Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Uimhir 12. Meadhon-Fhoghmhair, 1923
Title
Uimhir 12. Meadhon-Fhoghmhair, 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
Muintir an Sguab
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN SGUAB Uimhir 12. MEADHON-FHOGHMHAIR, 1923. 3p. SA MHÍ RÉIM NA h-UIMHREACH SO. Leath AITHNIGHTEAR CARA I gCRUADHTAN 227 DUINE GAODHLACH IDIR CORP IS ANAM … AN DR. DE HENEBRE 229 AN PANNCÁNACH … SEÁN Ó DÚNAIDHE 231 BEATHA TEANGAIN A LABHAIRT 232 LUCHT EALADHNA AGUS AN TÍR-GHRÁDH … M. MAC LIAMMHÓIR 233 SEÁN NA gCLEAS … “CILL-NUADH” 235 EACHTRAÍ AN CHAISLEÁIN … “GAILLTE BEAG” 238 SÚGRADH … SEÁN Ó GRUAGÁIN 240 LEITIR AGUS LÉIRMHEAS 241 COMÓRTAS 243 AN GHAEDHEALG SNA SIOPAITHE. Má thá sé uait, a dhuine, an Ghaedhealg a bheith dá labhairt agat gach aon lá ceannuigh do chuid grósaereachta agus lóin-tighis uainn. Ní gádh dhuit Beurla do labhairt annso mar go bhfuil an Ghaedhealg ag gach aoinne sa t-siopa. Ó RAOGÁIN AGUS A CHOMH., TEO., SRÁID DÁSON, 54. CUALLACHT DÚNA EIMER TEOR, Sráid Hardbhic, i mBaile Átha Cliath. ÉADAIGHE EAGLAISE, ILGHRÉASACH AGUS ÓIRGHRÉASACH. CULAITHE BAN ÉIREANN CAIRPÉIDÍ LÁIMH-FHIGHTHE. Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n Chumann Gaedhealach is Fearr AN CUMANN IBÉRNACH INSIÚRÁLA TEÓ. I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS COITCHINNE. PRÍOMH-OIFIG — 48 & 49 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH. NA POLASAITHE IS IOMLÁINE LE FAGHÁIL.
TAE. Togha an mhargadh gach aon tSórt Tae atá againne, bíonn siad mar a chéile i gcomhnuide agus bíonn gach éinne sásta leo. Luach — 2/4, 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt. Tae ón t-Sín — 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt. BECKER BROS., LTD., Sráid Seoirse Mór Theas a 8 agus Sráid an Iarla Thuaidh a 17, i mBaile Átha Cliath. THE MONUMENT CREAMERY AN T-IM UACHTARLAINN IS FEÁRR. Deunta d'uachtar glán, úr, pasturáltha: Milis, blasta, is úr i gcomhnuidhe. Tagann uibhe toghta muinighneacha isteach chughainn gach aon lá. Sráid Phárneill, 75, & Port Caoimhghin Íoch., 25, Baile Átha Cliath. DIXON & HEMPENSTALL Fir Deunta Speuclairi SEOMRAI UM TASTAIL RADHAIRC AR OSCAILT GACH LA Támuíd tréis na cóireacha is deidheannaighe ceapadh chun gloiní (lensaí) chur i dtreo d'fhághail. Cuirimíd shuim speisiáltha in oideasaí liagh-súl Nuair a chuireann tú fios ón dtuaith ar rud cuirimíd chugat é an lá ceudna. SRAID SUFFOLK, 12, ATH CLIATH. GACH RUD ATÁ ACRACH D'OIFIG. Tar go bhfeice tú an teasbántas díobh atá againn. TYPEWRITERS (Coracha Cló-Sgríobhadh). “HAMMOND” (Gaedhealg agus Beurla ar an maisín ceudna). “Royal” (Leitreacha Gaedhealacha air). Gach cóir chun mamraim agus cáipéisí oifige a choimeád in eagar agus in órdú. Duplicators — Rotary & “Rolo” -flat 55/- agus 75/- (iomlán). CONAN, MAULE & CO., & Crow st., Ath Cliath. Guthán: 3319. Sompla des na Peictiúirí atá ins “AN RÓIMH.” Ceannuigh agus léigh an tIrisleabhar nuadh so, curtha amach ag Gaedealaibh na Róimhe le grádh dá dteangain ndúthchais féin. Luach 1s., costas puist 2d. Faigh ó do shiopadóir féin é, no cuir fios ar go dtí an foillsightheóir. MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, 87 SR. UACH. NA DRISEÓIGE, ÁTH-CLIATH.
AITHNIGHTEAR CARA I gCRUADHTAN. Is mó uisge ghaibh le fána ó léirigheadh dráma Gaedhilge i n-amharclann puiblí i mBaile Átha Cliath go dtí le déidheannaighe, agus is mó cor a chuir an saoghal Gaedhealach de ón mbliadhan 1915, nuair a bhí “Fear na Miliún Púnt” agus cúpla ceann eile á n-imirt in Amharclann na Mainistreach. Bhí cuid maith daoine láithreach an uair sin agus ba dhóigh le duine go lionfidhe an “Gaiety” féin i mbliadna gan aon trioblóid. Ní h-amhlaidh a bhí, ámhthach — na h-oidhcheanta a bhíomar féin ann, pé sgeul é. 'Dé chúis? an amhlaidh atá fuinneamh agus brigh gluaiseacht na Gaedhilge imthighthe aisti. Ní dóigh linn san. Ach mar sin féin ba shuarach an sluagh a chuaidh go dtí an “Gaiety” gach aon tráthnóna seachtain an Oireachtais, ach amáin nuair a bhí an t-opera ar siubhal. Gan amhras ba mhí-thráthúil an t-seachtain í in slighe. Ar an gceud dul síos is mó deagh- Ghaedheal a bhí ar laetheanta saoire sa nGaedhealtacht an uair ceudna, agus, rud eile, aoinne a bhíonn 'na chomhnuidhe sa chathair is mór leis oidhche breágh samhraidh do chaitheamh istigh in áit múchta mar amharclann tar éis an lae ar fad do chur dé in oifig nó i siopa, agus cuireann tarraingt na fairrge agus na bpáirceanna isteach go mór ar rudaí oireann níos feárr d'aimsir an gheimhridh. Ach ar an taobh eile, nach maith a liontar an “Royal” gach aon oidhche — fé dhó, leis. Agus ná raibh roinnt maith daoine tréis teacht anios ón dtuaith fé dhéin Oireachtais Chonnrad na Gaedhilge agus Oireachtais an Fháinne. Is cuma pé leath- sgeul a ghabhtar 'na thaobh ní cúrsaí sástachta ach cúrsaí náire an slighe a righneadh faillighe ar an “Gaiet” an t-seachtain úd. Molamuíd na h-aictéirí go h-árd toisg a fheabhas a righneadar a gcuid den obair agus tá súil againn ná caillfear ar a misneach. Dob fhiú caoi eile do thabhairt dóibh (sa ngeimhridh agus in áit níos lugha ná an “Gaiety” béidir) agus dian-iarracht do dheunamh roimh-ré chun chur 'na luighe ar na daoine gur cheart dóibh, ar mhaithe leis an nGaedhilg agus ar mhaithe leo féin chomh maith, dul ag éisteacht leis na drámaí Gaedhilge 'na sluaightibh. Má thá aon nidh le rádh againn leis na h-aictéirí 'sé an rud é ach go seachnóidís ná labhairfidís ro-thapaidh. Riaghal an stáiste iseadh é go labhairtear rud beag níos righne ná mar a dhéintear de gnáth agus do b'feárr labhairt ro-righin ná ro-thapaidh an fhaid a's a bhímíd ag braith ar lucht foghlumtha na teangain — nó d'iarraidh iad do thabhairt isteach agus misneach do chur ortha ba chirte a rádh. Tá an Ghaedhealg ag dul chun cinn (d'aimhdeoin a luighead daoine a chuaidh ag éisteacht leithi an lá fé dheire) ach is eagal linn go gcaithfimíd cuimhneamh ar cheist propoganda chomh maith le ceist ealadhna go ceann tamaill eile fós. An dá oidhche a bhí an t-opera (Sruth na Maoile) ar siubhal bhí na daoine ann ach má bhí ní raibh an Ghaedhealg ann. Bhí, ar slighe, dar ndóigh, ach b'fhuiris aithint ná raibh focal Gaedhilge, ach ar nós paróide amháin, ag an gcuid is mó desna daoine a a bhí ag amhrán. Níl aon mhaitheas a bheith ag gearáin mar gheall air sin, ámhthach. Is dócha ná fuil go leór Gaedhilgeoirí ann a bhfuil an guth acu agus taithighe ceart ar chúrsaí an stáiste. Is cuma pé saghas Gaedhilge a bhí ann, ba mhór an taithneamh dúinn a bheith ag éisteacht le ceol-dráma gan focal d'aon teanga eile dá labhairt ann. Ní raibh a leithéid ann riamh ach dhá uair roimhe sin, sa mbliadhan 1903 nuair a léirigheadh “Muirgheis” agus sa mbliadhan 1909 nuair a léirigheadh “Eithne.” Agus ní mar gheall ar na focail a mholtar nó a cháintear opera ach dréir an cheoil a bhíonn ann agus dréir an t-slighe a chuirtear eirim an sgéil ós comhair na ndaoine. Maidir le binneacht ba bhreágh linn an ceol atá san opera so; ach aon duine a dh'airigh “Bean an Fhir Ruadh” á rádh ag sean-fhear fén dtuaith níor mhaith leis, ar slighe éigin, é d'aireachtaint ar aon chuma eile, agus ní dóigh linn gur cheart, ach an oiread, curfá mór sgléipeach do dheunamh “d'Eumonn a' Cnuic” mar a righnead san opera; agus níor mhaith linn neamh-chruinneas an sgéil, mar ná raibh an ceangal ceart idir na radharcanna agus bhí an deire ro lag. Ach
tá léirmheas air in áit eile den pháipéir seo a sgríobh fear a bhfuil eolas ceart aige ar cheol agus ar ealadha an stáiste agus fágfamuíd an meud san den obair faoi sin. * Chuadhmar amach idir na gníomhartha fé dhéin gail tabac mar is gnáthach linn. Bhí cúigear cailíní taobh thiar den chúntar ag an “mbar” agus gan dada le deunamh acu. “Ní fheadar cad é an saghas daoine atá annso anocht,” arsa ceann acu le ceann eile. B'ait leo go raibh an t-amharclann lán agus gan aoinne ag teacht amach ag ól. Gach aon uair eile a bhíomar féin san áit bhí sluagh mór daoine ann agus gach aon ruaille-buaille ar siubhal acu gac aoinne ag slugadh portair agus uisge bheatha, agus ag cainnt os árd a chinn a's a ghutha. An oidhche so ní raibh ach beirt fhear ann, Ghaedhealg á labhairt acu agus gan aon fhonn óil ortha nach mar a chéile a's a bhí orrainn féin. Ach má thá deigh- thréithe ag baint leis na Gaedhil bhí droch- nósanna acu chomh maith — an oidhche so, pér' sa domhain é. Ba dhóigh leat ná raibh cuid acu in amharclann riamh roimhe sin ná ná raibh a fhios acu cad is ceól-dráma ann in ao' chor, an slighe a bhíodar ag cainnt a's ag bladar le linn an overture agus an entreacte. Cheapamar ná deunfadh an tuathánach is oitire a leithéid de bharbaracht, ach ní mar a shíltear a bhítear uaireannta. Tá leitir fé chló againn an mí seo, ó dhuine denár lucht léighte, mar gheall ar ainmeacha áiteann. Is dóigh leis gur cheart tabhairt fé'n obair tabhachtach so i ndá ríribh gan a thuille moille agus támuíd ar aon aigne leis. Fágfamúid leathanach ar leithligh sa “Sguab” gach aon mí, agus fáilte, i gcóir an adhbhair seo Tá's againn go bhfuil Aireacht an Phuist ar aigne leabhar nuadh mar “Post- Sheanchas” do chur amach chomh luath in Éirinn as a bheidh ceann údarásach iomlán i gcóir acu, agus geobhfhamuís-ne lámh conganta do tabhairt dóibh má sgríobhann gach aoinne cughainn a bhfuil aon dearmhad braithte aige i “bPost- Sheanchas” nó a bhfuil aon eolas cruinn aige ar an gceist seo. Tá bailtí phuist ná fuil i “bPost-Sheanchas” in ao' chor; cuid acu táid bun-os-cionn sa leabhar san, ní nách * [An fear a bhí chun an léir-mheas do sgríobh, do tuit sé tinn agus dá dheasgaidh sin níl sé agam le Cur isteach. F. E.] locht ar Sheosamh Laoidhe uaireannta, agus cuid eile arís níl an fuirm ceudna sa leabhar Gaedhealg-Beurla as atá sa leabhar Beurla-Gaedhealg. Dá fheabhas é an leabhar atá in úsáid againn is mithid dúinn ceann nuadh do chur in eagar anois go bhfuil an rialtas fé nár stiúrú féin. Dheineamar tagairt cheana do cheist ainm- eacha na sráideanna sna bailtí móra leis. Ní mór dúinn an t-eolas san a bheith sa leabhar nuadh nuair a bheidh sé againn. Agus sin rud ná fuil aon eolas údarásach le fághailt air go minic. Do chuireadh san i dtuisgint go soléir do lucht léighte an “Sguab” sa leitir a sgríobhadh in uimhir mí Abrán. Ba cheart go bfeuchfadh gach cumann cathrach chuige sin anois díreach. Tá sé fágtha ar an meur bhfada ro-fhada cheana. Tá súil againn go dtoghfar Cú Uladh ar Chumann Cathrach Baile Átha Cliath; tugamuíd fé ndeara go bhfuil sé ag chur isteach fé na dhéin agus níl aon bhaoghal go ndeunfar faillighe ar a leithéid sin ceiste a thuille má bhíonn aon bhaint aige sin leis an obair. Tá sgeul Choláiste na Rinne a bhí á innsint ag Pádraig Ó Cadhla sa “Sguab” ar feadh bliadhna nach mór, tá deire leis anois. Ta áthas orrainn a rádh go mbeidh sraith aistí eile uaidh ag tosnú sa “Sguab” sara bhfad, ag cur síos ar an aimsir a chaith se mar thimthire do Chonnradh na Gaedhilge. Ní misde dhúinn a rádh arís gur mhaith linn aistí, altanna, piosaí grinn, sgeulta &rl. d'fhághailt ó sgríbhneoirí in gach aon áird den tír agus ná fágamúid aoinne gan cúiteamh éigin ar a chuid saothair. Tá cuid maith páistí in Éirinn anois leath- is-múigh den Ghaedhealtacht a bhfuil an Ghaedhealg acu ón gcliabháin agus is minic a righneadh gearáin le déidheannaighe ná raibh mórán leabhra le fághailt a dh'oirfeadh don aos óg mar atá i mBeurla. Dob' fhíor san. Bhí leitir i “Sguab” mí Bealtaine mar gheall ar an gceist sin agus do dhineamar amach liosta desna leabhra den t-saghas san a raibh eolas againn ortha mar freagra ar an duine a sgríobh an leitir úd. Fuaireamar seacht leabhairíní ó mhuintir Tempest, Dún Dealgán, tréis dúinn na nótaí seo do sgríobh an mí
seo caithte, agus ní misde linn iad do mholadh. Seán Tóibín d'aith-innis na sean- sgeulta atá ionnta. Do thuigfeadh aon pháiste a bhfuil an Ghaedhealg aige na sgeulta so, is cuma pé canamhaint a tógadh leithi é. Gach aon uair a sgríobhann Seán focal a úsáidtear i gCúige Uladh amháin cuireann sé nóta fe bhun an leathanaigh ag cur in iúl dúinn conus a dheirfeadh an Muimhneach an rud ceudna. Bhí an-phráidhinn againn le na leithéid agus sin é an cúis go bhfuilimíd ag tagairt dosna leabhairíní seo annso. LEABHRA MAITHE GAEDHILGE AN BARRA: Leabhairín do pháistí. Nioclás Tóibín an scríbhneóir. Leabhairín é seo do pháistí sa tríomhadh buidhin nó sa ceathrú buidhin do réir mar a thuigtear don múinteóir. Mar do dhein sé sa nGeamhar tá a dhícheall déanta ag Nioclás Tóibín ar adhbhar oiriúnach léighinn do sholáthar don pháiste, agus a bheith cothrom maidir le ciall agus cruadhas. Ocht leathanaigh agus dachad atá ann. Luach 6d. glan. ÓIR-CHISTE: Duanaire Liricí don aos Foghluma. Seamas Ó h-Aodha, M.A., do thoigh. Cnuasacht é seo desna dánta is mó clú agus cáil i nGaedhilg. Tá 45 cinn aca ann agus na filí is fearr abhí riamh againn a scríobh iad ó Oisín Mac Fhinn go dtí Pádraig Mac Piarais. Tá míniú nó argóint ag gabháil le gach aiste sa leabhar agus gach míniú aca i nGaedhilg bhlasta. Tá foclóir, agus gluais ag tabhairt eolais ar gach áit is ar gach duine atá luaidhte sa leabhar. Níl aon Bhéarla ann. 156 leathanaigh. Luach 5s. glan. BEIRT DHÉISEACH. Cnuasacht scéilíní le seán Ó Cuirrín. Scéal acu ar a cheann féin; Eadartheangachd ar Bhéarla Washington Irving (Rip Van Winkle); Tolstoí (The Long Exile); Lorimer Stoddard (The Indian's Palm) an chuid eile. Tá adhbhar cleachta ar aistidheacht agus notaí agus foclóirín ag gabháil leó. Luac 3s. 6d. glan. Agus na Leabhra eile is fearr i nGaedhilg le fagháil ó CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN TEOR., 89 Sráid an Talbóidigh i mBaile Átha Cliath. GUAL! GUAL! GUAL! Anois an t-am chun Ghuail a cheannach i gcóir an ghéimridh. Béidh sé i bhfad níos costasaighe nuair a thiocfas an aimsir chruaidh. Ceannuigidh ó Ghaedhealaibh é. Tá an cineál is fearr le fághail Ó MHUINNTHIR PLÉIMEANN, 9 Sráid Frederic Thuaidh, Áth Cliath. Guthán 2723. N.B. — Tá gluaistean (a iomcróchas ualach tonna) le fághail uainn ar thuarastal. DUINE GAODHLACH IDIR CORP IS ANAM. Ag so agallamh thug an Doctúir Ristéird de Henebre uaidh i nDúngarbhán sa mbliadhan 1910. A mhuintear na nDéise. Is mór é mo scanradh mo sceimhle agus mo sceón indiu acht is suarach agus is dearóil an glór is an guth agam. Acht dá mbeadh acmhaing scartach is anála do réir an ghábhaidh agam is mise do leigfinn scread is géim asam mar do bheadh tarbh ag aoibhill is ag búithrig mar do bheadh leomhan ag leadradh is ag creachadh; is me do leigfinn scréachadh asam go fonnmhar do cloisfidhe ó Cheann Chréadán go hinbhear na nEochaille agus ó Shléibh na mBan bhFionn go fairrge theas. Mar is amhlaidh atá sibh a mhuintear na nDéise 'n bhur spairt is 'n bhur spaid le neart trom-shuain chodalta gan mheabhair gan éirim agus an cogadh agus an cath dá chur. Ní mór daoibh músgailt go mear má's mian libh go mbuaidhfidhe an lá libh féin agus má's cás libh Gaedhil do dhul i ndísg. Má's creach libh bás agus buan- eug ag sciubadh agus ag scaipeadh an tsean- dhreama do mhair san dúthaigh-se ó aimsir Ghaedhil ghlais anuas agus dá dtángamar go léir; má's creach libh é preabaidh in bhúr suidhe anois do chosnamh agus do chabhair ar Ghaedhlibh atá in achran chruaidh agus i mbearnainn bhaoghail, nó is gairid go mbeidh an tír-se gan a rian ná a dtuairisg uirre is beidh Éire gan greann gan sult golá an Luain. Mo chreach is mo ghruaim cár imthigh na fir bhí beo brioghmhar seal i ndúthaigh Dhéise. Uí Fhaoláin na slingeán ngléigeal, Crathaigh bhí aibig le claoidheadh nó cleith, Brianaigh nár ghann fá bhiadh nó féile, Breathnaigh nár cheannaigh a n-anam ar mhéirliochas, Cathasaigh raibh maitheas is réim leo, Gearaltaigh groidhe ná claoidhfeadh ceudta, Paoraigh ná staonadh ón achran, is gach rábaire righ-ghlan, do phleuscadh do phlabadh Sasanach an ramhar- chuirp is do bhaineadh geit as Gallaibh. Go ndeuna Dia trócaire ar anmanaibh na marbh, bhí fir seal innso againn is truaigh gan oighre na bhfarradh. Bhí fir innso againn le linn cath Cluana Tarbh do chur. Léightear san leabhar darb ainm Cogadh Gaedheal re Galla gorab é ba thaoiseach cúigidh Mumhan uile an lá sin Mothla mac Dhomhnaill mhic Fhaoláin rí na nDéise. Agus lá ar na mhárach nuair do bhítear ag comhaireamh na gcorp agus ag
cur na marbh is amhlaidh frith Mothla mac Dhomhnaill mhic Fhaoláin rí na nDéise, seac- mharbh sínte a chlaoidheabh na dhurn agus a aghaidh soir re namhda. Frith an lár rí na nDéise acht do briseadh an cath ar ghallaibh an lá sin agus do ruaigeadh thar lear go bráth iad. Is amhlaidh doghnídís anallód na Gaill agus na Lochlannaigh nó na Danair, d'órdaighidís righte agus taoiseacha maora agus reach- taireadha in gach aon tír agus in gach aon tuaith agus do thógbhaidís an cíos rioghdha. Ba é so truimeacht cána agus cíosa na nGall ar Éirinn go coitcheann, rí uatha ar gach tír agus taoiseach ar gach tuaith agus ab ar gach cill agus maor ar gach mbaile agus suartlach gacha tighe. Agus ní raibh i gcumus ag duine d'fhearaibh Éireann cead crúidhte a bhó acht an bainne do choimead fá chomhair mhaoir nó reachtairi nó suartlaigh Gall. Agus cidh aon ghamhnaín amháin do bheadh ag gabháil leis an tigh ní leomhthá a crú do leanbh aon-oidhche nó do dhroch-ghalair acht an bainne do choimeád fá chomhair mhaoir nó reachtairi nó suartlaigh Gall. Nuair d'imthigheadar sin táinig Gaill is geocaig anuas orrainn arís ba sheacht measa ioná iad. Tá truimeacht cána is cíosa na nGall ar Éirinn arís. Ta rí ar an tír taoiseach ar gach tuaith tá ab ar gach cill agus maor ar gach mbaile agus suartlach gacha tighe. Acht tá dream eile badh seacht míle measa ioná iad sin féin agus is iad sin na Gall-Ghaedhil. Sin iad an dream badh dual is bad dúthchas bheith Gaodhlach amhail sinne acht is Gaill iad. Sin iad dream an diumois agus lucht na lathaighe agus aos éirge anáirde chuireas a gcuid clainne anonn go sean-Shasna chum Gaill gan scaoileadh do dhéanamh dhíobh. Badh cóir sliocht Gaodhlach ar lorg Gaedheal mar atá a shliocht féin ar gach aon dream is ciniudh fán ghréin acht ní dhéanadh sin an gnó. Ní bhéaraid mná na Héireann feasda acht béiceacháiní agus bandúiní agus dosairí agus breasairí agus dailtíní gallda. Nach sona an sampla do shéan-sliocht na n-Déise é sin. Nach cruaidh an cás talamh torthach na hÉireann do bheith ag tabhairt práití do na leithéid. Cár ghabhadar na séimh-fhir ba bhárr breaghdha brioghmhar agus ba thoradh teann téagarach na nDéise do ghoil ar Ghallaibh is Lochlannachaibh in aimsir Briain Bhóromha mic Cheinnéidigh dá ndíbirt go dubh agus dá ruaigin tar sáile go deoidh. An amhlaidh go bhfuil imtheacht gan casadh ar togha na bhfear agus ná fuil orainn anois acht na clabhráin agus na criotháin. Ná fuil faghairt orainne agus fuinneamh nár ngeugaibh, ná fuil reathacha agus ceáthramhna againn chomh maith leo sin. Ní gábha dhúinne airm nó faobhar ná culaidh chruaidh-eudaigh chatha do gabháil umainn, ní gábha dhúinn cogadh ná bruidhean do chur i bhfeidhm. Ní hiartar órainn acht aon ní amháin, sé sin an Ghaedhealg do labhairt le n-ár bpáisdí agus a chur d'fhiacaibh orra sin freagra do thabhairt orainn 'sa Ghaedhilg. Ba dhóigh libh gor bhreaghdha binn blasda an ní é an Beurla. Creidigh-se uaim gorab binne, agus gorab breaghdha naoi n-uaire an Ghaedhealg. Ba dhóigh libh go raibh eolus is leabhair is léigheann ag gabháil leis an mBeurla agus is amhlaidh atá sibh báidhte múchta in ainbhfios tar éis bhúr ndíchill. Ba dhóigh libh go raibh maoin agus maitheas diol is ceannach earraidhe saidhbhreas an tsaoghail agus beatha gan roint is an mBeurla agus tugabhar dícheall ceud go leith bliadhna d'iarraidh Gaill do dhéanamh dhíbh féin, agus anois do bhárr bhúr saothair atá sibh i dtaobh le tráithníní mar diol is ceannach earraidhe agus bhúrmbuachaillí breaghda agus bhúrngearr- chailí gleóidhte ag triall tar sáile gach lá go deoidh uaibh. Agus nach orra sin atá imtheacht gan casadh. Is gairid go mbeidh Éire folamh gan inte acht fiadhailí is feochadáin fáis agus Giúdaig agus Albanaig agus Sasanaigh ag cur lúthgháir agus fáilte roimh a cheile cheann gor imthigh na Gaedhil agus go raibh bun le clanna Mílidh agus deireadh le tír na hÉireann. Badh cóir sinn do bheith mar chách cineul agus ciniudh ar domhan. Is amhlaidh bíd siúd ar lorg a sean agus a sinsir. Agus másé is cuid dá saoghal leo sin gach ní dá dtáinig anuas chucha ón tsean-aimsir isé badh cóir go mbadh creach linne gach aon ní do bhaineadh le n-ár sinsear Gaedheal. Mar ní'l féith nár gcroidhe ní'l braon fola i gcuislinn linn ná smior i gcnáimh ná inchinn i gcloigceann linn nach ó Ghaedhlibh do fáisgeadh agus ó mhuintir labhartha na Gaedhilge ar an dá thaoibh dá dtángamar. Má's Gaodlach an corp atá orm is cóir dam anam beith Gaedhlach mar an gceudna agus innsan badh Ghaodhlac an duine go hiomlán idir corp agus anam me. [Má bhí an chaint sin fé chló in aon áit cheana féin is mór is fiú í fhoillsiú arís. Fear “An Sguab.”]
“AN PANNCÁNACH.” Tá cúig bhliadna is fiche ann, is cuimhin liom go maith é, Tráthnóna Domhnaigh tar éis imtheartha báire peile dhúinn. Bhíomar 'nár suidhe ar mhaol-chlaidheachán, agus sinn cortha sáruíghthe tar éis an lae, nuair do chonnai- ceamair chughainn an fear ag marcuígheacht róthair. Do bheannuigh sé dhúinn as Beurla agus sinn dó go séimh. Bhí iongnadh air, adubhairt sé, go mbeidhmís ag briseadh na Saoire. Thug sé comhairle ár leasa dhúinn agus dh'imthigh sé. Do chuir sé fé ar an mbaile beag acht níor thaithn sé linn ar aon chor; níor taithn sé le muinntear an t-sráid bhaile i dtaobh go raibh sé taidhbhseach mórchúiseach ann féin, agus dubhradh go raibh sé droch-mheastamhail, agus gur bheag air na sean-nósa, agus na tréithe gur mian le croidhe an deagh-Ghaedhil. Do dheineamar ár ndíchtheall chun muintear- dhais do dheunamh leis: “acht bhí gan treabhadh.” Dála gacha sráide eile bhí daoine fiosrach ann, agus beidh is dócha go bráth na bréithe. Bhí daoine ann freisin ná raibh mórán eile ag tabhairt cúraim dóibh acht ag tabhairt aire do ghnóthaibh daoinibh eile: ar an adhbhar san cúrsaí seanchais dóibh ba dh'eadh an duine bocht so, agus ní théigheadh lag ortha ó mhaidean go h-oidhche acht ag cainnt agus ag cárdáil agus ag cur rudaí trí na chéile “Cad as dó?” “Ciarbh díobh é?” “An bhfuil sé pósta?” ”Nó an bhfuil sé ar lorg mna?” acht ní raibh pioc eolais na thaobh. Rúindiamhar ceart ba dh'eadh é. Do shiubhlóchadh sé le duine de na daoinibh seo ar feadh uair an chluig nó mar sin go deas cuideachtmhail. Do dheunadh sé tráchtas ar gach nídh acht an taon nídh amháin, é féin. Pé aca le aoirde a mheoin nó le doimhneacht aigeanta nó le gráin ar an am bhí imthighthe, bhíodar dall air. Bhí an méid seo soiléar go leor — sé sin go raibh sé sprionnluíghthe i dtaobh airgid. Ní dh'iarrfhadh sé ar an nduine bocht do bheadh ghá thionnlac agus ag deunamh cuideachta dhó, ní dh'iarrfadh sé dhe an raibh beul air, sa slighe gur iompuigh an ghráin-mhairbh againn air. Tar éis móráin cuardaigh agus soláthair eolais dubhradh gur Paor do b'ainm dó, fear de na Paoraigh ó'n mBaile Liath agus gur amhlaidh gur b'éigin do teicheadh i dtaobh lámhaighte saighdiúra: ar an adhbhar san tugadh an Panncánach air: Do chonnaic duine áirighthe é, oidhche bhreágh spéir-ghealaighe ag siubhal mór thimcheall páirce go ráibh dhá dhún inte, agus í clúdaighthe le cúnach. Dubhradh láithreach bonn gur b'amhlaidh do thaidhbhreaghadh dó trí oidhche in diaidh a chéile go raibh crúsga óir curtha inte agus gur amhlaidh tháinigh sé abhaile chun a bhainte. Deirtí, freisin, go bhfeictí go minic in áit áirighthe é. Bhí sean-fhotharach timcheall dhá mhíle ó'n t-sráid-bhaile agus ba ghnáth leis dul do shiubhal ann tráthnóintí. Do leagadh sé a dhá uillinn ar fhalla an t-sean-fotharaigh, gídh gur bhain sé le deallramh gur fada an lá ó bhí aoinne na gcomhnaidhe 'sa bhfotharach gceudna, mar ná raibh de rian tighe ann acht an sean-fhalla roimh-ráidhte agus gas neann- tóige i gcúinne ann mar a bhíodh an seimné, acht bíodh san mar atá is ann do bhíodh a thriall de ghnáth. Ní bhfaighbhinn féin a rádh gur thaithn sé liom acht chomh beag leis na comharsanaibh, gídh go labhradh sé liom nuair do labharfainn leis, acht ba shin a raibh ann. Thárla gur chuireas ceist air lá acht má chuireas bhí cathú orm 'na thaoibh. “An bhfuilir chun fuireach 'nár measc anois?” arsa mise. Dh'feuch sé orm ó bhonn go bathas agus dubhairt: “Ó Dar Fiadh!” Tar éis an lae sin thugas suas ar fad é. Do cheapas gur duine taidhbhseach díomasach díombhuidheach é gan grádh tíre ná teangan. Ach mo léan! níor bh'é an chéad bhotún don t-saghas san do rinneas, agus taisbeánan sé go soiléar fírinneacht an t-seain fhocail sin: “Ní d'réir an chlúdaigh bhíonn an leabhar.” Tháinig Domhnach áirighthe agus thárla gairm- scoile bheith i náirde ar fhalla maca an tséipéil i nÁird Mhóir, go mbeadh muintear na Claise Móire ann an oidhche sin ag imirt drama. “An Dochtúir” an ainim bhí ar an ndrama.
Ba mhór é cáil agus clú muintir na Claise Móire um a dtaca so toisc go raibh an fuireann peile do bfhearr a bhí i nÉirinn aca. Is ní gádh dom g radh go dtáinig daoine as gach aon áird ag feuchaint ortha. Bhí an chéad bheirt díreach chun tosnuighthe nuair do éirig bean uasal 'na suidhe as an suidheachán mar a raibh sí. Bhí uaisleacht gallda ag baint le muintear na h-Airde Móire an uair sin, cé go bhfuilid Gaodhalach go maith anois. Bhí páipéar 'na láimh ag an mnaoi uasal agus do thosnuigh sí ghá léigheamh. “Seo rún,” arsa sí, “ghá chur i n-úil do chách ná fuilmídne, muintear uaisle na h-Áirde Móire, sásta leis an obair seo; agus sé ár dtuairm ná fuil aon tairbhe le teacht as, acht amháin an méid seo go ndeunfaidh sé cur siar mór ar na daoinibh óga, na leanbaidhe scoile go h-áirighthe, tar éis an méid dá nduadh atá fachta ag na h-oidibh d' iarradh iad a tabhairt suas mar is cóir.” Bhí an Panncánach ann. Bhí sé thíos ag an ndoras, a dhrom leis an bhfhalla aige. Dh'airigh sé an chaint, dar ndóig. Do bhain sé dhe a h-ata agus labhair: “An bhfuil cead agam-sa labhairt?” adubhairt sé. Dubhramar leis go raibh: Chuaidh sé in áirde ar an ardán agus seo mar adubhairt sé: “Tar éis gacha foghluim is gacha oideas dá bhfuair an dailtín Mac an Daoi briseann an dúthchas trí 'na shúilibh. Tar éis a chúrsa cuir i gcríoch, níl acht an t-aon rud amháin ag cur iongnadh orm,” arsa'n Panncánach, “sé sin an fhoighneamh atá ag na daoine libh-se. Is fuiris d'aithint go bhfuil baint agaibh le treibh Sheáin Bhuidhe agus gur leasc libh teanga na nGaodhal bheith beó ar aon chor, acht deirim libh-se go bhfuil deireadh le réimh na nGall in Éirinn agus le lucht leanamhna na nGall agus chífidh daoine dá bhfuil annso anocht go n-imtheochaidh sibh mar chumhar na h-abhann.” Do dh'éirig an bhean uasal agus a cuideachta agus chuireadar díobh amach an doras, agus bhí bualadh bas agus húraigh na ndiaidh. Do fhain an Panncánach nár bhfochair ar feadh bliadhna agus ní raibh lá dhe'n mbliadhain sin nach amhlaid bhí ár meas ag méadughadh dhó. “Togha an fhir” do b'eadh é: fuaireamair amach fios fátha a sgéil, agus níorbh náir dó é acht a mhalart. SEÁN Ó DÚNAIDHE. BEATHA TEANGAIN A LABHAIRT. Deireann na daoine so leanas go bhfuilid toiltheannach a's lán-tsásta a gcuid gnótha do dheunamh i nGaedhilg le haon duine a thiocfadh chucha nó a sgríobhfadh chucha. Máire Ní Raghallaigh, Leabhair Ghaedhilge, 87 Sráid na Driseóige, Baile Átha Cliath. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor, 89 Sráid an Tálbóidigh, Baile Átha Cliath. Cló-Chomhlucht an Tálbóidigh, Teor, 85 Sráid an Tálbóidigh, Baile Átha Cliath. Tomás Mac Mathghamhna, Ceannaidhe, An Sgairbh, Co. an Chláir. Domhnall Ó Conchobhair, Cúntaisidhe, 13 Sráid an Fheis- tighe, Baile Átha Cliath. Ághaistín Ó hAodha, Táilliúr, 16 Sráid an Húmaigh, Baile Átha Cliath. J. L. Stewart, Siopa Choracha Oifige, 4 Faithche an Choláiste, Baile Átha Cliath. Muintir an Ráithín, Gáirdíní Oileamhna Crainn, Tuaim- gréine, Co. an Chláir. Siopa na Leabhar nGaedhealach, 45 Sráid Dáson, Baile Átha Cliath. H. Ridgeway (aon duine amháin), Bearrbóir, 22 Sráid an Fheistighe, Baile Átha Cliath. Bannc na Talmhan, Faithche an Choláiste, Baile Átha Cliath. Muintir Pléimeann, Gualadóirí, 9 Sráid Fheardorcha, Thuaidh, Baile Átha Cliath. An Siopa Gaolach (Fountain Book Shop), An Parád Mór, i gCorcaigh. Muintir Jules (aon duine amháin: Tomás Ó Catháin), coiffeurs de dames, 26 Faithche, Stiobhna, Thuaidh, Áth Cliath. Pádraig Ó Bodhléir, Táilliúr, 2 Cé Urmhumhan, Loch. Ó Raogáin agus a Chomh., Teo., Grósaeracht, 54 Sráid Dáson, Áth Cliath. Irish Manufacture Depot, 18 King Street, Béil Féirsde. S. Ó Gruagáin, Fuinteóracht, &c, agus leabhair Gaedhilge, 23 an t-Sráid Mhór, Biorra. Liam Ó Cionnaith, Cúntasaidhe, 9 Sr. Uí Chonaill Ioch., Baile Átha Cliath. Ba maith linn a thuille ainmeacha d'fhagháilt le haghaidh an liosta so. Ná Dearmhadaidh Lucht na bhFógraí sa “Sguab”
LUCHT EALADHNA AGUS AN TÍR-GHRÁDH. Is mó rud atá le foghluim ag lucht ealadhna in Éirinn, agus is mó rud freisin atá le dearmad aca. An chéad-cheann de na rudaí seo atá le dearmad, dar liom, sé sin an rud uaimhnach úd, galar taithneamhach urchóideach úd na haimsire seo atá i láthair, an phláigh úd na dtíortha uile go léir, mórmhór na tíre seo againn-ne: an dualgas do'n tír dúchais. Anois, ní abruighim ná gur fíor-aoibhinn an rud é an dualgas céadna ar a bhealach féin, agus admhuighim go bhfuil sé chó riachtanach do'n státaire nó do'n tsaighdiúir is tá a ghuth do'n amhránaidhe; acht ní saighdiúir ná státaire é an t-ealadhantóir, agus ní ceart go mbéadh dualgas aige do rud ar bith acht amháin do'n ealadhain féin. Sagart áilneachta tá san ealadhantóir, agus caithfidh sé gan ómós ná grádh thabhairt do chúis ar bith eile. An té nach fearr leis an ealadhan thar chuile rud eile ar an domhan seo, ní fíor-ealadhantóir é. Caithfidh fear na healadhna bheith chó geanmnaí ar a shlí féin leis an sagart, agus chó dúrachtach sglóndrach leis, agus gan leigint do phleisiúirí na polaitíochta, cuir i gcás, cur isteach ar a bheatha féin, ná draoidheacht chur air, ná a shaothar a lot. Tír í Éire atá lán de phleisiúirí na polaitíochta, agus de phleisiúirí eile freisin nach bhfuil baint ar bith aca le saol an ealadhantóra ná le saothrú a chéirde, agus mar gheall ar sin is dainséarach, agus an- dhainséarach, an tír í maidir le fear ealadhna. An iomarca draoidheachta chuir- feadh ar bhealach a aimhleasa é atá ag baint léi — an iomarca ar fad. Is geall le caraid taithneamhach gan náire eicínt í, agus í ag síor-iarra ort rud éigin dhéanamh ar a son. Is binn é an glór atá aici freisin — mórmhór leis an ealadhantóir. Tá rud eicínt ag baint léi nach féidir leis an gcroidhe is cruaidhe seasamh 'na choinne. Tá sí chó lán de thaithneamh is de dhraoidheacht d'aigne an ealadhantóra agus tá taisbeántas taistil nó siopa milseán d'aigne an pháiste. … Rud eile dhe, teastuigheann an iomarca uaithi. Is geall le n-a clainn féin í maidir le sin. Iarann sí an iomarca ar an saol. Déanamuid-ne, a clann, an rud céadna. Iarramuid an iomarca ar an saol agus ar a chéile. Níl meas madra againn, cuir i gcás, ar an bhfear nach dtig leis dánta sgríobha, bunreachta chuma, páipéirí nuaíochta chur in eagar, Sasanaigh lámhach, iomáint, pioctúirí dhathú, pleasgáin chaitheamh, óráid- eacha bhainfeadh deóir as na clochaibh glasa thabhairt, airm stiúra, abhráin ghabháil, agus éalú ó phroisún. Is cuma linn sa diabhal é bheith in ann aon cheann amháin de na rudaí sin dhéanamh go maith, ar an gcoinghíoll go bhfuigh' sé bás ar ár son luath nó mall, maidin ghlas ghaothmhar eicínt, thar é is mó í an spéis atá againn sa bhflúirse agus san iomadúlacht ná sa gcáilíocht, maidir le cúrsaí an tsaoil pé sgéal é, agus maidir le cúrsaí ealadhna, is beag ar fad an spéis atá againn ionnta- siúd ar chor ar bith, agus d'fhéadfaí cine fíor-leathan-radharcach thabhairt orainn mar gheall ar sin. Tá smaointe na hÉireann dírithe ar rudaí nach bhfuil aon bhaint aca leis an ealadhain, ar rudaí a bhfuil draoidheacht agus taithneamh iongantach ag baint leo, mar duairt mé cheana. Mar sin caithfidh fear na healadhna in Éirinn aire thabhairt dó féin. Má's mian leis cabhrú le n-a bhfuil d'áilneacht ag baint le Éirinn i ndá ríribh caithfidh sé dearmad dhéanamh ar Éirinn sul má ghní sé rud ar bith eile. I ndá ríribh atáim. Níor chum an “dualgas do'n tír dúchais” aon ealadhan mhór ariamh. Níor tháinig aon obair mhór litríochta nó dathadóireachta nó ceóil as a leithéid de mhothú ariamh. Sgríobhann an t-ealadhantóir dán nó ceapann sé pioctúir toisg gur mian leis a dhéanamh, toisg go dtoghann sé a dhéanamh, ní toisg gur dóigh leis go ndéanfaidh a shaothar maitheas d'á tír. An fear adéarfadh: “Suidhfidh mé fúm anois go sgríobhaidh mé úirsgéal thar é sin é tá ag teastáil ó mo thír dhílis ionmhuin” — níl amhras ar bith ann ná go mba dheas macánta grádhmhar an fear é, acht is an- chosúil go mb'fhíor-uathbhásach an t-úir-sgéal bhéadh sgríobhtha aige; agus maidir leis na dánta is na hamhráin a cumadh mar mhaithe le Éirinn bhuicht — seadh, chualamar uile go léir iad is dócha d'á ngabháil ar na sráid- eanna nó chonnaiceamar iad 'na gcrocha i
bhfuinneoga na siopaí faoi'n tuaith, agus an domhan iomlán 'á léigheamh. Is leór é sin. Na dánta móra do cumadh in Éirinn, na dánta mhairfeas, na dánta do chorruigh sinn uile go léir, sgríobhadh iad as ucht grádha do'n ealadhain, as ucht grádha do'n chur-i-gcéill. Na daoine do chum iad, ní raibh uatha acht a raibh d'áilneacht ionnta féin chur in iúl trí fhoclaibh ceólmhara is trí abairteacha binne, agus thoghadar a n-ábhar sgríobhtha — Éire, nó bean, nó clocha na gcnoc — ar ábhar sgríobhtha, agus gan ann acht sin. Níor shamhluigheadar gur sórt Dé bhí san ábhar sgríobhtha úd bhí toghtha aca, fiú amháin má b'Éire bhí ann; níor shamhluigheadar gurab é an t-ábhar an rud ba thábhachtaighe, mar ghnífeadh an fear a bhfuil dualgus aige d'á thír, acht b'eól dó gurab í an ealadhan an rud ba thábhachtaighe, agus gurab uirri-se chaithfidís freastal. Ní dhuairt siad: “Sgríobhfaidh mé seo nó siúd mar déanfaidh sé maitheas d'Éirinn.” Séard duairt siad: “Sgríobhfaidh mé a dteastuigheann uainn a sgríobha, thar é is ealadhantóir mé, agus tá rud éigin le rá agam.” Níl sa saol seo do'n ealadhantóir acht ábhar d'á ealadhain. Ábhar iongantach áluinn do'n ealadhain seadh Éire, agus ba chóir go n-aithneóchadh an t-ealadhantóir Éireannach an méid sin. Acht nuair bhéas sé sin tuigthe i gceart aige, caithfidh sé gan dearmad dhéanamh nach bhfuil innti dhó-sean acht ábhar ealadhna, agus gan sórt bain-dhia chantalach ghruama dhéanamh dhí a bhfuil dualgas dícéillí éigin aige dhi. Má's mar sin smaoinigheann sé uirri ní dhéanfaidh sé tada gur fiú le rá go deó. Béidh sé féin agus a chuid saothair crapuithe cuibhrithe ag a thír dúchais in ionad bheith ag baint cabhruithe is inspioráid' aisti. Ní headh, caithfimid an bhaothchainnt seo i dtaoibh dualgais d'Éirinn chaitheamh uainn. Níl aon cheó ann, fiú amháin an Púiritánachas, atá chó díobhálach nó chó sgríosach do shaothrú ealadhanta agus tá an tuairim úd go bhfuil dualgas ar lucht ealadhna do rud ar bith acht amháin do'n ealadhain féin. Tá a thír-ghrádh féin ag an ealadhantóir, agus níl aon bhaint aige sin leis an gcineál tír-ghrádha atá ag an státaire nó ag an saighdiúir, ag an mbanncaire nó ag an bhfear-gnótha. Is ceart go dtiubhradh sé grádh d'á bhfuil d'áilneacht 'na thír féin fá mar thugann sé grádh d'á bhfuil d'áilneacht chuile áit, acht ní ceart go ndéarfadh sé: “Dathóchaidh mé é seo nó sgríobhfaidh mé é siúd ar a son,” óir annsin bhéadh sé ag freastal ar a náisiúntacht féin trí mheadhonach a ealadhna, rud go mba cheart do cur i bhfad níos aoirde ná náisiúntacht ar bith, fiú a náisiúntacht féin. Níor dearnadh stuidéar in Éirinn ariamh ar an treó go bhféachann an ealadhan agus a lucht leanúna ar chúrsaí an tsaoil. Níor dhearna lucht ealadhna féin stuidéar ceart air. Leigeadar do na pleisiúirí úd atá luaidhte agam cheana breith orra agus iad sguaba leó — na pleisiúirí taithneamhacha nimhneacha úd an tsaoil náisiúnta seo againn- ne, agus ní rabhadar láidir a ndóthain ariamh le seasamh i gcoinne na bpleisiúirí sin, ná le n-a bhfíor-chuspóirí féin agus fíor- chuspóirí a n-ealadhna do leanúint go dlúth. Is mithid dóibh uile, idir lucht sgríobhtha, dathadóireachta, is ceóil, é sin dhéanamh, agus misneach a ghlaca, agus a rá, mar duairt Gautier sa réamh-rá do “Emaux et Cainées”: “Pendant les guerres de l'empire, Gœthe, au bruit du canon brutal, Fit le Divan occidental, Fraîche oasis où l'art respire. “Comme Gœthe sur son divan Á Weimar s'isolait des choses Et d'Hafiz effeuillait les roses, “Sans prendre garde à l'ouragan Qui fouettait mes vitres fermées, Moi, j'ai fait Émaux et Camées.” MÍCHEÁL MAC LIAMMHÓIR. [Tuairm Mhichíl féin athá san alt so. F.E.] ÁRACHAS Polasaithe ar ghach Conntabhairt le fagháil. CÁIN-IONCUIM Cóirighthear Eilimh Aisiocha, Reidhtighthe, &rl. AG MAC DONNCHADHA & Ó BEÓLÁIN, TEÓ. 51 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH. Guthán: 1106. Sreangán: Arrange, Dublin.
SEÁN NA gCLEAS. SGEUL DON AOS ÓG. D'innis mé cheana chonus a fuair Seán an Bitheamhnach Machánta na chosa leis ósna bitheamhnaigh agus chonus a tháinigh sé abhaile. “A athair,” arsa Seán maidin lár na márach, “téir go dtí an tighearna talmhan agus abair leis go bhfuil sé uaim a inghean do phósadh.” “Ambasa, 'sé an rud a deunfaidh sé ach na madraí do sgaoileadh chugham, is eagal liom. Má fhiafruigheann sé díom chonus a dhein tú do chuid airgid chad a dhearfaidh mé?” “Abair leis gur mise an maighistir- bhitheamhnach agus ná fuil mo shárú le fághailt in Éirinn, gur fiú míle púnt mé agus gur osna chladhairí ba mhó gan chrochadh a bhaineas gach aon phingin ruadh dhe. Bí ag labhairt leis gus an chailín ann.” “Is greannmhar an teachtaireacht atá le deunamh agam duit,” arsan t-athair, “is eagal liom gur olc an deire a bheidh air.” Tréis dhá uair a chluig do chas an sean-fhear. “Bhel,” arsa Seán, “'dé an sgeul?” “Sgeul greannmhar go leór,” arsan sean- fhear. “Ní raibh aon deallramh mí-shástachta ar an gchailín. Ní h-é seo an cheud uair a labhairis leithi, is dócha. Ag gáire a bhí an tighearna agus dubhairt sé gurb éigin duit an ghé do ghoid den bhior dé Domhnaigh seo chughainn agus go gchuimhneoch' sé ar an sgeul.” “Is fuiris é sin do dheunamh, per 'sa domhain é,” arsa Seán. Tréis dosna daoine a bheith tar nais ón Aifrionn luath an Domhnach na dhiaidh san bhí an tighearna agus na daoine go léir sa chistin agus an ghé dá chasadh ar an mbior roimh an teine. D'osgaileadh an dorus agus do shádh sean-bhachach suarach dona an cheann isteach. Bhí mála mór ar an drom aige. “An mbeadh ao' rud ag an maigheastreás domhsa, nuair a bheidh an dinnéir chaithte?” arsa sé. “Beidh, gan amhras. Ach níl aon slighe duit anois annso — fan sa phóirse go cheann tamaill.” Sara bhfad do leig duine éigin a bhí 'na shuidhe ag an bhfuinneóg liúgh as: “feuch, a mhaighistir, tá giarrfiadh mór ag rioth ar nós an diabhail thimpeall an bháin. An riothfamuíd amach chun bhreith air?” “Chun beirthe air! ní bhfuighfidhe. Suidh mar a bhfuil tú.” Do fuair an giarrfiadh san na chosa leis isteach sa ngairdín, ach do sgaoil Seán ceann eile as an mála — Seán a bhí ann i gchrot bachaigh, dar ndóigh. “O, a mhaigistir, feuch air arís ag bualadh thimpeall fós. Ní féidir leis imtheacht. Bíodh Seilg againn. Tá dorus an halla fé ghlas agus ní bhfuigheadh Seán dul isteach a chuigint.” “Fan socair, adeirim leat,” arsan maighistir. Cúpla nóimeant 'na dhiaidh san do glaodh an fear cheudna amach arís a rádh go raibh an giarrfiadh ann fós, ach b'shin é an triomhadh cheann a bhí Seán tréis sgaoileadh tá 's agat. Bhel, dar mo láimh, ní fheudfuidhe iad do choimeád istigh níos sia. Siúd amach le gach aon ceann achu agus an maighistir 'na ndiaidh. “An mbeadh-sa ag chasadh an bhir, a dhuine uasail, an fhaid a's a bheidh siad ag breith ar an giarrfiadh?” arsan bachach. “Deun agus ar do bhás ná leig isteach aoinne.” “Ambasa, ní dheunfad, bí súiráltha dhe!” D'imthig an triomhadh giarrfiadh mar a dh'imthig na cheannaibh eile, agus nuair a chasadar ón t-seilg ní raibh bachach ná gé sa chistin. “Greadadh chughat, a Sheáin,” arsan tighearna, “do bhuailis bob orm an uair seo.” Ní fada 'na dhiaidh san gur tháinig sgeul ó athair Sheáin dá n-iarraidh anonn ar dinnéir. Dóbair gur phleusg an tighearna a bheist- chuirp le neart gáire agus é ag ithe a ghé féin, agus geallaim-se duit gurb ag dul i meud a bhí chion an chailín ar Sheán nuair a chonnaich sí na deigh-eudaigh a bhí air agus na deigh-bheusa a bhí ag baint leis. “Ní féidir leat a bheith siúráltha dem' inghean, a Sheáin,” arsan tighearna agus iad ag ól punchh sa pharlús tréis dinnéir, “maran goidfidh tú na sé chapaill liom óna seisear fearaibh a bheidh ag faire ortha sa stábla istoidhche amárach.” “Do dheunfainn níos mó ná san, arsa Seán, “ar feuchaint thaithnimeach ón mbean uasal óg,” agus tháinig luisne i leacain an chailín óig.
Tráthnóna an Luain bhí na sé capaill sa stábla agus fear in áirde ar gach aon chapall acu. Bhí gloine maith uisge bheatha fé bheist- chuirp gach aon fhir acu agus an dorus ar osgailt do Sheán. Bhíodar meidhreach go leór ar feadh tamaill; bhíodar ag magadh a's ag amhrán agus bhí truagh acu do Sheán bhocht. Ach d'eulaigh an oidhche in áit a chéile agus do chromadar ar a bheith ag crioth agus ag tnúthán leis an maidin. Fé dheire tháinig sean-chailleach dona go dtí an dorus. A leithéid d'aindeiseoir ní fhaca tú riam, málaí timpeall uirthe in áit eudach agus feusóg leath-órdlach ar fhaid ar an smeig aici. “Mhuise, a Chríostaidhthe bhádh-mharacha,” arsa sí, “an féidir liom dul isteach agus mo sgíth do leigaint ar sop tuighe sa chúinne. Raghaidh an sioc isteach go dtí an cnámh ionnam maran dtugeann sibh fuithint dom.” Bhel, cheapadar narbh aon diobháil é. Do chluthmharuigh sí í féin chomh maith a's a dh'fheud sí agus ba ghairid gur thugadar fé ndear í ag ól suip as buideul mór dubh a bhí aici. Bhí sí ag casachtaigh agus ag cimilt a béil agus do shamhluigh sé dosna fearaibh go raibh sí compórdamhail go leór; bhíodar in eud leithi, dar ndóigh. “A gharsúin,” arsa sí tréis tamaill, “do thairgeochthainn braon dé daoibh ach amháin go mbéidir gur dhóigh libh go mbéinn ró-dhána.” “Dhera, sa riabhach le mórchúis gránda,” arsa ceann acu, “glacfad-sa leis agus bead buidheach díot.” Annsan do thug sí an buideul dóibh. D'fhágadar timpeall leath-ghloine ann don t-sean-chailleach agus dubhradar nár bhlasadar riamh braon ní ba fhearr ná é. “Ar 'm fhocal, a bhuacaillí,” arsa sí, “is ormsa atá an t-áthas go bhfeudaim teasbáint daoibh gur mór is fiú liom bhúr gcneastacht. Nílim gan buideul eile agus geobhaidh sibh é chur mór-thimpeall an fhaid a's a bhead-sa ag críochnú a bhfuil fágtha ag an bhfear macánta sa ceann so.” Bel, chun bhreith gairid ar an sgeul, bhí deoch suain measgtha sa bhfuisge. Ní túisge bhí an fear deireannach tréis tuitim na chnap ar an diallait nár thóg Seán (cé eile a bhí ann) iad go léir anuas, do tharraing sé stoca thar crúidhte na gcapall agus do thiomáin sé amach iad go ciúin socair go dtí macha a athar. 'Sé an cheud rud a chonnaic an tighearna maidin lár na márach ach Seán ag marcaidheacht aníos an bóthar agus cúig capaill eile 'na dhiaidh. “T'anam ón diabhal, a Sheáin,” arsa sé, “agus sgeimhle ar na pleidhcí a leig duit a bheith ionnta.” Chuaidh sé amach go dtí an stábla agus nach iad sin a bhí leamh díobh féin chomh luath a's a dhúisighdear i gceart. “Ina dhiaidh san a 's uile,” arsan tighearna le Seán, “ní mór an gaisge bob do bhualadh ar a leithéidí amadán, beadsa féin ag marcaidheacht ar an gcoimíneas óna buille go dtí a trí a chlog indiu agus má éirigheann leat an beithidheach do bhaint uaim dearfaidh me gur fiú liom ort é a bheith mar cliamhan agam.” “Dheunfainn níos mó ná san ar son na honórach, mara mbeadh aon grádh sa sgeul in ao' chor,” arsa Seán agus chuaidh an cailín i bhfolach taobh thiar dena ciarsúir. Bhel, do lean an tigearna ag bualad thimpeall anonn a's anall go dtí go raibh se cortha agus drae Seán a bhí le feiscint Do bhí sé ag cuimhneamh ar casadh abhaile sa deire nuair cad a chifeadh sé ach ceann desna fearaibh ag rioth ar a lán-dhícheall ón tigh mar a bheadh buille air. “O, a mhaighistir, a mhaighistir,” arsa sé, ós árd a chinn a's a ghutha, “imthig abhaile go mearr más áil leat an mhaighistreáa d'fheiscint beo. Táim ag rioth fé dhéin an doctúra. Do thuit sí anuas an staighre agus tá sí tréis an cromán nó an muineul nó an dá geug nó ní fheadar cad an rud é do bhriseadh. Rioth chomh mearr a's atá sa chapall.” “Ach narbh fearr dhuit-se an capall a bheith agat,” arsan tighearna. “Tá sé míle go leith go dtí tig an doctúra.” “Pé rud is maith leat, a mhaigistir. A mhuire is truagh, a rádh go bhfeiceochthainn an lá indiu.” “Eist do beul, agus mithig ar nós an diabhail.” Do rioth sé abhaile chomh tapaidh a's a bhí na chosa agus bhí iongantas air ná raibh aon gleo ná fústar ar siubhal mór-thimpeall. Isteach leis sa halla agus go dtí an parlús. Bhí a bhean a's a inghean ag fuagháil ar a suaimhneas agus do leigeadar sgreuch asta le neart eagla nuair a chonnaiceadar an fuadar a bhí fé agus an feuchaint a bhí ar a aghaidh.
Maran raibh an tighearna as a mheabhar nuair a fuair sé amach conus a bhí an sgeul bhí sé gairid do, bhí an oiread san áithis air mar gheall ar a bhean a bheith slán an oiread san feirge air mar gheall ar Sheán agus an oiread san searbhais i dtaobh an t-slighe do righneadh feall air. Níor tháinig an seirbhíseach thar nais go ceann seachtaine, ach narbh chuma leis sin agus deich nginí óir 'na phóca aige a thug Seán dó. Níor chuaidh Seán 'na ghiorr' ná 'na ghaor an lá san agus nuair a dhein b 'ait an fáilte a bhí roimhe. “Droch-obair ba dh'eadh í,” arsan tighearna. “Ní mhaithfidh mé duit go deo an sgannradh do chuiris orm, ach san am ceudna táim chomh sona ó shoin i leith gur dóigh liom ná triall- faidh mé tú ach aon uair amháin eile. Má's féidir leat an bairlín do bhaint den leaba fúinn anocht beidh an pósadh ann amárach.” “Deunfadh iarracht,” arsa Seán, “ach má choimeádann tú mo bhrídeach uaim a thoille sgiobfaidh mé liom í, is cuma dá mbeadh oillphiastí nimhneacha ag faire uirthi.” Nuair a bhí an tighearna agus a bhean sa leaba agus an ghealach ag taithneamh isteach an fhuinneóg, chonnaic sé ceann ag tabhairt cat-súil thar slat na fuinneoige agus ag imtheacht arís. “Sin Seán,” arsan tighearna, “cuirfead- sa iongantas air an uair seo,” agus leis sin do ghlinn sé guna mór i dtreo an pána iochtarach. “In ainm Dé, ná lámhaigh an buachaill calma” arsan bhean. “Níl aon bhaoghal air,” arsa sé, “níl ann ach púdar.” D'árduigheadh an ceann arís, do phleusg an guna agus do thuit an corp de phleist mór ar an gairbhéil thíos. “Go bhfóiridh Dia orrainn,” arsan bhean, “tá Seán bocht marbh nó mairtrighthe go deire a shaoghail'.” “Tá súil agam ná fuil,” arsan tighearna, agus siúd leis síos an staighre. Níor bhac sé leis an dorus do dhúnadh ach d'osgail sé an geata agus amach leis go dtí an gairdín. D'airigh a bhean a ghuth ag dorus an t-seomra — fé raibh d'uain aige dul amach agus teacht isteach arís mar a cheap sí. “A bhean, a bhean,” arsa sé ón dorus, “tabhair dhom an bairlín. Níl sé marbh ach tá sé ag tabhairt fola mar a dheunfadh muc. Caithfidh mé í chimilt dhe chomh maith a's is féidir liom agus duine éigin d'fhághailt chun go n'iomparóimíst isteach é.” Do sgiob sí an bairlín den leaba agus do chaith sí chuige é. Síos leis 'na splannc agus ní túisge bhí sé imthighthe ná bhí sé istigh arís agus é i gcabhail a léine mar a chuaidh sé amach. “Crochadh gan sgaoileadh ort, a Sheáin, a ropaire,” arsa sé. “Ropaire!” arsa bhean. “Ná fuil an buachaill bocht brúidhte geárrtha gor- tuighthe” “Ba chuma liom dá mbeadh,” arsan tighearna. “Cad a bhí ag suathadh síos suas ag an bhfuinneóg, an dóigh leat, agus cad a thuit chomh trom san ar an gcasán? Eudaigh fir lán de tuighe agus cúpla cloch, má 'sé do thoil é.” “Agus cad a bhí uait den bhairlín ó cianaibh, mar sin, maran raibh ann ach fear tuighe?” “Bairlín, a bhéan, bairlín! Ní raibh an bairlín uaim.” “Bhel, is cuma pé acu a bhí sé uait nó ná raibh, do chaitheas chughat é agus tú id' sheasamh leath-is-muigh den dorus.” “O, a Sheáin, a Sheáin,” arsan tighearna, “is tusa an tinncéir uathbhásach. Níl aon mhaitheas a bheith ag comhrac leat. Caithfimíd deunamh in eughmais an bhairlín ar feadh aon oidhche amháin is dócha. Beidh an pósadh ann amárach chun go seachnóimís a thuille trioblóide.” Bhí. Agus d'iompuigh Seán amach 'na fhear phósta mhaith agus ní raibh aon teora leis an moladh a thugadh an tighearna agus a bhean dona gcliamhan .i. Seán na gCleas. CILL NUADH. DEUNANN SCOTT & A CHOMH., TEÓ Ráin, Sluasaid, Grafáin, Piocóid, Héatair. &rl. I MÓIN-ÁRD I gCO. CORCAIGHE. Oifig: Sráid Mhic Curtain ig Corcagh.
EACHTRAÍ AN CHAISLEÁIN. Do thúirling mé dem' rothar i lár an droichid. Bhí an abha bheag ag crónán go ceólmhar agus í mar shnáth airgid ag drithliú fé lonnradh na gréine, leoithne suairc ionnfhuar anuas an comar, paiste d'arbhar órdha thall is i bhfus, agus shuas i gcéin corcra an fhraoigh ghá mheascadh féin i ngorm na spéire. Ach níor bh'é an radharc greanta sin fé ndear mo stad i lár an droichid ach sean- fhotharach suidhthe in áirde ar chnocán ghlas cúpla péirse uaim. Colamhan lom árd, ball de fhalla anso is ansúd, agus neanntóga téagartha borba droch-mhiotalacha mar ghárda mór-thímpeall ortha — sin a raibh ann. Ar an gcéad amharc cheapas gur máchail ar an radharc é, ach duine mé a chuirean spéis i sheana-fhorgnaíbh bíodh siad áluinn nó a mhalairt. Dá gcasadh seanchuí orm a 'neósfadh dhom rud éigin in-a thaobh, ach — d'airigheas coiscéim. Bhí gioblachán a' teacht anuas an bóthar. Bhí sé ceal casóige agus bhreithnigheas láithreach gur stocaire de fheirmeóir é a bhain leis an áit. “Maith mar a thárla,” arsa mise im' aigne féin, nuair chonach cugham é, “ní foláir nó tá eachtraí aige-siúd i dtaobh an seana-chairn seo — díreach atá uaim.” Duine trom-aosta a bhí ann, duine a raibh aghaidh oscailteach mhacánta air, agus mar bhréagadh ar a chuid bhalcaisí bhí deallramh an deigh-chothuithe i ngach órlach dhe go mór mhór 'san chuid sin d 'á chorp a bhí laistig de bhinndeal a bhríste. Bhí sé gléasta, mar a thuigfá ó'n bhfocal “gioblachán,” go bog scaoilte scóipiúil, agus fé raibh sé i bhfad im' fhiadhnaise bhraitheas go raibh ball eile dhe níos buige scaoilte scóipiúla ná a chuid balcaisí féin — a theanga. “Ag féachaint an chaisleáin,” ar seisean, ag baint a phíopa as a bhéal, san am ceadna ag déanamh gléis-scéithe le n-a dhá phus agus ag lamhach amach — an gná-rud a theilgean dúdaire amach nuair a bhfuil seach tobac á chaitheamh aige. An fhaid a bhí sé ag cainnt agus ag oibriú an gléis-scéithe do iniúch sé orm síos agus suas, ó bhun go baitheas, ach go cíneálta atharúil díreach mar a dh'féachfadh athair a bheadh ag meabhrú an 'mó slat a dhéanfadh culaidh d'á mhac. “Seadh,” arsa mise. “Nách dúr doicheallach an fotharach é? Má's aon chruthú ar a dheallramh an t-iarsma seo dhe ní foláir nó ba alltach an áilleán é sara dtáinig réim na h-aindeise air.” “Mhaise mó cheól thú,” ar seisean, “agus abair é sin, a mhic ó. Ach b'é an diabhal féin a thóg é agus ceann des na h-áitean' é seo a chomhníonn sé nuair a thagann sé i gcúaird aníos.” “Ach cér b'é féin in ao' cor?” “An Ridire Buidhe,” ar seisean, ag baint na salóige as a phíopa agus ag tosnú ar ath-líonadh. B'é an bocaire a shciobfadh an ceann díot gan bheith i bhfad ar a thí! Shuas fé'n túrtóig san thall bhí an bloc is an tuagh agus fear an dí-cheannadh agus saothar air de ló is d'oidhche gan sos gan staonadh ó Luan go Sath-Domhnach is ó Dhomhnach go luan. Na cloiginn a bhánadh 'san ngréin is a chnagadh 'san ngaoith os cionn na fallaí úd thall! Innsteann na daoine scéalta a dh'árdóch' do chuid gruaige id' cheann, a mhic ó, ach dá olcas e an Ridire Buidhe, ní chreidfá an ceathrú a chuirtear 'na leith dá nglacfá comhairle carad — ná'n riabhach creid. Ach mo chreach is mo léir,” ar seisean agus seirbhthean 'na ghlór, “b'feárr liom bheith a' gabháil de chiceanna orm héin ná bheith ag éisteacht le daoine ag spalpadh na mbréag i dtaobh an fhotharaigh úd. N'fheadar,” ar seisean go feallsúntach, ag socarú cos a phíopa idir an dá chreachail amháin a bhí fágtha 'na dhranndal, “N'fheadar, a bhuachaill, an amhlaidh atá an teanga ag tógaint an galair ós na rudaí gránda — na fiacla fallsa a bhíonn age sna daoinibh anois.” “Is annamh le scéaluí gan bheith bréagach,” arsa mise, agus tocht gáirí orm, gan cuimhneamh ar an nóimit go n-oirfeadh an caipín dom fhéin. “Díreach,” ar seisean, “agus ba chóir go mbeadh náire ortha. Ach cad tá 'gam a radh? Diabhal náire nó allus ar na daoine 'nios a mhic ó, agus tá a rian ortha, ní féidir leat focal a creidiúint uatha.” D'fhéach sé i dtreó an chaisleáin. “Cíonn tú an t-árdán glas tímpeallach air,” ar seisean. “Seadh. Féachann sé go glas mealltach adeireann tú. Féachann i maiste, ach a' gcreidfá mé — gach duine riamh, agus fiú an beathaidheach is an t-éan, a raibh sé de dhánaidheacht ann bacadh leis i n-aon sórt slí b'é deire le rath is suaineas is sláinte dhó.” Do stad sé an fhaid a bhí sé ag oibriú an gléis-scéithe agus seo leis airís. “Ní dearmhadfaidh mé go deó
an bhliain do gheárr Seán na gCártaí an féar ar an gcnocán úd. Ní bhuailfeadh an diabhal féin buille ar an Sheán cheádna — sin a mheastí uair ach go h-áirithe. Mar dubhart gheárr sé an féar agus shábháil sé é. Tharraig sé abhaile é agus dhein sé coca mór de 'san iothlain, agus deabhas rud mí-choitchionta a thuit amach. Ní miste a rádh go raibh breall ar a lán daoine toisc a shaoire a chuaidh sé as, agus beag ná gur tháinig droch-mheas ortha ar chomacht an Diabhal Bhuidhe féin. Bhal, do thárla an lá so bhí Seán ar an aonach, agus bhí sé ag ól agus ag maoidheamh as an gaisce a bhí déanta aige 'a rádh go mba mhaith leis a fheicsint aon Ridire nó Bodaire, bíodh sé buidhe nó bíodh sé bán nó aon dath eile, as iarta Ifrinn amach a chuirfeadh bárr a mhéire air féin, nó ar aoinne a bhain leis, nó a thiocfadh níos giorra ná fiche míle dhó. A' bhfeiceann tú an tigh beag úd thuas sa ngleann?” arsa an scealuí ag síneadh a mhéire, “agus an iothla ar an dtaobh seo dhe? Díreach. Anson a bhí an coca stór déanta ag Seán. An lá a bhí mo bhuachaill ag bladaráil is ag fógradh cogaidh ar gach aon Ridire a bhí damanta riamh cad a thárlóch' ach mé féin im' sheasamh ar an ndroichead so díreach mar atáimíd anois. Amharc dá dtugas suas i dtreó tighe Sheáin cad a chífinn ach an coca stór ag bogadh anonn is anall nós caillighe a bheadh corra- thónach i gcathaoir shúgáin a bheadh cnapánach fúithe! Deirim leat gur baineadh preab asam. Ach nuair chonach an coca ag éirighe órlach ar órlach, céim ar chéim suas 'san spéir beag ná gur thuit an t-anam tur te asam. Ba chuma nú clog an t-séipéil maidin Domhnaigh an croidhe istig ionam, a bhuidheanach. … Níos aoirde fós an coca stór, níos aoirde 'san spéir. D 'eirigh an t-sidhe- ghaoithe. Rug sé ar an gcoca. Deineadh bulla-báisín de, agus níos luaithe ná'n chaor scuaibeadh os cionn an fhotharaigh seo é. Timpeall an chaisleáin — uair! — dhá uair! — trí h-uaire! — deineadh splannc lasrach dhe, d'airigheadh fuaim mar fhlich-shneachta ag tuitim, agus b'é an chéad rud eile a thugas fé ndeara ná an t-árdán so go léir clúdaithe le luaithreach! Níor cuireas an scannradh díom go ceann bliana …” “Ó, Seán? Nuair tháinigh sé abhaile cé go raibh sé bog-mheisce b'é an chéad rud a mhothuigh sé ná'n coca stór imithe. Cheap sé ar an bpointe gurb' amhlaidh do dhíol a bhean é an fhaid a bhí sé féin ar an aonach agus geallaim-se dhuit go raibh sé 'na chogadh eatorra láithreach. Ach nuair thuig sé an scéal thug sé do'n léabaidh agus fuair sé bás.” Mhothuigheas an fheirc ag crith laistig de 'n bhinndeal, ach pe' cu bhí sé scannraithe len-a scéal féin nó a' gáirí os íseal do theip orm a dhéanamh amach. “Is úafásach an scéal e,” arsa mise, ag feáchaint ar an aghaidh oscailteach mhacánta a bhí cómh sollamhanta le h-aghaidh bhreithimh. “Seadh leis,” ar seisean, “agus mara mbeadh mo dhá shúil féin —” Do stad sé go h-obann. Bhí scata géanna a' teacht timpeall cúinne an chaisleáin agus iad ag creimirt an fhéir is ag gogáil gan aon mairge ortha, dar ndóigh, ach gach re “tarraig is sáith airís,” ar siubhal go h-éascaidh aca. D'fhéachas go fiosruitheach air. “Á,” ar seisean, “ba dhóbair dom é dhearmhad. Scéal aisteach eile é sin, a mhic ó. Liom-sa na géanna. Ní géanna coit- chionta iad cé go bhfhéachann siad é, b'fhéidir. Baineann draoidheacht leo, baineann i muige, agus nuair cloisfidh tú an scéal tuigfir ca' thaobh a leigim leó dul thar teórain isteach anson, dá aimhdheóin diablaideachtaan Bhiteamh- naigh Bhuidhe. Ach 'neósfaidh mé an scéal duit. “Go ndéanadh Dia trócaire ar anam m' athar,” ar seisean, go diaganta, “bhí sé tráthnóna amháin i dtúis an gheimridh ag dúnadh suas agus ag cur gach nídh i dtreó i gcóir na h-oidhche nuair cad a chífeadh sé a' teacht cuige síos an casán ach mada-ruadh, a theanga ag sileadh amach, seórdán 'na scórnaigh, agus é traochta sáruithe. Bí na fiagaithe ar a thóir i rith an lae, 'tuigeann tú, agus nuair chonnaich m'athair an créatúirín bocht do leaghadh a chroidhe le truagh dhó láithreach d'oscail sé doras an sciobóil.” Tharraig an aindeiseóir madra-ruadh é féin isteach is luigh sé síos in aon cnaip' amháin ar gabháil féir a bhí sa chúinne. Amach lem' athair go cró na ngéanna. Rug sé ar cheann bhreágh ramhar. Thar n-ais leis agus an gé 'na bhaclain aige agus chaith sé isteach insa scioból í agus dhruid sé an doras. Nuair cheap sé go raibh an gé ithte agus a scíth leigthe ag an mada-ruadh d'oscail se doras an sciobóil airís. Tháinig an mada-ruadh amach, d'féach sé go buidheach ar m'athair, d'iompuigh sé ar a sháil agus chuir sé an cnoc de go mall righin. “An tráthnóna 'na dhiaidh son nuair abhí m'athair ag dúnadh suas cad a chífeadh sé
ach an mada-ruadh céadna ag sodar síos an casán agus gé breágh ramhar á thiomáint aige. Bhí iongna agus alltacht ar m'athair, nídh nách iongnadh, ach níor dhein an mada-ruadh ach a cheann a bhagairt i dtreó an ghé agus as go bráth leis airís. Bhí m'athair bocht i dteannta, ach cun scéal geárr a dhéanamh dhe, do choimeád sé an ghé agus síol-aicme an éin sin an tréad úd. Thuigfir anois ca' na thaobh a leigim leó — á, níl tú ag imtheacht? Is truagh ná féidir leat fanúint go 'neosfaidh mé — ach uair éigin eile — Bhal, go n-éirighidh do bhóthar leat, a mhic ó, go n-éirighidh sin.” Phreabas ar mo rothar, ach ní túisce bhí mo dhrom leis ná shaoileas gur airigheas fuaim mar a bheadh cnaipí ag pléascadh. “Ní foláir,” arsa mise im' aigne féin, “nó tá an binndeal briste an iarracht so.” Sin mar a fuaireas “Eachtraí an Chaisleáin,” ach bím ag cuimhneamh ó shin pe'cu bhfuil dlúth-bhaint le fiacla fallsa agus bréagaireacht nó ná fuil, nách aon cruthú ar fhirinne an duine, ach go h-áirithe, é bheith i dtaobh le cúpla creachail fiú amháin nuair ghabhann aghaidh oscailteach mhacánta leó. GAILLTE BEAG. SÚGRADH. Cleas é seo chun scoláirí do mhealladh chun breis suime do chur i seanfhocla Gaedhilge). Seo mar d 'imrightear é — Deireann an t-oide, nó duine de sna scoláirí rann beag ar dtúis, mar atá, “An Circín Donn” nó “Druingide Drainide.” An scoláire go dtuiteann an focal deireannach den rann air, beidh air-sin dul amach fhaid a bheidh an chuid eile ag socrú eatorra féin cia acu seanfhocal a bheidh acu le cur air. Nuair a bheidh soin socair, glaodhfar isteach an t-é atá amuigh — (Seán a ainm, abair) a's déarfaidh gach scoláire rud éigin go mbeidh focal den t-sean fhocal ann — mar seo féach:— Seán (leis an gcéad scoláire) — Seadh, a chara, cad tá le rádh agat-sa? C.S. — IS MÓR an spóirt atá ag na leanbhaí beaga indiu. D.S. — Bíodh FOIGHNE agat, a chara, a's gheobhair amach an seanfhocal, gan teip. T.S. — BUAIDHFID an Ghaedhilg sa deire, má bhíonn na Gaedhil dílis dí. Seán — Á. Tá sé agam — Is mór í an fhoighne agus buadhfaidh sí — Nach eadh? Na S. — Maith an buachaill! a Sheáin. Tá sé agat, gan dabht ar domhain. Dearfar an rann beag airís annsoin a's raghaidh an cleás chun cinn mar a chuaidh cheana, agus seanfhocal nuadh acu. Ós ná raibh an “Circín Donn” i gcló riamh cheana, ní miste é chur síos annso. In Gleana Eatharla chuala é. — Deirtear go bhfuil cleas an ghasta ag an madra ruadh — má's rud é go mbíonn an chearc nó an sícín ró-árd do, ar an gcleith i gcró na gcearc, cromann sé ar é féin do chasadh timcheall chun go dtagann meabhrán i gceann na circe a's go dtuiteann sí anuas chuige — “is fearr stuaim ná neart” — mar adeir an sean fhocal.” AN CIRCÍN DONN. An Madra Ruadh — “Codail, codail, chircín donn, Sin é an searrach, Tríd an gearrach An madra ruadh glic A's é ag cas' ar an mbuaille Sé adubhairt go luath an rann. Gur thuit le tuairt, An Circín donn Den cleith anuas Chun an madra ruadh.” SEÁN Ó GRUAGÁIN. EASON Leabhar úrnaighthe Catoileachaighe, an cur amach is deidheannaighe aith-sgríobhtha agus ceartuighthe. Clóbhuailtear agus clúdaightear in Éirinn iad. The Garden of the Soul. The Key of Heaven. The Manual of Catholic Piety. The Treasury of the Sacred Heart. The Imitation of Christ. Holy Childhood. &rl., &rl. Cló breághdha, páipeur maith, Clúdach cruinn agus seasamhach, mar adeireann gach aoinne. Luach íslighthe — 1/- go 18/- An seachtmhadh cur amach le fághailt anois 61,000 cóip ar fad. TREASURY OF THE SANCTUARY, Leabhar Úrnaighthe. Á chur in eagair ag Siúracha na Trócaire, Sráid Stanhope, Baile Átha Cliath. Royal 32mo. 5" x 3¼". Clúdaighthe go deas, i bpáipeur in Eudach nó i leathair. Luach ó 2/- go 9/- Liosta le fághailt ach é dh'iarraidh. Gheibhtear na leabhra thuas ó gach siopa Leabhair agus Cráibhtheachta. EASON AGUS A MHAC, TEO., Baile Átha Cliath agus Béil Féirsde.
LEITREACHA. POST-SHEANCHUS. Do'n bhFear Eagar, beatha agus sláinte, Ar bhfeiscint dom an tagairt a dheinis do Phost- Sheanchas agus d'Aireacht an Phuist i “Sguab” na Márta, dubhairt liom féin nár bhfearra dhom rud a dhéanfainn ná an méid beag eoluis a bhí agam féin i dtaobh ainmneacha áiteann, mar a bhfuil Oifigí Puist, do chur chughat gan mhoill. Bh'fearr liom é chur chughat-sa i dtreo go gcuirfeá an “Sguab” ag obair na thaobh ná go dtí lucht an Phuist. B'féidir gur bhfiú leat an méid seo leanas do chur i gCló san “Sguab” ach mara bhfiú bheinn fé chomaoin mhóir agat ach é chur i n-iúl do lucht an Phuist. Is dócha gur gearr go mbeidh gach marc puist i nGaedhilg (tá cuid mhaith díobh i nGaedhilg cheana féin), ba mhór an trua é gan sean- ainm cheart Ghaedhealach na h-áite do bheith sa mharc san. Anois an t-am againn chun na lochtaí atá ar Phost- Sheanchas do leigheas. Ar an gcéad ásg, bhí an blúire Gaedhilge seo i dtaobh Passage West, Co. Chorcaí, atá agam á chur chugat, bhí sé san “Cork Examiner” tímpal bliain go leith ó shoin. An Fear Daire do scríobh é. Tá cóip de Phost-Seanchas I. agus II. agam agus na dearmhadta go ndeintear tagairt dóibh sa bhlúire pháipéir seo táid le feicsint sa dhá chuid sin. Cuir i gcás i b-Post-Sheanchas I. tá “An Pasáiste” mar Ghaedhilg ar Passage West. Is dóigh liom-sa gur deise agus gur Gaedhealaí go mórd'ainm “An Calath” Tá pasáiste go canta 'sa ghnath-chaint mar Ghaedhilg ar passage nó corridor ach mar ainm ar shean-áit ársa ní maith liom in-aon Cor é. Rud eile dhe, ní misde dhúinn muinín do bheith againn as an bhfear faire, go bhfuil an fhuirim cheart de'n ainm aige. Táim cinnte leis, ní h-amháin nach mór leis dúinn fíor-ainmneacha na n-áiteann a thug sé sa bhlúire páipéir seo do chraobh sgaoileadh do'n phobal ach gurab amhlaidh ba mhaith leis iad do bheith i mbéal gach uile Ghaedhilgeora. Agus níl Monkstown i gceart i bPost-Sheanchas leis. Baile na Manach atá ann i n-inead Bhaile an Mhanaigh. Tá Baile an Roístigh (Rochestown) i gCeart ann. Maidir le Crosshaven tá an fhuirm cheart .i. Bun a' Taibhirne (Táirne) i gcuid II., ach sé fuirm atá i gcuid I. ná Bun an tSáile (!) Sin a bhfuil le rá agam anois i dtaoibh an bhlúire pháipéir úd ach tá cúpla rud eile le h-innsint agam fós. Ní fuláir nó táir ag eirghe cortha dhíom fé'n am so ach bíodh foidhne agat liom tamaillín beag eile. Tá áit i n-aice le Cóibh Chorcaí go ndeirtear Belvelly leis i mBéarla. Bheul tá cara domhsa 'na chomhnaí sa taobh san dhúthaigh agus bhíodh sé ana-mhór le sean-chainteoir dúchais a bhíodh na chomhnaí in aice le Belvelly. Is mó uair do bhíodh comhrá breá comharsanúil aca le chéile. Fuair an seanduine bás tímpal mí o shoin — solus na bhflathas dá anam. Béal an Bhaile a thugadh sé ar Belvelly i gcomhnaí. Níl sa bhfuirm atá ag Seosamh laoide, mar adeir sé féin i gcuid II., ach buille-fé-thuairim ón ainm atá i litriú an Bhéarla. Sé fuirim atá aige na Béal Bhíle. Deireadh an seanduine gurab é rud a chialluión Béal an Bhaile ná béal an bhaile mhóir .i. an Chóbh, mar tá an áit díreach ar imeall an Oileáin Mhóir agus tá droichead ann ag dul idir an oileán agus an mhóirthír. Tá áit eile in aice le Ráth Luirc, Co. Chorcaí, ar a dtugtar i mBéarla Milford. Tá Cill Bheoláin i bPost-Sheanchas mar Ghaedhilg ar an áir sin. Dubhairt cúpla duine a rugadh agus a tógadh san áit sin liom gur dhá áit fé leith ar fad Cill Bheoláin (Kilbolane) agus Milford agus gurb í Gaedhilg ba cheart a bheith ar Milford ná Áth an Mhuilinn. Rud eile dhe fós, do fágad amach Cill Dairbhre, Co. Chorcaí, i gcuid II., de Phost- Sheanchas. Sin a bhfuil agam le rá i láthair na h-uaire agus tá súil agam go gcuifir an méid adubhart thuas i n-úil do lucht an Phuist. Ba mhaith an rud é, leis, dá n-iarrthá ar léightheoirí. “An Sguab” aon eolus atá aca i dtaobh ainmneacha áiteann mar a bhfuil oifigí puist do chur chughat. Annsan d'fheadfá cúinne beag de'n “Sguab” d'fhágaint i gcoir an eoluis sin. Tar éis tamaill d'fhéadfadh Aireacht an Phuist Phost-Sheanchas nua do chur i gcló, ceann a beadh gan locht, chomh fada agus dobh fhéidir sin. Is dóigh liom go bhfuil “An Sguab” thar bárr agus is cúis atháis agus lúthgháire dhom a chlos a bhfeabhus is tá ag eirghe leis. Gura fada a fágar suas tu chun “An Sguab” do láimhseáil agus ceart na Gaedhilge binne milse do phlé agus do chosaint. Is mise, “ÓGÁNACH NA FÉASÓIGE.” LÉIRMHEAS. GAEDHEALG SAN OIFIG. Níl aon slighe eile chun na Gaedhilge d'fhoghluim ach tabhairt fúithi i ndá ríribh, uair a chluig ar a luighead do chaitheamh ar an obair gach aon lá, dúil a bheith ag an bhfoghluimtheoir innti, agus aigne láidir agus foidne a bheith aige chomh maith. Níl aon chomhgar ann in ao' chor. Tá daoine ann agus is dóigh leo gur cheart go mbeadh an Ghaedhealg acu tréis dóibh a bheith ag tinncéireacht ar leaibhrín éigin ar feadh cúpla mí agus nuair ná éirgheann leo annsan caitheann siad uatha í. Ní maith liom na leabhra so a mbíonn trí cholumhain ionnta (Ghaedhealg, Béarla agus iarracht ar foghair na Gaedhilge do chur sios i leitriú Béarla). Saghas meallaidh iseadh iad, chomh maith as a dhearfaidhe gur féidir an Ghaedhealg d'fhoghluim ar an gcuma san. Tréis dúinn an méid sin do rádh — chun ná bainfidhe aon tuigsin fallsa as ár dtuairim — ní misde liom a rádh go bhfuil an leaibhrín seo do sgriobh Pádraig Ó Bróithe go maith 'na shlighe féin. Saghas leabhar- phóca iseadh é do dhaoine a bhfuil roinnt Gaedhilge aca cheana agus a mbíonn uatha rudaí áirighthe do rádh agus do sgríobh agus iad ag obair in oifig. Ní mhúinfear mórán Ghaedhilge dóibh as an leabhar so ach déanfaidh sé a chion féin chun na Gaedhilge do tharranigt isteach in áiteanna ná fuil sí an-fhlúirseach anois agus is fiú rud éigin san. Tá's agam go bhfuil cuid maith cailíní agus buachaillí dá úsáid agus ag baint tairbhe as agus teasbánann san go raibh práidhinn aca lena leithéid. C. M.
COMÓRTAS VI. (1923). Baineann sé le deallramh go gcuirtear an-shuim sa cheist seo .i. focail Gaedhilge atá in usáid ag daoine ná fuil focal Gaedhilge acu, dar leo féin. Feuch an liosta fada so leanas a chuir Seán ua Síothcháin chughainn. Tá suas le 600 focal ann. Má thá cúpla ceann ann d'aithbheodhadh ó tháinigh Connradh na Gaedhilge ar an saoghal níl aon dabht ná go bhfuil an cuid is mó díobh agnadaoine fén dtuaith in áiteanna áirighthe. Roinnt bliadhanta ó shoin do sgríobhamar féin síos an méid focal den t-saghas san a raibh eolas againn ortha in oirthear Chláir. Bhí timpeall 400 focal inár liosta féin. Seán Ua Síothcháin, Ráthluirc, a bhuaidh an cheud duais agus an t-ath. Seumas Ó Caoimh, South Shields, Sasana, a bhuaidh an dara duais. Liosta fada abhí aige sin, leis; bhí focail ann ná raibh i liosta Sheáin agus, dála an sgéil, bhí focail in gach aon liosta a fuaireamar, beagnach, ná fuil sa liosta so leanas .i. liosta Sheáin Uí Shíothcháin. Cuirfimíd cló ortha san nuair a bheidh deire leis an liosta so. Aghaidh fidil … He had on a aghaidh fidil. Amadán … He is a great amadán. Aindeis … She is very aindeis. Aindeiseóir … A great aindeiseóir. Airidheacht … There was good singing at the aeridheacht. Ambasa! Aiteannín gaodhalach … We give aiteannín gaodhalach to the horse. Ailleán … Well, you are a great ailleán. Asmhuchán … 'Tis no asmhuchán. Airgead sios. … I am taking it airgead sios. Básachán … A básachán of a calf. Brídeóg … Carrying around the brídeóg. Bogán … The hen dropped a bogán. Bastún … A big bastún. Báinín … He is wearing a new báinín. Buaithreán … Gathering buaithreán for to make a fire with it. Brealla gorm … The meadow is all breallaí gorma = horse-buttons. Brúsgar … The black turf is all in brúsgar. Bán … Bring the cows in the bán. Bodóg … He has only a handful of hungry bodógs. Bodlach … The bodlach of a pig is very useful for greasing shoes. Bodlach = 'Sé deireadh an chaoláin mhóir é. Barrchínn … A fine barrchínn of turf. Bhúichínn … My bhúichínn is broken. Bhúichínn = lúidín. Buacach … It is he that is fine and buacach. Boidseachán … He is a great boidseachán = cynic. Bachall … He had a stick with a huge bachall on it. Beart … Bring in a beart of hay. Buachaill … He is a cross buachaill. Béiceachán … We have a béiceachán of a calf that would bother you. Bóithrín … The bóithrín is full of gutter. Brobh a gé … The meadow is covered with brobh a Gé. Bocán … Where is the bocán of the door? Bodach … He is a great bodach. Bradach … That heifer is very bradach. Bradaigheacht … That was most awful bradaigheacht. Bearna baoghail … “To night we'll man the bearna b.” Bhastar … He took a fine bhastar of bread with him. Blaid … He is such a blaid. Breall … There is a breall on him. Breillce … A breillce of a fool. Blúirín … Eat another blúirín of bread. Buailteán … The buailteán of my flail is splitted. Bacach … He is a bacach for life. Bodaichín … Fill another bodaichín of scallops for the thatcher. Búraicín … He is a regular búraicín for walking. Brus … The corn is all brus. Buachalán Buidhe … The field is yellow with buacaláin buidhe s. Brouis … He had a great brouis on him .i. breall (? leitriú F. E.) Branar … We will do branar to-day with the new spades. Bladar … I don't want any of your bladar. Bochtán … He is a great bochtán. Bean-sidhe … I heard the bean-sidhe last night. Bramach … A bramach of a fool. Bóraic … We have not any right hurling ball. We've only a bóraic. Brothall … Great brothall to-day. Bothán … A bothán for pigs. Bairghín … A nice bairghín of bread. Botún … You made a great botún. Bróg … My brógs are worn. Barróg … He threw away the barróg. Bata … He had a heavy bata in his hand. Brosna … Gathering brosna. Banbh … Banbhs were dear to-day. Bobhta … We will have another bobhta of it. Bacstí … We made some bacstí .i. cál ceannan. Baisíní teo … Baisíní, teó, teo, cuit. Bheidhealdóir … The bheidhealdóir broke his fiddle. Ceiléir … The ceiléir is scoured. Crot … To see the crot of them is fortune. Colurchán … He got a great fright from a colurchán a few nights ago. Camóigeacht … The girls were playing camóige. Cailleach … She is a great old cailleach. Cogar-mogar … That's only a cogar-mogar. Caisearbhán … Picking caisearbán for the hens, .i. caisreabhán = dandelion. Creabhar caoch … The creabhair caochs were at the horses all day long. Cleabhar … Is mar a chéile cleabhar, is creabhar caoch. Céis … We were fattening a few céis's.
Comhrádh … We had a great comhradh. Criochán … We have not anything but criochán's under the stalks this year. Crúst … A big crúst was thrown at him. Crústáil … He got a great crústing. Craos galar … The child has the craos galar. Cadaráluide … He is a great cadaráluidhe. Coisín … Will you give me this coísín, baby? Creanán … The field is white with creanán, .i. with milfoil. Crúiscín … A crúiscín of porter. Céilidhe … We have a céilidhe at their house every evening. Colp … There is a cut in my Colp. Colp … His father left him a colp of geese, and the grass of them. Ciuirliún … I shot a ciuirliún. Cis … Five Cis's of turf is as much as any horse could carry. Ciotóg … Are you a ciotóg? Ceóchán … There is ceóchán on the duck. Clabhta … He got a great clabhta of a stick. Craibt … He is very craibt, .i. glic. (ón mBeurla. F.E.) Cruiceóg … A cruiceóg of turf. Caipín … I'll knock the caipín off you. Cáibín … He had on an old cáibín. Cliotaráil … Great cliotaráil, .i. gleó. Cibeal … Great cibeal, .i. na haon duine a beith ag déanamh a dhicheill cun gleóigh, agus stracadh, agus gac saghais ré rádh. Ceó bóthair … Great ceó bóthair. Cnocáinín … There is a cnocáinín in the middle of the field. Cábún … A cábún of a chicken. Cladhchán … He broke his mowing-machine paring around the cladhchán. Cainnchín … He has a flat cainnchín. Cliathaire … A cliathaire of a fool. Ceanabhán … The hill is beautiful with ceanabháns. Camán … His camán got smashed. Clab … He had a clab on him, laughing. Clabaire … Well, look at him for a Clabaire. Cailcín … A cailcín in his eye. Caithnín … There are caithníns of snow going (= cáithnín. F. E.) Ciotaeritheó … We had great ciotaeritheó, .i. gleó. Cip a do ríl … Great cip a do ríl. Caoineadh … He was playing a caoineadh. Crónán … The cat is crónáning. Círín … A círín of bog-deal. Ceól … Great ceól. Colpán … The colpán of the flail. Ceartuigh … Deirtear le bhoin é sin, nuair a beadh duine ag dul fuithe cun í a Crudhadh. Clabhtaín … He got a clabhtáin of a fist. Cnapán … He has a big cnapán on his forehead. Crochaire … He is a great crochaire. Clais … Shovelling a clais, or a clais of stones. Comhgarach … He is very comhgarach at the talk. Comh-chliamhan … The two comh-chliamhans are together. Comh-cliamhain iseadh beirt fhear a beadh pósta le beirt dheirbhseathar Castóir … Get the castóir, we must twist some súgáns. Casairnín … The súgán is all casairníns. Ciaróg … The well is full of ciarógs. Cráidthe … He was very cráidhte. Cráidhteachán … He is a great cráidhteachán. Cor … Put another cor on the rope. Crúibín … Eating crúibíns. Cráintín … The fox carried my cráintín. Coladh grífín … I got coladh grífín in my leg. Ciseach … He put bushes on the ciseach for the cows. Carraigh … He threw a big carraig at him. Cál Ceannan … My mother made cál ceannan. Cumar … He went down to the cumar for a bucket of water. Craobh … A craobh of heath. Cabaire … A great cabaire, .i. brat. Cluaisín … I'll pull the cluaisín off you. Creach … Oh, mo creach! Ceobhrán … There was a bad ceobhrán there. Comhair … He is comhair ing with J-- Cúlóg … I was riding cúlóg, behind him on the horse. (Ní crioch.) ÚSÁID GRANIA TOOTH PASTE AR SON t'FHIACLA ÚSÁID GIBSOL OINTMENT AR SON DO CHROICINN Fior-dheuntús na h-Éireann iseadh iad so. Táid le fághail ósna drugadóirí ar fúd na tíre ar 1/3 gach ceann nó go díreach (saor tríd an bpost) ó Gibsol, Teo., lána an Chláir, Áth Cliath. Deuntar íce le h-aghaidh beithidhigh ann leis. GIBSON'S UNIVERSAL ANTISEPTIC OINTMENT
BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA. ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE ÁTHA CLIATH. DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT. Bun-airgead Geallta, £406,000. Bun-airgead Díolta, £203,000. Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1923, £1,650,000. BUNUIGHTHE 1920. BRAINNSI:— 68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh, Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis, Mathchromtha. THE NATIONAL LAND BANK LTD. Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason agus a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Uí Mhathghamhna, Áth Cliath, agus foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services