Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fuigheall Sgéal ó'n tSean-aimsir
Title
Fuigheall Sgéal ó'n tSean-aimsir
Author(s)
Bailithe ag Domhnall Ó Fotharta,
Compiler/Editor
Ó Fotharta, Domhnall
Composition Date
1912
Publisher
O'Brien Patrick
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Fuigheall sgéal ó'n tsean- aimsir. Domhnall Ó Fotharta do chnuasaigh a urmhór. DOMHNALL DUBH AGUS BRADÁN MÓR LOCH RÍBH 'San tsean-aimsir aoibhinn i bhfad ó shoin, do bhí fear d'ár bh'ainm Domhnall Dubh i n-a chomhnuidhe i ngar do Loch Ríbh. Ní raibh de chlann aige acht aon inghean amháin, agus do bhí sise dall ó rugadh í, agus is é ainm do bhí ag na daoinibh uirri "Nóirín Dall Dubh." Do bhí guth breágh ceolmhar aice, agus ní raibh sean- amhrán 'san tír nach raibh de ghlan mheabhair aice. Aon tráthnóna amháin d'iarr Nóirín ar a hathair í do bhreith síos go bruach an locha, óir do bhí an tráthnóna an-bhreágh. Thug a hathair síos í, agus adubhairt sé léi:- "Fan annsoin, nó fagh do bhealach abhaile." 'Nuair d'imthigh a hathair uaithe, do shuigh sí síos ar túrtóig thirim, agus thosnuigh sé ag gabháil amhráin mar seo:- "A Bhéaltaine bhuidhe is tusa an mhí Go mbíonn dath deas ar na féileacáin; Bíonn éin ar an gcraoibh ag seinm go binn, Is na páirceanna daithte le plúracáin." Níor bh'fhada dhi ag gabháil an amhráin go dtáinig bradán mór go bárr an uisce, agus do chuir sé cluas air féin ag éisteacht léi. 'Nuair do chuir sí deireadh leis an rann, do chualaidh sí guth ag a rádh : - "Is mór an truagh thú do bheith dall. Dá mbeadh domblas bradáin agat le cuimilt ded' shúilibh bheadh do radharc agat."
Agus an ghrian ag dul faoi tháinig Domhnall agus thug sé abhaile í. D'innis sí dhó na focla do chualaidh sí. "Maith go leór; rachaidh mise ag iascaireacht ar maidin i mbárach," arsa Domhnall, "agus má tá bradán 'san loch gheobhaidh mé é." Ar maidin lae ar na bhárach, roimh grian go moch, d'éirigh Domhnall agus do-chuaidh sé síos go bruach an locha. Fuair sé bád, agus amach leis ag iascaireacht. Ar mbeith dhó i lár an locha, chualaidh sé crutach ag sgréachaigh; 'san am céadna do mhothuigh sé an líne ag a tharraingt, agus thosnuigh an tslat iascaireachta ag lúbadh. "Dar mo fhocal," arsa Domhnall, "atá bradán mór ar mo dhubhán." Leis sin thosnuigh sé ag tarraingt chomh maith agus do b'fhéidir leis, acht mo bhrón! do sciorr a chosa agus thuit sé amhach ar mhullach a chinn 'san loch, agus síos, síos fá uisce gur shaoil sé go raibh sé ag deireadh an domhain. 'Nuair d'osgail sé a shúile is amhlaidh do bhí sé i seomra taithneamhach i láthair fhir mhóir. Do bhí a chroiceann mar chroiceann éisg. Do labhair an fear leis:- "A Dhomhnaill Dhuibh," ar sé, "cad go thug annso thú?" "Ní bhfuil a fhios agam," arsa Domhnall. "Do bhíos ag iascaireacht ar Loch Ríbh, agus shaoil mé go raibh bradán mór gabhtha agam, agus bhíos ag a tharraingt isteach, acht do sciorr mo chosa uaim agus do thuit mé
ar mhullach mo chinn isteach 'san loch. Ní bheinn ag iascaireacht acht go bhfuil inghean dall agam, agus do chualaidh sé dá mbeadh domblas bradáin aici le cuimilt d'á súilibh go mbeadh a radharc aici. Sin agat an fáth go bhfuilim annso." "Tá tú i láthair Ríogh an Locha anois," ars' an fear, "agus is fada atá mé ag fanacht (fanamhain) leath. Éist liom anois. Ar chualaidh tú riamh an chaoi ar thárla do'n loch bheith annso 'san áit a bhfuil sé?" "Níor chualaidh mé, go deimhin," arsa Domhnall, "gidh go bhfuilim am' chomhnuidhe i ngar do'n loch ó rugadh mé, agus mo sheacht sinnsear romham." "Ní bheidh tú i bhfad mar soin," ars' an fear mór. "Ba rí mo athair-se, agus fuair mo mháthair bás an oidhche do rugadh mé, acht níor bhfada gur phós m'athair bean eile, agus do bhí cumhachta mór draoidheachta ag mo leas-mháthair. 'Nuair do bhí mé seacht mbliadhna d'aois chuir mé fearg uirthe; do tharraing sí amach slaitín draoidheachta, chuir sí crith talmhan ar dhúthaigh m'athar agus rinne sí loch de. Báitheadh m'athair, agus rinneadh bradán díom-sa, mar fheiceas tú (do-chír.) Tagann mo leas-mháthair gach uile oidhche le mé do ghéar-chrádh, acht ó thárla go bhfuil tusa chum cabhartha liom, tá súil agam go bhfuighidh mé buaidh uirrthe anois. Tar liom agus fágfaidh mé ar bhruach an locha thú; anois téirigh go bun an chrainn mhóir mhaoil-dheirg atá ag fás ar cúl do thighe, agus romhair síos go dtagaidh tú ar lic mhóir. Tóg an leac, agus do- gheobhaidh tú cat dubh fireann i n-a chodladh fúithe. Tabhair leat an cat go bruach an loca, agus beidh
mise annsoin romhat. Má ghnídh tú mar adeir mise leat, beidh tú sona saidhbhir, buan-saoghalach, acht mara (muna) ndéanaidh tú do réir mo chomhairle beidh tú id' dheóraidhe bhocht chráidhte chomh fad agus bheidh uisce ag rith nó féar ag fás. "Dar m'fhocal, go ndéanfaidh mé amhlaidh adeir tú," arsa Domhnall, "agus tá mé réidh le dul leat." Annsoin do bhuail sé buille de shlaitín draoidheachta ar Dhómhnall, agus do rinne sé crutach de. Ba ghairid i n-a dhiaidh sin go raibh sé ag snámh ar an loch. Tar éis teachta dó chum an bhruaich do bhuail an bradán mór buille de'n tslaitín draoidheachta air, agus le iom- páil na baise do bhí sé ar talamh thirm, agus d'imthigh sé air a bhaile. 'Nuair tháinig sé chomh fada leis an gcrann mór maol-dearg, chosnuigh sé ag romhar; ba ghéarr go dtáinig sé ar an lic mhóir; do thóg sé an leac agus do-chonnaic sé an cat dubh i n-a chodladh. Do chuir sé an cat i n-a bhrollach, agus as go bráth leis go bruach an locha. Do bhí an bradán mór annsoin roimhe, agus thug sé é féin agus an cat dubh go dtí a sheomra fá'n loch. Annsoin adubhairt sé le Domhnall: "Is maith an laoch tú; anois fagh scian agus bain amach croidhe an chuit, agus tabhair damh-sa é." Fuair Domhnall an scian; do bhain sé amach croidhe an chuit agus do bhí sé ar tí é thabhairt do'n bhradán, acht do-chualaidh sé torann mór. "Deifir, deifir," ars' an bradán, "atá an chailleach ag teacht. Fagh mo chlaidheamh géaraighthe atá thall ar an mballa, agus cruthaigh gur gaisgidheach thú, an tráth thiocfas an chailleach agus a cuid cat isteach."
Níor bh'fada gur fhosgail doras an tseomra, agus tháinig sean-chailleach ghránda isteach, agus ós cionn trí fichid cat i n-a diaidh. Do tharraing Domhnall a chlaidheamh, agus do bhuail sé í i gclár an éadain agus do thuit sí go talmhain. Annsoin do léim na cuit air, agus do bhí siad ag a scríobadh go raibh lochán fola i n-a thimcheall. D'éirigh an chailleach go tapaidh, agus do bhí sí ag teacht chum buille slaite an bháis do thabhairt dó, gur bhuail an bradán mór í idir an dá shúil le croidhe an chuit mhóir dhuibh, agus do thuit sí marbh i measg na gcat. Do rinne Domhnall léirscrios orra; do mharbh sé na cuit go léir. "Tabhair dom do lámh," ars' an bradán mór, "is tú an gaiscidheach is fearr i nÉirinn. Ní bheidh easnamh aon nidh ort chomh fada agus bheas tú beó. Atá eolas agam ar aít a bhfuil ciste óir bhuidhe, agus ní deacair duit é d'fhagháil. Tá caisleán mór maiseach i dtír an Tailmh Bháin, agus tig leat dul ann agus t'inghean do thabhairt leat chum comhnuighthe ann. "Go raibh maith agat," arsa Domhnall, "acht do b'fhearr liom bheith im' chomhnuidhe i nÉirinn, mo thír dhúthchais, ioná i n-aon tír eile fá'n ngréin; agus má fhágann tú 'sa bhaile mé beidh mé sásta go leór." "Ní thig liom sgaradh leat mar sin," ars' an bradán mór, agus saoilim gur dícheallach an fear thú, acht má tá fonn ort fanamhaint i nÉirinn bíodh sé mar soin. Tá a fhios agat cá bhfuil Dún na Ríogh i ngar do'n locht?" "Atá eolas agam air, do deimhin," arsa Domhnall, "is iomdha maide do gheárr mé ann."
"Má bhíonn tú 'san dún anocht i dtaca an mheadhoin oidhche, beidh mise romhat ann, agus cuirfidh mé i slighe saidhbhris d'fhagháil thú; agus seo dhuit domblas le cuimilt de shúilibh t'inghine, agus beidh a radharc aice, agus má tá duine ar bith eile dall i gcomharsan- acht duit déan mar an gcéadna leis; agus ná glac ór ná airgead ó dhuine bhocht. Tar éis dul abhaile dhuit, ar do bheatha ná hinnis do aon neach beó cia an áit a raibh tú, ná aon nidh d'éirigh dhuit ó d'fhág tú an baile." "Glacfad do chomhairle, agus déanfad rud ort," arsa Domhnall. Annsoin do bhuail an bradán mór buille ar Dhomh- nall agus do rinne sé crotach dhe, agus adubhairt sé, "lean mise." Do lean Domhnall é ag snámh go fonn- mhar, gur shroicheadar araon an bruach. Do chaith an bradán mór Domhnall anáirde ar tulachán cloch 'san gcuma i n-a raibh sé sul do-chuaidh sé ag iascaireacht. Nuair do-chuaidh sé abhaile do bhí an teach lán de dhaoinibh muinnteardha agus de chomharsanaibh, agus do bhí a bhean agus a inghean ag gul agus ag caoineadh, mar do shaoil riad go raibh sé báidhte. Do-chuaidh sé isteach, agus d'fhéachadar air le hiongantas, agus do thosnuigh siad ag crothadh lámh leis. "Fág mo bhealach," arsa Domhnall, "go dtugaidh mé a radharc dom' inghin." Thóg sé domblas an bhradáin as a mháilín, agus do chuimil sé súile Nóirín leis, agus do bhí a radharc aice chomh maith agus do bhí ag Domhnall féin. Do sgread sí agus do bhuail sí a basa le lúthgháir, agus thug sí buidheachas do Dhia.
Do bhí go leór daoine 'san bparráiste ar a raibh easbaidh radharc a súl agus do chuir sé fios ortha, agus do leigheas sé iad. Níor bh'fhada go ndeachaidh cáil Dhomhnaill thríd an tír, agus do bhí daill ag teacht chuige gacht uile lá. Timcheall taca an mheadhoin oidhche, nó seal geárr roimhe, do chuaidh Domhnall go Dún na Ríogh, agus ba ghearr gur chulaidh sé ruaille buaille agus torann cos capall, agus isteach leis an sluadh sídhe agus an bradán mór i n-a bhfochair. Ar mbeith dhóibh uile go léir 'san dún, adubhairt an bradán mór:- "Atá báire liathróide coise le bualadh againn anocht i n-aghaidh Sidhe Laighean. Atá gaiscidheach agam le bheith i láthair chomh tréan agus atá 'san domhan. Tar i leith, a Dhomhnaill Dhuibh, go bhfeicidh na daoine uaisle thú." Tháinig Domhnall i láthair agus do chraith na fir sidhe lámha leis, agus do bhí sparán óir i láimh gach duine aca. Fá dheireadh thug an bradán mála mór do Dhomhnall chum an t-ór do chur ann, agus adubhairt sé leis é chur fá chrann go dtagadh sé ar ais, agus gan a rún d'aithris do neach ar bith. Annsoin tháinig síon mhór ghaoithe, agus d'fhuadaigh sí iad go léir suas anns an aér, agus do leigeadh anuas iad ar machaire mór. Do bhí Sluagh Sídhe Laighean ar an machaire agus ba ghairid gur thosnuigh an báire ag a bualadh. Do bhí an ghealach in a suidhe agus do bhí an oidhche i ngar do bheith chomh geal leis an lá; do bhíodar ag rith anonn is anall, agus is iomdha fear do thuit le cor coise. Fá deireadh fuair Sidhe Chonnachta an bhuaidh, agus do ghnóthuigheadar an báire.
Do tháinig an tsíon ghaoithe arís, agus do thug ar ais iad go Dún na Ríogh i n-aice le Loch Ríbh. Annsoin adubhairt an bradán mór le Domhnall, "Fagh do mhála agus imthigh abhaile: tá an oiread agat anois is chaithfeas tú féin is do bhean agus t'inghean, acht ná leig an rún amach, nó caillfidh tú an rachmas atá agat. Slán leat!" Do-chuaidh Domhnall abhaile, agus do-chuir sé an mála óir i bhfolach fá lic mhóir i n-úrlár an tighe sul d'éirigh Nóirín nó an bhean; agus ní raibh a fhios aca é bheith amuigh cor ar bith. 'Nuair d'éirigheadar do thais- beán sé lán a ghlaice d'ór dóibh, agus do chuir sin lúthgháir mhór ortha; do ritheadar chuige, agus do shaoil sé go múchfadh siad le pógaibh é. Do cheannuigh sé gabháltas mór talmhan, agus do chuir sé teach breágh ar bun. Seal geárr i n-a dhiaidh sin do phós Nóirín sgológ raidhbhir. Atá an bradán mór 'san gcaisleán fá'n loch fós, agus tig le duine ar bith é d'fheicsint gach uile Lá Bealtaine ag snámh ar bhárr uisce an locha. Do mhair Domhnall, a bhean, agus a inghean, go sona, séanmhar, buan-saoghalach: agus gurab' é ár ndála go léir é.
"AN UAIR IS CRUAIDH DO'N CHAILLIGH É CAITHFIDH SÍ RITH." Is sean-fhocal é so ameasg na ndaoineadh 'san iarthar, agus is é an míniughadh atá leis, an uair atá duine i dteannta, go ndéanfaidh sé gníomha nach gnáthach leis do déanamh, mar do righne an chailleach 'san sgéal so:- Anns an tsean-aimsir, do bhí sagart agus a mháthair i n-a gcomhnuidhe i dtigh i n-aice le roilig i gCuan na Mara. Do bhí an mháthair aosta agus craptha le sgoilteach; do bhí an-fhaitcheas uirri roimh an mbás, agus ba mhian léi go minic eolus d'fhagháil ó dhuine éigin d'ár cuireadh 'san roilig cia an sórt áite do bhí aca ar an tsaoghal eile, mar nach raibh sí ró-shásta le teagasg an tsagairt i n-a thaoibh. Do thárla an t-am soin, go bhfuair fear bás a raibh béasa aisteamhla aige, agus d'fhág sé i n-a uadhacht mála cnó do chur 'san gcomhra leis, mar do bhí an- spéis aige ionnta súd i n-imtheacht a shaoghail. Do righne a mhuinntear agus a ghaolta mar d'órduigh sé, agus cuireadar an mála cnó fá n-a cheann anns an gcomhra. Do bhí go maith; acht do bhí sean-bhean i n-a comh- nuidhe 'san áit, do chuir dúil i gcnáibh, acht ní raibh aon chnó le fagháil di. Níor thug sí sgíth ná stad d'á fear dh'á mbárr; acht ní raibh aon cheann le fagháil díobh, muna rachadh sé agus an corpán a thógbháil. Fá dheireach, b'éigean dó a toil do thabhairt di leis sin do
dhéanamh. D'éirigh sé 'san mheadhon-oidhche, agus d'imthigh sé chum an uaighe d'fhosgailt, agus na cná do bhí fá cheann an duine mhairbh do thabhairt abhaile leis. An uair do bhí sé ag triall ar an roilig, do casadh fear eile ar an mbóthar leis. Do chuir siad caidéis (caint) ar a chéile. "Cad do chas amach thú an tráth so d'oidhche?" ars' an dara fear. "Innseóchaidh mé sin duit, má innsigheann tusa dham créad do thug amach thú féin," ars an fear eile. "Go deimhin, atá mé ag dul chum an chorpáin do cuireadh indé go thógbháil," ars' an fear so, agus d'innis sé an sgéal ar fad dhó. "Maiseadh, fan liom-sa," arsa fear na gcaorach, "agus beimíd abhaile i n-éinfheacht. "Tá go maith," ars' an duine eile; agus d'imthigh gach aon aca a bhealach féin. Do-chuaidh an fear do bhí ar thóir na gcnó chum na roilige; d'fhosgail sé an uaigh agus an chomhra. Fuair sé an mála cnó, agus an uair do réightigh sé an áit arís do shuidh sé ar bhárr na huaighe ag briseadh na gcnó agus ag ithe an toraidh i bhfochair fear na gcaorach. Do bhí an sagart amuigh an oidhche sin ag cur na hola ar dhuine do bhí tinn. Tar éis teacht abhaile dhó d'ísligh sé dh'á chapall, agus adubhairt sé le n-a bhuachaill é thiomáint amach 'san pháirc. Do righne sé sin; acht chomhfhad agus do bhí sé ag cur ceangail ar an gcapall, do chualaidh sé an cnagarnach do bhí ag an bhfear amuigh 'san roilig. Do bhreathnuigh sé thar an gclaidhe in a thimcheall, go bhfaca sé an fear
ar bhárr na huaighe. Do rith sé abhaile i na sean- rása, agus d'innis sé an sgéal do'n tsean-bhean (mhnaoi) go raibh an duine marbh in a shuidhe ar an uaigh amuigh. "O, cuir ar do dhruim mé, ars' an chailleach, "agus tabhair leat go dtí an uaigh mé, go bhfuighidh mé sgéala i dtaoibh na háite atá aige ar an saoghal eile." "Deamhan cos, do bheadh faitcheas mo chroidhe orm," ars' an buachaill. Ní raibh aon mhaith dhó ann; do b'éigin dó géilleadh fá dheireadh agus an chailleach d'árdughadh leis. Bíodar ag druidim leis an uaigh gur thóg fear na gcnó a cheann. "Ohó, fuair tú í," ar sé, "bhfuil sí ramhar?" Do chaith an buachaill an chailleach dhá dhruim anuas, "sin agat í, ramhar nó gan bheith ramhar," sgread sé, agus as go bráth leis. Ní túisce thuit an chailleach ar an talamh ná tháinic a h-osgar (lúth, brigh) dhí; agus le teann faitcheasa, righne sí dearmad go raibh sí círchéimeach nó bacach; agus as go bráth léithe-sí chómh maith. Is túisce do bhí sí 'san tigh ná an buachaill, dhá fheabhas do rith sé, agus is uaithe atá an sean-fhochal.
AN BHEIRT DHEARBHRÁTHAR Do bhí beirt dhearbhráthar ann fad ó, duine aca bocht agus an duine eile saidhbhir. Tháinig an fear saidhbhir fá dhéin an fhir bhoicht lá go ngeobhadh sé i n-éinfheacht leis ag déanamh cise. "Mar seo agus mar siúd," ars' an fear bocht, "ní'l agam acht aon tsean-bhó amháin, agus ní fiú dham cis a dhéanamh dhi sin ó atá rud éigin eile agam le déanamh thairis." "Tá go maith, ars' an dhearbhráthair saidhbhir, "déan- faidh mé féin an chis acht ar chroiceann do chluaise ná leig do bhó uirri, nó má leigir beidh tú i n-a aithmhéala." Chuaidh sé annsoin agus righne sé an chis. Budh í bó an fhir bhoicht an chéad bhó do shiubhal uirri. Chonnaic an fear saidhbhir í (óir bhí sé ag faire uirri), agus an oiread deóir níor fhágh sé innti. D'imthigh leis annsoin agus adubhairt sé leis an dearbhráthair bocht a bhó d'árdughadh as a bhealach go h-áit éigin eile. Do chuaidh an dearbhráthair bocht agus d'fheann sé an bhó, agus thug sé an chroiceann abhaile leis. 'Nuair do bhí sé tirim, do bhrath sé dul chum an mhargaidh leis; acht sul ar imthigh sé d'fhiafruigh sé d'á mhnaoi, "An bhfuil pighin ar bith airgid agat?" Adubhairt sí leis nach raibh aici acht deich sgillinge agus nach raibh rud ar bith eile aici chum bídh do cheannach, ó cailleadh an bhó do bhí aca. "Ní'l neart air," ars' an fear, "tabhair an méid sin féin dom, agus b'fhéidir go mbeadh tuille agam ar mo theacht abhaile."
"B'fhéidir le Dia go mbeidh," ar sise, ag tabhairt an airgid dó. Do-chuir sé ceithre phoill 'san gcroic- eann, agus chuir sé píosa leath-choróineach i ngach poll aca. Do thug sé leis chum an mhargaidh annsoin é, agus thosnuigh sé ag a bhualadh le n-a mhaide, ag rádh, "An croiceann agus a luach," agus ag baint píosa airgid as le gach buille. Tháinig bodach mór saidhbhir chuige, agus d'fhiafruigh sé dhe, cad a bheadh aige (uaidh) ar an gcroiceann. "Maiseadh," d'fhreagair an fear bocht, "Ní'l a fhios soin agam, óir gach uile uair do bhuailim buille air, tuiteann phíosa airgid amach as, agus is deacair a rádh cad é a luach." Dó bhí an bodach sanntach. Ba mhian leis an croiceann do bheith aige agus earasbharr an tsaidhbhris do ghnódhughadh. "Tiubharfaidh mé seacht míle púnt duit air," ars' an bodach. "Ní maith liom sgaramhain leis," ars' an fear bocht, "acht mar soin féin béarfaidh mé dhuit é." D'íoc sé an t-airgead, agus fuair sé an croiceann. Do thug an fear bocht an t-airgead abhaile, agus ní fhaca tú beirt ar bith riamh do bhí chomh áthasach leó 'nuair do chonnaic a bhean é agus a eire de ór buidhe ar a dhruim. Do chuir sé a bhean amach go dtí tigh a dhearbhráthar ag iarraidh soightheach go dtomhaisfeadh siad an t-ór. Ar mbeith dó tomhaiste aige chuir sé abhaile an soightheach. Chonnaic bean an dearbhráthar shaidhbhir píosa óir greamuighthe d'á íochtar agus bhí a fhios aici gur ag tomhas óir do bhí sé ag na daoinibh bochta.
Níor bh'fhada go dtáinig an dearbhráthair saidhbhir ag fiafruighe de'n duine bocht cá bhfuair sé an méid óir do bhí aige. Adubhairt an dearbhráthair bocht go bhfuair sé ar croiceann a bhó é. "Dar so súd," ars' an fear saidhbhir, "go mairbh- eóchaidh mise gach uile bhó dá bhfuil agam, agus go bhfeannfaidh mé iad." "Déim do rogha rud," ars' an dearbhráthair bocht, "ní bheidh mise cionntach fútha. D'imthigh leis, agus do mharbhuigh na ba go léir, agus do thug sé chum an mhargaidh na croicinn; acht mo léan! dá mbeadh sé ag a mbualadh ó shóin ní bhsuigheadh sé pighinn orra. Tháinig sé abhaile go trom tuirseach, feargach, agus chrom sé ar rapadh ar fuid an tighe. Níor shásuigh soin é go ndeachaidh go dtí teach a dhear- bhráthar agus gur bhain sé an tsúil as i ngeall ar an gcleas d'imir sé air. Do thosnuigh an duine bocht ag caoineadh, agus d'imthigh sé ar aghaidh. Acht sul ar fhág sé an teach do cuir a bhean an tsúil i n-a phócadh, agus adubhairt sí leis gan í do chailleamhain, agus b'fhéidir go mbeadh gnó éigin aige fós di. Do bhí sé ag siubhal leis go dtáinig sé go tortáinín beag i bhfad ó bhaile, agus do shuidh sé síos air ag leigean a sgithe. Níor bh'fhada go dtáinig caitín beag deas chuige agus d'fhiafruigh sé dhe cad do bhí air. D'innis sé dhó. "Marbhfháisg air, ars' an cat, "nár bh'olc an gaduidhe é. Acht ná bac leis; fan annso go dtiocfaidh an deireannacht, agus cuirfidh mise isteach do shúil duit
chomh maith agus do bhí sí riamh, ag tobar íoc-shláinte. Tar anois liom go rachaimíd go dtí an teach beag atá shiar annsoin ag na cait. D'imthigh siad indiu, agus beidh siad 'san mbaile le tuitim na h-oidche, agus tá sé chomh maith againn bheith 'san tigh le bheith 'san áit seo. 'Nuair rachaimíd isteach, caithfidh tú dul i bhfolach 'san áit a n-abróchaidh mise leath, acht ar a bhfaca tú riamh ná déan aon tsrannadh nó má dhéanann tú beimíd uile go léir caillte. D'fhág siad mise i gcionn (i mbun) an tighe, agus dá mbeadh fios aca ar an gcleas so is geárr do bheinn beó. Ar mbeith istigh dóibh déanfaidh siad fir díobh féin agus tosnóchaidh siad ag déanamh grinn' agus beidh siad ar aon "rilleadh buile" amháin nó go meidh siad sáruighthe, agus annsoin tuitfidh siad i n-a gcodladh." Do bhí go maith agus ní raibh go holc; 'nuair tháinig na cait abhaile, do b'é an chead rud d'fhiafruigheadar, "An raibh duine ar bith annso ó mhaidin?" Adubhairt an cat beat nach raibh. Ní túisge do bhí na focla as a bhéal ioná do righne siad fir díobh féin, agus ní fhaca tú a leithéid de shiamsa riamh agus do bhí aca. Is é adubhart ceann aca - "Do bhí mise i n-áit indiu, agus do bhí cruinniughadh mór daoine ann. Do thárla an t-uachtarán ag dul thart ar an urlár, agus do theagmhuigheas i n-a bhealach; thug sé buille de mhaide dham do ghortaigh go mór mé. D'imthigheas agus do chaitheas luibh 'san mbraighdeoig a raibh an bhainne ann, agus d'ól an t-uachtarán as, agus cuirfidh sé tinneas cinn air nach féadfar a
leigheas go deó - sin é an chóir do chuir mise ar an uachtarán. Do bhí gach uile dhuine aca agus a sgéal fhéin aige, acht thuit siad in a gcodladh fá dheireach. Ar mbeith dóibh i n-a gcodladh, thug an cat beag amach an fear beag, do bhuain sé a shúil as a phóca, agus do chuir sé isteach i n-a h-ionad í chomh maith agus do bhí sí riamh. Annsin do thug sé a eire d'ór dó, agus adubhairt leis dul abhaile i n-ainm Dé. Chomh fhad agus do bhí sé as baile, thug a bhean muc do bhí marbh aici le h-aghaidh na Nodlag go teach an dearbhráthar shaidhbhir. "Cá bhfuil tú ag tabhairt na muice sin?" ars' a bhean léi. "Tá mé dhá tabhairt duit-si," adubhairt sí, "ag súil go nglacfá truaigh dom' agus mé gan rud ar bith beó agam le mé chosaint ó d'imthigh m'fhear uaim. "Imthigh uaim go dtí an deamhan," ar sise, "cia'n binn atá agam-sa ar do mhuic." D'imthigh léi annsin cum an deamhain agus an mhuc ar a druim aici. 'Nuair tháinic sí go dtí an chéad gheatóir d'fhiafruigh sé dhí cá raibh sí ag dul? "Tá mé ag dul go hifreann leis an muic so," ar sise. "An dtiubharfá dada dhamhsa dhí?" ars an geatóir. "Go deimhin tiubharfad," adubhairt sí. "Maith an cailín," adubhairt seisean, "Abair é sin leis an gcéad gheatóir eile. Ní iarrfaidh mise ort í." Táinig sí chum an dara geatóir. "Cá bhfuil tú ag dul leis an muic sin?" ars' an geatóir. "Tá mé ag dul go hifreann," ar sise.
"An dtiubharfá dadamh dhamhsa dhí?" adubhairt sé. "Go deimhin féin tiubharfad," ars an bhean. "Is maith an cailín," adubhairt sé, "abair é sin leis an chéad gheatóir eile bhuailfidh iomat." "Tháinig sí go dtí an tríomhadh geatóir - "Cá bhfuil tú d'á tabhairt sin?" ars an geatóir. "Tá mé d'á tabhairt go hifreann." "An dtiubhraidh tú dadamh dhamhsa dhí?" ars an geatóir. "Maiseadh go deimhin tiubhrad," ar sise. "Maith an cailín," adubhirt sé, "ní iarrfaidh mé ort í." "Acht anois," adubhairt sé, "déan mar iarrfas mise ort, agus ní bheidh tú in a aithmhéala. 'Nuair rachfas tusa isteach as so, iarrfar ort bheith ag ithe chomh fada agus do fhéadfas tú. Abair-se nach rud le n-ithe atá uait acht rud le tabhairt leat." D'imthigh léi go dtáinig sí go dtí an sean-bhuachaill. "Cá bhfuil tú dá tabhairt sin?" ar seisean. "Tá mé dá tabhairt dhuit-se," ars' an bhean. "Maith go leór," adubhairt sé. "Caith annsin shiar í." "Nuair tháinig sí ar a hais, d'éis an ualaigh do chaitheamh dhí, adubhairt sé léi bheith ag ithe go mbeidh- eadh sí sásta. Adubhairt sí leis nach rud le n-ithe do bhí ag teastáil uaithe acht rud le tabhairt léi. "Tá go maith," adubhairt sé, "béarfaidh mise sin dhuit." Thug sé a shean-ualach óir annsin dí, agus sgaoil sé abhaile go slán sábháilte í. 'Nuair tháinig sí abhaile d'iarr sí ar a fear dul ag iarraidh miosúir go dtomhaisfeadh siad an t-ór. Chuaidh sé go dtí teach a bhainchliamhna agus thug sé an miosúr
as agus thomhaiseadar an t-ór, acht 'nuair do bhí sé d'á chur abhaile ghreamuigh píosa óir dá íochtar agus bhí a fhios ag an mhnaoi gur ag tomhas óir do bhí sé aca. D'fhiafruigh sí de'n fhear cá bhfuair siad an t-ór go léir. Adubhairt sé gur bh'í a bhean do fuair i n-ifreann é ar mhuic do mharbhuigh sí. "Ní'l muc dá bhfuil agam nach marbhóchaidh mise má's é sin an sgéal." D'imthigh sí chum siubhail agus do mharbhuigh sí na muca, agus anois fágfamuid ar an mbóthar go h-ifreann í go bhféicfimíd cad d'éirigh do'n dearbhrathair saidhbhir. 'Nuair tháinig an dearbhrathair bocht abhaile tar éis an óir d'fhagháil ó'n gcaitín, chuir sé fios ar mhiosúr go dtomhaisfeadh sé é. Acht 'nuair chuir sé an soigh- theach tomhais abhaile d'aithin a dhearbhráthair gurab ag tomhas óir do bhí sé, mar bhí píosa daingean i n-a íochtar. D'fhiafruigh sé de'n teachtaire cá bhfuair siad an méid sin óir? Adubhairt sé gur bh'é a mhaighistir do fuair é ar a shúil. "Dar m'fhocal, bainfidh mise mo dhá shúil féin amach, agus beidh a dhá oiread agam. Do righne sé sin, agus do bhí sé ag siubhal go dtáinig sé go dtí an tortáinín mar ar casadh an caitín air roimhe sin. Níor bh'fhada go dtáinig an caitín suas chuige, agus d'fhiafruigh sé dhe cad do bhí air. Adubhairt seisean leis gur bhain sé na súile ar féin. "Maiseadh, a shean-chneamhaire," ars' an cat, "chugaidh leat' as so go tapaidh, nó cuirfidh mé na cait uile go léir it' aghaidh."
"Deamhan cor ná cleas cuirfeas mise dhíom," ar sé, "go bhfaghaidh mé roinnt airgid." D'fhan sé annsin go dtáinig na cait eile, agus gur stracadar ó chéile é. Do b'é sin deireadh an fhir shaidhbhir; agus ní fearr d'éirigh d'á mhnaoi. 'Nuair tháinig an bhean chum an chéad gheata i n-if- reann, d'fhiafruigh an geatóir di cá raibh sí ag dul leis an muic. Adubhairt sí go raibh sí d'a thabhairt go hif- reann. D'iarr sé píosa uirre. Adubhairt sí nach dtiubhradh. "Tá go maith," ar seisean, "ná tabhair do'n chéad gheatóir eile acht an oiread céadna." Do tháinig sí chum and dara geatóra agus adubhairt sé píosa do thabhairt dó. Do righne sí an rud céadna leis an tríomhadh geatóir. Adubhairt seisean léi go raibh an sean-bhuachaill annsin astigh agus go dtiubharfadh rud le n-ithe di. 'Nuair do-chuaidh sí isteach do hiarradh uirre an t-ualach do leigean di agus a dóthain d'ithe. Do bhí sí ag ithe agus ag ól go raibh sí sáthach, agus ar mbeith di réidh, adubhradh léi bolg do bhí in aice léi do shéideadh, agus d'fhan sí ag a shéideadh riamh ó shoin. LEADUIDHE NA LUAITHE Do bhí bean ann fad ó shoin agus ní raibh aice riamh acht aon mhac amháin, agus ní dheárna sé dada oibre acht é sínte 'san luaith go raibh sé fiche bliadhan d'aois. 'Nuair tháinig 'sé chum na haoise sin, d'iarr sé deoch ar a mháthair, mar ba ghnáthach leis roimhe sin gach uile lá.
"Buaidh leat: a Leaduidhe na Luaithe," ars' an mháthair bhocht, "atá tú indiu i n-aois do bhliadhain agus fiche, agus ní dheárna tú faic maitheasa ó'n ló do rugadh tú. Tá an teach gan deasughadh go fóil (fós), agus an teine ag dul as d'easbhuidh brosna, agus tusa 'san gcluid gan cor asat." D'éirigh Leaduidhe na Luaithe annsin, agus do-chuaidh sé amach agus do chraith sé é féin. Do líon sé seacht n-acraidhe roimhe, sé n-acraidhe i n-a dhiaidh, agus seacht n-acraidhe ar gach aon taoibh de leis an luaith do chraith sé as féin. Do chuaidh sé go dtí an garrdha annsin, agus níor fhág sé sop coinnligh ann nár thug sé leis de'n ualach soin. Do righne an coinnleach deasughadh do'n teach go ceann bliadhna agus fiche. Do chuaidh sé annsin chum na choille, agus do cheangail sé téad timcheall na gcrann, agus thug sé leis abhaile de'n ualach sin an oiread brosna agus do righne teine go ceann fiche bliadhan. Tar a éis sin adubhairt sé le n-a mháthair lón do ghléasadh dhó, agus go rachadh sé ar thóir a ádha dhó féin. Do righne sí sin. 'Nuair do bhí sé ar tí imtheacht d'fhiafruigh sé dhe cia aca do b'fhearr leis an leath mhór de'n cháca agus a mallacht, nó an leath bheag agus a beannacht. Adubhairt sé go mbearr leis an leath bheag agus a beannacht; agus do bhí sí ag gabháil de bheannachtaibh i n-a dhiaidh go raibh sé as a radharc. Do bhí sé ag imtheacht leis, agus an chéad teach do casadh air ba cheárdcha é. Do-chuaidh sé isteach, agus d'iarr sé ar an ngabha cloidheamh do dhéanamh dó. Do righne an gabha sin. 'Nuair do bhí sé déanta, do
bhuail sé an bóthar, ag giorrughadh a bhealaigh chomh maith agus d'fhéad sé. Níor bh'fhada go dtáinig sé chum tortóige, agus do bhí cúig céad de mhíoltógaibh ag a ithe. Do thug sé aon iarracht amháin d'á chloidheamh orra, agus do mharbhuigh sé na cúig céad d'aon bhuille. Do-chuaidh sé ar aghaidh annsin gur casadh fear air do bhí ag iarraidh buachaill-aimsire. D'fhiafruigh an fear so dhe cá raibh sé ag triall. "Buachaill mise," ar sé, "atá ar lorg mháighistir." "Is maith mar do thárla," ars' an fear; "máighistir mise atá ar thóir bhuachalla." Do righne an Leaduidhe aimsir leis. Is rí do bhí 'san bhfear so, agus is í an gnó do bhí aige de'n Leaduidhe faire do dhéanamh ar bhuaibh. Thug sé leis chum a thíghe é an oidhche sin, agus ar maidin lae ar na bhárach do chuir sé ag buachailleacht na mbó é. Adubhairt an rí leis, 'nuair bheadh sé ag seoladh na mbó amach, ar a bhfaca sé riamh gan iad do leigean thar teórainn; go raibh triúr fathach i gcaisleán le hais na teórann. D'fhan sé i mbun na mbó go hoidhche; agus bhí sé d'á seoladh abhaile go gcualaidh sé trí fhead mhóra do leig na fathaigh asta féin, agus do cluinfidhe 'san Domhan Toir gach fead aca. Annsin thiomáin sé na beithidhigh abhaile, agus ar maidin lae ar na bhárach do chuaidh sé ag fosuidheacht na mbó arís. An fhaid agus do bhí na ba ag ingilt, do dhearc seisean thar an sconnsa, agus do chonnaic sé féar breágh i bpáirc na bhfathach. "Mo chreach!" ars' an buachaill, "is mór an feall
na ba do bheith in bpáirc lom agus fásach go glúnaibh ar an taoibh eile de'n chlaidhe." Ní raibh sé sásta gur chuir sé na ba isteach 'san bhfásach. I n-a dhiaidh sin do thiomáin sé abhaile iad. Do bhí dhá oiread bainne aca an tráthnóna sin agus do bheadh aon tráthnóna eile. D'fhiafruigh an rí dhe ar leig sé i bhféar na bhfathach iad. Adubhairt an Leaduidhe gan bheith d'á bhodhradh, go raibh sé sáruidhthe tar éis an lae agus go sínfeadh sé ar an leabaidh ar feadh tamaill. An lá i n-a dhiaidh sin do righne sé an cleas céadna; acht ní raibh sé i bhfad ag fosuidheacht go dtáinig fathach mór gránda suas chuige ag a rádh:- "Fú, fá, féasóg; faghaim boladh an Éireannaigh bhréagaigh, bhradaigh. Is mór liom go ghreim thú, agus is beag liom de dhá ghreim thú; ní'l a fhios agam créad do dhéanfas mé leat muna gcuirfidh má de shéideóig 'san aer thú." "O! sgread maidne ort, a fhathaichín bhig ghránda, do mharbhuigh mise chúig céad d'aon bhuille amháin cheana, agus ní féidir nach bhfuighidh mé buaidh ort-sa," ars' an Leaduidhe. "Cia aca is fearr leat," ars' an fathach, "sinn a dhul ag sáthadh sgeana géara, geala i n-asnaibh a chéile nó dul ag coraidheacht ar leacrachaibh dearga?" "Is feárr liom," ars' an Leaduidhe, "dul ag cor- aidheacht ar leacrachaibh dearga, i n-áit go mbeidh do chosa móra gránda ag dul chum íochtair, agus mo chosa beaga míne ag dul chum uachtair." Do thosnuigheadar ag coraidheacht, agus do bhíodar le chéile go ndeárnadar bogach de'n chruadhán agus
cruadhán de'n bhogach, go dtugadar toibreacha fíor- uisce tré na leacrachaibh dearga; fá dheireadh, ar mbeith do'n nóin ag teannadh leo, do chuimhnigh an Leaduidhe go mbeadh imshníomh ar a mháighistir i dtaoibh an fhaid agus do bhí sé amuigh. Do thug sé cor teann- asnach do'n fhathach annsin, agus do chuir sé de'n cor sin é go dtí a ghlúnaibh; de'n dara cor, chuir sé go nuige na hascall é. "Fóil, fóil!" ars' an fathach, "is tú an gaiscidheach is feárr do casadh riamh liom, agus má leigeann tú dhomh éirghe tiubhraidh mé m'each caol dubh dhuit, agus mo chlaidheamh soluis, agus mo chulaidh gaiscidh." "Cá bhfuil siad?" ars' an fathach. "Atá siad shuas 'san teach," ars' an fathach. "Cuirim-se de gheasaibh draoidheachta ort," ars' an Leaduidhe, "gan imtheacht as sin go dtiocaidh mise ar ais arís." Do chuaidh sé chum an tighe; do cheangail sé an t-each caol dubh, agus do thug sé leis ar ais an claidheamh soluis agus an chulaidh ghaiscidh. "Créad é an crann 'san choill ar a mbuaillfidh mé buille air anois?" ars' an Leaduidhe. "Buail buille air an chrann is gránda fheiceas tú," ars' an fathach. Sin é do cheann féin!" ars' an Leaduidhe. Do tharraing sé an claidheamh agus do bhuail sé i mbaic a mhuinéil é, agus do chuir sé a cheann ag feadghail seacht bpéirse suas 'san aer; shaoil an ceann a theacht anuas agus a dhul ar an gcolainn arís: níor bh'fhaillighe leis an Leaduidhe, do bhuaill sé buille arís
air agus do chuir sé suas arís agus arís eile é. "Níor mhór duit!" ars' an ceann, "dá dtéighinn-se ar an gcollain arís, leath na bhFiann ní bhainfidís anuas mé!" Do thiomáin sé na ba abhaile agus do-chuaidh sé a chodladh. Ní chulaidh an rí an oidhche sin acht dhá fheid. Ar éirigh do'n rí ar maidin adubhairt sé gur imthigh rud éigin ar na fathaighibh, mar nach raibh acht dhá fheid uatha aréir. Níor dubhairt an buachaill dada, acht do sheol sé na ba amach agus do-chuir sé í bhféar na bhfathach iad. Ní fada do bhí siad ann go dtáinig fathach mór gránda do bhí fá dhó níos mó ioná an ceann eile, agus adubhairt sé:- "Fú, fá, féasóg; faghaim boladh an Éireannaigh bhréagaigh, bhradaigh. Is mór liom de ghreim thú, agus is beag liom de dhá ghreim thú; ní'l a fhios agam créad do dhéanfas mé leat muna gcuirfidh mé de shéideóig 'san aer thú." "Sgread maidne ort, a fhathaichín bhig ghránda; do mharbhuigh mise an fathach eile indé, agus marbhóchaidh mé thusa indiu," ars' an Leaduidhe. "Cia aca is feárr leat," ars' an fathach, "sínn a dhul ag sáthadh sgeana géara geala i asnaibh a chéile nó dul ag coraidheacht ar leacrachaibh dearga?" "Is fearr liom," ars' an Leaduidhe, "dul ag cor- aidheacht ar leacrachaibh dearga, i n-áit go mbeidh do chosa móra gránda ag dul chum íochtair, agus mo chosa beaga mine ag dul chum uachtair." Do thosnuidheadar ag coraidheacht agus níor stad- adar go raibh deireadh an lae i bhfogus dóibh. Annsin
do tharraing an Leaduidhe a chlaidheamh agus do bhuail sé i mbaic an mhuinéil an fathach, agus do chuir sé a cheann ag feadghail suas 'san aer. 'Nuair do bhí an fathach marbhuighthe aige do thiomáin sé na ba abhaile agus do chuaidh sé a chodladh. An oidhche sin níor chualaidh an rí acht aon fhead amháin. Lá ar n-a bhárach d'éirigh an Leaduidhe go moch agus do thiomáin sé na ba amach i bhféar na bhfathach ag inghilt, agus ba ghairid gur tháinig chuige fathach gránda uathbhásach, ba threise ioná ceachtair de na fathaibh eile, agus adubhairt sé i nguth árd:- "Fú, fá, féasóg; faghaim boladh an Éireannaigh bhréagaigh, bhradaigh. Is mór liom de ghreim thú, agus is beag liom de dhá ghreim thú; ní'l a fhios agam créad do dhéanfas mé leat muna gcuirfidh mé de shéideóig 'san aer tú." "Sgread maidne ort a fhathaichín bhig ghránda, do mharbhuigh mise an fathach do tháinig annso indé agus an ceann do tháinig an lá roimhe sin. Atáim deimhneach go mbuaidhfidh mé ort-sa," ars' an Leaduidhe. "Cia aca is feárr leat," ars' an fathach, "sinn a dhul ag sáthadh sgeana géara geala i n-asnaibh a chéile nó dul ag coraidheacht ar leacrachaibh (leacachaibh) dearga?" "Is feárr liom," ars' an Leaduidhe, "dul ag cor- aidheacht ar leacrachaibh dearga, i n-áit go mbeidh do chosa móra gránda ag dul chum íochtair, agus mo chosa beaga míne ag dul chum uachtair." Do throideadar go cródha ar feadh treimhse fhada, acht do bhain an Leaduidhe an ceann de'n fhathach i ndeireadh na scríbe.
Do thiomáin sé na ba abhaile, agus as sin go maidin níor chualaidh an rí fead ar bith, agus ní fhaca sé na fathaigh go deo arís. AN DARA CUID 'Nuair tháinig an Leaduidhe abhaile do bhí a fhios aige go raibh imshníomh éigin ar an rígh. D'fhiafruigh sé de'n rígh créad do bhí air. Adubhairt an rí leis go raibh oill-phiast le teacht lá ar n-a bhárach agus go gcaith- feadh sé a inghean féin do tabhairt di le slogadh. Níor thug an Leaduidhe, má b'fhíor dó féin, mórán áirde air, acht do-chuaidh sé a chodladh. D'éirigh sé go moch ar maidin, agus do-chuaidh sé ag fosuigheacht; do leig sé na ba i bhféar na bhfathach agus do-chuaidh sé féin suas go dtí an caisleán. Chomh tapaidh agus do-chuaidh sé isteach, d'éirigh cat mhór ó'n teallach, agus do bhí gach uile ruibe fionnaidh air dhá throigh ar fhaid ann. Do bhí cailleach i n-aice leis agus ní raibh fiacal i n-a béal nach raibh cúig troighthe ar fhaid; agus gach ionga dá raibh ar a méaraibh an fhaid céadna. Do chromadar araon ag gabháil air, agus do thosnuigh seisean ag gabháil orra-san go rabhadar marbh. Do bhí gach aon ghearradh air ó chúl a chinn go bonnaibh a chos. Do chonnaic sé mias beag do bhí lán do íoc-shláinte, agus tar éis é féin do chuimilt leis do leigheasadh é. Annsin so ghléas sé é féin i n-a chulaidh gaiscidh, agus thóg sé a chlaidheamh soluis agus do chuaidh sé ag marcuigheacht ar an each caol dubh go ndeachaidh sé do'n áit i raibh an inghean i n-aice na fairrge.
"Anois," ars' an Leaduidhe, "'nuair do-chífeas tú an fhairrge ag corruidhe dúisigh mé; muna n-éireóchaidh mé, buail trí buille de'n tslinn seo ar aghaidh mo chroidhe." "Do chuaidh sé a chodladh annsin, agus sul ar éirigh sé do gheárr sise d'éan-toisc dlaoi gruaige as a cheann. Ba ghairid i n-a dhiaidh sin go bhfaca sí an fhairrge ag éirghe le cúthach agus an oill-phias ag teacht amach ar an tráigh. Do ghlaoidh sí go práidhneach ar an Leaduidhe, acht níor éirigh sé; do chorruigh sí annsin é, acht do theip airthe é dhúiseacht; annsin do bhuail sí trí buille de'n tslinn ar aghaidh a uchta, agus do dhúisigh sí é go bríoghmhar. Ní raibh ann acht go raibh sé ar a chosaibh an uair tháinig an phéist fhuathmhar i dtír. Acht níor fhéad sí dul thar an teórain do gheárr sé le n-a chlaidheamh soluis. Do-chuadar chum troda agus do bhíodar ag comhrac go rabhadar tuirseach sáruighthe gan a fhios ag ceachtar díobh cia aca ba arrachtaighe. D'imthigh an oillphiast isteach 'san bhfairrge annsin, agus do chuaidh an Leaduidhe chum an chaisleain, agus do chaith sé dhe an chulaidh gaiscidh, agus do thiomáin sé na ba abhaile. Do bhí fáilte mhór ag an rígh roimh an Leaduidhe, agus d'innis sé dó mar tháinig gaisgidheach mór an-aithinid ag cosaint na hinghine; gur chuir sé an oill-phiast ar siubhal an lá sin. "Ní thú féin nó t'inghean atá ag cur buaidheartha orm," ars an Leaduidhe, "tá sé thar am béile anois, agus dá bhfaghainn greim le n-ithe rachainn a chodladh."
Fuair sé gach nidh do theastuigh uaidh, agus i n-a dhiaidh sin do chaith sé é féin ar an leabaidh. An lá ar na bhárach do bhí sé i n-a shuidhe go moch agus do chuaidh sé amach leis an eallach, gur fhág se i bhféar na bhfathach iad. Do thriall sé ar an gcaisleán, do-chuir sé an culaidh gaiscidh agus an claidheamh soluis air agus do-chuaidh sé ar marcuigheacht ar an each caol dubh. 'Nuair do shroich sé an trágh, an áit i raibh an bhean, do gheárr sé teóra dhá shlait ó'n bhfairrge, mar do bhí a fhior aige go mbeadh a dhá oiread feirge air an oill-phéist agus do bhí an lá roimhe sin; ar mbeith dhó i n-a shámh chodladh do bhain sise i gan fhios dlaoi eile gruaige as a cheann, agus do dhúisigh sí é sul ar tháinig an oill-phiast i dtír. Do bhíodar ag comhrac go calma ar feadh an lae, acht níor éirigh le ceachtar díobh buaidh do bhreith. Fá dheireadh do chonnaiceadar néalta dubha dorcha na hoidhche ag druidim leó, agus do chuaidh an oill-phiast isteach 'san bhfairrge arís. Do ghluais an Leaduidhe roimhe; do bhain sé a chulaidh gaiscidh dhe, agus do sheól sé na ba abhaile. Níor chuir sé aon tsuim 'san luathgháir do bhí ar mhuintir an tighe, acht do shín sé thairis ar an leabaidh. Ar maidin lae ar n-a bhárach do bhí sé i n-a shuidhe go tráthamhuil agus do thiomáin sé na ba i bhféar na fathach arís. Do ghléas sé é féin go hoireamhnach mar do rinne sé na laetheanta eile, agus do chuaidh sé ar an each caol dubh go himeall na fairrge. Do gheárr sé teóra trí slata ó'n uisge agus adubhairt sé leis
an mhnaoi uasail é dhúiseacht i n-am an tráth bheadh sé i n-a chodladh. Níor rinne sí aon dearmad i dtaoibh an dlaoi do bhaint as a fholt, agus é do mhúscailt ar mbeith do'n fhairrge ag éirghe chomh hárd le cnoc, agus an oilphiast ag teacht amach. D'aon léim amháin do bhí sí shuas ar an talamh thirim, acht ní túisge do bhí ioná sgiob an Leaduidhe an ceann di le na chlaidheamh soluis. Annsin do ghéarr sé a teanga amach as a béal, agus do thug sé leis í. Do bhí an teanga chomh mór le mart. Do chuaidh an Leaduidhe ar ais agus do bhain sé a ghléas chomraic de fein, agus do thiomáin sé na ba abhaile. 'Nuair do tháinig sé go teach an ríogh do bhíodar uile go léir ag dul asta féin le teann- luathgháir. D'innis an rí gach rud do, mar thárla, agus go raibh a inghean saor ó'n nguais i n-a raibh sí. "Is maith liom é sin do chlos," ars' an Leaduidhe, "acht tá mo bhéile ag teastbháil uaim." Do fuair sé é sin agus do chuaidh sé chum chodalta, oir do bhí sé tuirseach tnáithte tar éis an lae. Annsin do bhí féasta seacht lá agus seacht n-oidhche i dtigh an ríogh; cuireadh fios ar bheag-uaislibh agus ar mhór-uaislibh na tíre, agus ar righthibh an Domhain Toir, agus ar righthibh an Domhain Tiar. Do gheall an rí a inghean le pósadh d'fhear ar bith do bhéarfadh teanga na hoillphéiste i n-a láthair. Do tháinig mórán fear ar an gcuireadh sin, agus teanga mhairt ag gach uile duine aca, ag súil go dtoghfaidhe é féin. Do bhreath- nuigh an inghean i gceann gach duine acha, acht níor rinne sí rogha d'aon duine aca, agus níor fhaisnéis sí
créad é an fáth do bhí aice le é sin do dhéanamh. D'imthigh an Leaduidhe go cáisleán na bhfathach agus do chuir sé an culaidh gaiscidh uime, mar do rinne go minic cheana, agus do bhí an claidheamh soluis aige ag déanamh soluis; do bhí sé ag marcuigheacht ar an each caol dubh go dtáinig sé chomh fada leis an áith i n-a raibh an inghean agus an rí agus uaisle na tíre cruinnighthe. Do bhí a fhios aice an uair do chonnaic sí é gur bh'é do shaor í. Do ghabh sí buidheachas leis agus do sgaradar uile go léir le chéile. CAILLEACH NA NGNÍOMH AGUS DONNCHADH BÁN. 'San tsean-aimsir tháinig cailleach i n-éinfeacht le n-a hinghin chum comhnuidhthe go Gleann na Mada i gCondae na Gaillimhe. Ní raibh a fhios ag duine ar bith cad as a dtángadar, agus níor cuireadh aon cheist orra mar gheall air. Do bhí cuid mhór saidhbhris ag an gcailligh, agus níor bh'fhada gur chuir sí é sin i n-iúl do na daoinibh. Do cheannaigh sí teach mór, gabháltas talmhan, capall, ba agus caoirigh agus do thosnuigh sí ag feilméaracht. Ní ghlacadh sí aon bhuachaill aimsire mar sheirbhíseach acht duine do bheadh toilteanach le fanamhuin i n-a fochair ar feadh leith-bhliadhna, agus ní raibh aon díol- aidheacht aige le fagháil i ndeireadh na haimsire sin muna mbeadh sé cumasach a dhóthain chum an oiread oibre do dhéanamh leis an gcailligh. Do bhí ag an gcailligh so neart draoidheachta agus níor fhéad aon
buachaill aimsire do réidhtigh léi na coingheall do chóimhlíonadh. Aon lá amháin do chualaidh Donnchadh Bán trácht mór ar an gcailligh - nach raibh i gcumas aon fhir 'san tír congbháil suas léi ag obair. Adubhairt sé go mbudh shuarach na fir do bhí 'san dúthaigh sin, mar nach raibh aon duine aca chomh tréan d'oibridhe leis an gcailligh. "Rachaidh mise ag triall uirthe i mbárach," ar seisean, "agus muna mbuaidhfead uirthe báithfead mé féin." Do bhí an Donnchadh so chomh láidir le capall agus chomh luath-chosach le fiadh. Ar maidin lae ar n-a bhárach do chuaidh Donnchadh Bán go tigh na cailligh, agus adubhairt sé léi go gcualaidh sé go raibh sí ag tóruigheacht bhuachaill aimsire. "Atá easbhaidh buachalla orm," ar sí, "acht ní'l aon mhaith anns na fir oibre atá 'san áit seo, ní fiú a gcuid salainn iad: do bhí go leór aca do shocraigh liom fanamhaint leith-bhliadhain, acht níor fhan aon fhear aca agam ar feadh an dara mí." "Cuirfidh mise mo bheatha mar gheall leat," arsa Donnchadh, "i n-aghaidh caorach reimhre go bhfanfaidh mé id' fhochair leith-bhliadhain má thugann tú díolaidheacht mhaith dhamh, agus mo sháith le n-ithe." "Déanfaidh mé an margadh céadna leat-sa do rinne mé leis na buachaillíbh eile," ars' an chailleach. "Cad é sin?" arsa Donnchadh Bán. "Trí fichid píosa deich bpingne, agus an oiread céadna mí an fhoghmhair, agus caora ramhar Lá Samhna, má's féidir leat í chaitheamh thar bhalla na páirce an lá
sin; acht muna dtig leat congbháil suas liom ag obair ní bheidh aon díolaidheacht agat le fagháil uaim-se." "Saoilim gur ag magadh fúm i dtaoibh na caorach reimhre atá tú," arsa Donnchadh, "acht ó thárla gur margadh é, déan margadh maith dhe, abair fiche caora, agus déanfad an margadh leat." Gidheadh gur cailleach draoidheachta do bhí innti, níor shaoil sí go bhféadfadh aon fhear 'san domhan caora ramhar do chaitheamh thar balla cloiche do bhí fiche troigh ar aoirde; ar an adhbhar sin adubhairt sí, "bíodh sé i n-a fiche, agus rud eile," ar sise, "an bhfuil a fhios agat créad aon sórt bídh gheobhas tú le n-ithe im' tigh-se?" "Go deimhin, ní bhfhuil a fhios sin agam," ar seisean. "Ní fhuil mo ghoile mór, agus ní deacair mé shásughadh." "Gheobhaidh tú," ar sí, "leite min choirce, arán agus brachán, agus feoil mhuice Domhnach Cásga." "Atá mé sásta leis an margadh sin," ar seisean, "agus rachaidh mé ag triall ort ar maidin amárach, má's beó dhom." Do-chuaidh Donnchadh abhaile, agus d'innis sé dá mháthair an margadh do rinne sé leis an gcailligh. "A chuisle mo chroidhe," ars' an mháthair, "is mí- ádhmharach an cailleach í siúd. Ní raibh buachaill aimsire aici riamh nach bhfuilid uile 'san uaigh anois." "Ná bac san, a mháthair," ar seisean, "chífidh tú go bhfaghad-sa an lámh uachtair uirthe. Do-chualaidh mé go minic gur fearr stuaim ná neart, agus atá stuaim agus neart ionnam-sa."
Ar maidin lae ar n-a mhárach do-chuaidh Donnchadh go tigh na caillighe. 'Nuair d'fhéach sé isteach do-chonnaic sé an chailleach agus mias leite aice ar an mbórd, agus adubhairt sí leis:- "Suidh síos, a Dhonnchaidh, agus bí ag ithe; ní thig le duine obair chruaidh do dhéanamh agus ocras air." Do shuid Donnchadh, acht ní mór d'ith sé. Do tháinig inghean na caillighe i láthair, agus do bhí gnúis uirthe chómh gránda leis an mbás. Do thosnuigh Donnchadh ag a moladh, agus adubhairt go raibh an t-ádh air féin agus bheith i n-a chómhnuidhe 'san tigh i n-a raibh cailín deas mar í sin. "Bhí i do thort," ar sise, "b'fhéidir go bhfuil mo mháthair ag éisteacht leat." "Dá mbeadh an pobal ag éisteacht liom do mhol- fainn cailín deas mar thusa," ar seisean. Níor bh'fhada go dtáinig an chailleach, agus adubhairt sí, "Rachamaoid ag romhar connlaigh indiu." Do-chuadar amach 'san bpáirc, agus do thosnuigh- eadar ag romhar. Do thug an chailleach leith-iomaire thosaigh dí féin, agus do bhí Donnchadh leith-iomaire i n-a diaidh. Níor bh'fhada go raibh allus ag tuitim de Dhonnchadh Bán. Do chongbhaigh sé suas léi ar feadh an lae, acht níor oibrigh sé aon lá riamh chomh dian, agus do bhí sé nach mór marbh 'san tráthnóna. Do bhí Donnchadh ag brath ar éalughadh abhaile an oidhche sin, agus d'imtheochadh muna mbeadh inghean na caillighe. 'Nuair fuair sise faill ar a dhéanamh, d'fhiaf- ruigh sí de Dhonnchadh cia an chaoi chuaidh sé ar aghaidh ar feadh an lae.
D'innis seisean di muna mbeadh an cheannsacht do thaisbeáin sí féin do nach fanfadh sé aon lá eile ag obair do'n chailligh. Do gheall an cailín annsin do Donnchadh dá bhfan- fadh sé ag obair i bhfochair a máthar nach beadh aon obair chruaidh aige le déanamh as sin amach, agus go meadóchadh sí a neart ar slighe go mbeadh sé chomh láidir le leomhan Do bhí bó dubh ag an gcailligh agus cia b'é d'olfadh bainne na bó do bheadh sé chomh láidir le fiche fear. Ar maidin lae ar n-a bhárach do thom an inghean árán Dhonnchaidh i mbainne na bó. Agus an uair do chuaidh sé ag romhar i bhfochair na cailligh an lá sin do b'fhéidir leis congbháil suas léi go réidh. An dara lá do bhí sé níos treise, agus an tríomhadh lá d'fhéad sé an chailleach do shárughadh go furaiste. Do bhí sé ag dul i dtreise ó lá go ló, agus do bhíodh iomaire fad na páirce romhartha aige sul do bheadh an chailleach leith-bhealaigh. Do bhíodh sise ar buile agus ag fagháil locht ar a láidhe. Do-chuaidh sí ag triall ar ghabha draoidheachta, agus adubhairt sí leis láidhe nuadh do dhéanamh di. Do rinne an gabha sin, acht ní raibh aon mhaitheas di ann; do bhí Donnchadh ró-neartmhar di, óir do bhíodh an inghean ag tomadh a chuid aráin i mbainne na bó duibhe, agus do bhí sé ag éirghe níos láidre gach uile lá. Aon lá amháin do bhíodar ag romhar 'san bpáirc agus do chuaidh Donnchadh amach thar an gcailligh, agus do chuir sé sin fearg uirthe. "Congbhaigh ar an dtaoibh shiar díom," ar sise.
"Ní chongbhóchad," ar seisean; "muna bhfuil tú i gcumas congbháil romham tabhair tosach dom'." "Níor thug mé tosach d'aon fhear riamh, agus ní lughaide thiubharfaidh mé duit-se é," ar sise. "Fan im' dhiaidh," arsa Donnchadh. Leis sin tháinig lasadh feirge uirthe, agus do thug sí iarracht ar bhuille de'n láidhe do thabhairt dó, acht fuair seisean greim ar chois na láidhe, do tharraing sé uaithe í, agus do chaith sé seacht bpéirse taobh-amuigh de'n pháirc í. Annsin fuair sí greim scórnaigh air, agus thug iarracht ar é thachtadh. Do leag seisean í acht níor fhéad sé an greim do bhí aici ar a scórnach do sgaoileadh, agus do bheadh sé tachtuighthe aici go cinnte, acht go dtáinig an inghean go díreach i n-am le n-a shaoradh, agus do sgaoil sise greim na caillighe; do rinne sí síothcháin idir an mbeirt, agus do thug sí an mháthair abhaile léi. I n-a dhiaidh sin do chuadar ar aghaidh go maith go dtáinig aimsear bhainte an fhéir. Do ghléas an chailleach speal di féin, agus do ghléas Donnchadh ceann eile. Tráthnóna Dé Domhnaigh adubhairt an chailleach, "Beimíd ag spealadóireacht amárach." An oidhche sin adubhairt inghean na caillighe le Donnchadh:- "Atá tú le dul ag spealadóireacht amárach, agus tabhair aire dhuit féin. Cuirfead spícidhe cleithe síos 'san talamh i lorg mo mháthar, agus ní bheadh trioblóid ar bith ort ag congbháil suas léi." "Go raibh maith agat, a chuisle mo chroidhe," arsa Donnchadh, "tigh liom congbháil suas léi go réidh."
"Ní thig leat," ar sise, "atá speal ag mo mháthair agus congbhaigheann sí an faobhar ar feadh ama bhíos an fhéir d'á baint, go mbeidh deireadh an fhéir geárrtha; acht má chailleann sí an faobhar aon uair amháin, ní bheidh sí níos feárr ioná aon speal eile. Is faobhar iongantach atá ar speil mo mháthar." Ar maidin Dé Luain do-chuaidh an chailleach agus Donnchadh chum an mhóinfhéir ag baint. Do thosnaigh an chailleach ar an iomaire thosaigh, 'san áit i n-a raibh na spícidhe sáidhte 'san talamh ag an inghin. Níor bh'fhada gur casadh cheann aca léi, do gheárr sí í, acht do bhain an spíce an faobhar de'n speil. "Cupóg chruaidh," ar sise. "'Seadh," arsa Donnchadh. Do theagmhuigh ceann eile aca léi, agus adubhairt sí an chainnt chéadna. "Dar go deimhin," ar sise, "is cruaidh na cupóga atá 'san móinfhéar i mbliadhna." "Is cruaidh, go deimhin," arsa Donnchadh. Do-chuaidh sí ar aghaidh tamall eile, acht ní raibh an speal ag gearradh go maith dhi, agus do ghlaoidh sí, "Faobhar, a Dhonnchaidh." Do chuir sí suas faobhar, acht ní deárnaidh sí dul cúig slata chum cinn gur ghair sí amach arís, "faobhar, a Dhonnchaidh." Do thug Donnchadh am di an dara faobhar do chur suas, acht fá cheann ceathramhadh uaire chluig do ghlaoidh sí arís, "Faobhar, a Dhonnchaidh. Is le faobhar geártar faobhar." "Ní headh, a chailleach," ar seisean, "acht le fear
tréan agus le sean-speil ghéir, agus muna bhfágfaidh tú mo bhealach bainfead na loirgne dhíot." "Tabhair am dom' leis an bhfaobhar do chur suas an uair seo, agus má chliseann mo speal orm arís go mbeidh an cúrsa so críochnuighthe déanfaidh mé dhá leith de'n lann." Do chuir sí suas faobhar eile agus do thosnuigh sí ag baint, acht ní dheachaidh sí fiche troigh go raibh an faobhar imthighthe arís. Do bhí sí ar mire, agus do thug sí iarracht ar lann na speile do bhriseadh ar a glúin acht do thionntaigh an lann agus do gheárr sé an glún go doimhin, agus do b'éigin di fios do chur ar a hinghin le n-a h-iomchar abhaile; agus ní tháinig sí i n-aice le Donnchadh go raibh an móinfhéar geárrtha. Do-chuaidh Donnchadh ar aghaidh go maith annsin go raibh an coirce abaidh. Do bhí glún na caillighe cneas- uighthe an uair sin, agus do bhí sí i gcumas obaire do dhéanamh. Tráthnóna Dé Domhnaigh adubhairt sí le Donnchadh, "Bí réidh ar maidin i mbárach agus rachamuid ag baint coirce." "Atá mé réidh am ar bith," arsa Donnchadh. Adubhairt an inghean an oidhce sin le Donnchadh, "Atá tú le dul ag baint coirce i mbárach. Tabhair aire mhaith dhuith féin nó buaidhfidh mo mháthair ort ag an obair sin." "Ní'l baoghal orm," ar seisean, "tig liom a dhá oiread léi do bhaint." "Muna mbeadh aon nidh amháin d'fhéadfá," ar sise, "acht ní'l a fhios agat go bhfuil dardaol i láimh
chorráin mo mháthar, agus chomh fada agus do bheidh sé ann ní bheidh ar chumas aon duine 'san domhan buadh- achtain uirthe. "A stór mo chroidhe," arsa Donnchadh leis an inghin, bheinn marbh fad ó shoin muna mbeadh go bhfuil tusa ag cuidiughadh liom, acht beidh saoghal aoibhinn againn go fóil (fós) an uair bheas do mháthair 'san gcré." Ar maidin Dé Luain do chuadar araon chum an ghuirt agus thosnuigheadar ag baint choirce. Do ghlac an chailleach an chéad iomaire agus do bhí Donnchadh ag a cúl ag baint i n-a diaidh. Níor bh'fada gur dhruid sí amach uaidh, agus níor fhéad sé congbháil suas léi ar aon chor. An uair do bhí sí timcheall fiche troigh amach roimhe do ghair sí; "A Donnchaidh, saoilim go bhfuil buaidhirt aigneadh éigean ag imirt ort indiu." "Cread deir tú, a chailligh?" arsa Donnchadh, agus 'san am céadna do rith sé chúiche, agus do sgiob sé an corrán uaithe. Do tarraingeadh an lámh as, agus do thuit an darbh-daol ar an talamh. "Go deimhin duit, a chailligh bhradaigh, atá tú gabhtha anois. Cuirfidh mise deireadh leat," arsa Donnchadh. Thug an chailleach iarracht ar ghreim d'fhagháil ar an darbh-daol, acht do leag Donnchadh a chos air agus do mhairbh é. "Anois, a chailligh," arsa Donnchadh, "téidh ar aghaidh leis an mbaint." "Ní bainfidh mé níos mó," ar sise, "ceanglóchaidh mé an choirce id' dhiaidh; suidh síos agus leigh do scíth." "Ní bhfuil easbuidh scíthe orm," arsa Donnchadh, "d'á luaithe thagann Lá Samhna, is é is feárr liom." "Tig leat imtheacht i mbárach," ars' an chailleach,
"agus gheobhaidh tú an oiread airgid agus dá bhfanfá go Lá Samhna, má's maith leat é." Do aontuigh Donnchadh leis an margadh sin. An oidhche sin do tháinig stoirm mhór agus tóirneach agus teintreach, agus do leagadh teach na caillighe go talamh. Do marbhuigheadh an chailleach, an inghean agus an chú. Ar maidin lae ar n-a bhárach do bhí na céadta madradh timcheall an tighe, agus ó'n lá sin go dí an lá so ní'l aon ainm ar an áit acht "Gleann na Madadh." SGÉAL DÉIRDRE Do bhí rí i nÉirinn fadó shoin, agus ní raibh aige acht aon mhac amháin. D'imthigh an mac uaigh ar thóir saidhbhris. Do bhí sé ag imtheacht agus ag síor-imtheacht gur casadh gabha air. Do rinne sé aimsear leis an ngabha go ceann lae agus bliadhna. Seal geárr i n-a dhiaidh sin do tharla duine doscuidhtheach leis an ngabha céadna agus do chuir sé aimsear airsean, mar chuir sé ar mhac an ríogh. Murchadh do b'ainm do'n fhear so. D'imthigh an gabha ó'n mbaile lá, agus chomh fhad agus do bhí sé imthighthe do thosnuigh an bheirt bhuachaill ag troid. Do tharraing Murchadh tarainge cruidh as a phócadh, agus d'fhiafruigh sé de mhac an ríogh, "Cad é bhainfeas tú dhíom ar son an tairnge cruidh do chaitheamh leat?" Is é an freagra thug mac an ríogh air - "An chéad bhuille gan chosaint taobh amuigh de Éirinn." Do chaith Murchadh an tairnge cruidh le mac an
ríogh agus do chuir sé tré chroidhe a bhaise í; agus do bhí a dheárna ag cur fola an uair tháinig an gabha abhaile. D'fhoscail an gabha an dá dhorus, agus do sgaoil sé amach iad, duine aca tré gach dorus. Ní dheárna Murchadh acht a chamán agus a liathróid do thógbháil, agus d'ionnsuidh sé an bóthar, ag bualadh a liathroide ins an aer. Do bhí cailín ag an ngabha dár bh'ainm Déirdre Ní Mhananáin. Do lean sí Murchadh ar an mbóthar, agus siubhal na gcéadta fúithe, agus binn a cóta i n-a béal. An uair do chonnaic sé ag teacht í, do rinne sé iongantas dé'n bhean do bheith i n-a diaidh-sean, agus an siubhal mór do bhí fúithe. D'fhiosruigh sé dhi cá raibh sí ag dul. Is é an freagra thug sí air, go raibh sí ag a leanmhaint-sean, agus adubhairt sí, "An áit i n-a gcaillfear tusa, caillfear mise ann i n-éin- fheacht leat." "A bhean gan chéill," arsa Murchadh, "cá bhfuil tú ag dul? Ní'l áit ná árus agam-sa fá do chomhair." "Ní misde liom," arsa Déirdre. Do thóg sé annsin í, agus do leag sé ar bacánaibh a uilleann í. D'imthigh sé roimhe agus an bhean ar a bhacalainn aige agus é ag bualadh a liathróide 'san aer mar do bhí sé sul do thárla sí air. Níor bh'fhada d'imthigh sé gur casadh air fear dár bh'ainm Fionn mac Cumhaill, é féin agus a mhór-shluaighte ag dul chum troda le rígh do bhí 'san Domhan Toir. D'fhiafruigh Fionn de Mhurchadh, "an dtiocfaidh tú i n-éinfeacht liom-sa ag tabhairt an chatha?"
Adubhairt Mhurchadh go rachadh dá leigfeadh Déirdre dhó é dhéanamh. Adubhairt Déirdre go leigfeadh sí ins gach uile áit é acht gan é thabhairt leath-amuigh de Éirinn. "Is le dul as Éirinn amach atáim-se ag a tóruidh- eacht," arsa Fionn mac Cumhaill. "Sin rud nach faighidh tú," arsa Déirdre. "Géill dom'," arsa Murchadh féin, "agus b'fhéidir go bhfaighmís an bhuadhachtain uirthe." D'fhan sé an oidhche sin nó go raibh sí ag cíoradh a cinn. Do bhí sí fá gheasaibh gan athchuinge ar bith d'eiteach an uair bheadh sí ag a dhéanamh sin. Fuair Murchadh cead uaithe, agus do bhuaileadar leó, Murchadh agus Fionn agus a mhór-shluaighte. Ar imtheacht dhóibh do réidhtigheadar le chéile dá gcaillfidhe Murchadh go gcuirfidís suas bratacha dubha ar theacht abhaile dhóibh, agus dá mair- feadh sé, go mbeadh bratacha geala shuas aca. Do thrialladar ar an gcuan, an áit i raibh soightheach réidh chum iad do thabhairt thar muir. Do bhuaileadar isteach innte, agus do chrochadar suas a seólta móra bocóideacha, chomh-fhada, chómh-direach, go barraíbh na gcrann, nach fágfadh téad tíre gan tarraing, ioná maide ramha gan ró-bhriseadh, ag treabhadh na fairrge falcánta; míolta móra ag déanamh ceóil sidhe agus seirbhíse dhóibh; dhá dtrian ag imtheacht fá an tuinn i n-aghaidh an triana do bhí ag imtheacht ós a cionn. Do bhí sgread ag an bhfaoilean ó thosach na luinge go direadh na luinge. Do bhí an long ag cúr gainimhe míne i n-íochtar agus gainmhe gairbhe i n-uachtar na mara, eascoin i n-ascallaibh a chéile gur sroicheadar
cuan agus caladh 'san Domhan Toir. Do tharraing- eadar suas an soightheach tóin-íseal ceann-árd, agus do thugadar feiste lae agus lán-bhliadhna uirthe, cuir i gcás nach beadh sí ann acht uair an chluig. Do-chuadar suas fá dhéin ríogh na tíre, Fionn, é féin agus a mhór-shluaighte. Tháinig Murchadh agus do bhuail sé an cuaille comhraic. Níor fhág sé ainmhidhe i ngar do chuig mile dhó gan critheagla do chuir ortha le fuaim agus le neart a bhuille. Do tháinig teacht- aire ó'n rígh agus d'fhiafraigh sé créad do bhí sé ag iarraidh (créad do bhí uaidh). "Atáim ag iarraidh tighe dham féin agus do mo (dom') chuid fear," arsa Murchadh. "Ní fheicim teach ar bith le nbhúr n-aghaidh acht teach na n-amhas," ars' an teachtaire. Do ghluais Murchadh chum an tighe. Do bhí amhas agus cúig fichid ann, agus aon amhas amháin do bhí chomh mór leis an iomshlán acha (díobh). Do rinne gach uile ceann aca gáire go bhfacadh Murchadh an dúradán dubh do bhí i n-íochtar putóige gach amhais. Do fhiosruigh sé dhíobh cia an t-ádhbhar gáire do bhí aca. Adubhradar leis go mba bheag le gach ceann dhíobh a chuid féin de'n tigh. Ní dheárna Murchadh acht rith chum cinn aca. Do rug sé ghreim ar chaol a dhá chos, agus do bhí sé ag bualadh na n-amhas eile leis gur chaith sé go dtí na luirgne é, agus do mhairbh sé dá fhichid leis na luirgnibh féin. Do ghlan sé amach an teach, agus do ghlaoidh sé isteach ar Fhionn mac Chumhaill agus ar a mhór-shluaightibh. An uair do bhíodar istigh, adubhairt sé: "Do bheadh sé sin go
maith, a Fhinn mhic Chumhaill, dá mbeadh teine againn." Do gluais sé ar anonn go tigh an ríogh agus do bhuail sé an dorus. "Créad tá uait?" ars' an teachtaire. "Gléas teine dham féin agus do mo chuid fear," arsa Murchadh. "Imthigh leat go cruach móna atá annso i n-aice linn, agus tabhair leat móin le haghaidh gléis teine." Thug Murchadh leis ciseán mór, do-chuir sé cruach air, agus ba rí-bheag de'n mhóin d'fhág sé i n-a dhiaidh. Do chuir sé síos teine, agus an uair do bhí sí deargtha aige, adubhairt sé:- "Bheadh sé sin go maith dá mbeadh biadh againn." D'imthigh sé anonn ath-uair, agus do bhuail sé an dorus. Tháinig an dóirseóir amach agus d'fhiafruigh sé dhé, créad do bhí sé ag tóruidheacht. "Atá mé ar thóir bidh dhom féin agus do mo chuid fear," arsa Murchadh. "Imthigh leat chum an stóir," ars' an dóirseoir. Do rinne Murchadh rud air; fuair sé an biadh agus déarfá go dtug sé a sháith leis. An uair do leag sé an biadh chucha, adubhairt sé, "Do bheadh sin go maith dá mbeadh áit suidhte agam féin agus agat-sa, a Fhinn mhic Chumhaill." Do thriall sé anonn an triomhadh uair, agus do bhuail sé an dorus. Tháinig an dóirseoir agus d'fhiaf- ruigh sé cia do bhí ann agus créad do bhí uaidh. "Is mise grabaire Fhinn mhic Chumhaill, agus atáim ag iarraidh leabtha dham féin agus dom' mháighistir."
"Ní'l leabthacha le fagháil agat annso," ars' an dóirseoir. Ní dheárna Murchadh acht druidim ó'n dorus, tar- raing air arís, agus buille dhá chois a thabhairt dhó agus an dá dhorus a bhualadh ar a chéile. D'imthigh sé suas i seomra an ríogh, agus thug sé leis an dá leabaidh do b'fhearr do bhí ann. Do chodail siad an oidhche sin go sámh suaimhneasach. An uair d'éirigh Murchadh ar maidin lae ar n-a bhárach do chimil sé bos d'á urla (gruaig a chinn) agus bos d'á éadan, agus adubhairt sé:- "Atá sé i n-am againn dul chum tosaigh." Do-chuaidh sé amach agus do bhuail sé an chuaille comhraic. Tháinig an geatóir chum an doruis, agus d'fhiafruigh sé créad do bhí ag teastbháil uaidh. "Atá mé," arsa Murchadh, "ag iarraidh seacht mile romham agus seacht mile ar gach taoibh díom; é sin nó fear mo theagmhála." "Is geárr uait go bhfaigh tú sin," ars' an geatóir. Do cuireadh amach chuige na fir ba láidre (treise) do bhí aca. Do-chuaidh Murchadh tríotha, fútha, agus thairste, mar rachadh seabhac thré scata éanlaith nó madadh alla (madra alla) nó faolchú tré scata mion- chaorach, go ndeárnaidh sé trí cnaip díobh - eadhon, cnap d'á gcloignibh, cnap d'á gcuid éadach agus cnap dá n-armaibh. Do bhuaidh Murchadh an lá. D'fhág Murchadh agus Fionn mac Cumhaill agus a mhór-shluaighte an t-oileán sin, agus do thrialladar ar Éirinn arís. Is geárr do bhíodar ag seóltóireacht an uair do-chonnacadar bád ag teacht ortha agus iomramh
na gcéadta uirthe, agus gan innte acht aon fhear amháin. "Atá mise caillte anois," arsa Murchadh, "is é siúd mac Ríogh Éireann, agus tá an chéad buille gan cosaint aige orm i n-aon áit leath-amuigh de Éirinn go dteagmhóchainn air." Do b'fhíor dó. An uair do tháinig mac Ríogh Éireann suas leó, do b'éigean do Mhurchadh teacht i leith chuige agus seasamh ós comhair an chrainn gur bhain mac Ríogh Éireann an cloigeann de; agus do caitheamh corp agus cloigeann Mhurchadha ar last na loinge. Do sheoladar ar aghaidh go dtángadar i dtír i gcuan in Éirinn, agus sul do shroicheadar an cuan do chuir Fionn mac Cumhaill na bratacha geala suas. Do- chonnaic Déirdre iad; do rith sí síos chum an chuain, agus do shiubhail sí isteach go dtí n-a com 'san bhfairrge. Do bhreathnuigh sí isteach 'san luing. "A Fhinn mhic Chumhaill," arsa Déirdre, "do shaoil mé nach déanfá bréag liom. Cia an fáth nár chuir tú na bratacha dubha suas dam?" "Do bhí faitcheas orm, a Dhéirdre, go gcuirfeá ceó draoidheachta orm dá bhfeictheá na bratacha dubha shuas agam." "Dá mbeidís fhuas agat, ní leigfinn chum tíre thú go dtiubharfá Murchadh beó chugham; acht ó thárla go bhfuil sé marbh, tabhair dham féin an long, agus rachaidh mé ar fairrge léithe." Fuair sí an long; do sheoil sí léithe nó go dtáinig sí i n-aice le oileán do bhí 'san Domhan Toir. Ba le beirt dhearbhráthar an t-oileán so. Do bhíodh dream
daoine ag troid leó gach oidhche ag iarraidh an oileáin do bhaint dhíobh, agus an mhéid aca do marbhuightí 'san oidhche bhídís 'n-a mbeathaidh arís ar maidin. Do-chonnaic an beirt dhearbhráthar an bhean ag triall ortha agus fear marbh ar a druim aici. "Seo bean ghaiscidhigh do bhí i mbriseadh," arsa duine dhíobh, "agus is é siúd a fear atá ar a druim aice, agus ba ghaiscidheach é. Dá gcuidigheadh sé linn budh mór an gar dhúinn é, agus dá dtéigheadh sé i n-ár n-aghaidh, níor bh'fheáirrde sinn é." Do bhíodar ag ceileabhar mar soin an uair thainig Déirdre chum na háite i n-a rabhadar. Do beannuigh- eadar di agus d'fhiafruigheadar fáth a turais. Adubh- airt sí leó gur bh'é a fear do marbhuigheadh i mbriseadh do thug Fionn mac Cumhaill, agus gur bh'é mac Ríogh Éireann do mharbhuigh é. D'fhiafhruigheadar di ar mhaith léi é dhéanamh slán arís. D'fhreagair Déirdre gur le n-a aghaidh sin do dhein (righne) sí an turas seo. Do chuadar isteach agus do thugadar amach buidéal íoc- shláinte; do chimileadar a cheann leis, agus do righneadh slán arís é ar an toirt (ar an láthair sin). Annsin d'fhiosruigheadar dhe cia le a guideóchadh sé. "Cuideochad libhse go mbuaintear mo cheann anuas díom arís," arsa Murchadh. Do thugadar isteach é; do bhí proinn agus biadh annsin leagtha rómpa, smior mairt, feoil chearc, blas na meala ar gach nidh agus gan aon nidh tur (gan annlann). An uair do chaith- eadar a mbiadh, chuireadar a gculaidheacha gaisce orra le haghaidh troda. D'fhiosruigh Murchadh dhíobh cá raibh siad ag dul.
"Atáimíd ag dul ag faire go maidin," ars' siad. "Tá sibh ag faire ró-fhada," arsa Murchadh, "fanaidh 'sa bhaile, agus rachaidh mise i nbhur n-áit anocht, agus is mithid dhaoibh codladh d'fhagháil. Do bhain sé searradh as féin, agus do rug sé ar a chlaidheamh, ar a raibh faobhar chum geárrtha, faobhar chum beárrtha, faobhar agus teas-fhaobhar; an méid d'fhágfadh sé i n-a dhiaidh de'n chéad bhuille, thiubharfadh sé leis é de'n dara buille. Do chuaidh sé suas ar an gcnoc, an áit i n-a mbíodh siad ag tabhairt an bhriste gach uile oidhche. Níor bh'fada do bhí sé ann go dtáinig na sluaighte timcheall air. D'ionnsuidh sé iad, agus níor fhág sé ceann ar cholainn orra; agus an tráth do mharbhuigheadh sé iad do chaitheadh sé sraith fhéir ós a gcionn; acht budh gheárr i n-a dhiaidh sin go dtagadh an t-anam ionnta arís. Adubhairt sé leis féin, "Beidh a fhios agam anois cia an rud do ghnidheas slán iad." Do shín sé ag bun crainn i gan fhios. Ba ghairid do bhí sé sínte go bhfaca sé an chailleach ag teacht agus pota ar crochadh fá n-a muinéal, agus cleite aici i n-a raibh seacht bhfeadha ar faid ann. Do chuireadh sí an cleite 'san bpota agus do chaitheadh sí scuaid (steall) orra, agus do bhíodh siad ag éirghe chomh tiugh agus do bheitheá ag amharc orra. Ag súil le cosg do chur leo, d'ionnsuidh sé ath-uair iad, agus do mharbhuigh sé tuilleadh díobh. Do chas sé ar an gcailligh féin - is é an t-ainm do bhí uirthe, "Cailleach an Chleite- Phoitín" - agus do bhí sé ag gabháil uirthe le n-a claidheamh gur fhág sé i riocht báis í. Acht sul d'éag sí
do chuir sí mar athchuinge air dul ar an taoibh shiar de'n tulaigh, agus a fhuagairt de ghuth árd do chat na n-ocht gcos gur marbhuigh sé Cailleach an Chleite-Phoitín agus a cuid cloinne. Níor bh'fhada go bhfaca sé cat ag triall air agus scalltacha (lasracha) dearga as a béal. D'ionnsuigh- eadar a chéile; ní raibh aon iarracht do bheireadh an cat faoi nach stróiceadh sí ó bhaitheas a chinn go bunaibh a chos é, nó gur shaoil an cat é bheith claoidhte. D'fhosgail an cat a béal agus shaoil sí é shlughadh. Do rug Murchadh greim ar chab uachdair uirthe, gur tharraing sé ó chéile mar sin í siar go dtí n-a hearball. Ar mbeith do'n cat tugtha, gnóthuighthe aige, do thriall sé ar an gcaisleán i n-a raibh an bheirt ghaiscidh- each, do-chuadar-san ar a thóir, agus do bíodar leath- bhealaigh 'san tslighe an uair do casadh Murchadh ortha, agus má's thíos do fuaradar é is shuas d'fágadar é. "Ó, a dhaoine shuaracha," arsa Murchadh, "is mairg do thug gaiscidhigh riamh orraibh; atá an ríoghacht agaibh anois agus cead codlata go deó." "A ghaiscidhigh is feárr do bhí i n-Éirinn riamh, fan againn agus tabharfaimíd leath na ríoghachta dhuit." "Dá bhfaghainn an tír go léir ní bheinn sásta go mbainfidh mé sásamh "an chéad bhuille gan cosaint" de mhac Ríogh Éireann." D'imthigh sé féin agus Déirdre chum an chuain, an áit i n-a raibh a soightheach feistighthe. Do bhuaileadar isteach inte, agus d'árduigheadar a seólta agus níor stadadar gur sroicheadar tír agus talamh i nÉirinn. Do-chuaidh Murchadh chum cómhnuidhthe go Condae na Gailmhe, agus do mhair sé fá réim agus fá rachmas mórán bliadhan i n-a dhiaidh sin.
DIARMUID SÚGACH AN CHAOI AR IMIR SÉ AR NA DAOINIBH MAITHE. Do bhí Diarmuid i n-a dhuine shiamsamhail, agus níor bh'fheárr leis an lá aige ioná an oidhche le haghaidh siubhail. Do chómhnuigh sé i bhfogus dhá mhíle slighe do Chnoc an Dúin. Aon Oidhche Shamhna amháin d'imthigh na daoine maithe go Cúige Laighean le inghin Ríogh Laighean d'fhuadach leó go Cnoc an Dúin; do bhí Diarmuid amuigh mar ba ghnás leis, óir ins an tsean-aimsir bhíodh siamsa agus spórt ag an aos óg ins gach baile an oidhche sin; do bhídís ag déanamh cleas agus siamsa. Ag triall abhaile dhó, i dtaca an mheadhóin oidhche, do- chonniac sé bhuidhean chuige ar an mbóthar agus iad ag iomchur corpáin. Ní raibh faitcheas ná eagla air. Níor chualaidh sé ar feadh na hoidhche gur cailleadh duine ar bith ins na bailtibh do bhí i ngar dhó nó trí mhíle dhó. Acht is é an rud do bhí ann, an Sluagh Sidhe, agus do leagadar an corpán uatha anuas ar an mbóthar agus d'imthigheadar as a shlighe. Do dhruid sé i n-aice an chuirp, dhearc sé air, agus do shamhluigh sé gur cosamhlacht mhná óige áilne do bhí ins an gcomhrainn ós a chomhair. Do leag sé a lámh ar a héadan, agus d'airigh sé te é. "Maiseadh," arsa Diarmuid, "bíodh orm gur b'iad so na daoine maithe, agus gur bean uasal í seo thugadar leó ó árus a hathar agus a máthar féin anocht, agus go bhfuil siad d'á tabhairt abhaile leó; acht béarfaidh mise liom í dom' thigh féin." D'iomchuir sé abhaile an bhean go tigh a mháthar, acht
d'fhan sí fá shuan ar feadh lae agus bliadhna, nó go dtáinig Oidhche Shamhna arís. "Bliadhain agus an oidhche anocht," arsa Diarmuid "do bhain mé de na daoinibh maithe í, agus tá sí i n-a cnap suain agus codlata agam ó shoin. Rachaidh mé siar go Cnoc an Dúin anocht, agus b'fhéidir go bhfaighinn amach cia an fáth atá leis an síor-chodladh so uirthe." D'imthigh sé leis, agus do thriall sé ar an mbruidhean. Do bí an dorus oscailte roimhe. Isteach leis agus do-chuaidh sé i bhfolach ar chúl an doruis. Níor bhfada dhó annsin go dtáinig na sidheóga uile go léir ós a chomhair agus do thosnuigheadar ag cainnt agus ag cur síos ar a n-eachtra an Oidhche Shamhna do-chuaidh thart. "Atá sé bliadhain an oidhche anocht, comhthrom," arsa ceann aca, "ó bhain Diarmuid Súgach inghean Ríogh Laighean dínn." "Cia an mhaith sin dó?" arsa duine eile díobh, "ní dheárna sí smeigeadh ná gáire leis ó shoin." "Is fíor duit," arsa an trídheóg eile, "acht ní bheadh sí mar soin dá ndéanadh sé an biorán suain atá i n-a folt i gcúl a cinn do bhaint as, do bheadh sí chomh meanmnach is do bhí sí riamh." "Atá go maith, a bhuachaill," arsa Diarmuid leis féin, "beidh a fhios agam an fíor duit-se sin." Do-chuadar ag imirt beart agus cluiche annsoin. Thugadar amach an t-adhastar buidhe agus do bhíodar ag a scaoileadh thart. Do chuaidh Diarmuid i n-a measg i gan fhios dóibh. Ar dteacht do'n adhastar buidhe chuige do chruinnigh sé suas é, do chuir sé i n-a phóca é, agus d'éaluigh sé uatha.
An tráth do-chonnacadar nach raibh an t-adhastar buidhe le fagháil, adubhairt duine aca, "Mise im' bhanna gur theagmhuigh Diarmuid libh, agus gur b'é thug leis é. Amach de sgíord leis gach uile dhuine aca i n-a dhiaidh, agus do-bhéarfaidís air marach (muna mbeadh) a ghliocas. Do-chualaidh sé an gleó agus an rith i n-a dhiaidh agus an uair do bhreathnuigh sé siar, céard (cad) d'fheicfeadh sé acht an Sluagh Sídhe ag teacht air. "Is ar thóir an adhastair bhuidhe atá siad," arsa Diarmuid leis féin, "acht ní bhfaighidh siad é má's féidir liom-sa é;" agus siúd isteach é fá dhroichead do bhí treasna an bhóthair cois abhann. Tháinig na sídheóga go tapaidh agus do-chuadar thar an droicheadh. Níor bh'fhada dhó annsoin gur airigh sé ag filleadh thar n-ais iad, agus do chualaidh sé ceann aca ag a rádh: "Atá sé imthighthe tharainn anois, acht gheobhmuid greim air arís, agus mise im' bhanna, go gcuiteóchamuid leis i dtaoibh an dá bheart so atá imeartha aige orainn." Do-chuaidh na síodheoga chum na bruidhne agus d'imthigh Diarmuid abhaile. Tar éis teacht dó chum a thighe féin do bhuail sé an dorus agus do leigeadh isteach é, do rith sé anonn chum na mná uaisle ag a rádh: - "Goirim agus coisreacaim thú, a inghean Ríogh Laighean. Nach mise do righne an ghníomh, agus tusa do bhaint de'n tSluagh Sidhe?" Leis sin, do cuarduigh sé a folt agus tharraing sé amach an biorán suain. D'imthigh an codladh agus an suan di leis sin, agus tháinig a cainnt agus a héisteacht dhi. "Buaidh agus treise leat, a Dhiarmuid is tú
d'anacal inghean Ríogh Laighean," ars' an bhean. D'innis Diarmuid di mar d'éirigh leis í thabhairt ó na daoinibh maithe agus go raibh sí le bliadhain fá n-a chúram. "Atá sé i n-am againn dul abhaile go tigh m'athar anois," ars an inghean. D'imthigheadar leó go dtáinig siad go Cúige Laighean. Do chuir Diarmuid tuairisg mar gheall ar a inghin ag triall ar an righ - go raibh sí séin agus a fear coimhdeachta ag teacht abhaile, agus do chuir an rí teachtaire chum eólais do dhéanamh dóibh. Ar theacht ós comhair an ríogh dhóibh d'inniseadar dó an sgéal ó thús go deireadh. Do ghabh an rí buidheachas le Diarmuid, agus tar éis seachtmhaine do chaitheamh i bhfochair an ríogh d'imthigh Diarmuid abhaile go háthasach. CUIR SÍOS AR "CNOC AN DÚIN" IONAD CÓMHNUIDHTHE NA SÍDHEÓG. Atá an cnoc so i mbaile na "hÁille Brice," i n-iarthar Chondae na Gaillimhe, i bparáiste "Bhaile an Dúin," i n-aice le Caisleán Bun hAimhne, agus adeir na daoine do chómhnuidheas anois 'san mbaile seo agus mar aon leó cuid mhór de na daoinibh ins na bailtibh i bhfogus dó, gan amhras ar bith, go bhfuil bruidhean ag na daoinibh maithe 'san gcnoc so; go bhfuil ba agus eallach, mná agus páistidhe aca ins an mbruidhin, agus
go gcongbhaidheann siad na ba le haghaidh bainne do thabhairt do na páistíbh; go gcuireann siad na ba so amach ins an oidhche, an fhaid bhíos na daoine gur leó an féar i n-a gcodladh; agus nach íosfadh ba na hÉireann an méid féir a fhásas mar bhíodh beithidhigh na ndaoineadh maith, agus mar dheimhniughadh ar an nidh céadna innisid an sgéal so a leanas:- Timcheall céad bliadhan ó shoin do bhí maor ag duine uasal de mhuinntir Mhag Eochagáin do bhí i n-a chómhnuidhe 'san gcaisleán atá i seilbh Chloinne Uaidin de Bláca anois, agus gidh go raibh sé ag tabhairt aire mhaith do'n bhféar ins an oidhche do gheibhthí an féar ithte ar maidin. Do bhíodh a mháighistir ag casaoid air fá so. Do chuireadh sin fearg ar an maor le faitcheas go saoil- feadh a mháighistir nach raibh sé ag tabhairt aire mar ba chóir do'n bhféar. Fá dheireadh adubhairt sé leis séin:- "Cia ar bith bitheamhnach ar leis na beithidhigh gheobhaidh mise greim air." Ar an ádhbhar soin d'fhan sé i n-a dhuiseacht ar feadh na hoidhche sin ag súil go bhfaigheadh sé fios cia ar leis na beithidhigh; i dtaca an mheadhóin oidhche do bhí sé ag siubhal thart ar thóir na mbó agus do-chualaidh sé na ba ag cogaint a gcíre agus ag ingheilt an fhéir; do dhearc sé timcheall air, acht ní fhaca sé dadamh. Do bhí sé ag siubhal leis agus chualaidh sé an gearradh, acht ní raibh aon bhó le feicsint. Tamall i n-a dhiaidh sin, agus é trom tuirseach, do sheasamh sé ar tortáinín seamrach, agus ar an móiméid sin do chonnaic sé na ba dubha ag ithe an fhéir. Do shaoil sé riamh i n-a dhiaidh
sin gurab' ar an tseamair mhuire do sheasaimh sé. Do rith sé chucha, agus do rug sé ar earball ar an mbuin ba ghoire dhó, chas sé fionnadh an earbaill ar righe a láimhe. D'imthigh an bhó ag rith go ndeachaidh sí isteach ins an mbruidhin, acht níor sgar seisean le n-a ghreim go ndeachaidh sé isteach i n-aoinfheacht léithe. Do cuireadh fáilte roimh Aindréas an Ghréasuidhe (do b'é sin ainm agus sloinne an mhaoir). Do dhearc sé tháiris, agus is beag nár chaill sé radharc a shul le háilneacht na bruidhne. Ní raibh ins an domhan, dar leis féin, áit chómh breágh léi, agus níor fhéad sé focal do labhairt. Do-chonnaic sé mná ag bogadh (luasgadh) cliabhán agus go leór páistidhe. I gcionn tamaill tháinig a chainnt dó, agus níor bh'í an deagh-chainnt í, óir adubhairt sé: "Cia an deamhan atá oraibh go bhfuil bhur mba ag ithe féir mo mháighistir?" "A Aindréis na gcarad," arsa na mná sidhe, "chíonn tú na páistidhe agus ní mór dóibh braon bainne." "Ag an donas go raibh sibh féin agus bhur bpáis- tidhe," arsa Aindréis. "Ó! a Aindréis; Ó! a Aindréis; Ó! mo chara is mo chomairc, ná bí ag tabhairt na mionn mór, agus déanfamuid rud ar bith a thógróchas tú." "Atá go maith," arsa Aindréis, "is mian liom sibh do chongbháil bhur mbeithidhigh uaim as so amach agus gan leigint dóibh féar mo mháighistir do ithe." Ná bí ag eascainidhe," ar siad, "agus ní leig- fimíd aon bhó linn go bráth arís ad' ghoire ná id' ghaor." "Is é sin díreach an rud atá mé ag iarraidh oraibh do dhéanamh, agus beidh suaimhneas agus sócamhlacht
agam-sa agus féar mo mháighistir gan díoghbháil do dhéanamh dó." "Atámuid sásta," arsa na mná, "rud ar bith do dhéanamh do chongbhóchaidh thusa as so le faitcheas roimh do mhionna móra." Do righneadar connradh annsoin agus as soin amach níor tháinig na beithidhigh ag ingheilt an fhéir. Do bhí Aindréas sásta, óir do bhí cead aige an oidhche do chodailt, agus do chongbhaigh na mná sidhe a ngeallamhna. IMREAS NA SIDHEÓG Is sean-fhocal gur feárr an t-imreas ioná an t-uaigneas, agus do b'é sin dála na sidheóg. Oidhche in a raibh damhsa nó rinnce i mbaile na hAille Brice do tháinig leath-dhuine uasal ag mar- cuigheacht ar each deas go dtí teach an damhsa. D'ísligh sé de'n each, agus do chuir sé scorán ins an diallait ag cinnireacht an éich, agus chuaidh sé féin isteach go mbeadh scathamh damhsa aige. Ní túisce do bhí sé imthighe agus an scorán ins an diallait ná tháinig na daoine maithe ar an taoibh shiar de'n each; do bhuail siad bos ar a mhás, agus as go bráth leis. Do cuir- eadh amach ins an loch atá fá Chnoc an Dúin é, an marcach agus an diallait; ar feadh na h-aimsire do chongbhuigheadar ar snámh é anonn agus anall tríd an loch go raibh an marcach tuirseach tnáidhte d'á mhar- cuigheacht agus an t-each beagnach sáruighthe; óir do bhí na sidheoga ag bualadh an eich le súistíbh i n-a raibh bualtáin ceangailte le h-éill do bhí déanta de chroic- eann eilite. Tháinig duine de na daoinibh maithe agus
rug sé gréim ar shrian an mharcaigh agus adubhairt:- "Atá sé i n-am agat an áit seo d'fhágbháil; imthigh abhaile, nó éirigh dom' thigh-se. Atá na buachaillidhe beaga i n-a ndúiseacht, agus leigfidh siad isteach thú." Tar éis sin do rádh, d'imthigh sé. Do fágadh an marcach, é féin agus an t-each, ar an talamh tirim, acht do bhí a leath bhróg caillte ag an marcach. Ar ball tháinig marcaigh eile suas leis, do bhuailleadar buille ar an gcapall, agus d'imthigh sé i n-aoinfheacht leó. Níor stadadar gur chuireadar trí míle bóthair tharsta. Do sheasadar annsoin agus do bhíodar mar bheadh saighdiuiridhe ag foghluim gnótha saighdiuireachta, ag dul tré n-a chéile go dtí goirim na gcoileach. D'imtigh- eadar annsoin mar shloigfeadh an talamh iad, agus tháinig an marcach agus a chapall chum an tighe gur chomhairligh an sidheóg dó dul an tráth do tharraing sé as an loch é. Do bhuail sé ag an dorus agus leigeadh isteach é, agus do bhí fáilte roimhe. Atá gnás i measc na sean-bhan riamh ó shoin gan sean-scuab do chaitheamh amach le faitcheas go ndéan- fadh na daoine maithe capaill díobh; dóghann siad iad. BRÉIDÍN CAILLEACH NA n-ADHARC Do bhí sean-bhean ann fad ó agus do bhíodh sí ag obair i gcómhnuidhe. Aon oidhche Shathairn amháin do bhí sí ag sníomh go deireannach 'san oidhche; agus cia bhuailfeadh isteach chúiche acht sean-chailleach ar a raibh dhá adharc uirthe chomh mór le hadharcaibh tairbh. Do
shuidh sí síos agus d'fhiafruigh sí do mhnaoi an tíghe an raibh péire cárdaidhe aice agus go dtiubhradh sí congnamh di. "Ní'l," ars' an bhean. "Ní raibh mise riamh gan mo ghléas oibre féin," ars' an chailleach, agus do tharraing sí péire cárdaidhe amach as a póca, agus do thosnuigh sí ag cárdáil. Níor bh'fada bhí sí ag obair go dtáinig cailleach eile isteach, agus péire adharc uirri, mar an gcéadna. Do shuidh sí síos agus adubhairt sí le mnaoi an tighe go dtiubhradh sí congnamh di dá mbeadh túrna aice. "Ní'l aon túrma agam le t'aghaidh," ars' an bhean. "Ní raibh mise riamh gan mo ghléas oibre féin agam," ars' an chailleach; leis sin do tharraing sí amach túrna beag, agus do thosnuigh sí ag sníomh. Acht, leis an scéal do ghiorrughadh, bhíodar ag teacht isteach, ó chailleach go cailleach go raibh ceithre cail- leacha fichead ann - dhá chailligh déag ag sníomh agus an oiread eile ag cárdáil. D'oibrigheadar tamall; annsoin adubhairt ceann aca go mba olc do thuill bean an tighe dada do dhéanamh di, óir níor chuir sí cumaoin ar bith orra fá n-a gcuid oibre, gan fiú biadh ná deoch aice dhóibh. Do gheall an bhean bhocht annsoin go ndéanfadh sí deoch dóibh. Thóg sí an canna léi agus chuaidh sí i gcoinne (ag iarraidh) uisce; acht an uair do bhí sí ag filleadh do bhuail sí a hórdóg i gcoinne cloiche. "Mo chuid de thubaiste na bliadhna ort mar chloich, muna bhfuil mé gearrtha agat," ars' an bhean bhocht. "Ná habair sin," ars' an chloch, "is mise do mháthair,
a tháinig rómhat annso le comhairle do thabhairt duit. An uair rachaidh tú abhaile abair go bhfuil Cnoc Áine ar lasadh, agus rithfidh na cailleacha amach; an uair do bheidh siad amuigh dún an dorus, agus ná leig isteach arís iad. Sul do dúnfas tú an dorus caith amach a gcuid túrna agus a gcuid cárda (cárdaidhe). Ar a bhfeaca tú riamh ná leig isteach iad, nó béidh aithmhéala ort." Do righne sí mar adubhradh léi. Chomh luath agus do chualaidh na cailleacha go raibh an cnoc tré theine, amach leó; ní raibh siad a bhfad amuigh go dtáinig siad tar n-ais chum an doruis ag iarraidh iad do leigint isteach arís; acht ní leigfeadh an bhean isteach iad. Thosnuigheadar ag glaodhach annsoin. Do ghlaoidh ceann aca ar a cárdaíbh í leigint isteach. "Ní fhéad- fainn," arsa na cárdaidhe, "mar atá mise chomh fada amach leat féin." 'Nuair do theip a dtúrnaidhe agus a gcárdaidhe féin orra, do ghlaoidh cailleach eile amach, "a thúrna mná an tighe, leig isteach sinn." "Ní fhéadfainn," ars' an turna, "atá smut bainte asam." Annsoin do ghlaoidh sí ar cárdaidhe mná an tighe í leigint isteach. "Ní fhéadfamaois," arsa na cárdaidhe, "atá fiacla bainte asainn." Fá dheireadh d'iarr ceann aca ar shudóig gan beárna éirghe agus iad do leigint isteach. Thosnuigh an tsudóg ag léimnigh suas chum an doruis, acht rug bean an tighe ar an tslis, agus do rinne sí dhá leath dhi.
Adubhairt na cailleacha annsoin, "níor mhór duit, óir dá rachamaois isteach do chuirfimís de reachtaibh ort gan a bheith chomh deireannach ag sníomhachán oidhche dé Sathairn." D'imthigh siad ar siubhal uaithe annsoin agus ní fhaca sí ní ba mhó iad. Agus is é sin an fáth go mbaineann na mná smut as gach uile cáca do leigeann siad thart. EACHTRA AR AN SGOLÓIG AGUS AR AN NGRUAGACH RUADH. I bhfad sul ar smuain na Lochlannaigh ar theacht go hÉirinn, ná beóir do dhéanamh de scoth an fraoich, do chomhnuigh i mBéaladáchab, i ndeisceart Éireann, Sgológ do bhí saidhbhir go leór, mar ba fhear tionns- cantach, coimheádach é ag a raibh cuid mhaith maoine. Ní raibh de mhuirighin air acht aon mhac amháin, agus is cóir do rádh gur mhór é a chion air. Acht is anamh bhíonn mac gasda ag athair coigilteach, agus b'é sin dála na Sgolóige. Thárla do'n tseanduine, ar chaitheamh a aimsire dhó, go dícheallach, saothrach, go bhfuair sé bás ar nós daoine an tsaoghail. Ar mbeith dó curtha 'san uaigh agus seilbh ag an bhfear óg ar rachmus a athar is beag do shaoil an t-ógánach uaibhreach so go dtiocfadh leis choidhche an t-ór agus an t-airgead go léir do scaipeadh, agus ba lughaide do mhachtnaidh sé ar a inmhe do mhéadughadh. Do bhíodh
sé ar aontaighe agus ag cóimhthionóil agus chaith sé a chuid airgid go fial. Ar an ngnás so bhuain sé beagán bliadhan fá réim as; acht i ndiaidh treimhse áirithe do bhí an Sgológ ag dul i mbochtaineacht. Dob' éigin dó a thalamh do chur i ngeall agus ní raibh gléas a fhiacha do íoc aige. Acht dá mhéid an donais do thaobhaidh é níor ba mhóide í a chiall, mar lean sé lucht fhiadhaigh agus gach cleacht dícéillighe do ghnáthaigh sé ó n-a óige. Lá dá raibh sé ag teacht abhaile go tuirseach, theagmhaigh leis 'san mbóthar, i bhfogus a thighe féin, fear aosda, ba cosmhuil le bheith in a leath-amadán in a shuidhe go seasgair le hais cloidhe mór aitinn. Adubhairt an duine seo, ag tabhairt teiste air féin, gur Gruagach Ruadh an t-ainm do bhí air, agus go raibh de chinneamhuin cruaidh air ó rugadh é bheith tugtha thar meadhón do dislighibh d'imirt, gidh nach mbíodh aige go ró-mhinic d'á bhárr acht cailleamhuin agus anacair. D'fhiafruigh sé de'n Sgolóig a n-imreochadh sé cluiche leis. D'fhreagair seisean go ndéanfadh, acht nach raibh púinn airgid aige. Ba dhuine macrasach sgigeamhail an Gruagach do bhí eolgach ar chleasaibh agus ar shlighthibh draoidheachta ar a raibh an Sgológ i n-ainbhfios. Níor staon sé riamh gan an t-eolas soin do chur i ngníomh dá bhfaidheadh sé faill air, acht ní fheadar an Sgológ é bheith calaoiseach. Thóg ag Gruagach díslidhe as a phóca, agus do chrom- adar ar imirt, acht ba ghearr do lean leó gur bhuaidh am Sgológ, agus fuair sé gan moill an méid do
gealladh dhó. Thriall an Sgológ d'á thigh, go meanm- nach lán de bhrígh. Do ghluais sé air, tráthnóna aoibhinn i n-a dhiaidh soin, go ráinig sé áit 'san ngleann mar ba ghnáthach do'n Ghruagach suidhe, ag súil le é fheicsint. Níor mealladh é in a dhóchas, óir ba thapaidh do chonnaic sé an Gruagach agus é ag dhéanamh súgartha dhó féin. Ó'n aithne do bhí aca ar a chéile roimhré bhíodar car- thannach muinnteardha. Chuir an Gruagach fáilte roimh an Sgolóig, agus d'fhiafruigh cionnus thárla dhó ó'n uair dheigheanach do casadh air é. D'aithris an Sgológ dó focal ar fhocal, do réir mar do bhí. Ag trácht dóibh ar ghluaiseacht an tsaoghail, d'admhuigh an Gruagach nach raibh leigheas aige ar a chlaontaibh féin; "agus," ar sé, "táim fonnmhar le cluiche d'imirt ar na coinghill céadna do bhí eadrainn cheana má's áil leat-sa é." Níor theastuigh mórán tafainn (tathant) ó'n Sgolóig, agus do thosnuigheadar ar imirt an dara huair, ar son go mbeadh cead ag gach n-aon díobh gidh b'é breith ba mhaith leis do chur mar gheasaibh ar a chomh- laoch. Dá ghéarchúisighe shaoil an Sgológ é féin do bheith in a shlighthibh, ba chliste go mór an Gruagach. Tar éis a bhfad d'aimsir do chaitheamh ag imirt i n-aghaidh a chéile, fuair an Gruagach Ruadh an buadhachtain. Le crith- eagla agus buaidhreadh-aignidh do ghread an Sgológ a bhasa agus do thuit sé i bhfanntais. D'fhan an Sgológ ins an riocht soin i ngar d'uair an chluig, acht ar mhúscladh dhó, tháinig sé chuige féin arís ó'n gcriothnughadh uathbhásach do bhí i n-a chroidhe. "Ní dhéanfad-sa aon dochar duit," ars' an Gruagach
Ruadh, ar a raibh féachaint ghruama. "Pread id' shuidhe go inneosad duit na geasa chuirfidh mé ort." D'éirigh an Sgológ in a sheasamh, agus adubhairt, "Má's áil leat é, innis dam créad iad féin, ó nach bhfuil dul uatha agam." "Is fíor," ars' an Gruagach, "go gcaithfidh tú stríocadh dom-sa anois; agus ná bíodh aon mhearughadh ná mearbhall ort gur b'é seo an coingheall: - An claidheamh soluis atá ag an nGaiscidheach Óg 'san Domhan Toir do bheith agat romham ar an láithreach so lá agus bliadhain ó indiu. Slán leat. Is iomdha bóthar cam agus díreach romhat." Is le croidhe duairc chuaidh an Sgológ abhaile. D'aithin a mháthair gan moill go raibh brón éigin ag gcoilleamhuint air, agus do bhí amhrus láidir aice gur bh'é ganguideacht an Ghruagaigh Ruaidh do thug fá ndeara dhó gan bheith níos meisneamhla. Do cheistigh sí é ar an modh in ar chaith sé a aimsear ó d'fág sé an teach, nó cad d'eirigh dó go raibh sé chomh meata sin. Ba fhiosach dó a mháthair do bheith ceannradharcach go leór, agus nach beadh aon mhaitheas dó an fhírinne do cheilt uirthe. D'innis sé dhi créad do thuit amach idir é féin agus an Gruagach Ruadh. "Is é seo," ar sé, "fáth mo chráidhteachta." "Dá nglacfá mo chomhairle-se," ar sí, "ní bheadh a leithéid sin de sgéal le hinnsint agat, óir is maith do bhí a fhios agam gur beag an fagháltas do gheabhthá ar an nGruagach Ruadh, agus nach raibh de ghnó ar siubhal aige ó thosach go deireadh acht ag cur a líontáin ar innill fad' chomhair. Is eolach dam-sa slighe ar a
bhéadfaidh tú teacht saor ó n-a gheasaibh, acht is riachdanach duit bheith muinighneach asat féin agus do dhícheall do dhéanamh go bríoghmhar." Annsoin do mhínigh sí dhó na cúrsaidhe tré n-a gcaithfeadh sé gabháil, agus in a dhiaidh sin do chuir sí in a chodladh é le ceól sidhe. An lá ar n-a bhárach, le fosgailt an lae, bhí máthair na Sgolóige go dúthrachtach ag fagháil lón ullamh d'á mac fá chomhair an bhóthair. Do-chuaidh sí amhach ar an bhfaithche, thóg snáth fada as a póca, do leig leis na ngaoith é, agus do ghlaoidh go hárd uair no dhó. Ba gheárr go dtáinig chuiche each caol donn ar a raibh srian agus diallait. D'fhan an Sgológ ar a shocracht go foighideach ag súil le hórdughadh chum imtheachta. "Is mithid duit bheith ar siubhal," ars' a mháthair, "mo bheannacht leat; go n-éirigh d'aistear leat; agus go dtigir ar ais slán." Do léim an Sgológ ar mhuin an chapaill, thug póg d'á mháthair; le n-a linn sin do thuit fras deór ó n-a shúilibh, agus sgaoil sé chum an bhóthair. Do rith an t-each chomh luath leis an ngaoith, agus ní fheadar an Sgológ an soir seach is siar do bhí sé ag dul go dtáinig sé go bruach na fairrge; acht níor chuir sin aon chosg leis, mar d'eitill an capall thar thonntaibh na mara chomh lúthmhar is do sgeinfeadh fiolar ar thaoibh chnuic, agus ba ghairid go raibh an Sgológ i bhfad ó radharc cuain agus calaidh. Lean sé de'n choisidheacht sin go rug an tráthnóna déigheanach air, agus an ghrian ag dul faoi. Uim an t-am soin chonnaic an Sgológ talamh agus do-chuaidh sé i dtír,
acht ar a shon sin níor sguir an t-each ó'n deithneas bhí aige d'á dhéanamh nó go ráinig sé machaire fairsing ag bun caisleáin mhóir, leathain, úr-aolta, agus chrom sé ar sheitrigh. Ba gheall le cómhartha é so do mhuinntir an caisleáin, óir do fosgladh na dóirse agus tháinig fá n-a dhéin buidhean seirbhíseach do threóraigh é go halla na cúirte. Do b'é rí na tíre do bhí in a chomhnuidhe 'san tigh mór, agus chuir sé féin agus an bhainríoghan céad míle fáilte roimh an Sgolóig. D'inniseadar dó gur bh'iad féin a shean-athair agus a shean-mháthar. Tugadh biadh agus deoch oireamhnach chuige, agus d'ith agus d'ól sé a dhóthain. Chuireadar tuairisg i dtaoibh a mháthair, agus cionnus do thaithinigh leí maireachtain in Éirinn. "Is geal leis an bhfiach dubh a geárrcach, agus is ionmhuin liom inghean-sa a máthair," ars' an bainríoghan ar fheicsint fáinne óir do leig an Sgológ tuitim isteach i ngloine as a raibh sé ag ól. "Tá a fhios agam nach tabhairfeadh sí an taisge seo dhuit muna mbeadh go bhfuil cion mór aice ort." Níor cheilt an Sgológ aon chuid d'á theagmhais orra, agus do chríochnuigh leis na foclaibh seo: - Is ar bhur stiúradh-sa amháin atá mo bheatha nó mo bás agus cuirim mo dhóchas ionnaibh go dtiubharfaidh sibh saor mé." Do-chuaidh sé a chodladh, óir do bhí tuirse ar i ndiaidh a thaisdil fháda, agus do chodail sé go socair sámh go rug solus geal an lae air. Do nocht an rí do'n Sgolóig ar maidin tásg fírinneach na ceiste do bhí ag teastbháil uaidh le réidhteach chum an Ghruagaigh Ruaidh do shásamh. "Ní fuláir dam innsin duit," ars' an rí,
"gur déarbhráithreacha sin-ne a dtriúr - an Gruagach Ruadh, an Gaiscidheach Óg, agus mé féin; agus gidh gur bh'é an Gruagach Ruadh an té b'óige dhínn, do bhí sé an-ghlic. Do shanntaigh sé le aimsir fhada an claidheamh soluis atá ag an Gaiscidheach Óg, acht do bhí a fhios aige nach féadfadh sé é d'fhagháil gan mo chongnamh-sa. Theagmhaigh an Gruagach Ruadh ort-sa, d'imir sé díslidhe leat, le muinighin as a chlaon choir go mb'fhéidir leis a dhúil d'agairt ar an nGaiscidheach Óg. Atá an Gaiscidheach Óg in a chomhnuidhe i ndún láidir dhá mhíle as so, ar a bhfuil ballaidhe nó múrtha árda d'á thimcheallughadh, agus leith istigh díobh bíonn dragúin ag a bhfuil fiacla fada géire ag faire, agus is baoghalach an nidh fearg do chuir orra. Má bheirid ort íosfaidh siad id' bheathaidh thú, acht má's féidir leat teacht saor uatha an chéad lá agus an dara lá, ní bheidh baoghal ort. Is ionad comhnuidhthe é seo atá ag an Gaiscidheach Óg, agus ní lamhadh aon duine dul i n-aice an tighe nach bhfuil aithneadmhuil do na dragúnaibh. Éirigh ar dhruim an chapuill riabhaigh taisbeánfar duit, agus béarfaidh sé thar an ngeata thú. Ná bíodh aon teannta ort i dtaoibh a bhfeicfidh tú, acht abair i nguth árd go dteastuigheann an claidheamh soluis uait. An moill is lúgha ná déin i n-a dhiaidh sin, acht iompoigh ar do chúl, agus brostuigh leis an méid deithnis d'fhéad- faidh tú thar n-ais." Fá cheann beagán de laethibh eile, ar theacht do'n am ceapuighthe, do ghluais an Sgológ go meisneamhuil gur tháinig sé go himeall na bhfalaidh do bhí timcheall an dúin; croth an capall a cheann, agus thug go
fonnmhar tuslóg tharsta isteach. Adubhairt an Sgológ go bhorb teann an claidheamh soluis do thabhairt chuige amach. Chuir na dragúin sgreadanna fíochmhara asta, agus gidh gur thugadar iarracht buileamhuil ar é do shlugadh, chas sé thar n-ais, do ghríosaigh sé a chapall, dá ríribh, agus do chuaidh d'aon léim amháin ós cionn an bhalla ar an taoibh eile, acht do briseadh dhá chois dheiridh an chapuill. D'imthigh an Sgológ roimhe, agus do bhí sé ag caisleán an ríogh díreach le tuitim na hoidhche, gan leónadh nó gortughadh, lán d'áthas. Bá luathgháireach do bhíodar go léir fá tráthamhlacht na slighe in ar righne sé a ghnó. Do thriall sé ar dhún an Ghaiscidhigh Óig an dara lá, agus ní luaithe do bhí sé ar thaoibh istigh de'n bhalla ná leig na dragúin béicidhe gráineamhla ba mheasa go mór ioná aon nidh do chualaidh sé riamh roimhe sin, acht tháinig leis ar ghreim an anma, teitheadh go cúirt an ríogh. "Beidh na dragúin go léir in a gcodladh indiu," ars' an rí leis an Sgolóig ar maidin an treas lae, "óir atáid siad tnáithte ó bheith ag faire de ló agus d'oidhche an dá lá chuaidh thart, agus ní mhoitheóchaidh siad thú ag dul isteach. Déan ceann ar d'aghaidh ar an ndún, agus gheabhair gach nidh atá d'easbuidh ort. Do lean sé comhairle an ríogh, agus níor cuireadh aon toirmeasg air. Do bhí suan trom ar na dragúnaibh, agus gidh gur shatail sé ar chois chín dhíobh, tré thionóisg, níor chuir an t-ainmhidh cor de. Do dhruid sé níos goire do'n chaisleán, agus ar fheicsint doruis ar dian- leatha. Do-chuaidh sé isteach, agus shaoil sé nach raibh sé riabh i n-a leithéid d'áit le áilleacht agus
deagh-riaracht. Do-chualaidh sé cainnt i gceann de na seomraibh. Do bhuail sé ag an dorus agus d'iarr cead dul isteach. "Do gheabhair sin agus fáilte," ars' an fear d'oscail an dorus, "ó bhí sé de chumas ionnat na daingneacha dlútha do bhí d'ár gcosaint do mhilleadh. Suidh síos agus innis dom' cread tá uait." "Is fad' ó bhaile tháinig mé chugaibh," ars' an Sgológ. "Is mairg damh-sa gur b'eadh," ars' an duine uasal. "Is iomdha laoch calma do claoidheadh ag iarraidh ár ndún do leagadh." Do shuidh an Sgológ go cúthail agus do nocht gach sgéal do réir na fiafruighthe do cuireadh air, "agus anois," ar sé, "ní bhfuil d'easbuidh orm acht an claidheamh soluis." "Measaim," ars' an duine uasal, "go bhfuil a fhios agat cheana féin gur mise an Gaiscidheach Óg. Súd é thall an claidheamh soluis ag crochadh ar an bhalla, agus bronnaim ort é. Tugann sé solus chomh lonnrach sin uaidh go bhfeicfeá aon nidh timcheall air i ndorchadas na hoidhche chomh gléineach is d'fhéadfá i lár an lae. Beir leat é agus mo bheannacht-sa le n-a chois." D'fhág an Sgológ slán ag an nGaiscidheach Óg; agus d'iompoigh sé a aghaidh ar an mbaile. Seachtmhain roimhe sin do bhuail aicíd an Gruagach Ruadh, agus fuair sé bás; ba thaithneamhach an sgéal é sin do'n sgolóig, óir ní raibh duine beó chum seilbhe an chlaidhimh soluis do bhaint de, ná buaidhirt do chur air go bráth arís. Do bhí a mháthair ag súil leis i n-aghaidh an lae, agus ar
radharc d'fhagháil air, do rith sí chuige - "Dia do bheatha," ar rí, agus le méid a gáirdeachais shaoil sé go múchfadh sí le pógaibh é, go mbáithfeadh sí le deóraibh é, agus go dtíormóchadh sí é le brataibh glana síoda agus sróil. Do mhaireadar go séanmhar ar feadh na coda eile d'á saoghail. CRÍOCH
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services