Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Focail Ghaedhilge sa mBéarla

Title
Focail Ghaedhilge sa mBéarla
Author(s)
Ó Síothcháin, S.,
Composition Date
1923
Publisher
An Sguab

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SGUAB



Im. II. Uimh. 13. DEIRE-FOGHMHAIR, 1923. 3p. SA MHÍ



RÉIM NA h-UIMHREACH SO.



Leath.



NÍ ÍSEAL NÁ UASAL ACH THÍOS SEAL AGUS THUAS SEAL 3



AN SGRIOSADÓIR ÉIN TADHG Ó CEALLAIGH 5



CAOINE CLOINNE CLEAS CLOCH LABHRAIS 6



AN BÁD GLUAISTEÁIN AN CHÚ MHALL 7



AN IMIRCHE TOMÁS MAC NEACAILL 10



AN BÓTHAIR IARRAINN MÍCHEÁL Ó CINNFHAOLAIDH 12



SÍOTHCHÁIN SEÁN MAC GIOLLA BHUIDHE 14



NA h-OIDÍ SCOILE AGUS AN GHAEDHEALG TADHG GAEDHEALACH 15



LEITREACHA 16



COMÓRTAS 17



FOCAIL GAEDHILGE SA mBEURLA 17



OBAIR DO GHAEDHILGEOIRÍ 19



AN GHAEDHEALG SNA SIOPAITHE.



Má thá sé uait, a dhuine, an Ghaedhealg a bheith dá labhairt agat gach aon lá
ceannuigh do chuid grósaereachta agus lóin-tighis uainn. Ní gádh dhuit Beurla do
labhairt annso mar go bhfuil an Ghaedhealg ag gach aoinne sa t-siopa.



Ó RAOGÁIN AGUS A CHOMH., TEO., SRÁID DÁSON, 54.



CUMANN URRADHAIS MUINTIR NA h-ÉIREANN
(THE IRISH PEOPLE'S ASSURANCE SOCIETY)



CUMANN DO GACH AOINNE ISEADH É. NÍL AON NIDH CHUN DEIRIDH ANN.
FÍOR-ÉIREANNAIGH ATÁ I mBUN NA h-OIBRE SEO.



Gach fios agus faisnéis le fagháilt ón Rúnaidhe



S. M. Ó DEORÁIN
ÁRD-OIFIG — CEARNÓG PHARNEILL a 16, ÁTH CLIATH.



GUAL! GUAL! GUAL!



Anois an t-am chun Ghuail a cheannach i gcóir an
ghéimridh. Béidh sé i bhfad níos costasaighe nuair a
thiocfas an aimsir chruaidh. Ceannuigidh ó Ghaedhealaibh
é. Tá an cineál is fearr le fághail



Ó MHUINNTHIR PLÉIMEANN,
9 Sráid Frederic Thuaidh, Áth Cliath.



Guthán 2723.



N.B. — Tá gluaistean (a iomcróchas ualach tonna) le
fághail uainn ar thuarastal.



ÁRACHAS



Polasaithe ar ghach
Conntabhairt le
fagháil.



CÁIN-IONCUIM



Cóirighthear Eilimh
Aisiocha, Reidhtighthe,
agus rl.



AG



MAC DONNCHADHA AGUS Ó BEÓLÁIN, TEÓ.
51 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH.



Guthán: 1106. Sreangán: Arrange, Dublin.


L. 2


Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n
Chumann Gaedhealach is Fearr



AN CUMANN IBÉRNACH
INSIÚRÁLA TEÓ.



I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS
COITCHINNE.



Príomh-Oifig — 48 agus 49 SRÁID AN
DÁMA, ÁTH CLIATH.



NA POLASAITHE IS IOMLÁINE LE
FAGHÁIL.



CUALLACHT DÚNA EIMER
TEOR,



Sráid Hardbhic, i mBaile Átha Cliath.



ÉADAIGHE EAGLAISE, ILGHRÉASACH
AGUS ÓIRGHRÉASACH.



CULAITHE BAN ÉIREANN



CAIRPÉIDÍ LÁIMH-FHIGHTHE.



LEABHRA MAITHE GAEDHILGE



AN BARRA: Leabhairín do Pháistí. Nioclás Tóibín
an scríbhneóir.



Leabhairín é seo do pháistí sa tríomhadh buidhin nó sa
ceathrú buidhin do réir mar a thuigtear don múinteóir.
Mar do dhein sé sa ngeamhar tá a dhícheall déanta ag
Nioclás Tóibín ar adhbhar oiriúnach léighinn do sholáthar
don pháiste, agus a bheith cothrom maidir le ciall agus
cruadhas. Ocht leathanaigh agus dachad atá ann.
Luach 6d. glan.



ÓIR-CHISTE: Duanaire Liricí don aos Foghluma.
Seamas Ó h-Aodha, M.A., do thoigh.



Cnuasacht é seo desna dánta is mó clú agus cáil i
nGaedhilg. Tá 45 cinn aca ann agus na filí is fearr abhí
riamh againn a scríobh iad ó Oisín Mac Fhinn go dtí
Pádraig Mac Piarais. Tá míniú nó argóint ag gabháil
le gach aiste sa leabhar agus gach míniú aca i nGaedhilg
bhlasta. Tá foclóir, agus gluais ag tabhairt eolais ar
gach áit is ar gach duine atá luaidhte sa leabhar. Níl
aon Bhéarla ann. 156 leathanaigh. Luach 5s. glan.



BEIRT DHÉISEACH. Cnuasacht scéilíní le Seán Ó
Cuirrín. Scéal acu ar a cheann féin; Eadartheangachd
ar Bhéarla Washington Irving (Rip Van Winkle);
Tolstoí (The Long Exile); LorimerStoddard (The
Indian's Palm) an chuid eile. Tá adhbhar cleachta ar
aistidheacht agus notaí agus foclóirín ag gabháil leó.
Luach 3s. 6d. glan.



Agus na Leabhra eile is fearr i nGaedhilg le fagháil ó



CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN TEOR.,
89 Sráid an Talbóidigh i mBaile Átha Cliath.



ÓRDUGHADH DHUINN "AN SGUAB"
A SHEOLADH TRÍD AN BPOST



Do'n Bhainisteoir,
"An Sguab,"
Cearnóg Montseoighe, a 24,
Baile Átha Cliath.



4/- é seo chun go ndeunfaí "An Sguab"
a sheoladh tríd an bPost chugam gach mí ar
feadh dhá mhí deug, ag tosnughadh





Mise



M'Áit Chómhnuidhthe.


L. 3


NÍ ÍSEAL NÁ UASAL ACH THÍOS SEAL AGUS THUAS SEAL



Is beag duine ná bíonn shíos seal agus
shuas seal dréir mar a bhíonn a shaoghal agus
a shláinte aige, agus is docha go ndeireann
gach aoinne "Ceud slán leis an tsean
aimsir" 'na aigne féin anois agus arís.
Dá mhéid é an feabhas atá tréis teacht ar
chúis na Gaedhilge agus dá mhéid é ár
sástacht nuair a chuimhnighmíd ar sgrios agus
ruagadh an tSasanaigh as an dtír seo, mar
sin féin táimíd go léir cortha, tnáite,
traochta de bhárr clampair agus cogaidh agus
níl uainn ach síothcháin agus ciúineas agus
seans chun dul chun cinn le nár gnó féin.
Ach ní túisge a bhíonn deireadh le cogadh ná
thosnuightear ar chogadh eile — Cogadh lucht oibre
na hÉireann le lucht stiúrtha gnótha atá i
ndán dúinn anois mara mbíonn sé ar siubhal
i gceart sara mbeidh an uimhir seo den
"Sguab" á chur amach againn. Bíonn
stailc nó "lock out" ar siubhal in áit
éigint i gcomhnuidhe dar ndóigh. Rud gnáthach
iseadh é sin anois agus ní chuirtear mórán
suime ann leathismuigh den áit na mbíonn
sé, ach baineann sé le deallramh anois go
mbeidh na maighistrí as na fearaibh ag tuitim
amach i gceart le na chéile sara bhfad agus
ag troid go h-imirt anama.



Millfear an tír ar fad ar an gcuma san
agus sa deireadh socrófar an rud eatorra
sa tslighe a shocróc aon duine ciallmhar é
an ceud lá gan aon clampar ná easaontas
ná cailleamhaint ná dada. Ach tá an dá
thaobh ceanndána stuacach agus is dóigh leó
go bhfuil an ceart as an neart i dteannta
a chéile aca. Beidh breall ortha araon.
Feuch ar na feirmeóirí i gCo. Portláirge
ag iarraidh pá na bhfear d'ísliú leath giní
sa tseachtain d'aon iarracht amháin — an aon
iongnadh go néireóch daoine i gcoinne a
leithéid d'eugcóir agus ar an dtaobh eile
feuch ar na fearaibh a fhanann ar nós an
ostrich agus ná géillean don fhirinne — ní
thuigeann a léitheid — nó leigíd ortha ná tuigíd
— go raghadh tionnsgail na tíre in eug ar
fad maran glacfaid leis an dtuarasdal
cheudna atá fearaibh den tsaghas ceudna ag
fághailt i Sasana, agus in áiteanna eile a
bhfuil rudaí á ndeunamh atá ag dul i
gcomórtas le na ndeuntús féin, fé mar a
chuireadh an Dublin Shipbuilding Co. ar
neamhnidh, cuir i gcás. 'Sé an rúd atá ag
teasdáil ach go leagfadh gach taobh lúb éigint
agus ní hé sin an deallramh atá air. Bhel
beidh deireadh leis an trioblóid seo in am
as i dtráth nó neachtar aca beidh deire leis
an tír ar fad.



Tá fhios againn go maith ná fuil aon
airgead á dheunamh agesna feirmeóirí fé
láthair agus go bhfuil sé dian ortha pá maith
do thabhairt dona lucht oibre. Le linn an
chogaidh móir bhí luach árd le fághailt ar gach
aon rud a bhí le díol aca, ach dá aimhdeóin
san ní ró fhial a bhí an urmhór aca leis na
daoine bochta a bhí ag obair dóibh. Ach roimh
an cogadh mór níorbh acfainn dóibh níos
mó ná an pá suarach ba ghnáthach an aimsir
sin do dhíol agus ní bhfuighfidís teacht ar a
nglaoidhtí in ao 'chor muireach go raibh an
pá chomh beag san. Is dóigh linn féin ná
fuil aon dul as anois sa cheist acranach so
ach go ndeunfaidhe athrú ar talamh na hÉireann
in áit a chéile — nó ar an slighe atá sí
roinntighthe imeasg na ndaoine ba chirte a
rádh. Aon áit 'na bhfuil feirmeoirí beaga
ní baoghal go mbeidh stailc ná stad oibre.
Bíonn a leithéidí ag obair ó maidin go
h-oidhche i ndoineann agus i soineann. Dá
olcas í an aimsir a bhíonn ann baineann
siad slighe maireachtana de shaghas éigin
amach dóibh féin. Nuair a bhíonn gnó agus
trachtáil feirme go dona cuireann siad
suas leis — éirigheann siad as pé soghluistí
beaga a bhíonn aca nó oibrigheann siad níos
déine — tógann siad an min leis an garbh
agus pé rud éirigheann siad as ní éirigheann
siad as an obair. Dá mhéid oibre a
dhéintear is amhlaidh is mó a bhionn saidhbhreas
na tíre agus má stadtar ó obair 'sí an


L. 4


tír ar fad a chailleann i ndeire na sgríbe,
ní h-amháin na daoine a bhfuil baint aca
leis an gclampar. Bhel is fearr aon ciall
a cheannuightear ná dhá chiall a mhúintear
agus ní bheidh aon mhaitheas sa tír seo go
dtí go dtuigtear i gceart ná coinnigheann
an soitheach ach a lán féin agus ná fuighfidhe
níos mó ná a lán do bhaint as.



Tá cathú orainn nár thoghadh níos mó den
Chumann Oibreachais mar Teachtairí Dála sa
toghadh mór. Ba mhaith an rud é dá mbeadh
a thuille baint aca le stiúrú na tíre.
Gheobhadhais an-chuid maitheasa a dheunamh, má's
i gcoinne an Rialtais féin a bhéidís, dá
mbéidís cuibheasach láidir ann ach is beag
an mhaith a gheobhaidís deunamh dá mbéidís ar
a mbeagán. Bhí brón agus iongantas orainn
ráidhte nár dinneadh Cathal o Sionnán a
thoghadh. Bhí sé ar an nGaedhilgeoir ba dhílse
agus ba láidir-aigeanta sa Dáil deireanach
so (ach amháin Pádraig Ó Máille béidir)
agus is ro ghann atá na Gaedhilgeóirí sa
Chumann Oibreachais cé gur Gaedheal maith
Pádraig Ó hÓgáin do toghadh i gCo. an
Chláir an uair seo. Dála an sgeil tá brón
orainn toisg ná fuair Seóirse Gabhan Ó
Dubhthaigh suidhcháin arís. Is minic a sheas
seisean sa mbearna ar son na Gaedhilge
sa triomhadh dáil agus tá práidhinn mhór
againn lena leithéid. Tá gach aon dream sa
Dáil nuadh lag go leór maidir leis an méid
Gaedhilgeóirí atá ann dar ndóigh.



GEALLAMHAINT NÁ COMHLÍONTAR NÍ
FEALL GO DTÍ É.



Rud fé leith iseadh an Fáinne. Níl aon
cosamhlacht idir é agus aon phlean eile do
ceapadh fós chun cainnt na Gaedhilge do
láidiriú agus sé ár dtuairm go bhfuil sé
ar an seift is fearr amach a's amach. 'Sé
an t-aon rud amháin atá ag tabhairt caoi
dosna daoine óga a gcuid Gaedhilge do
cleachtadh tréis dóibh na sgoileanna d'fhágaint
agus is é an t'aon rud amáin a bhíonn ag
cur iachall ar mórán daoine a bhfuil an
Ghaedealg aca go flúirseach í a labhairt
le na chéile. Cainnt in aisge iseadh é, is
dócha, a bheith á mholadh agus á mhíniú do lucht
léighte "An Sguab" agus ní thagaireoimís
dó in ao 'chor anois maran rud é go
bhfuiltear chun an riaghal nuadh i dtaobh an
Fháinne airgid do chur i bhfeidhm an mí seo
chughainn. Tá sé le rádh ag lucht an Fháinne
gur dream criochnamhail an dream atá ag
stiúriú na h-oibre. Táthar ag gearáin le
tamall anois mar gheall ar an slighe a bhíonn
a lán fáinnigh faillightheach fealltach neamh-
shuimeamhail i dtaobh na Gaedhilge, gur minic
a bhriseann siad na riaghalacha — agus is
ionann san agus a rádh go mbrisid a bhfocail
féin; dheineamar féin gearáin air sin sa
"Sguab" níos mó ná aon uair amháin.
Ba léir do gach aoinne gur ar mhaithe leo
féin a chuaidh cuid mhaith daoine fe dhéin
An Fháinne, chun go bhfuighfidhís postanna
nó neachtar aca chun teasbáint gur eolgas-
aighe agus gur cliste iad ná na comharsan,
agus gan a thuille suime á chur aca sa rud
na dhiaidh san, nach mar a cheile as a chuirfidís
in úirsgeul suarach a cheannóidís chun turus
traenach do ghiorrú dóibh féin. Bhel
buidheachas le Dia sgagfar an dá shórt
Fáinneach: as so amach ní chuirfear an duine
faillightheac agus an duine duthrachtach ar
aon leibheula amháin; agus tá súil againn
ná teipfidh ar aon ghasra rud do dheunamh
ar an Árd Comhaltas i dtaobh an malairtiú
fáinne atá órduighte aca.



Rud fé leith iseadh an Fáinne in gach aon
slighe. 'Sé an t-aon comhartha amháin, cuir
i gcás, go bhfuil cead ag saighdiúirí an
airm agus ag na Gárdaí Síothchána a chaitheamh.
Dubhairt duine éigin gur cheart, dá bhrígh
sin, go gcuirfidhe dlighe nuadh i bhfeidhm
gan leigint do dhaoine an Fáinne do chaitheamh
mura mbeadh baint ceart acu le Gasra
dleathach agus na riaghalacha á gcoimeád acu
chun sásaimh lucht stiúrtha an Fháinne. Ní
mar mhagadh comhartha puiblidhe onórach agus
sin é a bhí sa bhFáinne mbeag go dtí le
déidheannaighe agus sin é a bheidh sa bFáinne
óir arís le congnamh Dé i gceann bliadhna.
Dála an sgéil molamúid d'fhainnigh "Iris
an Fháinne" do cheannach, mara bhfuil cóip
den uimhir nuadh aca cheana.


L. 5


AN SGRIOSADÓIR ÉIN
ÁL AN tSEABHAIC.



An fóghmhar buidhe atá anois ann (agus
é seo dhá sgríobhadh) agus tá na héanlaith
ceoil ar fad ina dtost cé's moite dhe'n
dreoilín agus an spideog. Anuas go dtí
sé seachtainí ó shoin níorbh fhéidir tom crann
d'aimsiú gan smól nó lon nó gealbhan cátha
ann. Níorbh fhéidir bóthar a thaisteal gan
an gealbhan buidhe a chlos ar sgeich aonraic.
Bhíodh an fhuiseog go binn os cionn an léana
riabhaigh, agus chloisinn có-ghuth na bhfáinleóg
go minic. (Má's éan ceoil an fháinleog
tá sí le clos fós, agus níos minice ná
dreoilín ná spideog).



Lagadh ar an gceol ó dheire an Mheithimh
go dtí lár an Iúil, agus ó'n tráth soin amach
bhí an glór agus an binneas ag imtheacht as
go tréan. I dtús mí Lughnasa bhí an ceol
imthighthe ar cheal.



Chuireas fúm i dteach i lár coille in aice
na fairrge an samhradh so caithte agus shíleas
go mbeadh comhluadar mór éan agam san
gcoill. Ní hamhlaidh a bhí. Ní raibh fair-
singeacht éan ins an gcoill ar chor ar bith.
An gealbhan cátha ní raibh sé le clos ná le
feiceál. Bhí an gealbhan cuilinn, an caistín
cloch, agus an caipín aitinn ins an gcriathrach
an taobh ó thuaidh de'n choill, ach ní fhacas
gealbhan buidhe, nó lasair coille nó gleoiseach
nó gealbhan claidhe ins an gcoill féin istigh.
Chluininn an smólach agus an lon ó éirghe
gréine, ach is éin an péire seo a chuireans
a nguth abhfad uatha, agus thréigeadar an
choill go luath. Bhí cuilm go leor againn
agus d'fhanadar linn.



Síos uainn cois chladaigh d'fheicinn an
bhroigheall, an gheabhróg, an loidhrín trágha,
an faoileán, an gainéad agus an chorr ghlas.
Ní thigidís seo isteach san gcoill, ach amháin
an chorr ghlas, agus bhí nead aice-se ar chrann
in aice linn.



Bhí seabhach ar gor ins an gcoill i gan
fhios dúinn agus tháinig na gearrcaigh amach
i ndeire Iúil. Thógadar sgiathán go luath
i mí Lughnasa agus uaidh sin amach bhí clampar
maidin is trathnóna ann. D'fhanadar, trí
cinn aca, ar bharr na gcrann agus bhí na
sean-éin leo ghá mbeathú. Níor ísligheadar
ariamh de na crainnte ach d'fhan in áirde
abhfad ó bhaoghal. Dá óige dá rabhadar bhí
an gliocas aca.



Ní minic a cloistear gíog as sean-
tseabhac, ach ní bhíonn béal ina thost ag na
gearrcaigh nó go mbíonn a gcéard foghlumtha
aca. Ó éirghe gréine go dtí árdtrathnóna
bhíodh an gearán dhá dhéanamh aca. Sgréach
gránna a ghnídís, agus é go casaoideach,
clamhsánach, géar. Shílfeá gur luch mór
agus é gabhtha in inneall an seabhach óg ag
iarraidh bídh. Chuir sgréachghail na seabhac
an ruaig ar na héanlaith ceoil, is dócha, an
sgréachghail agus an t-ár a bhí dhá imirt ortha
ag na sean-seabhaic.



Ar fheoil éin tógtar na gearrcaigh. Ní
bhlaisid d'aon bhiadh eile agus ní hiongantas
gur dual dóibh an marbhú agus an foghlach.
Tá cúnntas ar phéire sean-tseabhac a mhar-
bhuigh naoi mion-éan le haghaidh bídh dá
gearrcaigh féin in aon lá amháin.



Bíonn ál mór ag an tradhnach agus imthighid
rómpa go luath taréis teacht as an bplaoisg
dóibh, agus sul má bhíonn neart ina sgiatháin.
Tig an seabhac aniar ar go leor aca, táim
a cheapadh. Tuiteann an deire céadna ar
chuid mhór dhe ghearrcaigh na mion-éan. Is
iomdha sgalltán loin agus smólaigh a mbuail-
eann an sgriosadóir anuas ortha. Is iomdha
spideog agus gealbhan bog óg a dtig an
seabhac ortha ar chiúis coille nó cois fáil.
Cú imeasg coiníní 'seadh seabhac imeasg
mion-éan.



Tá nós ag cuid de na héanacha an t-ál
óg a ruaigeadh as comharsanacht an nid an
dá luath is a bhíonn neart ionnta fághtailt
dóibh féin. Fágann an nós so an chomharsanacht
gan bheith ar ghanntanas bídh, agus tógann
sé trioblóid an tsolathair de na sean-
éanacha. Má tá an nós so ag an seabhac
ní bhfuaireas dearbhthú air, ach d'imthigh ár
seabhaic uainn, idir sean is óg, le chéile
nach mór, tar éis dóibh bheith trí seachtainí
dár mbodharadh. Is ar éigin bhíodar imthighthe
uainn nuair d'fhill an smólach chugainn agus
cuid de na mion-éanacha. An ceathrú lá
déag de mhí Lughnasa ghabh an dreoilín dreas
dúinn, agus dhá lá ina dhiaidh sin bheannuigh
an spideog dúinn.



Ba chóir dom a rádh nár tréig na fáin-
leoga sinn agus gur leanadar dá gceol
féin. Is ar sgiathán a chaitheann fáinleoga
a saol, beagnach, agus is cosaint mhaith aca
ar an seabhac a lúthas.



Dlúthchoill 'seadh cuid de'n choill seo'


L. 6


gainn-ne, agus tá an chuid sin dí ina aimhréidh.
Ní thiocfadh le seabhac dul tríd na craobhacha
dlútha ar sgiathán agus is cinnte go raibh
fasgadh ins an dlúthas do na mion-éanacha.
Bhí ál de na finíní feoir againn agus bhíodar
ar bheag beann ar an seabhac. Chonnaiceas
go minic iad ar chrainnte in aice an fhaithche
agus chloisinn amannta iad gan radharc
d'fhághail ortha, bhídis chó socair faoi'n
duilleabhar.



TADHG Ó CEALLAIGH.



CAOINE CLOINNE CLEAS



Cad dhéanfaimíd feasta gan tighearna
Tá deire na nGall chum Fáin,
Ní'l trácht ar Sir Hamar bocht Greenwood
A's na Tans tá síad fann 'g an 'ar.
An áit úd n-a gchomhnuigheadh an Riaghaltas
Fé n-a mbrat gorm, dearg, a's bán
Ní'l le feiscint anois acht lucht dlighe ann
'S íad dílleachtaí an chlaon-Chaisleáin.



Nuair thagadh Síol Sheáin go dtí Éire
Ag sodar le sálaibh Ríogh
D'fhéachaidís le gráin ar Ghaedhlibh
Ag tochailt a's ag romhar 'sa díg.
Anois, 'síad na Gaedhil tá i réim ann
Ó Suilighe go Cóbh Corcaighe
A's gach Seóinín ag foghluim na Gaedhilge
Mar n-a h-eughmais gur dó bhus díth.



I mbliadhain a naoi gcéad déag a sé-déag
Nuair d' adhnadh go diair an gleó,
Do shíleadh acht leanmhaint de'n léir-scrios
Ná seasóchádh na fianna an fód.
Bhí breall ortha, — cionnus do ghéillfeadh
Aon duine d'fhuil Ghaedheal mhair beó;
Nó, cionnus do stríocfadh Clainn Éanna,
A's na Píarsaigh 'san aol d'á ndóghadh?



Anois bíd 'ghá chasadh le Gaedhlibh
An t-imreas n-a n-inntinn fós
A's gur cuma 'ca Poblacht nó Saor Stát
Ná beidh síth i n-aon tír is leó
Faire! Ní lá é chum aoradh
Na binibe i síol na leómhan;
Seo sláinte! ar chuir scaipeadh ar mhéith-phuic
Nár críonnaidh a gcroidhe go deó!



"CLOCH LABHRAIS."



AN BÁD GLUAISTEÁIN



Bíonn laetheanta saoire agam gach aon
bliadhan agus bhíos chun an coithcíos ar fad
do chaitheamh a' báidéireacht i bhfochair caraid
dhom i mbliadna. Ach ní mar a shíltear a
bhítear.



Tomás Mac Gearailt is ainm don fhear
san agus ba leis an bád. Tugtí an "Naos-
cach" mar ainm uirre sin. Nuair a conn-
aiceas-sa an cheud uair í bhí Tomás agus
beirt fhear eile tréis a bheith ag taisdil ó
áit go h-áit agus a bheith ag cur fútha innti
le breis a's seachtain.



Bhí Tomás ag an stáisiún im choinne agus
is ar éigin a dh'aithnigheas é. Buachaill cór-
uighthe deigh-gleusta ba dheadh é i gcomhnuidhe
nuair a bhíodh sé im' fhochair fadó. Ach bhí sé
gan hata an uair seo; a gruaig sgáinteach,
sean-gheansaí gioballach gorm air agus ba
dhóigh leat air go raibh aghaidh gan nighe aige
leis. Ní fheadar. Ach dá neamh-chruinneacht
an deallramh a bhí air ba sheacht measa an fear
a bhí 'na fhochair. Do chuir Tomás i n-iúl dom é.
Seán Bhilson do b'ainm agus ba shloinne do.
Bodach mór múiseamhail ba dheadh é, a raibh
preiceall air agus feuchaint dúr dúsmánta
aige. Tháinig Fuath agam dó ar an gceud
radharch, agus ba gairid gur thuigeas im' aigne
gur chabaire círeubach canncarach é.



B'fhearr liom abhfad dá mbéinn ann an
cheud lá nuair a cromadh ar an seilg. Béidir
go bhfuighinn cothrom na féinne uatha annsan.
Bhí an bád mór go leór, ach níor mhór do bhád
a bheith an-fhairsing chun slighe a ndaothchaint
a thabhairt do cheathrar fearaibh ná bíonn
taithighe ceart ag an urmhór acu ar chúrsaí
fairrge. Ach d'aimhdeoin san bhíos an-shásta
liom féin an oidhche bhreágh san agus sinne fé
ancaire fe sgáth na talmhan agus an fhairrge
chomh ciúin le tubán lamhnachta. Ná raibh
coithcíos romham gan dada le cuimhneamh air
ach caitheamh aimsire. Ní raibh obair an bháid
féin ag tabhairt aon trioblóide dhom mar ná
raibh aon phioch eolas agam ar bhaidéireacht
agus ní raibh aon chúram orm na thaobh. Bhíos
tréis béile maith bhidh d'ithe agus goile thar na
beartaibh agam chuige, go deimhin. Cheapas
go raibh boladh cumhra óm' thabac ná bíodh in
ao' chor air de gnáth, agus dubhras liom féin


L. 7


ná facha mé riamh aon radharc a thaithnigh liom
níos feárr ná dath gorm-chorchra na gcnoc
abhfad uainn, agus na tighthe beaga cluthmhara
bána annso a's annsúd ar an talamh, gach
aon cheann acu agus a iothlann agus a phaiste
buidhe arbhair 'na aice; agus tréis don grian
dul fé, nuair a bhí an clapsholus ann, d'fhanas
amúigh ar mo shuaimhneas ag feuchaint amach.
D'eulaigh gach aon rud óm' radharc in áit a
chéile go dtí ná raibh fiú an t-oileán lom ba
ghiorra dúinn ar an taobh thuaidh le feiscint.



Do thosnuig feoithne gaoite anoir adtuaidh
agus chuadhas isteach sa chabán, mar gur
bhraiteas go raibh nimh san aimsir. Is gairid
a sheasuigheann an samhradh ceart, dar ndóigh.
Cleibhíní a bhí againn mar leabthacha, ach dá
chumhangaighe an áit do fuaras mé féin do
shádh isteach sa pholl a bhí leagaighthe amach acu
dhom gan an iomarca chur isteach do deunamh ar
na fearaibh eile.



D'fhanas im' dhúiseacht tamall maith ag
éisteacht leis an uisge ag gogáil ar chliathán
an bháid. Cheapas ná tuitfinn dom chodladh
go deo, bhí Seán ag deunamh an oiread san
glóir, ag putharnghail agus ag srónartghail
ar nós muice. Ach d'éirigh liom sa deire.
Ní fheadar cad é an fhaid a bhíos ag diúdar-
nghail, ach is cuimhin liom gur phreabhas im'
shuidhe go h-obann agus dha chomhartha san féin
tá cnapóg ar mo cheann fós, do bhuaileas chomh
cruaidh san é ar chleibhí a bhí os mo cheann.
Cé chuimhneóch dar ndóigh go raibh sé 'na chodladh
in áit mar bhosga agus an slighe a bhí an sgeul.
Bhí an bád ag luasgadh agus ag iomalat go
huabhthasach. Do sgannraidh sé im bheatha mé,
ní misde liom é admháil anois. Bhí sé in am
marbh na hoidhce agus do thosnuigheas a bheith
ag útamáil mór thimpeall ag lorg bosca
cipíní soluis. Dá luighead í an áit is amhlaidh
is deacaire do lámh do leagaint ar an rud
agus an drae maiste a fuaireas. Bhí an
triúr eile 'na gcnap agus an bitheamhnach
gránnda ag srónartghail go bog breágh fós.
Ní máirneulach mise ach bhíos cinnte go raibh
rud éigint bun os cionn agus tháinig diosgáin
fiacal orm le neart sgannraidh. Bhí an t-allus
ag séideadh amach tríom. Ba léir go raibh
neartuighthe ar an ngaoth ach ní thuigeas dé chúis
a raibh an bád ag pocléimrigh mar a bhí sí agus
sinne fé ancaire i gcuan bheag chluthmhar mar
a cheapas. Ba ghairid an mhoill orm sunnc
sna h-aisnidheacha do thabhairt do Thomás.
Ba dhóigh liom go mbeadh sé ag guideóireacht
orm ach ní túisge a dh'oscail sé a shúile ná
gur thuig sé conus mar a bhí an sgeul againn
agus siúd leis amach as an gcábán gan oiread
is focal a labhairt liom.



Níor bhacas le Seán ach d'iompuigheas chun
Seumas do dhúiseacht. An triomhadh fear
Seumas. Ach má dhein do thug an bád fogha
obann agus do leagadh ar phlaosg mo dhroma
ar urlár an chábáin mé.



Do dhúisig an sgreuch do leigas asam an
bheirt. "'Dén diabhal atá ort anois?" arsa
Seán de ghuth uchtach ón leaba.



Ní raibh sé d'uain agam aon fhreagra do
thabhairt air mar d'airighmear Tomás ag
glaodhach ar Sheumas dul amach chuige.



Chuadhas amach na ndiaidh. Bhí Tomás ag
gabhailt don inneal ar a dhicheall ach dréir
deallraimh ní bhfuigheadh sé aon cheart do
bhaint de. D'fheuchas amach. Bhí breachadh an
lae ann fén am so ach níorbh fhéidir liom an
talamh d'fheiscint. Bhí tonntracha móra mor
thimpeall orainn ar gach aon taobh agus iad ag
buaileadh cliathánách ar an mbád.



Dubháirt Tomás liom in ainm na h-aimléise
slabhra an ancaire do sgaoileadh a thuille —
chomh fada as a raghadh sé.



Bhraitheas iompáil lith ag teacht orm féin.
Bhíos tinn. Ni raibh aon phioc eolais agam
ar chúrsaí báidéireachta. Ní raibh a fhios
agam conus a raghainn i gceann na hoibre so.
Is ar éigin a bhí a fhios agam cá raibh an ancaire
ach chuadhas go dtí tosach an bháid chomh maith
as a bhí ionnam é ach má chuadhas is a gcoinne
mo chos a righneas é. Níorbh mar mhagadh an
turas gairid sin a dhuine. Ní raibh a fhios
agam ón nóimeaint go dtí an uair caithin a
chaithfidhe isteach san uisge mé. Geallaimse
duit go raibh greim an fhir bháidte agam ar gach
aon rud daingean a fuaireas mo lámh do
leagaint air. Ach nuair a shroiseas an áit a
raibh slabhra an ancaire bfhearr liom míle
uair gan a bheith beo. Do theip orm an slabhra
do sgaoileadh le haon lámh amhain agus dá
dtabhairfinn fén obair leis an dá lámh bhí
deire liom chomh siúráltha as atá pus ar asal.



Bhios i gcás idir dhá chomhairle cad a dheun-
fainn. Bhíos ar bhior cheart. Ach ar ádmhar-
aidhe an domhan ní rabhas i bhfad i gcruaidh chás.
D'airigheas guth Tomáis gairid dom.



"Tá meas agat ar do cholann a mhic óigh"
arsa sé. Cheapas gurbh eudtrom aige a thriob-
lóidí, bhí sé ag caint chomh neamhshuimeamhail
san. Bhí an sgairt láidir riamh aige.



"Ní mé héin mé héin," arsa mise.



Pé teipeadh a bhain do leis an inneal, do


L. 8


rigne sé láimhseáil maith ar an ancaire agus
bhí gach aon troigh den tslabhra sgaoilte amach
aige i leath nóimeant.



"Den éifeacht é sin" arsa sé, ag cur
sgairt gáire as, "agus an t-uisge thar ceud
troigh ar doimhneacht san áit seo."



"Rud eile" arsa sé fén a fhiachlaibh,
"tá carraigeacha timpeall leath mhíle uainn
agus muran eireóch linn an t-inneall do chur
ag imtheacht go luath tá deire leis an "Naos-
cach" bocht. Is ar éigint a gheobhaidh an
ancaire greim ar aon rud anois.



"Nach cuma san," arsa mise liom féin,
"mar go mbádhfar í fé mbíonn am aice na
carraigeacha do shroisint in ao'chor." Do
chuimhnigheas ar conus mar a bheadh an sgeul
dá mbuailfimís na carraigheacha úd agus is
annsan do thuit an lug ar an lag orm amach
as amach.



Do chuir Tomás de go mear tréis do an
ancaire do sgaoileadh. Ach d'iompuigh sé
de druim a ghualainn agus arsa sé, "Cruinn-
igh tú féin agus ná cailleadh do cheann ort.
Siubhal leat."



Bhí an ceart aige. Bhí fallsaér ag eirighe
chugam, nidh nach iongnadh. Dréir as a bhí
an ghaoth in ár séidheadh amach ón dtalamh is
amhlaidh is mó a bhí an fhairrge ag dul i ngair-
bheacht.



Chuadhas siar. Ní raibh aoinne diomhaoin
ach mé fhéin. An preiceallacáin gránnda
féin bhí sé ag uainidheacht leis na fearaibh
eile d'iarraidh an t-inneall do chur ag imtheacht.
Bhiodar á chasadh in ainm a' diabhal ach do bheadh
sé chomh maith aca gan bacaint leis.



Ba thruagh leat mé a dhuine — An rabhais
riamh i mbád gan stiúr amúigh ar leathanach
mór uisge agus stoirm fiochmhar ag dul i
bhfiadhaintas gach aon nóimeant. Ní im sheasamh
a bhíos, deirimse leat, ach ag lámhancáin ar
mo dhá dhearnainn agus ar mo dhá ghlún. Nuair
a dhubhraigheas go ndeunfainn-se iarracht chun
an diabhal lámh-inneall úd do chasadh, sé an rud
adubhairt Seán gránnda ach ná raibh aon tabhairt
amach agam ar a leithéid d'obair. Bhíos tinn
agus fliuch báidhte go croiceann dar ndóigh,
agus urlacán folamh orm gach ré nóimeant
ach mar sin féin ba bhreágha liom a bheith á
chrochadh an uair sin.



Bhel chun breith gairid ar mo sgeul níor
dh'iompuig an bád mar a cheapas a dheunfadh,
ach do dhruid sí léithe in áit a chéile i dtreó
na gcarraigeacha úd. Bhiodar le feiscint
romhainn tréis tamall nuair a bhí solus an lae
ann agus na tonntracha á mbriseadh ortha agus
ag cáitheadh uisge tharsta. Ba dhóigh leat go
raibh an talamh fiche míle uainn, cé ná rabhamar
thar trí mhíle amach fós.



Bhios ag guidhe ar feadh na haimsire go
n-aistreoch an ghaoth agus go séidhfidhe sinn ó
chonntabhairt na gcarraigeacha, pé rud a
bhainfeadh dúinn na dhiaidh san. Ach do bhain
sé le deallramh ná fuighinn aon toradh ar mo
ghuidhe mar go rabhamar ag tabhairt agaidh
díreach ar an áit mí-ádhmharach úd.



Ní rabhamar ach ceud slat uaidh nuair a
bhuail sé isteach im aigne go ndeunfainn sé
iarracht ar an diabhal innill úd do chur ag
imtheacht.



"Fág an bealach," arsa mise go borb le
Seán Bhilson, agus rugas ar an rud. Ní
fheadar cad a righneas ach is cuimhin liom é a
radh: "Tosnuigheann sé sin sa cheann tuathall
den obair i gcomhnuidhe." Tháinig fearg orm
agus thugas casadh eile den rud le mo lán
neart. "Tá thiar ort an bobhta so," arsa
mise, agus ní túisge san ráidte agam ná gur
thosnuig an inneall de phreab. Dá mhéid é
mo dhonacht do bhaineas ana-shásamh as an slighe
d'fheuch an bodach gránnda orm agus é chomh
leamh de féin.



Do léim an captaon chun an stiúrtha agus
siúd linn roimh an ghaoth thar bhrághaid na
gcarraigeacha.



Ní raibh aon cainnt againn go dtí go rabha-
mar thar nais sa chuan. Bhíos féin chomh sásta
liom féin gur chuireas díom an tinneas, cé
go raibh an fhairrge an-gharbh agus an t-uisge
á cháthadh féin thar an mbád in aon steall amhain
ar feadh na haimsire. Geallaimse duit, a
dhuine, go rabhas ar sgeanna chun mo bhricfeasta
an mhaidin sin.



Bhí Seán an phreacaill ag bailiú doichill dom.
Thugas san fé ndear. Bhí sé ag cnámhseáil
agus ag deunamh tormais orm le linn agus
an bricfeast á ullámhú againn, agus ní haon
mhaolú a tháinig ar an ngruamacht aige nuair a
dhort sé an ciotal, agus é ag fiuchadh, ar a chos
noctuighthe.



Dubhairt sé gur mise ba chionntach.



"Bhí an tubaist ort agus a leithéid do
dheunamh," ar seisean.



Dubhras go séimh nár bhaineas leis an gciotal
agus thugas piosa blonoige dó le cimilt den
áit dóighte.



"Teir sa diabhal," ar seisean.
"Tá sé maith do dhaothcaint duit," arsa
mise annsan.


L. 9


"Dé chúis duit é chur ar faobhar an stove,
pé sgeul é," ar seisean.



"Ba dheacair é bhearradh indiu," arsa mise
le Tomás agus do tharraingmear adhbhar eile
cainnte anuas.



Ach ní bhfuighmís beirt gan a bheith in achrann
le na chéile an lá san.



"Bhí an rath orainn," arsa mise, "nuair
a thugas fén inneall an uair sin."



Do chuir Seán slinneán air féin. "Is beag
an mhaith an mhaith a mhaoitear" arsa sé.



Cúrsaí grinn ba eadh an clampar a bhí
eadrainn do Thomás águs do Sheumas agus
chonnaicigheas Tomás ag gáire 'na chliabh.



"Ní thugann an laoch so aon bhreis eólais
dúinn ar conus a dhein sé an gaisge," arsa
sé. "Riothann uisge doimhin go ciúin."



"Rithid" arsa Seán, "agus deunann uisgí
eudtroma árd fuaim leis."



Do leanamar mar sin ar feadh a bhfad.
Mar is gnáthach liom i gcomhnuidhe níor chuimhni-
gheas ar an bhfreagra cheart go dtí go raibh an
ocáid imthighte. Ní duine deis-bheulach mise,
foiríor. Ní maith liom daoine a bheith ag
magadh fúm ar slighe éigint.



"Nach bog is dóigh libh atá mo croiceann
orm," arsa mise sa deire. "Ag dul an-
áirde ar mo dhrom atá sibh. Is mithid dúinn
an cábán do léiriú," agus d'imthigheas liom.



An lá 'na dhiaid san d'fhágamar an cuan.
Lá trosgaidhe ba eadh an lá ceudna agus is
beag lón a bhí ar bórd againn. Nuair is gann
é an biadh sé an diabhal é roinnt agus ní gádh
dhom a rádh gur thuit mé féin agus Seán Bhilson
amach mar gheall ar an gceist sin chomh maith
le gach rud eile. Do chuireamar dínn chomh
mear is bhí sa "Naoscach" go dtí caladhphort
beag áirighte. Cuaidh gach aoinne i dtír fé
dhéin lóin ach mé féin amháin.



Fuaireas féin páipeur an lae roimhe sin
agus d'fhanas á léigheamh ar feadh sgaithimh.
Do léigheas gach pioc de agus ní rabhadar tréis
teacht thar nais. Ní raibh dada le deunamh
agam agus do bhris ar m'fhoidne sa deire thiar
thall. Ní fheadar cad é an mí-ádh a bhí orm
gur bhaineas leis an diabhal innill arís. Is
mó rud a dheunann an diomhaointeas, dar
ndóigh. Cheapas gur bhreágh an rud é, pé sgeul
é, feuchaint an bhfuighinn é dho chur ag imtheacht
mé féin. Ná bíonn an luch ag rinnce i gcomh-
nuidhe nuair a bhionn an cat amuigh. D'éirig
liom chomh maith gur chuireas ag imtheacht é den
chéud iarracht.



"Ní dheunfadh sé aon diobháil," arsa mise
liom féin annsan, "triall do bhaint asam
féin agus turus beag do thabhairt thimpeall
an chuan aon uair amháin."



Do sgaoileas an teud, do chuireas an
t-inneall i gcóir agus do rugas ar an stiúr.



"Dá bhfeicheoch an geochach mór úd mé
anois," arsa mise, "do bheadh a mhalairt de
phort le seinnt aige." Cuadhas mór thimpeall
an chuan agus leigint mór fúm. Do dhírigheas
an bád ar an gcé. Chonnaiceas an triúr
'na seasamh air ag faire orm. D'éirig mo
chroidhe le neart bróid.



Bhel ní bhíonn treun buan. Pé bharrathuisle
a bhain dom do theip orm an t-inneall do
stadadh agus siúd liom isteach i gcoinne an ché
fé lán tseól. Do brughadh tosach an
"Naoscaigh" isteach agus is gairid go raibh
sí féin agus a raibh innti 'ge tonn poill.



Ar mo bhás ní raghainn ar laetheanta saoire
i mbád gluaisteáin arís an fhaid as a mhairfidh
mé agus maidir leis an smugaire úd Seán
Bhilson tá súil le Dia agam ná feiceó mé go
bráth arís é.



AN CHÚ MHALL.



DEUNANN



SCOTT AGUS A CHOMH., TEÓ.



Ráin, Sluasaid, Grafáin, Piocóid, Héatair,
agus rl.



I MÓIN-ÁRD I gCO. CORCAIGHE.



Oifig: Sráid Mhic Curtain i gCorcaigh.



THE MONUMENT CREAMERY



AN T-IM UACHTARLAINN IS FEÁRR.



Deunta d'uachtar glán, úr, pasturálta: Milis, blasta,
is úr i gcomhnuidhe.



Tagann uibhe toghta muinighneacha isteach chughainn
gach aon lá.



SRÁID PHÁRNEILL, 75, AGUS PORT CAOIMHGHIN
ÍOCH., 25, BAILE ÁTHA CLIATH.


L. 10


AN IMRICHE



Is maith le Gaedhealaibh bheith amuigh faoi
an spéir, agus áilleacht na g-cnoc, na loch,
agus na machairí a bhreathnughadh, agus sin
cáilidheacht a bhain riamh le n-a g-cine. Nuair
nach bhfuarthas de mheas ar áilleacht sléibhte
agus carraigeacha i litridheacht an Bhéarla
acht áiteacha inseachanta nár bh'fhiú le file
nó le saoi trácht orra, bhí filidheacht na
n-Gaedheal líonta le cur síos binn-bhriathrach
ar áilleacht loch is sléibhe.



Atáid ann adeir gur ó linn na sealgair-
eachta a fuair Gaedhil an dúil seo i
n-áilleacht tíre, ach ní dóigh liom gur gádh
dhúinn dul chomh fada siar. Tá fhios ag
gach Gaedheal gur ghnáthach do'n Fhéinn bheith
i dturtaoibh a seilge ó Bhealtaine go Samhain,
agus tá fhios againn freis go mbudh ghnádh
le muinntir na ngleann a g-cuid beithidheach
a tabhairt suas go dtí na h-áiteachaibh féar-
mhara ar bharr na g-cnoc le linn an t-samhraidh
agus fanacht annsin leó go h-aimsir bainte
fhoghmhair.



Do lean Gaedhil na h-Alban do'n nós seo
riamh anall, go dtí an lá indiú, agus seo,
cúntas faoi mar a ghníthear an "Imriche,"
is é sin, an "Imirche," mar a thugtar ar
an atharughadh comhnuidhthe agus maireachtála
seo.



Maidin bhreágh ghrianmhar i Mí Mheitheamh
atá ann. Tá gach uile dhuine gleithearánach
sa "chlachan," na mná agus na páistí chomh
maith le cách, gach éinneach 'na shuidhe le
giolcadh an ghealbhain, mar is í seo Maidin
na h-Imriche is tá h-uile shórt le déanamh
agus le cur i dtreó i g-coinne an turuis.
Cruinnigheann gach líon-tighe a g-cuid eallaigh,
capaill, ba, agus caoirigh, agus gabhair má
tá siad aca. Cruinnigheann na mná na
h-éadaigh leabhta, min, gléas cócaireachta
agus gléas déanta ime agus cáise, agus
ghníthear bearta dhíobh le n-a n-iomchar go
dtí an baile samhraidh. Nuair atá a h-uile
rud i g-cóir, gluaistear chun siubhail,



Tiomáintear an stoc i dtosach, na caoirigh
i bhfíor-thosach, an t-eallach óg 'na ndiaidh,
agus na ba agus na capaill ghá leanamhaint.
Siubhlann na fir taobh thiar díobhtha agus iad
ag iomchar ualaigh mhóir de mhaidíbh, de
shúgánaibh, de spáidíbh, agus de gach gléas
eile bhéas a dhíth orra chun deis a chur ar
na "sgitheil" nó bothánaibh. Bíonn ualach
ar na mnáibh freisin. Iomchrann siadsan
na h-éadaigh leabtha agus gach gléas eile i
g-cóir tigeabhais. Bíonn a sgiortaí
triopáilte suas faoi an "crios feile,"
crios leathair ceangailte thart fá na g-cum,
ar chaoi gur éasgaidhede shiubhlas siad thar
"mónaidhean" agus sléibhtibh. Tá gasúir
agus girrseacha ann, iad cos-nochtuighthe ceann
nochtuighthe ag rith siar is aniar ag féachaint
leis an mbuar a choinneáilt le chéile agus
madraidhe ag cuidiughadh leó, gach re móiméad
ag rith i mbarr na bhfásgaí i ndiaidh beithidhigh
cheanndána ar bhuail fonn fillte do'n bhotheach
uirthe. Gleó agus tormán; glaodhach na
bhfear, géimneach bó, méidhleach caorach agus
glafairt na madraidhe 'gh-á g-coimhmeasgadh
ar chor is go g-cuirfeadh sé allaoidhir ar
dhuine.



Na fir ag tabhairt órduighthe, nó ag tabhairt
íde na muc agus na madraidhe do dhuine
eicint, na gasúir ag glaodhach agus ag
gáiridhe. Na mná agus na dealgáin ar
oibriughadh acú, ag amhrán agus ag caidreáil
le n-a chéile. Siubhal chomh h-éasgaidh saor-
chéimneach agus go sílfeá nach rabh ualach
ar bith orra, agus os cionn an mhéid seo
uilig, géimniughadh na mbó, sitreach na
g-capall, méidhleach na g-caorach agus meig-
eallach na ngabhar.



Gach duine a chastar orra, beannuigheann
sé do'n "Triall," ag guidhe ádha agus
amhantair dhó, agus lá maith imriche, ag cur
fear agus beithidheach faoi choimirce "Moire
agus Brighde nam basan míne," má's Cait-
liceach é, agus 'á g-cur faoi choimirce "Fir
Choimhead Isreal" má's Protustúnach é, sul
a leanfas sé dá bhóthar.



Nuair baintear amach an "áirigh" nó
buaile, leagtar na h-uallaigh agus toisighthear
ar chaoi a chur ar na sgitheil, taobh istigh is
taobh amuigh, cuirtear síos teinte agus
trialltar biadh. Tiomáintear an stoc,
stoc gach duine fá leith, isteach sa ghabhna,
agus an "constabal" agus fear eile gh-á
g-comhaireamh le bheith cinnte nach bhfuil ag
éinne ach a "shumachadh" ceart féin. Tar
éis sin, cuirtear an stoc ar féarach.



Iar g-cur a g-cuid beithidheach i g-ceart
dóibh, agus deis agus caoi curtha ar na
sgitheil, téidhtear i g-cionn "Féisd na
h-Imriche" nó "Féisd na h-Airighe." I
g-cóir an fhéasta seo bíonn "mulachag"


L. 11


cáise ag gach mnaoi tighe ullmhuighthe giollach-
taidhe roimh ré ó sochar na bliadhna roimhe.
Roinntear an "mhulachag" ar comharsanaibh
agus ar cháirdibh, agus guidheann na daoine
go n-éirighidh an t-ádh leó féin agus le n-a
g-cuid eallaigh;



"Laoigh bailghionn boireann ar gach fireach
Piseach crodh na h-airighe."



Annsin ghníthear guidhe. Baintear bóinneid
de gach ceann, agus feactar gach glún le
linn do na daoinibh á g-cur féin agus a
g-cuid beithidheach faoi choimirce "Fir
Coimhead Isreal."



"Féach air Fear Coimhead Isreal,
Cadal chá'n aom nó suan."



Má's Caitilicigh iad muinntir na h-airighe,
cantar na ranntaí seo.



BEANNACHD BUACHAILLEACHD.



Cuiream-sa an spréidh seo romham
Mar a dh'ordaich Righ an domhain
Muire 'g an gleidheadh, 'g an feitheamh, 'g
an coimhead
Air bheinn, air ghleann, air chomhnárd.



Eirich a bhríde mhin-gheal,
Glac-sa do chír agus d'fhalt;
O rinn thú dhoibh eólas gan ór
'G an cumail o chall 's o lochd,
'G an cumail o chall 's o lochd.



O chreag, o chabhan, o allt
O chara cam, o mhille-sluic
O shaighdibh nam ban seanga sidhe
O chridhe mhíorún, o shúil an uilc
O chridhe mhíorún, o shúil an uilc.



A Mhuire Mháthair, cuallaich-s' an t-ál gu léir!
A Bhríde nam basan-mine, díon-sa mo spréidh!
A Chaluim Caoimh, a Naoimh is fearr buadh,
Comaraich-sa cródh an áil, báirig am buar,
Comaraich-sa cródh an áil, báirig am buar.



O mo Bhaintighearna, O mo Mháthair, cuimhnich
gur leat féin mí.
'Gléidh mí, teasraig mí, mar do chuid 's do
sheilbh féin.



Fantar thuas ar na sléibhte ar feadh dhá
mhí nó breis, agus annsin filltear abhaile
chun an foghmhar a bhaint. Thaithnigheann an
saoghal folláin seo leis na daoinibh, agus
is minic castar an focal "airighe" 'sna
h-amhránaibh Albannacha ag cur i g-céill méid
a dtaithnimh do an saoghal ádhmhar pléisiúrtha
seo a bhíos acú thuas ar na sléibhtibh. Gan
aon agó, mhúsgail nó choinnigh an saoghal
seo na h-airighe grádh d'áilleacht na tíre
i g-croidhthibh na nGaedheal, agus d'fhág sé a
rian go soilléir ar litridheacht agus cáilidh-
eacht an chinnidh ar dhá thaoibh Srotha na Maoile.
Pictiúir de'n tsean-saoghal atá i gcúntas
seo na h-Imriche, pictiúir a bhí le feiceáil
gach bliadhain ar feadh na g-céadtaí, agus
b'fhéidir na mílte, bliadhain ó tháinig na
Gaedhil go dtí na h-oileánaibh seo do'n
chéad-uair anuas go dtí an lá indiú, agus
b'fhearrde an cine agus a litridheacht an nós
céadna.



TOMÁS MAC NEACAILL



ÚSÁID
GRANIA
TOOTH
PASTE
AR SON t'FHIACLA



ÚSÁID
GIBSOL
OINTMENT
AR SON DO
CHROICINN



Fior-dheuntús na h-Éireann iseadh iad so. Táid le fághail
ósna drugadóirí ar fúd na tíre ar 1/3 gach ceann nó go
díreach (saor tríd an bpost) ó Gibsol, Teo., Lána an
Chláir, Áth Cliath. Deuntar íce le h-aghaidh beithidhigh ann leis.


L. 12


AN BÓTHAR IARAINN



An bhfeicean tú an bóthar iarainn sin tá
ag rioth ó dheas trí Bhaile Uí Churraín agus
as san siar go Beul Abha? Nuair a bhíodhadh
ag bualadh na h-áite sin fadó ní raibh aon
eachtra acht a raibh de fhearaibh ag obair
ann. Bhí faillte le gearra acú, agus
curraichithe le líonadh agus le tiormughadh
acú, agus sléibhte le réubadh acú.



D'imthigheadh traein mhor lán de charéistí
ó Bhaile na nGall le lucht na hoibre gach aon
mhaidean, agus fhágadh sí cuid acú anso
agus cuid acú ansud in gach aon cheud slat
den mbóthar a bhíodh buailte agus leagaighthe
acú. Deireadh na sean daoine ná bheadh
deiridh leis an obair go deo; deireadh cuidh
eile acú ná fuighfí deiridh chuir léi, go raibh
sí ró-mhillteach ró-iomadamhail agus ná
seasóchadh an t-airgead. Is mó saghas mach
seó a ghaibh an t-slighe le linn na h-aimsire
sin; cuid acú a oibrígheadh go dian
dícheallach agus do bhualadh go tig an ósta
istoidhche Dia Satharainn chum an rud a
thuillidís le h-allus a gcnámh a thaosgad agus
a dhiúgadh siar ina scóirneacha, agus chum
cleithí agus hataí a chuir ar lucht díolta an
óil; cuid eile acú a bhíodh go greamas-
tamhail agus go baileach thimcheall ar an
airgead agus ná raghadh ingoire tighe an óil
dá bhfuighdís gan dada é.



Ós ag trácht ar an ól é, maithte is daor
an eudáil bualadh isteach go dtí ceann des
na tigthibh sin anois, agus gach aon fheuchaint
tabharfadh tú ar bhean an óil díolfadh tú
naoi bhpiginne as, acht táim ag rioth trím
sceul, ise crích mo sgéil duit é gor chuireadh
deiridh leis an mbóthar iarainn de aimhdheoin
a ndúbhairt gach sean-duine ar fuaid na
h-áite.



Ní bhíodh na litreacha ag teacht ó Beul Abha
go Baile na nGall ró maith in uair sin. Is
minic a bhídis ar fán toisg gan aon chóir
iomchuir ar foghnamh bheith ann agus bhíodh na
siopadóirí mora a bhí ingach baile acú ag
gearán go dian; bhídís á rádh go mbhíodh
a ngnó ar fán agus ar faidhlian, agus go
mbíodh an-chuid airgid 'a chailleamhaint gach
aon bhliadain acú nuair ná fuighdis órduighthe
galamhnaigh, agus plúir agus mine ón a chéile
in am.



Shocruig muintir Bheul Abha ar theacht go
dtí Meura Bhaile na nGall ar thoscaireacht
feuchaint an gcuirfeadh sé cara fé leith ar
an traein le h-aghaidh na leitreacha. Dubhairt
an Meura go gcaithfeadh sé sceul do chuir
go dtí an riaghaltas mar ná fuigheadh sé
ceist mhór mar sin do shocrughadh de aon
iarracht amháin. Chuaidh muintir Beul Aba
abhaile mí-shásta go leor, acht dála gach aon
rud mór mar sin caithtear fuireach le aimsir
i gcomhnuidhe.



Bhíodh an-bhualadh traeneacha ag teacht ón
nGearrán Bán go dtí Baile na nGall an
uair sin, agus ba é rud do bhí socair acú
ná Baile na nGall do cheangal le Corcaig,
agus ba é sin fáth an bhóthair iarainn ó dheas
cois na farraige.



Nuair a bhí gach aon rud i gcóir ansan agus
traein na n-earraidhe thimcheall seachtmhain
ag rioth, tháinig an toisceaireacht ó Bheul
Abha go dtí an Meura arís. Chuir an Meura
ar gcúl an sgeul ar feadh cúpla lá go
dtiocfadh teachtaire an Riaghaltais ó Bhun
Machan. Nuair a fuair an mhuintir theas
an méid sin riain bhí a thuille uatha, agus
dubharadar leis an teachtaire ná raibh aon
mhaith i gcara ná i gcúpla ceann, go gcaithfaí
traein do rioth ann díreach mar bhí sé ingach
aon ait eile — traein a thabharfadh daoine
agus litreacha léi i bhfochair a chéile: go
rabhadar fhéin cortha dhen bhfuireach seo, agus
ná fainidís ní ba shia. Labhair Liam Léin
agus dubhairt sé go mbeadh traein cheart
go beul Abha no fios dé chúis é. Labhair
fhear agus fear eile, agus bhíodar go
bagarthach agus go strollusach. Tháinig sgáth
ag an teachtaire rompa, agus gheall sé
sceula chuir chúcha i gcionn cúpla lá.



Tháinig an sceula agus bhí árd-athas ar
mhuintir na h-áite go léir ó Bhaile na nGall
go Beul Abha. Bheadh cead ag gach aon
t-sean-bhean dul ag feuchaint a duine
muinteardha agus gan morán do chailleamhaint
leis. Bhí sean-mhná pósta ó dheas chum Mion
Árd ná fuair caoi ar theacht abhaile go Baile
na nGall ón lá a imthighdear as dá fhichead
bliadhan ó choin. "Ó a ghrádh ghil" adeireadh
ceann acu "gheobhaimíd dul síos go dtí
an sean-áit go minic anois." "Nach mor
an tabhartas ó Dhia a leithéid sin de chóir
iompchuir do bhronnadh ar na daoine bochta."
cht chuireadh deiridh leis na turais go léir
o aon iarracht amháin. Tháinig an dara
ceula ón Riaghaltas á rádh gor dhein an


L. 13


teachtaire chuireadar go Baile na nGall
dearmhad, agus ná fuighdís traein mhear
mar sin do rioth ó dheas fós, mar ná
díolfadh sé iad a léithéid bheith ar an mbóthar
fós acú; ná raibh go leor daoine thimcheall
na h-áite cúm a leithéid do choimeád ar
siubhal agus gó gcaithfaí béith sásta le
traein an phlúir, agus na mine, agus na
seafaidí go ceann tamaill eile.



Le linn na h-uaire sin bhíodh Séimin Léun
ina fhear teine ar cheann des na traeineacha
beathaoidheach a thagadh go Baile na nGall ó
Bhun Machan aniar trí Gort na Daimhche.
Chuaidh Séimín comh minic agus bhí méir air
go dtí an maighistir á iarradh air é chuir ar
thraen éigin mear, go raibh sé cortha, cráidhte,
suaidhte, sáruighthe ag sean-charaí righne, agus
go raibh a chluasa bodhar ó bheith ag éisteacht
le géimeana bó agus le siotharna chapall.



Ní aon t-sásamh ar domhan a bhíodh le
fághail ag Séimín. "Á Shéimin" adeireadh
sé, "is minic a bhí an sgeul ní ba mheasa
agat-se, agus tá fearaibh i bhfad níos fearr
ná tu síos go dtí a n-iosgaidí i gcurrachaibh
mona, agus gan aon fhághail acú ar eirighe
as an mí-ádh go bráth."



Lean an sgeul mar sin ar feadh i bhfad;
traenacha ag imtheacht agus traenacha ag
teacht; cuid acú mall agus cuid acú mear;
daoine ag cainnt go h-árd ar chuid acú,
agus daoine eile agus gan focal asta acht
mar a chéile agus dá mbeidís gan aon
teanga. Ba mhór le rádh é Baile na nGall
an lá san, agus is beag le rádh indiu é, acht
sin é dála an t-saoghail, síos seal agus
suas seal.



Tháinig sceula ón Riaghaltas ceann des na
laetheanta san gor rabhadar sásta ar thraein
mhear do rioth go Bheul Abha dá bhfuighfí an
t-slighe do rioth i dachfhiceadh noimeant, chum
ná bheadh aon mhoill ar an bpost i mBhaile
na nGall. Eachtra an t-áthas tháinig ar
mhuintir Beul Abha. Dubharadar go mbeadh
an áit ina chathair i gcionn beagán aimsire
agus ná beadh aon teora len a mbeadh de
dhaoinibh ag teacht fé sháile ann i gcaitheamh
an tSamhraidh. Is amhladh mar a bhí an sgeul
ag an Riaghaltas, bhíodar cráidte ciapuighthe
ag teachtairí ó Bheul Abha ag dul ag triall
orra, agus chaitheadh cúpla cléireach do
fhághail chumh litreacha Beul Abha do léigheamh
agus do fhreagairt. Is beag ná raibh an
méid cléirig agus maighistirí bhí insan oifig
imthighthe ina ngeilteana, agus cheapadar an
sgeul san ar ghrádh an t-suaimhnis. An lá
bhíodhadh chum iarracht tastala bhaint as an
traein bhí an dhúthaigh go léir bailighthe ag
Bheul Abha. Dheineadar lá saoire ceart
de. Dar ndóigh níorabh iongadh é, agus ainm
agus clú a mbaile ag braith ar an dafhicead
noimeant san. "Tá coinne againn, a
deiridís, go mbeidh fear maith misneamhail á
tiomáint a bainfidh siubhal aiste."



An t-iománaidhe a bhí chum í thiomáint
bhuail sé isteach idtigh mór na dtreaneacha i
mBaile na nGall ar maidin thimcheall a
h-ocht a chlog, D'fheuc sé thimcheall ar lucht
na teine go léir. Chomh luath agus leag sé
a shúil ar Shéimín Léun dúbhairt sé leis
teacht ina fhochair agus theine chuir síos in
ineall a seacht a fiche. "Maithte" arsa
Séimín "is deas an ball í, agus muna
ndeunfaimíd an gnó beidh shiar ar muintir
Beul Abha." "Nach cuma mar gheall orra"
arsan tiomhánaidhe, "acht deunfamíd ár
ndícheall pé sgeul é agus nuair a gheobhamíd
bás beidhfear ag trácht orrainn go bráth
na breithe mar ní thiocfaidh aoinne i nár
ndiaidh go bráth a riothfaidh in dachficead
nóimeant é."



Nuair a bhí gach aon rud i gcóir bhog an
t-inneal léi amach agus na litreacha istig i
mbosca an ghárda. Ag dul ó dheas Cill
an Fhuartainn dí bhí sí ag imtheacht chomh mear
leis an ngaoth Mhárta. "Coimeád an teine
léi" arsan tiománaidhe "acht ar do cheann
tar aireachas ná deunfá an iomarca agus
sinn do chuir san spéir." "Teine" arsa
Séimín, agus croth sé a cheann. Ní raibh
ar an uair sin acht sgaitháinín beag a bhfeicfeá
tú féin tríthe, agus gach aon bhraon allus
leis chomh mór le chlocha do phaidrín. Ag
dul ó dheas Ráth na Miníneach dóibh ní raibh
aon leus radhairce fuireach aca bhí sí ag
imteacht chomh mear san. "Bás no beatha"
arsa Séimín. "Bás no beatha" arsan
tiománaidhe. Ag dul thimcheall de chor an
ghleanna tá i mBaile Uí Curraoin pé túplais
a bhain dóibh d'imthig an t-inneall den mbóthar
agus ba seo léi síos go h-íochtar an ghleanna.
Ba thoil le Dia nár mharbhuigheadh aoinne, acht
briseadh cois an tíomanaidhe agus nuair a
fuair sé é féin do réidteach ar chuma éigin
shín sé siar ar phort an t-sruthainín atá ag
rioth síos an gleann.



D'eirigh Séimín agus d'fheuch sé thimceall
ar féin. Bhí sean-traein Gairbhéil ina
stadh suas uaidh agus go leor fear á leathadh.


L. 14


"Isteach leis na litreacha seo" arsa
Séimín. Chuireadh isteach i sean-inneal an
gairbhéil iad agus cheangladh sean-chara an gharda
'na diaidh. "Isteach" arsa Séimín leis an
bhfear teine bhí ag gabhail le sean-thraein
an Ghairbhéil. Bhí sé sin ag liodarna
agus nuair a fheuc Séimín an tara h-uair
ar chuaidh sé ag gabhail don teine gan
a thuille moille. Níl aon t-seanchus ag
aoinne ná feacaidh ag dul ó dheas iad;
Séimín ag tiomáint agus an fear eile ag
chuir síos ná teine. Bhuaileadar isteach go
Beul Abha deich noimintí déidhneach agus an
traein trí theine. Siad lucht an Riaghaltais
a bhí go leamh díobh féin agus de Shéimín,
mar ní raibh aon fhághail acú dul ón a
ngeallmhaint. Dheineadh Tiománaidhe traenach
mear de Shéimín, agus ó choin riamh tá sé
d'iarradh dul tar-ais go dtí traein na
mbeathaoidheach.



MÍCHEÁL Ó CINNFHAOLAIDH.



SÍOTHCHÁIN!



"Síothcháin sa tsaoghal; deagh-thoil 'dir
dhaoin""
Soisceul sár-bhinn an Aingil tráth
Do tháinig Íosa 'nuas ag triall chughainn,
'Na leinbh bhig le sinn a shábháil.



Ní féidir luadh i bprós nó i laoí
Beannachta is brígh na fíor-shíothchán";
'Sní thuigfidh choidhche acht fear chuaidh tríd
Uathbhás is pianta pháirc an áir.



Is mór an scrios do stát nó tír
An dearg-dhiabhal, an cogadh crádha;
Cé mheasfadh riamh an méad drabhfhuigheall
De pheacadh is pian a thig 'na dheáidh.



Marbhú na mílte, leónadh liacht",
Scrios is sceimhle tríd an dtuaith;
Loscadh tighthe, creachadh tír' ghil",
Milleadh is díbeart dian déantús.



Is fíor gur gádh an troid corr-thráth,
Chun riaghail tíoránta chur fé ruaig,
Ach ní foláir do thír géar-ghádh,
Sul cuirtear bás is bascadh ar siubhal.



Guidhimís go léir síor-shíoth is séan
Ar inis iath-ghlais Éireann áin,
Gan coimheascar Gaol, easaontas éad,
Na tíre a' réabadh ó bhun go bárr.



— SEÁN MAC GIOLLA BHUIDHE.



NA hOIDÍ SCOILE AGUS
AN GHAEDHEALG



Is mór an t-adhbhar misnigh agus dóchais
don dream atá ag gabháilt d'obair na Gaedhilge
le deich mbliadna fichead anuas an cúram
so atá lucht oideachais na tíre ag cur 'sa
nGaedhilg fé láthair. Na hoidí a chuir suim
'sa nGaedhilg nuair nárbh' ghábhadh dhóibh é agus
nuair ná raibh mórán measa ag lucht oideachais
uirre sin iad na hoidí a gheobhaidh breith bog
ar an sceul anois. Bhíodar sin roimh-ré leis
an obair agus gheobhaidh siad an Ghaedhealg
a shaothrughadh ar a mbog-shuaimhneas anois.
Is minic a bhítí ag magadh fútha sin mar gheall
ar an duadh a bhídís ag cur orra féin ag lorg
na Gaedhilge. Chaitheadar a gcuid airgid
agus a laetheanta saoire d'iarradh í bhailiughadh
leo. Bhí grádh agus meas aca sin ar an
nGaedhilg. Cúiteofar a saothar anois leo
mar go bhfuil an talamh réidhtighthe, mínighthe
aca dhóibh féin. Tá an romhar agus an grafadh
roimh an chuid eile agus bainfear allus as
chuid aca. Chonách orra é; shíleadar na
fáiscfí an ghreim go bráth orra.



'Sí an Ghaedhealg teanga agus úrlabhra na
tíre seo. Tá an méid sin ann fé órdughadh
agus le reacht Dála. Is mairg ná fuil an
sceul in a deimhin againn má is eadh, acht beidh
lá éigin le congnamh Dé. Tá lucht ceannais an
Oideachas Náisiúnta ag deunamh a ndíchill
báis agus beatha í fhrithealadh do na hoidí
scoile atá fé n-a gcúram. Deirtear gur
chaitheadar isteach a's amach le ceud míle
púnt ar Cúrsaí Gaedhilge do oidí scoile an
samhradh so agus an oiread ceudna anuraidh.
Agus b'fhéidir go gcaithfí an oiread ceudna
ar an obair an bhliadhain seo cugainn agus an
bhliadhain 'n-a diaidh. Is maith é sin agus
níor cheart go mbeadh aon leith-sceul ag aon
oide gan a dhícheall a dheunamh chum a chomhthrom
féin den obair a thuitim leis.



Níorbh' mhór an obair seo a leagaint amach
'sa tslighe ná beadh aon chailleamhaint airgid
ná chailleamhaint aimsire 'sa sgeul. Is mór
an creach agus an díombádh ná socruigheann
na hoidí seo eatorra féin nuair a thagann
siad i dteannta a chéile mar seo 'sa samhradh
gan acht Gaedhealg a labhairt. Tá a fhios ag
an saoghal, dar ndóig, gur fearr agus gur
tairbhthighe taithighe na cainte ná pé méid


L. 15


eolais a gheobhthaí ar leabhartha. Muintir na
hÉireann a chuir ag labhairt na Gaedhilge an
cheud ní ná a chéile atá. Is fearr é sin fé
láthair ná aon léigheann ná oideachas eile.
Caithfimíd deimhin a deunamh den sceul gurbh'
í an Ghaedhealg teanga na tíre seo. Is mó
tairbhe a bhainfí as a bheith ag labhairt na
Gaedhilge ar feadh mí ná a bhainfí as a bheith ag
léigheamh "Trí Bhior-Ghaoithe an Bháis" ar
feadh bliadna. Táimíd caoch ag léigheann
agus ag leabhartha.



Is mór an náire do daoine a bheith ag dul
go Bheul átha an Ghaorthaigh, nó go dtí an
Daingean, nó go Cill Chaoi ag foghluim Gaedhilge
agus ná labharfadh focal dí len-a chéile leath-
is-muigh d'fhallaí na scoile. 'Seadh agus dá
mb'iad na hollamhain féin é Beurla a labhrann
siad leis na scoláirí. Ní bheadh aon mhuingin
agam asta so go gcuirfidís páistí scoile
a bheadh fé n-a gcúram go deo ag labhairt na
Gaedhilge. Caithfidh lucht ceannas na gCol-
áistí an riaghal a chuir ibhfeidhim .i. An Ghaedh-
ealg a labhairt go coitchionnta ar feadh an
chúrsa? Dé mhaith Coláiste Gaedhealach a
thabhairt air má 'sé an Beurla is mó a labhartar
timcheall air. Tá a fhios agam go raibh mórán
oidí breun díobh féin i mbliadna i ndeireadh
an chúrsa nuair nár dheineadar taithighe de
labhairt na Gaedhilge ó thosach. Níor thug
ollamhain agus lucht ceannas na gColáistí
aon chongnamh ceart dóibh chuige. Ba cheart
go ndíbireofaí an duine a bheadh ag stealladh
an Bheurla in a leithéid d'áit.



Cáithfear a dheunamh mar a dhéineann na
Mic-Léighinn i Maigh Nuadhat .i. gasraí beaga
a dheunamh dhíobh féin nuair a bhíonn siad ag
áibhéireacht agus ag siubhal thimcheall an bháin
agus gan aon teanga acht an Ghaedhealg a
bheith ar siubhal aca. Téidheann beirt a mbionn
an Ghaedhealg chuibheasach maith aca i bhfochair
beirt nó triúr eile a mbíonn sí lag aca chum
an congnamh a thabhairt dá chéile. Mar a
ndeunfaidh na hoidí é seo beidh thiar orra.
Conus a thabharfaidh siad taithighe dos na
leanbhaí ar í labhairt mar an gcleachtaid féin
an chaint. Tá Coláiste na Rinne ar an
gcoláiste is fearr dá rabhas-sa ionnta i
dtaobh taithighe na cainte. Bítear an-gheur
ar fad ar aoinne airightear ag labhairt aon
fhocal beurla. Bíonn na mic-léighinn go léir
ag cur fútha 'sa gColáiste agus mar sin
coimeádtar ag labhairt na Gaedhilge iad.
Tá a rian air baintear an-thairbhe as an
gCúrsa ann agus téidheann gach aoinne abhaile
sásta go mbíonn bogadh maith cainte aca.
Braitheann siad cruaidh i dtosach é acht i
gcionn seachtmhaine bíonn siad an-shásta leo
féin. Is grána an rud agus is mí-dheall-
ramhthamhail — d'aon ollamh i gColáiste Gaedhilge
a bhéith ag labhairt Beurla leis na mic-léighinn
leath istigh nó leath ismuigh d'obair na scoile.
Caithfear an dáiríreacht cheart a chur 'sa
sceul. Níorbh' mhór an dáiríreacht cheudna a
chuir san obair i ngach aon ionad a mbíonn
na múinteoirí mar seo bailighthe i dteannta
a chéile ag Cúrsaí Gaedhilge, acht coir an-throm
is eadh a bheith ag labhairt Beulra timcheall
Coláiste Gaedhealach. Acht is beag de na
Coláistí atá 'sa bhfíor-gaedhealtacht anois
agus breug is eadh a bheith ag tabhairt Coláistí
Gaedhealacha orra.



Tá rud eile narbh' mhór a thabhairt fé ndeara
ag tagairt don sceul so. Feuch ar cholaistí
oilleamhna na múinteoirí scoile. Tá na hoidí
óga ag teacht amach asta sin agus iad chomh
dall ar an nGaedhilg gus a bhí aon dream riamh
díobh a tháinig amach asta. Ní fhuil lucht
ceannas na gColáistí sin ag deunamh an
fritheáladh ceart i dtaobh na gaedhilge. Badh
cheart go mbeadh ollamhain na gColáistí sin
chomh-maith in iúil ar gach adhbhar léighinn agus
oideachais a mhúineadh tre ghaedhilg gus atá
siad 'sa mbeurla 'sa tslighe go mbeadh gach
aon oide scoile a chuirfidís den a láimh in
iúil ar an rud ceudna a dheunamh nuair a
gheobhaidís scoil. Mar an mbeidh sin amhlaidh
caithfear a bheith ag caitheamh airgid ar Chúrsaí
Gaedhilge go dtí lá "Leaindí Liú."



TADHG GAEDHEALACH.



FÉACH, A CHARA! AR LÉIGH TÚ



INIS FÁIL
FÓS?



Scéalta: Aistí: Filidheacht.



Gaodhluinn atá ann ar fad, idir
fhógraí a's altannaibh.



Scilling a luach.


L. 16


D'OIDÍ GAEDHILGE



Seift do cheap an t-Ath. Diarmaid Ó Droighneáin,
S.P., Dhrocaid na mBinnéadach i gCo. Cill-Coinne;
d'fhonn na leanbhaí scoile do mhealladh chun taithighe
do dhéanamh de labhairt na Gaedhilge cois bhaile. Do
cuireadh an seift so in iúl do Oidí Scoile, Co. Cill-
Choinne ag an g-Cúrsa Gaedhilge do bhí sa Cathair i
mbliana. Do moladh é, a's do glacadh leis go
fonnmhar a's déanfar iarracht ar é chur i bhfeidhm i
scoileanna an Chondae feasda. Níor mhiste triail
do bhaint as in gach scoil in Éirinn go bhfuil obair na
Gaedhilge ar siubhal innti. Is beag an mhaith an
Ghaedhilg bheith ar siubhal sa scoil mura mbíonn sí ar
siubhal ar an dteinteán leis.



AN GHEALLAMHAINT.



Ar son glóire Dé a's Ónora na h-Éireann — (a)
geallaim-se (ainm an scoláire annso) gurb í an
Ghaedhilg — in áit an Bhéarla a labhrfad leath-ismuigh
d'uairibh scoile chómh minic sá lá a's is féidir liom é —



(b) Geallaim leis go scriobhfad síos i leabhar fé
leith a mhinicí labhraim an Ghaedhilg gach lá. a's fós —



(c) Geallaim go dtaisb ánfad an leabhar soin don
Oide an uair is maith leis.



Aguisín —
I. Do ghaibh Oidí Co. Cill-Choinne leis an seift seo
ag an gCúrsa do bhí sa Chathair i mbliana acu a's
cuirfear i bhfeidhm sna scoileanna feasda é.



2. Moltar do lucht feiseanna Comórtaisí dá réir
seo do chur ar bun idir leanbhaí scoile — i leigint do
bheirt nó triúr acu Scoth-bhualadh do dhéanamh ar aon
ceist gur mhaith leó féin in ionad bheith ag cur isteach
ortha fé mar is gnáthach le Molthóirí.



3. Dfhéadfí cóib nó mac samhail den seift seo do
ath-scrí' amach a's é cur in áirde sa scoil.



"BEANN g-CROT."



LEITREACHA.



POST-SHEANCHUS.



Cuilinn Uí Chaoimh,
Sráid an Mhuilinn,
Co. Chorcaighe,
M. Fhoghmhair a4, 1923.



A Chara — Chím 's "An Scuab" an mhí seo trácht ar
ainmeachaibh áiteann agus gur mhian leat aon dearmhad
atá ortha i bPost Sheanchas do cheartú.



Ar an gceud dul síos níl ainm na h-áite seo i gceart
ann. Cuilinn a deirtear mar tá an ainm san uimhir
iolraidh agus chum é radh sa tuiseal geineamhnach deirtear
Cuileann cur i gcás Muintir Chuileann nó parróiste
Chuileann acht táim bodhar ag daoinibh ag scriobhadh
chugham agus Cuileann Uí Chaoimh ar an seoladh aca.



ii. Rockchapel, Abbeyfeale — Is é an ainm cheart ar
an áit sin — Cnoc na Carraige.



iii. Newmarket, Co. Cork — Is é an ainm cheart air seo
An baile Nuadh. Níor cualthas riamh i nDuthaigh Ealla
Ath Trasna air. Tá an ceart aige "Ogánach na Féasoige
i dtaobh. Milford, Charleville, Áth a' Mhuilinn do
chuala ó rugadh mé.



Mise, le mór-mheas,



SEÁN UA CADHLA.



Do'n bhfear Eagar,



B'fhéidir le Dia go dtiocfadh tairbhe mhór as an ní
seo i dtaobh Post-Sheanchuis atáthar ag pléidhe 'sa
"Scuab," fé láthair. Badh mhaith an rud dá gcuirfeadh
mórán daoine suim agus spéis 'sa sceul. Anois an
t-am chum iarracht cheart a dheunamh chum láimh-leabhar
maith údarásach Puist a sholáthar agus a chuir in eagar.



'Siad na hoidí scoile na daoine is treise agus is
údarásaighe ar an nGaedhilg i ngach baile tuaithe agus is
dóibh is córa feuchaint i ndiaidh an ruda so. Is iad a
bheidh ag múineadh dho sna na leanbhaí conus seoladh
leitreacha a scríobadh i nGaedhilg do gach aon áit 'sa
cheanntair agus badh cheart dóibh feuchaint go héirime-
amhail éifeachtamhail chuige. 'Siad a thug lámh conganta
chum ath-bhaisteadh Beurla a dheunamh ar na háiteanna
gaedhealacha fadó; badh chóir go mbeidís níos dúthrach-
taighe anois chum na hainmneacha Gaedhealacha a chasadh
orainn. 'Sé badh cheart acht liosta dhe gach aon áit 'sa
cheanntair abheith ar crochadh ar an bhfalla in gach aon scoil.



Rud eile ní ceart go mbeimís-ne sásta ar chlaoidheadh
go deó leis na Condaethe (no Shires) a chuir na Sasanaigh
orainn acht na ceanntair agus na Dúthaighe d' aithbeochain



NIGHEACHÁN RIABHACH AN tSATHAIRN
NÍ BHÍONN SÉ GEAL DÉ DOMHNAIGH.



Dá bhrigh sin
Cuiridh bhúr gcuid nigheacháin chun



TIGH NIGHEACHÁIN NA CÚIRTE
(COURT LAUNDRY)



SRÁID HARCOURT, BAILE ÁTHA CLIATH.


L. 17


arís agus na léir-scáil in ár scoileanna a bheith breactha
agus dathaighthe dá réir. Thabharfadh a leithéid seo thar
an ais chugainn mórán de stáir agus de sheanchus ár
dtíre. Feuch a ghiorracht gus a bhíodh ag aith-bheochain
Laoighse agus ó bhFáilbhe in áit Condae na Bainríoghna
agus Condae an Ríogh; agus Cóbh agus Dún Laoghaire
in áit Kingstown agus Queenstown. Ná beadh sé chomh
maith againn in ainm Dé dul an bóthar ar fad agus gan
a bheith ag tincéireacht leis an sceul. 'Dé 'n beann atá
againn ar aoinne? Ná fuil an Saorstát againn agus
ná fuil sé in ár gcumas lúb an t-Sasanaigh a ghearradh
amach as an slabhra agus an lúb órdha Gaedhealach a chuir
isteach. Choimeád an Eaglais na dúthaighe Gaedhealacha
beo in ár measc go fóil agus mar sin dob' fhuiris dúinn
iad d'aith-bheochain. Séidtear fé nár dTeachtairí
Dála an rud so a dheunamh dúinn. Ní ceart dúinn-ne
leigint d' aon phioc d' iarsmaí an tSasanaigh lonughadh
in ár measc má fheudaimíd é.



Tá áiteanna ann a fuair an baisteadh fíor Ghallda
ó thúis; caithfear iad sin d'aith bhaisteadh le baisteadh
fíor-Ghaedhealach a thabhairt orra. Sráideanna Cathracha
agus Bailtí Móra iseadh is mó a dheineadh an Loitiméir-
eacht so orra.



Táim ag dul in achuinge ar lucht léighte "An Scuab"
congnamh a thabhairt dúinn 'sa nídh seo.



MISE, P. Ó CADHLA.



A Fhir Eagair,



Ag Tagairt do Phost-Sheanchus tugaim fé ndear
ná fuil Lúbán Díge ann in ao' chor. Sin é an fuirm
atá in usáid againn ar Bodyke. Sa leabhar Béarla-
Gaedhealg tugtar "Bóth Taidhg" ar an áit, ach níl
an fuirm sin féin sa cheann eile.



Rud eile glaodhtar Tuamgraney ar Tuaimgréine
le fada in áit Tomgraney.



Mise,



"CILL-NUADH."



COMÓRTAS



Deirtear go mbíonn abhfad níos mó dearmhadaí
chló i bpáipéirí Gaedhilge ná mar a bhíonn i bpáipéirí
Beurla. Is eagal linn gur fíor é sin, is cuma cé
air a bhíonn an locht. Níl an taithighe ceudna ag na
clóbhuailteoirí ar an obair, gan dabht, agus ní mar
a chéile an leitriú a bhíonn ag gach aon sgríbhneoir ach
an oiread.



Seo comórtas eile anois. Cuiridh síos gach aon
fhocal a bhfuil dearmhad chló ann a thabhairfidh sibh fé
ndear san uimhir seo den "Sguab." Dá chúramaighe
sinn is dócha go bhfuil ceann ann annso agus annsúd
i gan fhios dúinn. Cuiridh na focail chughainn sa t-slighe
go mbeidh siad againn roimh an 3adh lá mí na Samhna.
7s. 6d. an cheud duais; 5s. an dara duais. Ná
dearmhadaidh an fuirm seo do chur i dteannta le gach
iarracht.



Comórtas VII., 1923.



Mise
m'áit comhnuidhthe



FOCAIL GAEDHILGE SA mBEURLA.



Tréis dúinn an cheud chuid d'iarracht Sheáin Uí
Shíothcháin do chlóbhuaileadh ba dhóigh linn nár oir sé ro-
mhaith don "Sguab" an oiread san Beurla a bheith
ann. Bhí cúis fé leith ag baint leis, gan amhras, ach
b'fhearr linn gan ao' Bheurla a bheith ann, agus dá
bhrigh sin foillseoimíd an chuid eile den liosta so
gan na h-abairtí Beurla atá ag gabhailt leis na focail
Gaedhilge do chur isteach. Bhí an méid seo leanas
fé chló sar a shocruigheamar air sin.



Curachán… The curachán was lost.



Císte baise… We will make cístes baises.



Cab muice… That calf has a cab muice.



Donas… I don't know what donas is down
on him.



Dubhairt sé dabhairt
sé.



That is only a dubhairt sé
dabhairt sé.



Deir sé… "Are you coming?" adeir sé.



Dailtín… He is a great dailtín.



Drabhfhuigheall… There was a whole lot of
drabhfhaigheall in the bottom of
the bucket.



Dúthracht… She was working most dúthracht.


L. 18


Dubhardáluidhe… He is a great dubardáluidhe.



Duthchas… The bad duthchas is in them.



Dúirnín… I was at the dúirníns all day long.



Draoíb… She is a great draoíb.



Doubhlamán… We raised a big stick of
doubhlamán out of the bog to-
day, .i. black-oak (?leitriú,
F. E.)



Doicheall… A great doicheall against me.



Dúircín… He is a great little dúircín.



Droch-mheas… He hadn't but droch-mheas on me.



Dul… There is a bad dul in the handle
of this spade.



Diachair… You did the diachair



Dúid… Throw away that old dúid from
you.



Dúidín… My dúidín is smashed.



Dríodar… The dríodar after the milk.



Dorn… A dorn of meal.



Dreóilín… A dreóilín of a fellow.



Drad… He had a drad on him.



Dradaire… He is a good dradaire.



Dathamhail… A fine dathamhail girl.



Dreas… A dreas of the spade.



Éarach… She did éarach.



Eas… We will go up to the eas. Tá
eas ar thaoibh an chnuic atá
laistiar d' Áth na bhFuinnseóg,
mo bhaile dhuthchais. Seadh,
ní dhéarfadh éinne, do mhuintear
na h-áite sin — "we will go
up to the waterfall"; acht, —
"to the eas."



Éist… Éist, for awhile.



Éirghe in áirde… There is too much éirghe in
airde about her.



Forathach… A dirty forathach (?fotharach, F. E.)



Falbó… She is a great falbó, .i. óinseach.



Fastúch… A big fastúch of a man.



Feis… We had a feis on Sunday last.



Flúirseach… The sugar was most flúirseach.



Faire… Faire! Faire!



Fuadar… Whatever fuadar was under him.



Fúiste fáiste… That is all fúiste fáiste.



Flaitheamhail… She is very flaitheamhail.



Faicín… I had to wash the baby's faicíns.



Fústar… He was in a great fústar.



Fionnán… There is a lot of fionnán growing
in that bog-hole.



Fadharchán… He has a big fadharchán on his shin.



Fámaire… A big fámaire.



Feilistrom… The field is covered over with
feilistroms.



Fuachtán… I have fuachtán on my hand.



Fuairthnimh… I have fuairthneamh in my fingers.



Fraitc… She is a great fraitc (? F. E.)



Fuachais… They made a big fuachais in the
wall.



Fraochán… Picking fraocháns.



Flop flap… Flop flap in the gutter.



Fáinne óir ort!



Fideóg… He was blowing the fideóg.



Faic… There is not a faic wrong with
him.



Gearáinseóir… A great gearáinseóir



Gróg… A gróg of turf.



Grog… I was sitting in my grog.



Gáig… He is a great gáig.



Gearán… How much for the gearán.



Gobán… The gobán sáor.



Gabhlóg… Get the gabhlóg for holding up
the car.



Gob… She has a gob on her for talking.



Giobal… His clothes are all giobals.



Gobán… Put the gobán on the kid; it is
time to wean him.



Gal… Give me a gal.



Glaimidear… A great glaimidear, .i. amadán.



Gioblachán… A great gioblachán.



Geáitsí… Look at the geáits of him.



Glíc… He is a great glíc.



Go leór… Money go leór.



Gaimbín… He is one of the gaimbín boys.



Garsún… A great garsún.



Gleó… We had a great gleó.



Geanc… He has a geanc.



Gleid… A big gleid of a fool.



Gam… A finished gam.



Gamall… A big gamall.



Gleanntán… We were walking along the
gleanntán.



Glúiníneachán… The calf has the glúiníneachán.



Gad… The gad of the flail.



Grabhas… He had a grabhas on him.



Grabhasóigín… A great grabhasóigín.



Geárrcach… There is no geárrcach in that egg.



Giosán… I killed a giosán, .i. Thorn back
(fish).



Gog… Give me the cap of the gog.



Glúcach… A blind glúcach.



Glaise… I was fishing in the glaise.



Glugar… This is another glugar.



Gearr-bhaitín… He made use of his gearr-bhaitín.



Grádhmhar… A nice grádhmhar person.



Gabháil… A gabhál of hay.



Gall luachair… A load of gall-luachair.



Gabhshnáth… Gabhshnáth thread.



Gliogaire… A great gliogaire.



Gligín… A great gligín.



Grafán… I broke the grafán, rooting up
furzes to-day.



Gabhairín reodha… Do you hear the gabhairín reodha?



Gliomach… She is a great gliomach.



Gráinseachán… We ate some grainseachán.



Giog ná miog… There wasn't giogs na miocs
out of them.



Greas… A greas at twisting the barrel.



Greis… He stole a big greis of sweets
from me.



Geócach… A great geócach.



Gualán… The gualán of my waistcoat.



Gleórán… The gleóráns burned all my legs.



Gach ré… We had gach ré cur.



Hob na h-aon… I could not knock hob nor
h-aon out of it.



His-gabhar Deirtear le gabhar é sin.



(Ní críoch.)


L. 17


CRAINN
ÓGA



Níl aon rud níos tábhachtaighe
sa tír seo na crainn
do chur.



A Ghaedhil, ba mhaith linn ár ngnó do dheunamh as
Gaedhilg, agus ní beag san, is dóigh linn.
Cuiridh fios ar chlár na Luach: Crainn Coille,
Tuir Gáirdín, agus Crainn Torthaí.
Tá teistiméireacht againn ó Aireacht na
Talmhanuidheachta.



MUINTIR AN RÁITHÍN,
TUAIMGRÉINE, CO. AN CHLÁIR.


L. 19


TAE.



Togha an mhargadh gach aon tSórt Tae atá
againne, bíonn siad mar a chéile i gcomhnuide
agus bíonn gach éinne sásta leo.



Luach — 2/4, 2/8, 3/ — agus 3/4 an púnt.
Tae ón t-Sín — 2/8, 3/ — agus 3/4 an púnt.



BECKER BROS., LTD.,



Sráid Seoirse Mór Theas a 8 agus
Sráid an Iarla Thuaidh a 17, i mBaile Átha Cliath.



TIGH-ÓSDA "CLARENS,"



Ag Cé Ueillington
i mBaile Átha Cliath



Tá gach aon chompórd ann agus é so-lámhach do gach áit
is fiú le rádh 'sa Chathair.



70 Suainliosa. An biadh — bog, soghmhail, so-bhlasta
Solus Eleictric. Agus an freasdal ar fheabhus.



An díol fiach réasúnta.
BÍONN TARRAING MHÓR DAOINE AR AN
"RESTAURANT" atá ag gabháil leis.
An Guthán 1217. Telegram: "Clarence Hotel, Dublin."



TIGH-ÓSDA AN ROYAL EXCHANGE
Sráid na Feise, i mBaile Átha Cliath.
Tá sé seo ar cheann des na Tighthe-ósda is compórd-
amhla 'sa Chathair.



Tá gach aon chóir ann agus an díolfiach réasúnta.
Guthán 2678. Telegram: "Comfort, Dublin."



West & Son



SEODÓIRÍ, GAIBHNE AIRGID, AGUS
CLUIGEADÓIRÍ.



Tigh Grafton,



102 agus 103 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath



An cnuasacht is mó i n-Éirinn;
Fáinní pósta agus Fáinní geallamhana;
bronntanasaí airgid; córacha
tae agus caifí; agus rl.



Tagaidh isteach chun iad dh'fheiscint.



DIXON & HEMPENSTALL
Fir Deunta Speuclairi



SEOMRAI UM TASTAIL RADHAIRC AR OSGAILT GACH LA



Cuirimíd shuim speisiáltha in oideasaí liagh-súl



Nuair a chuireann tú fios ón dtuaith ar rud
cuirimíd chugat é an lá ceudna.



SRAID SUFFOLK, 12, ATH CLIATH.



GACH RUD ATÁ ACRACH D'OIFIG.



Tar go bhfeice tú an teasbántas díobh atá againn.



TYPEWRITERS
(Coracha Cló-Sgríobhadh).



"Hammond" (Gaedhealg agus Beurla ar an
maisín ceudna).
"Royal" (Leitreacha Gaedhealacha air).



Gach cóir chun mamraim agus cáipéisí oifige a
choimeád in eagar agus in órdú.



Duplicators — Rotary and "Rolo" -flat 55/- agus 75/-
(iomlán).



CONAN, MAULE & CO., 7 Crow St., Ath Cliath.
Guthán: 3319.



OBAIR DO GHAEDHILGEOIRÍ.



Is mó duine a bhíonn ag lorg Gaedhilgeoirí le
h-aghaidh oibre áirighthe ach is mó Gaedhilgeoir, mar sin
féin, atá gan obair.



Támuíd ar aigne an columhan so do choimeád ar
leith-i-leith chun a leithéidí do thabhairt le chéile.



Ba bhreágh linn dá bhfuighfimís lámh conganta do
thabhairt chun Gaedhilgeoirí na h-Éireann do choimeád
na dtír féin. Dá bhrígh sin ní chuirfimíd ach costas
an-eudtrom ar na fógraí so. Gheobhfar gach fios ón
mbainisteoir, Oifig an "Sguab," Cearnóg Mont-
seoighe, Baile Átha Cliath.



TÁ buachaill toghta ag teastáil mar chongantóir
ó lucht siopa mhóir i mBaile Átha Cliath. Níor
mhór dó eolas a bheith aige ar ghnó grósaereachta
agus teistiméireacht a bheith aige ó dhaoine
mhuinighineacha. Sgríobh chun "AI," oifig an
"Sguab."



Ná Dearmhadaidh Lucht na bhFógraí sa
"Sguab."


L. 20


BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA.
ÁRD-OIFIG: — FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.



DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT
GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT.



Bun-airgead Geallta, £406,000.
Bun-airgead Díolta, £203,000.
Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1923, £1,650,000.



BUNUIGHTHE 1920.



BRAINNSÍ:-
68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh,
Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis,
Mathchromtha.



THE
NATIONAL
LAND BANK
LTD

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services