan sgáth ná fasgadh air,
agus tagann an chuach air gan stromh nuair
a bhíons an riabhóg amuich. Deirtear gur
minice a thoghann an chuach nead an éin seo
dá hubh ná nead ar bith eile. Is cinnte
go mba deacair dí teacht ar nead i lár
sgeiche, agus ní leigfeadh na héanacha móra
ina ngaobhthar í. Is cuma leis an gcuaich
féin cé'n nead ina leagann si ubh nó cé'n
t-éan a thógans a clann. Tá sé curtha síos
gur fríothadh ubh léithe i gach cineál nid
beagnach de neadracha na mion-éan, ach amháin


L. 26


nead an dreoilín. Ní fhéadfadh sean-chuach
dul isteach i nead an dreoilín.



TADHG Ó CEALLAIGH.



SGATHADH NA nDUILLEÓG.



Uaigneach 'n radharc —
Bás na bliadna —
Duilleóga críona
Sgaithte ó'n chrann.



'Na luighe sa ród
Go fluirseach lionmhar
Faoi chumhacht síne
Shéidhtear ann.



Dob' úr a mbláth
Le gile 'n Earraigh,
I dtosach barraí
Dob' aoibhinn tráth.



I n-áirde seal
Ar éadan spéire
Ag maisiú géige
San Samhradh gheal.



Ceol na gcuach
D'eíst sibh tamall;
Spéir gan scamall
D'fhéach sibh thuas.



Canntan éan
I measg na gcraobh,
Is sibh gan baoghal
Ar sháimhín t-séin.



Acht tháinig ré
An Fhoghmhair bhuidhe
Thug órdú díbh
Bhur n-umhlú féin.



Cúrsa 'n t-saoghail
'S é gan cham
Nach bhfantar ann
Acht seal — gach nidh.



Beannacht slán
Le bláth na gcrann
Anois go fann —
Ó, beannacht slán!



“CÚ CHULAINN.”




DLEACHT AGUS CÁIN.



Is tur an t-adhbhar seanchais é seo, a
léightheoir, acht ní mó do dhraghan-se roimh an
aiste do léigheamh ná mo dhraghan-sa roimh
a scríobh. B'fhearr liom go mór agus dob
usa dham aiste éigin eile do tharraingt
chugham, acht ní fuláir dúinn tabhairt fé n-a
leithéid go luath nó go mall; agus dá luaithe
agus bainfear feidhm as an nGaedhilg i
gcómhair ghnótha agus oibre an lae is amhlaidh
is fearr é. Is mór agus is achrannach an
cheist í seo le suathadh, agus níl san aiste
seo acht mion-tráchtas 'n-a thaobh.



Is iomdha saghas cáineachais atá ann, acht
is gnáthach dhá roinn do dhéanamh dhíobh: an
chéad roinn an cháin (sraith) a gearrthar ar
ionnmhus (fairceall, strus nó fághaltas);
agus an dara roinn an cháin a gearrthar ar
earraí. Is ar an dara roinn atá tráchtas
á dhéanamh agam annso.



Tá dhá shaghas cáineachais earradh ann;
i. Dleacht agus Cáin. Sé is “dleacht”
ann an cháin a gearrthar ar earraí allmhara
(anall thar muir); agus séard é “cáin”
an cháin a gearrthar ar thorthaibh na tíre.
(Cuirtear dleacht i n-ionad custum agus
cáin i n-ionad acsadhas). Is taigsiona as
so gur focal cinéil ar gach cáineachas an
focal cáin (cé go raibh brigh eile leis sa
sean-reacht), agus gur focal sonnradhach é
ar cháineachas inmheadhonach. Chomh fada siar
agus tá cuimhne im cheann do chuala dleacht
á thabhairt ar cháineachas allmhara.



An cháin ar dtúis. Na h-earraí is tor
thamhla i gcómhair somhaíne Stáit (Revenue)
an biotáile an corm agus an tabac. Acht
cé go luadhaim tabac annso badh cheart dam
a radh nach fiu biorán tabac na h-Éireann
seach as an tabac allmhara. Trí saghas
earradh is eadh iad so gur féidir déanamh
gan iad: níl ionnta acht adhbhar macnuis,
níl gábhadh éigneach leo; agus dá bhíthin sin
tá cáin mhillteach trom ortha. Acht dá
mhilltighe í an cháin tá glaodhach ortha ag íseal
agus ag uasal, agus neartuighid go mór le
somhaín an Stáit. Tá trí punt dó dhéag
a's raol an galún cothrom ar an uisce beatha;
cúig punt an barraille (36 galún) ar chorm,
agus ocht scillingí an punt ar thabac gan
fuineadh.


L. 27


Taiscthear an t-uisce beatha tar éis a
dhríogtha i dtigh naisc (air a mbíonn nasc
nó bannaí Stáit) go dtí go mbíonn sé ag
teastáil ó'n gceannaí. Annsin cóimhrigheann
an reachtaire dleachta agus cána an cháin,
agus ar n-íoc na cána scaoiltear an t-uisce
beatha. Acht dá mbadh ná beadh an t-uisce
beatha sin ceapaithe chun a chaithmhe sa Saor-
Stát, acht i n-alltuaith éigin, ní díolfaí an
cháin as i n-aon chor, mar ní ionchána sa Saor-
Stát aon earradh ná caithtear ag baile.
Acht bailighthear dleacht ar an earradh céadna
ar rochtain na h-alltuatha dhó.



Ní ionnann cás ag an gcorm é, ámh. Íoctar
an cháin as an gcorm agus gach saghas leanna
fé cheann ráithe tar éis a ghrúdaithe (brí-
bhéaracht), acht onnmharthar (anonn thar muir)
anachuid de chorm na h-Éireann. Aiseagthar
leis an onnmhaire cáin dá réir, agus ní
fhanann i gciste an Stáit acht cáin choimheasta
na leanna a caithtear ag baile. Cuireann
an aiseagacht so dul amudha mór ar an
bpobul; chítear go n-íocann Cómhlucht
Aonghusa oiread so de mhilliuin chána leis
an Rialtas agus maoidhtear as, acht ní h-eol
don phobul go ndéantar aiseag cána le
Aonghus ar gach galún onnmharthar thar lear
nó go “tuaisceart” na h-Éireann.



Is gnáthach tabac na h-Éireann do thaisceadh
i dtigh naisce mar déantar leis an uisce
beatha. Ní scaoiltear chun na monarchan
é nó go n-íoctar an cháin as.



An dleacht anois. Is beag an deithbhir
atá idir an cháin agus an dleacht a gearrthar
ar earraidh d'aonchineál. Tá an dleacht
beagán níos aoirde ná an cháin. Is iomdha
cineál earradh air a bhfuil dleacht, agus
áirmhighthear é do réir (1) airmhéide (toirt),
(2) airbhide (meadhchan) agus (3) do réir
luacha. Ná h-earraí is torthamhla i gcómhair
somhaíne sa chéad roinn, na biotáilte agus na
bith-uiscí, fíonta, leannta, coguisí (leighis)
&rl., sa dara roinn tá téa, siuicre (agus
earraí milsithe) cua (cócó), caife, tabac
&rl.; agus sa tríomhadh roinn tá gluaisteáin,
gléis cheoil, cluig uaireadóirí agus a
leithéidí.



Tá a lán slighthe agus a lán rialach ann
chun cosc do chur le talladh dleachta pé aca
thagaid na h-earraí indleachta i riocht
bacáiste nó i riocht ceannuidheachta. Tá
oiread rialach ann i gcómhair na ceannuidheachta
agus líonfadh leabhragán deas duit; acht
ní bhacfaimíd le rialacha annso.



Nuair allmharthar earraí íoctar an dleacht
asta i gcéadóir má bhíonn call éigneach leo,
acht mara mbíonn cuireann an t-allmhaire
i dtigh naisc iad go dtí go mbíd ag teastáil
le caitheamh. Annsin íoctar an dleacht asta
agus seoltar fá'n dtír iad. Is beag a
cheapaid mná go ndíolaid dleacht as an
mbraon téa ná as an ngráine siuicre, ná
as na risíní, ná as na torthaí tíortha allmhara
uile a caithtear sa tigh; is beag de bhlas
na dleachta gheibhid fir ar an dtabac ná
ar an “bas” ná ar neithibh nach iad; agus
dar ndóigh is cuma le sna leanbhaí dleacht
do bheith ar na milseáin nó gan a bheith. Ní
mhothuigheann duine dleacht ná cáin ar na
h-earraí chaitheann sé do bhrigh gur i riocht
luacha dhíolann sé asta.



Is mór an truagh dleacht ná cáin do bheith
ar earraí an duine bhoicht; acht is beag
nach iad na h-earraí céadna atá riachtanach
i gcómhair chláir an fhir bhoicht agus an fhir
shaidhbhir, agus dá bhíthin sin is deacair do'n
Rialtas cáin do ghearradh ar chuid na n-uasal
agus cuid na n-íseal do scaoileadh saor.
Acht ní dhíolann an fear bocht sraith ionnmhuis
ná sraith díobhaidh (ar uadhacht) ná a lán neithe
eile a ndíolann an fear saidhbhir asta. Sé
ba mhaith leis an Rialtas a dhéanamh acht a
cheart féin do thabhairt do gach uile dhuine,
gan laghar do chur go ró-dhoimhin i n-aon
phóca agus cothrom do dhéanamh idir aosaibh
ceárd. Acht ní fuiris somhaín do bhailiughadh
i gcómhair ghnótha Rialtais gan míchothrom do
dhéanamh ar dhream éigin.



Tá cúpla dleacht eile ann gur cóir a
luadhadh. Dleacht Eochair-scéithe Ceárd ceann
aca. Cóir chosanta is eadh é sin do cheap
an Sasanach chun cuid d'á cheárdaibh do
dhíonadh ar námhaidibh. Geatrthar ar earraí
do réir luacha é. Dleacht Díomholta Malarta
ceann eile aca, agus gearrthar é do réir
luacha ar earraí áirithe de bhun-thoradh na
Gearamáine. Ní cosnamh d'aon chéird i
nÉirinn na dleachta so, mar ná déantar
annso na h-earraí air ar gearradh iad.
Níl ionnta acht iarsmaí de'n reacht ghallda,
agus tá súil agam go gcuirfimíd dinn ar
ball iad. Má's fiu dhúinnceárd ar bith
do dhíonadh ar an bhfear thall badh chóir go
ndíonfaimís ár gcéird féin, mar tá call
ag cuid aca leis.



COS OBANN.


L. 28


NÁISIÚN BEAG BEÓ.



I.



Dhearfainn go bhfuil na Bascaigh ar an
náisiún is lugha ar Roinn na h-Euróipe agus
béidir sa domhain leis.



Náisiún fé leith iseadh muintir na mBascaigh
cé ná fuil Riaghaltas fé leith aca ná ná
raibh cho fada siar a's a theigheann a stáir.



Seo an rud is mó thugann teideal dóibh
náisiún do thabhairt ortha féin ach a dteanga
fé leith agus sin an rud leis a chuireann
d'fhiachaibh ar daoine nach iad admháil gur
náisiún iad.



Dréir an Census tá 600,000 Gaedhilgeóirí
in Éirinn. Is ar éigin atá an méid sin
ann mar is mó duine a chuir sios go raibh
an Ghaedhealg aige (nó aici) ná raibh níos
mó ná cúpla abairt aige — béidir gur
cheapadar i 1911 go mbeadh an teanga aca
sara bhfad agus gur theip ortha i ndeire
na sgríbe nó béidir go raibh náire ar chuid
aca; ní fheadar, ach pé sgeul é idir an
dream san agus an mórán sean daoine atá
tréis bháis d'fhághailt i rioth na ndeich mblian
san is ar éigin a thabhairfidh na nua-Ghaedhil
suas an méid atá caillte ó 1911. Abair
go bhfuil 600,000 ann fós.



600,000: sin é an méid daoine atá i
gCúige Connacht idir Gaedhilgeóirí agus
Beurlóirí le na chéile agus sin é an méid
ceudna de mhuintir na mBascaigh a chomh-
nuigheann i nduthaigh na mBascaigh.



Is dóca go bhfuil eolas ag an cuid is mó
de lucht léighte “An Sguab” cá bhfuil
duthaigh na mBascaigh ach ar eagla go gceap-
feadh aoinne go bhfuilid i bhfolach i Rúise
nó isna Balkans ní misde dhom a rádh go
gcomhnuigheann siad sa cheanntair ó Bayonne
cois fairrge sa bhFrainnc go dtí Bilbao
sa Spáinn agus soir ar an dá thaobh desna
Pyrenees timpeall dachad míle i dtír ar
an slighe go dtí Lourdes (ach tá Lourdes
leasmuigh de dhuthaigh na Bascaigh), sé sin a
rádh go bhfuil timpeall a chomh oiread daoine
in a dtír a's atá i gCúige Chonnacht agus
go bhfuil an tír féin geall leis chomh mór le
Co. Corcaighe.



Sa cheanntair in a bhfuil na Bascaigh 'na
gcomhnuidhe tá 1,000,000 daoine ach nil ach
600,000 Bascaigh cearta ann .i. daoine
labhrann teanga na mBasc. Den mhéid
sin tá timpeall 480,000, nó ceithre cúige
díobh, fé riaghaltais na Spáinne agus an
chuid eile, 120,000, sa bhFrainc.



Is beag ar fad de bhaint a bhíonn ag an
dá dhream le na chéile cé go bhfuilid mar
a chéile maidir le síol, maidir le creidimh,
maidir le nósanna agus an rud is tabhach-
taighe i gceist náisiúndachta maidir le
teanga. Ach tá an stát-teóra eatorra
agus fíor-dheighilt is eadh í leis. Ach má
thá tréithe na ndaoine mar a chéile ní hí
an cinneamhaint ceudna a bhí in ndán dóibh
nuair a thuit cuid aca fé chomhacht Riogh na
Spáinne agus an chuid eile fé smacht na
Frainnce. Tá siad sin a bhfad níos fearr
as ná a muintir féin thar an teóra sa
Spáinn agus táid níos sásta agus níos
sona, nídh nach iongnadh. Tá a rian ar leis
mar ní bhíonn aon trioblóidh politidheach ann
agus níor bhriseadh an síothcháin leis na
ceudta blian, ach na Bascaigh Spáinneacha
ar an taobh eile ní dóigh liom go raibh aon
glúin díobh nár éirigh amach i gcoinne
Riaghaltais na Spáinne. Do theip ortha gach
uair ach deunfaidh siad iarracht eile luath
no mall is dócha agus bíd i gcomhnuidhe ag
tnuthán le neamh-spleadhachais. Deirtear
gur báidheamhail iad lucht éin-chine ach ní
oibruigheann a muintir sa bhFrainnc leó agus
ní chuirid aon suim sa cheist sin. Is minic
a thugas fé ndeara chomh cosamhail a's atá
na Bascaigh le muintir na hÉireann go
speisiálta Bascaig na Spáinne mar go bhfuil
fíor spioraid náisiúnta aca san, rud ná
fuil ag na Bascaig sa bhFrainnc mar
adubhart. Ach sa bhFrainnc féin tá spioraid
náisiúnta aca ar slighe, i gan fhios dóibh
féin béidir. Tá siad san níos cosamhla le
muintir an Bhreatain bhig ná le muintir na
hÉireann. Cé ná fuil a rialtas féin aca
ná aon fhonn ortha é do bhaint amach dóibh féin
aithnighear iad mar náisiún fé leith toisg a
dteanga féin agus a nósanna féin a
bheith aca.



Frainncís is mó a chitear sgríobhtha in
áirde i ngach aon áit agus a bhíonn dá labhairt
insna sgoileanna mar is í Frainncís teanga
oifigiúil na tíre, Frainncís a bhíonn insna
páipéirí laetheamhla agus tá Frainncís ag
lucht gnótha a's siopaithe. Níl aoinne beagnach


L. 29


insna bailte móra ná fuil an Frainncís
aige agus cé go bhfuil cuid desna
daoine ag iarraidh a dteanga féin do
choimeád beó agus á labhairt i gcomhnuidhe le
na gclann mar sin féin níl aon dabht ná
go bhfuil sí a' meath insna bailte
móra, go mór mór in áiteanna 'na mbíonn
an-chuid cuardóirí ag dul ann gach aon
bhliadhain mar Biarritz, St. Jean de Luz,
Hendaye, &rl. Feuchann na sgothanna síos
ar an mBaiscís go díreach mar a dheintear
(nó a dhineadh) ar an nGaedhilg in Éirinn.
Ach fé'n dtuaith labhartar í i gcomnuidhe
agus dá chomhartha sin féin nuair a thagann
na cailíní isteach go dtí na bailte móra
in aimsir is ar éigin atá focal Frainncís
aca an cheud uair. Ach cé go bhfuil gach aon
rud na coinne beagnach a bhí i gcoinne na
Gaedhilge in Éirinn níl an Baiscís ag fághailt
báis agus má tá bás i ndán di luath nó
mall tá saoghal fada roimpe fós. Ní
fheadar an í an Eaglais fé ndear san. Péacu
an eadh nó nach eadh tá an Eaglais ag deunamh
a cin féin chun a háit féin a thabhairt don
teanga — fiú in áiteanna mar St. Jean de
Luz féin, bíonn an Baiscís dá labhairt sna
séipéil ar aon leibheula amháin leis an
bhFrainncís. Sa dá theanga a foillsightear
na hórduighthe ón altóir agus sa dá theanga
a thugann an sagart an soisgéil uaidh. Is
éigin do gach sagart i dtír na mBascaigh
teanga na mBascaigh a bheith aige chomh pras
as bhíonn an Frainncís aige ar a luighead. Tá
an Creidheamh go láidir agesna Bascaigh.
Ní raibh an Rialtas Gallda ag síor cur
isteach ortha sa rud sin mar a righneadh in
Éirinn. Sa Spáinn bhí an namhaid ar aon
aigne leó fhéin sa méid sin agus sa bhFrainnc,
dá luighead do righneadar de gach saghas
creidimh, ní raibh aon fhonn ar an rialtas
creideamh nuadh do phlanndáil na measg agus
do leigeadar dóibh.



Bhí na Bascaig rud beag tugtha do
Jansenism (agus dála an sgéil bhí Jansenius
féin na priomh-mhaighistir ar Choláiste Bayonne
ó 1612 go 1614) ach dá aimdheóin sin bhí an
urmhór díobh dílis don Róimh i gcomhnuidhe
agus níor thugadar morán toradh d'aoinne
ná raibh ar an aigne ceudna.



Ba bhreághdha leat na séipéil agus na
teampuill atá aca in gach aon áit. Fóirgnimh
móra cearnógacha iseadh iad, rud beag lom
leath-is-muigh béidir, ach deagh chumtha i
gcomhnuidhe gan aon rud saor comónta ag
baint leó, dála gach aon fóirgneamh ársa ar
fúd na hEuróipe. Ag seo pictiúr de
séipéil agus Mainistir Irache, mar sampla.



Ar nós gach cine tuaithe creideann na
Bascaig i ngach aon saghas piseóige. Má
chítear bean fé'n bhfuinneóg ar an Luain,
cuir i gcás, deirtear go mbeidh mí-ádh ann
ar feadh na seachtaine. An té airigheann


L. 30


an chuach an cheud uair agus airgead na phócha
aige deunfaidh sé fortúin. Má theastuigheann
ó fear a bheith na mhaighistir na thig féin ní
mór dó blúire de ghúna a mhná do coimeád
fé na ghlúin an fhaid as bhíonn siad ag an
altóir agus an sagart á bpósadh. Má
chloistear coilleach ag glaodhach istoidhche
cuirtear blúirín salainn isteach sa teine
agus mar sin de. Chun draoidheacht éigint
do choimeád ón áit dhéintear san mar go
gcreidtear (nó chreidtí pé sgeul é) in
“sorciers” go mór mór. Bí an sgéil
chomh dona san, go deimhin, gur cheapadh
coimisiún speisiálta sa mbliadhain 1609 chun
feuchaint isteach sa sgeul agus do chuireadh
suas le trí fichid “sorcier” chun báis dá
bhárr, toisg go raibh an oireadsan cur isteach
aca ar na daoine agus an oiread san díobháil
á dheunamh aca ar an bpobul go léir.



(Ní Crioch.)



AN CHÚ MHALL.



TAE.



Togha an mhargadh gach aon tSórt Tae atá
againne, bíonn siad mar a chéile i gcomhnuide
agus bíonn gach éinne sásta leo.



Luach — 2/4, 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt.



Tae ón t-Sín — 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt.



BECKER BROS., LTD.,



Sráid Seoirse Mór Theas a 8 agus
Sráid an Iarla Thuaidh a 17, i mBaile Átha Cliath.



TIGH-ÓSDA “CLARENS,” ag Cé Ueillington
i mBaile Átha Cliath



Tá gach aon chompórd ann agus é so-lámhach do gach áit
is fiú le rádh 'sa Chathair.



70 Suainliosa.



Solus Eleictric.



An biadh — bog, soghmhail, so-bhlasta
agus an freasdal ar fheabhus.



An díol-fiach réasúnta.



BÍONN TARRAING MHÓR DAOINE AR AN
“RESTAURANT” atá ag gabháil leis.



An Guthán 1217. Telegram: “Clarence Hotel, Dublin”



TIGH-ÓSDA AN ROYAL EXCHANGE
Sráid na Feise, i mBaile Átha Cliath.



Tá sé seo ar cheann des na Tighthe-ósda is compórd-
amhla 'sa Chathair.



Tá gach aon chóir ann agus an díolfiach réasúnta.



Guthán 2678. Telegram: “Comfort, Dublin.”



Ná Dearmhadaidh Lucht na bhFógraí sa
“Sguab.”



AN GUTHÁN BRÉAGACH.



Mar seo a thárluigh sé.



Bhí an breicfeasta críochnuithe againn an
3adh lá de Lúnasa, 1911, an páipéar léighte
(chomh fada is a dheinimíst é léigheamh aon
trus), agus gal an tsuaimhnis tógtha, nuair
a dh'eirigh an Barrach, bhain an luaithreán
de n-a chasóig mar ba ghnáth leis, bhuail air
féinig a chóta báistighe, is súid leis amach
dó féinig.



Ní mór duit, a dhuine, a thuiscint gurbh' in
béas aige chómh fada is a bhí aithne againn ar a
chéile — an siúl so a dhéanamh tréis an bhreic-
feasta atáim á rá. Ní raibh an Barrach
bocht ar foghnamh ar feadh tamaill roimis
sin: bhí sé múchta le slaghdán gránna:
is déarfainn leis an ceó a sheachaint an
mhaidin sin is an lá a thabhairt le h-ais na
teine, ach gur thuigeas ná tabharfadh sé aon
áird ar mo chainnt. Is cuma san anois,
áfach. Dhaingeanuigh sé an cóta tímpal air
héinig, thug féachaint síos is suas an tsráid,
dhein fásca a thabhairt dó féinig, is síos
fé dhéin an droichid leis, stad i lár an
droichid, bhain gearra-stathad as a chluais,
is ghluais go mall réidh go dtí an taobh eile.
Nuair a bhí sé as radharc agam d'fhágas an
fhinneóg is chuas i mbun mo leabhartha. Bhéadh
sé thar n-ais fé n-a deich, sé sin laistig
d'uair an chluaigh. Bhéadh? Dá mbéadh fhios
agam!



Ní raibh puínn daoine amuigh an tráth san.
Nuair a shrois an Barrach lár an droichid
thug sé fé ndeara fear áirithe go raibh imeacht
aisteach fé. Bhuail an fear so a bhróg trí
uaire as a cheile i gcoinnibh falla an droichid,
bhain a chaipín dá cheann, is dhein casachtach
árd. Nuair a shrois sé deire an droichid
dhein sé an rud céadna ath-uair. Mheas an
Barrach, dar ndó, gurbh' eo fear bocht as a
mheabhair is bhí sé chun gabháilt amach thairis
is é ag déanamh an cleas céadna an tríú
trus nuair a thug sé fé ndeara fear eile
is na geáitsí céadna sa tsiúl aige ar an
dtaobh eile den tsráid. Hath! Bhí an scéal
ag féachaint — Ach conus a bhí sé ag féachaint?
Beirt amadán, béidir, ag déanamh aithrise
ar a chéile? Seadh, ach b'é an chéad duine
an taoiseach, an treoruidhe, air-sin a bhí
an aithris á dhéanamh. Bhraithfeadh sé iad,


L. 31


ach go h-áirithe. Tháinig an chead duine go
dtí Tig an Phuist is bhuail sé a bhróg dhá uair
'na choinnibh. D'fhéach mo dhuine ón dtaobh
eile air, chuir a lámh 'na phóca is dhein sé
dhá líne le píosa coilce ar an bhfalla ós a
choinne amach. Céad go leith slat ón mball
san is deineadh rud éigint eile. Nuair a
tháinig an treóruidhe go dtí Halla na Cathrach,
stop sé, bhuail sé a dhorn cheithre trusa ar
an bhfalla, bhain sé de a chaipín, is chaith seile
ar an dtalamh. Dhein an tarna fear féachaint
tímpal ar eagla, béidir, go mbéadh éinne á
thabhairt fé ndeara, is thairig sé trí cearcail
ar a fhalla féinig. Mar sin dóibh gur shrois-
eadar Árus an Rialtais. Stop an treóruidhe
aríst, chas sé tímpal, is chraith sé a cheirsiúr
dhá uair san aer. Chrom an tarna duine
síos chun a bhróg a cheangal; is má dhéin,
do thuit a cheirsiúr as a phóca, is fágadh ar
an dtalamh é.



Thabharfadh an duine ba dhaille fé ndeara
go raibh rud éigint ar bun eatorra-san, go
raibh an treóruidhe ag déanamh comharthaí.
Ach cad ba chiall leis na comharthaí so? is
cad ba chiall 'na theannta san leis na nithe
a dheineadh an tarna duine? Lár an droichid:
deire an droichid: Tig an Phuist: Halla
na Cathrach: Árus an Rialtais. Tithe puiblí
á marcáil? Seadh, ach cad é an mhaitheas
ceirsiúr a dh'fhágaint ar an dtalamh? Níorbh
aon chomhartha é sin mar ná fágfaí ann é.
Ba chuma. Bhí rud éigint ar bun: droch-rud,
béidir: béidir gur spiadóirí iad: béidir
mórán nithe: ach dheinfeadh an Barrach scrúdú
go deire ar an scéal pé ní a thárlóch.



Siúd leo ansan airíst, is na cleasa céadna
sa tsiúl aca. Sa deire nuair a thánadar
go dtí Sráid na Manach stadadar araon:
thairig an taoiseac rud éigint as a phóca,
is tairig an duine eile rud éigint leis:
shéid an taoiseach isteach sa rud san, is
shéid an duine eile chómh maith. Siúd le
ceann aca suas sa spéir (lamhnán ab eadh é)
is siúd an ceann eile ar an bpoinnte. D'fhéach
an bheirt 'na dtímpal is ansan do chuireadar
sa rith ar a séirsín suas an tstáid is isteach
le chéile i lána. Bhí an Barrach ins na feili-
mintí 'na ndiaidh, dar ndó, is nuair a shrois
sé oscailt an láns fuair sé radharc ar dhuine
aca (an duine a bhíodh ag déanamh na h-aithrise)
ag eighrighe (bhí sé tuitithe) is ag preaba
isteach i gceann desna seana-bhathallacha ar
an láimh dheis. Ba ghearr go raibh an braith-
eadóir ag an ndoras. Chuir sé an staighre
suas de go mear is bhuail isteach i seomra
gur chualaidh sé cainnt ann. Ní h-éinne den
mbeirt a bhí ann roimis ach fear árd caol
tanuidhe fé hata is spéaclaí is deigh-éadaighe
córa. Bhí bata siúil 'na láimh is gearra-
mháilín.



“Gabhaim párdún agat, a dhuine,” ar-
seisean leis an mBarrach, “ach tá ana-dheifir
orm: duine breoite atá i gcruadh-chás, is
caithfead bheith ag imeacht. Fiche nóimint,
áfach, is bead thar n-ais is míneód an scéal
so. Suidh síos ansan is dein do sheomra
féin de seo. Tá leabhartha agat ansan is
tobac is an páipéar. Slán agat go fóilín,”
is bhí sé imthie.



“Glaoch breoiteachta,” dubhairt an Barrach
leis féinig, “is béidir ná beidh sé thar
n-ais go ceann uair an chluig. Mar sin
héin ní mór dom scéal na beirte seo a
scrúdú pé ball go bhfuilid imithe as so.
Sead! na leabhartha: is do thosnuigh sé á
bhféachaint. Bhí gach uile shaghas ann: leabhartha
taistil is úntaisí; úrscéalta go tiubh;
cásana cáiliúla cúirte: gearra-scéalta, is
éacht leabhartha eoluíochta: ach chómh fada
is a chonnaic an Barrach níor bhain éinne
aca le dochtúireacht. Tháinig amhras aige.
Dochtúir gan a leabhartha! Agus na leabhartha
eoluíochta? Thug sé féachaint eile ortha.
Seadh, ach ní le substainnteana a bhrise ná
a dhéanamh a bhaineadar ach le h-innealacha is
slite chun so is súd a dhéanamh — doras gluaiste
a chur i bhfalla, léim i n-áirde 'on tsíneál,
dóirse a dh'oscailt, tig a chur tré theine,
is gach saghas ní a bhain le electreachais.
Lean sé air — sa chuardach anois — go dtí go
bhfuair sé guthán i bhfolach i mbosca. Seadh,
am baic, bhí caimiléaracht ann! Ar an mbórd
do fuair sé litir fé stampa is fé shéala.
Ní raibh ach ní amháin le déanamh. Bhris sé
an séala. Seósán Mac Seaca! — an ainm
is an scríobh!!



Leath-nóimint eile is bhí an guthán ag obair
aige. “Helló. Uimhir 3448 … Seadh, an
Barrach … Mac Seaca atá anso, an Lána
Fada, uimh. 24 … Triúr, an triúr is
fearr, agus go luath: beidh sé thar n-ais
anois díreach … Cuma Liom.”



Níorbh fhada an feitheamh gur fhill an
“dochtúir,” is é ag gáirí go séimh síbhialta.
“Ba dheas an cás beag é,” arseisean ag
tosnú, “is tá súil agam nár luigh an feitheamh
ort. Nílean tu ag caitheamh aon tobac?”



“Seadh, nílim,” arsan Barrach, chómh cúin


L. 32


is do b'féidir leis, bíodh go raibh an fraoch
'na chroidhe, is chaith sé fanacht leis an dtriúr
gan amhras a mhuscailt, “mar gur chuir na
leabhartha so as mo cheann é. Tá bailiú breá
díobh agat, bail ó Dhia ort, is cuid díobh go
bhfuil ana-chion agam féinig artha. Is cuimhin
liom (níor theastuigh ón mBarrach ach an t-am
a mheilt) an ceann so a léigheamh breis is
fiche bliain ó shoin nuair a bhíos ar mo shaoire
i n-Albain — “Gleann an Dóchais.” Agus
an ceann so, “Croidhthe Dílse,” fuaireas
é fé éadach is ór mar bhronntanas nuair ná
rabhas chómh h-aosta is atáim anois.”



“Seadh,” arsan dochtúir, “ach is ionnta
so is mó a chuirim spéis. Cuir i gcás anois
dá dteastóch uaim tu scaoile síos i lár an
úrlair seo níor ghá dhom ach féachaint ins an
leabhar so is laistig de deich nóimintí …”



Cnag! cnag! cnag! ar an ndoras.
Oscluíodh é ón dtaobh istig (níor thuig an
Barrach go raibh sé fé ghlas) is seo isteach an
trúir, is iad chómh h-athruithe nár aithn an
Barrach iad. Dúnadh an daras.



“Tha, a dhuine,” arsan Barrach, is an
solus na shúile, “a dhuine chóir, tá an mada-
rua gabhtha. Molaim thú, Mac Seaca: dheinis
rith fada ach tá an rith sin déanta. Ní rabhais
glic go léor, a chara. D'fhágais rian a
sceidh ort, a chladhaire. Fan anois: ní gá
dhuit aon mhíniú go fóil. Na greamairí, a
bhuachaillí,” is d'fhéach sé go maoiteach mórálách
idtreo an triúir.



Níor bhog na buachaillí.



“Seo libh, adeirim, is tógaidh é. Beidh
tu saor ó bhaol feasta, a dhuine.”



Ach níor bhog na buachaillí ach oiread.



“Is baol liom, a Barraigh, a chara chóir,”
arsa Seósán Mac Seaca, Duine-Uasal, go
bhfuil dearúd éigint ort, go bhfuil rud éigint
amú. An guthán so a fuairis ins an mbosca
ní ghabhan sé ach amhain leis an gcistin is tré
dhearúd is liom-sa héin a bhís ag labhairt.
Tá cathú orm, ana-chathú, ná fuilimíd i n-úil
fios a chur ar na braitheadóirí nuair a deintear
coir nó goid anso, ach le h-imeact aimsire
beimíd ag dul i bhfeabhas. Tá gnó beag agam
díot ar ball is is chuige sin a chuireas fios
ar mo cháirde anso ar eagla nárbh' áil leat
teacht liom bíodh is go dtuigim méid do
mheas is do chion orm. Is fada an lá ó
thánamair chun cáirdis le chéile, a Bharraigh,
is is fada a sheasfaimíd le chéile go dílis dian.



“Ba mhaith liom cainnt a dheanamh leat it
aonar is ar eagla go gcloisfí sinn buailfimíd
amach go dtí tig atá agam i mball eile den
gcathair seo. Tá gluaisteán ag feitheamh
linn. Seadh anois, a chara is dílis liom,
dún do shúile ansan ar eagla an tsoluis
láidir is ní fada a bheimíd ar an mbóthar.”



Cúpla nóimint 'na dhiaidh sin chonnaic na
comharsain gluaisteán ag cúla isteach sa
lána. Bhuail cúigear fear isteach ann is
tugadh fé ndeara go raibh hata ana-fhada
anuas ar dhuine aca.



An t-ATH. SEOIRSE MAC CLÚIN.



THE MONUMENT CREAMERY



AN T-IM UACHTARLAINN IS FEÁRR.



Deunta d'uachtar glán, úr, pasturáltha: Milis, blasta,
is úr i gcomhnuidhe.



Tagann uibhe toghta muinighneacha isteach chughainn
gach aon lá.



Sráid Phárneill, 75, & Port Caoimhghin
Íoch., 25, Baile Átha Cliath.



ÚSÁID
GRANIA
TOOTH
PASTE
AR SON
t'FHIACLA



ÚSÁID
GIBSOL
OINTMENT
AR SON DO
CHROICINN



Fior-dheuntús na h-Éireann iseadh iad so. Táid le fághail
ósna drugadóirí ar fúd na tíre ar 1/3 gach ceann nó go
díreach (saor tríd an bpost) ó Gibsol, Teo., Lána an
Chláir, Áth Cliath. Deuntar íce le h-aghaidh beithidhigh ann leis.


L. 33


BUILE AR BHUILE.
NÓ AN PÚNCÁN I BPONC.



Is doigh le fear na buile gurab é féin
fear na céille, agus do Púncán, a cheap
gur aige féin do bhí ciall fear domhan, do
bhain so. É féin do bhí 'ghá innsint dom.



“Ceithre bliadhna do bhíos imighthe,” — ar
seisean, —” Acht bliadhanta annróghacha, tór-
maigh cogaidh agus iompála ba eadh iad ins
na Státaibh féin, — agus níor thaise d'Éirinn
é, d'réir mar chloisinn, — agus níorbh' iongna
liom, ag casadh Dhom, dá mbuaileadh rudaí
aite, agus daoine aite liom. Do bhuail.



An Chead Duine.



Ag Cóbh tháinigheas i dtír, agus ins an dtigh
ósta ann agus mé ag ithe mo dhinnéir tháinig
duine uasal isteach agus do shuidh chum búird
do bhí leagtha ann n-a chómhair. Do thóg sé
an scian agus an t-adhal do bhí le h-ais an
phláthá, d'fhéach sé orra agus do chaith uaibh
go dtí bun an bhúird iad. Do shín sé a lámh
fé dhéin scine agus adhail eile annsin, do
thóg, d'fhéach, agus do chaith uaidh sa t-slighe
céadna iad. Nuair ná raibh a thuilleadh ar
a chómhgar, d'éirig sé agus d'féach sé ar a
raibh ar an mbórd de sceannaibh agus d'adh-
ailibh, agus, de réir deallriamh, ní bhfuair
aon cheann chum shásimh, mar do chaith sé uaidh
iad go léir, do dhein aon charn amháin de'n
chnuasach, agus do leag ar bhórd eile iad.
Annsin d'fhéach sé ar an bpláta do bhí n-a
chómhair, agus nuair ná fuigheadh sé féacaint
ar an dtaobh thios de gan an biadh do dhortadh, do
thóg sé pláta eile do bhí gairid dó, agus
d'fhéach ar gach taoibh de go cruinn. Bhí sé
sásta leis sin mar do shuidh sé isteach, agus
do thosnuig ag obair le n-a mhéarachaibh agus
a fhiaclaibh ar a dhinnéar.



Do b'iongna liom féin cad do bhí air,
agus d'fhéachas ar na sceanna agus ar na
h-adhail do bhí ar mo bhórd féin. Ní bhfhuighinn
dada d'fhéiscint orra acht amháin ainm an
chéardaidhe do dhéin, agus a áit chómhnuidhthe —
Sheffield. Ní raibh dada ar aon chor ar
na plátaibh. D'ith mé liom go mear agus
d'fhágas ann é ag strachadh agus ag alpadh.



An Dara Iongantas.



I gConndae Portláirge chómhnuigheann mo
mhuintir agus chuadhas go dtí iad. Bhí mo
dhearbhráthair i m'choinne ag an dtraen, agus
thiomáineamar linn abhaile. Nuair tháinigh-
eamar go dtí tigh na scoile, — (múinteóir
scoile is eadh m'athair), — do thúirlingeas-sa
chum féachaint na sean-áite agus do thiomáin
mo dhearbhráthair leis timcheall go dtí tigh
na muintire. D'fhéachas isteach san bhfuinn-
eóig agus cad do chídhfinn acht sean-fhear
n-a shuidhe i n-a aonar ag bórd, carn lasán
ar na mbórd roimis amach aige agus é d'iarradh
caisleán do dhéanamh díobh mar bheadh leanbh!
Bhí sé cráidhte aca leis, de réir deallraimh,
mar díreach agus mé ag féachaint isteach,
do ghaibh racht buile é, do rug sé greim ar
a hata agus do bhuail stiall de ar an gcaisleán
do chuir go fóir-leathan an fuaid an tíghe é.
Annsin d'árduig sé a cheann agus d' aithnigheas
é. M'athair do bhí ann.



An Deirbhsiúr leis.



Ní dubhairt mé aon rud, cé gur bh'ait
liom mar obair é, agus le n-a linn sin,
tháinig mo dheirbhsiúr amach. Do chuir sí
fáilte rómhamh, acht bhraitheas, nó shíleas gur
bhraitheas, saghas scáth uirre rómham. Maidin
i mbháireach, níor eirigheas ró-mhoch, mar bhíos
cortha. Nuair éirigheas, d'fhéachas amach agus,
i mbasa, do baineadh geit dáiríribh asam.
Bhí mo dheirbhsiúr amuich ag an ngeata,
litir i n-a láimh aice agus í 'ghá léigheamh, acht
b'é bhain an gheit asam, an tslíghe a raibh sí
ag oibriughadh a lámh agus a cos. Adéarfá
gur ag rinnce do bhí sí acht, dar ndóigh, ní
raibh aoinne ag feaduíl, ná dada a thiubhradh
ceól dí, agus ar aon chuma, bhí sí ag tuitim
anonn agus anall mar bheadh sí ar meisge.
D'fhanas tamall ag féachaint uirre, agus
nuair ná raibh sí ag stadh, bhíos deimhin de
go raibh rud éigin uirre chómh maith agus bhí
ar m'athair. Ní dubhairt mé focal mar sin
féin.



Agus an Dearbhráthair.



Tar éis bhriocfasta chuadhas ag siubhlóid
dom féin tamall ó'n tigh agus tháinig mé go
dtí páirc a raibh mo dhearbhráthair ag baint
féir innte. bh'fhearr liom ná dtiocfainn.
An céad amharc fuaireas air badh dhóigh leat
gurabh amhlaidh bhaineadh d'á mheabhair ar an
áit é. Ag cur suas faobhair do bhí sé, acht
i n-áit leanmhaint de, do chaith sé an speal


L. 34


d'á ghualainn, do thosnuig ag bualadh timcheall
air leis an gcláirín, annsin do chaith sé uaidh
an cláirín agus do rug ar laiste de'n fhéar
agus do thosnuig ag bualadh timcheall leis sinn.
Sa deire do rith sé le n-anam síos an pháirc,
do chaith ar an dtalamh é féin, agus do chrom
ghá iomlosc féin agus ag caitheamh an fhéir
anáirde air féin go raibh sé i bhfolach uaim.
Do cuireas díom abhaile.



Agus an Dochtúir.



Do cuireas díom agus fé dhéin an dochtúra
liom fé ndéinfídhe díoghbháil, b'fhéidir.
Fuaireas istigh é, agus cé do bhí ann, is dóigh
leat? An fear buile do bhí 'san tigh-ósta
i gCóibh!



Acht ní raibh leigheas air, agus d'innseas
mo scéal dó. Má innseas badh dhóigh leat
nár thuig sé focal de, mar, cé gur as Béarla
do labhair mé — mar mheasas ná beadh Gaedhealg
ag a leithéid — níor thug sé aon fhreagra
orm acht é ag féachaint go doithigheasach,
drochmhúinte orm agus gach aon chnead as!
D'eirig sé agus tháinig sé liom, mar sin féin,
agus síos an bóthar linn go dtí an tigh seo
againne. Do bhí ceárdcha idir sinn agus an
tigh agus chuaidh sé isteach ann. Nuair tháinig
sé amach, do bhí ceathrar fear le n-a chois,
agus shiubhladar linn, beirt ar mo chlé-se,
fear eile agus an dochtúir ar mo dheis,
agus an ceathramhadh duine taoibh thiar díom.
Thuigeas gur chum na muintire sa mbaile
do cheangailt má badh ghábhadh bhíodar ag
teacht, acht ní dubhairt mé aon nídh, agus
shroicheamar an tigh ar an órdughadh sin.



Bhí an triúr agus mo mháthair istigh, díreach
ag suidhe isteach chum a ndinnéir, acht do
stadadar, agus iongna ortha nuair chonnacadar
chucha sinn. Do thosnuig an dochtúir ar an
nóimid.



“A Thaidhg,” — arsa sé le 'm athair, —”
an rabhais-se istigh sa scoil aréir ag cleachtadh
na gceacht úd ‘lámh a's súi’ bhíonn ar
siúbal agaibh le deidheannaighe? Na ceacht-
anna cipín úd, táim a rádh.”



“Bhíos,” — arsa m'athair, — “agus scéal
dóighte ortha mar chipínibh; caithfidh mé iad
do chaitheamh uaim táim cráidhte aca.”



“Agus tusa, a Chaitlín,” — arsa an dochtúir
le m' dheirbhshiúr —” an bhfuairis an litir
do chuireas chughat athrughadh indé ó Chorcaigh
leis an gcoiscéim nua corn-phíopa?”



“Fuaireas,” — ar sise, — “agus is mé
do bhí buidheach díot. Ná raibh mé ag cleachtadh
na coiscéime i rith na maidne, agus a d'iarradh
í dhéanamh amach as an litir.”



“Tusa, a thomáis,” — ar seisean le m'
dhearbhráthair —, “an rabhais ag baint féir
ar maidin, agus ar éirig saithe beach chughat?”



“Mhuise! cia bhí 'ghá innsint duith, a
dhochtúir?” — ar seisean. “Dar ndóigh, ní
dada é, féach!” — agus do theasbeáin sé
a shuil clé dhúinn agus í ataighthe chómh mór
le h-uibh circe.



“Sin é cheapas” — ars an dochtúir. “An
fear so” — ar seisean, —” do rith chugham-sa
le scéal áiféise go rabhadar go léir ag
imteacht as bhúr meabhair. É féin, is boaghal
liom, atá ag imtheacht, agus fanaidhidh agus
fair é, a fheara, go gcuirfead cúpla ceist
air a inneósaidh dúinn.”



Acht, dar ndóigh, do bhí mo bhéal ar leathadh
orm-sa agus mé ag tochas mo chinn, an botún
do bhí déanta agam. Do dheineas gáire,
cad eile cad dhéanfainn.



“Nóimid na h-uaire, a dhochtúir” — arsa
mise, — “go gcuiread-sa ceist bheag amháin
ar t'onóir. Cad chuige dhuit na sceanna
agus na h-adhail do chaitheamh uait sa tigh ósta
i gCóibh indé?”



“An tú do bhí ann?” — ar seisean. “Cad
chuige dhom iad do chaitheamh uaim, an eadh?
Mar nárbh i n-Éirinn do deineadh iadh, cad
eile. Sidí Éire feasta agat, a bhuachaill,
agus dála an scéil, bíodh a bhios agat é an
chéad úair eile bhéidh tú ag cuimhneamh ar
theacht chugam-sa le d' chuid béarla mar
tháinighis ó chianaibh.”



“CLOCH LABHRAIS.”



DIXON & HEMPENSTALL



Fir Deunta Speuclairi



SEOMRAI UM TASTAIL RADHAIRC AR OSCAILT GACH LA



Cuirimíd shuim speisiáltha in oideasaí liagh-súl



Nuair a chuireann tú fios ón dtuaith ar rud
cuirimíd chugat é an lá ceudna.



SRAID SUFFOLK, 12, ATH CLIATH.


L. 35


“AN LACHA ÓG GRÁNNDA.”



SGEUL DON AOS ÓG.



Is faoi billeógaibh leithne cocóla móire
i gcúinne deas cúilráideach a bhí an nead
ag an sean-lachain. I ndiaidh a chéile
thosuigheadar na h-uibhe á scolbadh ach ceann
amháin a bhí mall righin —an ceann ba mhó —
agus do sheasaimh sé sin níos fuide ná an
chuid eile. Sa deireadh thiar do scolb an
t-ubh mór agus scaoileadh amach scalachán
gránda liobarnach. “Nach mór é?” ars
an lacha. “Níl aon deallramh aige le
haoinne againn. An amhlaidh gur turcaí
é ar shlighe éigin? Is furus é sin d'aithint.
Munab áil leis dul amach san uisge beidh
sé soiléar nach lacha é.”



Lá ar n-mbárach bhí an aimsir an-bhreagh ar
fad. Bhí lonnradh na gréine ag spalpadh ar
billeogaibh na gcocoil nglas; d'imthigheadar
an mháthair agus a h-ál go léir go dtí an
lochán. “Splais!” agus amach leis an
mháthair de phlimp san uisge. “Uac-Uac”
ar sise agus do léimeadar na rudaí beaga
go léir ceann ar cheann na diaidh gan ceist.
Le preab na súl bhíodar ar a shástacht ag
snámh anonn is anall go fuadrach, bhí na
cosa ag imtheacht dá ndeoin féin, agus ní
súgradh go dtí an súgradh a bhí 'ghá dhéanamh
annsan acu — ag an lacha gránda chomh maith
le cách.



“Ní turcaí i n-aon-chor é” ars an mháthair
“mar ní bhéadh na cosa chomh h-aicillidhe
san ag a leithéid, ná ní iomchróchadh sé é
féin chomh díreach san. I ndiaidh sin is uile
sé mo ghearrcach féin é agus nuair fhéachfá
go cruinn air níl sé chomh gránda i n-aon-chor
is a cheapas ó chianaibh. Uach-Uac! siubhlaidh
libh i naonacht liom anois agus raghmíd go
dtí an áit i n-a bhfuil comhnuidhe ar na
lachnaibh. Ní fuláir taithighe do dhéanamh gan
mórán moille leis an gnáth-shaoghal. Ach
fannaidh-se i naice liom ar eagla go
mbeireadh an cat leis sibh. Bíodh áirdeall
ar an ropaire san agaibh.”



Isteach leo annsan i gclós na lachan. Nach
ann a bhí an glag-glag. Idir dhá ál bhí ceann
eascon agus é á atharrú gach ré noiméid ó
ghob go gob le neart gliocais an iomrascála.
Sa deireadh sé an cat do sciob chun siubhal
é. “Tabhair fé ndear an tslighe a thuiteann
rudaí amach san tsaoghal” ars an sean-
lacha agus í ag cur faobhair ar a gob le
teann. Mian mic a shúil mar ba mhaith lei
ceann an eascon dí féin. Le linn múinte
dhóibh cionnus iad féin d'iomchar, cionnus na
cinn d'umhlú, agus na mion-rudaí béasamhla
do dhéanamh tháinig gargán de shean-bhárdal
i láthair agus thug fogha ar an lacha óg gránda.
“Leig dó féin é más é do thoil é” ars
an sean-lacha “níl sé ag déanamh diobhála
d'aoinne.” “Tá a fhios agam san” ars
an buailim-sciath “ac tá sé chomh níór agus
chomh h-ait san nach féidir liom gan é do
lásáil.”



“Is deas an clann athá agat a bhean
bhoicht” arsa sean-bhárdal eile — an gaisgi-
dheach ba mhó agus ba mhórdhálaighe de'n
chuideachtan — “ní fhaghaim aon locht orra ach
amháin an ceann san agus ba dheacair do
h-aoinne a rádh go bhfuil sé sin deagh-chumtha.
Ba mhaith liom dá bh'fhéadfhá cruth níos deise
do chur air.”



“Níl sé ar mo chumas anois” ars an
mháthair “tá sé rud beag mio-chumtha is fíor
ach mar sin féin tá sé an-mhacánta agus tá
an snámh go h-iongantach aige. D'fhan sé
ró-fhada san ubh agus sin é cúis ná bhfuil
cruth ná cuma air.” “Anois a chlann ó
ná bíodh aon faitchíos orraibh annso ach déinidh
bhur rogha rud agus má theagmhuigheann sibh le
ceann eascon ná dearmhad é do thabhairt
domsa.” Agus ba ghearr gur dheineadar na
rudaí beaga taithighe ar an áit. Ach an
lacha bocht a tháinig mall as an ubh nír tugadh
dhó de dhruim a ghrandhachta ach buillí agus
masla agus a lán d'asmhucháin; na sicíní
féin do bhídís ag magadh fáoi. “Tá sé
ró mhór” adeiridís, agus an turcaí — an
gaisgidheach mór san a tháinig ar an saogal
le dhá spor agus a chreid é féin bheith na
impire chuir sé cochall air féin agus dhein
go díreach air mar long fé lán-seol — é
feargach agus dearg go súilibh. Ní raibh a
fhios ag an aindeiseoir bocht cad ba cheart
dó dhéanamh. Do ghoill sé ar a chroidhe nuair
nach ndéanfadh aoinne caidreamh leis de
chionn gan é bheith deas gleoite ach thuit sé
go doimhin i n-umar na haimléise nuair ná
raibh ag an cuid eile dhó ach diomholadh agus
sgeimhle, mar is ag dul i nolcas a bhí an
sgéal aige i nagaidh an lae. Cuirtí ruaig
air ó gach áird. A dhrifúir féin ní rabhadar
cneasta leis; do snapaidís na lachain é;
thugadh na cearca fogha faoi agus an cailín
aimsire a thugadh biadh dhóibh do ghabhadh sí


L. 36


dá cosa air. Fá dheiread do bhris ar a
fhoidhne agus d'eitioll sé thar claidhe. Nuair
do chonaic na h-éanlaithe beaga ó'n scairt
é tháinig sgeon ionnta agus seo chun siubhal
iad. “Na héin beaga féin” ars an lacha
óg leis féin “ní maith leo mé. An cruth
atá orm atá ag cur eagla orra is dócha.”
Ach do chomáin sé ar aghaidh thar cnocaibh is
thar gleanntaibh agus gan aon tsuim aige
san áird ar a raibh a ghluaiseacht … Um
thráthnóna tar éis dul faoi do'n ghréin do
chonaic sé bothán beag suarach a bhí ar tí
tuitim ba dhoigh leat. Go deimhin sé an rud
a choimeád suas an bothán ná gan a bheith i
nann an cheist do réidhteach ar cia aca taobh
b'fhearr dhó tuitim. Um an taca so bhí an
ghaoth ag séideadh chomh láidir san gur b'éigean
do'n lacha a scíth do leigint. Fuair sé
caoi ar dhul isteach san bhothán. Sean-bhean
liath a bhí 'na comhnaidhe ann gan aoinne leí
acht cat agus an cearc dhearg. Bhí an triúr
an-mhuinnteardha le na chéile. “Micín”
thugadh an tsean bhean ar an gcat agus bhí
grádh aici do'n gcirc mar a bhéadh aici
d'inghin lei. B'fhéidir leis an gcat dronn
do chur air féin nó crónán bog a dhéanamh
do réir a mheoin. Nuair a bhíodh sé an-
chrosta ar fad thuig sé cionnus teine-creasa
do stealladh amach. An chearc, cionn is go
raibh na cosa gearr aici do ghlaodhtí “gearr-
chos” mar ainm uirri. Dó bheireadh sí ubh
i naghaidh an lae. Lá ar n-a mbáireach nuair
tugadh fé ndeara an lacha thosuigh an cat
agus an chearc ag tormas le teann doichill
ach do cheap an tsean-bhean gur lacha éigin
ar strae é agus go gcoimeádfadh sí é chun
uibhe lachan a bheith aici. Tar éis tamaill
nuair do bhí sé de mhisneach ag an lachain
baramhail a thabhairt ar rud nár reidhtig
le tuairm an chait agus na cearca do
tháinig fearg ar an gcirc. “A' dtig leat
uibhe do bhreith?” arsa sí. Chaith sé admháil
nár fhéad fé. “Dá bhrigh sin” ars an
chearc “badh chóra dhuit do bhéal a éisteacht.”
Annsan do chuir an cat a chaint isteach
“an dtig leat” ar sé “dronn do chur ort
féin? An dtig leat crónán do dhéanamh
nó teine creasa do shéideadh asat?” “Ní
thig liom” ars an lachóg. “Seadh is dóigh”
ars an cat go searbhasach “ní ceart duit
do thuairim féin do thagairt nuair a bhíonn
daoine ciallmhara ag comhrádh.” Do thuit
croidhe na lachan le diombádh agus d'fhan
sé go ciuin i gcúinne as san amach; ach i
gcionn tamaill tháinig gath gréine na maidne
isteach sa seomra a chuir an lochán i gcuimhne
dho agus a chuir dúil chomh mór san 'sa snámh
aige nár fhéad sé gan labhairt leis an gcirc
air. “Airiú a laogh” ar sise “nach agat
atá na hárd smaointe! Déin iarracht ar
uibhe do bhreith agus ar crónán do dhéanamh
agus cuir uait a leithéid de dhi chéille.”
“Ach caithfidh tú admháil” ars an lacha
bhocht “nach bhfuil aon aoibhneas sa domhan
le cur i gcomórtas le snámh i mbárr
locháin uisce. Nach breagh é bheith ag casadh
agus ag únfairt san uisce agus ar uairibh
ag tomadh síos earball i n-áirde chun béalán
blasta d'aimsiú, níl aon gáirdeachas eile
ach é a dhuine!”



“Déarfainn gur sult thar na beartaithe
é!” D'fhreagair an chearc go fonómhai-
deach. “An amhlaidh go bhfuilir as do
mheabhair? Fiafruigh de Mhini—agus, cat
níos ciallmhairc ba dheacair d'fhágháil—ar
mhaith leis dul ar snámh agus ag damhsadh san
uisge. Fiafruigh, más maith leat, dár
máighistreás — agus ní féidir í shárú ar eolas
agus ar thuigsint — dá mba mhaith lei dul
chun snámh sa lochán agus í féin d'fhoghragadh
fé'n uisge. Ní baoghal dí a mhic ó.”



“Is eagal liom ná tiugeann sibh mé …”



“Ná tuigimíd thú! Ach cia thuigfeadh thú?
An amhlaidh a Cheapann tú gur eolgaisidhe
tú ná Mini agus ná ár máighistreás?”



“B'fhearr liom gan chainnt orm féin.”



“B'fhearra dhuit a dhuine” ars an chearc
“gan an oiread san fuadar a bheith fút.
Umhluigh thú féin agus tabhair buidheachas do
Dhia ar son a dtabharthas. Táir anois i
dtig clúthmhar agus cuideachta maith is eadh
sinn. Ach ar a shon soin féin táir chomh mí-
réasúnta san gur eagal liom go raghaidh sé
dhínn chur suas leat. Go deimhin ní haon
phléisiúr d'aoinne aontigheas do dhéanamh leat.
Chun do leasa atáim tá a fhios agat agus
deirim an fhírinne leat gan fiacal do chur
ann cé nach fuláir gur searbh leat é. Bíonn
na fior-cháirde oscailte. Glac mo chomhairle
a stóch' agus dein iarracht ar uibhe do bhreith
nó ar crónán bog suanmhar do dhéanamh duit
féin.”



“Ceapaim” ars an lacha “go n-oirfeadh
sé níos fearr dhom dul agus cuid de'n
domhan a thaisdeal chun na h-iongantaisí
d'fheiceál.”



Agus d'imthig sé agus bhiodh sé ag snámh
agus á fholcadh féin sa lochánaibh agus san


L. 37


aibhnibh ar a lán-shástacht, ach níor dheineadar
na h-ainmhighthe beaga eile aon charadas leis
de chionn a gránnachta.



D'imthigh na laetheannta agus na seacht-
mainí agus tháinig an fóghmhar nuair thuit an
duilleabhar de na crannaibh agus go tiugh
ar a shálaibh tháinig an geimhreadh agus na
gaotha móra a chuir ruaig agus scaipeadh ar
an duilleabhar céadna, thuas sna spéirthibh
do ritheadar na sgamaill ó bhroid a chéile
nó thiománadar rómpa an sneachta agus an
garbh shíon. Nárbh' anróghach an aimsir í in
dá ríribh do'n lacha bhocht! Go deimhin do
bheadh sé ró-dhubhach ar fadh chur síos ar gach
a d'fhulaing sé i gcaitheamh dubhluachair an
gheimhridh sin.



Ach i gcionn tamaill tháinig an lá nuair
ba léir do'n t-saoghal go raibh buaidhte ag an
ngréin ar an ngaoith a dtuaidh. Thuas sa
spéir bhí fuiseog ar séirse ar a dhicheall.
Ar gach taobh bhí líonmhaireacht na beatha ag
taisbeánt a fheabhas a bhí an tEarrach sin.



Do mhothuigh an lacha beodhacht an tseasúir
chomh maith le cách, agus tháinig dúil sceinnte
air. De phreib do ghlac sé sciatháin agus
ó's rud go raibh a lúth ag déanamh ionga
do d'fhan sé ar sgiathán go ceann tamaill
maith. Nuair a thuirling sé sa deire i lár
ubhallghuirt a thárla sé — áit a raibh a lán
de chranna ubhaill fé bláth. Ar ball do
chonnaic sé trí ealaí bána ag teacht amach
as choill. Tháinigh siad anuas ar an loch
agus thosuigheadar ag snámh go maordha i
dtreo an uballghuirt.



“Ba mhaith liom” cheap an lacha leis féin
“teagmháil leo siud, táid chomh háluinn
san. 'Siad na héin is breaghtha a chonnac
riamh. Ach marbhóchaidh siad mé de chionn
mo dhánaidheachta agus mo gránnachta nuair
raghad i n-aice leo. Ach b'fhearr go mór
liom bheith marbh acu siud ná é do bheith orm
masla na lachan agus na gcearc agus anrogh
an gheimhridh d'fhulaing.”



Leis sin do léim sé amach sa loch agus
dhein go díreach ar na healaí. Thugadar
siud fé ndear é agus thánadar na choinne
— gac cleite acu i na sheasamh go maiseach.



“Marbh mé” ars an t-éan bocht agus
do chrom sé a cheann sios go bárr an uisge
chun go bhféadaidís é do mharbhú. Ach cad
a chífeadh sé thios faoi san uisge glan gléir
ach a dhealbh féin. Agus feuch, ní lacha
gránnda a chonnaic sé i n-aon chor ach eala
áluinn. Bhí na trí healaí eile ag snámh
na thimcheall agus á chimilt le n-a nguib le
méid an fháilte a bhí acu roimis. Ba bhreagh
le na páisdí, ar an bport é; b'é a
dtuairim gur bh'é an ceann ba bhreaghtha de'n
cheathrar é, agus dá chomhartha san ba chuige
a chaithidís na sódhluistí a bhí acu.



Nárbh' é an t-athrú é? Ach mar sin féin
ní raibh aon mórdháil a baint leis dá bhárr.
Ní tháinig aon athrú ar an gcroidhe nádúrtha
a bhí aige. San ubhallghort ar taoibh an locha
ba dhoigh leat go raibh na crainn a lúbadh a
mbláth-chraobhacha le h-umhlóid dó, agus thuas
sa spéirthibh dar leat go raibh taithneamh na
gréine ní ba thaithneamhaighe ná mar ba ghnáth.
B'shin an céad lá de shaol fada shéanmhar a
bhí ag tosnú do'n lacha bhocht ghránnda úd.



(Aistriú ó'n bhFranncais.)



PÁDRAIG S. Ó GRÁDAIGH.



RANNTA.



Is mór an truagh ná baintear a ndíol
d'fheidhm as rannta beaga in-dáil do mhúineadh
cainte na Gaedhilge do leanbhaí scoile —
ach ní bhaintear — go mór mhór más duine
gan “guth” an t-Oide. 'Dé is béas le
Oidí Gaedhilge ná an rann beag do mhúineadh
'n a chaint do sna leanbhaí ar an gcéad dul
síos — annsoin deirid leo é chur de mheabhair
agus annsoin fágtar an Rann beag deas
in a “spaid” — fuar, leamh, trom, leath-
mharbh acu — in a shaghas “fágaimís siúd mar
atá sé,” mar adearfá.



“Seadh, a's cad do dhéanfainn, is dóin,
is gan guth ná gíocs d' aon nídh i bhfuirm
abhráin agam?” a déarfaidh Oide óg liom.
Mo freagra-sa air sin. —



“Mura bhfuil féin a mhic ó — (nó a inghín ó —)
ná chaill do chuid misnigh dá dheascaibh. Tá
leigheas air-sin féin — Níl an cluiche caillte
fós — níl in éa' chor. Cogar i leith chúgham.
Cad tá dá bhac ort nuair a bheidh an rann
beag múinte go cruinn baileach agat a's
é tuigthe go beacht ag do chuid scoláirí —
cad tá dá bhac ort, adeirim, ceacht beag
deas cómhráidh do baint as fé mar do dhéanfá
le h-aon cheacht próis? as ná marbhaigh tú
féin le neart ceistucháin — tabhair caoi
do sna leanbhaí — (a's sos a's suaimhneas
duit féin le linn a chéile) ar na ceisteanna
do chur ort-sa thar n-ais — a's má dheinir
botún beag anois agus arís — (d'aon am


L. 38


gan amhras, cad eile?) chun caoi thabhairt
do sna leanbhaí ar thú do cheartú — a's gáire
beag a bhainte asta. Dhera a dhuine — ní
fearr ar domhain é — gáiridís leó, na créiturí.
“Is é an leigheas (medecin) is fearr amuigh
é” adubhairt an Franncac faobhrach úd —
“dit” — Moliére. Ná bíodh eagal ort go
bhfaighidh na leanbhaí an iomad taithighe ar
cheistiuchán a's go g-cuirfidh i bpúnc lá éigin
tú. Má bhíonn, bfearra dhuit eirghe as an
gcéard ar fad, a mhic ó. Seadh, a's sprioc
suas na leanbhaí chun rannta beaga dá g-cuid
féin do dhéanamh — Cuir ortha focail eile
chur isteach in ionad na bhfocal bhíonn i rannta
beaga na leabhar, a's má bhíonn scríobhadh na
Gaedhilge acu cuir ortha ceisteanna dá gcuid
féin (ar dhul ceisteanna na leabhar) do
scríobh cois bhaile dhuit; a's mura mbíonn
an scríobhadh acu cuir ortha ceisteanna ó
bhéil do rádh dhuit in a áit-sin.



Focailín eile, mar “buille scuir” mar
adearfá:—



Más rud é go bhfaighir blas ar mo chuid
chainte-se a 's gur mian leat mo chómhairle
bhocht do chur ingníomh ní fhéadfá rud ní bhfhearr
dhéanamh ná leabhríní beaga a's na rannta
so ionnta dfhágail a's iad bheith mar bhun as
bunudhas comhráidh agat. 'Sa saghas leabhríní
a chialluighim ná cinn de shaghas cuid an “Fhir
Mhóir,” “Bréagán” a's “Féirín,” cuirim
igcás, nó cuid Phroinnséis Uí Súilleabháin,
O.S. (“na h-Íona Readers” &c.).



Do cuireadh adhbhar na leabhriní seo, le
chéile le tuiscint, le ciall a's le cruinneas,
de thorad thaithige fhada ar chéard an mhúin-
teóra a's má bhaintear an feidhm ceart
asta meallfaidh an t-aos óg chun breis suime
do chur i bhfoghluim a's go mór mhór i labhairt
na teangan — a's tar éis an t-saoghail,
“beatha teangain í labhairt.”



BEANN g-CROT.



DEUNANN



SCOTT & A CHOMH., TEÓ.



Ráin, Sluasaid, Grafáin, Piocóid, Héatair,
&rl.



I MÓIN-ÁRD I gCO. CORCAIGHE.



Oifig: Sráid Mhic Curtain i gCorcaigh.



“GRAIMÉAR GAEDHILGE.”



Éamonn Ó Donnchadha, Léigheachtaí san Nua Ghaedhilg,
Coláiste Ollscoile, Corcaigh do chuir an leabhar so le
chéile.



Cuireann sé an-áthas orainn, go deimhin, a leithéid
seo de leabhar d'fheicsint — leabhar ar ealadhain na
Gramadaighe agus gach aon eolas dá dheunamh dhúinn as
an Ghaedhilg amach. Tá mórán leabhar dá leithéid seo
in easnamh orainn agus cé hiad ba chóra iad a fhrithealadh
orainn ná ollamhain na Gaedhilge san Ollscoil.
Molaimíd Eamonn agus guidhimíd a thuille misnigh dó.
Mar adeir mé táimíd i bpráinn na leabhartha so go
dóighte.



Ní fhuil 'sa leabhar acht an cheud chuid den sceul — .i.
Oirléigheamh agus Forus Focal. Tagrann an oirléigheamh
do chomharthaí an scriobhaidh agus d'fhoghar an cainte.
Cuireann sé síos, ar an Aibhithir, Gutaí agus Consoiní,
Dé fhoghracha agus Tréfhothracha, Consoiní, Séimhiú,
Urdhubha, Táibhle na gConsoiní, Dífhoghrú Consoiní,
Análu Gutaí, Aiceann agus Cuimriú.



Is mór agus is tairbheach é an méid eolais ata bailighthe
i dteannta a chéile aige sa méid seo—rudaí a bhfuil
an deisacht agus an ealadha ag baint leo, rudaí a teas-
báineann dúinn fo bhfuil léigheann agus méadughadh
meabhrach ag baint le hOirléitheamh na teangan, agus
eolas go mb'é an feall é bheith in easnamh orainn go
dtí so. Comhairleochainn dóibh seo a bhfuil saint orra
rop-saillí a dheunamh ar leitreadh na Gaedhilge an t-eolas
so a thabhairt fé ndeara agus a mheabhruighadh fé riothfaidís
i ndiaidh a gcinn.



Badh dhóigh liom, má iseadh, go bhfuighbhthí an t-eolas
a leagaint amach níos giorra agus níos cruinne agus
níos soiléire don té a bheadh ag foghluim. Tá an rud
an-shimplidhe acht tá sé ar áilneacht an domhain. Deir
Éamonn go bhfuair sé na Téarmaí sa liosta a chuir
Connradh na Gaedhilge amach agus i nGraiméar (ní
maith liom Graiméar) Dhá theanghthach Taidhg Uí
Choindealbhain. Tá cuid de na téarmaí so maith go
leor agus cuid eile aca go mb' fhuiris locht d'fhagháilt
orra, dheurfainn nárbh' mór do na húdair teacht
idteannta arís agus na téarmaí seo a leasughadh.



In aon leabhar Ealadhan mar seo níorbh' mhór don
chaint a bheith piochtha, caochta, snasta, — í bheith cruinn
agus sníomhtha in chéile go deas; níor cheart í bheith
liobarsach ná ag silleadh as a chéile. Caithfear cleas
na bhfocal, cruinneas cainte, agus an snastacht so a
shaothrughadh chum gach aon rud a chrochadh suas rud beag
ó chaint choitchianta na ndaoine acht in ainm Dé seach-
naigheadh gach aoinne imtheacht agus cóiriúghadh an Bheurla.



“An ‘t-” san ainmeach agus 'sa ghearanach firin-
scneach roimh ainm a thosnuigheann ar thuta.” Ní fhuil
aon chruinneas ná críochnúlacht sa saghas so cainte agus
in aon t-slithe imteacht an Bheurla atá fé. “Sa
Choláiste Ollscoile, Corcaith;” ní fhuil 'sa méid seo
leis acht imtheacht an Bheurla.



Acht is cuma é, tá an t-eolas ann agus é 'sa nGaedhilg
agus é údarasach. Mo thruagh léir! gur chaith sé an
cló-Rómhánách a ghabhailt chuige.



FEAR FEASA.


L. 39


LEITREACHA.



POST-SHEANCHUS.



A Fhir Eagair,



Tugtar “an Abhainn Mhór” ar Ovoca i gcuid I.
ach ní fheicim-se é i n-ao' chor i gcuid II.



Ní mór duit cuimhneamh ar an dá “Baile an Phuill”
i gCo. Cille Coinnigh, leis (Ballyfoyle agus Pilltown).
Níl Piltown i gcuid II. Dá mbeadh féin raghadh
leitreacha amú idir an dá áit. Ba cheart an focal
“Ireland” d'fhágaint amach ar leath. 20, cuid I ,
fé Aghar. Seo cúpla rud eile thugas fe ndear leis:
Rathmines — Ráth ó Máine I , Ráth Maoineas II.;
Foynes — Finninis I., Faing II.; Kilmacthomas —
Cill mhic Thomáisín I, Coill mhic thomáisín II. Cill
mhic thomáis Fhinn an furm ceart, ámhthach, dréir
muintir na h-áite.



Mise,



RÁTH GEARR (?RÁTH GARBH).



D'Fhear Eagair “An Sguab.”



Níl aon eolas agam ar ainmeacha áiteann ach do
leitheas an méid a sgríobhadh sa “Sguab” i dtaobh
“Post-Sheanchais” agus tréis dom feuchaint tríd
an leabhar ní misde dhom a rádh ná fuil ciall ná
cruinneas sa t-slithe a cuireadh síos na sráideanna
ann. Ba cheart gach aon sráid a bhfuil ainm oifigiúil
Gaedhilge uirre a bheith ann nó gan aon cheann a bheith
ann ar chor ar bith. Cad chuige a cuireadh síos Sráid
Bhictoria, Béal Féirsde, cuir i gcás agus gan na
mílte sráid eile a bhfuil ainm den t-saghas san ortha
do chur síos chomh maith. Feuch ar Chathair Luimnighe,
mar shampla; a bhfaca éinne a leithéid de dhithcéille
riamh: 'sé Sráid Éadbháird (pé lána suarach é) an
t-aon ceann amháin atá i bPost-Sheanchus agus níl Sráid
Uí Chonail le fághailt, fiú fé Sráid Sheoirse féin!



Feuch ar Bothar Mhórhamtúin, Cháirleól, &rl, &rl,
Cearnóg Marcuéis Dhúin na nGall, Sráid na Doirlinge,
Sráid an Chaibéalaigh — ach 'dé'n tairbhe a bheith ag magadh
fé rud chomh áiféiseach san.



CLÉIREACH.



P.S. — Dóbair go righneas éagcóir ar “Phost-
Sheanchas”: tá Sráid Réaltan (Rutland Street!)
agus dhá ceann eile ann ó chathair Luimnighe.”



CRAINN
ÓGA



Níl aon rud níos tabhachtaí
sa tír seo na crainn
do chur.



A Ghaedhil, ba mhaith linn ár ngnó do dheunamh as
Gaedhilg, agus ní beag san, is dóigh linn.



Cuiridh fios ar chlár na Luach; Crainn Coille,
Tuir Gáirdín, agus Crainn Torthaí.



Tá teistiméireacht againn ó Aireacht na
Talmhanuidheachta.



MUINTIR AN RÁITHÍN,
TUAIMGRÉINE, Co. AN CHLÁIR.



FOCAIL GAEDHILGE SA mBEURLA



Is oth linn ná fuil aon slighe sa “Sguab” an mí
seo cló do chur ar an chuid eile de liosta Sheáin Uí
Shíothcháin.



OBAIR DO GHAEDHILGEOIRÍ.



Is mó duine a bhíonn ag lorg Gaedhilgeoirí le
h-aghaidh oibre áirighthe ach is mó Gaedhilgeoir, mar sin
féin, atá gan obair.



Támuíd ar aigne an columhan so do choimeád ar
leith-i-leith chun a leithéidí do thabhairt le chéile.



Ba bhreáth linn dá bhfuighfimís lámh conganta do
thabhairt chun Gaedhilgeoirí na h-Éireann do choimeád
na dtír féin. Dá bhrígh sin ní chuirfimíd ach costas
an-eudtrom ar na fógraí so. Gheobhfar gach fios ón
mbainisteoir, Oifig an “Sguab,” Cearnóg Mont-
seoithe, Baile Átha Cliath.



TÁ buachaill toghta ag teastáil mar chongantóir
ó lucht siopa mhóir i mBaile Átha Cliath. Níor
mhór dó eolas a bheith aige ar ghnó grósaereachta
agus teistiméireacht a bheith aige ó dhaoine
mhuinighineacha. Sgríobh chun “A1,” oifig an
“Sguab.”



Tá post le fághail ag buachaill a bhfuil eolas
aige ar deuntús ime agus a bhfuil taithighe aige
ar gach saghas oibre a bhaineann le buaibh bainne.
Tuarasdal 38s. sa t-seachtain. “A2,” Oifig
an “Sguab.”



Cailín óg iseadh mise — Gaodhluinn mhaith agam —
Raghainn mar chongantóir i siopa nó in oifig
an phuist fé'n dtuaith. “A3,” oifig an “Sguab.”



FÁINNEACH: cailín, 17. Scoluigheacht mhaith. Ba
mhaith léi post d'fhagháil i siopa éigin a bhéadh
Gaolach:— Siopa leabhar nó éadaigh. Gan taithighe
aici. Scríobh chun A4. oifig an “Sguab.”



CÁRTAÍ NODLAG!



'Seadh, is mithid Cúimhneamh ar na Ca-irdibh
thar aile. Tá sreath de CHártaí Deasa,
Dáthuiththe, Beannachtaí i bhFilíocht ortha, le
fagháil ó



MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
Siopadóir Leabhar,
87 Sráid Uach. na Dhriseóige, Áth Cliath.



N.B. — Liosta leabhar Gaedhealach ullamh anois.


L. 40


BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA.



ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.



DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT
GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT.



Bun-airgead Geallta, £406,000.



Bun-airgead Díolta, £203,000.



Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1923, £1,650,000.



BUNUIGHTHE 1920.



BRAINNSI:—



68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh,
Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis,
Mathchromtha.



THE
NATIONAL
LAND BANK
LTD.



Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason agus a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Uí Mhathghamhna, Áth Cliath
agus foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services