Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uimhir 12. Meadhon-Fhoghmhair, 1923

Title
Uimhir 12. Meadhon-Fhoghmhair, 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
Muintir an Sguab

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SGUAB



Uimhir 12. MEADHON-FHOGHMHAIR, 1923. 3p. SA MHÍ



RÉIM NA h-UIMHREACH SO. Leath



AITHNIGHTEAR CARA I gCRUADHTAN 227



DUINE GAODHLACH IDIR CORP IS ANAM … AN DR. DE HENEBRE 229



AN PANNCÁNACH … SEÁN Ó DÚNAIDHE 231



BEATHA TEANGAIN A LABHAIRT 232



LUCHT EALADHNA AGUS AN TÍR-GHRÁDH … M. MAC LIAMMHÓIR 233



SEÁN NA gCLEAS … “CILL-NUADH” 235



EACHTRAÍ AN CHAISLEÁIN … “GAILLTE BEAG” 238



SÚGRADH … SEÁN Ó GRUAGÁIN 240



LEITIR AGUS LÉIRMHEAS 241



COMÓRTAS 243



AN GHAEDHEALG SNA SIOPAITHE.



Má thá sé uait, a dhuine, an Ghaedhealg a bheith dá labhairt agat gach aon lá
ceannuigh do chuid grósaereachta agus lóin-tighis uainn. Ní gádh dhuit Beurla do
labhairt annso mar go bhfuil an Ghaedhealg ag gach aoinne sa t-siopa.



Ó RAOGÁIN AGUS A CHOMH., TEO., SRÁID DÁSON, 54.



CUALLACHT DÚNA EIMER
TEOR,



Sráid Hardbhic, i mBaile Átha Cliath.



ÉADAIGHE EAGLAISE, ILGHRÉASACH
AGUS ÓIRGHRÉASACH.



CULAITHE BAN ÉIREANN



CAIRPÉIDÍ LÁIMH-FHIGHTHE.



Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n
Chumann Gaedhealach is Fearr



AN CUMANN IBÉRNACH
INSIÚRÁLA TEÓ.



I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS
COITCHINNE.



PRÍOMH-OIFIG — 48 & 49 SRÁID AN
DÁMA, ÁTH CLIATH.



NA POLASAITHE IS IOMLÁINE LE
FAGHÁIL.


L. 226


TAE.



Togha an mhargadh gach aon tSórt Tae atá
againne, bíonn siad mar a chéile i gcomhnuide
agus bíonn gach éinne sásta leo.



Luach — 2/4, 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt.



Tae ón t-Sín — 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt.



BECKER BROS., LTD.,
Sráid Seoirse Mór Theas a 8 agus
Sráid an Iarla Thuaidh a 17, i mBaile Átha Cliath.



THE MONUMENT CREAMERY



AN T-IM UACHTARLAINN IS FEÁRR.



Deunta d'uachtar glán, úr, pasturáltha: Milis, blasta,
is úr i gcomhnuidhe.



Tagann uibhe toghta muinighneacha isteach chughainn
gach aon lá.



Sráid Phárneill, 75, & Port Caoimhghin
Íoch., 25, Baile Átha Cliath.



DIXON & HEMPENSTALL



Fir Deunta Speuclairi



SEOMRAI UM TASTAIL RADHAIRC AR OSCAILT GACH LA



Támuíd tréis na cóireacha is deidheannaighe
ceapadh chun gloiní (lensaí) chur i dtreo d'fhághail.



Cuirimíd shuim speisiáltha in oideasaí liagh-súl



Nuair a chuireann tú fios ón dtuaith ar rud
cuirimíd chugat é an lá ceudna.



SRAID SUFFOLK, 12, ATH CLIATH.



GACH RUD ATÁ ACRACH D'OIFIG.



Tar go bhfeice tú an teasbántas díobh atá againn.



TYPEWRITERS



(Coracha Cló-Sgríobhadh).



“HAMMOND” (Gaedhealg agus Beurla ar an
maisín ceudna).



“Royal” (Leitreacha Gaedhealacha air).



Gach cóir chun mamraim agus cáipéisí oifige a
choimeád in eagar agus in órdú.



Duplicators — Rotary & “Rolo” -flat 55/- agus 75/-
(iomlán).



CONAN, MAULE & CO., & Crow st., Ath Cliath.



Guthán: 3319.



Sompla des na Peictiúirí atá ins “AN RÓIMH.”



Ceannuigh agus léigh an



tIrisleabhar nuadh so, curtha amach



ag Gaedealaibh na Róimhe le grádh



dá dteangain ndúthchais féin.



Luach 1s., costas puist 2d. Faigh



ó do shiopadóir féin é, no cuir



fios ar go dtí an foillsightheóir.



MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
87 SR. UACH. NA DRISEÓIGE, ÁTH-CLIATH.


L. 227


AITHNIGHTEAR CARA I gCRUADHTAN.



Is mó uisge ghaibh le fána ó léirigheadh
dráma Gaedhilge i n-amharclann puiblí i
mBaile Átha Cliath go dtí le déidheannaighe,
agus is mó cor a chuir an saoghal Gaedhealach
de ón mbliadhan 1915, nuair a bhí “Fear na
Miliún Púnt” agus cúpla ceann eile á
n-imirt in Amharclann na Mainistreach. Bhí
cuid maith daoine láithreach an uair sin agus
ba dhóigh le duine go lionfidhe an “Gaiety”
féin i mbliadna gan aon trioblóid. Ní
h-amhlaidh a bhí, ámhthach — na h-oidhcheanta a
bhíomar féin ann, pé sgeul é. 'Dé chúis?
an amhlaidh atá fuinneamh agus brigh gluaiseacht
na Gaedhilge imthighthe aisti. Ní dóigh linn
san. Ach mar sin féin ba shuarach an sluagh
a chuaidh go dtí an “Gaiety” gach aon
tráthnóna seachtain an Oireachtais, ach amáin
nuair a bhí an t-opera ar siubhal. Gan
amhras ba mhí-thráthúil an t-seachtain í in
slighe. Ar an gceud dul síos is mó deagh-
Ghaedheal a bhí ar laetheanta saoire sa
nGaedhealtacht an uair ceudna, agus, rud
eile, aoinne a bhíonn 'na chomhnuidhe sa chathair
is mór leis oidhche breágh samhraidh do
chaitheamh istigh in áit múchta mar amharclann
tar éis an lae ar fad do chur dé in oifig
nó i siopa, agus cuireann tarraingt na
fairrge agus na bpáirceanna isteach go mór
ar rudaí oireann níos feárr d'aimsir an
gheimhridh. Ach ar an taobh eile, nach maith a
liontar an “Royal” gach aon oidhche — fé
dhó, leis. Agus ná raibh roinnt maith daoine
tréis teacht anios ón dtuaith fé dhéin
Oireachtais Chonnrad na Gaedhilge agus
Oireachtais an Fháinne. Is cuma pé leath-
sgeul a ghabhtar 'na thaobh ní cúrsaí sástachta
ach cúrsaí náire an slighe a righneadh faillighe
ar an “Gaiet” an t-seachtain úd.



Molamuíd na h-aictéirí go h-árd toisg
a fheabhas a righneadar a gcuid den obair
agus tá súil againn ná caillfear ar a
misneach. Dob fhiú caoi eile do thabhairt
dóibh (sa ngeimhridh agus in áit níos lugha
ná an “Gaiety” béidir) agus dian-iarracht
do dheunamh roimh-ré chun chur 'na luighe ar na
daoine gur cheart dóibh, ar mhaithe leis an
nGaedhilg agus ar mhaithe leo féin chomh maith,
dul ag éisteacht leis na drámaí Gaedhilge
'na sluaightibh. Má thá aon nidh le rádh
againn leis na h-aictéirí 'sé an rud é ach
go seachnóidís ná labhairfidís ro-thapaidh.
Riaghal an stáiste iseadh é go labhairtear
rud beag níos righne ná mar a dhéintear de
gnáth agus do b'feárr labhairt ro-righin ná
ro-thapaidh an fhaid a's a bhímíd ag braith
ar lucht foghlumtha na teangain — nó d'iarraidh
iad do thabhairt isteach agus misneach do
chur ortha ba chirte a rádh. Tá an Ghaedhealg
ag dul chun cinn (d'aimhdeoin a luighead
daoine a chuaidh ag éisteacht leithi an lá fé
dheire) ach is eagal linn go gcaithfimíd
cuimhneamh ar cheist propoganda chomh maith
le ceist ealadhna go ceann tamaill eile fós.



An dá oidhche a bhí an t-opera (Sruth na
Maoile) ar siubhal bhí na daoine ann ach
má bhí ní raibh an Ghaedhealg ann. Bhí, ar
slighe, dar ndóigh, ach b'fhuiris aithint ná
raibh focal Gaedhilge, ach ar nós paróide
amháin, ag an gcuid is mó desna daoine a
a bhí ag amhrán. Níl aon mhaitheas a bheith ag
gearáin mar gheall air sin, ámhthach. Is
dócha ná fuil go leór Gaedhilgeoirí ann a
bhfuil an guth acu agus taithighe ceart ar
chúrsaí an stáiste. Is cuma pé saghas
Gaedhilge a bhí ann, ba mhór an taithneamh
dúinn a bheith ag éisteacht le ceol-dráma
gan focal d'aon teanga eile dá labhairt
ann. Ní raibh a leithéid ann riamh ach dhá
uair roimhe sin, sa mbliadhan 1903 nuair
a léirigheadh “Muirgheis” agus sa mbliadhan
1909 nuair a léirigheadh “Eithne.” Agus
ní mar gheall ar na focail a mholtar nó a
cháintear opera ach dréir an cheoil a bhíonn
ann agus dréir an t-slighe a chuirtear eirim
an sgéil ós comhair na ndaoine. Maidir
le binneacht ba bhreágh linn an ceol atá san
opera so; ach aon duine a dh'airigh “Bean
an Fhir Ruadh” á rádh ag sean-fhear fén
dtuaith níor mhaith leis, ar slighe éigin, é
d'aireachtaint ar aon chuma eile, agus ní
dóigh linn gur cheart, ach an oiread, curfá
mór sgléipeach do dheunamh “d'Eumonn a'
Cnuic” mar a righnead san opera; agus
níor mhaith linn neamh-chruinneas an sgéil,
mar ná raibh an ceangal ceart idir na
radharcanna agus bhí an deire ro lag. Ach


L. 228


tá léirmheas air in áit eile den pháipéir
seo a sgríobh fear a bhfuil eolas ceart aige
ar cheol agus ar ealadha an stáiste agus
fágfamuíd an meud san den obair faoi sin. *



Chuadhmar amach idir na gníomhartha fé dhéin
gail tabac mar is gnáthach linn. Bhí cúigear
cailíní taobh thiar den chúntar ag an “mbar”
agus gan dada le deunamh acu. “Ní
fheadar cad é an saghas daoine atá annso
anocht,” arsa ceann acu le ceann eile.
B'ait leo go raibh an t-amharclann lán agus
gan aoinne ag teacht amach ag ól. Gach
aon uair eile a bhíomar féin san áit bhí sluagh
mór daoine ann agus gach aon ruaille-buaille
ar siubhal acu gac aoinne ag slugadh portair
agus uisge bheatha, agus ag cainnt os árd
a chinn a's a ghutha. An oidhche so ní raibh
ach beirt fhear ann, Ghaedhealg á labhairt acu
agus gan aon fhonn óil ortha nach mar a chéile
a's a bhí orrainn féin. Ach má thá deigh-
thréithe ag baint leis na Gaedhil bhí droch-
nósanna acu chomh maith — an oidhche so, pér'
sa domhain é. Ba dhóigh leat ná raibh cuid
acu in amharclann riamh roimhe sin ná ná
raibh a fhios acu cad is ceól-dráma ann in
ao' chor, an slighe a bhíodar ag cainnt a's ag
bladar le linn an overture agus an entreacte.
Cheapamar ná deunfadh an tuathánach is oitire
a leithéid de bharbaracht, ach ní mar a shíltear
a bhítear uaireannta.



Tá leitir fé chló againn an mí seo, ó dhuine
denár lucht léighte, mar gheall ar ainmeacha
áiteann. Is dóigh leis gur cheart tabhairt
fé'n obair tabhachtach so i ndá ríribh gan a
thuille moille agus támuíd ar aon aigne
leis. Fágfamúid leathanach ar leithligh sa
“Sguab” gach aon mí, agus fáilte, i gcóir an
adhbhair seo Tá's againn go bhfuil Aireacht an
Phuist ar aigne leabhar nuadh mar “Post-
Sheanchas” do chur amach chomh luath in Éirinn as
a bheidh ceann údarásach iomlán i gcóir acu,
agus geobhfhamuís-ne lámh conganta do tabhairt
dóibh má sgríobhann gach aoinne cughainn a
bhfuil aon dearmhad braithte aige i “bPost-
Sheanchas” nó a bhfuil aon eolas cruinn aige
ar an gceist seo. Tá bailtí phuist ná fuil
i “bPost-Sheanchas” in ao' chor; cuid acu
táid bun-os-cionn sa leabhar san, ní nách



* [An fear a bhí chun an léir-mheas do sgríobh, do tuit
sé tinn agus dá dheasgaidh sin níl sé agam le Cur
isteach. F. E.]



locht ar Sheosamh Laoidhe uaireannta, agus
cuid eile arís níl an fuirm ceudna sa
leabhar Gaedhealg-Beurla as atá sa leabhar
Beurla-Gaedhealg. Dá fheabhas é an leabhar
atá in úsáid againn is mithid dúinn ceann
nuadh do chur in eagar anois go bhfuil an
rialtas fé nár stiúrú féin.



Dheineamar tagairt cheana do cheist ainm-
eacha na sráideanna sna bailtí móra leis.
Ní mór dúinn an t-eolas san a bheith sa leabhar
nuadh nuair a bheidh sé againn. Agus sin
rud ná fuil aon eolas údarásach le fághailt
air go minic. Do chuireadh san i dtuisgint
go soléir do lucht léighte an “Sguab” sa
leitir a sgríobhadh in uimhir mí Abrán. Ba
cheart go bfeuchfadh gach cumann cathrach chuige
sin anois díreach. Tá sé fágtha ar an meur
bhfada ro-fhada cheana. Tá súil againn go
dtoghfar Cú Uladh ar Chumann Cathrach Baile
Átha Cliath; tugamuíd fé ndeara go bhfuil
sé ag chur isteach fé na dhéin agus níl aon
bhaoghal go ndeunfar faillighe ar a leithéid
sin ceiste a thuille má bhíonn aon bhaint aige
sin leis an obair.



Tá sgeul Choláiste na Rinne a bhí á innsint
ag Pádraig Ó Cadhla sa “Sguab” ar feadh
bliadhna nach mór, tá deire leis anois. Ta
áthas orrainn a rádh go mbeidh sraith aistí
eile uaidh ag tosnú sa “Sguab” sara bhfad,
ag cur síos ar an aimsir a chaith se mar
thimthire do Chonnradh na Gaedhilge. Ní misde
dhúinn a rádh arís gur mhaith linn aistí, altanna,
piosaí grinn, sgeulta &rl. d'fhághailt ó
sgríbhneoirí in gach aon áird den tír agus
ná fágamúid aoinne gan cúiteamh éigin ar
a chuid saothair.



Tá cuid maith páistí in Éirinn anois leath-
is-múigh den Ghaedhealtacht a bhfuil an Ghaedhealg
acu ón gcliabháin agus is minic a righneadh
gearáin le déidheannaighe ná raibh mórán
leabhra le fághailt a dh'oirfeadh don aos óg
mar atá i mBeurla. Dob' fhíor san. Bhí
leitir i “Sguab” mí Bealtaine mar gheall
ar an gceist sin agus do dhineamar amach
liosta desna leabhra den t-saghas san a raibh
eolas againn ortha mar freagra ar an duine
a sgríobh an leitir úd. Fuaireamar seacht
leabhairíní ó mhuintir Tempest, Dún Dealgán,
tréis dúinn na nótaí seo do sgríobh an mí


L. 229


seo caithte, agus ní misde linn iad do
mholadh. Seán Tóibín d'aith-innis na sean-
sgeulta atá ionnta. Do thuigfeadh aon
pháiste a bhfuil an Ghaedhealg aige na sgeulta
so, is cuma pé canamhaint a tógadh leithi é.
Gach aon uair a sgríobhann Seán focal a
úsáidtear i gCúige Uladh amháin cuireann
sé nóta fe bhun an leathanaigh ag cur in iúl
dúinn conus a dheirfeadh an Muimhneach an
rud ceudna. Bhí an-phráidhinn againn le na
leithéid agus sin é an cúis go bhfuilimíd ag
tagairt dosna leabhairíní seo annso.



LEABHRA MAITHE GAEDHILGE



AN BARRA: Leabhairín do pháistí. Nioclás Tóibín
an scríbhneóir.



Leabhairín é seo do pháistí sa tríomhadh buidhin nó sa
ceathrú buidhin do réir mar a thuigtear don múinteóir.
Mar do dhein sé sa nGeamhar tá a dhícheall déanta ag
Nioclás Tóibín ar adhbhar oiriúnach léighinn do sholáthar
don pháiste, agus a bheith cothrom maidir le ciall agus
cruadhas. Ocht leathanaigh agus dachad atá ann.
Luach 6d. glan.



ÓIR-CHISTE: Duanaire Liricí don aos Foghluma.



Seamas Ó h-Aodha, M.A., do thoigh.



Cnuasacht é seo desna dánta is mó clú agus cáil i
nGaedhilg. Tá 45 cinn aca ann agus na filí is fearr abhí
riamh againn a scríobh iad ó Oisín Mac Fhinn go dtí
Pádraig Mac Piarais. Tá míniú nó argóint ag gabháil
le gach aiste sa leabhar agus gach míniú aca i nGaedhilg
bhlasta. Tá foclóir, agus gluais ag tabhairt eolais ar
gach áit is ar gach duine atá luaidhte sa leabhar. Níl
aon Bhéarla ann. 156 leathanaigh. Luach 5s. glan.



BEIRT DHÉISEACH. Cnuasacht scéilíní le seán Ó
Cuirrín. Scéal acu ar a cheann féin; Eadartheangachd
ar Bhéarla Washington Irving (Rip Van Winkle);
Tolstoí (The Long Exile); Lorimer Stoddard (The
Indian's Palm) an chuid eile. Tá adhbhar cleachta ar
aistidheacht agus notaí agus foclóirín ag gabháil leó.
Luac 3s. 6d. glan.



Agus na Leabhra eile is fearr i nGaedhilg le fagháil ó
CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN TEOR.,
89 Sráid an Talbóidigh i mBaile Átha Cliath.



GUAL! GUAL! GUAL!



Anois an t-am chun Ghuail a cheannach i gcóir an
ghéimridh. Béidh sé i bhfad níos costasaighe nuair a
thiocfas an aimsir chruaidh. Ceannuigidh ó Ghaedhealaibh
é. Tá an cineál is fearr le fághail



Ó MHUINNTHIR PLÉIMEANN,
9 Sráid Frederic Thuaidh, Áth Cliath.



Guthán 2723.



N.B. — Tá gluaistean (a iomcróchas ualach tonna) le
fághail uainn ar thuarastal.



DUINE GAODHLACH IDIR CORP IS
ANAM.



Ag so agallamh thug an Doctúir Ristéird de
Henebre uaidh i nDúngarbhán sa mbliadhan
1910.



A mhuintear na nDéise. Is mór é mo
scanradh mo sceimhle agus mo sceón indiu
acht is suarach agus is dearóil an glór is an
guth agam. Acht dá mbeadh acmhaing scartach
is anála do réir an ghábhaidh agam is mise do
leigfinn scread is géim asam mar do bheadh
tarbh ag aoibhill is ag búithrig mar do bheadh
leomhan ag leadradh is ag creachadh; is me
do leigfinn scréachadh asam go fonnmhar do
cloisfidhe ó Cheann Chréadán go hinbhear na
nEochaille agus ó Shléibh na mBan bhFionn go
fairrge theas. Mar is amhlaidh atá sibh a
mhuintear na nDéise 'n bhur spairt is 'n bhur
spaid le neart trom-shuain chodalta gan
mheabhair gan éirim agus an cogadh agus an
cath dá chur. Ní mór daoibh músgailt go
mear má's mian libh go mbuaidhfidhe an lá
libh féin agus má's cás libh Gaedhil do dhul
i ndísg. Má's creach libh bás agus buan-
eug ag sciubadh agus ag scaipeadh an tsean-
dhreama do mhair san dúthaigh-se ó aimsir
Ghaedhil ghlais anuas agus dá dtángamar go
léir; má's creach libh é preabaidh in bhúr
suidhe anois do chosnamh agus do chabhair ar
Ghaedhlibh atá in achran chruaidh agus i
mbearnainn bhaoghail, nó is gairid go mbeidh
an tír-se gan a rian ná a dtuairisg uirre is
beidh Éire gan greann gan sult golá an Luain.



Mo chreach is mo ghruaim cár imthigh na
fir bhí beo brioghmhar seal i ndúthaigh Dhéise.
Uí Fhaoláin na slingeán ngléigeal, Crathaigh
bhí aibig le claoidheadh nó cleith, Brianaigh nár
ghann fá bhiadh nó féile, Breathnaigh nár
cheannaigh a n-anam ar mhéirliochas, Cathasaigh
raibh maitheas is réim leo, Gearaltaigh groidhe
ná claoidhfeadh ceudta, Paoraigh ná staonadh
ón achran, is gach rábaire righ-ghlan, do
phleuscadh do phlabadh Sasanach an ramhar-
chuirp is do bhaineadh geit as Gallaibh. Go
ndeuna Dia trócaire ar anmanaibh na marbh,
bhí fir seal innso againn is truaigh gan oighre
na bhfarradh. Bhí fir innso againn le linn
cath Cluana Tarbh do chur. Léightear san
leabhar darb ainm Cogadh Gaedheal re Galla
gorab é ba thaoiseach cúigidh Mumhan uile an
lá sin Mothla mac Dhomhnaill mhic Fhaoláin
rí na nDéise. Agus lá ar na mhárach nuair
do bhítear ag comhaireamh na gcorp agus ag


L. 230


cur na marbh is amhlaidh frith Mothla mac
Dhomhnaill mhic Fhaoláin rí na nDéise, seac-
mharbh sínte a chlaoidheabh na dhurn agus a
aghaidh soir re namhda. Frith an lár rí na
nDéise acht do briseadh an cath ar ghallaibh
an lá sin agus do ruaigeadh thar lear go
bráth iad.



Is amhlaidh doghnídís anallód na Gaill agus
na Lochlannaigh nó na Danair, d'órdaighidís
righte agus taoiseacha maora agus reach-
taireadha in gach aon tír agus in gach aon
tuaith agus do thógbhaidís an cíos rioghdha. Ba
é so truimeacht cána agus cíosa na nGall
ar Éirinn go coitcheann, rí uatha ar gach tír
agus taoiseach ar gach tuaith agus ab ar
gach cill agus maor ar gach mbaile agus
suartlach gacha tighe. Agus ní raibh i
gcumus ag duine d'fhearaibh Éireann cead
crúidhte a bhó acht an bainne do choimead fá
chomhair mhaoir nó reachtairi nó suartlaigh
Gall. Agus cidh aon ghamhnaín amháin do
bheadh ag gabháil leis an tigh ní leomhthá a crú
do leanbh aon-oidhche nó do dhroch-ghalair acht
an bainne do choimeád fá chomhair mhaoir nó
reachtairi nó suartlaigh Gall.



Nuair d'imthigheadar sin táinig Gaill is
geocaig anuas orrainn arís ba sheacht measa
ioná iad. Tá truimeacht cána is cíosa na
nGall ar Éirinn arís. Ta rí ar an tír
taoiseach ar gach tuaith tá ab ar gach cill agus
maor ar gach mbaile agus suartlach gacha
tighe. Acht tá dream eile badh seacht míle
measa ioná iad sin féin agus is iad sin
na Gall-Ghaedhil. Sin iad an dream badh
dual is bad dúthchas bheith Gaodhlach amhail
sinne acht is Gaill iad. Sin iad dream an
diumois agus lucht na lathaighe agus aos éirge
anáirde chuireas a gcuid clainne anonn go
sean-Shasna chum Gaill gan scaoileadh do
dhéanamh dhíobh. Badh cóir sliocht Gaodhlach ar
lorg Gaedheal mar atá a shliocht féin ar gach
aon dream is ciniudh fán ghréin acht ní dhéanadh
sin an gnó. Ní bhéaraid mná na Héireann
feasda acht béiceacháiní agus bandúiní agus
dosairí agus breasairí agus dailtíní gallda.
Nach sona an sampla do shéan-sliocht na
n-Déise é sin. Nach cruaidh an cás talamh
torthach na hÉireann do bheith ag tabhairt
práití do na leithéid.



Cár ghabhadar na séimh-fhir ba bhárr breaghdha
brioghmhar agus ba thoradh teann téagarach na
nDéise do ghoil ar Ghallaibh is Lochlannachaibh
in aimsir Briain Bhóromha mic Cheinnéidigh dá
ndíbirt go dubh agus dá ruaigin tar sáile
go deoidh. An amhlaidh go bhfuil imtheacht gan
casadh ar togha na bhfear agus ná fuil orainn
anois acht na clabhráin agus na criotháin.
Ná fuil faghairt orainne agus fuinneamh nár
ngeugaibh, ná fuil reathacha agus ceáthramhna
againn chomh maith leo sin. Ní gábha dhúinne
airm nó faobhar ná culaidh chruaidh-eudaigh
chatha do gabháil umainn, ní gábha dhúinn cogadh
ná bruidhean do chur i bhfeidhm. Ní hiartar
órainn acht aon ní amháin, sé sin an Ghaedhealg
do labhairt le n-ár bpáisdí agus a chur
d'fhiacaibh orra sin freagra do thabhairt
orainn 'sa Ghaedhilg.



Ba dhóigh libh gor bhreaghdha binn blasda an
ní é an Beurla. Creidigh-se uaim gorab
binne, agus gorab breaghdha naoi n-uaire an
Ghaedhealg.



Ba dhóigh libh go raibh eolus is leabhair is
léigheann ag gabháil leis an mBeurla agus
is amhlaidh atá sibh báidhte múchta in ainbhfios
tar éis bhúr ndíchill.



Ba dhóigh libh go raibh maoin agus maitheas
diol is ceannach earraidhe saidhbhreas an
tsaoghail agus beatha gan roint is an mBeurla
agus tugabhar dícheall ceud go leith bliadhna
d'iarraidh Gaill do dhéanamh dhíbh féin, agus
anois do bhárr bhúr saothair atá sibh i dtaobh
le tráithníní mar diol is ceannach earraidhe
agus bhúrmbuachaillí breaghda agus bhúrngearr-
chailí gleóidhte ag triall tar sáile gach lá
go deoidh uaibh. Agus nach orra sin atá
imtheacht gan casadh. Is gairid go mbeidh
Éire folamh gan inte acht fiadhailí is feochadáin
fáis agus Giúdaig agus Albanaig agus
Sasanaigh ag cur lúthgháir agus fáilte roimh
a cheile cheann gor imthigh na Gaedhil agus go
raibh bun le clanna Mílidh agus deireadh le
tír na hÉireann.



Badh cóir sinn do bheith mar chách cineul
agus ciniudh ar domhan. Is amhlaidh bíd siúd
ar lorg a sean agus a sinsir. Agus másé
is cuid dá saoghal leo sin gach ní dá dtáinig
anuas chucha ón tsean-aimsir isé badh cóir
go mbadh creach linne gach aon ní do bhaineadh
le n-ár sinsear Gaedheal. Mar ní'l féith
nár gcroidhe ní'l braon fola i gcuislinn linn
ná smior i gcnáimh ná inchinn i gcloigceann
linn nach ó Ghaedhlibh do fáisgeadh agus ó
mhuintir labhartha na Gaedhilge ar an dá
thaoibh dá dtángamar. Má's Gaodlach an
corp atá orm is cóir dam anam beith Gaedhlach
mar an gceudna agus innsan badh Ghaodhlac
an duine go hiomlán idir corp agus anam me.



[Má bhí an chaint sin fé chló in aon áit
cheana féin is mór is fiú í fhoillsiú arís.
Fear “An Sguab.”]


L. 231


“AN PANNCÁNACH.”



Tá cúig bhliadna is fiche ann, is cuimhin
liom go maith é, Tráthnóna Domhnaigh tar éis
imtheartha báire peile dhúinn. Bhíomar 'nár
suidhe ar mhaol-chlaidheachán, agus sinn cortha
sáruíghthe tar éis an lae, nuair do chonnai-
ceamair chughainn an fear ag marcuígheacht
róthair.



Do bheannuigh sé dhúinn as Beurla agus
sinn dó go séimh. Bhí iongnadh air, adubhairt
sé, go mbeidhmís ag briseadh na Saoire.
Thug sé comhairle ár leasa dhúinn agus
dh'imthigh sé.



Do chuir sé fé ar an mbaile beag acht níor
thaithn sé linn ar aon chor; níor taithn sé
le muinntear an t-sráid bhaile i dtaobh go
raibh sé taidhbhseach mórchúiseach ann féin,
agus dubhradh go raibh sé droch-mheastamhail,
agus gur bheag air na sean-nósa, agus na
tréithe gur mian le croidhe an deagh-Ghaedhil.



Do dheineamar ár ndíchtheall chun muintear-
dhais do dheunamh leis: “acht bhí gan
treabhadh.” Dála gacha sráide eile bhí
daoine fiosrach ann, agus beidh is dócha go
bráth na bréithe. Bhí daoine ann freisin
ná raibh mórán eile ag tabhairt cúraim dóibh
acht ag tabhairt aire do ghnóthaibh daoinibh
eile: ar an adhbhar san cúrsaí seanchais
dóibh ba dh'eadh an duine bocht so, agus ní
théigheadh lag ortha ó mhaidean go h-oidhche
acht ag cainnt agus ag cárdáil agus ag
cur rudaí trí na chéile “Cad as dó?”
“Ciarbh díobh é?” “An bhfuil sé
pósta?” ”Nó an bhfuil sé ar lorg mna?”
acht ní raibh pioc eolais na thaobh. Rúindiamhar
ceart ba dh'eadh é.



Do shiubhlóchadh sé le duine de na daoinibh
seo ar feadh uair an chluig nó mar sin go
deas cuideachtmhail. Do dheunadh sé tráchtas
ar gach nídh acht an taon nídh amháin, é féin.
Pé aca le aoirde a mheoin nó le doimhneacht
aigeanta nó le gráin ar an am bhí imthighthe,
bhíodar dall air. Bhí an méid seo soiléar
go leor — sé sin go raibh sé sprionnluíghthe i
dtaobh airgid. Ní dh'iarrfhadh sé ar an
nduine bocht do bheadh ghá thionnlac agus ag
deunamh cuideachta dhó, ní dh'iarrfadh sé dhe
an raibh beul air, sa slighe gur iompuigh an
ghráin-mhairbh againn air.



Tar éis móráin cuardaigh agus soláthair
eolais dubhradh gur Paor do b'ainm dó,
fear de na Paoraigh ó'n mBaile Liath agus
gur amhlaidh gur b'éigin do teicheadh i dtaobh
lámhaighte saighdiúra: ar an adhbhar san
tugadh an Panncánach air:



Do chonnaic duine áirighthe é, oidhche bhreágh
spéir-ghealaighe ag siubhal mór thimcheall
páirce go ráibh dhá dhún inte, agus í clúdaighthe
le cúnach. Dubhradh láithreach bonn gur
b'amhlaidh do thaidhbhreaghadh dó trí oidhche in
diaidh a chéile go raibh crúsga óir curtha inte
agus gur amhlaidh tháinigh sé abhaile chun a
bhainte.



Deirtí, freisin, go bhfeictí go minic in
áit áirighthe é.



Bhí sean-fhotharach timcheall dhá mhíle ó'n
t-sráid-bhaile agus ba ghnáth leis dul do
shiubhal ann tráthnóintí. Do leagadh sé a
dhá uillinn ar fhalla an t-sean-fotharaigh, gídh
gur bhain sé le deallramh gur fada an lá
ó bhí aoinne na gcomhnaidhe 'sa bhfotharach
gceudna, mar ná raibh de rian tighe ann acht
an sean-fhalla roimh-ráidhte agus gas neann-
tóige i gcúinne ann mar a bhíodh an seimné,
acht bíodh san mar atá is ann do bhíodh a
thriall de ghnáth.



Ní bhfaighbhinn féin a rádh gur thaithn sé liom
acht chomh beag leis na comharsanaibh, gídh go
labhradh sé liom nuair do labharfainn leis,
acht ba shin a raibh ann.



Thárla gur chuireas ceist air lá acht má
chuireas bhí cathú orm 'na thaoibh.



“An bhfuilir chun fuireach 'nár measc
anois?” arsa mise. Dh'feuch sé orm ó
bhonn go bathas agus dubhairt:



“Ó Dar Fiadh!”



Tar éis an lae sin thugas suas ar fad é.



Do cheapas gur duine taidhbhseach díomasach
díombhuidheach é gan grádh tíre ná teangan.
Ach mo léan! níor bh'é an chéad bhotún don
t-saghas san do rinneas, agus taisbeánan
sé go soiléar fírinneacht an t-seain fhocail
sin: “Ní d'réir an chlúdaigh bhíonn an
leabhar.”



Tháinig Domhnach áirighthe agus thárla gairm-
scoile bheith i náirde ar fhalla maca an
tséipéil i nÁird Mhóir, go mbeadh muintear
na Claise Móire ann an oidhche sin ag imirt
drama. “An Dochtúir” an ainim bhí ar
an ndrama.


L. 232


Ba mhór é cáil agus clú muintir na Claise
Móire um a dtaca so toisc go raibh an
fuireann peile do bfhearr a bhí i nÉirinn
aca. Is ní gádh dom g radh go dtáinig
daoine as gach aon áird ag feuchaint ortha.



Bhí an chéad bheirt díreach chun tosnuighthe
nuair do éirig bean uasal 'na suidhe as an
suidheachán mar a raibh sí. Bhí uaisleacht
gallda ag baint le muintear na h-Airde
Móire an uair sin, cé go bhfuilid Gaodhalach
go maith anois. Bhí páipéar 'na láimh ag an
mnaoi uasal agus do thosnuigh sí ghá léigheamh.



“Seo rún,” arsa sí, “ghá chur i n-úil do
chách ná fuilmídne, muintear uaisle na
h-Áirde Móire, sásta leis an obair seo;
agus sé ár dtuairm ná fuil aon tairbhe
le teacht as, acht amháin an méid seo go
ndeunfaidh sé cur siar mór ar na daoinibh
óga, na leanbaidhe scoile go h-áirighthe, tar
éis an méid dá nduadh atá fachta ag na
h-oidibh d' iarradh iad a tabhairt suas mar
is cóir.”



Bhí an Panncánach ann. Bhí sé thíos ag
an ndoras, a dhrom leis an bhfhalla aige.
Dh'airigh sé an chaint, dar ndóig. Do bhain
sé dhe a h-ata agus labhair: “An bhfuil
cead agam-sa labhairt?” adubhairt sé.
Dubhramar leis go raibh:



Chuaidh sé in áirde ar an ardán agus seo
mar adubhairt sé: “Tar éis gacha foghluim
is gacha oideas dá bhfuair an dailtín Mac an
Daoi briseann an dúthchas trí 'na shúilibh.
Tar éis a chúrsa cuir i gcríoch, níl acht an
t-aon rud amháin ag cur iongnadh orm,”
arsa'n Panncánach, “sé sin an fhoighneamh atá
ag na daoine libh-se. Is fuiris d'aithint go
bhfuil baint agaibh le treibh Sheáin Bhuidhe agus
gur leasc libh teanga na nGaodhal bheith beó
ar aon chor, acht deirim libh-se go bhfuil
deireadh le réimh na nGall in Éirinn agus
le lucht leanamhna na nGall agus chífidh daoine
dá bhfuil annso anocht go n-imtheochaidh sibh
mar chumhar na h-abhann.”



Do dh'éirig an bhean uasal agus a cuideachta
agus chuireadar díobh amach an doras, agus
bhí bualadh bas agus húraigh na ndiaidh.



Do fhain an Panncánach nár bhfochair ar feadh
bliadhna agus ní raibh lá dhe'n mbliadhain sin
nach amhlaid bhí ár meas ag méadughadh dhó.
“Togha an fhir” do b'eadh é: fuaireamair
amach fios fátha a sgéil, agus níorbh náir dó
é acht a mhalart.



SEÁN Ó DÚNAIDHE.



BEATHA TEANGAIN A
LABHAIRT.



Deireann na daoine so leanas go bhfuilid toiltheannach
a's lán-tsásta a gcuid gnótha do dheunamh i nGaedhilg
le haon duine a thiocfadh chucha nó a sgríobhfadh chucha.



Máire Ní Raghallaigh, Leabhair Ghaedhilge, 87 Sráid na
Driseóige, Baile Átha Cliath.



Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor, 89 Sráid an
Tálbóidigh, Baile Átha Cliath.



Cló-Chomhlucht an Tálbóidigh, Teor, 85 Sráid an
Tálbóidigh, Baile Átha Cliath.



Tomás Mac Mathghamhna, Ceannaidhe, An Sgairbh, Co.
an Chláir.



Domhnall Ó Conchobhair, Cúntaisidhe, 13 Sráid an Fheis-
tighe, Baile Átha Cliath.



Ághaistín Ó hAodha, Táilliúr, 16 Sráid an Húmaigh,
Baile Átha Cliath.



J. L. Stewart, Siopa Choracha Oifige, 4 Faithche an
Choláiste, Baile Átha Cliath.



Muintir an Ráithín, Gáirdíní Oileamhna Crainn, Tuaim-
gréine, Co. an Chláir.



Siopa na Leabhar nGaedhealach, 45 Sráid Dáson, Baile
Átha Cliath.



H. Ridgeway (aon duine amháin), Bearrbóir, 22 Sráid
an Fheistighe, Baile Átha Cliath.



Bannc na Talmhan, Faithche an Choláiste, Baile Átha
Cliath.



Muintir Pléimeann, Gualadóirí, 9 Sráid Fheardorcha,
Thuaidh, Baile Átha Cliath.



An Siopa Gaolach (Fountain Book Shop), An Parád
Mór, i gCorcaigh.



Muintir Jules (aon duine amháin: Tomás Ó Catháin),
coiffeurs de dames, 26 Faithche, Stiobhna, Thuaidh,
Áth Cliath.



Pádraig Ó Bodhléir, Táilliúr, 2 Cé Urmhumhan, Loch.
Ó Raogáin agus a Chomh., Teo., Grósaeracht, 54 Sráid
Dáson, Áth Cliath.



Irish Manufacture Depot, 18 King Street, Béil
Féirsde.



S. Ó Gruagáin, Fuinteóracht, &c, agus leabhair Gaedhilge,
23 an t-Sráid Mhór, Biorra.



Liam Ó Cionnaith, Cúntasaidhe, 9 Sr. Uí Chonaill Ioch.,
Baile Átha Cliath.



Ba maith linn a thuille ainmeacha d'fhagháilt le haghaidh
an liosta so.



Ná Dearmhadaidh Lucht na bhFógraí sa
“Sguab”


L. 233


LUCHT EALADHNA AGUS AN TÍR-GHRÁDH.



Is mó rud atá le foghluim ag lucht ealadhna
in Éirinn, agus is mó rud freisin atá le
dearmad aca. An chéad-cheann de na rudaí
seo atá le dearmad, dar liom, sé sin an
rud uaimhnach úd, galar taithneamhach urchóideach
úd na haimsire seo atá i láthair, an phláigh
úd na dtíortha uile go léir, mórmhór na
tíre seo againn-ne: an dualgas do'n tír
dúchais.



Anois, ní abruighim ná gur fíor-aoibhinn an
rud é an dualgas céadna ar a bhealach féin,
agus admhuighim go bhfuil sé chó riachtanach
do'n státaire nó do'n tsaighdiúir is tá a
ghuth do'n amhránaidhe; acht ní saighdiúir ná
státaire é an t-ealadhantóir, agus ní ceart
go mbéadh dualgas aige do rud ar bith acht
amháin do'n ealadhain féin. Sagart áilneachta
tá san ealadhantóir, agus caithfidh sé gan
ómós ná grádh thabhairt do chúis ar bith eile.
An té nach fearr leis an ealadhan thar chuile
rud eile ar an domhan seo, ní fíor-ealadhantóir
é. Caithfidh fear na healadhna bheith chó
geanmnaí ar a shlí féin leis an sagart, agus
chó dúrachtach sglóndrach leis, agus gan
leigint do phleisiúirí na polaitíochta, cuir
i gcás, cur isteach ar a bheatha féin, ná
draoidheacht chur air, ná a shaothar a lot.



Tír í Éire atá lán de phleisiúirí na
polaitíochta, agus de phleisiúirí eile freisin
nach bhfuil baint ar bith aca le saol an
ealadhantóra ná le saothrú a chéirde, agus
mar gheall ar sin is dainséarach, agus an-
dhainséarach, an tír í maidir le fear
ealadhna. An iomarca draoidheachta chuir-
feadh ar bhealach a aimhleasa é atá ag baint
léi — an iomarca ar fad. Is geall le caraid
taithneamhach gan náire eicínt í, agus í ag
síor-iarra ort rud éigin dhéanamh ar a son.
Is binn é an glór atá aici freisin — mórmhór
leis an ealadhantóir. Tá rud eicínt ag
baint léi nach féidir leis an gcroidhe is
cruaidhe seasamh 'na choinne. Tá sí chó lán
de thaithneamh is de dhraoidheacht d'aigne an
ealadhantóra agus tá taisbeántas taistil
nó siopa milseán d'aigne an pháiste. …
Rud eile dhe, teastuigheann an iomarca
uaithi. Is geall le n-a clainn féin í maidir
le sin. Iarann sí an iomarca ar an saol.
Déanamuid-ne, a clann, an rud céadna.
Iarramuid an iomarca ar an saol agus ar
a chéile. Níl meas madra againn, cuir i
gcás, ar an bhfear nach dtig leis dánta
sgríobha, bunreachta chuma, páipéirí nuaíochta
chur in eagar, Sasanaigh lámhach, iomáint,
pioctúirí dhathú, pleasgáin chaitheamh, óráid-
eacha bhainfeadh deóir as na clochaibh glasa
thabhairt, airm stiúra, abhráin ghabháil, agus
éalú ó phroisún. Is cuma linn sa diabhal
é bheith in ann aon cheann amháin de na rudaí
sin dhéanamh go maith, ar an gcoinghíoll go
bhfuigh' sé bás ar ár son luath nó mall, maidin
ghlas ghaothmhar eicínt, thar é is mó í an spéis
atá againn sa bhflúirse agus san iomadúlacht
ná sa gcáilíocht, maidir le cúrsaí an tsaoil
pé sgéal é, agus maidir le cúrsaí ealadhna,
is beag ar fad an spéis atá againn ionnta-
siúd ar chor ar bith, agus d'fhéadfaí cine
fíor-leathan-radharcach thabhairt orainn mar
gheall ar sin.



Tá smaointe na hÉireann dírithe ar rudaí
nach bhfuil aon bhaint aca leis an ealadhain,
ar rudaí a bhfuil draoidheacht agus taithneamh
iongantach ag baint leo, mar duairt mé
cheana. Mar sin caithfidh fear na healadhna
in Éirinn aire thabhairt dó féin. Má's
mian leis cabhrú le n-a bhfuil d'áilneacht ag
baint le Éirinn i ndá ríribh caithfidh sé
dearmad dhéanamh ar Éirinn sul má ghní sé
rud ar bith eile. I ndá ríribh atáim. Níor
chum an “dualgas do'n tír dúchais” aon
ealadhan mhór ariamh. Níor tháinig aon obair
mhór litríochta nó dathadóireachta nó ceóil
as a leithéid de mhothú ariamh. Sgríobhann
an t-ealadhantóir dán nó ceapann sé pioctúir
toisg gur mian leis a dhéanamh, toisg go
dtoghann sé a dhéanamh, ní toisg gur dóigh
leis go ndéanfaidh a shaothar maitheas d'á
tír. An fear adéarfadh: “Suidhfidh mé
fúm anois go sgríobhaidh mé úirsgéal thar é
sin é tá ag teastáil ó mo thír dhílis ionmhuin”
— níl amhras ar bith ann ná go mba dheas
macánta grádhmhar an fear é, acht is an-
chosúil go mb'fhíor-uathbhásach an t-úir-sgéal
bhéadh sgríobhtha aige; agus maidir leis na
dánta is na hamhráin a cumadh mar mhaithe
le Éirinn bhuicht — seadh, chualamar uile go
léir iad is dócha d'á ngabháil ar na sráid-
eanna nó chonnaiceamar iad 'na gcrocha i


L. 234


bhfuinneoga na siopaí faoi'n tuaith, agus an
domhan iomlán 'á léigheamh. Is leór é sin.



Na dánta móra do cumadh in Éirinn, na
dánta mhairfeas, na dánta do chorruigh
sinn uile go léir, sgríobhadh iad as ucht
grádha do'n ealadhain, as ucht grádha do'n
chur-i-gcéill. Na daoine do chum iad, ní
raibh uatha acht a raibh d'áilneacht ionnta féin
chur in iúl trí fhoclaibh ceólmhara is trí
abairteacha binne, agus thoghadar a n-ábhar
sgríobhtha — Éire, nó bean, nó clocha na gcnoc
— ar ábhar sgríobhtha, agus gan ann acht
sin. Níor shamhluigheadar gur sórt Dé bhí
san ábhar sgríobhtha úd bhí toghtha aca, fiú
amháin má b'Éire bhí ann; níor shamhluigheadar
gurab é an t-ábhar an rud ba thábhachtaighe,
mar ghnífeadh an fear a bhfuil dualgus aige
d'á thír, acht b'eól dó gurab í an ealadhan
an rud ba thábhachtaighe, agus gurab uirri-se
chaithfidís freastal. Ní dhuairt siad:
“Sgríobhfaidh mé seo nó siúd mar déanfaidh
sé maitheas d'Éirinn.” Séard duairt siad:
“Sgríobhfaidh mé a dteastuigheann uainn a
sgríobha, thar é is ealadhantóir mé, agus
tá rud éigin le rá agam.”



Níl sa saol seo do'n ealadhantóir acht
ábhar d'á ealadhain. Ábhar iongantach áluinn
do'n ealadhain seadh Éire, agus ba chóir
go n-aithneóchadh an t-ealadhantóir Éireannach
an méid sin. Acht nuair bhéas sé sin tuigthe
i gceart aige, caithfidh sé gan dearmad
dhéanamh nach bhfuil innti dhó-sean acht ábhar
ealadhna, agus gan sórt bain-dhia chantalach
ghruama dhéanamh dhí a bhfuil dualgas dícéillí
éigin aige dhi. Má's mar sin smaoinigheann
sé uirri ní dhéanfaidh sé tada gur fiú le
rá go deó. Béidh sé féin agus a chuid
saothair crapuithe cuibhrithe ag a thír dúchais
in ionad bheith ag baint cabhruithe is inspioráid'
aisti.



Ní headh, caithfimid an bhaothchainnt seo i
dtaoibh dualgais d'Éirinn chaitheamh uainn.
Níl aon cheó ann, fiú amháin an Púiritánachas,
atá chó díobhálach nó chó sgríosach do shaothrú
ealadhanta agus tá an tuairim úd go bhfuil
dualgas ar lucht ealadhna do rud ar bith acht
amháin do'n ealadhain féin. Tá a thír-ghrádh
féin ag an ealadhantóir, agus níl aon bhaint
aige sin leis an gcineál tír-ghrádha atá ag
an státaire nó ag an saighdiúir, ag an
mbanncaire nó ag an bhfear-gnótha. Is
ceart go dtiubhradh sé grádh d'á bhfuil
d'áilneacht 'na thír féin fá mar thugann sé
grádh d'á bhfuil d'áilneacht chuile áit, acht
ní ceart go ndéarfadh sé: “Dathóchaidh mé
é seo nó sgríobhfaidh mé é siúd ar a son,”
óir annsin bhéadh sé ag freastal ar a
náisiúntacht féin trí mheadhonach a ealadhna,
rud go mba cheart do cur i bhfad níos aoirde
ná náisiúntacht ar bith, fiú a náisiúntacht
féin.



Níor dearnadh stuidéar in Éirinn ariamh
ar an treó go bhféachann an ealadhan agus a
lucht leanúna ar chúrsaí an tsaoil. Níor
dhearna lucht ealadhna féin stuidéar ceart
air. Leigeadar do na pleisiúirí úd atá
luaidhte agam cheana breith orra agus iad
sguaba leó — na pleisiúirí taithneamhacha
nimhneacha úd an tsaoil náisiúnta seo againn-
ne, agus ní rabhadar láidir a ndóthain ariamh
le seasamh i gcoinne na bpleisiúirí sin, ná
le n-a bhfíor-chuspóirí féin agus fíor-
chuspóirí a n-ealadhna do leanúint go dlúth.
Is mithid dóibh uile, idir lucht sgríobhtha,
dathadóireachta, is ceóil, é sin dhéanamh, agus
misneach a ghlaca, agus a rá, mar duairt
Gautier sa réamh-rá do “Emaux et Cainées”:



“Pendant les guerres de l'empire,
Gœthe, au bruit du canon brutal,
Fit le Divan occidental,
Fraîche oasis où l'art respire.



“Comme Gœthe sur son divan
Á Weimar s'isolait des choses
Et d'Hafiz effeuillait les roses,



“Sans prendre garde à l'ouragan
Qui fouettait mes vitres fermées,
Moi, j'ai fait Émaux et Camées.”



MÍCHEÁL MAC LIAMMHÓIR.



[Tuairm Mhichíl féin athá san alt so. F.E.]



ÁRACHAS



Polasaithe ar ghach
Conntabhairt le
fagháil.



CÁIN-IONCUIM



Cóirighthear Eilimh
Aisiocha, Reidhtighthe,
&rl.



AG



MAC DONNCHADHA & Ó BEÓLÁIN, TEÓ.
51 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH.



Guthán: 1106. Sreangán: Arrange, Dublin.


L. 235


SEÁN NA gCLEAS.



SGEUL DON AOS ÓG.



D'innis mé cheana chonus a fuair Seán an
Bitheamhnach Machánta na chosa leis ósna
bitheamhnaigh agus chonus a tháinigh sé abhaile.



“A athair,” arsa Seán maidin lár na
márach, “téir go dtí an tighearna talmhan
agus abair leis go bhfuil sé uaim a inghean
do phósadh.”



“Ambasa, 'sé an rud a deunfaidh sé ach
na madraí do sgaoileadh chugham, is eagal
liom. Má fhiafruigheann sé díom chonus a
dhein tú do chuid airgid chad a dhearfaidh
mé?”



“Abair leis gur mise an maighistir-
bhitheamhnach agus ná fuil mo shárú le fághailt
in Éirinn, gur fiú míle púnt mé agus gur
osna chladhairí ba mhó gan chrochadh a bhaineas
gach aon phingin ruadh dhe. Bí ag labhairt
leis gus an chailín ann.”



“Is greannmhar an teachtaireacht atá le
deunamh agam duit,” arsan t-athair, “is
eagal liom gur olc an deire a bheidh air.”



Tréis dhá uair a chluig do chas an sean-fhear.



“Bhel,” arsa Seán, “'dé an sgeul?”



“Sgeul greannmhar go leór,” arsan sean-
fhear. “Ní raibh aon deallramh mí-shástachta
ar an gchailín. Ní h-é seo an cheud uair a
labhairis leithi, is dócha. Ag gáire a bhí an
tighearna agus dubhairt sé gurb éigin duit an
ghé do ghoid den bhior dé Domhnaigh seo chughainn
agus go gchuimhneoch' sé ar an sgeul.”



“Is fuiris é sin do dheunamh, per 'sa
domhain é,” arsa Seán.



Tréis dosna daoine a bheith tar nais ón
Aifrionn luath an Domhnach na dhiaidh san bhí
an tighearna agus na daoine go léir sa chistin
agus an ghé dá chasadh ar an mbior roimh an
teine. D'osgaileadh an dorus agus do
shádh sean-bhachach suarach dona an cheann
isteach. Bhí mála mór ar an drom aige.



“An mbeadh ao' rud ag an maigheastreás
domhsa, nuair a bheidh an dinnéir chaithte?”
arsa sé.



“Beidh, gan amhras. Ach níl aon slighe
duit anois annso — fan sa phóirse go cheann
tamaill.”



Sara bhfad do leig duine éigin a bhí 'na
shuidhe ag an bhfuinneóg liúgh as: “feuch, a
mhaighistir, tá giarrfiadh mór ag rioth ar nós
an diabhail thimpeall an bháin. An riothfamuíd
amach chun bhreith air?”



“Chun beirthe air! ní bhfuighfidhe. Suidh
mar a bhfuil tú.”



Do fuair an giarrfiadh san na chosa leis
isteach sa ngairdín, ach do sgaoil Seán
ceann eile as an mála — Seán a bhí ann i
gchrot bachaigh, dar ndóigh.



“O, a mhaigistir, feuch air arís ag bualadh
thimpeall fós. Ní féidir leis imtheacht.
Bíodh Seilg againn. Tá dorus an halla fé
ghlas agus ní bhfuigheadh Seán dul isteach a
chuigint.”



“Fan socair, adeirim leat,” arsan
maighistir.



Cúpla nóimeant 'na dhiaidh san do glaodh
an fear cheudna amach arís a rádh go raibh
an giarrfiadh ann fós, ach b'shin é an triomhadh
cheann a bhí Seán tréis sgaoileadh tá 's
agat. Bhel, dar mo láimh, ní fheudfuidhe iad
do choimeád istigh níos sia. Siúd amach
le gach aon ceann achu agus an maighistir
'na ndiaidh.



“An mbeadh-sa ag chasadh an bhir, a dhuine
uasail, an fhaid a's a bheidh siad ag breith
ar an giarrfiadh?” arsan bachach.



“Deun agus ar do bhás ná leig isteach
aoinne.”



“Ambasa, ní dheunfad, bí súiráltha dhe!”
D'imthig an triomhadh giarrfiadh mar a dh'imthig
na cheannaibh eile, agus nuair a chasadar ón
t-seilg ní raibh bachach ná gé sa chistin.



“Greadadh chughat, a Sheáin,” arsan
tighearna, “do bhuailis bob orm an uair
seo.”



Ní fada 'na dhiaidh san gur tháinig sgeul
ó athair Sheáin dá n-iarraidh anonn ar
dinnéir.



Dóbair gur phleusg an tighearna a bheist-
chuirp le neart gáire agus é ag ithe a ghé
féin, agus geallaim-se duit gurb ag dul
i meud a bhí chion an chailín ar Sheán nuair a
chonnaich sí na deigh-eudaigh a bhí air agus na
deigh-bheusa a bhí ag baint leis.



“Ní féidir leat a bheith siúráltha dem'
inghean, a Sheáin,” arsan tighearna agus iad
ag ól punchh sa pharlús tréis dinnéir,
“maran goidfidh tú na sé chapaill liom óna
seisear fearaibh a bheidh ag faire ortha sa
stábla istoidhche amárach.”



“Do dheunfainn níos mó ná san, arsa
Seán, “ar feuchaint thaithnimeach ón
mbean uasal óg,” agus tháinig luisne i
leacain an chailín óig.


L. 236


Tráthnóna an Luain bhí na sé capaill sa
stábla agus fear in áirde ar gach aon chapall
acu. Bhí gloine maith uisge bheatha fé bheist-
chuirp gach aon fhir acu agus an dorus ar
osgailt do Sheán. Bhíodar meidhreach go
leór ar feadh tamaill; bhíodar ag magadh
a's ag amhrán agus bhí truagh acu do Sheán
bhocht. Ach d'eulaigh an oidhche in áit a chéile
agus do chromadar ar a bheith ag crioth agus
ag tnúthán leis an maidin. Fé dheire tháinig
sean-chailleach dona go dtí an dorus. A
leithéid d'aindeiseoir ní fhaca tú riam,
málaí timpeall uirthe in áit eudach agus
feusóg leath-órdlach ar fhaid ar an smeig
aici.



“Mhuise, a Chríostaidhthe bhádh-mharacha,”
arsa sí, “an féidir liom dul isteach agus
mo sgíth do leigaint ar sop tuighe sa chúinne.
Raghaidh an sioc isteach go dtí an cnámh
ionnam maran dtugeann sibh fuithint dom.”



Bhel, cheapadar narbh aon diobháil é. Do
chluthmharuigh sí í féin chomh maith a's a dh'fheud
sí agus ba ghairid gur thugadar fé ndear í
ag ól suip as buideul mór dubh a bhí aici.
Bhí sí ag casachtaigh agus ag cimilt a béil
agus do shamhluigh sé dosna fearaibh go raibh
sí compórdamhail go leór; bhíodar in eud
leithi, dar ndóigh.



“A gharsúin,” arsa sí tréis tamaill,
“do thairgeochthainn braon dé daoibh ach
amháin go mbéidir gur dhóigh libh go mbéinn
ró-dhána.”



“Dhera, sa riabhach le mórchúis gránda,”
arsa ceann acu, “glacfad-sa leis agus
bead buidheach díot.”



Annsan do thug sí an buideul dóibh.
D'fhágadar timpeall leath-ghloine ann don
t-sean-chailleach agus dubhradar nár bhlasadar
riamh braon ní ba fhearr ná é.



“Ar 'm fhocal, a bhuacaillí,” arsa sí,
“is ormsa atá an t-áthas go bhfeudaim
teasbáint daoibh gur mór is fiú liom bhúr
gcneastacht. Nílim gan buideul eile agus
geobhaidh sibh é chur mór-thimpeall an fhaid a's
a bhead-sa ag críochnú a bhfuil fágtha ag an
bhfear macánta sa ceann so.”



Bel, chun bhreith gairid ar an sgeul, bhí
deoch suain measgtha sa bhfuisge. Ní
túisge bhí an fear deireannach tréis tuitim
na chnap ar an diallait nár thóg Seán (cé
eile a bhí ann) iad go léir anuas, do tharraing
sé stoca thar crúidhte na gcapall agus do
thiomáin sé amach iad go ciúin socair go dtí
macha a athar. 'Sé an cheud rud a chonnaic
an tighearna maidin lár na márach ach Seán
ag marcaidheacht aníos an bóthar agus cúig
capaill eile 'na dhiaidh.



“T'anam ón diabhal, a Sheáin,” arsa sé,
“agus sgeimhle ar na pleidhcí a leig duit
a bheith ionnta.”



Chuaidh sé amach go dtí an stábla agus
nach iad sin a bhí leamh díobh féin chomh luath
a's a dhúisighdear i gceart.



“Ina dhiaidh san a 's uile,” arsan
tighearna le Seán, “ní mór an gaisge bob
do bhualadh ar a leithéidí amadán, beadsa
féin ag marcaidheacht ar an gcoimíneas óna
buille go dtí a trí a chlog indiu agus má
éirigheann leat an beithidheach do bhaint uaim
dearfaidh me gur fiú liom ort é a bheith
mar cliamhan agam.”



“Dheunfainn níos mó ná san ar son na
honórach, mara mbeadh aon grádh sa sgeul in
ao' chor,” arsa Seán agus chuaidh an cailín i
bhfolach taobh thiar dena ciarsúir.



Bhel, do lean an tigearna ag bualad
thimpeall anonn a's anall go dtí go raibh
se cortha agus drae Seán a bhí le feiscint
Do bhí sé ag cuimhneamh ar casadh abhaile sa
deire nuair cad a chifeadh sé ach ceann desna
fearaibh ag rioth ar a lán-dhícheall ón tigh mar
a bheadh buille air.



“O, a mhaighistir, a mhaighistir,” arsa sé,
ós árd a chinn a's a ghutha, “imthig abhaile
go mearr más áil leat an mhaighistreáa
d'fheiscint beo. Táim ag rioth fé dhéin an
doctúra. Do thuit sí anuas an staighre
agus tá sí tréis an cromán nó an muineul
nó an dá geug nó ní fheadar cad an rud é
do bhriseadh. Rioth chomh mearr a's atá sa
chapall.”



“Ach narbh fearr dhuit-se an capall a
bheith agat,” arsan tighearna. “Tá sé míle
go leith go dtí tig an doctúra.”



“Pé rud is maith leat, a mhaigistir. A
mhuire is truagh, a rádh go bhfeiceochthainn
an lá indiu.”



“Eist do beul, agus mithig ar nós an
diabhail.”



Do rioth sé abhaile chomh tapaidh a's a bhí
na chosa agus bhí iongantas air ná raibh aon
gleo ná fústar ar siubhal mór-thimpeall.
Isteach leis sa halla agus go dtí an parlús.
Bhí a bhean a's a inghean ag fuagháil ar a
suaimhneas agus do leigeadar sgreuch asta
le neart eagla nuair a chonnaiceadar an
fuadar a bhí fé agus an feuchaint a bhí ar
a aghaidh.


L. 237


Maran raibh an tighearna as a mheabhar
nuair a fuair sé amach conus a bhí an sgeul
bhí sé gairid do, bhí an oiread san áithis
air mar gheall ar a bhean a bheith slán an
oiread san feirge air mar gheall ar Sheán
agus an oiread san searbhais i dtaobh an
t-slighe do righneadh feall air. Níor tháinig
an seirbhíseach thar nais go ceann seachtaine,
ach narbh chuma leis sin agus deich nginí óir
'na phóca aige a thug Seán dó.



Níor chuaidh Seán 'na ghiorr' ná 'na ghaor
an lá san agus nuair a dhein b 'ait an fáilte
a bhí roimhe.



“Droch-obair ba dh'eadh í,” arsan tighearna.
“Ní mhaithfidh mé duit go deo an sgannradh
do chuiris orm, ach san am ceudna táim chomh
sona ó shoin i leith gur dóigh liom ná triall-
faidh mé tú ach aon uair amháin eile. Má's
féidir leat an bairlín do bhaint den leaba
fúinn anocht beidh an pósadh ann amárach.”



“Deunfadh iarracht,” arsa Seán, “ach
má choimeádann tú mo bhrídeach uaim a thoille
sgiobfaidh mé liom í, is cuma dá mbeadh
oillphiastí nimhneacha ag faire uirthi.”



Nuair a bhí an tighearna agus a bhean sa
leaba agus an ghealach ag taithneamh isteach
an fhuinneóg, chonnaic sé ceann ag tabhairt
cat-súil thar slat na fuinneoige agus ag
imtheacht arís.



“Sin Seán,” arsan tighearna, “cuirfead-
sa iongantas air an uair seo,” agus leis
sin do ghlinn sé guna mór i dtreo an pána
iochtarach.



“In ainm Dé, ná lámhaigh an buachaill
calma” arsan bhean.



“Níl aon bhaoghal air,” arsa sé, “níl
ann ach púdar.”



D'árduigheadh an ceann arís, do phleusg an
guna agus do thuit an corp de phleist mór
ar an gairbhéil thíos.



“Go bhfóiridh Dia orrainn,” arsan bhean,
“tá Seán bocht marbh nó mairtrighthe go
deire a shaoghail'.”



“Tá súil agam ná fuil,” arsan tighearna,
agus siúd leis síos an staighre. Níor
bhac sé leis an dorus do dhúnadh ach d'osgail
sé an geata agus amach leis go dtí an gairdín.
D'airigh a bhean a ghuth ag dorus an t-seomra
— fé raibh d'uain aige dul amach agus teacht
isteach arís mar a cheap sí.



“A bhean, a bhean,” arsa sé ón dorus,
“tabhair dhom an bairlín. Níl sé marbh ach
tá sé ag tabhairt fola mar a dheunfadh muc.
Caithfidh mé í chimilt dhe chomh maith a's is
féidir liom agus duine éigin d'fhághailt chun
go n'iomparóimíst isteach é.”



Do sgiob sí an bairlín den leaba agus
do chaith sí chuige é. Síos leis 'na splannc
agus ní túisge bhí sé imthighthe ná bhí sé istigh
arís agus é i gcabhail a léine mar a chuaidh
sé amach.



“Crochadh gan sgaoileadh ort, a Sheáin, a
ropaire,” arsa sé.



“Ropaire!” arsa bhean. “Ná fuil
an buachaill bocht brúidhte geárrtha gor-
tuighthe”



“Ba chuma liom dá mbeadh,” arsan
tighearna. “Cad a bhí ag suathadh síos
suas ag an bhfuinneóg, an dóigh leat, agus
cad a thuit chomh trom san ar an gcasán?
Eudaigh fir lán de tuighe agus cúpla cloch,
má 'sé do thoil é.”



“Agus cad a bhí uait den bhairlín ó
cianaibh, mar sin, maran raibh ann ach fear
tuighe?”



“Bairlín, a bhéan, bairlín! Ní raibh an
bairlín uaim.”



“Bhel, is cuma pé acu a bhí sé uait nó
ná raibh, do chaitheas chughat é agus tú id'
sheasamh leath-is-muigh den dorus.”



“O, a Sheáin, a Sheáin,” arsan tighearna,
“is tusa an tinncéir uathbhásach. Níl aon
mhaitheas a bheith ag comhrac leat. Caithfimíd
deunamh in eughmais an bhairlín ar feadh aon
oidhche amháin is dócha. Beidh an pósadh ann
amárach chun go seachnóimís a thuille
trioblóide.”



Bhí. Agus d'iompuigh Seán amach 'na fhear
phósta mhaith agus ní raibh aon teora leis
an moladh a thugadh an tighearna agus a bhean
dona gcliamhan .i. Seán na gCleas.



CILL NUADH.



DEUNANN



SCOTT & A CHOMH., TEÓ



Ráin, Sluasaid, Grafáin, Piocóid, Héatair.
&rl.



I MÓIN-ÁRD I gCO. CORCAIGHE.



Oifig: Sráid Mhic Curtain ig Corcagh.


L. 238


EACHTRAÍ AN CHAISLEÁIN.



Do thúirling mé dem' rothar i lár an
droichid. Bhí an abha bheag ag crónán go
ceólmhar agus í mar shnáth airgid ag drithliú
fé lonnradh na gréine, leoithne suairc
ionnfhuar anuas an comar, paiste d'arbhar
órdha thall is i bhfus, agus shuas i gcéin corcra
an fhraoigh ghá mheascadh féin i ngorm na
spéire. Ach níor bh'é an radharc greanta sin
fé ndear mo stad i lár an droichid ach sean-
fhotharach suidhthe in áirde ar chnocán ghlas
cúpla péirse uaim. Colamhan lom árd,
ball de fhalla anso is ansúd, agus neanntóga
téagartha borba droch-mhiotalacha mar ghárda
mór-thímpeall ortha — sin a raibh ann. Ar
an gcéad amharc cheapas gur máchail ar an
radharc é, ach duine mé a chuirean spéis i
sheana-fhorgnaíbh bíodh siad áluinn nó a mhalairt.



Dá gcasadh seanchuí orm a 'neósfadh dhom
rud éigin in-a thaobh, ach — d'airigheas coiscéim.
Bhí gioblachán a' teacht anuas an bóthar. Bhí
sé ceal casóige agus bhreithnigheas láithreach
gur stocaire de fheirmeóir é a bhain leis an
áit. “Maith mar a thárla,” arsa mise im'
aigne féin, nuair chonach cugham é, “ní
foláir nó tá eachtraí aige-siúd i dtaobh an
seana-chairn seo — díreach atá uaim.”



Duine trom-aosta a bhí ann, duine a raibh
aghaidh oscailteach mhacánta air, agus mar
bhréagadh ar a chuid bhalcaisí bhí deallramh an
deigh-chothuithe i ngach órlach dhe go mór mhór
'san chuid sin d 'á chorp a bhí laistig de
bhinndeal a bhríste. Bhí sé gléasta, mar
a thuigfá ó'n bhfocal “gioblachán,” go bog
scaoilte scóipiúil, agus fé raibh sé i bhfad
im' fhiadhnaise bhraitheas go raibh ball eile
dhe níos buige scaoilte scóipiúla ná a chuid
balcaisí féin — a theanga.



“Ag féachaint an chaisleáin,” ar seisean,
ag baint a phíopa as a bhéal, san am ceadna
ag déanamh gléis-scéithe le n-a dhá phus agus
ag lamhach amach — an gná-rud a theilgean
dúdaire amach nuair a bhfuil seach tobac á
chaitheamh aige. An fhaid a bhí sé ag cainnt
agus ag oibriú an gléis-scéithe do iniúch
sé orm síos agus suas, ó bhun go baitheas,
ach go cíneálta atharúil díreach mar a
dh'féachfadh athair a bheadh ag meabhrú an 'mó
slat a dhéanfadh culaidh d'á mhac.



“Seadh,” arsa mise. “Nách dúr
doicheallach an fotharach é? Má's aon
chruthú ar a dheallramh an t-iarsma seo dhe
ní foláir nó ba alltach an áilleán é sara
dtáinig réim na h-aindeise air.”



“Mhaise mó cheól thú,” ar seisean, “agus
abair é sin, a mhic ó. Ach b'é an diabhal féin
a thóg é agus ceann des na h-áitean' é seo a
chomhníonn sé nuair a thagann sé i gcúaird
aníos.”



“Ach cér b'é féin in ao' cor?”



“An Ridire Buidhe,” ar seisean, ag
baint na salóige as a phíopa agus ag tosnú
ar ath-líonadh. B'é an bocaire a shciobfadh
an ceann díot gan bheith i bhfad ar a thí!
Shuas fé'n túrtóig san thall bhí an bloc is
an tuagh agus fear an dí-cheannadh agus
saothar air de ló is d'oidhche gan sos gan
staonadh ó Luan go Sath-Domhnach is ó Dhomhnach
go luan. Na cloiginn a bhánadh 'san ngréin
is a chnagadh 'san ngaoith os cionn na fallaí
úd thall! Innsteann na daoine scéalta a
dh'árdóch' do chuid gruaige id' cheann, a mhic
ó, ach dá olcas e an Ridire Buidhe, ní
chreidfá an ceathrú a chuirtear 'na leith dá
nglacfá comhairle carad — ná'n riabhach creid.
Ach mo chreach is mo léir,” ar seisean agus
seirbhthean 'na ghlór, “b'feárr liom bheith a'
gabháil de chiceanna orm héin ná bheith ag
éisteacht le daoine ag spalpadh na mbréag
i dtaobh an fhotharaigh úd. N'fheadar,” ar
seisean go feallsúntach, ag socarú cos a
phíopa idir an dá chreachail amháin a bhí fágtha
'na dhranndal, “N'fheadar, a bhuachaill, an
amhlaidh atá an teanga ag tógaint an galair
ós na rudaí gránda — na fiacla fallsa a
bhíonn age sna daoinibh anois.”



“Is annamh le scéaluí gan bheith bréagach,”
arsa mise, agus tocht gáirí orm, gan
cuimhneamh ar an nóimit go n-oirfeadh an
caipín dom fhéin.



“Díreach,” ar seisean, “agus ba chóir
go mbeadh náire ortha. Ach cad tá 'gam a
radh? Diabhal náire nó allus ar na daoine
'nios a mhic ó, agus tá a rian ortha, ní féidir
leat focal a creidiúint uatha.”



D'fhéach sé i dtreó an chaisleáin.



“Cíonn tú an t-árdán glas tímpeallach
air,” ar seisean. “Seadh. Féachann sé
go glas mealltach adeireann tú. Féachann
i maiste, ach a' gcreidfá mé — gach duine
riamh, agus fiú an beathaidheach is an t-éan,
a raibh sé de dhánaidheacht ann bacadh leis i
n-aon sórt slí b'é deire le rath is suaineas
is sláinte dhó.” Do stad sé an fhaid a
bhí sé ag oibriú an gléis-scéithe agus seo
leis airís. “Ní dearmhadfaidh mé go deó


L. 239


an bhliain do gheárr Seán na gCártaí an
féar ar an gcnocán úd. Ní bhuailfeadh an
diabhal féin buille ar an Sheán cheádna — sin
a mheastí uair ach go h-áirithe. Mar dubhart
gheárr sé an féar agus shábháil sé é. Tharraig
sé abhaile é agus dhein sé coca mór de 'san
iothlain, agus deabhas rud mí-choitchionta a
thuit amach. Ní miste a rádh go raibh breall
ar a lán daoine toisc a shaoire a chuaidh sé
as, agus beag ná gur tháinig droch-mheas ortha
ar chomacht an Diabhal Bhuidhe féin. Bhal,
do thárla an lá so bhí Seán ar an aonach, agus
bhí sé ag ól agus ag maoidheamh as an gaisce
a bhí déanta aige 'a rádh go mba mhaith leis a
fheicsint aon Ridire nó Bodaire, bíodh sé
buidhe nó bíodh sé bán nó aon dath eile, as
iarta Ifrinn amach a chuirfeadh bárr a mhéire
air féin, nó ar aoinne a bhain leis, nó a
thiocfadh níos giorra ná fiche míle dhó. A'
bhfeiceann tú an tigh beag úd thuas sa
ngleann?” arsa an scealuí ag síneadh a
mhéire, “agus an iothla ar an dtaobh seo
dhe? Díreach. Anson a bhí an coca stór
déanta ag Seán. An lá a bhí mo bhuachaill
ag bladaráil is ag fógradh cogaidh ar gach
aon Ridire a bhí damanta riamh cad a
thárlóch' ach mé féin im' sheasamh ar an
ndroichead so díreach mar atáimíd anois.
Amharc dá dtugas suas i dtreó tighe Sheáin
cad a chífinn ach an coca stór ag bogadh
anonn is anall nós caillighe a bheadh corra-
thónach i gcathaoir shúgáin a bheadh cnapánach
fúithe! Deirim leat gur baineadh preab
asam. Ach nuair chonach an coca ag éirighe
órlach ar órlach, céim ar chéim suas 'san
spéir beag ná gur thuit an t-anam tur te
asam. Ba chuma nú clog an t-séipéil maidin
Domhnaigh an croidhe istig ionam, a bhuidheanach.
… Níos aoirde fós an coca stór, níos
aoirde 'san spéir. D 'eirigh an t-sidhe-
ghaoithe. Rug sé ar an gcoca. Deineadh
bulla-báisín de, agus níos luaithe ná'n chaor
scuaibeadh os cionn an fhotharaigh seo é.
Timpeall an chaisleáin — uair! — dhá uair! —
trí h-uaire! — deineadh splannc lasrach dhe,
d'airigheadh fuaim mar fhlich-shneachta ag tuitim,
agus b'é an chéad rud eile a thugas fé ndeara
ná an t-árdán so go léir clúdaithe le
luaithreach! Níor cuireas an scannradh díom
go ceann bliana …”



“Ó, Seán? Nuair tháinigh sé abhaile cé
go raibh sé bog-mheisce b'é an chéad rud a
mhothuigh sé ná'n coca stór imithe. Cheap sé
ar an bpointe gurb' amhlaidh do dhíol a bhean
é an fhaid a bhí sé féin ar an aonach agus
geallaim-se dhuit go raibh sé 'na chogadh
eatorra láithreach. Ach nuair thuig sé an
scéal thug sé do'n léabaidh agus fuair sé
bás.”



Mhothuigheas an fheirc ag crith laistig de 'n
bhinndeal, ach pe' cu bhí sé scannraithe len-a
scéal féin nó a' gáirí os íseal do theip orm
a dhéanamh amach.



“Is úafásach an scéal e,” arsa mise,
ag feáchaint ar an aghaidh oscailteach mhacánta
a bhí cómh sollamhanta le h-aghaidh bhreithimh.



“Seadh leis,” ar seisean, “agus mara
mbeadh mo dhá shúil féin —” Do stad sé go
h-obann. Bhí scata géanna a' teacht timpeall
cúinne an chaisleáin agus iad ag creimirt
an fhéir is ag gogáil gan aon mairge ortha,
dar ndóigh, ach gach re “tarraig is sáith
airís,” ar siubhal go h-éascaidh aca.



D'fhéachas go fiosruitheach air.



“Á,” ar seisean, “ba dhóbair dom é
dhearmhad. Scéal aisteach eile é sin, a mhic
ó. Liom-sa na géanna. Ní géanna coit-
chionta iad cé go bhfhéachann siad é, b'fhéidir.
Baineann draoidheacht leo, baineann i muige,
agus nuair cloisfidh tú an scéal tuigfir ca'
thaobh a leigim leó dul thar teórain isteach
anson, dá aimhdheóin diablaideachtaan Bhiteamh-
naigh Bhuidhe. Ach 'neósfaidh mé an scéal duit.



“Go ndéanadh Dia trócaire ar anam m'
athar,” ar seisean, go diaganta, “bhí sé
tráthnóna amháin i dtúis an gheimridh ag
dúnadh suas agus ag cur gach nídh i dtreó i
gcóir na h-oidhche nuair cad a chífeadh sé a'
teacht cuige síos an casán ach mada-ruadh, a
theanga ag sileadh amach, seórdán 'na scórnaigh,
agus é traochta sáruithe. Bí na fiagaithe
ar a thóir i rith an lae, 'tuigeann tú, agus
nuair chonnaich m'athair an créatúirín bocht
do leaghadh a chroidhe le truagh dhó láithreach
d'oscail sé doras an sciobóil.” Tharraig an
aindeiseóir madra-ruadh é féin isteach is
luigh sé síos in aon cnaip' amháin ar gabháil
féir a bhí sa chúinne. Amach lem' athair go
cró na ngéanna. Rug sé ar cheann bhreágh
ramhar. Thar n-ais leis agus an gé 'na
bhaclain aige agus chaith sé isteach insa
scioból í agus dhruid sé an doras. Nuair
cheap sé go raibh an gé ithte agus a scíth
leigthe ag an mada-ruadh d'oscail se doras
an sciobóil airís. Tháinig an mada-ruadh
amach, d'féach sé go buidheach ar m'athair,
d'iompuigh sé ar a sháil agus chuir sé an
cnoc de go mall righin.



“An tráthnóna 'na dhiaidh son nuair abhí
m'athair ag dúnadh suas cad a chífeadh sé


L. 240


ach an mada-ruadh céadna ag sodar síos an
casán agus gé breágh ramhar á thiomáint aige.
Bhí iongna agus alltacht ar m'athair, nídh nách
iongnadh, ach níor dhein an mada-ruadh ach a
cheann a bhagairt i dtreó an ghé agus as go
bráth leis airís. Bhí m'athair bocht i dteannta,
ach cun scéal geárr a dhéanamh dhe, do choimeád
sé an ghé agus síol-aicme an éin sin an
tréad úd. Thuigfir anois ca' na thaobh a
leigim leó — á, níl tú ag imtheacht? Is
truagh ná féidir leat fanúint go 'neosfaidh
mé — ach uair éigin eile — Bhal, go n-éirighidh
do bhóthar leat, a mhic ó, go n-éirighidh sin.”



Phreabas ar mo rothar, ach ní túisce bhí
mo dhrom leis ná shaoileas gur airigheas
fuaim mar a bheadh cnaipí ag pléascadh.
“Ní foláir,” arsa mise im' aigne féin,
“nó tá an binndeal briste an iarracht so.”



Sin mar a fuaireas “Eachtraí an
Chaisleáin,” ach bím ag cuimhneamh ó shin pe'cu
bhfuil dlúth-bhaint le fiacla fallsa agus
bréagaireacht nó ná fuil, nách aon cruthú ar
fhirinne an duine, ach go h-áirithe, é bheith i
dtaobh le cúpla creachail fiú amháin nuair
ghabhann aghaidh oscailteach mhacánta leó.



GAILLTE BEAG.



SÚGRADH.



Cleas é seo chun scoláirí do mhealladh chun
breis suime do chur i seanfhocla Gaedhilge).



Seo mar d 'imrightear é — Deireann an
t-oide, nó duine de sna scoláirí rann beag
ar dtúis, mar atá, “An Circín Donn” nó
“Druingide Drainide.” An scoláire go
dtuiteann an focal deireannach den rann
air, beidh air-sin dul amach fhaid a bheidh an
chuid eile ag socrú eatorra féin cia acu
seanfhocal a bheidh acu le cur air. Nuair a
bheidh soin socair, glaodhfar isteach an t-é
atá amuigh — (Seán a ainm, abair) a's déarfaidh
gach scoláire rud éigin go mbeidh focal den
t-sean fhocal ann — mar seo féach:—
Seán (leis an gcéad scoláire) —



Seadh, a chara, cad tá le rádh agat-sa?



C.S. — IS MÓR an spóirt atá ag na leanbhaí
beaga indiu.



D.S. — Bíodh FOIGHNE agat, a chara, a's
gheobhair amach an seanfhocal, gan teip.



T.S. — BUAIDHFID an Ghaedhilg sa deire, má
bhíonn na Gaedhil dílis dí.



Seán — Á. Tá sé agam — Is mór í an fhoighne
agus buadhfaidh sí — Nach eadh?



Na S. — Maith an buachaill! a Sheáin. Tá sé
agat, gan dabht ar domhain.



Dearfar an rann beag airís annsoin a's
raghaidh an cleás chun cinn mar a chuaidh
cheana, agus seanfhocal nuadh acu.



Ós ná raibh an “Circín Donn” i gcló
riamh cheana, ní miste é chur síos annso.
In Gleana Eatharla chuala é. — Deirtear go
bhfuil cleas an ghasta ag an madra ruadh —
má's rud é go mbíonn an chearc nó an sícín
ró-árd do, ar an gcleith i gcró na gcearc,
cromann sé ar é féin do chasadh timcheall
chun go dtagann meabhrán i gceann na circe
a's go dtuiteann sí anuas chuige — “is fearr
stuaim ná neart” — mar adeir an sean
fhocal.”



AN CIRCÍN DONN.



An Madra Ruadh —



“Codail, codail, chircín donn,
Sin é an searrach,
Tríd an gearrach
An madra ruadh glic
A's é ag cas' ar an mbuaille
Sé adubhairt go luath an rann.
Gur thuit le tuairt,
An Circín donn
Den cleith anuas
Chun an madra ruadh.”



SEÁN Ó GRUAGÁIN.



EASON



Leabhar úrnaighthe Catoileachaighe, an cur amach
is deidheannaighe aith-sgríobhtha agus ceartuighthe.
Clóbhuailtear agus clúdaightear in Éirinn iad.



The Garden of the Soul.



The Key of Heaven.



The Manual of Catholic
Piety.



The Treasury of the
Sacred Heart.



The Imitation of Christ.



Holy Childhood.



&rl., &rl.



Cló breághdha, páipeur maith, Clúdach cruinn agus
seasamhach, mar adeireann gach aoinne.



Luach íslighthe — 1/- go 18/-



An seachtmhadh cur amach le fághailt anois 61,000
cóip ar fad.



TREASURY OF THE SANCTUARY,



Leabhar Úrnaighthe.



Á chur in eagair ag Siúracha na Trócaire,
Sráid Stanhope, Baile Átha Cliath.
Royal 32mo. 5" x 3¼".



Clúdaighthe go deas, i bpáipeur in Eudach nó i
leathair.



Luach ó 2/- go 9/-



Liosta le fághailt ach é dh'iarraidh. Gheibhtear na
leabhra thuas ó gach siopa Leabhair agus Cráibhtheachta.



EASON AGUS A MHAC, TEO.,
Baile Átha Cliath agus Béil Féirsde.


L. 241


LEITREACHA.



POST-SHEANCHUS.



Do'n bhFear Eagar, beatha agus sláinte,



Ar bhfeiscint dom an tagairt a dheinis do Phost-
Sheanchas agus d'Aireacht an Phuist i “Sguab” na
Márta, dubhairt liom féin nár bhfearra dhom rud a
dhéanfainn ná an méid beag eoluis a bhí agam féin i
dtaobh ainmneacha áiteann, mar a bhfuil Oifigí Puist,
do chur chughat gan mhoill. Bh'fearr liom é chur chughat-sa
i dtreo go gcuirfeá an “Sguab” ag obair na thaobh
ná go dtí lucht an Phuist. B'féidir gur bhfiú leat an
méid seo leanas do chur i gCló san “Sguab” ach
mara bhfiú bheinn fé chomaoin mhóir agat ach é chur i
n-iúl do lucht an Phuist. Is dócha gur gearr go mbeidh
gach marc puist i nGaedhilg (tá cuid mhaith díobh i
nGaedhilg cheana féin), ba mhór an trua é gan sean-
ainm cheart Ghaedhealach na h-áite do bheith sa mharc san.
Anois an t-am againn chun na lochtaí atá ar Phost-
Sheanchas do leigheas. Ar an gcéad ásg, bhí an blúire
Gaedhilge seo i dtaobh Passage West, Co. Chorcaí, atá
agam á chur chugat, bhí sé san “Cork Examiner”
tímpal bliain go leith ó shoin. An Fear Daire do
scríobh é. Tá cóip de Phost-Seanchas I. agus II. agam
agus na dearmhadta go ndeintear tagairt dóibh sa
bhlúire pháipéir seo táid le feicsint sa dhá chuid sin.
Cuir i gcás i b-Post-Sheanchas I. tá “An Pasáiste”
mar Ghaedhilg ar Passage West. Is dóigh liom-sa gur
deise agus gur Gaedhealaí go mórd'ainm “An Calath”
Tá pasáiste go canta 'sa ghnath-chaint mar Ghaedhilg ar
passage nó corridor ach mar ainm ar shean-áit ársa
ní maith liom in-aon Cor é. Rud eile dhe, ní misde
dhúinn muinín do bheith againn as an bhfear faire, go
bhfuil an fhuirim cheart de'n ainm aige. Táim cinnte
leis, ní h-amháin nach mór leis dúinn fíor-ainmneacha
na n-áiteann a thug sé sa bhlúire páipéir seo do chraobh
sgaoileadh do'n phobal ach gurab amhlaidh ba mhaith leis
iad do bheith i mbéal gach uile Ghaedhilgeora. Agus
níl Monkstown i gceart i bPost-Sheanchas leis. Baile
na Manach atá ann i n-inead Bhaile an Mhanaigh. Tá
Baile an Roístigh (Rochestown) i gCeart ann. Maidir
le Crosshaven tá an fhuirm cheart .i. Bun a' Taibhirne
(Táirne) i gcuid II., ach sé fuirm atá i gcuid I. ná
Bun an tSáile (!) Sin a bhfuil le rá agam anois i
dtaoibh an bhlúire pháipéir úd ach tá cúpla rud eile
le h-innsint agam fós. Ní fuláir nó táir ag eirghe
cortha dhíom fé'n am so ach bíodh foidhne agat liom
tamaillín beag eile. Tá áit i n-aice le Cóibh Chorcaí
go ndeirtear Belvelly leis i mBéarla. Bheul tá cara
domhsa 'na chomhnaí sa taobh san dhúthaigh agus bhíodh sé
ana-mhór le sean-chainteoir dúchais a bhíodh na chomhnaí
in aice le Belvelly. Is mó uair do bhíodh comhrá breá
comharsanúil aca le chéile. Fuair an seanduine bás
tímpal mí o shoin — solus na bhflathas dá anam. Béal
an Bhaile a thugadh sé ar Belvelly i gcomhnaí. Níl sa
bhfuirm atá ag Seosamh laoide, mar adeir sé féin i
gcuid II., ach buille-fé-thuairim ón ainm atá i litriú
an Bhéarla. Sé fuirim atá aige na Béal Bhíle. Deireadh
an seanduine gurab é rud a chialluión Béal an Bhaile
ná béal an bhaile mhóir .i. an Chóbh, mar tá an áit díreach
ar imeall an Oileáin Mhóir agus tá droichead ann ag
dul idir an oileán agus an mhóirthír. Tá áit eile
in aice le Ráth Luirc, Co. Chorcaí, ar a dtugtar i mBéarla
Milford. Tá Cill Bheoláin i bPost-Sheanchas mar
Ghaedhilg ar an áir sin. Dubhairt cúpla duine a
rugadh agus a tógadh san áit sin liom gur dhá áit fé
leith ar fad Cill Bheoláin (Kilbolane) agus Milford
agus gurb í Gaedhilg ba cheart a bheith ar Milford ná
Áth an Mhuilinn. Rud eile dhe fós, do fágad amach
Cill Dairbhre, Co. Chorcaí, i gcuid II., de Phost-
Sheanchas. Sin a bhfuil agam le rá i láthair na h-uaire
agus tá súil agam go gcuifir an méid adubhart thuas
i n-úil do lucht an Phuist. Ba mhaith an rud é, leis,
dá n-iarrthá ar léightheoirí. “An Sguab” aon eolus
atá aca i dtaobh ainmneacha áiteann mar a bhfuil
oifigí puist do chur chughat. Annsan d'fheadfá cúinne
beag de'n “Sguab” d'fhágaint i gcoir an eoluis
sin. Tar éis tamaill d'fhéadfadh Aireacht an Phuist
Phost-Sheanchas nua do chur i gcló, ceann a beadh gan
locht, chomh fada agus dobh fhéidir sin. Is dóigh liom go
bhfuil “An Sguab” thar bárr agus is cúis atháis agus
lúthgháire dhom a chlos a bhfeabhus is tá ag eirghe leis.
Gura fada a fágar suas tu chun “An Sguab” do
láimhseáil agus ceart na Gaedhilge binne milse do
phlé agus do chosaint.



Is mise,



“ÓGÁNACH NA FÉASÓIGE.”



LÉIRMHEAS.



GAEDHEALG SAN OIFIG.



Níl aon slighe eile chun na Gaedhilge d'fhoghluim ach
tabhairt fúithi i ndá ríribh, uair a chluig ar a luighead
do chaitheamh ar an obair gach aon lá, dúil a bheith ag
an bhfoghluimtheoir innti, agus aigne láidir agus foidne
a bheith aige chomh maith. Níl aon chomhgar ann in ao'
chor. Tá daoine ann agus is dóigh leo gur cheart go
mbeadh an Ghaedhealg acu tréis dóibh a bheith ag
tinncéireacht ar leaibhrín éigin ar feadh cúpla mí agus
nuair ná éirgheann leo annsan caitheann siad uatha í.
Ní maith liom na leabhra so a mbíonn trí cholumhain
ionnta (Ghaedhealg, Béarla agus iarracht ar foghair
na Gaedhilge do chur sios i leitriú Béarla). Saghas
meallaidh iseadh iad, chomh maith as a dhearfaidhe gur
féidir an Ghaedhealg d'fhoghluim ar an gcuma san.
Tréis dúinn an méid sin do rádh — chun ná bainfidhe
aon tuigsin fallsa as ár dtuairim — ní misde liom
a rádh go bhfuil an leaibhrín seo do sgriobh Pádraig
Ó Bróithe go maith 'na shlighe féin. Saghas leabhar-
phóca iseadh é do dhaoine a bhfuil roinnt Gaedhilge aca
cheana agus a mbíonn uatha rudaí áirighthe do rádh
agus do sgríobh agus iad ag obair in oifig. Ní
mhúinfear mórán Ghaedhilge dóibh as an leabhar so ach
déanfaidh sé a chion féin chun na Gaedhilge do tharranigt
isteach in áiteanna ná fuil sí an-fhlúirseach anois agus
is fiú rud éigin san. Tá's agam go bhfuil cuid maith
cailíní agus buachaillí dá úsáid agus ag baint tairbhe
as agus teasbánann san go raibh práidhinn aca lena
leithéid.



C. M.


L. 242


COMÓRTAS VI. (1923).



Baineann sé le deallramh go gcuirtear an-shuim
sa cheist seo .i. focail Gaedhilge atá in usáid ag
daoine ná fuil focal Gaedhilge acu, dar leo féin.
Feuch an liosta fada so leanas a chuir Seán ua
Síothcháin chughainn. Tá suas le 600 focal ann. Má
thá cúpla ceann ann d'aithbheodhadh ó tháinigh Connradh
na Gaedhilge ar an saoghal níl aon dabht ná go bhfuil
an cuid is mó díobh agnadaoine fén dtuaith in áiteanna
áirighthe. Roinnt bliadhanta ó shoin do sgríobhamar
féin síos an méid focal den t-saghas san a raibh eolas
againn ortha in oirthear Chláir. Bhí timpeall 400 focal
inár liosta féin. Seán Ua Síothcháin, Ráthluirc, a
bhuaidh an cheud duais agus an t-ath. Seumas Ó Caoimh,
South Shields, Sasana, a bhuaidh an dara duais. Liosta
fada abhí aige sin, leis; bhí focail ann ná raibh i liosta
Sheáin agus, dála an sgéil, bhí focail in gach aon liosta
a fuaireamar, beagnach, ná fuil sa liosta so leanas
.i. liosta Sheáin Uí Shíothcháin. Cuirfimíd cló ortha
san nuair a bheidh deire leis an liosta so.



Aghaidh fidil … He had on a aghaidh fidil.



Amadán … He is a great amadán.



Aindeis … She is very aindeis.



Aindeiseóir … A great aindeiseóir.



Airidheacht … There was good singing at the
aeridheacht.



Ambasa!



Aiteannín gaodhalach … We give aiteannín gaodhalach to
the horse.



Ailleán … Well, you are a great ailleán.



Asmhuchán … 'Tis no asmhuchán.



Airgead
sios. … I am taking it airgead sios.



Básachán … A básachán of a calf.



Brídeóg … Carrying around the brídeóg.



Bogán … The hen dropped a bogán.



Bastún … A big bastún.



Báinín … He is wearing a new báinín.



Buaithreán … Gathering buaithreán for to make
a fire with it.



Brealla gorm … The meadow is all breallaí
gorma = horse-buttons.



Brúsgar … The black turf is all in brúsgar.



Bán … Bring the cows in the bán.



Bodóg … He has only a handful of hungry
bodógs.



Bodlach … The bodlach of a pig is very useful
for greasing shoes. Bodlach =
'Sé deireadh an chaoláin mhóir é.



Barrchínn … A fine barrchínn of turf.



Bhúichínn … My bhúichínn is broken. Bhúichínn =
lúidín.



Buacach … It is he that is fine and buacach.



Boidseachán … He is a great boidseachán = cynic.



Bachall … He had a stick with a huge
bachall on it.



Beart … Bring in a beart of hay.



Buachaill … He is a cross buachaill.



Béiceachán … We have a béiceachán of a calf
that would bother you.



Bóithrín … The bóithrín is full of gutter.



Brobh a gé … The meadow is covered with
brobh a Gé.



Bocán … Where is the bocán of the door?



Bodach … He is a great bodach.



Bradach … That heifer is very bradach.



Bradaigheacht … That was most awful bradaigheacht.



Bearna baoghail … “To night we'll man the
bearna b.”



Bhastar … He took a fine bhastar of bread
with him.



Blaid … He is such a blaid.



Breall … There is a breall on him.



Breillce … A breillce of a fool.



Blúirín … Eat another blúirín of bread.



Buailteán … The buailteán of my flail is
splitted.



Bacach … He is a bacach for life.



Bodaichín … Fill another bodaichín of scallops
for the thatcher.



Búraicín … He is a regular búraicín for
walking.



Brus … The corn is all brus.



Buachalán Buidhe … The field is yellow with
buacaláin buidhe s.



Brouis … He had a great brouis on him
.i. breall (? leitriú F. E.)



Branar … We will do branar to-day with
the new spades.



Bladar … I don't want any of your bladar.



Bochtán … He is a great bochtán.



Bean-sidhe … I heard the bean-sidhe last night.



Bramach … A bramach of a fool.



Bóraic … We have not any right hurling
ball. We've only a bóraic.



Brothall … Great brothall to-day.



Bothán … A bothán for pigs.



Bairghín … A nice bairghín of bread.



Botún … You made a great botún.



Bróg … My brógs are worn.



Barróg … He threw away the barróg.



Bata … He had a heavy bata in his hand.



Brosna … Gathering brosna.



Banbh … Banbhs were dear to-day.



Bobhta … We will have another bobhta of it.



Bacstí … We made some bacstí .i. cál
ceannan.



Baisíní teo … Baisíní, teó, teo, cuit.



Bheidhealdóir … The bheidhealdóir broke his fiddle.



Ceiléir … The ceiléir is scoured.



Crot … To see the crot of them is fortune.



Colurchán … He got a great fright from a
colurchán a few nights ago.



Camóigeacht … The girls were playing camóige.



Cailleach … She is a great old cailleach.



Cogar-mogar … That's only a cogar-mogar.



Caisearbhán … Picking caisearbán for the hens,
.i. caisreabhán = dandelion.



Creabhar caoch … The creabhair caochs were at the
horses all day long.



Cleabhar … Is mar a chéile cleabhar, is
creabhar caoch.



Céis … We were fattening a few céis's.


L. 243


Comhrádh … We had a great comhradh.



Criochán … We have not anything but
criochán's under the stalks this
year.



Crúst … A big crúst was thrown at him.



Crústáil … He got a great crústing.



Craos galar … The child has the craos galar.



Cadaráluide … He is a great cadaráluidhe.



Coisín … Will you give me this coísín,
baby?



Creanán … The field is white with creanán,
.i. with milfoil.



Crúiscín … A crúiscín of porter.



Céilidhe … We have a céilidhe at their house
every evening.



Colp … There is a cut in my Colp.



Colp … His father left him a colp of
geese, and the grass of them.



Ciuirliún … I shot a ciuirliún.



Cis … Five Cis's of turf is as much as
any horse could carry.



Ciotóg … Are you a ciotóg?



Ceóchán … There is ceóchán on the duck.



Clabhta … He got a great clabhta of a stick.



Craibt … He is very craibt, .i. glic.
(ón mBeurla. F.E.)



Cruiceóg … A cruiceóg of turf.



Caipín … I'll knock the caipín off you.



Cáibín … He had on an old cáibín.



Cliotaráil … Great cliotaráil, .i. gleó.



Cibeal … Great cibeal, .i. na haon duine
a beith ag déanamh a dhicheill
cun gleóigh, agus stracadh, agus
gac saghais ré rádh.



Ceó bóthair … Great ceó bóthair.



Cnocáinín … There is a cnocáinín in the
middle of the field.



Cábún … A cábún of a chicken.



Cladhchán … He broke his mowing-machine
paring around the cladhchán.



Cainnchín … He has a flat cainnchín.



Cliathaire … A cliathaire of a fool.



Ceanabhán … The hill is beautiful with
ceanabháns.



Camán … His camán got smashed.



Clab … He had a clab on him, laughing.



Clabaire … Well, look at him for a Clabaire.



Cailcín … A cailcín in his eye.



Caithnín … There are caithníns of snow going
(= cáithnín. F. E.)



Ciotaeritheó … We had great ciotaeritheó, .i.
gleó.



Cip a do ríl … Great cip a do ríl.



Caoineadh … He was playing a caoineadh.



Crónán … The cat is crónáning.



Círín … A círín of bog-deal.



Ceól … Great ceól.



Colpán … The colpán of the flail.



Ceartuigh … Deirtear le bhoin é sin, nuair
a beadh duine ag dul fuithe cun
í a Crudhadh.



Clabhtaín … He got a clabhtáin of a fist.



Cnapán … He has a big cnapán on his
forehead.



Crochaire … He is a great crochaire.



Clais … Shovelling a clais, or a clais of
stones.



Comhgarach … He is very comhgarach at the talk.



Comh-chliamhan … The two comh-chliamhans are
together. Comh-cliamhain iseadh
beirt fhear a beadh pósta le
beirt dheirbhseathar



Castóir … Get the castóir, we must twist
some súgáns.



Casairnín … The súgán is all casairníns.



Ciaróg … The well is full of ciarógs.



Cráidthe … He was very cráidhte.



Cráidhteachán … He is a great cráidhteachán.



Cor … Put another cor on the rope.



Crúibín … Eating crúibíns.



Cráintín … The fox carried my cráintín.



Coladh grífín … I got coladh grífín in my leg.



Ciseach … He put bushes on the ciseach for
the cows.



Carraigh … He threw a big carraig at him.



Cál Ceannan … My mother made cál ceannan.



Cumar … He went down to the cumar for
a bucket of water.



Craobh … A craobh of heath.



Cabaire … A great cabaire, .i. brat.



Cluaisín … I'll pull the cluaisín off you.



Creach … Oh, mo creach!



Ceobhrán … There was a bad ceobhrán there.



Comhair … He is comhair ing with J--



Cúlóg … I was riding cúlóg, behind him
on the horse.



(Ní crioch.)



ÚSÁID
GRANIA
TOOTH
PASTE
AR SON t'FHIACLA



ÚSÁID
GIBSOL
OINTMENT
AR SON DO
CHROICINN



Fior-dheuntús na h-Éireann iseadh iad so. Táid le fághail
ósna drugadóirí ar fúd na tíre ar 1/3 gach ceann nó go
díreach (saor tríd an bpost) ó Gibsol, Teo., lána an
Chláir, Áth Cliath. Deuntar íce le h-aghaidh beithidhigh ann leis.



GIBSON'S UNIVERSAL
ANTISEPTIC OINTMENT


L. 244


BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA.



ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.



DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT
GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT.



Bun-airgead Geallta, £406,000.



Bun-airgead Díolta, £203,000.



Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1923, £1,650,000.



BUNUIGHTHE 1920.



BRAINNSI:—



68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh,
Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis,
Mathchromtha.



THE
NATIONAL
LAND BANK
LTD.



Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason agus a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Uí Mhathghamhna, Áth Cliath,
agus foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services