Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Focail Ghaedhilge sa mBéarla
Title
Focail Ghaedhilge sa mBéarla
Author(s)
Ó Síothcháin, S.,
Composition Date
1923
Publisher
An Sguab
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN SGUAB Im. II. Uimh. 13. DEIRE-FOGHMHAIR, 1923. 3p. SA MHÍ RÉIM NA h-UIMHREACH SO. Leath. NÍ ÍSEAL NÁ UASAL ACH THÍOS SEAL AGUS THUAS SEAL 3 AN SGRIOSADÓIR ÉIN TADHG Ó CEALLAIGH 5 CAOINE CLOINNE CLEAS CLOCH LABHRAIS 6 AN BÁD GLUAISTEÁIN AN CHÚ MHALL 7 AN IMIRCHE TOMÁS MAC NEACAILL 10 AN BÓTHAIR IARRAINN MÍCHEÁL Ó CINNFHAOLAIDH 12 SÍOTHCHÁIN SEÁN MAC GIOLLA BHUIDHE 14 NA h-OIDÍ SCOILE AGUS AN GHAEDHEALG TADHG GAEDHEALACH 15 LEITREACHA 16 COMÓRTAS 17 FOCAIL GAEDHILGE SA mBEURLA 17 OBAIR DO GHAEDHILGEOIRÍ 19 AN GHAEDHEALG SNA SIOPAITHE. Má thá sé uait, a dhuine, an Ghaedhealg a bheith dá labhairt agat gach aon lá ceannuigh do chuid grósaereachta agus lóin-tighis uainn. Ní gádh dhuit Beurla do labhairt annso mar go bhfuil an Ghaedhealg ag gach aoinne sa t-siopa. Ó RAOGÁIN AGUS A CHOMH., TEO., SRÁID DÁSON, 54. CUMANN URRADHAIS MUINTIR NA h-ÉIREANN (THE IRISH PEOPLE'S ASSURANCE SOCIETY) CUMANN DO GACH AOINNE ISEADH É. NÍL AON NIDH CHUN DEIRIDH ANN. FÍOR-ÉIREANNAIGH ATÁ I mBUN NA h-OIBRE SEO. Gach fios agus faisnéis le fagháilt ón Rúnaidhe S. M. Ó DEORÁIN ÁRD-OIFIG — CEARNÓG PHARNEILL a 16, ÁTH CLIATH. GUAL! GUAL! GUAL! Anois an t-am chun Ghuail a cheannach i gcóir an ghéimridh. Béidh sé i bhfad níos costasaighe nuair a thiocfas an aimsir chruaidh. Ceannuigidh ó Ghaedhealaibh é. Tá an cineál is fearr le fághail Ó MHUINNTHIR PLÉIMEANN, 9 Sráid Frederic Thuaidh, Áth Cliath. Guthán 2723. N.B. — Tá gluaistean (a iomcróchas ualach tonna) le fághail uainn ar thuarastal. ÁRACHAS Polasaithe ar ghach Conntabhairt le fagháil. CÁIN-IONCUIM Cóirighthear Eilimh Aisiocha, Reidhtighthe, agus rl. AG MAC DONNCHADHA AGUS Ó BEÓLÁIN, TEÓ. 51 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH. Guthán: 1106. Sreangán: Arrange, Dublin.
Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n Chumann Gaedhealach is Fearr AN CUMANN IBÉRNACH INSIÚRÁLA TEÓ. I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS COITCHINNE. Príomh-Oifig — 48 agus 49 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH. NA POLASAITHE IS IOMLÁINE LE FAGHÁIL. CUALLACHT DÚNA EIMER TEOR, Sráid Hardbhic, i mBaile Átha Cliath. ÉADAIGHE EAGLAISE, ILGHRÉASACH AGUS ÓIRGHRÉASACH. CULAITHE BAN ÉIREANN CAIRPÉIDÍ LÁIMH-FHIGHTHE. LEABHRA MAITHE GAEDHILGE AN BARRA: Leabhairín do Pháistí. Nioclás Tóibín an scríbhneóir. Leabhairín é seo do pháistí sa tríomhadh buidhin nó sa ceathrú buidhin do réir mar a thuigtear don múinteóir. Mar do dhein sé sa ngeamhar tá a dhícheall déanta ag Nioclás Tóibín ar adhbhar oiriúnach léighinn do sholáthar don pháiste, agus a bheith cothrom maidir le ciall agus cruadhas. Ocht leathanaigh agus dachad atá ann. Luach 6d. glan. ÓIR-CHISTE: Duanaire Liricí don aos Foghluma. Seamas Ó h-Aodha, M.A., do thoigh. Cnuasacht é seo desna dánta is mó clú agus cáil i nGaedhilg. Tá 45 cinn aca ann agus na filí is fearr abhí riamh againn a scríobh iad ó Oisín Mac Fhinn go dtí Pádraig Mac Piarais. Tá míniú nó argóint ag gabháil le gach aiste sa leabhar agus gach míniú aca i nGaedhilg bhlasta. Tá foclóir, agus gluais ag tabhairt eolais ar gach áit is ar gach duine atá luaidhte sa leabhar. Níl aon Bhéarla ann. 156 leathanaigh. Luach 5s. glan. BEIRT DHÉISEACH. Cnuasacht scéilíní le Seán Ó Cuirrín. Scéal acu ar a cheann féin; Eadartheangachd ar Bhéarla Washington Irving (Rip Van Winkle); Tolstoí (The Long Exile); LorimerStoddard (The Indian's Palm) an chuid eile. Tá adhbhar cleachta ar aistidheacht agus notaí agus foclóirín ag gabháil leó. Luach 3s. 6d. glan. Agus na Leabhra eile is fearr i nGaedhilg le fagháil ó CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN TEOR., 89 Sráid an Talbóidigh i mBaile Átha Cliath. ÓRDUGHADH DHUINN "AN SGUAB" A SHEOLADH TRÍD AN BPOST Do'n Bhainisteoir, "An Sguab," Cearnóg Montseoighe, a 24, Baile Átha Cliath. 4/- é seo chun go ndeunfaí "An Sguab" a sheoladh tríd an bPost chugam gach mí ar feadh dhá mhí deug, ag tosnughadh Mí Mise M'Áit Chómhnuidhthe.
NÍ ÍSEAL NÁ UASAL ACH THÍOS SEAL AGUS THUAS SEAL Is beag duine ná bíonn shíos seal agus shuas seal dréir mar a bhíonn a shaoghal agus a shláinte aige, agus is docha go ndeireann gach aoinne "Ceud slán leis an tsean aimsir" 'na aigne féin anois agus arís. Dá mhéid é an feabhas atá tréis teacht ar chúis na Gaedhilge agus dá mhéid é ár sástacht nuair a chuimhnighmíd ar sgrios agus ruagadh an tSasanaigh as an dtír seo, mar sin féin táimíd go léir cortha, tnáite, traochta de bhárr clampair agus cogaidh agus níl uainn ach síothcháin agus ciúineas agus seans chun dul chun cinn le nár gnó féin. Ach ní túisge a bhíonn deireadh le cogadh ná thosnuightear ar chogadh eile — Cogadh lucht oibre na hÉireann le lucht stiúrtha gnótha atá i ndán dúinn anois mara mbíonn sé ar siubhal i gceart sara mbeidh an uimhir seo den "Sguab" á chur amach againn. Bíonn stailc nó "lock out" ar siubhal in áit éigint i gcomhnuidhe dar ndóigh. Rud gnáthach iseadh é sin anois agus ní chuirtear mórán suime ann leathismuigh den áit na mbíonn sé, ach baineann sé le deallramh anois go mbeidh na maighistrí as na fearaibh ag tuitim amach i gceart le na chéile sara bhfad agus ag troid go h-imirt anama. Millfear an tír ar fad ar an gcuma san agus sa deireadh socrófar an rud eatorra sa tslighe a shocróc aon duine ciallmhar é an ceud lá gan aon clampar ná easaontas ná cailleamhaint ná dada. Ach tá an dá thaobh ceanndána stuacach agus is dóigh leó go bhfuil an ceart as an neart i dteannta a chéile aca. Beidh breall ortha araon. Feuch ar na feirmeóirí i gCo. Portláirge ag iarraidh pá na bhfear d'ísliú leath giní sa tseachtain d'aon iarracht amháin — an aon iongnadh go néireóch daoine i gcoinne a leithéid d'eugcóir agus ar an dtaobh eile feuch ar na fearaibh a fhanann ar nós an ostrich agus ná géillean don fhirinne — ní thuigeann a léitheid — nó leigíd ortha ná tuigíd — go raghadh tionnsgail na tíre in eug ar fad maran glacfaid leis an dtuarasdal cheudna atá fearaibh den tsaghas ceudna ag fághailt i Sasana, agus in áiteanna eile a bhfuil rudaí á ndeunamh atá ag dul i gcomórtas le na ndeuntús féin, fé mar a chuireadh an Dublin Shipbuilding Co. ar neamhnidh, cuir i gcás. 'Sé an rúd atá ag teasdáil ach go leagfadh gach taobh lúb éigint agus ní hé sin an deallramh atá air. Bhel beidh deireadh leis an trioblóid seo in am as i dtráth nó neachtar aca beidh deire leis an tír ar fad. Tá fhios againn go maith ná fuil aon airgead á dheunamh agesna feirmeóirí fé láthair agus go bhfuil sé dian ortha pá maith do thabhairt dona lucht oibre. Le linn an chogaidh móir bhí luach árd le fághailt ar gach aon rud a bhí le díol aca, ach dá aimhdeóin san ní ró fhial a bhí an urmhór aca leis na daoine bochta a bhí ag obair dóibh. Ach roimh an cogadh mór níorbh acfainn dóibh níos mó ná an pá suarach ba ghnáthach an aimsir sin do dhíol agus ní bhfuighfidís teacht ar a nglaoidhtí in ao 'chor muireach go raibh an pá chomh beag san. Is dóigh linn féin ná fuil aon dul as anois sa cheist acranach so ach go ndeunfaidhe athrú ar talamh na hÉireann in áit a chéile — nó ar an slighe atá sí roinntighthe imeasg na ndaoine ba chirte a rádh. Aon áit 'na bhfuil feirmeoirí beaga ní baoghal go mbeidh stailc ná stad oibre. Bíonn a leithéidí ag obair ó maidin go h-oidhche i ndoineann agus i soineann. Dá olcas í an aimsir a bhíonn ann baineann siad slighe maireachtana de shaghas éigin amach dóibh féin. Nuair a bhíonn gnó agus trachtáil feirme go dona cuireann siad suas leis — éirigheann siad as pé soghluistí beaga a bhíonn aca nó oibrigheann siad níos déine — tógann siad an min leis an garbh agus pé rud éirigheann siad as ní éirigheann siad as an obair. Dá mhéid oibre a dhéintear is amhlaidh is mó a bhionn saidhbhreas na tíre agus má stadtar ó obair 'sí an
tír ar fad a chailleann i ndeire na sgríbe, ní h-amháin na daoine a bhfuil baint aca leis an gclampar. Bhel is fearr aon ciall a cheannuightear ná dhá chiall a mhúintear agus ní bheidh aon mhaitheas sa tír seo go dtí go dtuigtear i gceart ná coinnigheann an soitheach ach a lán féin agus ná fuighfidhe níos mó ná a lán do bhaint as. Tá cathú orainn nár thoghadh níos mó den Chumann Oibreachais mar Teachtairí Dála sa toghadh mór. Ba mhaith an rud é dá mbeadh a thuille baint aca le stiúrú na tíre. Gheobhadhais an-chuid maitheasa a dheunamh, má's i gcoinne an Rialtais féin a bhéidís, dá mbéidís cuibheasach láidir ann ach is beag an mhaith a gheobhaidís deunamh dá mbéidís ar a mbeagán. Bhí brón agus iongantas orainn ráidhte nár dinneadh Cathal o Sionnán a thoghadh. Bhí sé ar an nGaedhilgeoir ba dhílse agus ba láidir-aigeanta sa Dáil deireanach so (ach amháin Pádraig Ó Máille béidir) agus is ro ghann atá na Gaedhilgeóirí sa Chumann Oibreachais cé gur Gaedheal maith Pádraig Ó hÓgáin do toghadh i gCo. an Chláir an uair seo. Dála an sgeil tá brón orainn toisg ná fuair Seóirse Gabhan Ó Dubhthaigh suidhcháin arís. Is minic a sheas seisean sa mbearna ar son na Gaedhilge sa triomhadh dáil agus tá práidhinn mhór againn lena leithéid. Tá gach aon dream sa Dáil nuadh lag go leór maidir leis an méid Gaedhilgeóirí atá ann dar ndóigh. GEALLAMHAINT NÁ COMHLÍONTAR NÍ FEALL GO DTÍ É. Rud fé leith iseadh an Fáinne. Níl aon cosamhlacht idir é agus aon phlean eile do ceapadh fós chun cainnt na Gaedhilge do láidiriú agus sé ár dtuairm go bhfuil sé ar an seift is fearr amach a's amach. 'Sé an t-aon rud amháin atá ag tabhairt caoi dosna daoine óga a gcuid Gaedhilge do cleachtadh tréis dóibh na sgoileanna d'fhágaint agus is é an t'aon rud amáin a bhíonn ag cur iachall ar mórán daoine a bhfuil an Ghaedealg aca go flúirseach í a labhairt le na chéile. Cainnt in aisge iseadh é, is dócha, a bheith á mholadh agus á mhíniú do lucht léighte "An Sguab" agus ní thagaireoimís dó in ao 'chor anois maran rud é go bhfuiltear chun an riaghal nuadh i dtaobh an Fháinne airgid do chur i bhfeidhm an mí seo chughainn. Tá sé le rádh ag lucht an Fháinne gur dream criochnamhail an dream atá ag stiúriú na h-oibre. Táthar ag gearáin le tamall anois mar gheall ar an slighe a bhíonn a lán fáinnigh faillightheach fealltach neamh- shuimeamhail i dtaobh na Gaedhilge, gur minic a bhriseann siad na riaghalacha — agus is ionann san agus a rádh go mbrisid a bhfocail féin; dheineamar féin gearáin air sin sa "Sguab" níos mó ná aon uair amháin. Ba léir do gach aoinne gur ar mhaithe leo féin a chuaidh cuid mhaith daoine fe dhéin An Fháinne, chun go bhfuighfidhís postanna nó neachtar aca chun teasbáint gur eolgas- aighe agus gur cliste iad ná na comharsan, agus gan a thuille suime á chur aca sa rud na dhiaidh san, nach mar a cheile as a chuirfidís in úirsgeul suarach a cheannóidís chun turus traenach do ghiorrú dóibh féin. Bhel buidheachas le Dia sgagfar an dá shórt Fáinneach: as so amach ní chuirfear an duine faillightheac agus an duine duthrachtach ar aon leibheula amháin; agus tá súil againn ná teipfidh ar aon ghasra rud do dheunamh ar an Árd Comhaltas i dtaobh an malairtiú fáinne atá órduighte aca. Rud fé leith iseadh an Fáinne in gach aon slighe. 'Sé an t-aon comhartha amháin, cuir i gcás, go bhfuil cead ag saighdiúirí an airm agus ag na Gárdaí Síothchána a chaitheamh. Dubhairt duine éigin gur cheart, dá bhrígh sin, go gcuirfidhe dlighe nuadh i bhfeidhm gan leigint do dhaoine an Fáinne do chaitheamh mura mbeadh baint ceart acu le Gasra dleathach agus na riaghalacha á gcoimeád acu chun sásaimh lucht stiúrtha an Fháinne. Ní mar mhagadh comhartha puiblidhe onórach agus sin é a bhí sa bhFáinne mbeag go dtí le déidheannaighe agus sin é a bheidh sa bFáinne óir arís le congnamh Dé i gceann bliadhna. Dála an sgéil molamúid d'fhainnigh "Iris an Fháinne" do cheannach, mara bhfuil cóip den uimhir nuadh aca cheana.
AN SGRIOSADÓIR ÉIN ÁL AN tSEABHAIC. An fóghmhar buidhe atá anois ann (agus é seo dhá sgríobhadh) agus tá na héanlaith ceoil ar fad ina dtost cé's moite dhe'n dreoilín agus an spideog. Anuas go dtí sé seachtainí ó shoin níorbh fhéidir tom crann d'aimsiú gan smól nó lon nó gealbhan cátha ann. Níorbh fhéidir bóthar a thaisteal gan an gealbhan buidhe a chlos ar sgeich aonraic. Bhíodh an fhuiseog go binn os cionn an léana riabhaigh, agus chloisinn có-ghuth na bhfáinleóg go minic. (Má's éan ceoil an fháinleog tá sí le clos fós, agus níos minice ná dreoilín ná spideog). Lagadh ar an gceol ó dheire an Mheithimh go dtí lár an Iúil, agus ó'n tráth soin amach bhí an glór agus an binneas ag imtheacht as go tréan. I dtús mí Lughnasa bhí an ceol imthighthe ar cheal. Chuireas fúm i dteach i lár coille in aice na fairrge an samhradh so caithte agus shíleas go mbeadh comhluadar mór éan agam san gcoill. Ní hamhlaidh a bhí. Ní raibh fair- singeacht éan ins an gcoill ar chor ar bith. An gealbhan cátha ní raibh sé le clos ná le feiceál. Bhí an gealbhan cuilinn, an caistín cloch, agus an caipín aitinn ins an gcriathrach an taobh ó thuaidh de'n choill, ach ní fhacas gealbhan buidhe, nó lasair coille nó gleoiseach nó gealbhan claidhe ins an gcoill féin istigh. Chluininn an smólach agus an lon ó éirghe gréine, ach is éin an péire seo a chuireans a nguth abhfad uatha, agus thréigeadar an choill go luath. Bhí cuilm go leor againn agus d'fhanadar linn. Síos uainn cois chladaigh d'fheicinn an bhroigheall, an gheabhróg, an loidhrín trágha, an faoileán, an gainéad agus an chorr ghlas. Ní thigidís seo isteach san gcoill, ach amháin an chorr ghlas, agus bhí nead aice-se ar chrann in aice linn. Bhí seabhach ar gor ins an gcoill i gan fhios dúinn agus tháinig na gearrcaigh amach i ndeire Iúil. Thógadar sgiathán go luath i mí Lughnasa agus uaidh sin amach bhí clampar maidin is trathnóna ann. D'fhanadar, trí cinn aca, ar bharr na gcrann agus bhí na sean-éin leo ghá mbeathú. Níor ísligheadar ariamh de na crainnte ach d'fhan in áirde abhfad ó bhaoghal. Dá óige dá rabhadar bhí an gliocas aca. Ní minic a cloistear gíog as sean- tseabhac, ach ní bhíonn béal ina thost ag na gearrcaigh nó go mbíonn a gcéard foghlumtha aca. Ó éirghe gréine go dtí árdtrathnóna bhíodh an gearán dhá dhéanamh aca. Sgréach gránna a ghnídís, agus é go casaoideach, clamhsánach, géar. Shílfeá gur luch mór agus é gabhtha in inneall an seabhach óg ag iarraidh bídh. Chuir sgréachghail na seabhac an ruaig ar na héanlaith ceoil, is dócha, an sgréachghail agus an t-ár a bhí dhá imirt ortha ag na sean-seabhaic. Ar fheoil éin tógtar na gearrcaigh. Ní bhlaisid d'aon bhiadh eile agus ní hiongantas gur dual dóibh an marbhú agus an foghlach. Tá cúnntas ar phéire sean-tseabhac a mhar- bhuigh naoi mion-éan le haghaidh bídh dá gearrcaigh féin in aon lá amháin. Bíonn ál mór ag an tradhnach agus imthighid rómpa go luath taréis teacht as an bplaoisg dóibh, agus sul má bhíonn neart ina sgiatháin. Tig an seabhac aniar ar go leor aca, táim a cheapadh. Tuiteann an deire céadna ar chuid mhór dhe ghearrcaigh na mion-éan. Is iomdha sgalltán loin agus smólaigh a mbuail- eann an sgriosadóir anuas ortha. Is iomdha spideog agus gealbhan bog óg a dtig an seabhac ortha ar chiúis coille nó cois fáil. Cú imeasg coiníní 'seadh seabhac imeasg mion-éan. Tá nós ag cuid de na héanacha an t-ál óg a ruaigeadh as comharsanacht an nid an dá luath is a bhíonn neart ionnta fághtailt dóibh féin. Fágann an nós so an chomharsanacht gan bheith ar ghanntanas bídh, agus tógann sé trioblóid an tsolathair de na sean- éanacha. Má tá an nós so ag an seabhac ní bhfuaireas dearbhthú air, ach d'imthigh ár seabhaic uainn, idir sean is óg, le chéile nach mór, tar éis dóibh bheith trí seachtainí dár mbodharadh. Is ar éigin bhíodar imthighthe uainn nuair d'fhill an smólach chugainn agus cuid de na mion-éanacha. An ceathrú lá déag de mhí Lughnasa ghabh an dreoilín dreas dúinn, agus dhá lá ina dhiaidh sin bheannuigh an spideog dúinn. Ba chóir dom a rádh nár tréig na fáin- leoga sinn agus gur leanadar dá gceol féin. Is ar sgiathán a chaitheann fáinleoga a saol, beagnach, agus is cosaint mhaith aca ar an seabhac a lúthas. Dlúthchoill 'seadh cuid de'n choill seo'
gainn-ne, agus tá an chuid sin dí ina aimhréidh. Ní thiocfadh le seabhac dul tríd na craobhacha dlútha ar sgiathán agus is cinnte go raibh fasgadh ins an dlúthas do na mion-éanacha. Bhí ál de na finíní feoir againn agus bhíodar ar bheag beann ar an seabhac. Chonnaiceas go minic iad ar chrainnte in aice an fhaithche agus chloisinn amannta iad gan radharc d'fhághail ortha, bhídis chó socair faoi'n duilleabhar. TADHG Ó CEALLAIGH. CAOINE CLOINNE CLEAS Cad dhéanfaimíd feasta gan tighearna Tá deire na nGall chum Fáin, Ní'l trácht ar Sir Hamar bocht Greenwood A's na Tans tá síad fann 'g an 'ar. An áit úd n-a gchomhnuigheadh an Riaghaltas Fé n-a mbrat gorm, dearg, a's bán Ní'l le feiscint anois acht lucht dlighe ann 'S íad dílleachtaí an chlaon-Chaisleáin. Nuair thagadh Síol Sheáin go dtí Éire Ag sodar le sálaibh Ríogh D'fhéachaidís le gráin ar Ghaedhlibh Ag tochailt a's ag romhar 'sa díg. Anois, 'síad na Gaedhil tá i réim ann Ó Suilighe go Cóbh Corcaighe A's gach Seóinín ag foghluim na Gaedhilge Mar n-a h-eughmais gur dó bhus díth. I mbliadhain a naoi gcéad déag a sé-déag Nuair d' adhnadh go diair an gleó, Do shíleadh acht leanmhaint de'n léir-scrios Ná seasóchádh na fianna an fód. Bhí breall ortha, — cionnus do ghéillfeadh Aon duine d'fhuil Ghaedheal mhair beó; Nó, cionnus do stríocfadh Clainn Éanna, A's na Píarsaigh 'san aol d'á ndóghadh? Anois bíd 'ghá chasadh le Gaedhlibh An t-imreas n-a n-inntinn fós A's gur cuma 'ca Poblacht nó Saor Stát Ná beidh síth i n-aon tír is leó Faire! Ní lá é chum aoradh Na binibe i síol na leómhan; Seo sláinte! ar chuir scaipeadh ar mhéith-phuic Nár críonnaidh a gcroidhe go deó! "CLOCH LABHRAIS." AN BÁD GLUAISTEÁIN Bíonn laetheanta saoire agam gach aon bliadhan agus bhíos chun an coithcíos ar fad do chaitheamh a' báidéireacht i bhfochair caraid dhom i mbliadna. Ach ní mar a shíltear a bhítear. Tomás Mac Gearailt is ainm don fhear san agus ba leis an bád. Tugtí an "Naos- cach" mar ainm uirre sin. Nuair a conn- aiceas-sa an cheud uair í bhí Tomás agus beirt fhear eile tréis a bheith ag taisdil ó áit go h-áit agus a bheith ag cur fútha innti le breis a's seachtain. Bhí Tomás ag an stáisiún im choinne agus is ar éigin a dh'aithnigheas é. Buachaill cór- uighthe deigh-gleusta ba dheadh é i gcomhnuidhe nuair a bhíodh sé im' fhochair fadó. Ach bhí sé gan hata an uair seo; a gruaig sgáinteach, sean-gheansaí gioballach gorm air agus ba dhóigh leat air go raibh aghaidh gan nighe aige leis. Ní fheadar. Ach dá neamh-chruinneacht an deallramh a bhí air ba sheacht measa an fear a bhí 'na fhochair. Do chuir Tomás i n-iúl dom é. Seán Bhilson do b'ainm agus ba shloinne do. Bodach mór múiseamhail ba dheadh é, a raibh preiceall air agus feuchaint dúr dúsmánta aige. Tháinig Fuath agam dó ar an gceud radharch, agus ba gairid gur thuigeas im' aigne gur chabaire círeubach canncarach é. B'fhearr liom abhfad dá mbéinn ann an cheud lá nuair a cromadh ar an seilg. Béidir go bhfuighinn cothrom na féinne uatha annsan. Bhí an bád mór go leór, ach níor mhór do bhád a bheith an-fhairsing chun slighe a ndaothchaint a thabhairt do cheathrar fearaibh ná bíonn taithighe ceart ag an urmhór acu ar chúrsaí fairrge. Ach d'aimhdeoin san bhíos an-shásta liom féin an oidhche bhreágh san agus sinne fé ancaire fe sgáth na talmhan agus an fhairrge chomh ciúin le tubán lamhnachta. Ná raibh coithcíos romham gan dada le cuimhneamh air ach caitheamh aimsire. Ní raibh obair an bháid féin ag tabhairt aon trioblóide dhom mar ná raibh aon phioch eolas agam ar bhaidéireacht agus ní raibh aon chúram orm na thaobh. Bhíos tréis béile maith bhidh d'ithe agus goile thar na beartaibh agam chuige, go deimhin. Cheapas go raibh boladh cumhra óm' thabac ná bíodh in ao' chor air de gnáth, agus dubhras liom féin
ná facha mé riamh aon radharc a thaithnigh liom níos feárr ná dath gorm-chorchra na gcnoc abhfad uainn, agus na tighthe beaga cluthmhara bána annso a's annsúd ar an talamh, gach aon cheann acu agus a iothlann agus a phaiste buidhe arbhair 'na aice; agus tréis don grian dul fé, nuair a bhí an clapsholus ann, d'fhanas amúigh ar mo shuaimhneas ag feuchaint amach. D'eulaigh gach aon rud óm' radharc in áit a chéile go dtí ná raibh fiú an t-oileán lom ba ghiorra dúinn ar an taobh thuaidh le feiscint. Do thosnuig feoithne gaoite anoir adtuaidh agus chuadhas isteach sa chabán, mar gur bhraiteas go raibh nimh san aimsir. Is gairid a sheasuigheann an samhradh ceart, dar ndóigh. Cleibhíní a bhí againn mar leabthacha, ach dá chumhangaighe an áit do fuaras mé féin do shádh isteach sa pholl a bhí leagaighthe amach acu dhom gan an iomarca chur isteach do deunamh ar na fearaibh eile. D'fhanas im' dhúiseacht tamall maith ag éisteacht leis an uisge ag gogáil ar chliathán an bháid. Cheapas ná tuitfinn dom chodladh go deo, bhí Seán ag deunamh an oiread san glóir, ag putharnghail agus ag srónartghail ar nós muice. Ach d'éirigh liom sa deire. Ní fheadar cad é an fhaid a bhíos ag diúdar- nghail, ach is cuimhin liom gur phreabhas im' shuidhe go h-obann agus dha chomhartha san féin tá cnapóg ar mo cheann fós, do bhuaileas chomh cruaidh san é ar chleibhí a bhí os mo cheann. Cé chuimhneóch dar ndóigh go raibh sé 'na chodladh in áit mar bhosga agus an slighe a bhí an sgeul. Bhí an bád ag luasgadh agus ag iomalat go huabhthasach. Do sgannraidh sé im bheatha mé, ní misde liom é admháil anois. Bhí sé in am marbh na hoidhce agus do thosnuigheas a bheith ag útamáil mór thimpeall ag lorg bosca cipíní soluis. Dá luighead í an áit is amhlaidh is deacaire do lámh do leagaint ar an rud agus an drae maiste a fuaireas. Bhí an triúr eile 'na gcnap agus an bitheamhnach gránnda ag srónartghail go bog breágh fós. Ní máirneulach mise ach bhíos cinnte go raibh rud éigint bun os cionn agus tháinig diosgáin fiacal orm le neart sgannraidh. Bhí an t-allus ag séideadh amach tríom. Ba léir go raibh neartuighthe ar an ngaoth ach ní thuigeas dé chúis a raibh an bád ag pocléimrigh mar a bhí sí agus sinne fé ancaire i gcuan bheag chluthmhar mar a cheapas. Ba ghairid an mhoill orm sunnc sna h-aisnidheacha do thabhairt do Thomás. Ba dhóigh liom go mbeadh sé ag guideóireacht orm ach ní túisge a dh'oscail sé a shúile ná gur thuig sé conus mar a bhí an sgeul againn agus siúd leis amach as an gcábán gan oiread is focal a labhairt liom. Níor bhacas le Seán ach d'iompuigheas chun Seumas do dhúiseacht. An triomhadh fear Seumas. Ach má dhein do thug an bád fogha obann agus do leagadh ar phlaosg mo dhroma ar urlár an chábáin mé. Do dhúisig an sgreuch do leigas asam an bheirt. "'Dén diabhal atá ort anois?" arsa Seán de ghuth uchtach ón leaba. Ní raibh sé d'uain agam aon fhreagra do thabhairt air mar d'airighmear Tomás ag glaodhach ar Sheumas dul amach chuige. Chuadhas amach na ndiaidh. Bhí Tomás ag gabhailt don inneal ar a dhicheall ach dréir deallraimh ní bhfuigheadh sé aon cheart do bhaint de. D'fheuchas amach. Bhí breachadh an lae ann fén am so ach níorbh fhéidir liom an talamh d'fheiscint. Bhí tonntracha móra mor thimpeall orainn ar gach aon taobh agus iad ag buaileadh cliathánách ar an mbád. Dubháirt Tomás liom in ainm na h-aimléise slabhra an ancaire do sgaoileadh a thuille — chomh fada as a raghadh sé. Bhraitheas iompáil lith ag teacht orm féin. Bhíos tinn. Ni raibh aon phioc eolais agam ar chúrsaí báidéireachta. Ní raibh a fhios agam conus a raghainn i gceann na hoibre so. Is ar éigin a bhí a fhios agam cá raibh an ancaire ach chuadhas go dtí tosach an bháid chomh maith as a bhí ionnam é ach má chuadhas is a gcoinne mo chos a righneas é. Níorbh mar mhagadh an turas gairid sin a dhuine. Ní raibh a fhios agam ón nóimeaint go dtí an uair caithin a chaithfidhe isteach san uisge mé. Geallaimse duit go raibh greim an fhir bháidte agam ar gach aon rud daingean a fuaireas mo lámh do leagaint air. Ach nuair a shroiseas an áit a raibh slabhra an ancaire bfhearr liom míle uair gan a bheith beo. Do theip orm an slabhra do sgaoileadh le haon lámh amhain agus dá dtabhairfinn fén obair leis an dá lámh bhí deire liom chomh siúráltha as atá pus ar asal. Bhios i gcás idir dhá chomhairle cad a dheun- fainn. Bhíos ar bhior cheart. Ach ar ádmhar- aidhe an domhan ní rabhas i bhfad i gcruaidh chás. D'airigheas guth Tomáis gairid dom. "Tá meas agat ar do cholann a mhic óigh" arsa sé. Cheapas gurbh eudtrom aige a thriob- lóidí, bhí sé ag caint chomh neamhshuimeamhail san. Bhí an sgairt láidir riamh aige. "Ní mé héin mé héin," arsa mise. Pé teipeadh a bhain do leis an inneal, do
rigne sé láimhseáil maith ar an ancaire agus bhí gach aon troigh den tslabhra sgaoilte amach aige i leath nóimeant. "Den éifeacht é sin" arsa sé, ag cur sgairt gáire as, "agus an t-uisge thar ceud troigh ar doimhneacht san áit seo." "Rud eile" arsa sé fén a fhiachlaibh, "tá carraigeacha timpeall leath mhíle uainn agus muran eireóch linn an t-inneall do chur ag imtheacht go luath tá deire leis an "Naos- cach" bocht. Is ar éigint a gheobhaidh an ancaire greim ar aon rud anois. "Nach cuma san," arsa mise liom féin, "mar go mbádhfar í fé mbíonn am aice na carraigeacha do shroisint in ao'chor." Do chuimhnigheas ar conus mar a bheadh an sgeul dá mbuailfimís na carraigheacha úd agus is annsan do thuit an lug ar an lag orm amach as amach. Do chuir Tomás de go mear tréis do an ancaire do sgaoileadh. Ach d'iompuigh sé de druim a ghualainn agus arsa sé, "Cruinn- igh tú féin agus ná cailleadh do cheann ort. Siubhal leat." Bhí an ceart aige. Bhí fallsaér ag eirighe chugam, nidh nach iongnadh. Dréir as a bhí an ghaoth in ár séidheadh amach ón dtalamh is amhlaidh is mó a bhí an fhairrge ag dul i ngair- bheacht. Chuadhas siar. Ní raibh aoinne diomhaoin ach mé fhéin. An preiceallacáin gránnda féin bhí sé ag uainidheacht leis na fearaibh eile d'iarraidh an t-inneall do chur ag imtheacht. Bhiodar á chasadh in ainm a' diabhal ach do bheadh sé chomh maith aca gan bacaint leis. Ba thruagh leat mé a dhuine — An rabhais riamh i mbád gan stiúr amúigh ar leathanach mór uisge agus stoirm fiochmhar ag dul i bhfiadhaintas gach aon nóimeant. Ní im sheasamh a bhíos, deirimse leat, ach ag lámhancáin ar mo dhá dhearnainn agus ar mo dhá ghlún. Nuair a dhubhraigheas go ndeunfainn-se iarracht chun an diabhal lámh-inneall úd do chasadh, sé an rud adubhairt Seán gránnda ach ná raibh aon tabhairt amach agam ar a leithéid d'obair. Bhíos tinn agus fliuch báidhte go croiceann dar ndóigh, agus urlacán folamh orm gach ré nóimeant ach mar sin féin ba bhreágha liom a bheith á chrochadh an uair sin. Bhel chun breith gairid ar mo sgeul níor dh'iompuig an bád mar a cheapas a dheunfadh, ach do dhruid sí léithe in áit a chéile i dtreó na gcarraigeacha úd. Bhiodar le feiscint romhainn tréis tamall nuair a bhí solus an lae ann agus na tonntracha á mbriseadh ortha agus ag cáitheadh uisge tharsta. Ba dhóigh leat go raibh an talamh fiche míle uainn, cé ná rabhamar thar trí mhíle amach fós. Bhios ag guidhe ar feadh na haimsire go n-aistreoch an ghaoth agus go séidhfidhe sinn ó chonntabhairt na gcarraigeacha, pé rud a bhainfeadh dúinn na dhiaidh san. Ach do bhain sé le deallramh ná fuighinn aon toradh ar mo ghuidhe mar go rabhamar ag tabhairt agaidh díreach ar an áit mí-ádhmharach úd. Ní rabhamar ach ceud slat uaidh nuair a bhuail sé isteach im aigne go ndeunfainn sé iarracht ar an diabhal innill úd do chur ag imtheacht. "Fág an bealach," arsa mise go borb le Seán Bhilson, agus rugas ar an rud. Ní fheadar cad a righneas ach is cuimhin liom é a radh: "Tosnuigheann sé sin sa cheann tuathall den obair i gcomhnuidhe." Tháinig fearg orm agus thugas casadh eile den rud le mo lán neart. "Tá thiar ort an bobhta so," arsa mise, agus ní túisge san ráidte agam ná gur thosnuig an inneall de phreab. Dá mhéid é mo dhonacht do bhaineas ana-shásamh as an slighe d'fheuch an bodach gránnda orm agus é chomh leamh de féin. Do léim an captaon chun an stiúrtha agus siúd linn roimh an ghaoth thar bhrághaid na gcarraigeacha. Ní raibh aon cainnt againn go dtí go rabha- mar thar nais sa chuan. Bhíos féin chomh sásta liom féin gur chuireas díom an tinneas, cé go raibh an fhairrge an-gharbh agus an t-uisge á cháthadh féin thar an mbád in aon steall amhain ar feadh na haimsire. Geallaimse duit, a dhuine, go rabhas ar sgeanna chun mo bhricfeasta an mhaidin sin. Bhí Seán an phreacaill ag bailiú doichill dom. Thugas san fé ndear. Bhí sé ag cnámhseáil agus ag deunamh tormais orm le linn agus an bricfeast á ullámhú againn, agus ní haon mhaolú a tháinig ar an ngruamacht aige nuair a dhort sé an ciotal, agus é ag fiuchadh, ar a chos noctuighthe. Dubhairt sé gur mise ba chionntach. "Bhí an tubaist ort agus a leithéid do dheunamh," ar seisean. Dubhras go séimh nár bhaineas leis an gciotal agus thugas piosa blonoige dó le cimilt den áit dóighte. "Teir sa diabhal," ar seisean. "Tá sé maith do dhaothcaint duit," arsa mise annsan.
"Dé chúis duit é chur ar faobhar an stove, pé sgeul é," ar seisean. "Ba dheacair é bhearradh indiu," arsa mise le Tomás agus do tharraingmear adhbhar eile cainnte anuas. Ach ní bhfuighmís beirt gan a bheith in achrann le na chéile an lá san. "Bhí an rath orainn," arsa mise, "nuair a thugas fén inneall an uair sin." Do chuir Seán slinneán air féin. "Is beag an mhaith an mhaith a mhaoitear" arsa sé. Cúrsaí grinn ba eadh an clampar a bhí eadrainn do Thomás águs do Sheumas agus chonnaicigheas Tomás ag gáire 'na chliabh. "Ní thugann an laoch so aon bhreis eólais dúinn ar conus a dhein sé an gaisge," arsa sé. "Riothann uisge doimhin go ciúin." "Rithid" arsa Seán, "agus deunann uisgí eudtroma árd fuaim leis." Do leanamar mar sin ar feadh a bhfad. Mar is gnáthach liom i gcomhnuidhe níor chuimhni- gheas ar an bhfreagra cheart go dtí go raibh an ocáid imthighte. Ní duine deis-bheulach mise, foiríor. Ní maith liom daoine a bheith ag magadh fúm ar slighe éigint. "Nach bog is dóigh libh atá mo croiceann orm," arsa mise sa deire. "Ag dul an- áirde ar mo dhrom atá sibh. Is mithid dúinn an cábán do léiriú," agus d'imthigheas liom. An lá 'na dhiaid san d'fhágamar an cuan. Lá trosgaidhe ba eadh an lá ceudna agus is beag lón a bhí ar bórd againn. Nuair is gann é an biadh sé an diabhal é roinnt agus ní gádh dhom a rádh gur thuit mé féin agus Seán Bhilson amach mar gheall ar an gceist sin chomh maith le gach rud eile. Do chuireamar dínn chomh mear is bhí sa "Naoscach" go dtí caladhphort beag áirighte. Cuaidh gach aoinne i dtír fé dhéin lóin ach mé féin amháin. Fuaireas féin páipeur an lae roimhe sin agus d'fhanas á léigheamh ar feadh sgaithimh. Do léigheas gach pioc de agus ní rabhadar tréis teacht thar nais. Ní raibh dada le deunamh agam agus do bhris ar m'fhoidne sa deire thiar thall. Ní fheadar cad é an mí-ádh a bhí orm gur bhaineas leis an diabhal innill arís. Is mó rud a dheunann an diomhaointeas, dar ndóigh. Cheapas gur bhreágh an rud é, pé sgeul é, feuchaint an bhfuighinn é dho chur ag imtheacht mé féin. Ná bíonn an luch ag rinnce i gcomh- nuidhe nuair a bhionn an cat amuigh. D'éirig liom chomh maith gur chuireas ag imtheacht é den chéud iarracht. "Ní dheunfadh sé aon diobháil," arsa mise liom féin annsan, "triall do bhaint asam féin agus turus beag do thabhairt thimpeall an chuan aon uair amháin." Do sgaoileas an teud, do chuireas an t-inneall i gcóir agus do rugas ar an stiúr. "Dá bhfeicheoch an geochach mór úd mé anois," arsa mise, "do bheadh a mhalairt de phort le seinnt aige." Cuadhas mór thimpeall an chuan agus leigint mór fúm. Do dhírigheas an bád ar an gcé. Chonnaiceas an triúr 'na seasamh air ag faire orm. D'éirig mo chroidhe le neart bróid. Bhel ní bhíonn treun buan. Pé bharrathuisle a bhain dom do theip orm an t-inneall do stadadh agus siúd liom isteach i gcoinne an ché fé lán tseól. Do brughadh tosach an "Naoscaigh" isteach agus is gairid go raibh sí féin agus a raibh innti 'ge tonn poill. Ar mo bhás ní raghainn ar laetheanta saoire i mbád gluaisteáin arís an fhaid as a mhairfidh mé agus maidir leis an smugaire úd Seán Bhilson tá súil le Dia agam ná feiceó mé go bráth arís é. AN CHÚ MHALL. DEUNANN SCOTT AGUS A CHOMH., TEÓ. Ráin, Sluasaid, Grafáin, Piocóid, Héatair, agus rl. I MÓIN-ÁRD I gCO. CORCAIGHE. Oifig: Sráid Mhic Curtain i gCorcaigh. THE MONUMENT CREAMERY AN T-IM UACHTARLAINN IS FEÁRR. Deunta d'uachtar glán, úr, pasturálta: Milis, blasta, is úr i gcomhnuidhe. Tagann uibhe toghta muinighneacha isteach chughainn gach aon lá. SRÁID PHÁRNEILL, 75, AGUS PORT CAOIMHGHIN ÍOCH., 25, BAILE ÁTHA CLIATH.
AN IMRICHE Is maith le Gaedhealaibh bheith amuigh faoi an spéir, agus áilleacht na g-cnoc, na loch, agus na machairí a bhreathnughadh, agus sin cáilidheacht a bhain riamh le n-a g-cine. Nuair nach bhfuarthas de mheas ar áilleacht sléibhte agus carraigeacha i litridheacht an Bhéarla acht áiteacha inseachanta nár bh'fhiú le file nó le saoi trácht orra, bhí filidheacht na n-Gaedheal líonta le cur síos binn-bhriathrach ar áilleacht loch is sléibhe. Atáid ann adeir gur ó linn na sealgair- eachta a fuair Gaedhil an dúil seo i n-áilleacht tíre, ach ní dóigh liom gur gádh dhúinn dul chomh fada siar. Tá fhios ag gach Gaedheal gur ghnáthach do'n Fhéinn bheith i dturtaoibh a seilge ó Bhealtaine go Samhain, agus tá fhios againn freis go mbudh ghnádh le muinntir na ngleann a g-cuid beithidheach a tabhairt suas go dtí na h-áiteachaibh féar- mhara ar bharr na g-cnoc le linn an t-samhraidh agus fanacht annsin leó go h-aimsir bainte fhoghmhair. Do lean Gaedhil na h-Alban do'n nós seo riamh anall, go dtí an lá indiú, agus seo, cúntas faoi mar a ghníthear an "Imriche," is é sin, an "Imirche," mar a thugtar ar an atharughadh comhnuidhthe agus maireachtála seo. Maidin bhreágh ghrianmhar i Mí Mheitheamh atá ann. Tá gach uile dhuine gleithearánach sa "chlachan," na mná agus na páistí chomh maith le cách, gach éinneach 'na shuidhe le giolcadh an ghealbhain, mar is í seo Maidin na h-Imriche is tá h-uile shórt le déanamh agus le cur i dtreó i g-coinne an turuis. Cruinnigheann gach líon-tighe a g-cuid eallaigh, capaill, ba, agus caoirigh, agus gabhair má tá siad aca. Cruinnigheann na mná na h-éadaigh leabhta, min, gléas cócaireachta agus gléas déanta ime agus cáise, agus ghníthear bearta dhíobh le n-a n-iomchar go dtí an baile samhraidh. Nuair atá a h-uile rud i g-cóir, gluaistear chun siubhail, Tiomáintear an stoc i dtosach, na caoirigh i bhfíor-thosach, an t-eallach óg 'na ndiaidh, agus na ba agus na capaill ghá leanamhaint. Siubhlann na fir taobh thiar díobhtha agus iad ag iomchar ualaigh mhóir de mhaidíbh, de shúgánaibh, de spáidíbh, agus de gach gléas eile bhéas a dhíth orra chun deis a chur ar na "sgitheil" nó bothánaibh. Bíonn ualach ar na mnáibh freisin. Iomchrann siadsan na h-éadaigh leabtha agus gach gléas eile i g-cóir tigeabhais. Bíonn a sgiortaí triopáilte suas faoi an "crios feile," crios leathair ceangailte thart fá na g-cum, ar chaoi gur éasgaidhede shiubhlas siad thar "mónaidhean" agus sléibhtibh. Tá gasúir agus girrseacha ann, iad cos-nochtuighthe ceann nochtuighthe ag rith siar is aniar ag féachaint leis an mbuar a choinneáilt le chéile agus madraidhe ag cuidiughadh leó, gach re móiméad ag rith i mbarr na bhfásgaí i ndiaidh beithidhigh cheanndána ar bhuail fonn fillte do'n bhotheach uirthe. Gleó agus tormán; glaodhach na bhfear, géimneach bó, méidhleach caorach agus glafairt na madraidhe 'gh-á g-coimhmeasgadh ar chor is go g-cuirfeadh sé allaoidhir ar dhuine. Na fir ag tabhairt órduighthe, nó ag tabhairt íde na muc agus na madraidhe do dhuine eicint, na gasúir ag glaodhach agus ag gáiridhe. Na mná agus na dealgáin ar oibriughadh acú, ag amhrán agus ag caidreáil le n-a chéile. Siubhal chomh h-éasgaidh saor- chéimneach agus go sílfeá nach rabh ualach ar bith orra, agus os cionn an mhéid seo uilig, géimniughadh na mbó, sitreach na g-capall, méidhleach na g-caorach agus meig- eallach na ngabhar. Gach duine a chastar orra, beannuigheann sé do'n "Triall," ag guidhe ádha agus amhantair dhó, agus lá maith imriche, ag cur fear agus beithidheach faoi choimirce "Moire agus Brighde nam basan míne," má's Cait- liceach é, agus 'á g-cur faoi choimirce "Fir Choimhead Isreal" má's Protustúnach é, sul a leanfas sé dá bhóthar. Nuair baintear amach an "áirigh" nó buaile, leagtar na h-uallaigh agus toisighthear ar chaoi a chur ar na sgitheil, taobh istigh is taobh amuigh, cuirtear síos teinte agus trialltar biadh. Tiomáintear an stoc, stoc gach duine fá leith, isteach sa ghabhna, agus an "constabal" agus fear eile gh-á g-comhaireamh le bheith cinnte nach bhfuil ag éinne ach a "shumachadh" ceart féin. Tar éis sin, cuirtear an stoc ar féarach. Iar g-cur a g-cuid beithidheach i g-ceart dóibh, agus deis agus caoi curtha ar na sgitheil, téidhtear i g-cionn "Féisd na h-Imriche" nó "Féisd na h-Airighe." I g-cóir an fhéasta seo bíonn "mulachag"
cáise ag gach mnaoi tighe ullmhuighthe giollach- taidhe roimh ré ó sochar na bliadhna roimhe. Roinntear an "mhulachag" ar comharsanaibh agus ar cháirdibh, agus guidheann na daoine go n-éirighidh an t-ádh leó féin agus le n-a g-cuid eallaigh; "Laoigh bailghionn boireann ar gach fireach Piseach crodh na h-airighe." Annsin ghníthear guidhe. Baintear bóinneid de gach ceann, agus feactar gach glún le linn do na daoinibh á g-cur féin agus a g-cuid beithidheach faoi choimirce "Fir Coimhead Isreal." "Féach air Fear Coimhead Isreal, Cadal chá'n aom nó suan." Má's Caitilicigh iad muinntir na h-airighe, cantar na ranntaí seo. BEANNACHD BUACHAILLEACHD. Cuiream-sa an spréidh seo romham Mar a dh'ordaich Righ an domhain Muire 'g an gleidheadh, 'g an feitheamh, 'g an coimhead Air bheinn, air ghleann, air chomhnárd. Eirich a bhríde mhin-gheal, Glac-sa do chír agus d'fhalt; O rinn thú dhoibh eólas gan ór 'G an cumail o chall 's o lochd, 'G an cumail o chall 's o lochd. O chreag, o chabhan, o allt O chara cam, o mhille-sluic O shaighdibh nam ban seanga sidhe O chridhe mhíorún, o shúil an uilc O chridhe mhíorún, o shúil an uilc. A Mhuire Mháthair, cuallaich-s' an t-ál gu léir! A Bhríde nam basan-mine, díon-sa mo spréidh! A Chaluim Caoimh, a Naoimh is fearr buadh, Comaraich-sa cródh an áil, báirig am buar, Comaraich-sa cródh an áil, báirig am buar. O mo Bhaintighearna, O mo Mháthair, cuimhnich gur leat féin mí. 'Gléidh mí, teasraig mí, mar do chuid 's do sheilbh féin. Fantar thuas ar na sléibhte ar feadh dhá mhí nó breis, agus annsin filltear abhaile chun an foghmhar a bhaint. Thaithnigheann an saoghal folláin seo leis na daoinibh, agus is minic castar an focal "airighe" 'sna h-amhránaibh Albannacha ag cur i g-céill méid a dtaithnimh do an saoghal ádhmhar pléisiúrtha seo a bhíos acú thuas ar na sléibhtibh. Gan aon agó, mhúsgail nó choinnigh an saoghal seo na h-airighe grádh d'áilleacht na tíre i g-croidhthibh na nGaedheal, agus d'fhág sé a rian go soilléir ar litridheacht agus cáilidh- eacht an chinnidh ar dhá thaoibh Srotha na Maoile. Pictiúir de'n tsean-saoghal atá i gcúntas seo na h-Imriche, pictiúir a bhí le feiceáil gach bliadhain ar feadh na g-céadtaí, agus b'fhéidir na mílte, bliadhain ó tháinig na Gaedhil go dtí na h-oileánaibh seo do'n chéad-uair anuas go dtí an lá indiú, agus b'fhearrde an cine agus a litridheacht an nós céadna. TOMÁS MAC NEACAILL ÚSÁID GRANIA TOOTH PASTE AR SON t'FHIACLA ÚSÁID GIBSOL OINTMENT AR SON DO CHROICINN Fior-dheuntús na h-Éireann iseadh iad so. Táid le fághail ósna drugadóirí ar fúd na tíre ar 1/3 gach ceann nó go díreach (saor tríd an bpost) ó Gibsol, Teo., Lána an Chláir, Áth Cliath. Deuntar íce le h-aghaidh beithidhigh ann leis.
AN BÓTHAR IARAINN An bhfeicean tú an bóthar iarainn sin tá ag rioth ó dheas trí Bhaile Uí Churraín agus as san siar go Beul Abha? Nuair a bhíodhadh ag bualadh na h-áite sin fadó ní raibh aon eachtra acht a raibh de fhearaibh ag obair ann. Bhí faillte le gearra acú, agus curraichithe le líonadh agus le tiormughadh acú, agus sléibhte le réubadh acú. D'imthigheadh traein mhor lán de charéistí ó Bhaile na nGall le lucht na hoibre gach aon mhaidean, agus fhágadh sí cuid acú anso agus cuid acú ansud in gach aon cheud slat den mbóthar a bhíodh buailte agus leagaighthe acú. Deireadh na sean daoine ná bheadh deiridh leis an obair go deo; deireadh cuidh eile acú ná fuighfí deiridh chuir léi, go raibh sí ró-mhillteach ró-iomadamhail agus ná seasóchadh an t-airgead. Is mó saghas mach seó a ghaibh an t-slighe le linn na h-aimsire sin; cuid acú a oibrígheadh go dian dícheallach agus do bhualadh go tig an ósta istoidhche Dia Satharainn chum an rud a thuillidís le h-allus a gcnámh a thaosgad agus a dhiúgadh siar ina scóirneacha, agus chum cleithí agus hataí a chuir ar lucht díolta an óil; cuid eile acú a bhíodh go greamas- tamhail agus go baileach thimcheall ar an airgead agus ná raghadh ingoire tighe an óil dá bhfuighdís gan dada é. Ós ag trácht ar an ól é, maithte is daor an eudáil bualadh isteach go dtí ceann des na tigthibh sin anois, agus gach aon fheuchaint tabharfadh tú ar bhean an óil díolfadh tú naoi bhpiginne as, acht táim ag rioth trím sceul, ise crích mo sgéil duit é gor chuireadh deiridh leis an mbóthar iarainn de aimhdheoin a ndúbhairt gach sean-duine ar fuaid na h-áite. Ní bhíodh na litreacha ag teacht ó Beul Abha go Baile na nGall ró maith in uair sin. Is minic a bhídis ar fán toisg gan aon chóir iomchuir ar foghnamh bheith ann agus bhíodh na siopadóirí mora a bhí ingach baile acú ag gearán go dian; bhídís á rádh go mbhíodh a ngnó ar fán agus ar faidhlian, agus go mbíodh an-chuid airgid 'a chailleamhaint gach aon bhliadain acú nuair ná fuighdis órduighthe galamhnaigh, agus plúir agus mine ón a chéile in am. Shocruig muintir Bheul Abha ar theacht go dtí Meura Bhaile na nGall ar thoscaireacht feuchaint an gcuirfeadh sé cara fé leith ar an traein le h-aghaidh na leitreacha. Dubhairt an Meura go gcaithfeadh sé sceul do chuir go dtí an riaghaltas mar ná fuigheadh sé ceist mhór mar sin do shocrughadh de aon iarracht amháin. Chuaidh muintir Beul Aba abhaile mí-shásta go leor, acht dála gach aon rud mór mar sin caithtear fuireach le aimsir i gcomhnuidhe. Bhíodh an-bhualadh traeneacha ag teacht ón nGearrán Bán go dtí Baile na nGall an uair sin, agus ba é rud do bhí socair acú ná Baile na nGall do cheangal le Corcaig, agus ba é sin fáth an bhóthair iarainn ó dheas cois na farraige. Nuair a bhí gach aon rud i gcóir ansan agus traein na n-earraidhe thimcheall seachtmhain ag rioth, tháinig an toisceaireacht ó Bheul Abha go dtí an Meura arís. Chuir an Meura ar gcúl an sgeul ar feadh cúpla lá go dtiocfadh teachtaire an Riaghaltais ó Bhun Machan. Nuair a fuair an mhuintir theas an méid sin riain bhí a thuille uatha, agus dubharadar leis an teachtaire ná raibh aon mhaith i gcara ná i gcúpla ceann, go gcaithfaí traein do rioth ann díreach mar bhí sé ingach aon ait eile — traein a thabharfadh daoine agus litreacha léi i bhfochair a chéile: go rabhadar fhéin cortha dhen bhfuireach seo, agus ná fainidís ní ba shia. Labhair Liam Léin agus dubhairt sé go mbeadh traein cheart go beul Abha no fios dé chúis é. Labhair fhear agus fear eile, agus bhíodar go bagarthach agus go strollusach. Tháinig sgáth ag an teachtaire rompa, agus gheall sé sceula chuir chúcha i gcionn cúpla lá. Tháinig an sceula agus bhí árd-athas ar mhuintir na h-áite go léir ó Bhaile na nGall go Beul Abha. Bheadh cead ag gach aon t-sean-bhean dul ag feuchaint a duine muinteardha agus gan morán do chailleamhaint leis. Bhí sean-mhná pósta ó dheas chum Mion Árd ná fuair caoi ar theacht abhaile go Baile na nGall ón lá a imthighdear as dá fhichead bliadhan ó choin. "Ó a ghrádh ghil" adeireadh ceann acu "gheobhaimíd dul síos go dtí an sean-áit go minic anois." "Nach mor an tabhartas ó Dhia a leithéid sin de chóir iompchuir do bhronnadh ar na daoine bochta." cht chuireadh deiridh leis na turais go léir o aon iarracht amháin. Tháinig an dara ceula ón Riaghaltas á rádh gor dhein an
teachtaire chuireadar go Baile na nGall dearmhad, agus ná fuighdís traein mhear mar sin do rioth ó dheas fós, mar ná díolfadh sé iad a léithéid bheith ar an mbóthar fós acú; ná raibh go leor daoine thimcheall na h-áite cúm a leithéid do choimeád ar siubhal agus gó gcaithfaí béith sásta le traein an phlúir, agus na mine, agus na seafaidí go ceann tamaill eile. Le linn na h-uaire sin bhíodh Séimin Léun ina fhear teine ar cheann des na traeineacha beathaoidheach a thagadh go Baile na nGall ó Bhun Machan aniar trí Gort na Daimhche. Chuaidh Séimín comh minic agus bhí méir air go dtí an maighistir á iarradh air é chuir ar thraen éigin mear, go raibh sé cortha, cráidhte, suaidhte, sáruighthe ag sean-charaí righne, agus go raibh a chluasa bodhar ó bheith ag éisteacht le géimeana bó agus le siotharna chapall. Ní aon t-sásamh ar domhan a bhíodh le fághail ag Séimín. "Á Shéimin" adeireadh sé, "is minic a bhí an sgeul ní ba mheasa agat-se, agus tá fearaibh i bhfad níos fearr ná tu síos go dtí a n-iosgaidí i gcurrachaibh mona, agus gan aon fhághail acú ar eirighe as an mí-ádh go bráth." Lean an sgeul mar sin ar feadh i bhfad; traenacha ag imtheacht agus traenacha ag teacht; cuid acú mall agus cuid acú mear; daoine ag cainnt go h-árd ar chuid acú, agus daoine eile agus gan focal asta acht mar a chéile agus dá mbeidís gan aon teanga. Ba mhór le rádh é Baile na nGall an lá san, agus is beag le rádh indiu é, acht sin é dála an t-saoghail, síos seal agus suas seal. Tháinig sceula ón Riaghaltas ceann des na laetheanta san gor rabhadar sásta ar thraein mhear do rioth go Bheul Abha dá bhfuighfí an t-slighe do rioth i dachfhiceadh noimeant, chum ná bheadh aon mhoill ar an bpost i mBhaile na nGall. Eachtra an t-áthas tháinig ar mhuintir Beul Abha. Dubharadar go mbeadh an áit ina chathair i gcionn beagán aimsire agus ná beadh aon teora len a mbeadh de dhaoinibh ag teacht fé sháile ann i gcaitheamh an tSamhraidh. Is amhladh mar a bhí an sgeul ag an Riaghaltas, bhíodar cráidte ciapuighthe ag teachtairí ó Bheul Abha ag dul ag triall orra, agus chaitheadh cúpla cléireach do fhághail chumh litreacha Beul Abha do léigheamh agus do fhreagairt. Is beag ná raibh an méid cléirig agus maighistirí bhí insan oifig imthighthe ina ngeilteana, agus cheapadar an sgeul san ar ghrádh an t-suaimhnis. An lá bhíodhadh chum iarracht tastala bhaint as an traein bhí an dhúthaigh go léir bailighthe ag Bheul Abha. Dheineadar lá saoire ceart de. Dar ndóigh níorabh iongadh é, agus ainm agus clú a mbaile ag braith ar an dafhicead noimeant san. "Tá coinne againn, a deiridís, go mbeidh fear maith misneamhail á tiomáint a bainfidh siubhal aiste." An t-iománaidhe a bhí chum í thiomáint bhuail sé isteach idtigh mór na dtreaneacha i mBaile na nGall ar maidin thimcheall a h-ocht a chlog, D'fheuc sé thimcheall ar lucht na teine go léir. Chomh luath agus leag sé a shúil ar Shéimín Léun dúbhairt sé leis teacht ina fhochair agus theine chuir síos in ineall a seacht a fiche. "Maithte" arsa Séimín "is deas an ball í, agus muna ndeunfaimíd an gnó beidh shiar ar muintir Beul Abha." "Nach cuma mar gheall orra" arsan tiomhánaidhe, "acht deunfamíd ár ndícheall pé sgeul é agus nuair a gheobhamíd bás beidhfear ag trácht orrainn go bráth na breithe mar ní thiocfaidh aoinne i nár ndiaidh go bráth a riothfaidh in dachficead nóimeant é." Nuair a bhí gach aon rud i gcóir bhog an t-inneal léi amach agus na litreacha istig i mbosca an ghárda. Ag dul ó dheas Cill an Fhuartainn dí bhí sí ag imtheacht chomh mear leis an ngaoth Mhárta. "Coimeád an teine léi" arsan tiománaidhe "acht ar do cheann tar aireachas ná deunfá an iomarca agus sinn do chuir san spéir." "Teine" arsa Séimín, agus croth sé a cheann. Ní raibh ar an uair sin acht sgaitháinín beag a bhfeicfeá tú féin tríthe, agus gach aon bhraon allus leis chomh mór le chlocha do phaidrín. Ag dul ó dheas Ráth na Miníneach dóibh ní raibh aon leus radhairce fuireach aca bhí sí ag imteacht chomh mear san. "Bás no beatha" arsa Séimín. "Bás no beatha" arsan tiománaidhe. Ag dul thimcheall de chor an ghleanna tá i mBaile Uí Curraoin pé túplais a bhain dóibh d'imthig an t-inneall den mbóthar agus ba seo léi síos go h-íochtar an ghleanna. Ba thoil le Dia nár mharbhuigheadh aoinne, acht briseadh cois an tíomanaidhe agus nuair a fuair sé é féin do réidteach ar chuma éigin shín sé siar ar phort an t-sruthainín atá ag rioth síos an gleann. D'eirigh Séimín agus d'fheuch sé thimceall ar féin. Bhí sean-traein Gairbhéil ina stadh suas uaidh agus go leor fear á leathadh.
"Isteach leis na litreacha seo" arsa Séimín. Chuireadh isteach i sean-inneal an gairbhéil iad agus cheangladh sean-chara an gharda 'na diaidh. "Isteach" arsa Séimín leis an bhfear teine bhí ag gabhail le sean-thraein an Ghairbhéil. Bhí sé sin ag liodarna agus nuair a fheuc Séimín an tara h-uair ar chuaidh sé ag gabhail don teine gan a thuille moille. Níl aon t-seanchus ag aoinne ná feacaidh ag dul ó dheas iad; Séimín ag tiomáint agus an fear eile ag chuir síos ná teine. Bhuaileadar isteach go Beul Abha deich noimintí déidhneach agus an traein trí theine. Siad lucht an Riaghaltais a bhí go leamh díobh féin agus de Shéimín, mar ní raibh aon fhághail acú dul ón a ngeallmhaint. Dheineadh Tiománaidhe traenach mear de Shéimín, agus ó choin riamh tá sé d'iarradh dul tar-ais go dtí traein na mbeathaoidheach. MÍCHEÁL Ó CINNFHAOLAIDH. SÍOTHCHÁIN! "Síothcháin sa tsaoghal; deagh-thoil 'dir dhaoin"" Soisceul sár-bhinn an Aingil tráth Do tháinig Íosa 'nuas ag triall chughainn, 'Na leinbh bhig le sinn a shábháil. Ní féidir luadh i bprós nó i laoí Beannachta is brígh na fíor-shíothchán"; 'Sní thuigfidh choidhche acht fear chuaidh tríd Uathbhás is pianta pháirc an áir. Is mór an scrios do stát nó tír An dearg-dhiabhal, an cogadh crádha; Cé mheasfadh riamh an méad drabhfhuigheall De pheacadh is pian a thig 'na dheáidh. Marbhú na mílte, leónadh liacht", Scrios is sceimhle tríd an dtuaith; Loscadh tighthe, creachadh tír' ghil", Milleadh is díbeart dian déantús. Is fíor gur gádh an troid corr-thráth, Chun riaghail tíoránta chur fé ruaig, Ach ní foláir do thír géar-ghádh, Sul cuirtear bás is bascadh ar siubhal. Guidhimís go léir síor-shíoth is séan Ar inis iath-ghlais Éireann áin, Gan coimheascar Gaol, easaontas éad, Na tíre a' réabadh ó bhun go bárr. — SEÁN MAC GIOLLA BHUIDHE. NA hOIDÍ SCOILE AGUS AN GHAEDHEALG Is mór an t-adhbhar misnigh agus dóchais don dream atá ag gabháilt d'obair na Gaedhilge le deich mbliadna fichead anuas an cúram so atá lucht oideachais na tíre ag cur 'sa nGaedhilg fé láthair. Na hoidí a chuir suim 'sa nGaedhilg nuair nárbh' ghábhadh dhóibh é agus nuair ná raibh mórán measa ag lucht oideachais uirre sin iad na hoidí a gheobhaidh breith bog ar an sceul anois. Bhíodar sin roimh-ré leis an obair agus gheobhaidh siad an Ghaedhealg a shaothrughadh ar a mbog-shuaimhneas anois. Is minic a bhítí ag magadh fútha sin mar gheall ar an duadh a bhídís ag cur orra féin ag lorg na Gaedhilge. Chaitheadar a gcuid airgid agus a laetheanta saoire d'iarradh í bhailiughadh leo. Bhí grádh agus meas aca sin ar an nGaedhilg. Cúiteofar a saothar anois leo mar go bhfuil an talamh réidhtighthe, mínighthe aca dhóibh féin. Tá an romhar agus an grafadh roimh an chuid eile agus bainfear allus as chuid aca. Chonách orra é; shíleadar na fáiscfí an ghreim go bráth orra. 'Sí an Ghaedhealg teanga agus úrlabhra na tíre seo. Tá an méid sin ann fé órdughadh agus le reacht Dála. Is mairg ná fuil an sceul in a deimhin againn má is eadh, acht beidh lá éigin le congnamh Dé. Tá lucht ceannais an Oideachas Náisiúnta ag deunamh a ndíchill báis agus beatha í fhrithealadh do na hoidí scoile atá fé n-a gcúram. Deirtear gur chaitheadar isteach a's amach le ceud míle púnt ar Cúrsaí Gaedhilge do oidí scoile an samhradh so agus an oiread ceudna anuraidh. Agus b'fhéidir go gcaithfí an oiread ceudna ar an obair an bhliadhain seo cugainn agus an bhliadhain 'n-a diaidh. Is maith é sin agus níor cheart go mbeadh aon leith-sceul ag aon oide gan a dhícheall a dheunamh chum a chomhthrom féin den obair a thuitim leis. Níorbh' mhór an obair seo a leagaint amach 'sa tslighe ná beadh aon chailleamhaint airgid ná chailleamhaint aimsire 'sa sgeul. Is mór an creach agus an díombádh ná socruigheann na hoidí seo eatorra féin nuair a thagann siad i dteannta a chéile mar seo 'sa samhradh gan acht Gaedhealg a labhairt. Tá a fhios ag an saoghal, dar ndóig, gur fearr agus gur tairbhthighe taithighe na cainte ná pé méid
eolais a gheobhthaí ar leabhartha. Muintir na hÉireann a chuir ag labhairt na Gaedhilge an cheud ní ná a chéile atá. Is fearr é sin fé láthair ná aon léigheann ná oideachas eile. Caithfimíd deimhin a deunamh den sceul gurbh' í an Ghaedhealg teanga na tíre seo. Is mó tairbhe a bhainfí as a bheith ag labhairt na Gaedhilge ar feadh mí ná a bhainfí as a bheith ag léigheamh "Trí Bhior-Ghaoithe an Bháis" ar feadh bliadna. Táimíd caoch ag léigheann agus ag leabhartha. Is mór an náire do daoine a bheith ag dul go Bheul átha an Ghaorthaigh, nó go dtí an Daingean, nó go Cill Chaoi ag foghluim Gaedhilge agus ná labharfadh focal dí len-a chéile leath- is-muigh d'fhallaí na scoile. 'Seadh agus dá mb'iad na hollamhain féin é Beurla a labhrann siad leis na scoláirí. Ní bheadh aon mhuingin agam asta so go gcuirfidís páistí scoile a bheadh fé n-a gcúram go deo ag labhairt na Gaedhilge. Caithfidh lucht ceannas na gCol- áistí an riaghal a chuir ibhfeidhim .i. An Ghaedh- ealg a labhairt go coitchionnta ar feadh an chúrsa? Dé mhaith Coláiste Gaedhealach a thabhairt air má 'sé an Beurla is mó a labhartar timcheall air. Tá a fhios agam go raibh mórán oidí breun díobh féin i mbliadna i ndeireadh an chúrsa nuair nár dheineadar taithighe de labhairt na Gaedhilge ó thosach. Níor thug ollamhain agus lucht ceannas na gColáistí aon chongnamh ceart dóibh chuige. Ba cheart go ndíbireofaí an duine a bheadh ag stealladh an Bheurla in a leithéid d'áit. Cáithfear a dheunamh mar a dhéineann na Mic-Léighinn i Maigh Nuadhat .i. gasraí beaga a dheunamh dhíobh féin nuair a bhíonn siad ag áibhéireacht agus ag siubhal thimcheall an bháin agus gan aon teanga acht an Ghaedhealg a bheith ar siubhal aca. Téidheann beirt a mbionn an Ghaedhealg chuibheasach maith aca i bhfochair beirt nó triúr eile a mbíonn sí lag aca chum an congnamh a thabhairt dá chéile. Mar a ndeunfaidh na hoidí é seo beidh thiar orra. Conus a thabharfaidh siad taithighe dos na leanbhaí ar í labhairt mar an gcleachtaid féin an chaint. Tá Coláiste na Rinne ar an gcoláiste is fearr dá rabhas-sa ionnta i dtaobh taithighe na cainte. Bítear an-gheur ar fad ar aoinne airightear ag labhairt aon fhocal beurla. Bíonn na mic-léighinn go léir ag cur fútha 'sa gColáiste agus mar sin coimeádtar ag labhairt na Gaedhilge iad. Tá a rian air baintear an-thairbhe as an gCúrsa ann agus téidheann gach aoinne abhaile sásta go mbíonn bogadh maith cainte aca. Braitheann siad cruaidh i dtosach é acht i gcionn seachtmhaine bíonn siad an-shásta leo féin. Is grána an rud agus is mí-dheall- ramhthamhail — d'aon ollamh i gColáiste Gaedhilge a bhéith ag labhairt Beurla leis na mic-léighinn leath istigh nó leath ismuigh d'obair na scoile. Caithfear an dáiríreacht cheart a chur 'sa sceul. Níorbh' mhór an dáiríreacht cheudna a chuir san obair i ngach aon ionad a mbíonn na múinteoirí mar seo bailighthe i dteannta a chéile ag Cúrsaí Gaedhilge, acht coir an-throm is eadh a bheith ag labhairt Beulra timcheall Coláiste Gaedhealach. Acht is beag de na Coláistí atá 'sa bhfíor-gaedhealtacht anois agus breug is eadh a bheith ag tabhairt Coláistí Gaedhealacha orra. Tá rud eile narbh' mhór a thabhairt fé ndeara ag tagairt don sceul so. Feuch ar cholaistí oilleamhna na múinteoirí scoile. Tá na hoidí óga ag teacht amach asta sin agus iad chomh dall ar an nGaedhilg gus a bhí aon dream riamh díobh a tháinig amach asta. Ní fhuil lucht ceannas na gColáistí sin ag deunamh an fritheáladh ceart i dtaobh na gaedhilge. Badh cheart go mbeadh ollamhain na gColáistí sin chomh-maith in iúil ar gach adhbhar léighinn agus oideachais a mhúineadh tre ghaedhilg gus atá siad 'sa mbeurla 'sa tslighe go mbeadh gach aon oide scoile a chuirfidís den a láimh in iúil ar an rud ceudna a dheunamh nuair a gheobhaidís scoil. Mar an mbeidh sin amhlaidh caithfear a bheith ag caitheamh airgid ar Chúrsaí Gaedhilge go dtí lá "Leaindí Liú." TADHG GAEDHEALACH. FÉACH, A CHARA! AR LÉIGH TÚ INIS FÁIL FÓS? Scéalta: Aistí: Filidheacht. Gaodhluinn atá ann ar fad, idir fhógraí a's altannaibh. Scilling a luach.
D'OIDÍ GAEDHILGE Seift do cheap an t-Ath. Diarmaid Ó Droighneáin, S.P., Dhrocaid na mBinnéadach i gCo. Cill-Coinne; d'fhonn na leanbhaí scoile do mhealladh chun taithighe do dhéanamh de labhairt na Gaedhilge cois bhaile. Do cuireadh an seift so in iúl do Oidí Scoile, Co. Cill- Choinne ag an g-Cúrsa Gaedhilge do bhí sa Cathair i mbliana. Do moladh é, a's do glacadh leis go fonnmhar a's déanfar iarracht ar é chur i bhfeidhm i scoileanna an Chondae feasda. Níor mhiste triail do bhaint as in gach scoil in Éirinn go bhfuil obair na Gaedhilge ar siubhal innti. Is beag an mhaith an Ghaedhilg bheith ar siubhal sa scoil mura mbíonn sí ar siubhal ar an dteinteán leis. AN GHEALLAMHAINT. Ar son glóire Dé a's Ónora na h-Éireann — (a) geallaim-se (ainm an scoláire annso) gurb í an Ghaedhilg — in áit an Bhéarla a labhrfad leath-ismuigh d'uairibh scoile chómh minic sá lá a's is féidir liom é — (b) Geallaim leis go scriobhfad síos i leabhar fé leith a mhinicí labhraim an Ghaedhilg gach lá. a's fós — (c) Geallaim go dtaisb ánfad an leabhar soin don Oide an uair is maith leis. Aguisín — I. Do ghaibh Oidí Co. Cill-Choinne leis an seift seo ag an gCúrsa do bhí sa Chathair i mbliana acu a's cuirfear i bhfeidhm sna scoileanna feasda é. 2. Moltar do lucht feiseanna Comórtaisí dá réir seo do chur ar bun idir leanbhaí scoile — i leigint do bheirt nó triúr acu Scoth-bhualadh do dhéanamh ar aon ceist gur mhaith leó féin in ionad bheith ag cur isteach ortha fé mar is gnáthach le Molthóirí. 3. Dfhéadfí cóib nó mac samhail den seift seo do ath-scrí' amach a's é cur in áirde sa scoil. "BEANN g-CROT." LEITREACHA. POST-SHEANCHUS. Cuilinn Uí Chaoimh, Sráid an Mhuilinn, Co. Chorcaighe, M. Fhoghmhair a4, 1923. A Chara — Chím 's "An Scuab" an mhí seo trácht ar ainmeachaibh áiteann agus gur mhian leat aon dearmhad atá ortha i bPost Sheanchas do cheartú. Ar an gceud dul síos níl ainm na h-áite seo i gceart ann. Cuilinn a deirtear mar tá an ainm san uimhir iolraidh agus chum é radh sa tuiseal geineamhnach deirtear Cuileann cur i gcás Muintir Chuileann nó parróiste Chuileann acht táim bodhar ag daoinibh ag scriobhadh chugham agus Cuileann Uí Chaoimh ar an seoladh aca. ii. Rockchapel, Abbeyfeale — Is é an ainm cheart ar an áit sin — Cnoc na Carraige. iii. Newmarket, Co. Cork — Is é an ainm cheart air seo An baile Nuadh. Níor cualthas riamh i nDuthaigh Ealla Ath Trasna air. Tá an ceart aige "Ogánach na Féasoige i dtaobh. Milford, Charleville, Áth a' Mhuilinn do chuala ó rugadh mé. Mise, le mór-mheas, SEÁN UA CADHLA. Do'n bhfear Eagar, B'fhéidir le Dia go dtiocfadh tairbhe mhór as an ní seo i dtaobh Post-Sheanchuis atáthar ag pléidhe 'sa "Scuab," fé láthair. Badh mhaith an rud dá gcuirfeadh mórán daoine suim agus spéis 'sa sceul. Anois an t-am chum iarracht cheart a dheunamh chum láimh-leabhar maith údarásach Puist a sholáthar agus a chuir in eagar. 'Siad na hoidí scoile na daoine is treise agus is údarásaighe ar an nGaedhilg i ngach baile tuaithe agus is dóibh is córa feuchaint i ndiaidh an ruda so. Is iad a bheidh ag múineadh dho sna na leanbhaí conus seoladh leitreacha a scríobadh i nGaedhilg do gach aon áit 'sa cheanntair agus badh cheart dóibh feuchaint go héirime- amhail éifeachtamhail chuige. 'Siad a thug lámh conganta chum ath-bhaisteadh Beurla a dheunamh ar na háiteanna gaedhealacha fadó; badh chóir go mbeidís níos dúthrach- taighe anois chum na hainmneacha Gaedhealacha a chasadh orainn. 'Sé badh cheart acht liosta dhe gach aon áit 'sa cheanntair abheith ar crochadh ar an bhfalla in gach aon scoil. Rud eile ní ceart go mbeimís-ne sásta ar chlaoidheadh go deó leis na Condaethe (no Shires) a chuir na Sasanaigh orainn acht na ceanntair agus na Dúthaighe d' aithbeochain NIGHEACHÁN RIABHACH AN tSATHAIRN NÍ BHÍONN SÉ GEAL DÉ DOMHNAIGH. Dá bhrigh sin Cuiridh bhúr gcuid nigheacháin chun TIGH NIGHEACHÁIN NA CÚIRTE (COURT LAUNDRY) SRÁID HARCOURT, BAILE ÁTHA CLIATH.
arís agus na léir-scáil in ár scoileanna a bheith breactha agus dathaighthe dá réir. Thabharfadh a leithéid seo thar an ais chugainn mórán de stáir agus de sheanchus ár dtíre. Feuch a ghiorracht gus a bhíodh ag aith-bheochain Laoighse agus ó bhFáilbhe in áit Condae na Bainríoghna agus Condae an Ríogh; agus Cóbh agus Dún Laoghaire in áit Kingstown agus Queenstown. Ná beadh sé chomh maith againn in ainm Dé dul an bóthar ar fad agus gan a bheith ag tincéireacht leis an sceul. 'Dé 'n beann atá againn ar aoinne? Ná fuil an Saorstát againn agus ná fuil sé in ár gcumas lúb an t-Sasanaigh a ghearradh amach as an slabhra agus an lúb órdha Gaedhealach a chuir isteach. Choimeád an Eaglais na dúthaighe Gaedhealacha beo in ár measc go fóil agus mar sin dob' fhuiris dúinn iad d'aith-bheochain. Séidtear fé nár dTeachtairí Dála an rud so a dheunamh dúinn. Ní ceart dúinn-ne leigint d' aon phioc d' iarsmaí an tSasanaigh lonughadh in ár measc má fheudaimíd é. Tá áiteanna ann a fuair an baisteadh fíor Ghallda ó thúis; caithfear iad sin d'aith bhaisteadh le baisteadh fíor-Ghaedhealach a thabhairt orra. Sráideanna Cathracha agus Bailtí Móra iseadh is mó a dheineadh an Loitiméir- eacht so orra. Táim ag dul in achuinge ar lucht léighte "An Scuab" congnamh a thabhairt dúinn 'sa nídh seo. MISE, P. Ó CADHLA. A Fhir Eagair, Ag Tagairt do Phost-Sheanchus tugaim fé ndear ná fuil Lúbán Díge ann in ao' chor. Sin é an fuirm atá in usáid againn ar Bodyke. Sa leabhar Béarla- Gaedhealg tugtar "Bóth Taidhg" ar an áit, ach níl an fuirm sin féin sa cheann eile. Rud eile glaodhtar Tuamgraney ar Tuaimgréine le fada in áit Tomgraney. Mise, "CILL-NUADH." COMÓRTAS Deirtear go mbíonn abhfad níos mó dearmhadaí chló i bpáipéirí Gaedhilge ná mar a bhíonn i bpáipéirí Beurla. Is eagal linn gur fíor é sin, is cuma cé air a bhíonn an locht. Níl an taithighe ceudna ag na clóbhuailteoirí ar an obair, gan dabht, agus ní mar a chéile an leitriú a bhíonn ag gach aon sgríbhneoir ach an oiread. Seo comórtas eile anois. Cuiridh síos gach aon fhocal a bhfuil dearmhad chló ann a thabhairfidh sibh fé ndear san uimhir seo den "Sguab." Dá chúramaighe sinn is dócha go bhfuil ceann ann annso agus annsúd i gan fhios dúinn. Cuiridh na focail chughainn sa t-slighe go mbeidh siad againn roimh an 3adh lá mí na Samhna. 7s. 6d. an cheud duais; 5s. an dara duais. Ná dearmhadaidh an fuirm seo do chur i dteannta le gach iarracht. Comórtas VII., 1923. Mise m'áit comhnuidhthe FOCAIL GAEDHILGE SA mBEURLA. Tréis dúinn an cheud chuid d'iarracht Sheáin Uí Shíothcháin do chlóbhuaileadh ba dhóigh linn nár oir sé ro- mhaith don "Sguab" an oiread san Beurla a bheith ann. Bhí cúis fé leith ag baint leis, gan amhras, ach b'fhearr linn gan ao' Bheurla a bheith ann, agus dá bhrigh sin foillseoimíd an chuid eile den liosta so gan na h-abairtí Beurla atá ag gabhailt leis na focail Gaedhilge do chur isteach. Bhí an méid seo leanas fé chló sar a shocruigheamar air sin. Curachán… The curachán was lost. Císte baise… We will make cístes baises. Cab muice… That calf has a cab muice. Donas… I don't know what donas is down on him. Dubhairt sé dabhairt sé. That is only a dubhairt sé dabhairt sé. Deir sé… "Are you coming?" adeir sé. Dailtín… He is a great dailtín. Drabhfhuigheall… There was a whole lot of drabhfhaigheall in the bottom of the bucket. Dúthracht… She was working most dúthracht.
Dubhardáluidhe… He is a great dubardáluidhe. Duthchas… The bad duthchas is in them. Dúirnín… I was at the dúirníns all day long. Draoíb… She is a great draoíb. Doubhlamán… We raised a big stick of doubhlamán out of the bog to- day, .i. black-oak (?leitriú, F. E.) Doicheall… A great doicheall against me. Dúircín… He is a great little dúircín. Droch-mheas… He hadn't but droch-mheas on me. Dul… There is a bad dul in the handle of this spade. Diachair… You did the diachair Dúid… Throw away that old dúid from you. Dúidín… My dúidín is smashed. Dríodar… The dríodar after the milk. Dorn… A dorn of meal. Dreóilín… A dreóilín of a fellow. Drad… He had a drad on him. Dradaire… He is a good dradaire. Dathamhail… A fine dathamhail girl. Dreas… A dreas of the spade. Éarach… She did éarach. Eas… We will go up to the eas. Tá eas ar thaoibh an chnuic atá laistiar d' Áth na bhFuinnseóg, mo bhaile dhuthchais. Seadh, ní dhéarfadh éinne, do mhuintear na h-áite sin — "we will go up to the waterfall"; acht, — "to the eas." Éist… Éist, for awhile. Éirghe in áirde… There is too much éirghe in airde about her. Forathach… A dirty forathach (?fotharach, F. E.) Falbó… She is a great falbó, .i. óinseach. Fastúch… A big fastúch of a man. Feis… We had a feis on Sunday last. Flúirseach… The sugar was most flúirseach. Faire… Faire! Faire! Fuadar… Whatever fuadar was under him. Fúiste fáiste… That is all fúiste fáiste. Flaitheamhail… She is very flaitheamhail. Faicín… I had to wash the baby's faicíns. Fústar… He was in a great fústar. Fionnán… There is a lot of fionnán growing in that bog-hole. Fadharchán… He has a big fadharchán on his shin. Fámaire… A big fámaire. Feilistrom… The field is covered over with feilistroms. Fuachtán… I have fuachtán on my hand. Fuairthnimh… I have fuairthneamh in my fingers. Fraitc… She is a great fraitc (? F. E.) Fuachais… They made a big fuachais in the wall. Fraochán… Picking fraocháns. Flop flap… Flop flap in the gutter. Fáinne óir ort! Fideóg… He was blowing the fideóg. Faic… There is not a faic wrong with him. Gearáinseóir… A great gearáinseóir Gróg… A gróg of turf. Grog… I was sitting in my grog. Gáig… He is a great gáig. Gearán… How much for the gearán. Gobán… The gobán sáor. Gabhlóg… Get the gabhlóg for holding up the car. Gob… She has a gob on her for talking. Giobal… His clothes are all giobals. Gobán… Put the gobán on the kid; it is time to wean him. Gal… Give me a gal. Glaimidear… A great glaimidear, .i. amadán. Gioblachán… A great gioblachán. Geáitsí… Look at the geáits of him. Glíc… He is a great glíc. Go leór… Money go leór. Gaimbín… He is one of the gaimbín boys. Garsún… A great garsún. Gleó… We had a great gleó. Geanc… He has a geanc. Gleid… A big gleid of a fool. Gam… A finished gam. Gamall… A big gamall. Gleanntán… We were walking along the gleanntán. Glúiníneachán… The calf has the glúiníneachán. Gad… The gad of the flail. Grabhas… He had a grabhas on him. Grabhasóigín… A great grabhasóigín. Geárrcach… There is no geárrcach in that egg. Giosán… I killed a giosán, .i. Thorn back (fish). Gog… Give me the cap of the gog. Glúcach… A blind glúcach. Glaise… I was fishing in the glaise. Glugar… This is another glugar. Gearr-bhaitín… He made use of his gearr-bhaitín. Grádhmhar… A nice grádhmhar person. Gabháil… A gabhál of hay. Gall luachair… A load of gall-luachair. Gabhshnáth… Gabhshnáth thread. Gliogaire… A great gliogaire. Gligín… A great gligín. Grafán… I broke the grafán, rooting up furzes to-day. Gabhairín reodha… Do you hear the gabhairín reodha? Gliomach… She is a great gliomach. Gráinseachán… We ate some grainseachán. Giog ná miog… There wasn't giogs na miocs out of them. Greas… A greas at twisting the barrel. Greis… He stole a big greis of sweets from me. Geócach… A great geócach. Gualán… The gualán of my waistcoat. Gleórán… The gleóráns burned all my legs. Gach ré… We had gach ré cur. Hob na h-aon… I could not knock hob nor h-aon out of it. His-gabhar Deirtear le gabhar é sin. (Ní críoch.)
CRAINN ÓGA Níl aon rud níos tábhachtaighe sa tír seo na crainn do chur. A Ghaedhil, ba mhaith linn ár ngnó do dheunamh as Gaedhilg, agus ní beag san, is dóigh linn. Cuiridh fios ar chlár na Luach: Crainn Coille, Tuir Gáirdín, agus Crainn Torthaí. Tá teistiméireacht againn ó Aireacht na Talmhanuidheachta. MUINTIR AN RÁITHÍN, TUAIMGRÉINE, CO. AN CHLÁIR.
TAE. Togha an mhargadh gach aon tSórt Tae atá againne, bíonn siad mar a chéile i gcomhnuide agus bíonn gach éinne sásta leo. Luach — 2/4, 2/8, 3/ — agus 3/4 an púnt. Tae ón t-Sín — 2/8, 3/ — agus 3/4 an púnt. BECKER BROS., LTD., Sráid Seoirse Mór Theas a 8 agus Sráid an Iarla Thuaidh a 17, i mBaile Átha Cliath. TIGH-ÓSDA "CLARENS," Ag Cé Ueillington i mBaile Átha Cliath Tá gach aon chompórd ann agus é so-lámhach do gach áit is fiú le rádh 'sa Chathair. 70 Suainliosa. An biadh — bog, soghmhail, so-bhlasta Solus Eleictric. Agus an freasdal ar fheabhus. An díol fiach réasúnta. BÍONN TARRAING MHÓR DAOINE AR AN "RESTAURANT" atá ag gabháil leis. An Guthán 1217. Telegram: "Clarence Hotel, Dublin." TIGH-ÓSDA AN ROYAL EXCHANGE Sráid na Feise, i mBaile Átha Cliath. Tá sé seo ar cheann des na Tighthe-ósda is compórd- amhla 'sa Chathair. Tá gach aon chóir ann agus an díolfiach réasúnta. Guthán 2678. Telegram: "Comfort, Dublin." West & Son SEODÓIRÍ, GAIBHNE AIRGID, AGUS CLUIGEADÓIRÍ. Tigh Grafton, 102 agus 103 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath An cnuasacht is mó i n-Éirinn; Fáinní pósta agus Fáinní geallamhana; bronntanasaí airgid; córacha tae agus caifí; agus rl. Tagaidh isteach chun iad dh'fheiscint. DIXON & HEMPENSTALL Fir Deunta Speuclairi SEOMRAI UM TASTAIL RADHAIRC AR OSGAILT GACH LA Cuirimíd shuim speisiáltha in oideasaí liagh-súl Nuair a chuireann tú fios ón dtuaith ar rud cuirimíd chugat é an lá ceudna. SRAID SUFFOLK, 12, ATH CLIATH. GACH RUD ATÁ ACRACH D'OIFIG. Tar go bhfeice tú an teasbántas díobh atá againn. TYPEWRITERS (Coracha Cló-Sgríobhadh). "Hammond" (Gaedhealg agus Beurla ar an maisín ceudna). "Royal" (Leitreacha Gaedhealacha air). Gach cóir chun mamraim agus cáipéisí oifige a choimeád in eagar agus in órdú. Duplicators — Rotary and "Rolo" -flat 55/- agus 75/- (iomlán). CONAN, MAULE & CO., 7 Crow St., Ath Cliath. Guthán: 3319. OBAIR DO GHAEDHILGEOIRÍ. Is mó duine a bhíonn ag lorg Gaedhilgeoirí le h-aghaidh oibre áirighthe ach is mó Gaedhilgeoir, mar sin féin, atá gan obair. Támuíd ar aigne an columhan so do choimeád ar leith-i-leith chun a leithéidí do thabhairt le chéile. Ba bhreágh linn dá bhfuighfimís lámh conganta do thabhairt chun Gaedhilgeoirí na h-Éireann do choimeád na dtír féin. Dá bhrígh sin ní chuirfimíd ach costas an-eudtrom ar na fógraí so. Gheobhfar gach fios ón mbainisteoir, Oifig an "Sguab," Cearnóg Mont- seoighe, Baile Átha Cliath. TÁ buachaill toghta ag teastáil mar chongantóir ó lucht siopa mhóir i mBaile Átha Cliath. Níor mhór dó eolas a bheith aige ar ghnó grósaereachta agus teistiméireacht a bheith aige ó dhaoine mhuinighineacha. Sgríobh chun "AI," oifig an "Sguab." Ná Dearmhadaidh Lucht na bhFógraí sa "Sguab."
BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA. ÁRD-OIFIG: — FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE ÁTHA CLIATH. DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT. Bun-airgead Geallta, £406,000. Bun-airgead Díolta, £203,000. Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1923, £1,650,000. BUNUIGHTHE 1920. BRAINNSÍ:- 68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh, Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis, Mathchromtha. THE NATIONAL LAND BANK LTD
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services