Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fuigheall Sgéal ó'n tSean-aimsir

Title
Fuigheall Sgéal ó'n tSean-aimsir
Author(s)
Bailithe ag Domhnall Ó Fotharta,
Compiler/Editor
Ó Fotharta, Domhnall
Composition Date
1912
Publisher
O'Brien Patrick

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Fuigheall sgéal ó'n tsean-
aimsir.



Domhnall Ó Fotharta
do chnuasaigh a urmhór.



DOMHNALL DUBH AGUS BRADÁN MÓR
LOCH RÍBH



'San tsean-aimsir aoibhinn i bhfad ó shoin, do bhí
fear d'ár bh'ainm Domhnall Dubh i n-a chomhnuidhe i ngar
do Loch Ríbh. Ní raibh de chlann aige acht aon inghean
amháin, agus do bhí sise dall ó rugadh í, agus is é
ainm do bhí ag na daoinibh uirri "Nóirín Dall Dubh."
Do bhí guth breágh ceolmhar aice, agus ní raibh sean-
amhrán 'san tír nach raibh de ghlan mheabhair aice. Aon
tráthnóna amháin d'iarr Nóirín ar a hathair í do
bhreith síos go bruach an locha, óir do bhí an tráthnóna
an-bhreágh. Thug a hathair síos í, agus adubhairt sé
léi:-



"Fan annsoin, nó fagh do bhealach abhaile."



'Nuair d'imthigh a hathair uaithe, do shuigh sí síos ar
túrtóig thirim, agus thosnuigh sé ag gabháil amhráin
mar seo:-



"A Bhéaltaine bhuidhe is tusa an mhí
Go mbíonn dath deas ar na féileacáin;
Bíonn éin ar an gcraoibh ag seinm go binn,
Is na páirceanna daithte le plúracáin."



Níor bh'fhada dhi ag gabháil an amhráin go dtáinig
bradán mór go bárr an uisce, agus do chuir sé cluas
air féin ag éisteacht léi. 'Nuair do chuir sí deireadh
leis an rann, do chualaidh sí guth ag a rádh : -



"Is mór an truagh thú do bheith dall. Dá mbeadh
domblas bradáin agat le cuimilt ded' shúilibh bheadh
do radharc agat."


L. 2


Agus an ghrian ag dul faoi tháinig Domhnall agus
thug sé abhaile í.



D'innis sí dhó na focla do chualaidh sí.



"Maith go leór; rachaidh mise ag iascaireacht ar
maidin i mbárach," arsa Domhnall, "agus má tá
bradán 'san loch gheobhaidh mé é."



Ar maidin lae ar na bhárach, roimh grian go moch,
d'éirigh Domhnall agus do-chuaidh sé síos go bruach an
locha. Fuair sé bád, agus amach leis ag iascaireacht.
Ar mbeith dhó i lár an locha, chualaidh sé crutach ag
sgréachaigh; 'san am céadna do mhothuigh sé an líne
ag a tharraingt, agus thosnuigh an tslat iascaireachta
ag lúbadh.



"Dar mo fhocal," arsa Domhnall, "atá bradán mór
ar mo dhubhán."



Leis sin thosnuigh sé ag tarraingt chomh maith agus
do b'fhéidir leis, acht mo bhrón! do sciorr a chosa agus
thuit sé amhach ar mhullach a chinn 'san loch, agus síos,
síos fá uisce gur shaoil sé go raibh sé ag deireadh an
domhain.



'Nuair d'osgail sé a shúile is amhlaidh do bhí sé i
seomra taithneamhach i láthair fhir mhóir. Do bhí a
chroiceann mar chroiceann éisg. Do labhair an fear
leis:-



"A Dhomhnaill Dhuibh," ar sé, "cad go thug annso
thú?"



"Ní bhfuil a fhios agam," arsa Domhnall. "Do bhíos
ag iascaireacht ar Loch Ríbh, agus shaoil mé go raibh
bradán mór gabhtha agam, agus bhíos ag a tharraingt
isteach, acht do sciorr mo chosa uaim agus do thuit mé


L. 3


ar mhullach mo chinn isteach 'san loch. Ní bheinn ag
iascaireacht acht go bhfuil inghean dall agam, agus do
chualaidh sé dá mbeadh domblas bradáin aici le cuimilt
d'á súilibh go mbeadh a radharc aici. Sin agat an fáth
go bhfuilim annso."



"Tá tú i láthair Ríogh an Locha anois," ars' an fear,
"agus is fada atá mé ag fanacht (fanamhain) leath.
Éist liom anois. Ar chualaidh tú riamh an chaoi ar
thárla do'n loch bheith annso 'san áit a bhfuil sé?"



"Níor chualaidh mé, go deimhin," arsa Domhnall, "gidh
go bhfuilim am' chomhnuidhe i ngar do'n loch ó rugadh
mé, agus mo sheacht sinnsear romham."



"Ní bheidh tú i bhfad mar soin," ars' an fear mór.
"Ba rí mo athair-se, agus fuair mo mháthair bás an
oidhche do rugadh mé, acht níor bhfada gur phós m'athair
bean eile, agus do bhí cumhachta mór draoidheachta ag
mo leas-mháthair. 'Nuair do bhí mé seacht mbliadhna
d'aois chuir mé fearg uirthe; do tharraing sí amach
slaitín draoidheachta, chuir sí crith talmhan ar dhúthaigh
m'athar agus rinne sí loch de. Báitheadh m'athair, agus
rinneadh bradán díom-sa, mar fheiceas tú (do-chír.)
Tagann mo leas-mháthair gach uile oidhche le mé do
ghéar-chrádh, acht ó thárla go bhfuil tusa chum cabhartha
liom, tá súil agam go bhfuighidh mé buaidh uirrthe
anois. Tar liom agus fágfaidh mé ar bhruach an locha
thú; anois téirigh go bun an chrainn mhóir mhaoil-dheirg
atá ag fás ar cúl do thighe, agus romhair síos go
dtagaidh tú ar lic mhóir. Tóg an leac, agus do-
gheobhaidh tú cat dubh fireann i n-a chodladh fúithe.
Tabhair leat an cat go bruach an loca, agus beidh


L. 4


mise annsoin romhat. Má ghnídh tú mar adeir mise
leat, beidh tú sona saidhbhir, buan-saoghalach, acht mara
(muna) ndéanaidh tú do réir mo chomhairle beidh tú
id' dheóraidhe bhocht chráidhte chomh fad agus bheidh
uisce ag rith nó féar ag fás.



"Dar m'fhocal, go ndéanfaidh mé amhlaidh adeir tú,"
arsa Domhnall, "agus tá mé réidh le dul leat."



Annsoin do bhuail sé buille de shlaitín draoidheachta
ar Dhómhnall, agus do rinne sé crutach de. Ba ghairid
i n-a dhiaidh sin go raibh sé ag snámh ar an loch. Tar
éis teachta dó chum an bhruaich do bhuail an bradán mór
buille de'n tslaitín draoidheachta air, agus le iom-
páil na baise do bhí sé ar talamh thirm, agus d'imthigh
sé air a bhaile. 'Nuair tháinig sé chomh fada leis an
gcrann mór maol-dearg, chosnuigh sé ag romhar; ba
ghéarr go dtáinig sé ar an lic mhóir; do thóg sé an
leac agus do-chonnaic sé an cat dubh i n-a chodladh.
Do chuir sé an cat i n-a bhrollach, agus as go bráth
leis go bruach an locha. Do bhí an bradán mór annsoin
roimhe, agus thug sé é féin agus an cat dubh go dtí
a sheomra fá'n loch. Annsoin adubhairt sé le Domhnall:



"Is maith an laoch tú; anois fagh scian agus bain
amach croidhe an chuit, agus tabhair damh-sa é."



Fuair Domhnall an scian; do bhain sé amach croidhe
an chuit agus do bhí sé ar tí é thabhairt do'n bhradán,
acht do-chualaidh sé torann mór.



"Deifir, deifir," ars' an bradán, "atá an chailleach
ag teacht. Fagh mo chlaidheamh géaraighthe atá thall ar
an mballa, agus cruthaigh gur gaisgidheach thú, an tráth
thiocfas an chailleach agus a cuid cat isteach."


L. 5


Níor bh'fada gur fhosgail doras an tseomra, agus
tháinig sean-chailleach ghránda isteach, agus ós cionn
trí fichid cat i n-a diaidh. Do tharraing Domhnall a
chlaidheamh, agus do bhuail sé í i gclár an éadain agus
do thuit sí go talmhain. Annsoin do léim na cuit air,
agus do bhí siad ag a scríobadh go raibh lochán fola i
n-a thimcheall. D'éirigh an chailleach go tapaidh, agus do
bhí sí ag teacht chum buille slaite an bháis do thabhairt
dó, gur bhuail an bradán mór í idir an dá shúil le
croidhe an chuit mhóir dhuibh, agus do thuit sí marbh i
measg na gcat. Do rinne Domhnall léirscrios orra;
do mharbh sé na cuit go léir.



"Tabhair dom do lámh," ars' an bradán mór, "is
tú an gaiscidheach is fearr i nÉirinn. Ní bheidh easnamh
aon nidh ort chomh fada agus bheas tú beó. Atá eolas
agam ar aít a bhfuil ciste óir bhuidhe, agus ní deacair
duit é d'fhagháil. Tá caisleán mór maiseach i dtír an
Tailmh Bháin, agus tig leat dul ann agus t'inghean
do thabhairt leat chum comhnuighthe ann.



"Go raibh maith agat," arsa Domhnall, "acht do
b'fhearr liom bheith im' chomhnuidhe i nÉirinn, mo thír
dhúthchais, ioná i n-aon tír eile fá'n ngréin; agus má
fhágann tú 'sa bhaile mé beidh mé sásta go leór."



"Ní thig liom sgaradh leat mar sin," ars' an bradán
mór, agus saoilim gur dícheallach an fear thú, acht
má tá fonn ort fanamhaint i nÉirinn bíodh sé mar
soin. Tá a fhios agat cá bhfuil Dún na Ríogh i ngar
do'n locht?"



"Atá eolas agam air, do deimhin," arsa Domhnall,
"is iomdha maide do gheárr mé ann."


L. 6


"Má bhíonn tú 'san dún anocht i dtaca an mheadhoin
oidhche, beidh mise romhat ann, agus cuirfidh mé i
slighe saidhbhris d'fhagháil thú; agus seo dhuit domblas
le cuimilt de shúilibh t'inghine, agus beidh a radharc
aice, agus má tá duine ar bith eile dall i gcomharsan-
acht duit déan mar an gcéadna leis; agus ná glac
ór ná airgead ó dhuine bhocht. Tar éis dul abhaile
dhuit, ar do bheatha ná hinnis do aon neach beó cia an
áit a raibh tú, ná aon nidh d'éirigh dhuit ó d'fhág tú
an baile."



"Glacfad do chomhairle, agus déanfad rud ort,"
arsa Domhnall.



Annsoin do bhuail an bradán mór buille ar Dhomh-
nall agus do rinne sé crotach dhe, agus adubhairt sé,
"lean mise." Do lean Domhnall é ag snámh go fonn-
mhar, gur shroicheadar araon an bruach. Do chaith an
bradán mór Domhnall anáirde ar tulachán cloch 'san
gcuma i n-a raibh sé sul do-chuaidh sé ag iascaireacht.



Nuair do-chuaidh sé abhaile do bhí an teach lán de
dhaoinibh muinnteardha agus de chomharsanaibh, agus do
bhí a bhean agus a inghean ag gul agus ag caoineadh,
mar do shaoil riad go raibh sé báidhte. Do-chuaidh sé
isteach, agus d'fhéachadar air le hiongantas, agus do
thosnuigh siad ag crothadh lámh leis.



"Fág mo bhealach," arsa Domhnall, "go dtugaidh mé
a radharc dom' inghin." Thóg sé domblas an bhradáin
as a mháilín, agus do chuimil sé súile Nóirín leis, agus
do bhí a radharc aice chomh maith agus do bhí ag Domhnall
féin. Do sgread sí agus do bhuail sí a basa le
lúthgháir, agus thug sí buidheachas do Dhia.


L. 7


Do bhí go leór daoine 'san bparráiste ar a raibh
easbaidh radharc a súl agus do chuir sé fios ortha,
agus do leigheas sé iad. Níor bh'fhada go ndeachaidh
cáil Dhomhnaill thríd an tír, agus do bhí daill ag teacht
chuige gacht uile lá.



Timcheall taca an mheadhoin oidhche, nó seal geárr
roimhe, do chuaidh Domhnall go Dún na Ríogh, agus ba
ghearr gur chulaidh sé ruaille buaille agus torann cos
capall, agus isteach leis an sluadh sídhe agus an
bradán mór i n-a bhfochair. Ar mbeith dhóibh uile go
léir 'san dún, adubhairt an bradán mór:-



"Atá báire liathróide coise le bualadh againn anocht
i n-aghaidh Sidhe Laighean. Atá gaiscidheach agam le bheith
i láthair chomh tréan agus atá 'san domhan. Tar i leith,
a Dhomhnaill Dhuibh, go bhfeicidh na daoine uaisle thú."



Tháinig Domhnall i láthair agus do chraith na fir sidhe
lámha leis, agus do bhí sparán óir i láimh gach duine
aca. Fá dheireadh thug an bradán mála mór do
Dhomhnall chum an t-ór do chur ann, agus adubhairt sé
leis é chur fá chrann go dtagadh sé ar ais, agus gan
a rún d'aithris do neach ar bith. Annsoin tháinig síon
mhór ghaoithe, agus d'fhuadaigh sí iad go léir suas anns
an aér, agus do leigeadh anuas iad ar machaire mór.
Do bhí Sluagh Sídhe Laighean ar an machaire agus ba
ghairid gur thosnuigh an báire ag a bualadh.



Do bhí an ghealach in a suidhe agus do bhí an oidhche
i ngar do bheith chomh geal leis an lá; do bhíodar ag
rith anonn is anall, agus is iomdha fear do thuit le
cor coise. Fá deireadh fuair Sidhe Chonnachta an
bhuaidh, agus do ghnóthuigheadar an báire.




L. 8


Do tháinig an tsíon ghaoithe arís, agus do thug ar
ais iad go Dún na Ríogh i n-aice le Loch Ríbh. Annsoin
adubhairt an bradán mór le Domhnall, "Fagh do mhála
agus imthigh abhaile: tá an oiread agat anois is
chaithfeas tú féin is do bhean agus t'inghean, acht ná
leig an rún amach, nó caillfidh tú an rachmas atá
agat. Slán leat!"



Do-chuaidh Domhnall abhaile, agus do-chuir sé an
mála óir i bhfolach fá lic mhóir i n-úrlár an tighe sul
d'éirigh Nóirín nó an bhean; agus ní raibh a fhios aca é
bheith amuigh cor ar bith. 'Nuair d'éirigheadar do thais-
beán sé lán a ghlaice d'ór dóibh, agus do chuir sin
lúthgháir mhór ortha; do ritheadar chuige, agus do shaoil
sé go múchfadh siad le pógaibh é. Do cheannuigh sé
gabháltas mór talmhan, agus do chuir sé teach breágh
ar bun. Seal geárr i n-a dhiaidh sin do phós Nóirín
sgológ raidhbhir.



Atá an bradán mór 'san gcaisleán fá'n loch fós,
agus tig le duine ar bith é d'fheicsint gach uile Lá
Bealtaine ag snámh ar bhárr uisce an locha. Do mhair
Domhnall, a bhean, agus a inghean, go sona, séanmhar,
buan-saoghalach: agus gurab' é ár ndála go léir é.


L. 9


"AN UAIR IS CRUAIDH DO'N CHAILLIGH É
CAITHFIDH SÍ RITH."



Is sean-fhocal é so ameasg na ndaoineadh 'san
iarthar, agus is é an míniughadh atá leis, an uair atá
duine i dteannta, go ndéanfaidh sé gníomha nach
gnáthach leis do déanamh, mar do righne an chailleach
'san sgéal so:-



Anns an tsean-aimsir, do bhí sagart agus a mháthair
i n-a gcomhnuidhe i dtigh i n-aice le roilig i gCuan na
Mara. Do bhí an mháthair aosta agus craptha le
sgoilteach; do bhí an-fhaitcheas uirri roimh an mbás,
agus ba mhian léi go minic eolus d'fhagháil ó dhuine
éigin d'ár cuireadh 'san roilig cia an sórt áite do bhí
aca ar an tsaoghal eile, mar nach raibh sí ró-shásta le
teagasg an tsagairt i n-a thaoibh.



Do thárla an t-am soin, go bhfuair fear bás a raibh
béasa aisteamhla aige, agus d'fhág sé i n-a uadhacht
mála cnó do chur 'san gcomhra leis, mar do bhí an-
spéis aige ionnta súd i n-imtheacht a shaoghail. Do
righne a mhuinntear agus a ghaolta mar d'órduigh sé,
agus cuireadar an mála cnó fá n-a cheann anns
an gcomhra.



Do bhí go maith; acht do bhí sean-bhean i n-a comh-
nuidhe 'san áit, do chuir dúil i gcnáibh, acht ní raibh aon
chnó le fagháil di. Níor thug sí sgíth ná stad d'á fear
dh'á mbárr; acht ní raibh aon cheann le fagháil díobh,
muna rachadh sé agus an corpán a thógbháil. Fá
dheireach, b'éigean dó a toil do thabhairt di leis sin do


L. 10


dhéanamh. D'éirigh sé 'san mheadhon-oidhche, agus d'imthigh
sé chum an uaighe d'fhosgailt, agus na cná do bhí fá
cheann an duine mhairbh do thabhairt abhaile leis.



An uair do bhí sé ag triall ar an roilig, do casadh
fear eile ar an mbóthar leis. Do chuir siad caidéis
(caint) ar a chéile.



"Cad do chas amach thú an tráth so d'oidhche?" ars'
an dara fear.



"Innseóchaidh mé sin duit, má innsigheann tusa dham
créad do thug amach thú féin," ars an fear eile.



"Go deimhin, atá mé ag dul chum an chorpáin do
cuireadh indé go thógbháil," ars' an fear so, agus
d'innis sé an sgéal ar fad dhó.



"Maiseadh, fan liom-sa," arsa fear na gcaorach,
"agus beimíd abhaile i n-éinfheacht.



"Tá go maith," ars' an duine eile; agus d'imthigh
gach aon aca a bhealach féin.



Do-chuaidh an fear do bhí ar thóir na gcnó chum na
roilige; d'fhosgail sé an uaigh agus an chomhra. Fuair
sé an mála cnó, agus an uair do réightigh sé an áit
arís do shuidh sé ar bhárr na huaighe ag briseadh na gcnó
agus ag ithe an toraidh i bhfochair fear na gcaorach.



Do bhí an sagart amuigh an oidhche sin ag cur na
hola ar dhuine do bhí tinn. Tar éis teacht abhaile dhó
d'ísligh sé dh'á chapall, agus adubhairt sé le n-a bhuachaill
é thiomáint amach 'san pháirc.



Do righne sé sin; acht chomhfhad agus do bhí sé ag cur
ceangail ar an gcapall, do chualaidh sé an cnagarnach
do bhí ag an bhfear amuigh 'san roilig. Do bhreathnuigh
sé thar an gclaidhe in a thimcheall, go bhfaca sé an fear


L. 11


ar bhárr na huaighe. Do rith sé abhaile i na sean-
rása, agus d'innis sé an sgéal do'n tsean-bhean
(mhnaoi) go raibh an duine marbh in a shuidhe ar an uaigh
amuigh.



"O, cuir ar do dhruim mé, ars' an chailleach, "agus
tabhair leat go dtí an uaigh mé, go bhfuighidh mé sgéala
i dtaoibh na háite atá aige ar an saoghal eile."



"Deamhan cos, do bheadh faitcheas mo chroidhe orm,"
ars' an buachaill. Ní raibh aon mhaith dhó ann; do b'éigin
dó géilleadh fá dheireadh agus an chailleach d'árdughadh
leis. Bíodar ag druidim leis an uaigh gur thóg fear
na gcnó a cheann. "Ohó, fuair tú í," ar sé, "bhfuil
sí ramhar?"



Do chaith an buachaill an chailleach dhá dhruim anuas,
"sin agat í, ramhar nó gan bheith ramhar," sgread sé,
agus as go bráth leis.



Ní túisce thuit an chailleach ar an talamh ná tháinic
a h-osgar (lúth, brigh) dhí; agus le teann faitcheasa,
righne sí dearmad go raibh sí círchéimeach nó bacach;
agus as go bráth léithe-sí chómh maith. Is túisce do bhí
sí 'san tigh ná an buachaill, dhá fheabhas do rith sé, agus
is uaithe atá an sean-fhochal.


L. 12


AN BHEIRT DHEARBHRÁTHAR



Do bhí beirt dhearbhráthar ann fad ó, duine aca bocht
agus an duine eile saidhbhir. Tháinig an fear saidhbhir
fá dhéin an fhir bhoicht lá go ngeobhadh sé i n-éinfheacht
leis ag déanamh cise.



"Mar seo agus mar siúd," ars' an fear bocht,
"ní'l agam acht aon tsean-bhó amháin, agus ní fiú dham
cis a dhéanamh dhi sin ó atá rud éigin eile agam le
déanamh thairis."



"Tá go maith, ars' an dhearbhráthair saidhbhir, "déan-
faidh mé féin an chis acht ar chroiceann do chluaise ná
leig do bhó uirri, nó má leigir beidh tú i n-a aithmhéala."



Chuaidh sé annsoin agus righne sé an chis. Budh í bó
an fhir bhoicht an chéad bhó do shiubhal uirri. Chonnaic
an fear saidhbhir í (óir bhí sé ag faire uirri), agus an
oiread deóir níor fhágh sé innti. D'imthigh leis annsoin
agus adubhairt sé leis an dearbhráthair bocht a bhó
d'árdughadh as a bhealach go h-áit éigin eile.



Do chuaidh an dearbhráthair bocht agus d'fheann sé an
bhó, agus thug sé an chroiceann abhaile leis. 'Nuair
do bhí sé tirim, do bhrath sé dul chum an mhargaidh leis;
acht sul ar imthigh sé d'fhiafruigh sé d'á mhnaoi, "An
bhfuil pighin ar bith airgid agat?" Adubhairt sí leis
nach raibh aici acht deich sgillinge agus nach raibh rud
ar bith eile aici chum bídh do cheannach, ó cailleadh an
bhó do bhí aca.



"Ní'l neart air," ars' an fear, "tabhair an méid
sin féin dom, agus b'fhéidir go mbeadh tuille agam
ar mo theacht abhaile."


L. 13


"B'fhéidir le Dia go mbeidh," ar sise, ag tabhairt
an airgid dó. Do-chuir sé ceithre phoill 'san gcroic-
eann, agus chuir sé píosa leath-choróineach i ngach poll
aca. Do thug sé leis chum an mhargaidh annsoin é,
agus thosnuigh sé ag a bhualadh le n-a mhaide, ag rádh,
"An croiceann agus a luach," agus ag baint píosa
airgid as le gach buille.



Tháinig bodach mór saidhbhir chuige, agus d'fhiafruigh
sé dhe, cad a bheadh aige (uaidh) ar an gcroiceann.
"Maiseadh," d'fhreagair an fear bocht, "Ní'l a fhios
soin agam, óir gach uile uair do bhuailim buille air,
tuiteann phíosa airgid amach as, agus is deacair a
rádh cad é a luach." Dó bhí an bodach sanntach. Ba
mhian leis an croiceann do bheith aige agus earasbharr
an tsaidhbhris do ghnódhughadh.



"Tiubharfaidh mé seacht míle púnt duit air," ars'
an bodach.



"Ní maith liom sgaramhain leis," ars' an fear bocht,
"acht mar soin féin béarfaidh mé dhuit é."



D'íoc sé an t-airgead, agus fuair sé an croiceann.



Do thug an fear bocht an t-airgead abhaile, agus
ní fhaca tú beirt ar bith riamh do bhí chomh áthasach leó
'nuair do chonnaic a bhean é agus a eire de ór buidhe
ar a dhruim.



Do chuir sé a bhean amach go dtí tigh a dhearbhráthar
ag iarraidh soightheach go dtomhaisfeadh siad an t-ór.
Ar mbeith dó tomhaiste aige chuir sé abhaile an
soightheach. Chonnaic bean an dearbhráthar shaidhbhir
píosa óir greamuighthe d'á íochtar agus bhí a fhios aici
gur ag tomhas óir do bhí sé ag na daoinibh bochta.


L. 14


Níor bh'fhada go dtáinig an dearbhráthair saidhbhir ag
fiafruighe de'n duine bocht cá bhfuair sé an méid óir
do bhí aige.



Adubhairt an dearbhráthair bocht go bhfuair sé ar
croiceann a bhó é.



"Dar so súd," ars' an fear saidhbhir, "go mairbh-
eóchaidh mise gach uile bhó dá bhfuil agam, agus go
bhfeannfaidh mé iad."



"Déim do rogha rud," ars' an dearbhráthair bocht,
"ní bheidh mise cionntach fútha.



D'imthigh leis, agus do mharbhuigh na ba go léir, agus
do thug sé chum an mhargaidh na croicinn; acht mo
léan! dá mbeadh sé ag a mbualadh ó shóin ní bhsuigheadh
sé pighinn orra. Tháinig sé abhaile go trom tuirseach,
feargach, agus chrom sé ar rapadh ar fuid an tighe.
Níor shásuigh soin é go ndeachaidh go dtí teach a dhear-
bhráthar agus gur bhain sé an tsúil as i ngeall ar an
gcleas d'imir sé air. Do thosnuigh an duine bocht ag
caoineadh, agus d'imthigh sé ar aghaidh. Acht sul ar fhág
sé an teach do cuir a bhean an tsúil i n-a phócadh, agus
adubhairt sí leis gan í do chailleamhain, agus b'fhéidir
go mbeadh gnó éigin aige fós di.



Do bhí sé ag siubhal leis go dtáinig sé go tortáinín
beag i bhfad ó bhaile, agus do shuidh sé síos air ag
leigean a sgithe. Níor bh'fhada go dtáinig caitín beag
deas chuige agus d'fhiafruigh sé dhe cad do bhí air.
D'innis sé dhó.



"Marbhfháisg air, ars' an cat, "nár bh'olc an gaduidhe
é. Acht ná bac leis; fan annso go dtiocfaidh an
deireannacht, agus cuirfidh mise isteach do shúil duit


L. 15


chomh maith agus do bhí sí riamh, ag tobar íoc-shláinte.
Tar anois liom go rachaimíd go dtí an teach beag atá
shiar annsoin ag na cait. D'imthigh siad indiu, agus
beidh siad 'san mbaile le tuitim na h-oidche, agus tá
sé chomh maith againn bheith 'san tigh le bheith 'san áit
seo. 'Nuair rachaimíd isteach, caithfidh tú dul i
bhfolach 'san áit a n-abróchaidh mise leath, acht ar a
bhfaca tú riamh ná déan aon tsrannadh nó má dhéanann
tú beimíd uile go léir caillte. D'fhág siad mise i
gcionn (i mbun) an tighe, agus dá mbeadh fios aca ar
an gcleas so is geárr do bheinn beó. Ar mbeith
istigh dóibh déanfaidh siad fir díobh féin agus tosnóchaidh
siad ag déanamh grinn' agus beidh siad ar aon "rilleadh
buile" amháin nó go meidh siad sáruighthe, agus
annsoin tuitfidh siad i n-a gcodladh."



Do bhí go maith agus ní raibh go holc; 'nuair tháinig
na cait abhaile, do b'é an chead rud d'fhiafruigheadar,



"An raibh duine ar bith annso ó mhaidin?"



Adubhairt an cat beat nach raibh. Ní túisge do bhí
na focla as a bhéal ioná do righne siad fir díobh féin,
agus ní fhaca tú a leithéid de shiamsa riamh agus do
bhí aca. Is é adubhart ceann aca -



"Do bhí mise i n-áit indiu, agus do bhí cruinniughadh
mór daoine ann. Do thárla an t-uachtarán ag dul
thart ar an urlár, agus do theagmhuigheas i n-a bhealach;
thug sé buille de mhaide dham do ghortaigh go mór mé.
D'imthigheas agus do chaitheas luibh 'san mbraighdeoig
a raibh an bhainne ann, agus d'ól an t-uachtarán as,
agus cuirfidh sé tinneas cinn air nach féadfar a


L. 16


leigheas go deó - sin é an chóir do chuir mise ar an
uachtarán.



Do bhí gach uile dhuine aca agus a sgéal fhéin aige,
acht thuit siad in a gcodladh fá dheireach. Ar mbeith
dóibh i n-a gcodladh, thug an cat beag amach an fear
beag, do bhuain sé a shúil as a phóca, agus do chuir sé
isteach i n-a h-ionad í chomh maith agus do bhí sí riamh.
Annsin do thug sé a eire d'ór dó, agus adubhairt leis
dul abhaile i n-ainm Dé.



Chomh fhad agus do bhí sé as baile, thug a bhean muc
do bhí marbh aici le h-aghaidh na Nodlag go teach an
dearbhráthar shaidhbhir.



"Cá bhfuil tú ag tabhairt na muice sin?" ars' a
bhean léi.



"Tá mé dhá tabhairt duit-si," adubhairt sí, "ag
súil go nglacfá truaigh dom' agus mé gan rud ar
bith beó agam le mé chosaint ó d'imthigh m'fhear uaim.



"Imthigh uaim go dtí an deamhan," ar sise, "cia'n
binn atá agam-sa ar do mhuic."



D'imthigh léi annsin cum an deamhain agus an mhuc
ar a druim aici. 'Nuair tháinic sí go dtí an chéad
gheatóir d'fhiafruigh sé dhí cá raibh sí ag dul? "Tá mé
ag dul go hifreann leis an muic so," ar sise.



"An dtiubharfá dada dhamhsa dhí?" ars an geatóir.



"Go deimhin tiubharfad," adubhairt sí.



"Maith an cailín," adubhairt seisean, "Abair é sin
leis an gcéad gheatóir eile. Ní iarrfaidh mise ort í."



Táinig sí chum an dara geatóir.



"Cá bhfuil tú ag dul leis an muic sin?" ars' an
geatóir. "Tá mé ag dul go hifreann," ar sise.


L. 17


"An dtiubharfá dadamh dhamhsa dhí?" adubhairt sé.



"Go deimhin féin tiubharfad," ars an bhean.



"Is maith an cailín," adubhairt sé, "abair é sin leis
an chéad gheatóir eile bhuailfidh iomat."



"Tháinig sí go dtí an tríomhadh geatóir - "Cá bhfuil
tú d'á tabhairt sin?" ars an geatóir.



"Tá mé d'á tabhairt go hifreann."



"An dtiubhraidh tú dadamh dhamhsa dhí?" ars an
geatóir.



"Maiseadh go deimhin tiubhrad," ar sise.



"Maith an cailín," adubhirt sé, "ní iarrfaidh mé
ort í." "Acht anois," adubhairt sé, "déan mar
iarrfas mise ort, agus ní bheidh tú in a aithmhéala.
'Nuair rachfas tusa isteach as so, iarrfar ort bheith
ag ithe chomh fada agus do fhéadfas tú. Abair-se nach
rud le n-ithe atá uait acht rud le tabhairt leat."



D'imthigh léi go dtáinig sí go dtí an sean-bhuachaill.



"Cá bhfuil tú dá tabhairt sin?" ar seisean.



"Tá mé dá tabhairt dhuit-se," ars' an bhean.



"Maith go leór," adubhairt sé. "Caith annsin shiar í."



"Nuair tháinig sí ar a hais, d'éis an ualaigh do
chaitheamh dhí, adubhairt sé léi bheith ag ithe go mbeidh-
eadh sí sásta. Adubhairt sí leis nach rud le n-ithe do bhí
ag teastáil uaithe acht rud le tabhairt léi.



"Tá go maith," adubhairt sé, "béarfaidh mise sin
dhuit." Thug sé a shean-ualach óir annsin dí, agus
sgaoil sé abhaile go slán sábháilte í.



'Nuair tháinig sí abhaile d'iarr sí ar a fear dul ag
iarraidh miosúir go dtomhaisfeadh siad an t-ór. Chuaidh
sé go dtí teach a bhainchliamhna agus thug sé an miosúr


L. 18


as agus thomhaiseadar an t-ór, acht 'nuair do bhí sé d'á
chur abhaile ghreamuigh píosa óir dá íochtar agus bhí
a fhios ag an mhnaoi gur ag tomhas óir do bhí sé aca.
D'fhiafruigh sí de'n fhear cá bhfuair siad an t-ór go
léir. Adubhairt sé gur bh'í a bhean do fuair i n-ifreann
é ar mhuic do mharbhuigh sí.



"Ní'l muc dá bhfuil agam nach marbhóchaidh mise
má's é sin an sgéal."



D'imthigh sí chum siubhail agus do mharbhuigh sí na muca,
agus anois fágfamuid ar an mbóthar go h-ifreann í
go bhféicfimíd cad d'éirigh do'n dearbhrathair saidhbhir.



'Nuair tháinig an dearbhrathair bocht abhaile tar éis
an óir d'fhagháil ó'n gcaitín, chuir sé fios ar mhiosúr
go dtomhaisfeadh sé é. Acht 'nuair chuir sé an soigh-
theach tomhais abhaile d'aithin a dhearbhráthair gurab
ag tomhas óir do bhí sé, mar bhí píosa daingean i n-a
íochtar. D'fhiafruigh sé de'n teachtaire cá bhfuair siad
an méid sin óir? Adubhairt sé gur bh'é a mhaighistir do
fuair é ar a shúil.



"Dar m'fhocal, bainfidh mise mo dhá shúil féin amach,
agus beidh a dhá oiread agam.



Do righne sé sin, agus do bhí sé ag siubhal go dtáinig
sé go dtí an tortáinín mar ar casadh an caitín air
roimhe sin. Níor bh'fhada go dtáinig an caitín suas
chuige, agus d'fhiafruigh sé dhe cad do bhí air. Adubhairt
seisean leis gur bhain sé na súile ar féin.



"Maiseadh, a shean-chneamhaire," ars' an cat, "chugaidh
leat' as so go tapaidh, nó cuirfidh mé na cait uile go
léir it' aghaidh."


L. 19


"Deamhan cor ná cleas cuirfeas mise dhíom," ar sé,
"go bhfaghaidh mé roinnt airgid."



D'fhan sé annsin go dtáinig na cait eile, agus gur
stracadar ó chéile é. Do b'é sin deireadh an fhir
shaidhbhir; agus ní fearr d'éirigh d'á mhnaoi.



'Nuair tháinig an bhean chum an chéad gheata i n-if-
reann, d'fhiafruigh an geatóir di cá raibh sí ag dul leis
an muic. Adubhairt sí go raibh sí d'a thabhairt go hif-
reann. D'iarr sé píosa uirre. Adubhairt sí nach
dtiubhradh.



"Tá go maith," ar seisean, "ná tabhair do'n chéad
gheatóir eile acht an oiread céadna."



Do tháinig sí chum and dara geatóra agus adubhairt
sé píosa do thabhairt dó. Do righne sí an rud céadna
leis an tríomhadh geatóir. Adubhairt seisean léi
go raibh an sean-bhuachaill annsin astigh agus go
dtiubharfadh rud le n-ithe di. 'Nuair do-chuaidh sí isteach
do hiarradh uirre an t-ualach do leigean di agus a
dóthain d'ithe. Do bhí sí ag ithe agus ag ól go raibh sí
sáthach, agus ar mbeith di réidh, adubhradh léi bolg do
bhí in aice léi do shéideadh, agus d'fhan sí ag a shéideadh
riamh ó shoin.



LEADUIDHE NA LUAITHE



Do bhí bean ann fad ó shoin agus ní raibh aice riamh
acht aon mhac amháin, agus ní dheárna sé dada oibre
acht é sínte 'san luaith go raibh sé fiche bliadhan d'aois.
'Nuair tháinig 'sé chum na haoise sin, d'iarr sé deoch ar
a mháthair, mar ba ghnáthach leis roimhe sin gach uile lá.




L. 20


"Buaidh leat: a Leaduidhe na Luaithe," ars' an
mháthair bhocht, "atá tú indiu i n-aois do bhliadhain agus
fiche, agus ní dheárna tú faic maitheasa ó'n ló do
rugadh tú. Tá an teach gan deasughadh go fóil (fós),
agus an teine ag dul as d'easbhuidh brosna, agus
tusa 'san gcluid gan cor asat."



D'éirigh Leaduidhe na Luaithe annsin, agus do-chuaidh
sé amach agus do chraith sé é féin. Do líon sé seacht
n-acraidhe roimhe, sé n-acraidhe i n-a dhiaidh, agus seacht
n-acraidhe ar gach aon taoibh de leis an luaith do
chraith sé as féin. Do chuaidh sé go dtí an garrdha
annsin, agus níor fhág sé sop coinnligh ann nár thug
sé leis de'n ualach soin. Do righne an coinnleach
deasughadh do'n teach go ceann bliadhna agus fiche. Do
chuaidh sé annsin chum na choille, agus do cheangail
sé téad timcheall na gcrann, agus thug sé leis abhaile
de'n ualach sin an oiread brosna agus do righne teine
go ceann fiche bliadhan.



Tar a éis sin adubhairt sé le n-a mháthair lón do
ghléasadh dhó, agus go rachadh sé ar thóir a ádha dhó féin.
Do righne sí sin. 'Nuair do bhí sé ar tí imtheacht
d'fhiafruigh sé dhe cia aca do b'fhearr leis an leath mhór
de'n cháca agus a mallacht, nó an leath bheag agus a
beannacht. Adubhairt sé go mbearr leis an leath
bheag agus a beannacht; agus do bhí sí ag gabháil de
bheannachtaibh i n-a dhiaidh go raibh sé as a radharc.



Do bhí sé ag imtheacht leis, agus an chéad teach do
casadh air ba cheárdcha é. Do-chuaidh sé isteach, agus
d'iarr sé ar an ngabha cloidheamh do dhéanamh dó.
Do righne an gabha sin. 'Nuair do bhí sé déanta, do


L. 21


bhuail sé an bóthar, ag giorrughadh a bhealaigh chomh maith
agus d'fhéad sé. Níor bh'fhada go dtáinig sé chum
tortóige, agus do bhí cúig céad de mhíoltógaibh ag a
ithe. Do thug sé aon iarracht amháin d'á chloidheamh
orra, agus do mharbhuigh sé na cúig céad d'aon bhuille.



Do-chuaidh sé ar aghaidh annsin gur casadh fear air
do bhí ag iarraidh buachaill-aimsire. D'fhiafruigh an
fear so dhe cá raibh sé ag triall.



"Buachaill mise," ar sé, "atá ar lorg mháighistir."



"Is maith mar do thárla," ars' an fear; "máighistir
mise atá ar thóir bhuachalla."



Do righne an Leaduidhe aimsir leis.



Is rí do bhí 'san bhfear so, agus is í an gnó do bhí
aige de'n Leaduidhe faire do dhéanamh ar bhuaibh. Thug
sé leis chum a thíghe é an oidhche sin, agus ar maidin
lae ar na bhárach do chuir sé ag buachailleacht na mbó é.



Adubhairt an rí leis, 'nuair bheadh sé ag seoladh na
mbó amach, ar a bhfaca sé riamh gan iad do leigean
thar teórainn; go raibh triúr fathach i gcaisleán le hais
na teórann. D'fhan sé i mbun na mbó go hoidhche;
agus bhí sé d'á seoladh abhaile go gcualaidh sé trí
fhead mhóra do leig na fathaigh asta féin, agus do
cluinfidhe 'san Domhan Toir gach fead aca. Annsin
thiomáin sé na beithidhigh abhaile, agus ar maidin lae
ar na bhárach do chuaidh sé ag fosuidheacht na mbó arís.
An fhaid agus do bhí na ba ag ingilt, do dhearc seisean
thar an sconnsa, agus do chonnaic sé féar breágh i
bpáirc na bhfathach.



"Mo chreach!" ars' an buachaill, "is mór an feall


L. 22


na ba do bheith in bpáirc lom agus fásach go glúnaibh
ar an taoibh eile de'n chlaidhe."



Ní raibh sé sásta gur chuir sé na ba isteach 'san
bhfásach. I n-a dhiaidh sin do thiomáin sé abhaile iad.



Do bhí dhá oiread bainne aca an tráthnóna sin agus
do bheadh aon tráthnóna eile. D'fhiafruigh an rí dhe ar
leig sé i bhféar na bhfathach iad. Adubhairt an Leaduidhe
gan bheith d'á bhodhradh, go raibh sé sáruidhthe tar éis an
lae agus go sínfeadh sé ar an leabaidh ar feadh
tamaill. An lá i n-a dhiaidh sin do righne sé an cleas
céadna; acht ní raibh sé i bhfad ag fosuidheacht go
dtáinig fathach mór gránda suas chuige ag a rádh:-



"Fú, fá, féasóg; faghaim boladh an Éireannaigh
bhréagaigh, bhradaigh. Is mór liom go ghreim thú, agus
is beag liom de dhá ghreim thú; ní'l a fhios agam créad
do dhéanfas mé leat muna gcuirfidh má de shéideóig
'san aer thú."



"O! sgread maidne ort, a fhathaichín bhig ghránda,
do mharbhuigh mise chúig céad d'aon bhuille amháin cheana,
agus ní féidir nach bhfuighidh mé buaidh ort-sa," ars' an
Leaduidhe.



"Cia aca is fearr leat," ars' an fathach, "sinn a
dhul ag sáthadh sgeana géara, geala i n-asnaibh a chéile
nó dul ag coraidheacht ar leacrachaibh dearga?"



"Is feárr liom," ars' an Leaduidhe, "dul ag cor-
aidheacht ar leacrachaibh dearga, i n-áit go mbeidh do
chosa móra gránda ag dul chum íochtair, agus mo chosa
beaga míne ag dul chum uachtair."



Do thosnuigheadar ag coraidheacht, agus do bhíodar
le chéile go ndeárnadar bogach de'n chruadhán agus


L. 23


cruadhán de'n bhogach, go dtugadar toibreacha fíor-
uisce tré na leacrachaibh dearga; fá dheireadh, ar
mbeith do'n nóin ag teannadh leo, do chuimhnigh an
Leaduidhe go mbeadh imshníomh ar a mháighistir i dtaoibh
an fhaid agus do bhí sé amuigh. Do thug sé cor teann-
asnach do'n fhathach annsin, agus do chuir sé de'n cor
sin é go dtí a ghlúnaibh; de'n dara cor, chuir sé go
nuige na hascall é.



"Fóil, fóil!" ars' an fathach, "is tú an gaiscidheach
is feárr do casadh riamh liom, agus má leigeann tú
dhomh éirghe tiubhraidh mé m'each caol dubh dhuit, agus
mo chlaidheamh soluis, agus mo chulaidh gaiscidh."



"Cá bhfuil siad?" ars' an fathach.



"Atá siad shuas 'san teach," ars' an fathach.



"Cuirim-se de gheasaibh draoidheachta ort," ars' an
Leaduidhe, "gan imtheacht as sin go dtiocaidh mise ar
ais arís."



Do chuaidh sé chum an tighe; do cheangail sé an t-each
caol dubh, agus do thug sé leis ar ais an claidheamh
soluis agus an chulaidh ghaiscidh.



"Créad é an crann 'san choill ar a mbuaillfidh mé
buille air anois?" ars' an Leaduidhe.



"Buail buille air an chrann is gránda fheiceas tú,"
ars' an fathach. Sin é do cheann féin!" ars' an
Leaduidhe.



Do tharraing sé an claidheamh agus do bhuail sé i
mbaic a mhuinéil é, agus do chuir sé a cheann ag
feadghail seacht bpéirse suas 'san aer; shaoil an ceann
a theacht anuas agus a dhul ar an gcolainn arís: níor
bh'fhaillighe leis an Leaduidhe, do bhuaill sé buille arís


L. 24


air agus do chuir sé suas arís agus arís eile é.



"Níor mhór duit!" ars' an ceann, "dá dtéighinn-se
ar an gcollain arís, leath na bhFiann ní bhainfidís
anuas mé!"



Do thiomáin sé na ba abhaile agus do-chuaidh sé a
chodladh. Ní chulaidh an rí an oidhche sin acht dhá fheid.



Ar éirigh do'n rí ar maidin adubhairt sé gur imthigh
rud éigin ar na fathaighibh, mar nach raibh acht dhá fheid
uatha aréir. Níor dubhairt an buachaill dada, acht do
sheol sé na ba amach agus do-chuir sé í bhféar na bhfathach
iad. Ní fada do bhí siad ann go dtáinig fathach mór
gránda do bhí fá dhó níos mó ioná an ceann eile, agus
adubhairt sé:-



"Fú, fá, féasóg; faghaim boladh an Éireannaigh
bhréagaigh, bhradaigh. Is mór liom de ghreim thú, agus
is beag liom de dhá ghreim thú; ní'l a fhios agam créad
do dhéanfas mé leat muna gcuirfidh mé de shéideóig
'san aer thú."



"Sgread maidne ort, a fhathaichín bhig ghránda; do
mharbhuigh mise an fathach eile indé, agus marbhóchaidh
mé thusa indiu," ars' an Leaduidhe.



"Cia aca is feárr leat," ars' an fathach, "sínn a
dhul ag sáthadh sgeana géara geala i asnaibh a chéile
nó dul ag coraidheacht ar leacrachaibh dearga?"



"Is fearr liom," ars' an Leaduidhe, "dul ag cor-
aidheacht ar leacrachaibh dearga, i n-áit go mbeidh do
chosa móra gránda ag dul chum íochtair, agus mo chosa
beaga mine ag dul chum uachtair."



Do thosnuidheadar ag coraidheacht agus níor stad-
adar go raibh deireadh an lae i bhfogus dóibh. Annsin


L. 25


do tharraing an Leaduidhe a chlaidheamh agus do bhuail
sé i mbaic an mhuinéil an fathach, agus do chuir sé a
cheann ag feadghail suas 'san aer.



'Nuair do bhí an fathach marbhuighthe aige do thiomáin
sé na ba abhaile agus do chuaidh sé a chodladh. An
oidhche sin níor chualaidh an rí acht aon fhead amháin.



Lá ar n-a bhárach d'éirigh an Leaduidhe go moch agus
do thiomáin sé na ba amach i bhféar na bhfathach ag
inghilt, agus ba ghairid gur tháinig chuige fathach gránda
uathbhásach, ba threise ioná ceachtair de na fathaibh eile,
agus adubhairt sé i nguth árd:-



"Fú, fá, féasóg; faghaim boladh an Éireannaigh
bhréagaigh, bhradaigh. Is mór liom de ghreim thú, agus
is beag liom de dhá ghreim thú; ní'l a fhios agam créad
do dhéanfas mé leat muna gcuirfidh mé de shéideóig
'san aer tú."



"Sgread maidne ort a fhathaichín bhig ghránda, do
mharbhuigh mise an fathach do tháinig annso indé agus an
ceann do tháinig an lá roimhe sin. Atáim deimhneach
go mbuaidhfidh mé ort-sa," ars' an Leaduidhe.



"Cia aca is feárr leat," ars' an fathach, "sinn a
dhul ag sáthadh sgeana géara geala i n-asnaibh a chéile
nó dul ag coraidheacht ar leacrachaibh (leacachaibh)
dearga?"



"Is feárr liom," ars' an Leaduidhe, "dul ag cor-
aidheacht ar leacrachaibh dearga, i n-áit go mbeidh do
chosa móra gránda ag dul chum íochtair, agus mo chosa
beaga míne ag dul chum uachtair."



Do throideadar go cródha ar feadh treimhse fhada,
acht do bhain an Leaduidhe an ceann de'n fhathach i
ndeireadh na scríbe.


L. 26


Do thiomáin sé na ba abhaile, agus as sin go maidin
níor chualaidh an rí fead ar bith, agus ní fhaca sé na
fathaigh go deo arís.



AN DARA CUID



'Nuair tháinig an Leaduidhe abhaile do bhí a fhios aige
go raibh imshníomh éigin ar an rígh. D'fhiafruigh sé de'n
rígh créad do bhí air. Adubhairt an rí leis go raibh
oill-phiast le teacht lá ar n-a bhárach agus go gcaith-
feadh sé a inghean féin do tabhairt di le slogadh.
Níor thug an Leaduidhe, má b'fhíor dó féin, mórán
áirde air, acht do-chuaidh sé a chodladh. D'éirigh sé go
moch ar maidin, agus do-chuaidh sé ag fosuigheacht;
do leig sé na ba i bhféar na bhfathach agus do-chuaidh sé
féin suas go dtí an caisleán.



Chomh tapaidh agus do-chuaidh sé isteach, d'éirigh cat
mhór ó'n teallach, agus do bhí gach uile ruibe fionnaidh
air dhá throigh ar fhaid ann. Do bhí cailleach i n-aice leis
agus ní raibh fiacal i n-a béal nach raibh cúig troighthe
ar fhaid; agus gach ionga dá raibh ar a méaraibh an
fhaid céadna. Do chromadar araon ag gabháil air,
agus do thosnuigh seisean ag gabháil orra-san go
rabhadar marbh. Do bhí gach aon ghearradh air ó chúl a
chinn go bonnaibh a chos. Do chonnaic sé mias beag
do bhí lán do íoc-shláinte, agus tar éis é féin do
chuimilt leis do leigheasadh é. Annsin so ghléas sé é
féin i n-a chulaidh gaiscidh, agus thóg sé a chlaidheamh
soluis agus do chuaidh sé ag marcuigheacht ar an each
caol dubh go ndeachaidh sé do'n áit i raibh an inghean
i n-aice na fairrge.


L. 27


"Anois," ars' an Leaduidhe, "'nuair do-chífeas tú an
fhairrge ag corruidhe dúisigh mé; muna n-éireóchaidh
mé, buail trí buille de'n tslinn seo ar aghaidh mo
chroidhe."



"Do chuaidh sé a chodladh annsin, agus sul ar éirigh
sé do gheárr sise d'éan-toisc dlaoi gruaige as a
cheann. Ba ghairid i n-a dhiaidh sin go bhfaca sí an
fhairrge ag éirghe le cúthach agus an oill-phias ag teacht
amach ar an tráigh. Do ghlaoidh sí go práidhneach ar an
Leaduidhe, acht níor éirigh sé; do chorruigh sí annsin é,
acht do theip airthe é dhúiseacht; annsin do bhuail sí trí
buille de'n tslinn ar aghaidh a uchta, agus do dhúisigh
sí é go bríoghmhar. Ní raibh ann acht go raibh sé ar a
chosaibh an uair tháinig an phéist fhuathmhar i dtír. Acht
níor fhéad sí dul thar an teórain do gheárr sé le
n-a chlaidheamh soluis. Do-chuadar chum troda agus
do bhíodar ag comhrac go rabhadar tuirseach sáruighthe
gan a fhios ag ceachtar díobh cia aca ba arrachtaighe.
D'imthigh an oillphiast isteach 'san bhfairrge annsin,
agus do chuaidh an Leaduidhe chum an chaisleain, agus
do chaith sé dhe an chulaidh gaiscidh, agus do thiomáin sé
na ba abhaile.



Do bhí fáilte mhór ag an rígh roimh an Leaduidhe, agus
d'innis sé dó mar tháinig gaisgidheach mór an-aithinid
ag cosaint na hinghine; gur chuir sé an oill-phiast ar
siubhal an lá sin.



"Ní thú féin nó t'inghean atá ag cur buaidheartha
orm," ars an Leaduidhe, "tá sé thar am béile anois,
agus dá bhfaghainn greim le n-ithe rachainn a chodladh."


L. 28


Fuair sé gach nidh do theastuigh uaidh, agus i n-a
dhiaidh sin do chaith sé é féin ar an leabaidh. An lá ar
na bhárach do bhí sé i n-a shuidhe go moch agus do chuaidh
sé amach leis an eallach, gur fhág se i bhféar na
bhfathach iad.



Do thriall sé ar an gcaisleán, do-chuir sé an culaidh
gaiscidh agus an claidheamh soluis air agus do-chuaidh
sé ar marcuigheacht ar an each caol dubh. 'Nuair do
shroich sé an trágh, an áit i raibh an bhean, do gheárr sé
teóra dhá shlait ó'n bhfairrge, mar do bhí a fhior aige
go mbeadh a dhá oiread feirge air an oill-phéist agus
do bhí an lá roimhe sin; ar mbeith dhó i n-a shámh chodladh
do bhain sise i gan fhios dlaoi eile gruaige as a cheann,
agus do dhúisigh sí é sul ar tháinig an oill-phiast i dtír.
Do bhíodar ag comhrac go calma ar feadh an lae, acht
níor éirigh le ceachtar díobh buaidh do bhreith. Fá
dheireadh do chonnaiceadar néalta dubha dorcha na
hoidhche ag druidim leó, agus do chuaidh an oill-phiast
isteach 'san bhfairrge arís. Do ghluais an Leaduidhe
roimhe; do bhain sé a chulaidh gaiscidh dhe, agus do
sheól sé na ba abhaile. Níor chuir sé aon tsuim 'san
luathgháir do bhí ar mhuintir an tighe, acht do shín sé
thairis ar an leabaidh.



Ar maidin lae ar n-a bhárach do bhí sé i n-a shuidhe
go tráthamhuil agus do thiomáin sé na ba i bhféar na
fathach arís. Do ghléas sé é féin go hoireamhnach mar
do rinne sé na laetheanta eile, agus do chuaidh sé ar
an each caol dubh go himeall na fairrge. Do gheárr
sé teóra trí slata ó'n uisge agus adubhairt sé leis


L. 29


an mhnaoi uasail é dhúiseacht i n-am an tráth bheadh sé
i n-a chodladh.



Níor rinne sí aon dearmad i dtaoibh an dlaoi
do bhaint as a fholt, agus é do mhúscailt ar mbeith
do'n fhairrge ag éirghe chomh hárd le cnoc, agus an
oilphiast ag teacht amach. D'aon léim amháin do bhí sí
shuas ar an talamh thirim, acht ní túisge do bhí ioná sgiob
an Leaduidhe an ceann di le na chlaidheamh soluis.
Annsin do ghéarr sé a teanga amach as a béal, agus
do thug sé leis í. Do bhí an teanga chomh mór le mart.



Do chuaidh an Leaduidhe ar ais agus do bhain sé a
ghléas chomraic de fein, agus do thiomáin sé na ba
abhaile. 'Nuair do tháinig sé go teach an ríogh do
bhíodar uile go léir ag dul asta féin le teann-
luathgháir. D'innis an rí gach rud do, mar thárla,
agus go raibh a inghean saor ó'n nguais i n-a raibh sí.



"Is maith liom é sin do chlos," ars' an Leaduidhe,
"acht tá mo bhéile ag teastbháil uaim."



Do fuair sé é sin agus do chuaidh sé chum chodalta,
oir do bhí sé tuirseach tnáithte tar éis an lae.



Annsin do bhí féasta seacht lá agus seacht n-oidhche
i dtigh an ríogh; cuireadh fios ar bheag-uaislibh agus ar
mhór-uaislibh na tíre, agus ar righthibh an Domhain Toir,
agus ar righthibh an Domhain Tiar. Do gheall an rí a
inghean le pósadh d'fhear ar bith do bhéarfadh teanga
na hoillphéiste i n-a láthair. Do tháinig mórán fear
ar an gcuireadh sin, agus teanga mhairt ag gach uile
duine aca, ag súil go dtoghfaidhe é féin. Do bhreath-
nuigh an inghean i gceann gach duine acha, acht níor
rinne sí rogha d'aon duine aca, agus níor fhaisnéis sí


L. 30


créad é an fáth do bhí aice le é sin do dhéanamh.
D'imthigh an Leaduidhe go cáisleán na bhfathach agus
do chuir sé an culaidh gaiscidh uime, mar do rinne go
minic cheana, agus do bhí an claidheamh soluis aige ag
déanamh soluis; do bhí sé ag marcuigheacht ar an
each caol dubh go dtáinig sé chomh fada leis an áith i
n-a raibh an inghean agus an rí agus uaisle na tíre
cruinnighthe. Do bhí a fhios aice an uair do chonnaic sí
é gur bh'é do shaor í. Do ghabh sí buidheachas leis agus
do sgaradar uile go léir le chéile.



CAILLEACH NA NGNÍOMH AGUS DONNCHADH BÁN.



'San tsean-aimsir tháinig cailleach i n-éinfeacht le
n-a hinghin chum comhnuidhthe go Gleann na Mada i
gCondae na Gaillimhe. Ní raibh a fhios ag duine ar
bith cad as a dtángadar, agus níor cuireadh aon cheist
orra mar gheall air.



Do bhí cuid mhór saidhbhris ag an gcailligh, agus níor
bh'fhada gur chuir sí é sin i n-iúl do na daoinibh. Do
cheannaigh sí teach mór, gabháltas talmhan, capall, ba
agus caoirigh agus do thosnuigh sí ag feilméaracht.
Ní ghlacadh sí aon bhuachaill aimsire mar sheirbhíseach
acht duine do bheadh toilteanach le fanamhuin i n-a
fochair ar feadh leith-bhliadhna, agus ní raibh aon díol-
aidheacht aige le fagháil i ndeireadh na haimsire sin
muna mbeadh sé cumasach a dhóthain chum an oiread
oibre do dhéanamh leis an gcailligh. Do bhí ag an
gcailligh so neart draoidheachta agus níor fhéad aon


L. 31


buachaill aimsire do réidhtigh léi na coingheall do
chóimhlíonadh.



Aon lá amháin do chualaidh Donnchadh Bán trácht mór
ar an gcailligh - nach raibh i gcumas aon fhir 'san tír
congbháil suas léi ag obair. Adubhairt sé go mbudh
shuarach na fir do bhí 'san dúthaigh sin, mar nach raibh
aon duine aca chomh tréan d'oibridhe leis an gcailligh.



"Rachaidh mise ag triall uirthe i mbárach," ar seisean,
"agus muna mbuaidhfead uirthe báithfead mé féin."



Do bhí an Donnchadh so chomh láidir le capall agus
chomh luath-chosach le fiadh.



Ar maidin lae ar n-a bhárach do chuaidh Donnchadh
Bán go tigh na cailligh, agus adubhairt sé léi go
gcualaidh sé go raibh sí ag tóruigheacht bhuachaill
aimsire.



"Atá easbhaidh buachalla orm," ar sí, "acht ní'l aon
mhaith anns na fir oibre atá 'san áit seo, ní fiú a
gcuid salainn iad: do bhí go leór aca do shocraigh
liom fanamhaint leith-bhliadhain, acht níor fhan aon fhear
aca agam ar feadh an dara mí."



"Cuirfidh mise mo bheatha mar gheall leat," arsa
Donnchadh, "i n-aghaidh caorach reimhre go bhfanfaidh mé
id' fhochair leith-bhliadhain má thugann tú díolaidheacht
mhaith dhamh, agus mo sháith le n-ithe."



"Déanfaidh mé an margadh céadna leat-sa do
rinne mé leis na buachaillíbh eile," ars' an chailleach.



"Cad é sin?" arsa Donnchadh Bán.



"Trí fichid píosa deich bpingne, agus an oiread
céadna mí an fhoghmhair, agus caora ramhar Lá Samhna,
má's féidir leat í chaitheamh thar bhalla na páirce an lá


L. 32


sin; acht muna dtig leat congbháil suas liom ag
obair ní bheidh aon díolaidheacht agat le fagháil
uaim-se."



"Saoilim gur ag magadh fúm i dtaoibh na caorach
reimhre atá tú," arsa Donnchadh, "acht ó thárla gur
margadh é, déan margadh maith dhe, abair fiche caora,
agus déanfad an margadh leat."



Gidheadh gur cailleach draoidheachta do bhí innti, níor
shaoil sí go bhféadfadh aon fhear 'san domhan caora
ramhar do chaitheamh thar balla cloiche do bhí fiche troigh
ar aoirde; ar an adhbhar sin adubhairt sí, "bíodh sé i
n-a fiche, agus rud eile," ar sise, "an bhfuil a fhios
agat créad aon sórt bídh gheobhas tú le n-ithe im'
tigh-se?"



"Go deimhin, ní bhfhuil a fhios sin agam," ar seisean.
"Ní fhuil mo ghoile mór, agus ní deacair mé shásughadh."



"Gheobhaidh tú," ar sí, "leite min choirce, arán agus
brachán, agus feoil mhuice Domhnach Cásga."



"Atá mé sásta leis an margadh sin," ar seisean,
"agus rachaidh mé ag triall ort ar maidin amárach,
má's beó dhom."



Do-chuaidh Donnchadh abhaile, agus d'innis sé dá
mháthair an margadh do rinne sé leis an gcailligh.



"A chuisle mo chroidhe," ars' an mháthair, "is mí-
ádhmharach an cailleach í siúd. Ní raibh buachaill aimsire
aici riamh nach bhfuilid uile 'san uaigh anois."



"Ná bac san, a mháthair," ar seisean, "chífidh tú go
bhfaghad-sa an lámh uachtair uirthe. Do-chualaidh mé
go minic gur fearr stuaim ná neart, agus atá
stuaim agus neart ionnam-sa."


L. 33


Ar maidin lae ar n-a mhárach do-chuaidh Donnchadh go
tigh na caillighe. 'Nuair d'fhéach sé isteach do-chonnaic
sé an chailleach agus mias leite aice ar an mbórd,
agus adubhairt sí leis:-



"Suidh síos, a Dhonnchaidh, agus bí ag ithe; ní thig le
duine obair chruaidh do dhéanamh agus ocras air."



Do shuid Donnchadh, acht ní mór d'ith sé. Do tháinig
inghean na caillighe i láthair, agus do bhí gnúis uirthe
chómh gránda leis an mbás. Do thosnuigh Donnchadh ag
a moladh, agus adubhairt go raibh an t-ádh air féin
agus bheith i n-a chómhnuidhe 'san tigh i n-a raibh cailín
deas mar í sin.



"Bhí i do thort," ar sise, "b'fhéidir go bhfuil mo
mháthair ag éisteacht leat."



"Dá mbeadh an pobal ag éisteacht liom do mhol-
fainn cailín deas mar thusa," ar seisean.



Níor bh'fhada go dtáinig an chailleach, agus adubhairt
sí, "Rachamaoid ag romhar connlaigh indiu."



Do-chuadar amach 'san bpáirc, agus do thosnuigh-
eadar ag romhar. Do thug an chailleach leith-iomaire
thosaigh dí féin, agus do bhí Donnchadh leith-iomaire i
n-a diaidh. Níor bh'fhada go raibh allus ag tuitim de
Dhonnchadh Bán. Do chongbhaigh sé suas léi ar feadh an
lae, acht níor oibrigh sé aon lá riamh chomh dian, agus
do bhí sé nach mór marbh 'san tráthnóna.



Do bhí Donnchadh ag brath ar éalughadh abhaile an
oidhche sin, agus d'imtheochadh muna mbeadh inghean na
caillighe. 'Nuair fuair sise faill ar a dhéanamh, d'fhiaf-
ruigh sí de Dhonnchadh cia an chaoi chuaidh sé ar aghaidh
ar feadh an lae.


L. 34


D'innis seisean di muna mbeadh an cheannsacht do
thaisbeáin sí féin do nach fanfadh sé aon lá eile ag
obair do'n chailligh.



Do gheall an cailín annsin do Donnchadh dá bhfan-
fadh sé ag obair i bhfochair a máthar nach beadh aon
obair chruaidh aige le déanamh as sin amach, agus go
meadóchadh sí a neart ar slighe go mbeadh sé chomh
láidir le leomhan



Do bhí bó dubh ag an gcailligh agus cia b'é d'olfadh
bainne na bó do bheadh sé chomh láidir le fiche fear.
Ar maidin lae ar n-a bhárach do thom an inghean árán
Dhonnchaidh i mbainne na bó. Agus an uair do chuaidh
sé ag romhar i bhfochair na cailligh an lá sin do
b'fhéidir leis congbháil suas léi go réidh. An dara
lá do bhí sé níos treise, agus an tríomhadh lá d'fhéad
sé an chailleach do shárughadh go furaiste. Do bhí sé
ag dul i dtreise ó lá go ló, agus do bhíodh iomaire
fad na páirce romhartha aige sul do bheadh an chailleach
leith-bhealaigh. Do bhíodh sise ar buile agus ag fagháil
locht ar a láidhe.



Do-chuaidh sí ag triall ar ghabha draoidheachta, agus
adubhairt sí leis láidhe nuadh do dhéanamh di. Do rinne
an gabha sin, acht ní raibh aon mhaitheas di ann; do bhí
Donnchadh ró-neartmhar di, óir do bhíodh an inghean ag
tomadh a chuid aráin i mbainne na bó duibhe, agus
do bhí sé ag éirghe níos láidre gach uile lá.



Aon lá amháin do bhíodar ag romhar 'san bpáirc
agus do chuaidh Donnchadh amach thar an gcailligh, agus
do chuir sé sin fearg uirthe.



"Congbhaigh ar an dtaoibh shiar díom," ar sise.


L. 35


"Ní chongbhóchad," ar seisean; "muna bhfuil tú i
gcumas congbháil romham tabhair tosach dom'."



"Níor thug mé tosach d'aon fhear riamh, agus ní
lughaide thiubharfaidh mé duit-se é," ar sise.



"Fan im' dhiaidh," arsa Donnchadh.



Leis sin tháinig lasadh feirge uirthe, agus do thug sí
iarracht ar bhuille de'n láidhe do thabhairt dó, acht
fuair seisean greim ar chois na láidhe, do tharraing sé
uaithe í, agus do chaith sé seacht bpéirse taobh-amuigh
de'n pháirc í. Annsin fuair sí greim scórnaigh air,
agus thug iarracht ar é thachtadh. Do leag seisean í
acht níor fhéad sé an greim do bhí aici ar a scórnach
do sgaoileadh, agus do bheadh sé tachtuighthe aici go
cinnte, acht go dtáinig an inghean go díreach i n-am le
n-a shaoradh, agus do sgaoil sise greim na caillighe;
do rinne sí síothcháin idir an mbeirt, agus do thug sí
an mháthair abhaile léi.



I n-a dhiaidh sin do chuadar ar aghaidh go maith go
dtáinig aimsear bhainte an fhéir. Do ghléas an chailleach
speal di féin, agus do ghléas Donnchadh ceann eile.



Tráthnóna Dé Domhnaigh adubhairt an chailleach,
"Beimíd ag spealadóireacht amárach."



An oidhche sin adubhairt inghean na caillighe le
Donnchadh:-



"Atá tú le dul ag spealadóireacht amárach, agus
tabhair aire dhuit féin. Cuirfead spícidhe cleithe síos
'san talamh i lorg mo mháthar, agus ní bheadh trioblóid
ar bith ort ag congbháil suas léi."



"Go raibh maith agat, a chuisle mo chroidhe," arsa
Donnchadh, "tigh liom congbháil suas léi go réidh."


L. 36


"Ní thig leat," ar sise, "atá speal ag mo mháthair
agus congbhaigheann sí an faobhar ar feadh ama
bhíos an fhéir d'á baint, go mbeidh deireadh an fhéir
geárrtha; acht má chailleann sí an faobhar aon uair
amháin, ní bheidh sí níos feárr ioná aon speal eile. Is
faobhar iongantach atá ar speil mo mháthar."



Ar maidin Dé Luain do-chuaidh an chailleach agus
Donnchadh chum an mhóinfhéir ag baint. Do thosnaigh an
chailleach ar an iomaire thosaigh, 'san áit i n-a raibh
na spícidhe sáidhte 'san talamh ag an inghin. Níor
bh'fhada gur casadh cheann aca léi, do gheárr sí í, acht
do bhain an spíce an faobhar de'n speil.



"Cupóg chruaidh," ar sise.



"'Seadh," arsa Donnchadh.



Do theagmhuigh ceann eile aca léi, agus adubhairt sí
an chainnt chéadna.



"Dar go deimhin," ar sise, "is cruaidh na cupóga
atá 'san móinfhéar i mbliadhna."



"Is cruaidh, go deimhin," arsa Donnchadh.



Do-chuaidh sí ar aghaidh tamall eile, acht ní raibh an
speal ag gearradh go maith dhi, agus do ghlaoidh sí,
"Faobhar, a Dhonnchaidh."



Do chuir sí suas faobhar, acht ní deárnaidh sí dul
cúig slata chum cinn gur ghair sí amach arís, "faobhar,
a Dhonnchaidh."



Do thug Donnchadh am di an dara faobhar do chur
suas, acht fá cheann ceathramhadh uaire chluig do ghlaoidh
sí arís, "Faobhar, a Dhonnchaidh. Is le faobhar geártar
faobhar."



"Ní headh, a chailleach," ar seisean, "acht le fear


L. 37


tréan agus le sean-speil ghéir, agus muna bhfágfaidh
tú mo bhealach bainfead na loirgne dhíot."



"Tabhair am dom' leis an bhfaobhar do chur suas an
uair seo, agus má chliseann mo speal orm arís go
mbeidh an cúrsa so críochnuighthe déanfaidh mé dhá
leith de'n lann."



Do chuir sí suas faobhar eile agus do thosnuigh sí ag
baint, acht ní dheachaidh sí fiche troigh go raibh an faobhar
imthighthe arís. Do bhí sí ar mire, agus do thug sí
iarracht ar lann na speile do bhriseadh ar a glúin
acht do thionntaigh an lann agus do gheárr sé an glún
go doimhin, agus do b'éigin di fios do chur ar a hinghin
le n-a h-iomchar abhaile; agus ní tháinig sí i n-aice le
Donnchadh go raibh an móinfhéar geárrtha.



Do-chuaidh Donnchadh ar aghaidh go maith annsin go
raibh an coirce abaidh. Do bhí glún na caillighe cneas-
uighthe an uair sin, agus do bhí sí i gcumas obaire do
dhéanamh.



Tráthnóna Dé Domhnaigh adubhairt sí le Donnchadh,
"Bí réidh ar maidin i mbárach agus rachamuid ag
baint coirce."



"Atá mé réidh am ar bith," arsa Donnchadh.



Adubhairt an inghean an oidhce sin le Donnchadh,
"Atá tú le dul ag baint coirce i mbárach. Tabhair
aire mhaith dhuith féin nó buaidhfidh mo mháthair ort ag
an obair sin."



"Ní'l baoghal orm," ar seisean, "tig liom a dhá
oiread léi do bhaint."



"Muna mbeadh aon nidh amháin d'fhéadfá," ar sise,
"acht ní'l a fhios agat go bhfuil dardaol i láimh


L. 38


chorráin mo mháthar, agus chomh fada agus do bheidh sé
ann ní bheidh ar chumas aon duine 'san domhan buadh-
achtain uirthe.



"A stór mo chroidhe," arsa Donnchadh leis an inghin,
bheinn marbh fad ó shoin muna mbeadh go bhfuil tusa
ag cuidiughadh liom, acht beidh saoghal aoibhinn againn
go fóil (fós) an uair bheas do mháthair 'san gcré."



Ar maidin Dé Luain do chuadar araon chum an
ghuirt agus thosnuigheadar ag baint choirce. Do ghlac
an chailleach an chéad iomaire agus do bhí Donnchadh ag
a cúl ag baint i n-a diaidh. Níor bh'fada gur dhruid
sí amach uaidh, agus níor fhéad sé congbháil suas léi ar
aon chor. An uair do bhí sí timcheall fiche troigh amach
roimhe do ghair sí; "A Donnchaidh, saoilim go bhfuil
buaidhirt aigneadh éigean ag imirt ort indiu."



"Cread deir tú, a chailligh?" arsa Donnchadh, agus
'san am céadna do rith sé chúiche, agus do sgiob sé
an corrán uaithe. Do tarraingeadh an lámh as, agus
do thuit an darbh-daol ar an talamh.



"Go deimhin duit, a chailligh bhradaigh, atá tú gabhtha
anois. Cuirfidh mise deireadh leat," arsa Donnchadh.



Thug an chailleach iarracht ar ghreim d'fhagháil ar an
darbh-daol, acht do leag Donnchadh a chos air agus do
mhairbh é. "Anois, a chailligh," arsa Donnchadh, "téidh
ar aghaidh leis an mbaint."



"Ní bainfidh mé níos mó," ar sise, "ceanglóchaidh
mé an choirce id' dhiaidh; suidh síos agus leigh do scíth."



"Ní bhfuil easbuidh scíthe orm," arsa Donnchadh, "d'á
luaithe thagann Lá Samhna, is é is feárr liom."



"Tig leat imtheacht i mbárach," ars' an chailleach,


L. 39


"agus gheobhaidh tú an oiread airgid agus dá bhfanfá
go Lá Samhna, má's maith leat é."



Do aontuigh Donnchadh leis an margadh sin.



An oidhche sin do tháinig stoirm mhór agus tóirneach
agus teintreach, agus do leagadh teach na caillighe go
talamh. Do marbhuigheadh an chailleach, an inghean agus
an chú. Ar maidin lae ar n-a bhárach do bhí na céadta
madradh timcheall an tighe, agus ó'n lá sin go dí an
lá so ní'l aon ainm ar an áit acht "Gleann na
Madadh."



SGÉAL DÉIRDRE



Do bhí rí i nÉirinn fadó shoin, agus ní raibh aige acht
aon mhac amháin. D'imthigh an mac uaigh ar thóir saidhbhris.
Do bhí sé ag imtheacht agus ag síor-imtheacht gur casadh
gabha air. Do rinne sé aimsear leis an ngabha go
ceann lae agus bliadhna. Seal geárr i n-a dhiaidh sin
do tharla duine doscuidhtheach leis an ngabha céadna
agus do chuir sé aimsear airsean, mar chuir sé ar mhac
an ríogh. Murchadh do b'ainm do'n fhear so. D'imthigh
an gabha ó'n mbaile lá, agus chomh fhad agus do bhí sé
imthighthe do thosnuigh an bheirt bhuachaill ag troid. Do
tharraing Murchadh tarainge cruidh as a phócadh, agus
d'fhiafruigh sé de mhac an ríogh, "Cad é bhainfeas tú
dhíom ar son an tairnge cruidh do chaitheamh leat?"



Is é an freagra thug mac an ríogh air - "An chéad
bhuille gan chosaint taobh amuigh de Éirinn."



Do chaith Murchadh an tairnge cruidh le mac an


L. 40


ríogh agus do chuir sé tré chroidhe a bhaise í; agus do
bhí a dheárna ag cur fola an uair tháinig an gabha abhaile.
D'fhoscail an gabha an dá dhorus, agus do sgaoil sé
amach iad, duine aca tré gach dorus. Ní dheárna
Murchadh acht a chamán agus a liathróid do thógbháil,
agus d'ionnsuidh sé an bóthar, ag bualadh a liathroide
ins an aer.



Do bhí cailín ag an ngabha dár bh'ainm Déirdre Ní
Mhananáin. Do lean sí Murchadh ar an mbóthar, agus
siubhal na gcéadta fúithe, agus binn a cóta i n-a
béal. An uair do chonnaic sé ag teacht í, do rinne
sé iongantas dé'n bhean do bheith i n-a diaidh-sean,
agus an siubhal mór do bhí fúithe. D'fhiosruigh sé dhi
cá raibh sí ag dul. Is é an freagra thug sí air, go
raibh sí ag a leanmhaint-sean, agus adubhairt sí, "An
áit i n-a gcaillfear tusa, caillfear mise ann i n-éin-
fheacht leat."



"A bhean gan chéill," arsa Murchadh, "cá bhfuil tú
ag dul? Ní'l áit ná árus agam-sa fá do chomhair."



"Ní misde liom," arsa Déirdre.



Do thóg sé annsin í, agus do leag sé ar bacánaibh
a uilleann í.



D'imthigh sé roimhe agus an bhean ar a bhacalainn
aige agus é ag bualadh a liathróide 'san aer mar
do bhí sé sul do thárla sí air. Níor bh'fhada d'imthigh
sé gur casadh air fear dár bh'ainm Fionn mac
Cumhaill, é féin agus a mhór-shluaighte ag dul chum
troda le rígh do bhí 'san Domhan Toir.



D'fhiafruigh Fionn de Mhurchadh, "an dtiocfaidh tú
i n-éinfeacht liom-sa ag tabhairt an chatha?"


L. 41


Adubhairt Mhurchadh go rachadh dá leigfeadh Déirdre
dhó é dhéanamh.



Adubhairt Déirdre go leigfeadh sí ins gach uile
áit é acht gan é thabhairt leath-amuigh de Éirinn.



"Is le dul as Éirinn amach atáim-se ag a tóruidh-
eacht," arsa Fionn mac Cumhaill.



"Sin rud nach faighidh tú," arsa Déirdre.



"Géill dom'," arsa Murchadh féin, "agus b'fhéidir
go bhfaighmís an bhuadhachtain uirthe." D'fhan sé an oidhche
sin nó go raibh sí ag cíoradh a cinn. Do bhí sí fá
gheasaibh gan athchuinge ar bith d'eiteach an uair bheadh
sí ag a dhéanamh sin. Fuair Murchadh cead uaithe,
agus do bhuaileadar leó, Murchadh agus Fionn agus
a mhór-shluaighte. Ar imtheacht dhóibh do réidhtigheadar
le chéile dá gcaillfidhe Murchadh go gcuirfidís suas
bratacha dubha ar theacht abhaile dhóibh, agus dá mair-
feadh sé, go mbeadh bratacha geala shuas aca.



Do thrialladar ar an gcuan, an áit i raibh soightheach
réidh chum iad do thabhairt thar muir. Do bhuaileadar
isteach innte, agus do chrochadar suas a seólta móra
bocóideacha, chomh-fhada, chómh-direach, go barraíbh na
gcrann, nach fágfadh téad tíre gan tarraing, ioná
maide ramha gan ró-bhriseadh, ag treabhadh na fairrge
falcánta; míolta móra ag déanamh ceóil sidhe agus
seirbhíse dhóibh; dhá dtrian ag imtheacht fá an tuinn i
n-aghaidh an triana do bhí ag imtheacht ós a cionn. Do
bhí sgread ag an bhfaoilean ó thosach na luinge go
direadh na luinge. Do bhí an long ag cúr gainimhe
míne i n-íochtar agus gainmhe gairbhe i n-uachtar na
mara, eascoin i n-ascallaibh a chéile gur sroicheadar


L. 42


cuan agus caladh 'san Domhan Toir. Do tharraing-
eadar suas an soightheach tóin-íseal ceann-árd, agus
do thugadar feiste lae agus lán-bhliadhna uirthe, cuir
i gcás nach beadh sí ann acht uair an chluig.



Do-chuadar suas fá dhéin ríogh na tíre, Fionn, é féin
agus a mhór-shluaighte. Tháinig Murchadh agus do
bhuail sé an cuaille comhraic. Níor fhág sé ainmhidhe
i ngar do chuig mile dhó gan critheagla do chuir ortha
le fuaim agus le neart a bhuille. Do tháinig teacht-
aire ó'n rígh agus d'fhiafraigh sé créad do bhí sé ag
iarraidh (créad do bhí uaidh).



"Atáim ag iarraidh tighe dham féin agus do mo
(dom') chuid fear," arsa Murchadh.



"Ní fheicim teach ar bith le nbhúr n-aghaidh acht teach
na n-amhas," ars' an teachtaire.



Do ghluais Murchadh chum an tighe. Do bhí amhas agus
cúig fichid ann, agus aon amhas amháin do bhí chomh mór
leis an iomshlán acha (díobh). Do rinne gach uile
ceann aca gáire go bhfacadh Murchadh an dúradán dubh
do bhí i n-íochtar putóige gach amhais.



Do fhiosruigh sé dhíobh cia an t-ádhbhar gáire do bhí
aca. Adubhradar leis go mba bheag le gach ceann
dhíobh a chuid féin de'n tigh. Ní dheárna Murchadh acht
rith chum cinn aca. Do rug sé ghreim ar chaol a dhá
chos, agus do bhí sé ag bualadh na n-amhas eile leis
gur chaith sé go dtí na luirgne é, agus do mhairbh sé
dá fhichid leis na luirgnibh féin. Do ghlan sé amach
an teach, agus do ghlaoidh sé isteach ar Fhionn mac
Chumhaill agus ar a mhór-shluaightibh. An uair do
bhíodar istigh, adubhairt sé: "Do bheadh sé sin go


L. 43


maith, a Fhinn mhic Chumhaill, dá mbeadh teine againn."



Do gluais sé ar anonn go tigh an ríogh agus do
bhuail sé an dorus.



"Créad tá uait?" ars' an teachtaire.



"Gléas teine dham féin agus do mo chuid fear,"
arsa Murchadh.



"Imthigh leat go cruach móna atá annso i n-aice
linn, agus tabhair leat móin le haghaidh gléis teine."



Thug Murchadh leis ciseán mór, do-chuir sé cruach air,
agus ba rí-bheag de'n mhóin d'fhág sé i n-a dhiaidh. Do
chuir sé síos teine, agus an uair do bhí sí deargtha
aige, adubhairt sé:-



"Bheadh sé sin go maith dá mbeadh biadh againn."



D'imthigh sé anonn ath-uair, agus do bhuail sé an
dorus. Tháinig an dóirseóir amach agus d'fhiafruigh sé
dhé, créad do bhí sé ag tóruidheacht.



"Atá mé ar thóir bidh dhom féin agus do mo chuid
fear," arsa Murchadh.



"Imthigh leat chum an stóir," ars' an dóirseoir.



Do rinne Murchadh rud air; fuair sé an biadh agus
déarfá go dtug sé a sháith leis. An uair do leag sé
an biadh chucha, adubhairt sé, "Do bheadh sin go maith
dá mbeadh áit suidhte agam féin agus agat-sa, a Fhinn
mhic Chumhaill."



Do thriall sé anonn an triomhadh uair, agus do
bhuail sé an dorus. Tháinig an dóirseoir agus d'fhiaf-
ruigh sé cia do bhí ann agus créad do bhí uaidh.



"Is mise grabaire Fhinn mhic Chumhaill, agus atáim
ag iarraidh leabtha dham féin agus dom' mháighistir."


L. 44


"Ní'l leabthacha le fagháil agat annso," ars' an
dóirseoir.



Ní dheárna Murchadh acht druidim ó'n dorus, tar-
raing air arís, agus buille dhá chois a thabhairt dhó
agus an dá dhorus a bhualadh ar a chéile. D'imthigh sé
suas i seomra an ríogh, agus thug sé leis an dá leabaidh
do b'fhearr do bhí ann. Do chodail siad an oidhche sin
go sámh suaimhneasach.



An uair d'éirigh Murchadh ar maidin lae ar n-a
bhárach do chimil sé bos d'á urla (gruaig a chinn) agus
bos d'á éadan, agus adubhairt sé:-



"Atá sé i n-am againn dul chum tosaigh."



Do-chuaidh sé amach agus do bhuail sé an chuaille
comhraic. Tháinig an geatóir chum an doruis, agus
d'fhiafruigh sé créad do bhí ag teastbháil uaidh.



"Atá mé," arsa Murchadh, "ag iarraidh seacht mile
romham agus seacht mile ar gach taoibh díom; é sin nó
fear mo theagmhála."



"Is geárr uait go bhfaigh tú sin," ars' an geatóir.



Do cuireadh amach chuige na fir ba láidre (treise)
do bhí aca. Do-chuaidh Murchadh tríotha, fútha, agus
thairste, mar rachadh seabhac thré scata éanlaith nó
madadh alla (madra alla) nó faolchú tré scata mion-
chaorach, go ndeárnaidh sé trí cnaip díobh - eadhon,
cnap d'á gcloignibh, cnap d'á gcuid éadach agus cnap
dá n-armaibh. Do bhuaidh Murchadh an lá.



D'fhág Murchadh agus Fionn mac Cumhaill agus a
mhór-shluaighte an t-oileán sin, agus do thrialladar ar
Éirinn arís. Is geárr do bhíodar ag seóltóireacht an
uair do-chonnacadar bád ag teacht ortha agus iomramh


L. 45


na gcéadta uirthe, agus gan innte acht aon fhear
amháin.



"Atá mise caillte anois," arsa Murchadh, "is é
siúd mac Ríogh Éireann, agus tá an chéad buille gan
cosaint aige orm i n-aon áit leath-amuigh de Éirinn
go dteagmhóchainn air."



Do b'fhíor dó. An uair do tháinig mac Ríogh Éireann
suas leó, do b'éigean do Mhurchadh teacht i leith chuige
agus seasamh ós comhair an chrainn gur bhain mac Ríogh
Éireann an cloigeann de; agus do caitheamh corp
agus cloigeann Mhurchadha ar last na loinge.



Do sheoladar ar aghaidh go dtángadar i dtír i
gcuan in Éirinn, agus sul do shroicheadar an cuan do
chuir Fionn mac Cumhaill na bratacha geala suas. Do-
chonnaic Déirdre iad; do rith sí síos chum an chuain,
agus do shiubhail sí isteach go dtí n-a com 'san
bhfairrge. Do bhreathnuigh sí isteach 'san luing.



"A Fhinn mhic Chumhaill," arsa Déirdre, "do shaoil
mé nach déanfá bréag liom. Cia an fáth nár chuir tú
na bratacha dubha suas dam?"



"Do bhí faitcheas orm, a Dhéirdre, go gcuirfeá ceó
draoidheachta orm dá bhfeictheá na bratacha dubha shuas
agam."



"Dá mbeidís fhuas agat, ní leigfinn chum tíre thú
go dtiubharfá Murchadh beó chugham; acht ó thárla go
bhfuil sé marbh, tabhair dham féin an long, agus rachaidh
mé ar fairrge léithe."



Fuair sí an long; do sheoil sí léithe nó go dtáinig
sí i n-aice le oileán do bhí 'san Domhan Toir. Ba le
beirt dhearbhráthar an t-oileán so. Do bhíodh dream


L. 46


daoine ag troid leó gach oidhche ag iarraidh an oileáin
do bhaint dhíobh, agus an mhéid aca do marbhuightí 'san
oidhche bhídís 'n-a mbeathaidh arís ar maidin.



Do-chonnaic an beirt dhearbhráthar an bhean ag
triall ortha agus fear marbh ar a druim aici.



"Seo bean ghaiscidhigh do bhí i mbriseadh," arsa duine
dhíobh, "agus is é siúd a fear atá ar a druim aice,
agus ba ghaiscidheach é. Dá gcuidigheadh sé linn budh
mór an gar dhúinn é, agus dá dtéigheadh sé i n-ár
n-aghaidh, níor bh'fheáirrde sinn é."



Do bhíodar ag ceileabhar mar soin an uair thainig
Déirdre chum na háite i n-a rabhadar. Do beannuigh-
eadar di agus d'fhiafruigheadar fáth a turais. Adubh-
airt sí leó gur bh'é a fear do marbhuigheadh i mbriseadh
do thug Fionn mac Cumhaill, agus gur bh'é mac Ríogh
Éireann do mharbhuigh é. D'fhiafhruigheadar di ar mhaith
léi é dhéanamh slán arís. D'fhreagair Déirdre gur le
n-a aghaidh sin do dhein (righne) sí an turas seo. Do
chuadar isteach agus do thugadar amach buidéal íoc-
shláinte; do chimileadar a cheann leis, agus do
righneadh slán arís é ar an toirt (ar an láthair sin).
Annsin d'fhiosruigheadar dhe cia le a guideóchadh sé.



"Cuideochad libhse go mbuaintear mo cheann anuas
díom arís," arsa Murchadh. Do thugadar isteach é;
do bhí proinn agus biadh annsin leagtha rómpa, smior
mairt, feoil chearc, blas na meala ar gach nidh agus
gan aon nidh tur (gan annlann). An uair do chaith-
eadar a mbiadh, chuireadar a gculaidheacha gaisce
orra le haghaidh troda. D'fhiosruigh Murchadh dhíobh cá
raibh siad ag dul.


L. 47


"Atáimíd ag dul ag faire go maidin," ars' siad.



"Tá sibh ag faire ró-fhada," arsa Murchadh, "fanaidh
'sa bhaile, agus rachaidh mise i nbhur n-áit anocht, agus
is mithid dhaoibh codladh d'fhagháil.



Do bhain sé searradh as féin, agus do rug sé ar a
chlaidheamh, ar a raibh faobhar chum geárrtha, faobhar
chum beárrtha, faobhar agus teas-fhaobhar; an méid
d'fhágfadh sé i n-a dhiaidh de'n chéad bhuille, thiubharfadh
sé leis é de'n dara buille. Do chuaidh sé suas ar an
gcnoc, an áit i n-a mbíodh siad ag tabhairt an bhriste
gach uile oidhche.



Níor bh'fada do bhí sé ann go dtáinig na sluaighte
timcheall air. D'ionnsuidh sé iad, agus níor fhág sé
ceann ar cholainn orra; agus an tráth do mharbhuigheadh
sé iad do chaitheadh sé sraith fhéir ós a gcionn; acht
budh gheárr i n-a dhiaidh sin go dtagadh an t-anam
ionnta arís.



Adubhairt sé leis féin, "Beidh a fhios agam anois
cia an rud do ghnidheas slán iad."



Do shín sé ag bun crainn i gan fhios. Ba ghairid do bhí
sé sínte go bhfaca sé an chailleach ag teacht agus
pota ar crochadh fá n-a muinéal, agus cleite aici i
n-a raibh seacht bhfeadha ar faid ann. Do chuireadh sí
an cleite 'san bpota agus do chaitheadh sí scuaid
(steall) orra, agus do bhíodh siad ag éirghe chomh tiugh
agus do bheitheá ag amharc orra. Ag súil le cosg do
chur leo, d'ionnsuidh sé ath-uair iad, agus do mharbhuigh
sé tuilleadh díobh. Do chas sé ar an gcailligh féin -
is é an t-ainm do bhí uirthe, "Cailleach an Chleite-
Phoitín" - agus do bhí sé ag gabháil uirthe le n-a
claidheamh gur fhág sé i riocht báis í. Acht sul d'éag sí


L. 48


do chuir sí mar athchuinge air dul ar an taoibh shiar de'n
tulaigh, agus a fhuagairt de ghuth árd do chat na n-ocht
gcos gur marbhuigh sé Cailleach an Chleite-Phoitín
agus a cuid cloinne.



Níor bh'fhada go bhfaca sé cat ag triall air agus
scalltacha (lasracha) dearga as a béal. D'ionnsuigh-
eadar a chéile; ní raibh aon iarracht do bheireadh an
cat faoi nach stróiceadh sí ó bhaitheas a chinn go bunaibh
a chos é, nó gur shaoil an cat é bheith claoidhte.
D'fhosgail an cat a béal agus shaoil sí é shlughadh.



Do rug Murchadh greim ar chab uachdair uirthe, gur
tharraing sé ó chéile mar sin í siar go dtí n-a hearball.



Ar mbeith do'n cat tugtha, gnóthuighthe aige, do
thriall sé ar an gcaisleán i n-a raibh an bheirt ghaiscidh-
each, do-chuadar-san ar a thóir, agus do bíodar leath-
bhealaigh 'san tslighe an uair do casadh Murchadh ortha,
agus má's thíos do fuaradar é is shuas d'fágadar é.



"Ó, a dhaoine shuaracha," arsa Murchadh, "is mairg
do thug gaiscidhigh riamh orraibh; atá an ríoghacht
agaibh anois agus cead codlata go deó."



"A ghaiscidhigh is feárr do bhí i n-Éirinn riamh, fan
againn agus tabharfaimíd leath na ríoghachta dhuit."



"Dá bhfaghainn an tír go léir ní bheinn sásta go
mbainfidh mé sásamh "an chéad bhuille gan cosaint"
de mhac Ríogh Éireann."



D'imthigh sé féin agus Déirdre chum an chuain, an
áit i n-a raibh a soightheach feistighthe. Do bhuaileadar
isteach inte, agus d'árduigheadar a seólta agus níor
stadadar gur sroicheadar tír agus talamh i nÉirinn.
Do-chuaidh Murchadh chum cómhnuidhthe go Condae na
Gailmhe, agus do mhair sé fá réim agus fá rachmas
mórán bliadhan i n-a dhiaidh sin.


L. 49


DIARMUID SÚGACH



AN CHAOI AR IMIR SÉ AR NA DAOINIBH MAITHE.



Do bhí Diarmuid i n-a dhuine shiamsamhail, agus níor
bh'fheárr leis an lá aige ioná an oidhche le haghaidh
siubhail. Do chómhnuigh sé i bhfogus dhá mhíle slighe do
Chnoc an Dúin. Aon Oidhche Shamhna amháin d'imthigh na
daoine maithe go Cúige Laighean le inghin Ríogh Laighean
d'fhuadach leó go Cnoc an Dúin; do bhí Diarmuid
amuigh mar ba ghnás leis, óir ins an tsean-aimsir
bhíodh siamsa agus spórt ag an aos óg ins gach baile
an oidhche sin; do bhídís ag déanamh cleas agus siamsa.
Ag triall abhaile dhó, i dtaca an mheadhóin oidhche, do-
chonniac sé bhuidhean chuige ar an mbóthar agus iad
ag iomchur corpáin.



Ní raibh faitcheas ná eagla air. Níor chualaidh sé
ar feadh na hoidhche gur cailleadh duine ar bith ins na
bailtibh do bhí i ngar dhó nó trí mhíle dhó. Acht is é an
rud do bhí ann, an Sluagh Sidhe, agus do leagadar an
corpán uatha anuas ar an mbóthar agus d'imthigheadar
as a shlighe. Do dhruid sé i n-aice an chuirp, dhearc
sé air, agus do shamhluigh sé gur cosamhlacht mhná óige
áilne do bhí ins an gcomhrainn ós a chomhair. Do leag
sé a lámh ar a héadan, agus d'airigh sé te é.



"Maiseadh," arsa Diarmuid, "bíodh orm gur b'iad
so na daoine maithe, agus gur bean uasal í seo
thugadar leó ó árus a hathar agus a máthar féin
anocht, agus go bhfuil siad d'á tabhairt abhaile leó;
acht béarfaidh mise liom í dom' thigh féin."



D'iomchuir sé abhaile an bhean go tigh a mháthar, acht


L. 50


d'fhan sí fá shuan ar feadh lae agus bliadhna, nó go
dtáinig Oidhche Shamhna arís.



"Bliadhain agus an oidhche anocht," arsa Diarmuid
"do bhain mé de na daoinibh maithe í, agus tá sí i n-a
cnap suain agus codlata agam ó shoin. Rachaidh mé
siar go Cnoc an Dúin anocht, agus b'fhéidir go bhfaighinn
amach cia an fáth atá leis an síor-chodladh so uirthe."
D'imthigh sé leis, agus do thriall sé ar an mbruidhean.
Do bí an dorus oscailte roimhe. Isteach leis agus
do-chuaidh sé i bhfolach ar chúl an doruis. Níor bhfada
dhó annsin go dtáinig na sidheóga uile go léir ós a
chomhair agus do thosnuigheadar ag cainnt agus ag cur
síos ar a n-eachtra an Oidhche Shamhna do-chuaidh thart.



"Atá sé bliadhain an oidhche anocht, comhthrom," arsa
ceann aca, "ó bhain Diarmuid Súgach inghean Ríogh
Laighean dínn."



"Cia an mhaith sin dó?" arsa duine eile díobh,
"ní dheárna sí smeigeadh ná gáire leis ó shoin."



"Is fíor duit," arsa an trídheóg eile, "acht ní bheadh
sí mar soin dá ndéanadh sé an biorán suain atá i n-a
folt i gcúl a cinn do bhaint as, do bheadh sí chomh
meanmnach is do bhí sí riamh."



"Atá go maith, a bhuachaill," arsa Diarmuid leis
féin, "beidh a fhios agam an fíor duit-se sin."



Do-chuadar ag imirt beart agus cluiche annsoin.
Thugadar amach an t-adhastar buidhe agus do bhíodar
ag a scaoileadh thart. Do chuaidh Diarmuid i n-a
measg i gan fhios dóibh. Ar dteacht do'n adhastar
buidhe chuige do chruinnigh sé suas é, do chuir sé i n-a
phóca é, agus d'éaluigh sé uatha.


L. 51


An tráth do-chonnacadar nach raibh an t-adhastar
buidhe le fagháil, adubhairt duine aca, "Mise im'
bhanna gur theagmhuigh Diarmuid libh, agus gur b'é
thug leis é. Amach de sgíord leis gach uile dhuine
aca i n-a dhiaidh, agus do-bhéarfaidís air marach
(muna mbeadh) a ghliocas. Do-chualaidh sé an gleó
agus an rith i n-a dhiaidh agus an uair do bhreathnuigh
sé siar, céard (cad) d'fheicfeadh sé acht an Sluagh
Sídhe ag teacht air. "Is ar thóir an adhastair bhuidhe
atá siad," arsa Diarmuid leis féin, "acht ní bhfaighidh
siad é má's féidir liom-sa é;" agus siúd isteach é
fá dhroichead do bhí treasna an bhóthair cois abhann.
Tháinig na sídheóga go tapaidh agus do-chuadar thar an
droicheadh. Níor bh'fhada dhó annsoin gur airigh sé ag
filleadh thar n-ais iad, agus do chualaidh sé ceann aca
ag a rádh: "Atá sé imthighthe tharainn anois, acht
gheobhmuid greim air arís, agus mise im' bhanna, go
gcuiteóchamuid leis i dtaoibh an dá bheart so atá
imeartha aige orainn."



Do-chuaidh na síodheoga chum na bruidhne agus d'imthigh
Diarmuid abhaile. Tar éis teacht dó chum a thighe
féin do bhuail sé an dorus agus do leigeadh isteach é,
do rith sé anonn chum na mná uaisle ag a rádh: -
"Goirim agus coisreacaim thú, a inghean Ríogh Laighean.
Nach mise do righne an ghníomh, agus tusa do bhaint
de'n tSluagh Sidhe?" Leis sin, do cuarduigh sé a folt
agus tharraing sé amach an biorán suain. D'imthigh an
codladh agus an suan di leis sin, agus tháinig a
cainnt agus a héisteacht dhi.



"Buaidh agus treise leat, a Dhiarmuid is tú


L. 52


d'anacal inghean Ríogh Laighean," ars' an bhean.



D'innis Diarmuid di mar d'éirigh leis í thabhairt ó
na daoinibh maithe agus go raibh sí le bliadhain fá n-a
chúram.



"Atá sé i n-am againn dul abhaile go tigh m'athar
anois," ars an inghean. D'imthigheadar leó go dtáinig
siad go Cúige Laighean. Do chuir Diarmuid tuairisg
mar gheall ar a inghin ag triall ar an righ - go raibh sí
séin agus a fear coimhdeachta ag teacht abhaile, agus
do chuir an rí teachtaire chum eólais do dhéanamh
dóibh. Ar theacht ós comhair an ríogh dhóibh d'inniseadar
dó an sgéal ó thús go deireadh.



Do ghabh an rí buidheachas le Diarmuid, agus tar éis
seachtmhaine do chaitheamh i bhfochair an ríogh d'imthigh
Diarmuid abhaile go háthasach.



CUIR SÍOS AR "CNOC AN DÚIN" IONAD
CÓMHNUIDHTHE NA SÍDHEÓG.



Atá an cnoc so i mbaile na "hÁille Brice," i
n-iarthar Chondae na Gaillimhe, i bparáiste "Bhaile an
Dúin," i n-aice le Caisleán Bun hAimhne, agus adeir
na daoine do chómhnuidheas anois 'san mbaile seo agus
mar aon leó cuid mhór de na daoinibh ins na bailtibh
i bhfogus dó, gan amhras ar bith, go bhfuil bruidhean ag
na daoinibh maithe 'san gcnoc so; go bhfuil ba agus
eallach, mná agus páistidhe aca ins an mbruidhin, agus


L. 53


go gcongbhaidheann siad na ba le haghaidh bainne do
thabhairt do na páistíbh; go gcuireann siad na ba so
amach ins an oidhche, an fhaid bhíos na daoine gur leó an
féar i n-a gcodladh; agus nach íosfadh ba na hÉireann
an méid féir a fhásas mar bhíodh beithidhigh na ndaoineadh
maith, agus mar dheimhniughadh ar an nidh céadna
innisid an sgéal so a leanas:-



Timcheall céad bliadhan ó shoin do bhí maor ag
duine uasal de mhuinntir Mhag Eochagáin do bhí i n-a
chómhnuidhe 'san gcaisleán atá i seilbh Chloinne Uaidin
de Bláca anois, agus gidh go raibh sé ag tabhairt aire
mhaith do'n bhféar ins an oidhche do gheibhthí an féar ithte
ar maidin.



Do bhíodh a mháighistir ag casaoid air fá so. Do
chuireadh sin fearg ar an maor le faitcheas go saoil-
feadh a mháighistir nach raibh sé ag tabhairt aire mar ba
chóir do'n bhféar. Fá dheireadh adubhairt sé leis séin:-



"Cia ar bith bitheamhnach ar leis na beithidhigh gheobhaidh
mise greim air."



Ar an ádhbhar soin d'fhan sé i n-a dhuiseacht ar feadh
na hoidhche sin ag súil go bhfaigheadh sé fios cia ar leis
na beithidhigh; i dtaca an mheadhóin oidhche do bhí sé
ag siubhal thart ar thóir na mbó agus do-chualaidh sé
na ba ag cogaint a gcíre agus ag ingheilt an fhéir; do
dhearc sé timcheall air, acht ní fhaca sé dadamh. Do
bhí sé ag siubhal leis agus chualaidh sé an gearradh, acht
ní raibh aon bhó le feicsint. Tamall i n-a dhiaidh sin,
agus é trom tuirseach, do sheasamh sé ar tortáinín
seamrach, agus ar an móiméid sin do chonnaic sé na
ba dubha ag ithe an fhéir. Do shaoil sé riamh i n-a dhiaidh


L. 54


sin gurab' ar an tseamair mhuire do sheasaimh sé. Do
rith sé chucha, agus do rug sé ar earball ar an mbuin
ba ghoire dhó, chas sé fionnadh an earbaill ar righe a
láimhe. D'imthigh an bhó ag rith go ndeachaidh sí isteach
ins an mbruidhin, acht níor sgar seisean le n-a ghreim
go ndeachaidh sé isteach i n-aoinfheacht léithe. Do
cuireadh fáilte roimh Aindréas an Ghréasuidhe (do b'é
sin ainm agus sloinne an mhaoir). Do dhearc sé tháiris,
agus is beag nár chaill sé radharc a shul le háilneacht
na bruidhne. Ní raibh ins an domhan, dar leis féin, áit
chómh breágh léi, agus níor fhéad sé focal do labhairt.
Do-chonnaic sé mná ag bogadh (luasgadh) cliabhán agus
go leór páistidhe. I gcionn tamaill tháinig a chainnt
dó, agus níor bh'í an deagh-chainnt í, óir adubhairt sé:



"Cia an deamhan atá oraibh go bhfuil bhur mba ag
ithe féir mo mháighistir?"



"A Aindréis na gcarad," arsa na mná sidhe, "chíonn
tú na páistidhe agus ní mór dóibh braon bainne."



"Ag an donas go raibh sibh féin agus bhur bpáis-
tidhe," arsa Aindréis.



"Ó! a Aindréis; Ó! a Aindréis; Ó! mo chara is
mo chomairc, ná bí ag tabhairt na mionn mór, agus
déanfamuid rud ar bith a thógróchas tú."



"Atá go maith," arsa Aindréis, "is mian liom
sibh do chongbháil bhur mbeithidhigh uaim as so amach agus
gan leigint dóibh féar mo mháighistir do ithe."



Ná bí ag eascainidhe," ar siad, "agus ní leig-
fimíd aon bhó linn go bráth arís ad' ghoire ná id' ghaor."



"Is é sin díreach an rud atá mé ag iarraidh oraibh
do dhéanamh, agus beidh suaimhneas agus sócamhlacht


L. 55


agam-sa agus féar mo mháighistir gan díoghbháil do
dhéanamh dó."



"Atámuid sásta," arsa na mná, "rud ar bith do
dhéanamh do chongbhóchaidh thusa as so le faitcheas roimh
do mhionna móra."



Do righneadar connradh annsoin agus as soin amach
níor tháinig na beithidhigh ag ingheilt an fhéir. Do bhí
Aindréas sásta, óir do bhí cead aige an oidhche
do chodailt, agus do chongbhaigh na mná sidhe a
ngeallamhna.



IMREAS NA SIDHEÓG



Is sean-fhocal gur feárr an t-imreas ioná an
t-uaigneas, agus do b'é sin dála na sidheóg.



Oidhche in a raibh damhsa nó rinnce i mbaile na
hAille Brice do tháinig leath-dhuine uasal ag mar-
cuigheacht ar each deas go dtí teach an damhsa. D'ísligh
sé de'n each, agus do chuir sé scorán ins an diallait
ag cinnireacht an éich, agus chuaidh sé féin isteach go
mbeadh scathamh damhsa aige. Ní túisce do bhí sé
imthighe agus an scorán ins an diallait ná tháinig na
daoine maithe ar an taoibh shiar de'n each; do bhuail
siad bos ar a mhás, agus as go bráth leis. Do cuir-
eadh amach ins an loch atá fá Chnoc an Dúin é, an
marcach agus an diallait; ar feadh na h-aimsire do
chongbhuigheadar ar snámh é anonn agus anall tríd an
loch go raibh an marcach tuirseach tnáidhte d'á mhar-
cuigheacht agus an t-each beagnach sáruighthe; óir do bhí
na sidheoga ag bualadh an eich le súistíbh i n-a raibh
bualtáin ceangailte le h-éill do bhí déanta de chroic-
eann eilite. Tháinig duine de na daoinibh maithe agus


L. 56


rug sé gréim ar shrian an mharcaigh agus adubhairt:-



"Atá sé i n-am agat an áit seo d'fhágbháil; imthigh
abhaile, nó éirigh dom' thigh-se. Atá na buachaillidhe
beaga i n-a ndúiseacht, agus leigfidh siad isteach thú."



Tar éis sin do rádh, d'imthigh sé. Do fágadh an
marcach, é féin agus an t-each, ar an talamh tirim, acht
do bhí a leath bhróg caillte ag an marcach. Ar ball
tháinig marcaigh eile suas leis, do bhuailleadar buille
ar an gcapall, agus d'imthigh sé i n-aoinfheacht leó.
Níor stadadar gur chuireadar trí míle bóthair tharsta.
Do sheasadar annsoin agus do bhíodar mar bheadh
saighdiuiridhe ag foghluim gnótha saighdiuireachta, ag
dul tré n-a chéile go dtí goirim na gcoileach. D'imtigh-
eadar annsoin mar shloigfeadh an talamh iad, agus
tháinig an marcach agus a chapall chum an tighe gur
chomhairligh an sidheóg dó dul an tráth do tharraing sé
as an loch é. Do bhuail sé ag an dorus agus leigeadh
isteach é, agus do bhí fáilte roimhe.



Atá gnás i measc na sean-bhan riamh ó shoin gan
sean-scuab do chaitheamh amach le faitcheas go ndéan-
fadh na daoine maithe capaill díobh; dóghann siad iad.



BRÉIDÍN CAILLEACH NA n-ADHARC



Do bhí sean-bhean ann fad ó agus do bhíodh sí ag
obair i gcómhnuidhe. Aon oidhche Shathairn amháin do bhí
sí ag sníomh go deireannach 'san oidhche; agus cia
bhuailfeadh isteach chúiche acht sean-chailleach ar a raibh
dhá adharc uirthe chomh mór le hadharcaibh tairbh. Do


L. 57


shuidh sí síos agus d'fhiafruigh sí do mhnaoi an tíghe an
raibh péire cárdaidhe aice agus go dtiubhradh sí
congnamh di.



"Ní'l," ars' an bhean.



"Ní raibh mise riamh gan mo ghléas oibre féin,"
ars' an chailleach, agus do tharraing sí péire cárdaidhe
amach as a póca, agus do thosnuigh sí ag cárdáil.



Níor bh'fada bhí sí ag obair go dtáinig cailleach
eile isteach, agus péire adharc uirri, mar an gcéadna.
Do shuidh sí síos agus adubhairt sí le mnaoi an tighe
go dtiubhradh sí congnamh di dá mbeadh túrna aice.



"Ní'l aon túrma agam le t'aghaidh," ars' an bhean.



"Ní raibh mise riamh gan mo ghléas oibre féin
agam," ars' an chailleach; leis sin do tharraing sí
amach túrna beag, agus do thosnuigh sí ag sníomh.



Acht, leis an scéal do ghiorrughadh, bhíodar ag teacht
isteach, ó chailleach go cailleach go raibh ceithre cail-
leacha fichead ann - dhá chailligh déag ag sníomh agus
an oiread eile ag cárdáil.



D'oibrigheadar tamall; annsoin adubhairt ceann
aca go mba olc do thuill bean an tighe dada do
dhéanamh di, óir níor chuir sí cumaoin ar bith orra
fá n-a gcuid oibre, gan fiú biadh ná deoch aice dhóibh.
Do gheall an bhean bhocht annsoin go ndéanfadh sí
deoch dóibh. Thóg sí an canna léi agus chuaidh sí i
gcoinne (ag iarraidh) uisce; acht an uair do bhí sí ag
filleadh do bhuail sí a hórdóg i gcoinne cloiche.



"Mo chuid de thubaiste na bliadhna ort mar chloich,
muna bhfuil mé gearrtha agat," ars' an bhean bhocht.



"Ná habair sin," ars' an chloch, "is mise do mháthair,


L. 58


a tháinig rómhat annso le comhairle do thabhairt duit.
An uair rachaidh tú abhaile abair go bhfuil Cnoc Áine
ar lasadh, agus rithfidh na cailleacha amach; an uair
do bheidh siad amuigh dún an dorus, agus ná leig
isteach arís iad. Sul do dúnfas tú an dorus caith
amach a gcuid túrna agus a gcuid cárda (cárdaidhe).
Ar a bhfeaca tú riamh ná leig isteach iad, nó béidh
aithmhéala ort."



Do righne sí mar adubhradh léi. Chomh luath agus do
chualaidh na cailleacha go raibh an cnoc tré theine, amach
leó; ní raibh siad a bhfad amuigh go dtáinig siad tar
n-ais chum an doruis ag iarraidh iad do leigint isteach
arís; acht ní leigfeadh an bhean isteach iad.



Thosnuigheadar ag glaodhach annsoin. Do ghlaoidh
ceann aca ar a cárdaíbh í leigint isteach. "Ní fhéad-
fainn," arsa na cárdaidhe, "mar atá mise chomh fada
amach leat féin."



'Nuair do theip a dtúrnaidhe agus a gcárdaidhe
féin orra, do ghlaoidh cailleach eile amach, "a thúrna
mná an tighe, leig isteach sinn." "Ní fhéadfainn,"
ars' an turna, "atá smut bainte asam." Annsoin
do ghlaoidh sí ar cárdaidhe mná an tighe í leigint
isteach. "Ní fhéadfamaois," arsa na cárdaidhe, "atá
fiacla bainte asainn."



Fá dheireadh d'iarr ceann aca ar shudóig gan beárna
éirghe agus iad do leigint isteach. Thosnuigh an
tsudóg ag léimnigh suas chum an doruis, acht rug
bean an tighe ar an tslis, agus do rinne sí dhá leath dhi.


L. 59


Adubhairt na cailleacha annsoin, "níor mhór duit,
óir dá rachamaois isteach do chuirfimís de reachtaibh
ort gan a bheith chomh deireannach ag sníomhachán oidhche
dé Sathairn."



D'imthigh siad ar siubhal uaithe annsoin agus ní
fhaca sí ní ba mhó iad. Agus is é sin an fáth go
mbaineann na mná smut as gach uile cáca do
leigeann siad thart.



EACHTRA AR AN SGOLÓIG AGUS AR AN
NGRUAGACH RUADH.



I bhfad sul ar smuain na Lochlannaigh ar theacht go
hÉirinn, ná beóir do dhéanamh de scoth an fraoich,
do chomhnuigh i mBéaladáchab, i ndeisceart Éireann,
Sgológ do bhí saidhbhir go leór, mar ba fhear tionns-
cantach, coimheádach é ag a raibh cuid mhaith maoine.
Ní raibh de mhuirighin air acht aon mhac amháin, agus is
cóir do rádh gur mhór é a chion air. Acht is anamh
bhíonn mac gasda ag athair coigilteach, agus b'é sin
dála na Sgolóige. Thárla do'n tseanduine, ar
chaitheamh a aimsire dhó, go dícheallach, saothrach, go
bhfuair sé bás ar nós daoine an tsaoghail. Ar
mbeith dó curtha 'san uaigh agus seilbh ag an bhfear óg
ar rachmus a athar is beag do shaoil an t-ógánach
uaibhreach so go dtiocfadh leis choidhche an t-ór agus
an t-airgead go léir do scaipeadh, agus ba lughaide
do mhachtnaidh sé ar a inmhe do mhéadughadh. Do bhíodh


L. 60


sé ar aontaighe agus ag cóimhthionóil agus chaith sé a
chuid airgid go fial. Ar an ngnás so bhuain sé
beagán bliadhan fá réim as; acht i ndiaidh treimhse
áirithe do bhí an Sgológ ag dul i mbochtaineacht. Dob'
éigin dó a thalamh do chur i ngeall agus ní raibh gléas
a fhiacha do íoc aige. Acht dá mhéid an donais do
thaobhaidh é níor ba mhóide í a chiall, mar lean sé lucht
fhiadhaigh agus gach cleacht dícéillighe do ghnáthaigh sé ó
n-a óige.



Lá dá raibh sé ag teacht abhaile go tuirseach,
theagmhaigh leis 'san mbóthar, i bhfogus a thighe féin,
fear aosda, ba cosmhuil le bheith in a leath-amadán
in a shuidhe go seasgair le hais cloidhe mór aitinn.
Adubhairt an duine seo, ag tabhairt teiste air féin,
gur Gruagach Ruadh an t-ainm do bhí air, agus go raibh
de chinneamhuin cruaidh air ó rugadh é bheith tugtha thar
meadhón do dislighibh d'imirt, gidh nach mbíodh aige go
ró-mhinic d'á bhárr acht cailleamhuin agus anacair.
D'fhiafruigh sé de'n Sgolóig a n-imreochadh sé cluiche
leis. D'fhreagair seisean go ndéanfadh, acht nach raibh
púinn airgid aige.



Ba dhuine macrasach sgigeamhail an Gruagach do bhí
eolgach ar chleasaibh agus ar shlighthibh draoidheachta ar
a raibh an Sgológ i n-ainbhfios. Níor staon sé riamh
gan an t-eolas soin do chur i ngníomh dá bhfaidheadh sé
faill air, acht ní fheadar an Sgológ é bheith calaoiseach.
Thóg ag Gruagach díslidhe as a phóca, agus do chrom-
adar ar imirt, acht ba ghearr do lean leó gur bhuaidh
am Sgológ, agus fuair sé gan moill an méid do


L. 61


gealladh dhó. Thriall an Sgológ d'á thigh, go meanm-
nach lán de bhrígh.



Do ghluais sé air, tráthnóna aoibhinn i n-a dhiaidh
soin, go ráinig sé áit 'san ngleann mar ba ghnáthach
do'n Ghruagach suidhe, ag súil le é fheicsint. Níor
mealladh é in a dhóchas, óir ba thapaidh do chonnaic sé
an Gruagach agus é ag dhéanamh súgartha dhó féin.
Ó'n aithne do bhí aca ar a chéile roimhré bhíodar car-
thannach muinnteardha. Chuir an Gruagach fáilte roimh
an Sgolóig, agus d'fhiafruigh cionnus thárla dhó ó'n
uair dheigheanach do casadh air é. D'aithris an Sgológ
dó focal ar fhocal, do réir mar do bhí. Ag trácht dóibh
ar ghluaiseacht an tsaoghail, d'admhuigh an Gruagach
nach raibh leigheas aige ar a chlaontaibh féin; "agus,"
ar sé, "táim fonnmhar le cluiche d'imirt ar na
coinghill céadna do bhí eadrainn cheana má's áil
leat-sa é." Níor theastuigh mórán tafainn (tathant)
ó'n Sgolóig, agus do thosnuigheadar ar imirt an dara
huair, ar son go mbeadh cead ag gach n-aon díobh gidh
b'é breith ba mhaith leis do chur mar gheasaibh ar a chomh-
laoch. Dá ghéarchúisighe shaoil an Sgológ é féin do
bheith in a shlighthibh, ba chliste go mór an Gruagach. Tar
éis a bhfad d'aimsir do chaitheamh ag imirt i n-aghaidh a
chéile, fuair an Gruagach Ruadh an buadhachtain. Le crith-
eagla agus buaidhreadh-aignidh do ghread an Sgológ a
bhasa agus do thuit sé i bhfanntais.



D'fhan an Sgológ ins an riocht soin i ngar d'uair
an chluig, acht ar mhúscladh dhó, tháinig sé chuige féin
arís ó'n gcriothnughadh uathbhásach do bhí i n-a chroidhe.



"Ní dhéanfad-sa aon dochar duit," ars' an Gruagach


L. 62


Ruadh, ar a raibh féachaint ghruama. "Pread id' shuidhe
go inneosad duit na geasa chuirfidh mé ort." D'éirigh
an Sgológ in a sheasamh, agus adubhairt, "Má's áil
leat é, innis dam créad iad féin, ó nach bhfuil dul
uatha agam."



"Is fíor," ars' an Gruagach, "go gcaithfidh tú
stríocadh dom-sa anois; agus ná bíodh aon mhearughadh
ná mearbhall ort gur b'é seo an coingheall: - An
claidheamh soluis atá ag an nGaiscidheach Óg 'san
Domhan Toir do bheith agat romham ar an láithreach so
lá agus bliadhain ó indiu. Slán leat. Is iomdha
bóthar cam agus díreach romhat."



Is le croidhe duairc chuaidh an Sgológ abhaile.
D'aithin a mháthair gan moill go raibh brón éigin ag
gcoilleamhuint air, agus do bhí amhrus láidir aice gur
bh'é ganguideacht an Ghruagaigh Ruaidh do thug fá
ndeara dhó gan bheith níos meisneamhla. Do cheistigh
sí é ar an modh in ar chaith sé a aimsear ó d'fág sé
an teach, nó cad d'eirigh dó go raibh sé chomh meata sin.
Ba fhiosach dó a mháthair do bheith ceannradharcach go
leór, agus nach beadh aon mhaitheas dó an fhírinne do
cheilt uirthe. D'innis sé dhi créad do thuit amach idir
é féin agus an Gruagach Ruadh. "Is é seo," ar sé,
"fáth mo chráidhteachta."



"Dá nglacfá mo chomhairle-se," ar sí, "ní bheadh a
leithéid sin de sgéal le hinnsint agat, óir is maith do
bhí a fhios agam gur beag an fagháltas do gheabhthá ar
an nGruagach Ruadh, agus nach raibh de ghnó ar siubhal
aige ó thosach go deireadh acht ag cur a líontáin ar
innill fad' chomhair. Is eolach dam-sa slighe ar a


L. 63


bhéadfaidh tú teacht saor ó n-a gheasaibh, acht is
riachdanach duit bheith muinighneach asat féin agus do
dhícheall do dhéanamh go bríoghmhar." Annsoin do
mhínigh sí dhó na cúrsaidhe tré n-a gcaithfeadh sé gabháil,
agus in a dhiaidh sin do chuir sí in a chodladh é le ceól
sidhe.



An lá ar n-a bhárach, le fosgailt an lae, bhí máthair
na Sgolóige go dúthrachtach ag fagháil lón ullamh d'á
mac fá chomhair an bhóthair. Do-chuaidh sí amhach ar an
bhfaithche, thóg snáth fada as a póca, do leig leis na
ngaoith é, agus do ghlaoidh go hárd uair no dhó. Ba
gheárr go dtáinig chuiche each caol donn ar a raibh
srian agus diallait. D'fhan an Sgológ ar a shocracht
go foighideach ag súil le hórdughadh chum imtheachta.



"Is mithid duit bheith ar siubhal," ars' a mháthair,
"mo bheannacht leat; go n-éirigh d'aistear leat;
agus go dtigir ar ais slán."



Do léim an Sgológ ar mhuin an chapaill, thug póg
d'á mháthair; le n-a linn sin do thuit fras deór ó n-a
shúilibh, agus sgaoil sé chum an bhóthair. Do rith an
t-each chomh luath leis an ngaoith, agus ní fheadar an
Sgológ an soir seach is siar do bhí sé ag dul go
dtáinig sé go bruach na fairrge; acht níor chuir sin
aon chosg leis, mar d'eitill an capall thar thonntaibh
na mara chomh lúthmhar is do sgeinfeadh fiolar ar
thaoibh chnuic, agus ba ghairid go raibh an Sgológ i
bhfad ó radharc cuain agus calaidh. Lean sé de'n
choisidheacht sin go rug an tráthnóna déigheanach air,
agus an ghrian ag dul faoi. Uim an t-am soin
chonnaic an Sgológ talamh agus do-chuaidh sé i dtír,


L. 64


acht ar a shon sin níor sguir an t-each ó'n deithneas bhí
aige d'á dhéanamh nó go ráinig sé machaire fairsing
ag bun caisleáin mhóir, leathain, úr-aolta, agus chrom
sé ar sheitrigh. Ba gheall le cómhartha é so do
mhuinntir an caisleáin, óir do fosgladh na dóirse agus
tháinig fá n-a dhéin buidhean seirbhíseach do threóraigh
é go halla na cúirte. Do b'é rí na tíre do bhí in a
chomhnuidhe 'san tigh mór, agus chuir sé féin agus an
bhainríoghan céad míle fáilte roimh an Sgolóig.
D'inniseadar dó gur bh'iad féin a shean-athair agus
a shean-mháthar. Tugadh biadh agus deoch oireamhnach
chuige, agus d'ith agus d'ól sé a dhóthain. Chuireadar
tuairisg i dtaoibh a mháthair, agus cionnus do thaithinigh
leí maireachtain in Éirinn. "Is geal leis an bhfiach
dubh a geárrcach, agus is ionmhuin liom inghean-sa a
máthair," ars' an bainríoghan ar fheicsint fáinne óir
do leig an Sgológ tuitim isteach i ngloine as a raibh
sé ag ól.



"Tá a fhios agam nach tabhairfeadh sí an taisge seo
dhuit muna mbeadh go bhfuil cion mór aice ort."



Níor cheilt an Sgológ aon chuid d'á theagmhais orra,
agus do chríochnuigh leis na foclaibh seo: - Is ar bhur
stiúradh-sa amháin atá mo bheatha nó mo bás agus
cuirim mo dhóchas ionnaibh go dtiubharfaidh sibh saor mé."



Do-chuaidh sé a chodladh, óir do bhí tuirse ar i ndiaidh
a thaisdil fháda, agus do chodail sé go socair sámh go
rug solus geal an lae air. Do nocht an rí do'n
Sgolóig ar maidin tásg fírinneach na ceiste do bhí ag
teastbháil uaidh le réidhteach chum an Ghruagaigh Ruaidh
do shásamh. "Ní fuláir dam innsin duit," ars' an rí,


L. 65


"gur déarbhráithreacha sin-ne a dtriúr - an Gruagach
Ruadh, an Gaiscidheach Óg, agus mé féin; agus gidh
gur bh'é an Gruagach Ruadh an té b'óige dhínn, do bhí
sé an-ghlic. Do shanntaigh sé le aimsir fhada an
claidheamh soluis atá ag an Gaiscidheach Óg, acht do bhí
a fhios aige nach féadfadh sé é d'fhagháil gan mo
chongnamh-sa. Theagmhaigh an Gruagach Ruadh ort-sa,
d'imir sé díslidhe leat, le muinighin as a chlaon choir
go mb'fhéidir leis a dhúil d'agairt ar an nGaiscidheach
Óg. Atá an Gaiscidheach Óg in a chomhnuidhe i ndún
láidir dhá mhíle as so, ar a bhfuil ballaidhe nó múrtha
árda d'á thimcheallughadh, agus leith istigh díobh bíonn
dragúin ag a bhfuil fiacla fada géire ag faire, agus
is baoghalach an nidh fearg do chuir orra. Má bheirid
ort íosfaidh siad id' bheathaidh thú, acht má's féidir leat
teacht saor uatha an chéad lá agus an dara lá, ní bheidh
baoghal ort. Is ionad comhnuidhthe é seo atá ag an
Gaiscidheach Óg, agus ní lamhadh aon duine dul i n-aice
an tighe nach bhfuil aithneadmhuil do na dragúnaibh.
Éirigh ar dhruim an chapuill riabhaigh taisbeánfar duit,
agus béarfaidh sé thar an ngeata thú. Ná bíodh aon
teannta ort i dtaoibh a bhfeicfidh tú, acht abair i nguth
árd go dteastuigheann an claidheamh soluis uait. An
moill is lúgha ná déin i n-a dhiaidh sin, acht iompoigh ar
do chúl, agus brostuigh leis an méid deithnis d'fhéad-
faidh tú thar n-ais."



Fá cheann beagán de laethibh eile, ar theacht do'n
am ceapuighthe, do ghluais an Sgológ go meisneamhuil
gur tháinig sé go himeall na bhfalaidh do bhí timcheall
an dúin; croth an capall a cheann, agus thug go


L. 66


fonnmhar tuslóg tharsta isteach. Adubhairt an Sgológ
go bhorb teann an claidheamh soluis do thabhairt chuige
amach. Chuir na dragúin sgreadanna fíochmhara asta,
agus gidh gur thugadar iarracht buileamhuil ar é do
shlugadh, chas sé thar n-ais, do ghríosaigh sé a chapall, dá
ríribh, agus do chuaidh d'aon léim amháin ós cionn an
bhalla ar an taoibh eile, acht do briseadh dhá chois dheiridh
an chapuill. D'imthigh an Sgológ roimhe, agus do bhí sé
ag caisleán an ríogh díreach le tuitim na hoidhche, gan
leónadh nó gortughadh, lán d'áthas. Bá luathgháireach
do bhíodar go léir fá tráthamhlacht na slighe in ar
righne sé a ghnó. Do thriall sé ar dhún an Ghaiscidhigh
Óig an dara lá, agus ní luaithe do bhí sé ar thaoibh istigh
de'n bhalla ná leig na dragúin béicidhe gráineamhla ba
mheasa go mór ioná aon nidh do chualaidh sé riamh roimhe
sin, acht tháinig leis ar ghreim an anma, teitheadh go
cúirt an ríogh.



"Beidh na dragúin go léir in a gcodladh indiu,"
ars' an rí leis an Sgolóig ar maidin an treas lae,
"óir atáid siad tnáithte ó bheith ag faire de ló agus
d'oidhche an dá lá chuaidh thart, agus ní mhoitheóchaidh siad
thú ag dul isteach. Déan ceann ar d'aghaidh ar an
ndún, agus gheabhair gach nidh atá d'easbuidh ort. Do
lean sé comhairle an ríogh, agus níor cuireadh aon
toirmeasg air. Do bhí suan trom ar na dragúnaibh,
agus gidh gur shatail sé ar chois chín dhíobh, tré thionóisg,
níor chuir an t-ainmhidh cor de. Do dhruid sé níos
goire do'n chaisleán, agus ar fheicsint doruis ar dian-
leatha. Do-chuaidh sé isteach, agus shaoil sé nach
raibh sé riabh i n-a leithéid d'áit le áilleacht agus


L. 67


deagh-riaracht. Do-chualaidh sé cainnt i gceann de na
seomraibh. Do bhuail sé ag an dorus agus d'iarr cead
dul isteach.



"Do gheabhair sin agus fáilte," ars' an fear
d'oscail an dorus, "ó bhí sé de chumas ionnat na
daingneacha dlútha do bhí d'ár gcosaint do mhilleadh.
Suidh síos agus innis dom' cread tá uait."



"Is fad' ó bhaile tháinig mé chugaibh," ars' an Sgológ.



"Is mairg damh-sa gur b'eadh," ars' an duine uasal.
"Is iomdha laoch calma do claoidheadh ag iarraidh ár
ndún do leagadh."



Do shuidh an Sgológ go cúthail agus do nocht gach
sgéal do réir na fiafruighthe do cuireadh air, "agus
anois," ar sé, "ní bhfuil d'easbuidh orm acht an
claidheamh soluis."



"Measaim," ars' an duine uasal, "go bhfuil a fhios
agat cheana féin gur mise an Gaiscidheach Óg. Súd é
thall an claidheamh soluis ag crochadh ar an bhalla, agus
bronnaim ort é. Tugann sé solus chomh lonnrach sin
uaidh go bhfeicfeá aon nidh timcheall air i ndorchadas
na hoidhche chomh gléineach is d'fhéadfá i lár an lae.
Beir leat é agus mo bheannacht-sa le n-a chois."



D'fhág an Sgológ slán ag an nGaiscidheach Óg; agus
d'iompoigh sé a aghaidh ar an mbaile. Seachtmhain roimhe
sin do bhuail aicíd an Gruagach Ruadh, agus fuair sé
bás; ba thaithneamhach an sgéal é sin do'n sgolóig, óir
ní raibh duine beó chum seilbhe an chlaidhimh soluis do
bhaint de, ná buaidhirt do chur air go bráth arís. Do
bhí a mháthair ag súil leis i n-aghaidh an lae, agus ar


L. 68


radharc d'fhagháil air, do rith sí chuige - "Dia do
bheatha," ar rí, agus le méid a gáirdeachais shaoil sé
go múchfadh sí le pógaibh é, go mbáithfeadh sí le
deóraibh é, agus go dtíormóchadh sí é le brataibh glana
síoda agus sróil. Do mhaireadar go séanmhar ar
feadh na coda eile d'á saoghail.



CRÍOCH




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services