Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Uimhir 9 Meitheamh 1923
Title
Uimhir 9 Meitheamh 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
Muintir an Sguab
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN SGUAB Uimhir 9 MEITHEAMH 1923 3p. SA MHÍ RÉIM NA h-UIMHREACH SO. Leath NÍ H-E LÁ NA GAOITHE LÁ NA SGOILB 167 IOLSGOIL NA MUMHAN I RINN Ó gCUANACH … PÁDRAIG Ó CADHLA 169 AN BHRÍGHDEACH GO h-EOCHAIL … PÁDRAIG ÁGHAS 171 AN CINEMA … COS OBANN 172 SIOC LIATH … MICHEÁL Ó CIONNFAOLAIDH 174 CEÓL ÉIGIPTEACH … MICHEÁL MAC LIAIMMHÓIR 177 GREANN … CRAIFTINE 180 AMHRÁIN GAEDHEALACHA … AN BUACHAIL CAOL DUBH 181 LEITREACHA 183 COMÓRTAS 183 AN GHAEDHEALG SNA SIOPAITHE. Má thá sé uait, a dhuine, an Ghaedhealg a bheith dá labhairt agat gach aon lá ceannuigh do chuid grósaereachta agus lóin-tighis uainn. Ní gádh dhuit Beurla do labhairt annso mar go bhfuil an Ghaedhealg ag gach aoinne sa t-siopa. Ó RAOGÁIN AGUS A CHOMH., TEO., SRÁID DÁSON, 54. ÚIRLISÍ le h-aghaidh gach ao' céird. RÁSÚIR le haghaidh gach ao' saghas feusóige SGEANNA le h-aghaidh gach ao' tighe. DEUNTÚS NA h-ÉIREANN (más féidir) MC QUILLAN, 35 & 36 SR. CAPEL, ÁTH CLIATH. DIXON & HEMPENSTALL Fir Deunta Speuclairi SEOMRAI UM TASTAIL RADHAIRC AR OSGAILT GACH LA Támuíd tréis na cóireacha is deidheannaighe ceapadh chun gloiní (lensaí) chur i dtreo d'fhághail. Cuirimíd shuim speisiáltha in oideasaí liagh-súl Nuair a chuireann tú fios ón dtuaith ar rud cuirimíd chugat é an lá ceudna. SRAID SUFFOLK, 12, ATH CLIATH. TAE. Togha an mhargadh gach aon tSórt Tae atá againne, bíonn siad mar a chéile i gcomhnuide agus bíonn gach éinne sásta leo. Luach — 2/4, 2/8, 3/— agus 3/4 an púnt. Tae ón t-Sín — 2/8, 3/— agus 3/4 an púnt. BECKER BROS., LTD., Sráid Seoirse Mór Theas a 8 agus Sráid an Iarla Thuaidh a 17, i mBaile Átha Cliath.
ROINN NA TALMHUÍOCHTA AGUS AN CHEARD OIDEACHAIS SCOLÁRACHTA CHEÁRD, 1923. Bheireann an Roinn cuire iarratas um Scoláracht do dhaoine a bhíos ag obair leis na Deantuis seo leanas:— (a) Déantús Cófra. (b) Innleoracht Ghluaisteán. (c) Gaisdidheacht agus Maisiú. (d) Táthoireacht. (e) Déantús Coiste um bóthair agus Cabhail Ghluaisteán. (f) Déantús Olna. (g) Clódóireacht agus Ceárda dá leitheid. Sí cuspóir na Scoláracht — agus roinnfear iad ar na cúrsaí is mó a mbeidh éileamh orra — cur ar chumas printíseach a bhí ag obair dhá bhliain ar a laghad leis na déantúis seo róamhráite eolas boacht 'fhail ar eoluíocht na gceárd seo. Ni mór iarratas i gcoir Scolárachta chur isteach ar Fhuirm S. 199. Tá go dtí an 15adh de Bhealtaine le sin a dhéana. Is féidir gach eolas eile agus cóipeanna de S. 199 'fháil o'n Rúnaidhe, Roinn na Talmhuíochta agus an Cheárd Oideachais, Sr. Mhuirbhtheann Uach, Áth Cliath. Bu chóir “Seomra 246” a sgríobh ar an Clúdaígh. ROINN NA TALMHUÍOCHTA AGUS AN CHEÁRD OÍDEACHAIS. Scolaráchta Ealadhan Um Múinteoirí-i-bhFoirbhiú. Béidh Scrúdú um Múinteoirí-í-bhFoirbhiú atá bunuithe i nÁrd Sgoil na hEeealadhan, Áth Cliath, i nÁthCliath ar an 12adh, 13adh, agus 14adh de Mheitheamh, 1923. Ni mór iarratais um suidhe ag an Scrúdú chur isteach go h-Oifig na Roinne ar Fhuirm S. 3. Tá go dtí an 15adh de Bhealtaine le sin a dhéana. Tá gach eolas eile agus cóipeanna d'Fhuirm S. 3 le fail ó'n Rúnaidhe, Roinn na Talmhuíochta, Sr. Mhuirbhtheann Uach, Ath Cliath. Bu chóir Seomra 246 a chur ar na clúdaigh. NIGHEACHÁN RIABHACH AN tSATHAIRN NÍ BHÍONN SÉ GEAL DÉ DOMHNAIGH. Dá bhrigh sin Cuiridh bhúr gcuid nigheacháin chun TIGH NIGHEACHÁIN NA CÚIRTE (COURT LAUNDRY) SRÁID HARCOURT, BAILE ÁTHA CLIATH. ROINN NA TALMHUÍOCHTA AGUS AN CHEÁRD OIDEACHAIS. Sgoil Fhoirbhthe Ghaedhlach um Tioghbhuis Tighe. Béidh Scrúdú eascnach i gcóir Riartha Tighe i Sgoil Fhoirbhithe um Tioghbhuis Tighe, i bPáirc Naoimh Chaoimhin, Cill Mac Uda, Tigh Lorgain, Co. Átha Cliath, Dia Máirt, Dia Céadaoin agus Diardaoin, an 26adh, 27adh, agus an 28adh de Mheitheamh, 1923. Caithfear iarratais um suidhe ag an Scrúdú a sgríobh ar Fhuirm S. 170. Tá go dtí an 31adh de Bhealtaine le sin a dhéana. Is féidir coipeanna de Chlár na Sgoile, agus dFhuirm S. 170 'fháil 'on Rúnaidhe, Roinn na Talmhuiochta agus an Cheárd-Oideachais, Sr. Mhuirbhtheann Uach, Áth Cliath. Bu chóir “Seomra 246” a sgríobh ar na Clúdaigh. WEST & SON SEODÓIRÍ, GAIBHNE AIRGID, AGUS CLUIGEADÓIRÍ. Tigh Grafton, 102 & 103 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath An cnuasacht is mó i n-Éirinn; Fáinní pósta & Fáinní geallamhana; bronntanasaí airgid; córacha tae & caifí; &rl. Tagaidh isteach chun iad dh'fheiscint. GACH CINEÁL EARRAÍ UM CRÁIBHTHEACHTA PAIDRÍNÍ, SGABAILL, BUINN, DEILBH, PICTIUÍRÍ C. BULL, LTD., 21 SR. SUFFOLK, BAILE ATHA CLIATH.
NÍ H-E LÁ NA GAOITHE LÁ NA SGOILB Is cuma ciaca acu fíor síothcháin nó saghas síothchána atá buailte orrainn ní mór dúinn, pé sórt rialtais a bheidh ann — ach amháin rialtas Sheáin Buidhe arís, agus is beag ar fad de dhaoine a dteastuigheann se sin uatha is dócha — ní mór dúinn ár n-inntinn do leagaint síos ar cheist cáin agus maoin na tíre. 'Sí ceist airgid an náisiúin an cheist is tabhachtaighe i ngach aon tír sa domhain fé láthair, agus ní taise dóibh Éire, dar ndóigh. Ár gcogadh féin fé ndear carn mór fiacha a bheith orrainn, ach níl aon baoghal orrann mar gheall ar an méid sin; ní bhrisfear ar Éirinn chomh bog san agus ní gádh do lucht sgannraidh a bheith ro-imshniomhach na thaobh. Is cumha an ar an taobh geal nó ar an taobh eile is gnáthach le duine a bheith ag feuchaint, ba cheart do gach aon duine tuairmeach sa tír seo a mharana do dheunamh ar an gceist economic: tá sé mar dhualgas ortha e dheunamh. Muran bhfuighid a ndóthain airgid isteach i gciste an Rialtais caithfimíd a bheith gan sásamh nuair a bhéimíd ag lorg airgid ortha chun an rud so nó an rud súd do chur chun cinn. Ní fheudfuidhe oideachas na hÉireann do Ghaedhealú i gceart gan airgead do leagaint amach go flúirseach air. Feuch ar an méid airgid, cuir i gcás, a chosnóch' se chun plean an Dhoc. Uí Chorcoráin do chur i bhfeidhm sna bun-sgoileanna agus 'sé an plean is lugha is gádh dúinn tarraingt chughainn má's i ndáríríbh atámuíd nuair a dheirimíd go bhfuil Éire Gaedhealach uainn feasta. Cuimhnigh, leis, ar tighthe na ndaoine bochta sna cathracha. Ní gádh aon machtnamh do dheunamh air sin mar tá a fhios ag an saoghal agus ag Tadhg conus atá lucht na gcúl-sráideanna ag maireachtaint. Cúis náire d'aon náisiún croistamhail iseadh an slighe a bhíd, dá n-aimhdeoin féin, ar nós na mbeithidhigh. Ní theastuigheann aon-nidh uainn chun an rud so do réidhteach ach airgead — airgead agus obair macánta ag tógaint na dtighthe. Is fuiris a rádh anois go bhfuil dathad miliún púnt caithte leis an ngaoth againn agus go socróch a leath san an cheist sa tslighe go mbéadh tig beag cluthmhar ag gach aon liontighe atá ag stracadh leo i seomra nó i mbothán mí- shláinteamhail fe láthair. Níl aon mhaitheas a bheith ag seanchas nuair a bhíonn an t-anachan deunta. Ta an-phráidhinn le h-airgead, gan aon agó, ach conus é do sholáthar, sin i an adhb. Is ar fheirmeoireacht is mó a bhíonn an tír ar fad ag braith i ndeire na sgríbe agus is amhlaidh atá an sgeul ag dul in olcas agesna feirmeoirí. Dá mhéid e gráin duine ar Shean-Shasana caithfidh se admháil go mbíonn feirmeoireacht na h-Éireann agus feir- meoireacht Shean-Shasana ag dul ar aghaidh nó ag tuitim as lámh a chéile. Béidir ná beidh se sin amhlaidh tréis roinnt blianta nuair a bheidh ár ndlighte agus ár sgéimeanna féin i bhfeidhm ar feadh tamall ach tá sé amhlaidh anois. Agus tá feirmeóirí i gcruaidh chás i Seán-Shasana. Coróinn is púnt sa tseachtmhain atá már pá agesna sclábhuighthe ann; tréis stad obair fada a bheith ar siubhal aca do bhaineadar amach an méid sin dóibh féin agus dá luighead é sin níl de dhánaidheacht ag aoinne a rádh go bhfuil saoghal sona suairc i ndán dosna feirmeóirí. Dá dheasgaidh sin deirimíd gurab ag dul i luighead a bheidh an t-ioncuim náisiúnta i nÉirinn go díreach san am is mó riamh a raibh práidhinn ag muintir na h-Éireann le h-airgead. Is mór an feall é go bhfuilimíd tréis tabhairt le rádh don namhaid ná raibh an ceart againn nuair a dhearaimís go mbeadh isliú cána i nÉirinn dá mbeadh ár Rialtas féin againn. Do bheadh, muireach an míádh a bhí orainn nuair nár sheasuighmear gualainn le gualainn go deireadh na dála. Ach mar adubhramar cheana tréis a thuigtear gach beart. Ach má thá gach aon rud i nár gcoinne, san am ceudna tá sé ar ár gcumas an leigheas do chur i bhfeidhm — má thá an leigheas againn: go mbeadh gach aoinne ag obair ar a dhicheall go dian dubhrachtach imshniomhach, sin é an leigheas ba shiúráltha agus sin é an leigheas a tharraing an Fhrainnc cúichi féin sa mbliadhain 1871 agus sin é an slighe a bhí muintear an
Gearmáin ag cuir chuige leis go dtí gur chuaidh an sgeul na phraiseach ortha le deidheannaighe. Tá daoine ann agus is dóigh leó gur saghas slat draoidheachta na custuim chun airgead do sholáthar ach an rud a chothuigheann duine sé mharbhuigheann duine eile de ghnath. Mar sin féin murab slat draoidheachta é, rud an- úsáideach iseadh cumhacht na gcustuim chun tionnsgal na tíre do riarú sa tslighe is feárr, agus is dóigh linn féin gur cheart dúinn úsaid do bhaint den tslat san nuair a tiocfaidh an t-am, bliadhain ó anois. Bhí an ceart ag an Rialtas gan an t-athrú do dheunamh ar na custuim a bhí i bhfeidhm cheana an cheud bhliadhain, ach sé an cúis adeirimíd gur cheart go mbeimíst go léir ag machtnamh ar an gceist seo chun go gcuirfidhe custuim oireamnach do nár dtír fein i bhfeidhm an bliadhain seo chughainn: an rud do dheunamh go cúramach tuisgeanach agus gan a beith ró- gleithearanách. Festina lente an port is feárr dar linn. Feuch ar dtúis cad atá tréis tuitim amach de bhárr na custuim a chuireadh i bhfeidhm cúpla mí ó shoin. Seans iseadh é, mar níor socruigheadh iad dréir práidhinn na tíre in ao' chor, gur chuireadar lucht deunta tobac ar a mbonnaibh. Go maith. Ach gheobhaimís ceacht d'fhoghluim ón rud a thuit amach. Tá a thuille oibre ar siubhal i nÉireann dá mbárr agus a thuille airgid ag dul isteach i gciste an náisiúin. Agus níl aon árdú luaich ar an gnáth rud ach amháin don duine ná beadh sásta le h-aon rud ach an rud a dhéinfear i Sean-Shasana. Baineann sé le deallramh dá bhrígh sin go dtuitfeadh an rud ceudna amach dá gcuirfide cáin custuim ar rudaí eile. Seadh, chomh fada as a bhíonn rudaí eile á ndeunamh i nÉirinn chomh maith agus chomh saor leis an rud tugtar isteach ó tiortha thar lear. Agus tá a leithéid ann, gan dabht, galúnach cuir i gcás, agus subh agus céachtaí agus snasana, &rl., &rl. Nílimíd ag rádh go bhfuil ár ndóthain desna h-earraí san dá ndeunamh i nÉirinn fé láthair ach an rud a dhéintear anois tá sé mar a chéile leis an rud a cheannuightear ón eachtranach agus is fuirist a thuille díobh do dheunamh annso agus muran ndeunfadh muintir na h-Éireann féin iad geobhfaidhe a bheith siúráltha go dtiocfadh an dream eile anall, fé mar atá muintir Wills and Players chun teacht cheana. Sin é an rud a bheidh againn mar urrús ná árdeochthar luach ar rudaí agus is éigin dúinn gan cáin do chur ar rudaí a árdóch costas beathaidh sa tír seo, tá sé árd go leór cheana, dar ndóigh. Tá rudaí eile nach iad agus déintear i nÉirinn iad, adhbhar maith ionta agus luach reu- súnta ortha ach mar sin féin ní fheudhfaidhe cáin custuim mór do chur ar a leithéid ach amháin in áit a chéile deéir as a fásfaidh déantúsaí na hÉireann: ar bróga, cuir i gcas, agus ar phlúr. Cosaint iseadh é sin. Ach cuirtear cáin custuim ar rudaí ar son revenue amháin leis agus maran ndéintear san go h-aireach tuisgeanach déintear botún. Ní oireann sé do tír mar Éireann cáin custuim mór a bheith ar ghluaisteán, mar shampla, toisg ná déintear a leithéid i nÉirinn — ach an Fórd amhain béidir. Dá mbeadh 10%, abair, in áit 33 1/3% ar ghluaistéain d'oirfeadh sé sin dúinn agus is dócha go nathrochthar é sin an cheud uair eile. Ba mhaith linn an rud do shocrú in áit a chéile agus tréis roinnt blianta béidir go bhfuighfidhe tionnsgal nuadh do chur ar bun sa tslighe sin, agus cuid desna ceannaibh a atá tréis dul in eug d'aithbheodhchaint mar coiréil slinne, deuntasaí bríc &rl. Tá slighe eile, dar ndóigh, seacas na custuim chun congnamh do thabhairt do tionn- sgail na tíre — “bounties” agus isliú ráthaí bóthair iarrainn agus a leithéid, ach níl slighe againn an mí seo na ceisteanna so do chur tré chéile. Tá rud eile leis gur mhaith linn tracht air ach caithfimíd é chur ar ath-ló .i. an méid daoine atá gan aon obair le deunamh aca agus an sluagh mór sa mbréis a bheidh sa chás ceudna nuair a chuirfear lucht an airm chun siubhal (maran leagfidhe obair éigint amach dóibh) agus nuair a sgaoilfear na priosúnaig luath nó mall. Beimíd ag trácht ar na ceisteanna so an mí seo chughainn, le congnamh Dé. Bhí an méid sin thuas sgriobtha againn fer chromadh ar na rudai seo do phlé agus do chur tré chéile sa Dáil — anois tá gach aoinne ag diospóireacht mar gheall ortha, nidh nach iongnadh. Dá luaithe a thosnoch muintir na h-Éireann ar a bheith ag cur suime i rud éigin seachas na rásanna is amhlaidh is feárr. Ní h-e lá na gaoithe lá na sgoilb.
IOLSGOIL NA MUMHAN I RINN Ó GCUANACH VI. ÁR SEANCHAIDHE. Creidim ná beadh sé ceart ná cóir agam deireadh a chur le m' sceul i dtaobh gach buaidh agus gach buadhartha dár thárlaigh dhúinn i rioth ár ré i Rinn Ó gCuanach gan tuairsc fé leith a thabhairt ar ár Seanchaidhe .i. Micil Ó Muirgheasa. Tá a fhios ag gach aoinneach a chaith seal aimsire 'sa Rinn againn cad é an buadh atá ag Micil i dtaobh cainnte agus sean- chaidheachta acht béidir nárbh' fhearr slighe a thabharfaimís ós comhair lucht léighte “An Scuab” é ná leigint do féin caint a dheunamh leo ar feadh scaithimh:— Fiafraigheann duine éigint de ar chuaidh sé riamh go dtí an scoil agus seo mar a dhéineann sé seanchus ar sin leo —. “Nuair a bhí mise óg bhí mé ait. Nuair a thainig ionnam é dubhairt m' athair a's mo mháthair liom go mb' fhearr dhom dul ar scoil feuchaint an bhfuighbhinn rud éigin a fhoghluim acht geallaim duit gur beag den léigheann a thuit riamh liom; ní bhfuighbheadh an maighistir aon rud a bhualadh isteach i m'chloigeann — conus a gheobhadh dar ndóigh agus gan aon rud aige sin acht an Beurla agus gan aon rud agam-sa acht an Ghaedhealg. Níor labhair m'athair a's mo mháthair-se aon rud riamh acht an Ghaedhealg go bhfóire Dia orainn agus d'fhág sin mise ‘ag aodharacht chearc do bhean na cleithe caoile’ nó gur thug Pádraig Ó Cadhla annso mé agus gur dhein sé (mar adeirtear liom) Ollamh le Seanchaidheacht díom insan Iolscoil-seo. 'Seadh, acht níor innis mé dhíbh conus a eirigh mé as an léigheann agus as an fhoghluim. Bhí mé lá ag dul go dtí an scoil agus casadh mo chomrádaí ar an mbóthar orm. “Dia dhuit, a Mhicil,” ar se sin. “Dia a's Muire a's Pádraig duit,” arsa mé féin. “A gceannóchthá píopa agus píosa tobac uaim?” ar sé sin, Béidir go gceannóchainn, mhuise,” arsa mé féin “mar an mbeifeá ró dhaor orm.” “Tabharfa mé dhuit ar phingin iad,” ar sé sin. “Tá go maith,” arsa mise, ag tabhairt na pingne dhó. Dá luighead cúraim bhí agam-sa riamh go dtí sin in aon rud a bhain le léigheann ná le foghluim ba lugha ná sin a bhí agam ann an lá so, acht mo lámh thíos i m'phóca agam ag casadh agus ag iompó mo phípín agus mo bhlúirín tobac agus dá gcur tré m' mhéireanna agus mo shúile ar an gclog agam feuchaint cá shoin a scaoilfí abhaile sinn chum go bhfuighbhinn mo shaint a agairt ar mo cheud ghal den phíopa. “Tháinig a trí a chlog pé sceul é agus cuireas-sa dhíom ar na buinn abhaile. “Nuair a tháinigh mé isteach abhaile bhí m'athair 'n-a shuidhe 'sa chúinne, a cheann leagtha ar an hiarta aige agus nádúir snódh chodlata air. Bhí an leite 'sa chorcán ar an dteinteán ag fuireach liom féin. Thóg mé an corcán síos i lár an tighe liom. Fuair mé braon bainne 'sa cháirt agus spiún agus shuidh mé ar stúilín agus d'ith mé mo dhaochaint den leite. Nuair a bhí mé sásta annsin leag mé an cháirt agus an spiún in áirde ar chlúdach an chorcáin. Thóg mé amach mo phíopa agus mo bhlúirín tobac. Fuair mé scian agus líon mé an piopa agus las mé é. Chuir mé cos ar bhun coise liom agus nuair a chínn an deatach ag imtheacht as mo bheul in áirde 'sa spéir ba dhóigh liom gur shaidhbhre mé ná Rí Greug. Ba ghairid gur léim an cat in áirde ar chlúdach an chorcáin agus leag sé an cháirt a's an spiún agus leis an bhfothram a dheineadar dhúisigh m'athair 'sa chúinne agus chonnaic sé mé féin ag caitheamh an phíopa. “An píopa atá agat, A Mhicil?” ar sé liom féin. “Maire! Is eadh, a dhaid,” arsa mé féin Níor dhein sé acht eirighe in a sheasamh agus siubhal síos agus an leath-dorus a oscailt. “Níorbh' bheag duit-se do dhonacht, a Mhicil,” ar sé sin, “agus gan bacaint le píopa ná tobac,” ag breith ar dhá chluais orm féin agus i m'árdach den talamh den
iarracht sin agus i m' leagaint ar bhonn mo dhá chois leath is muigh dhen tairsing. “Bog bóthar anois, ar se sin, agus téidh agus soláthraigh do chuid in áit éigin eile.” “Thug mé m'aghaidh siar ar Chondae Chorcaighe agus ba shin é túis ag deireadh laetheannta mo chuid léighinn agus mo chuid foghluma-sa.” “Agus, a Mhicil,” arsaig duine éigin, an cuimhin leat nuair a cuireadh fé láimh Easbuig tú?” “Ó, Maran liom-sa ní leat-sa! I gceann roint bliadhanta chas mé aniar ó Condae Chorcaighe mar bhí sé ag rith liom go raibh mé ag deunamh neamh-shuim i gcúrsaidhe mo chreidimh; ní fhaca mé mórán de thiar aca. Tháinig mé aniar ar aon chuma agus ar theacht na Beultaine b'eadh é. Bhí an tEasbog ag teacht an bhliadhain ceudna go dtí paróiste an tSean Phobail agus dubhairt mé le m' athair agus le m' mháthair gurbh' fhearr dhom dul agus a roint paidreacha d'fhoghluim. Bhítí dá múineadh 'sa tséipeul fé dhó 'sa tseacht- mhain i rith na míosa san chum garsúin dem' leithéid-se a ullamhughadh i gcóir an Easbuig. Chuaidh mé ann. Acht lá des na laetheannta bhí mé féin agus Rí na Maoilinne ag imirt cnaipí leath is muigh dhe gheata an tséipéil nuair a tháinig an sagart paróiste orrainn — an tAthair Ó Donnchadha — (go ndéine Dia trócaire air anois agus ar Rí na maoilinne leis). Léim mé féin thar an gclaidhe nuair a chonnaic mé an sagart ag teacht agus as go bráth liom tré réidhte agus tré churracha agus an sagart im' dhiaidh ar a chapall. Choiméad mé na háiteanna ba chrostaidhe agus ba chuiricighe a fuair mé agus shíl mé é tharraingt ar “thuinn ar bogadh” bhí theas i mBaile Uí Chuirrín acht bhí eolas gach aon áit aige chomh maith gus bhí agam féin. Dhein mé ar choill Ráth na mBiníneach agus bhí sé ag fáscadh liom go dian. Suas liom 'sa cheud chrann a bhuail liom agus nár tháinig sé go bun an chrainn i m' dhiaidh. Chaith sé an srian amach ar mhuineul an chapaill agus tharraing sé a chosa as na stíreoipí; rug sé ar gheug den chrann agus seo i náirde i m' dhiaidh é. “Tá beirthe orm nach grásta Dé,” arsa mise liom féin nuair a bhí sé ag teacht gairid dom. Shleamhnuigh mé síos ó ghéig go géig arís gur leath mé mo dhá chois ar dhrom an chapaill. Siar liom bóthar an Réidh Mheadhonaigh, suas Bóthar an Bhloic, siar de tigh Chinnfaolaigh agus níor stad cos dínn gur shroicheamair tigh Chobhthaigh an Teampuill Ghil. Bhí rásanna chum a bheith ann an lá ina dhiaidh sin. Chuir mé féin mo chapall ar stábla chomh maith le cách agus leig mé orm gur marcoich le Bhuidsear mé agus gurb' é an “Bhuilld Mean” a bhí agam. Dhein gach aoinne mórán díom go ró-speisialta na huaislí d'airigh trácht ar an gcapall so. Lá ar n-a bháireach chuaidh mé 'sa rás agus nár thuit sé liom. Fuair mé mo chúig shobharn a's fiche agus abhaile liom arís le tuitim na hoidhche an lae sin. Chuir mé chúig shobharn isteach i bpóca na diallaite agus choimeád mé féin an fiche sobharn eile. Bhí sé déidheanach nuair a rángaigh mé tigh an t-sagairt agus bhí gach aoinne in a gcodladh. Shocruigh mé an capall go sámh 'sa stábla agus tar éis deoch uisce, gráinne coirce agus sop féir a thabhairt dó bhuail mé anuas abhaile dhom féin. Bhí an sagart taréis a bheith ag caint lem' athair agus lem' mháthair agus bhí sé tar éis a innsint dóibh cad a bhí deunta agam air. Chuireadar siar chuige an lá in a dhiaidh sin mé chum mé féin a chaitheamh air agus mo phárdún d'iarradh air. Níor chuaidh mé níos giorra ná dorus an halla dhó; bhain mé dhíom mo chaipín agus chaith mé mé féin ar mhulla mo dhá ghlúin agus d'iarr mé maitheamhnas air. Dhein mé faisdín glan ar na cúrsaídhe go léir dó — do féin agus don mbean-tighe. 'Sí an bhean tighe a fuair mo phárdún dom. Chuaidh sé amach annsin go dtí an diallait agus fuair sé na chúig shobharn 'sa phóca agus creid sé go raibh mé ag innsint na fírinne dhó. Chaith sé na chúig shobharn amach an geata i m' dhiaidh agus ní baoghal nár chas mé orra. “Feuch, a gharsúin, ar sé sin liom féin agus mé ag imtheacht uaidh, téidh chum do phaidreacha gach aon lá eile agus caith uait do chuid cnaipí feuchaint an bhfuighmís aon phioc den rath ná den seun a chur ort i gcóir do shaoghail. “Cuireadh fé láimh Easbuig an bhliadhain sin mé agus ní raibh aoinne ba mhuinteardha liom ná an sagart. D'airigh mé in a dhiaidh sin gurb' é sceul an chapaill agus mé féin a dhein caitheamh aimsire dhóibh ag an dinneur an lá sin.” PÁDRAIG Ó CADHLA. Tuille le teacht.
AN BHRÍGHDEACH GO H-EÓCHAIL I. Is luaimneach a bhí fuadar an bháis fúibh, Nuair a ghluaiseabhair fé thuairm an bháire, Is luaimneach a bhúaileadh sibh lán phuic In bhúr nguailne bhí muar neart in am gádhtair. II. In am gádh libh dá ráineóch' aon aon díbh, Bhíobhar láidir neamhspléadhach le haoineach. Mo chráidhteacht mar d'fhágadh sa trae sibh, Go bráth, bráth, gan fághail ar bhur bhfaoiseamh. III. Bhúr bhfaoiseamh, dá mbfhéidir é sgaoilfinn, In bhur ndaorbhruid dá mbfhéidir é, sgríobh- fainn. Le n-a chéile 'seadh léigfinn fé'n dtír sibh Is is sgléipeach bheadh béithe in bhúr dtímcheall. IV. In bhúr dtimcheall bheadh meidhir ag na hóigfhir, Búr muintir mórthimcheall fí mhórtas Cáil mhaoidhteach ar an mBrighdeach go h-Eóchail Is céad dith airthi claoichlaigh bhúr n-óige. V. Bhúr n-óige ba chródha mear éadtrom Fuair eólas fé mhórtas, is foghluim 'Sé mo mhórchreach mar seóladh san úir sibh I seómrín gan spórt ann gan súgra. VI. Go súgra fé chlúcheart dá dtéigheadh sibh Ba mhúirneach bhíodh bhúr siúbhal le na chéile Dréir dúthchais níor dhiúltabhair don fhéile Fir mhúinte ba chlúamhail des na Firéasaigh. VII. Dos na Firéasaigh de shéimh sgoth na tíreach, O shliabh an iarainn is ba dhian mhaith bhúr síolra Na cliar-fhir do riarfadh ar na mílte Ar bhúr n-athantas ba thaithneamhach i dtigh sibh. [As Tullach-an-Iarainn a beadh na Firéasaigh. Bhí bád aca ar an mBríd, ag tarrac lóin ó Eóchail. Bághadh iad ag filleadh ó chomórtas báire. — P. A.] IS FADA FIONN FÓS. I. Is fada fionn fós, go barra dubhach bróg, Ag sgaipeadh na ndeór laoithe, Bhí leacain úr chló, ar dath an drúcht róigh Agus lasa beag de'n rós tríotha. Bhí maith na gcúig nógh, in aicil Dúnmhóir, Flaitheas geal na gcló ar aoibhneas Ortsa a rúin é, seadh mhaithfinn siúd dóibh, Ar do chuidheachtain de ló is d'oidhche. II. Sin agat a Sheóin, deire 'nois mo sgeóil, Tré (cé) go n-oirfeadh dom sgór phúntaibh Ins an saidhbhreas mór, níor chuir mé riamh speóis Go dtuitinn go deó i liún dúbhach. Acht an fhinnebhean óg, i fheicsint im chló, Sí thairrig ar an mbrón dubhach mé, Acht thairis siúd fós, go mbeirimíd beó, Ar a bheith na h-aicil ag góil (gabháil) chúitimh. III. Acht caithfe mise luidhe ar leabthain tuirseach tinn De dheasgaibh mo ghreidhm sgeimhealta Mura dtagaidh sí im radharc, sealad dom chaidhm, Is go mairfinn na feidhil coidhche, Gach ar cailleadh riamh de chlainn de Ghaedhealaibh nú de Ghaill, Ní bhainfeadh sé an mheidhir dhíomsa, Dá nglacainnse go deimhin ach amharc ar mo ghraidhin Do bheadh éiric ar mo threighid díolta. IV. Mo chreach agus mo díth, gan mé is tú a Bhrighid, Sealad ar bhínn tsléibhe amuigh. Nú chuig Athgharbh síos cois Bealach an Ríogh In acrann coillte aonraic Nú dar bheatha na naoimh tré gur deacair a shuidheamh Sinn do chasadh ar an slighe chéadna Acht is airic gan chrich, a thug mé ort a Bhrighid, On mBuirean go Ceann Léime. V. * Ní fheadar 'an tsaoigheal feastain fóiríor Cá ngabhann tú a Bhrighdeach mhaorga Dá dtagadh sé arís mar chor ins an saoigheal Go bhfeicinn mo Bhrighdeach mhaorga Admhuighim dibh an fhaid mhairinn beó arís Má sgarfadh an rígheach léi mé Tré gur bhaineadar díom toradh mo chlaidhimh Sí ainnir na ndlaoi bpéarlach Acht aithris nú sgrí le barra do phinn Níl do thoil led chroidhe sgigh, Séamus.
(* Is cosamhail go bhfuil dearmhad annso. Bfhéidir nár cheart an dá chéad líne bheith ann ar aonchor. — P. A.) Seamus Ó Cuimín ón gCiarain do chum an t-amhrán so shuas. Do fhuadaigh sé bean leis ón nGaillimh. Leanadh iad agus tángathas suas leó i gCeann Léime. (Do chuir an ceann céadna deire le sodar beirte nách iad fadó riamh Éireann .i. le rás na caillighe i ndiaidh Chon Chulainn. Acht sin sgéal eile dar ndóigh.) Pé sgéal é baineadh an bhean dé, agus pósadh í dá h-aimhdeóin le Gaillmhíneach. Bhí Séamus i “gcás na ngalar agus i ngalar na gcás.” Do lean sé go Gaillimh í. Do chonnaic an cailín aimsire ag teacht é. Do rith sí isteach agus adubhairt go bhfeaca sí amuigh an fear ba bhreaghtha dá bhfeaca súil riamh. Do chuaidh an bhean nuadh-phósta amach. Do rugadar baróg ar a cheile agus do thuiteadar araon fuar marbh. Sin mar adúbhairt Mícheál Ó Cillín, an seanfhear a thug dom an t-amhrán. Ó Charraigh a Chabhaltaigh do Mhícheál. PÁDRAIG ÁGHAS. Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n Chumann Gaedhealach is Fearr AN CUMANN IBÉRNACH INSURÁLA TEÓ. I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS COITCHINNE. Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH. na polasaithe is iomláine le fagháil AN CINEMA “Is dóch nach iongantas laigeacht na gréine Ná fós gach tiubaist dár imthigh ar Éire, Mar mheath gach ceart gan reacht gan dlighe againn, Ár mba bhí bleacht gan lacht gan laoigh aca.” B'fhada uaim gach mí-rath dár imthigh ar Éirinn le tamall d'agairt ar an gcinema; agus b'fhada uaim, leis, an cinema do scaoileadh saor. Gléas is eadh é gur féidir mórán maitheasa do bhaint as; agus mórán olcais, leis. Is deacair a rádh cia aca cómhacht is treise mar ní féidir an mhaitheas agus an t-olcas do chómh-mheádh le n-a chéile. Is maith an scéal go bhfuil deagh-chómhacht sa chinema chun sinn do sheoladh ar ár leas; acht tá cómhacht an aimhleasa ann, leis, agus mara gcuirtear an chómhacht sin ar neamh-ní, dar go deimhin, a Chríostaidhthe, is measa dhúinne. Sé donas an scéil é go mbíonn cómhacht an aimhleasa ar scáth gaoise doilbhthe draoidheachta i riocht agus ná mothuigheann duine é féin ag sleamhnughadh le fánaidh. Tá daoine i mbun na cinemeachta agus is baoghalach gur daoine iad a bhfuil a leithéid sin de shainnt airgid ortha agus de scliup gnótha ná bíonn sé d'uain aca cuimhneamh ar a n-anam féin, gan trácht ar anam an tsluaigh. Acht tugtar fá ndeara go gcuirid siad earraí ar an margadh a mbíonn glaodhach ortha, agus má chítear dóibh go sanntaighthear an pictiuir neamh-ghlan i nÉirinn ní h-é an pictiuir glan a cuirfear ag triall orainn. Agus an milleán sin ortha. Go deimhin féin atáimíd ag agairt ar Shasana le ciantaibh gach donas agus gach tiubaist dár imthigh ar ár dtír agus do chreid mórán de'n saoghal go raibh an ceart againn. Acht táimid imthighthe ó smacht fé dheire, ná fuilmíd? Breactar scáileáin na tíre gach oidhche sa bhliadhain leis an bpictiuir gallda a fuintear le aigne gallda. Tá an galldhughadh ar siubhal fós agus is ionann é agus smachtughadh. Is treise go mór an smachtughadh atá á chur orainn le pictiuirí ná aon smachtughadh dá ndearnadh riamh orainn le gunaí móra. Do theichimís ó sna gunaí móra; ní theichimíd ó sna pictiuirí acht gabhaimíd le croidhe iad féin agus a gcuid sáimh-cheilge. Creidim go bhfuil amacht á chur orainn leis an gcinema ná féadfaí a chur orainn leis na dlighthe pianamhla.
Má cheapann aoinne go bhfuil fonn sean- móineachta orm nó gur fear beag me chuirfeadh m'ollmhaitheas féin i n-iúl do chach, cuireadh sé as a cheann é. Níl aon nidh le maoidheamh agam, go bhfóiridh Dia orm! Acht a chumainn, má tá do chlann-sa ag éirighe suas agus ag dul i dtuigsint agus do réir mar atá aibidheas intleachta ag teacht ionta fonn ag teacht ortha chun imteacht ar a gcómhairle féin, ní h-í an chluas bhodhar iompóchair liom. Is fuiris a shuidheamh ar do leithéid-se gur cóir dúinn bheith aireach ar na páistí agus iad do sheachaint ar chómhacht an amhleasa. Dar ndóigh is daoine críona cranda mise agus tusa; táimíd chómh cianta sin ná fuil ionainn neithe an tsaoghail atá i láthair do thuigsint gan trácht ar bheith amach fé n-a mbrághaid. Is minic ná tuigeann an t-aos óg an urchóid a bhíonn a bpictiuirí; agus is lugha ná sin a thuigid an meabhal a bhíonn ionta. Glacaid gach milseán nimhe dá dtugtar dóibh agus cromaid ar sughrach. Ní bhíonn de bhlas air acht an blas milis, acht téigheann an nimh 'n-a bhfuil i gan fhios dóibh. Is dócha gurab í an gheanmnaidheacht an tréith is uaisle agus is geanamhla i gcroidhe an duine; go mór mór gcanmnaidheacht ban. Is dual do Ghaedhealaibh an gheanmnaidheacht agus ní milleán ortha maoidheamh aisti. Níor bh'ionmhuine le n-ár máithreachaibh a mbeatha ná an gheanmnaidheacht. Do bhíos i dtigh chinema le deidheanaighe agus do chonnacas mathsluagh ban ann, agus do chuimhnigheas ar an nglúin ban Gaedhealach atá imthighthe. Cad déarfaidís dá bhfeicidís an pictiuir salach a bhí ar foillsiughadh annsúd an oidhche sin? Déarfaidis go raibh ré an Ana-Chríost buailte linn! Ní fuiris do dhuine tuata an cheist seo do shuathadh agus do láimhseáil agus do shuidheadh i gceart gan a mhéara do dhóghadh agus dá bhíthin sin ní bhreacfad-sa ar mo scáileán acht cabhail an phictiura do chonnacas. Féith an scéil bean óg álainn do shíolruigh ó uaislibh na Spáine do thuitim i ngrádh le fear pósta. Ba chuma le mnaoi na hantola pósta nó aonta é — thug sí searc a cléibh dó. Ní raibh aiste clis i gcómhacht na mná úd nár chaith sí leis an bhfear bocht d'fhonn a bhréagtha. Bhí áilneacht 'n-a snodh agus maise agus tuibhdeas 'n-a pearsain. Bhí imtheacht uaibhreach fuithi; bhí gliocas cinn inti. D'fhéach sí leis gach tréith dá breaghthacht; módhmhaireacht a hiomchuir, sméide a súl, smid a béil — agus tuilleadh ná oireann dom' scáileán-sa. Fágaim gan áireamh mórán neithe chruthochadh dam mí-gheanmnaidheacht na h-intinne chruthaidh an scéal; ní airmhím an teagmhais nár breacadh ar an scáileán i n-aon chor — acht a chara, do cuireadh i n-iúl é. Óch, mo thruagh an fear bocht agus é d'iarraidh dhul di; dealbh an Chroidhe Naomhtha aige 'n-a sheomra agus é ag guidhe le díocus ós a chómhair ist oidhche! Á, nár bhreagh é sin, adeirir — thug an Croidhe Naomhtha slan é! Go réidh, a chara; ní thuigir-se an t-aigne gallda. B'fhada ó'n scéalaí a leithéid sin de bhuaidh do scaoileadh leis an Slánuightheoir! Nach deas an sómpla agus an teagasc atá sa phictiuir sin d'ár gclainn, a Ghaedheala? Ní féidir le Gallaibh gan bheith ag baint leis an Eaglais seo againne. Tógaid suas í agus teasbáinid a mórdhacht agus a breagh- thacht agus annsin buailid go maith í agus caithid sa lathaigh í. Dallaid siad ár súile orainn agus ní fheicimíd na buillí á dtabhairt di. Ní mór le áireamh a bhfeaca-sa de phictiuirí lem' shaoghal; acht do chonnac ceann eile le deidheanaighe a raibh an nathair nimhe ag ionfairt tríd. Bean phósta — féach ná déanfadh bean aonta an gnó dhóibh acht bean a snadhmnadh leis an móid — agus í ag cur cathuighthe ar fhearaibh. Ní raibh aon rud eile ag déanamh tinnis do acht iad do chur “ar a nglúnaíbh.” Bean bhreagh, dar ndóigh; marach go mb' eadh ní bheidís ag tuitim i ngrádh 'n-a dtáinte lei. Acht féach, is amhlaidh bhíodh sí ag magadh fútha — go dtí gur bhuail coigealach saighdiura uimpi agus gabhadh í 'n-a líon féin Badh thruagh leat an bhean bhocht; í pósta cheana agus ná féadfadh sí an tarna fear do phósadh! Agus d'éirigh casaontas idir í féin agus an coigealach saighdiura, nidh nar bh' iongna; agus do bhailigh sí lei agus do chuaidh isteach i gclochar ban rialta. Féach air sin anois; nach maith d'aimsigh sí an áit oireamhnach! Agus dá bhfeictheá istigh í b'aiteas leo' chroidhe a deagh-mhóideacht agus a cráibhtheacht ag leigint uirti go raibh doilgheas croidhe uirthi. Acht cad deir tu le n-a fear céile — ná beadh sásta gan bás d'fhághail, go lághach agus go cóir agus go cneasta. Tháinig an coigealach saighdiura agus d'árduigh leis as an gclochar í. Nár dhóigh leat go raibh lámh Dé sa ghnó chun gach mó do réidhteach do'n lánamhain ionnraic sin! Ní gabha leanamhaint de'n phort. Caithfear
SIOC LIATH Duine muinteardha dham d'innis dam an sceul seo:— Nuair a bhíos-sa ag an choláiste i Sliabh gCruinn bhíos im chomhnuidhe 'san doras ba ghiorra do chailín a bhí ag dul go dtí an choláiste ceudna, agus ba é ainm a bhiodh againn uirre ná ‘Sioc Liath.’ Cailín mór gránnda láidir agus aghaidh phlucach mar sin uirre ba eadh í. Dá bhfeicfeá ag siubhal í thabharfá an leabhar gor ag giollaoidheacht chapall thug sí an méid den a saoghal a bhí caithte aice, agus an glór a bhí aice — díreach mar bheadh glór barraille. Aon uair riamh do shíleas í bheith istig ní osgaileochainn mo dhorus féin ar aon airgead, mar bhí sí díreach isteach as mo choinne mar sin. Ní fheadar mé 'dé chúis nár thaithin sí riamh liom, acht aon uair a gheibhinn thóirste ar an staighre, ba mheasa dham an t-súil a thugadh sí orm ná barrántas. Uaireanta eile nuair a chastaí orm í bhíodh a cuid eudaig caithte uirre mar bheidís ar sean-bhata, bíodh a glib gruaige ar sileadh léi agus í go dona mí-ádhmharach. Aon uair mar sin a chastaí orm í ní bhíodh acht an t-aon fhocal amháin aice, “conus táir a mhic léighinn?” Agus an gáire a dhéineadh sí ansan a chuireadh an ghráin ar fad agam uirre. Bhínn chum na h-áite d'fhágaint míle uair éigin, agus árus éigin eile a sholáthar dam féin, acht bhí an áit chomh deas san, agus radharc chomh breagh san agam ar gach aon áit thimcheall go ndubhairt mé liom féin go mbrúdhfainn fúm pé méid a bheadh le fulaing agam. Díreach a bhíos tar-éis eirighe maidean, agus mé ag siubhal thimcheall an t-seomra na leanbhaí do sheachaint ar an cignema. Nó mara seachantar cad a thiocfaidh as? Cad a thiocfaidh as d'óg ná d'aosta? Cad a thiocfadh as ainmhianta do bheith dá síor- theasbáint duit agus iad ag síorthóireacht ort acht do mhealladh ar ball i gcómhairle an chuirp? Glantar an cinema, nó — cuirtear ár agus dearg-ruathar air! COS OBANN. feuchaint an bhfuighinn aon leath-sceul a cheapadh a choimeádfadh ós na buidheanta an lá san mé nuair a bhuaileadh cúpla buille beag ar an dorus. “Dia dhuit a mhic léighinn,” arsan guth amuigh. Chuadhas féin go dtí an doras, agus dar go deimhin níor ghádh dham, mar d'aithneo- chainn beirbhighthe guth an “t-Seaca.” Deallradh an-thrí-na-chéile an-ghioblach a bhí uirri. “Feuch a mhic léiginn,” arsa sí, “tháinigh mé chughat feuchaint an ndeunfá grádh dia orm, agus cuimhneochadh go bráth duit air.” Rioth sé liom féin ná raibh dada uaithe, acht gor leath-sceul a bhí aice chum bheith ag bualadh fúm féin mar adeurfá. Feuch amach duit féin a bhuachaill! “Tá fhios agat, caithfead litir do scríobh abhaile,” arsa sí, agus guth an-chritheanach ar fad aice. “Go dtóga rud éigin leis as mo radharc tú,” arsa mé féin liom féin. “Dar ndóigh scríobhfad-se dhuit í más maith leat.” Fuair mé blúire pháipeur agus peann. Tharraing mé an chathaoir anonn go dtí an mbóirdín a bhí thall mar sin fé bhun na fuinneoige agus dubhairt mé léi tosnúghadh. Tháinig sí anall go dtí an mbórd agus d'feuch sí isteach idir an dá shúil orm díreach mar d'fheuchfadh sí ar dhuine a mbeadh rud éigin deunta as an t-slíghe aige. “Seadh tosnuig! cé chuige scríobhfad?” “Go dtí Peadair Ó Gealbháin ó Droichead Buidhe Bhéarra.” “Seadh corruig ort in ainm de, mar tá a mhalart le deunamh agam-sa anois in eugh- mais bheith ag cailleamhaint mo chuid aimsire mar seo. Cad a dheurfad leis?” “A Pheadair a chroidhe! A ghile na gile! go gcosnuigheadh Dia agus Muire thú. 'Dé chúis a chroide na féile nár scríobhais fadó chum do cholúirín féin, Máire.” D'fhóbhair go gcaillfaidhe le gáire mé. Colúr dá thabhairt aice uirre féin agus í sé troighthe ar aoirde agus dhá dhorn uirre mar bheadh ar ghaiscidheach. Ba dhóigh leat uirre gor ag scuabadh simnighthe thug sí a saoghal, bhí a h-aghaidh chomh dubh san. Nuair tháinig mé chugham féin as na reachtaí gáire tháinig orm d'fhiafruigh mé ciarbhe Peadar. “Cia hé Peadair?” arsa sí im dhiaidh. “Más maith leat fios bheith agat ar, sin é an fear tá luaidhte liom.” “Luaidhte leat!”
“Seadh luaidhte liom. An iongantas tá ort? An amhlaidh ná fuil se de chead ag aon duine bheith luaidhte?” “Seadh! Seadh!” arsa mé féin. “Agus dén fhaid tá sibh luaidhte?” “Sid í an seimhadh bliadhain againn.” “An pleidhce amadáin,” arsa mé fém' anáil. Labhair mé go h-árd annsan léi agus dubhairt mé léi dul chum cinn len a cuid cainnte. Bhí an chainnt chomh grádhmar sin go ndeun- fainn malairt agus ceud le Peadair dá mba aoinne eile bheadh san cheist seachas “Sioc.” “Tá buidhcheas mo chroidhe agam ort agus má gheibhim aon rud do dheunamh dhuit deunfad é agus fáilte. Má bhíon do bhríste briste ná do chasóig le deisiughadh ná bíodh aon cheist ort teacht chugham-sa leo.” Chuir san ar buille dhearg mé agus tháinig luisne im leacain. Thug mé sceamh uirre agus dubhairt mé léi ná raibh dada le deisiughadh agam, agus ansan d'imtigh sí. Bhíos im shuidhe ar an bhfuinneoig tráthnona thimcheall coicthíghis ina dhiaidh san: mé ag feuchaint amach ar an t-sráid — ar na capaill agus ar na daoine, agus ná feadar me cad a dheunfainn díom féin. Bhí an áit amuigh go dona, fuar, aindis, mí-ádhmharach. Ba bhreagh liom duine éigin a bhualadh chugham a bhainfeadh an ceo agus an brón dem chroidhe. Do osgaladh an dorus go h-oban. Buidhcheas le Dia tá duine éigin chugham! “Bhfuil aon rud le deunamh agat,” arsa Sioc. “Go n-arduighean rud eigin leis tú,” arsa mé im aigne féin. “Cad tá anois ort?” “Chum go scriobhfá leitir eile dham.” “Go dtí Peadair arís?” “Ní h-eadh acht leitir do scríobh Peadair chugham-sa.” “Cad deir tú?” “Gabhaim párdún agat. Nach iongantach an púca mé gan é chuir i dtuisgint i gceart duit. Ní dham-se an leitir seo acht do dhuine muinteadhra dham. Fear a bhfuil cailín aige iseadh é, agus comh-ainm damh-se iseadh í. Ní bhfuigheadh an fear seo scríobh, agus tháinig mé chughat-sa chum go scríobhfá litir do a chuirfeadh sé go dtí an chailín sin.” D'feuchas uirre. Bhí leathadh ladhar agus trí na chéile uirre agus bhí sí ar crioth. B'fada gor thuigeas cad do bhí uirre. “Feuch a chailín mhaith, níl aoinne mar an Peadair seo ná an Maire seo ann ar aon chor. Éitheach ar fad, dearg éitheach atá tú a innsint dam. Is amhladh tá tú ag teacht isteach annso chum bheith ag bualadh thimcheall orm-sa. Níl aon mhaith dhuit ann. Tá cailín san mbaile agam-sa, an dtuigean tú?” Do dhearg sí go bun an dá chluais, agus thug sí iarracht ar rud éigin a rádh acht ní bhfuigheadh sí “a mhic léighinn! a mhic léighinn,” arsa sí agus amach léi an doras. D'airigh mé ag dunadh a dorais féin leath- istig í. Tháinig cathughadh orm chionn bheith chomh borb san léi. Rioth sé liom gor dheineas í ghortughadh, agus dubhairt mé liom féin go raghainn isteach chúiche agus go ngeobhainn mo leath-sgeul léi, agus go scríobhfainn an leitir di. Bhuaileas isteach chúiche. Bhí sí ina suidhe ag ceann an bhúird agus a bais fén' a giall aice. “A Mháire eist liom noimeant.” Níor labhair sí. “A Mháire” arsa mé arís. D'eirigh sí dhen cathaoir agus tháinig sí i leith chugham; do leag sí a láimh ar mo ghualainn agus is ar éigin a bhí innte labhairt. “Feuc anois, a Mhic léighinn, 'dé dhuit- se muna bhfuil aoinne mar an Peadair úd ná an Máire úd ar an saoghal ar aon chor? 'Dé an díoghbháil a dheunfadh sé dhuit cúpla line tharraingnt ar an bhpáipeur?” Agus rioth sé liom i comhnuidhe gor bhuachaill an- acarach, an-dheas tú. Níl Peadair ná Máire ann acht mise. Bhí mé dall ar fad annsan aice. “Agus le h-anaman do mharbh an mar sin é?” arsa mé féin. “Níl, acht nach cuma é sin.” “Agus is dócha ná fuil aon Mháire ann acht an oiread?” “Níl; acht feuch — tá. Is mise an Máire sin.” Ní bhfuighinn aon fhocal den sgeul a thuisgint ar aon chor. D'feuch mé uirre, agus ansan d'feuch mé thimcheall an t-seomra, feuchaint cia againn a bhí ag cailleamhaint ár meabhrach. Chuaidh sí annonn go dtí an mbórd, agus thosnuigh sí ag cuardach. Tháinig sí i leith chugham aris agus leitir ina láimh aice. Ba dhóigh liom uirre go raibh roinnt feirge uirre: “Seo dhuit an litir a scríobh tú cheana chugham. Tóg leat í nuair ná fuil aon fhonn ort an dara ceann a scríobh chugham. B'fhéidir go mbeadh duine éigin eile níos fhonnamhaire chum acra do dheunamh na tusa.”
Chonaic mé gorabh í an leitir cheudna do scríobh mé chum Pheaidir roimhe sin í. Um! “Feuch anois, a Mháire, an neosfá dham mar a dheunfadh cailín maith 'dén tairbhe dhuit bheith ag iarradh orm-sa leitir do scríobh duit, agus ansan í fhágaint caithte riamh ó choin ar an mbórd.” “Cé chuige chuirfinn í?” “Go dtí Peadair.” “Acht níl Peadair ann ar aon chor.” Bhíos féin i bpúnc arís. Acht dubhairt sí cúpla focal eile a tug réidhtheach agus fuasgailt ar an sceul. “Níl sé ann ar aon chor, acht teastuighean sé uaim-se é a bheith ann,” agus shín sí amach a dhá láimh ag iarradh an scéil do mhíniughadh dham. “Ná fuil sé chomh ceart damh-sa bheith ag scríobh le aoinne eile? Ná fuil?” “Acht níl sé ann.” “In ainm Dé nach chuma é. Tuigim-sé é bheith ann. Scríobhaim chuige agus freagaran sé mo chuid leitireacha, agus ansan scríobhaim chuige arís.” Sin é an uair a thuigeas an sceul. Tháinig náire agus seirbheathean orm, a ráidte go raibh duine ingiorracht trí slata dham, agus gan cara san saoghal mor go léir aice, agus í ag scríobh go dtí daoine ná raibh ann ar aon chor. “Seo leitir a scriobhais damh-sa go dtí Peadair, agus nuair a léighean duine éigin eile an litir sin damh-sa tagan áthas orm. Ansan nuair a léightear litir Pheadhair damh- sa bim deimhin go mbíon sé ann, agus bíon an saoghal níos sáimhe agam.” Is amhlaidh mara bhí an sgeul arsa mo dhuine mhuinteadhra ná go scríbhinn litreaca coichteanta dhí gach aon t-seachtmhain. Ceann go dtí Peadair, agus ansan freagra uaidh go dtí í fhéin arís, agus a dhuine d'eisthigheadh sí chomh ciúin sin le linn is me bheith ag léigheamh na litreacha dhí, go rabhas féin ag creideamhaint an sgeil indeiridh thiar. Dheisí- gheadh sí mo cheitre agus cuireadh sí cliatha ar mo stocaí as an méid sin dheunamh dhi. Trí mhí ón lá san dhein sí rud éigin as an t-slighe agus cuirfeadh san phríosún í. Caith mo chara an t-sáilín amhach as a phíopa. D'feuch sé anáirde ar mhullach an tíghe, agus arsa sé: Sinn ag feuchaint ar aingcise an t-saoghail amach os ár gcomhair, agus ní thuigimíd dada mar gheall uirre. Gnó dona iseadh an gnó go leir. Daoine ta tar-éis tuitim san saoghal, daoine mar í sin a deurfamís-ne. Acht cé h-iad na daoine seo? Nach den daonacht iad mar sinn féin. Fuil agus feoil agus cnámha orra mar tá orainn-ne. Ná fuilmíd ag éisteacht leis na sceulta ceudna riamh. Acht is mo go mor táimid- ne tuitighthe ná a leithéidí seo — agus tuitighthe go maith leis — tuitighthe síos, agus sinn lán dínn féin agus de ar ngo, agus de ár n-áit. Riothan sé linn gor daoine iongantacha sinn seacais gach aoinne eile — go bhfuil míd fé mhor mheas ag an saoghal, acht is beag againn a chuireann aon suim i lucht an mhí-ádh. 'De mhaith dham bheith ag cainnt ar an sean-rud i gcomhnuidhe. Tá sé chomh aosta leis an gceo, agus is dócha go mbeidh lucht an mhí- ádh ann go bráth na breithe. MÍCHEÁL Ó CIONNFAOLAIDH. LÉIG “RÓISÍN BHÁN AN tSLÉIBHE.” Scéal nua-cheaptha ó Peann Niocláis Tóibín le fagháil ó Comhlucht Oideachais h-Éireann nó ó Nioclas Tóibín, Ceatharlach. (Fógra). MUINNTIR PLÉIMEANN, GUALADÓIRÍ I DTEACH LÁMH DHEARG, 9 SRÁID FHEARDORCHA THUAIDH, BAILE ÁTHA CLIATH. Ceannuighidh bhúr gcuid guail ó Ghaedhealaibh. Tá an gual is fearr le fághail uainn. Buail isteach nó sgríobh go dtí an seoladh seo thuas. Guthán 2723. GLAINE GAEDHILGE: BINNEAS CEOIL: SLACHTMHAIRE RINCE. “BEIRT DHÉISEACH” — 3/6 (S. Ó CUIRRÍN.) Cheithre sceulta ann:— “BEIRT DHÉISEACH” (nua- ceaptha) agus aith-innsint ar “Rip Van Winkle” (Irving- “The Long Exile” (Tolstoi), “The Indian's Hand” (Stoddard); maille le ghluais i nGaedhilg agus cnuasach adhbhar cleachttha’. (arna fhoillsiú ag Comhlucht Oideachais na h-Éireann.) “ROGHA AN FHILE” (Rince-Beirte) — 2/- (T. Ní Ailpín do cheap.) Tuarascbháil an rince ann i nGaedhilg agus i mBeurla, agus an ceol i gcóir bheidhlíne agus clár-chruite. Buaidh maise agus glaine air thar aon rince-beirte dá dtáinigh chughainn thar lear. Tá na leabhair sin fághail ag lucht siopann ó “Mhuintir Dollard, Tigh an cló, Baile Átha Cliath.”
CEÓL ÉIGIPTEACH … Ar fea'n lae go léir b'fhacas do'n Mháilleach gurab ag brionglóidigh bhí sé. Ní raibh sa lá féin acht brionglóid — lá teapaí lonnrach bhí ann, lá gorm is órdha, lá diamhair grianmhar. Ina sheasamh ag cúinne Sráide Ghrafton bhí sé, agus é ag leigint air bheith ag léigheamh an pháipeir nuaíochta bhí 'na ghlaic aige, nuair chonnaic sé an t-éadan dáithnigh sé. Éadan Phóil de Búrca bhí ann, Ní fhaca sé le na ciantaibh é. Dhírigh a súile ar a chéile. Rinneadar beirt meanga gáire. Dáithnigh- eadar a chéile ar an bpuinnte. “Do bheatha, a Phóil!” “A Anthoine …!” Chreathadar lámh le n-a chéile. D'fhéach ar a chéile go fiosrach. D'fhan ina dtost ar feadh tamaillín. “Acht ní thig liom cainnt annseo,” adeir an Máilleach. “Tá an iomarca gleó ar siúl thart orainn. Téanam ort go n-ólamuid deoch in áit éigin.” Bhuaileadar isteach san Empire Buffet Shuidheadar fútha ag búirdín cruinn sa gcúinne agus ghlaodh ar dheoch. Bhí sé ní b'fhionnfhuaire sa teach ósta ná mar bhí sé sa tsráid, agus bhí an taer sgáiliúil líonta le gal gorm tabac. Thosuigh- eadar ag cur is ag cúiteamh faoi chuile rud — faoi'n iolsgoil mar a rabhadar ag stuid- éireacht le chéile, faoi na daoine a raibh aithne aca orra, faoi leabhra, faoi chúrsaí polaitíochta na hÉireann, faoi'n Rúis, faoi na heachtraí éagsúla d'éirigh dóibh ó sgaradar ó n-a chéile. Agus is ag ól is ag cur cúrsaí an tsaoil trí chéile ar an dóigh seo bhíodar nuair thosuigh smaoineadh nua ait a' dhéanamh buaire d'aigne an Mháilligh. Go mall righin, 'gan fhios dó féin beagnach, tháinig athrú ar a smaointe. Tháinig dath agus crot na mbrionglóidí orra … Mhothuigh sé ar mhodh do-mhínithe eicínt go ndearna sé a raibh sé a' dhéanamh anois cheana. Go raibh sean-aithne aige ar an bhfear bhí ag ól ina fhochair — aithne i bhfad ní ba shine ná mar bhí i ndá ríribh, i bhfad ní ba shine … Go bhfaca sé chuile ní bhí thart air — an cúnntar fada, na mion-dreamanna fear bhí ag ól is ag cómhrádh le chéile, na mná gáireata buacacha ar chúl an chúnntair — fá shórt ceó: nach raibh siad ann ar chor ar bith dá ríribh. Samhluigheadh dó go raibh na sluaighte sean- chuimhneacha ag brugha isteach ar a aigne gan cuire. Cuimhneacha bhí ró-fhann ró-sgáiliúil le go mbéarfadh sé i gceart orra. Cuimh- neacha de rudaí nach ndearna sé ariamh, d'áiteacha nach bhfaca sé ariamh … B'aisteach an rud é. Tháinig na smaointe seo 'na cheann go mall socair agus do líon a intinn le aislingí. Níor thuig sé i gceart céard bhí air. Las sé toitín agus é ag machtnamh. “Acht tá'n lá i bhfad ró-aoibhinn le go bhfanfaimís annseo,” ars' an Búrcach go Hobann, agus é go smaointeach ag sgrúdú an dríodair órdha bhí fágtha i dtóin a ghloine aige.” Téighmís go háit éigin lasmuigh de'n chathair.” Agus socruigheadh go rachaidís go háit a raibh eólas maith aca beirt uirri, agus grádh aca dhi: áit a raibh trágh fhada niamhrach, fairrge ghorm ghluardha, agus cnuic ísle gainmhe go bhféadfaidís a ngorna dhéanamh faoi bhrothall na gréine 'na measg. Bhéadh ábhar cómhráidh a ndóthain aca, i ndia cúig bliana! Bhí an traen lán go draid, agus boladh deannaigh is bláthann feochta is gúnaí cadáis le tabhairt faoi deara ann. D'fhéachadar ar na páirceanna is ar na croinnte móra glasa atá ag fás thart ar stáisiún Chluain Tarbh agus iadh ag sguaba leó thar na fuinneoga, agus ar an gceó teasa bhí ag clúdach na gcnoc, agus ar aighthe luisneacha na ndaoine eile bhí sa gcaráiste; chaitheadar toitíní agus chainntigheadar ó am go ham faoi seo nó faoi siúd; acht is 'na dtost is mó bhíodar agus gan faic na fríghde ar siúl ag ceachtar aca acht na smaointe. Bhíodar sásta, lán-tsásta le n-a chéile agus leis an saol leisgiúil grianmhar seo … Bhí an trágh go socair soillseach faoi'n ngréin, na tonntracha go caomh teasaí, agus cosúlacht ola guirm ar an muir. Chaitheadar seal ag snámh, agus annsin do luigheadar lámh le chéile i gclais gainmhe le iad féin thiormú agus le n-a sgíth a leigint. An ghrian ag spalpa anuas ar a gcorp agus 'á gcur ún suaimhnis. An domhan ciúin teasaí aislingeach thart orra agus gan cor as, agus an spéir lonnrach lasardha ag gáire ós a gcionn.
Ní raibh san domhan iomlán, dar leó, acht an ghaineamh is an mhuir is an ciúineas órdha. Ní raibh le clos ann acht plobarach socair na mion-dtonn in aghaidh na trágha, agus corr-sgread as éan mara éigin in áirde san aer gorm … Agus nuair tháinig dath an ómra ar an solus gréine, chuireadar a gcuid éadaigh umpa arís agus d'fhág slán ag an tráigh. Ba ghearr go rabhadar 'na seasamh ar árdán beag cloiche an stáisiúin agus iad ag fanacht leis an traen bhéarfadh isteach sa gcathair arís iad. Sguab na sléibhte tharsta do'n athuair mar bhéadh fathaigh móra ioldathacha ann. Bhí an fhairrge 'na laom óir is corcra. D'fhanadar 'na dtost, bíodh is nach raibh éinne eile sa gcaráiste. Shíneadar na géaga amach rómpa agus bhreathnuigh ar an tír lasardha ómra bhí ag sleamhnú thársta, agus ar an ngail guirm ceómhair bhí ag éirghe ó n-a gcuid toitíní. Bhí sé sáthach brothallach sa gcathair fós. Bhí cosúlacht thraochta chuachta ar na daoine. Suas Sráid Ghrafton leis, an mbeirt charad agus iad ag spaisteóracht go mall ar a suaimhneas, amhla is dá gceapfaidís go ndíbreóchadh an deifir ba lú an tsástacht chiúin aislingeach sin bhí ar an mbeirt aca. Bhuaileadar isteach i gcaifé … Ní bhéadh aca acht caifé is reóiteacháin. Ní raibh aon reóiteacháin le fáil indiu? Sughatalmhan, mar sin. Agus iad ag ithe is ag caitheamh toitíní, ghabh ar lucht an cheóil ag seinm. Líon an ceól an seómra mór meirbh tormánach le n-a chuid bhinnis. An Mailleach go leisgiúil ag féachaint ar na róis buidhe bhí ar an mbórd ós a chóir amach, agus é ag iarra dhéanamh amach cé'n ceól bhí ar siúl aca … Ní raibh aon éolas aige ar cheól. Níor leig sé air ariamh, mar ghnítheas a lán daoine gur cuma sa diabhal leó é, go raibh gean is grádh aige dó. Ar nós na gcéadta Éireannach eile, chainnthigheadh sé in árd a ghotha faoi chúrsaí polaitíochta nó a leithéid le linn Wagner nó Debussy nó Strabhinscí bheith d'á seinm. Ní raibh meas ar bith aige ar an gceól. Níor thuig sé é. Chuir sé tuirse air. Acht — acht níorbh' ionann an ceól seo bhí ar siúl anois agus ceólta eile … Bhí an ceól seo go híseal is go doimhin. Bhí sé aisteach ionannach. Séard bhí ann, dar leis, ciorcall síorraidhe lasrach, agus é go mall mí-thapaidh ag síor-thímpeallú air féin. Bhí sé lán de nótaí fada casaoideacha is de bhuillí tobanna bagarthacha. Bhí sé lán dé sgáileannaibh teintreacha is de dhathannaibh uathbhásacha. Bhí sé nimhneach … D'fhan an Máilleach gan cor as agus é ag éisteacht go haireach. Tháinig tocht ait leath-uamhnach ar a chroidhe. Mhothuigh sé go gcuala sé an ceól sin cheana. D'aithnigh sé é … Tháinig ceó ar a raibh thart air, ar na róis buidhe ar an mbórd, ar na daoine bhí ag teacht is ag imeacht ar na ballaí péachaca is ar an siléar bán. D'imigeadar as radharc air. Clúduigh dorchadas dearg iad … Thuit sé. Thuit sé go huamhnach mar thuitfí ó aoirde mór anuas i mbrionglóid. Thuit sé síos trí na ciantaibh. Chuala sé na haoiseanna fada ag rith thairis agus iad ag gáirí san doircheacht gaothmhair. Chuala sé ag osnaoil iad amhail is dá mbéidís ag caoine sean- chuimhneacha caillte. Gach ar bhain le n-a ghnáth-shaol dhearmad sé é. Teilgeadh a anam ar thaoide na n-aislingí. Acht d'fhan dhá rud amháin ina chuimhne agus é ag tuitim ar an taoide sgáiliúil sin: aghaidh an fhir bhí le n-a ais, agus dordán trom lúbach an cheóil bhí d'á sheinm 'na iace. Bhí an ghaineamh go te tirim faoi n-a chosaibh. Bhí sé féin cuibhrithe, cuibhrithe … níor fhéad sé cor chur dhe. D'árduigh sé a shúile. Bhí an teampull an dorcha. Colamhna árda greanta ag bagairt a mullach dubh 'na thímpeall ar nós crann foruoise móire eicínt. Réaltóg uaine le feiceál aige idir na colamhna seo agus í crochta ar an spéir. An ghealach i bhfolach fá sgamall. Ghabh eagla fann é. Ní raibh ann corruighe ná labhairt. Mhothuigh sé cumhracht throm na túise agus boladh úr fiadhánta na gainmhe is na saoirse. Bhreathnuigh sé go balbh ar an réaltóig uainne. Líonadh a chroidhe le miantaibh lasardha … Céard sin? Trom-bhuillí drumaí agus iad d'á mbuala i gcéin. “Táid ag tíocht,” ar seisean leis féin. Chuaidh torann na ndrumaí i méid. D'fhéach éadain daithte na gcolumhan anuas air. Chonnaic sé na súile ag soillsiú go fann sa doircheacht. Thosuigh an ghaineamh ag gluaiseacht go huathmhar faoi na chosaibh, dar leis.
An é seo an bás?” ar seisean 'na aigne féin. “Bhfuilim marbh ceana féin?” Tháinig an ghealach amach ó chúl an sgamaill. Ba gheall le uisge airgeadtha é an solus fuar milis bhí uaithi agus é ag tuitim trí na columhana ar an ngainimh. D'iompuigh sé a cheann gur dhearc ar ghnúis a chapad. Bhí seisean ceangailte freisin, agus a cheann cromtha aige. “A chara,” ars' an chéad-fhear. Chroch an duine eile a cheann. D'fhéach adar isteach i súilibh a chéile thar an solus- gealaighe is thar na sgáthanna. “Tá deire leis,” ars' an dara fear. “Oidhche na Móir-Íodhbairte tá ann anocht. Tá na sagairt ag druidim linn.” “An éigin dúinn bás fháil?” ar seisean, agus iongna air mar bhéadh ar pháiste. Tháinig laige aisteach air. Bhí an ghaineamh chó te le teine faoi na chosaibh. A bhalla beatha brúighte briste agus a dhá shúil ar lasa 'na cheann. Bhí an ghealach in áirde sa spéir faoi seo agus í ag lonnra trí na colamhna agus ag caitheamh sgáileanna fada dubha treasna na gainmhe. Bhí an t-aer go trom meirbh ag an túis. Tháinig torann na ndrumaí níos giorra dhóibh, agus anois bhí canntain fear le clos ag measga tríd. Samhluigheadh do'n chéad-fhear go raibh teine ar lasa 'na sgórnaigh. Thuig sé go hobann is go huathbhásach gurab éard bhí i ndán dó, an bás … A bheatha, a bheatha bhí lán d'áilneacht is d'aoibhneas, bhítheas le n-a bhaint uaidh. Bhí sí imithe uaidh cheana féin, dar leis. Dhruid an Bás níos goire chuige agus a lámha lán de sgiúrsaibh … Thosuigh na deóra 'á dhalla. Mhothuigh sé go raibh mar bhéadh tonn mhór sgáiliúil ar tí thuitim anuas air, ar tí a briste air, ar tí a bháithte … Chuala sé annsin glór a charad ag cainnt go socair leis treasna na sgáthanna. Thuit na focla isteach 'na chroidhe mar bhéadh braonacha soluis ann. D'fhág siad a rian ar a chroidhe, ar a intinn, ar a chuimhne, na focla sin. A chuimhne … “Támuid chun báis fháil,” do chuala sé. Bhí an glór labhair go faon lag. “Gheó- bhamuid bás anocht — acht béidir — san am — atá — le — theacht —” Chonnaic sé súile an té bhí ag labhairt agus iad ag spréacharnaigh ar nós dhá réaltóig sa dorchadar. Bhíodar dírithe ar a shúilibh féin. Labhair sé féin. “I dtír coimhthigh' eicínt, béidir — seadh,” ar seisean de ghlór iseal. “Béidir go bhfeicfimís a chéile arís … acht gan a chéile … aithneachtáil …” An ceól úd, bhí sé ag síor-dhruidim leó. An ceól agus a chuid sgáileann ionannach agus a chuid dathann millteach. D'imigh an ghealach i bhfolach ar chúl sgamaill arís. Fágadh san duibhe mór uamhnach iad. Gan le feiceál aca acht na columhna millteacha doilléara bhí go hárd dubhach 'na dtímpeall, agus, in áit éigin in áirde ós a gcionn, drithle na réaltóige uaine. “Oidhche na nOidhcheann …” do chuala sé, agus na focla ag tíocht chuige tríd an dorchadas. “Tá duibhe na síorruíochta 'nár dtímpeall. Tá ar nAthair Set 'nár n-aice …” Mhúch torann na ndrumaí na friotail. D'iompuigh sé ar a charaid. “Tá deire leis,” ar seisean i gcogar. “Táid ag tíocht le n-ár dtabhairt chuig altóir na híodhbairte … na Híocsós! tá na Híocsós ar fáil …!” Agus annsin an freagra: “Acht cuimhneóchamuid, béidir, cuimhneóch- amuid …” Mhúch na drumaí a ghlór. Bhris solus fann dearg an dorchadas. Tháinig iomháighthe uathbhásacha Set anall chuca. Chonnaic siad na súile marbhánta mí-thróc- aireacha. Chuala siad coisméaga na ndraoi- dheadóirí ag druidim leó, ag síor-dhruidim leó. Stad an ceól … Bhí deire leis an gceól. Bhí tost doimhin sa gcaifé. “A leithéid de cheól!” arsa glór mná eicínt i mBéarla tharéis tamaillín. “Céard bhí ann chor ar bith?” “Níor thaithnigh sé sin liom,” arsa glór eile. “An-duairc bhí sé — nach bhfuil an ceart agam? Tuige nach féidir leó rud éigin níos beodhúla thabhairt dúinn?” “Ceól Indiach nó rud éigin de'n tsórt sin tá ann is dócha,” arsa glór fir. “Roinnt doilghéasach cinnte …” D'árduigh an Máilleach a cheann. Dhearc anonn ar ach a raid. Bhí a shúile-siúd ar lasa le
solus aisteach agus dath bán ar a cheannachaibh. “Chonnaic tú —?” ars' an Máilleach. Sméid an duine eile a cheann agus gan smid as. D'éirigheadar 'na seasamh. Thug cailín bán-ghnúiseach an cúnntas dóibh … Acht sul ar fhágadar slán ag an áit, chuaidh an Búrcach anonn go dtí an lucht ceóil. Labhair sé leis an gcéad-bheidhleadóir. Chuir sé ceist air i dtaoibh an cheóil … Acht i lár na cainnte dhó stad sé go cúthalach. Bhí fuaim amaideach bhréagach ar a ghlór dar leis féin, agus ar na focla bhí d'á n-úsáid aige. Chuir siad leanbh sgoile i gcuimhne dhó, leanbh sgoile sgáthmhar agus dán éigin i dtaobh uan is bánta glas' ar siúl aige … B'fhearr leis nár labhair sé chor ar bith. Acht bhí an chéad-bheidhleadóir féin ag cainnt anois. D'éist an Búrcach go haireach. “Ath-chóiriú tá ann,” do chuala sé; “ath- chóiriú a rinne ceól-chumadóir nua Rúiseach ar shean-duan díachta eicínt — Éigipteach, sílim … Sé'n teideal atá air i Duan Set, acht arnó ní féidir bheith cinnte faoi'n saothar bunúsach. Deirtear go bhfuil sé an- arsa …” MÍCHEÁL MAC LIAIMMHÓIR. THE MONUMENT CREAMERY AN T-IM UACHTARLAINN IS FEÁRR. Deunta d'uachtar glán, úr, pasturáltha: Milis, blasta, is úr i gcomhnuidhe. Tagann uibhe toghta muinighneacha isteach chughainn gach aon lá. Sráid Pharneill, 75 Port Caoimhghin Íoch., 25, Baile Átha Cliath. CUMANN URRADHAIS MUINTIR NA H-ÉIREANN (THE IRISH PEOPLE'S ASSURANCE SOCIETY) CUMANN DO GACH AOINNE ISEADH É. NÍL AON NIDH CHUN DEIRIDH ANN. FÍOR-ÉIREANNAIGH ATÁ I MBUN NA H-OIBRE SEO. Gach fios agus faisnéis le fagháilt ón Rúnaidhe S. M. Ó DEORÁIN ÁRD-OIFIG — CEARNÓG PHARNEILL A 16, ÁTH CLIATH. GREANN Bhí amhras ag an bhfeirmeoir seo go raibh mothú beag grádha idir an buachaill aimsire agus a inghin, agus shíl sé greim d'fhághail orra. Dh'fhág sé féin agus a bhean an tigh an mhaidin seo chum dul 'an bhaile mhór, acht nuair bhíodar imthighthe as radharc an tighe, scaoil sé le n-a mhnaoi agus chas sé abhaile slighe eile go foilightheach. D'euluigh sé isteach i bhfuinneoig an tseomra, gan fhios dá inghin mar shíl sé. Níorbh fhada dhó ann gur airigh sé an buachaill ag teacht isteach doras na cistean. “Deoch, muna bhfuil ann,” arsa an buachaill. Seo mar d'fhreagair an inghean é: “Tá ann is ní bhfaghair. Muna mbeadh gheobhthá, is ó tá ní bhfaghair.” B'fhada ó ghrádh san, dar leis an bhfeirmeoir. Cad a bhuadhfadh ar léireacht lucht suirighe! “Dia dhuit, a aodhaire,” arsa fear taistil le aodhaire bó istigh i lár chondae Luimnighe. “Nach fada isteach inte tháinigh tú sar ar bheannuigh tú dhí,” arsa an t-aodhaire á fhreagairt. Duine uasal a bhí ann ná raibh acht Gaedhealg bhriste aige agus bhí sclábhuidhe aige ná raibh an Beurla slán ná briste aige. Chuir an duine-uasal an sclábhuidhe ar theachtaireacht go dtí an baile mór maidin agus d'fhuráil sé air bheith sa bhaile roimh eadarshuth. Le crónú na h-oidhche 'seadh bhuail an sclábhuidhe isteach chuige agus é súgach go maith. “Cár chaithis an lae?” arsa an maighistir go feargach leis. “É, 'dé'n laogh? ní fhaca mise laogh ná bó,” arsa an sclábhuidhe.
Tháinig baraillí brannda isteach leis an bhfarraige sa Rinn bliadhain agus ní misde a rádh ná go raibh stracadh ar an deoch so- ólta — gach aoinne 'má luaithe ag teacht le corcáin is cannaí is soithighe nach iad fa n-a dhéin. Bhí sean-lánamha san áit mb'ainm dóibh Seán agus Neil agus ní raibh d'áthraighe tigeasa sa saoghal aca acht scilléidín. Síos leo go dtí an tráigh ar thúir an bhrannda chomh maith le cách agus an silléidín á iomchar eatorra aca. Is leo thuit an braon deir- eannach bhí sa bharaille agus bhíodar á iomchar go h-aireach ar eagla deor de do dhortadh. “Ar t'anam anois, a Neil, ná tuit,” adeireadh Seán. Siné mhill Neil. Bhí scannradh uirre go dtuitfeadh sí, dála gur thuit, agus briseadh an scilléidín. “Ó! le h-anmainn do mharbh, a Sheáin,” arsa an bhean bhocht go cásmhar, “ná h-abair dada liom; beidh mé níos léire an cheud uair eile thiocfaidh baraille brannda. Tháinigh fear bocht go Baile na Míolach tráthnóna cruaidh fuar seaca san Earrach. An cheud thigh a ndeachaidh sé ag lorg déirce ann, is amhlaidh cuireadh na madraí as. Chrom sé síos ar chloich acht ní raibh cloch ná cipín na raibh i ngreim ag an sioc. Mar seo ro-chan annsan: “Bocht an baile é Baile na Míolach, Clocha ceangailte is madraí scaoilte, Is nach cruaidh an síon é an sioc.” Seo an teist thug fear déirce ar Chill Mhuire, pé áit a bhfuil sé: “Cill Mhuire na leaca gcruadha, Is ní cruaidhe clocha ann ná mná. Más 'sa mbolg a bhíonn an suan, B'fhada óm cholainn-se codhladh sámh.” Fé tigh mí-ádhmharach a bhfuair sé iostas ann, scaoileadh a chodhladh é gan greim suipéir do thairisgint dó, agus leaca fuara an sciobóil ba leaba dhó go maidin. D'iarr fear bocht ar shagart lá. Ní ráibh aon trácht ag an déirc ar theacht. Bhí an sagart ag rádh gur breagh an rud bheith bocht, gurb iad na boicht dob' aoirde céim isna flaithis agus caint bhreagh bhog mar sin. Bhí an fhoidhne á caitheamh ag an bhfear bocht agus sa deireadh labhair sé mar seo: “Molaim-se an bhochtanacht is ní cháinim í, Acht ní'l sagart, easbog, siúr, ná bráthair gaoil, A mholfadh liom an bhochtaneacht nach aige b'fhearr liom í. Bhí bean feirmeora ann a raibh sé amuigh uirre nár thug sí cuireadh chum búird d'aoinne riamh. Bhuail stracaire an tslighe lá agus d'airigh sé i dtaobh na mná so agus dearbhuigh sé, dámbadh í máthair an diabhail í, go mbain- feadh sé féin cuireadh di. I dteannta an eadarshuth bhuail sé isteach chúiche. Bhí an dinnéar ar an mbórd ag fuireach leis an lucht oibre. Chuir an bhean preiceall an duichill uirre féin chum an stracaire i gcomaoin a bheannachtan. Acht níor chuir sun aon mí-mhisneach air siúd, lean sé air ag cur cainte 'na shlaoda de. Sa deireadh labhair an bhean. “Cad a thug inso tú, nó cia hé tú?” arsa sí. “Mise Seán bí id' shuidhe, arsa'n stracaire. Seán bí id' shuidhe!” arsa'n bhean. “Bead cheana,” arsa'n stracaire ag suidhe chum búird. “Ó, ní tú adeirim, arsa'n bhean. “Acht is tú chreidim,” arsa'n stracaire, agus thosnuigh ag alpadh. CRAIFTINE. AMHRÁIN GAEDHEALACHA * Ní féidir le duine fuinn na sean-amhrán tuaithe do bhailiughadh go cruinn is go beacht muna dtuigeann sé teanga na n-amhránuidhe, i slighe is gur féidir leis gach aontsiolla a chur i gceart leis an nóta a ghabhann leis insa cheol. Bionn dluthghaol idir an ceól agus na focail ag amhránuidhthibh na tuaithe. Níl an briathar úd “to sing” sa chainnt ag na daoine. “Amhrán do ghabháil” adeireann siad; agus má's é is áil leat na focail amháin d'fhaghail ó shean-amhránuidhe, caithfeadh tú iarraidh air an t-amhrán do thabhairt duit “i n-a fhocalaibh, gan ceól ar bith do chur air.” Dá bhrígh sin, ó's rud é go bhfuil ceol agus focail ceangailte le chéile chomh dluth san, is mór an truagh ná raibh aon leabhar amhrán againn ó Chúighe Connacht go dtí gur clóbhuaileadh an leabhar so, Amhráin Mhuighe Shéola, ag Cumann na nAmhrán nGaedhilge sa * Amhráin Mhuighe Séola. Sean-amhrán tuaithe ó Chonndae na Gaillimhe is ó Chonndae Mhuigheó. Bailighthe is curtha i n-eagair ag bhean Mhic Coisdealbha, Tuaim. Baile Atha Cliath: Cló-chomhlucht an Tálbóidígh. Cúig scilling glan.
bhliadhain 1919. Do thug Séamas Ó hArgadáin, Mícheál Ó Tiomanuidhe, An Craoibhín, agus Mícheál is Tomás Ó Máille mór-chuid bhéarsaí dhúinn — agus obair sár-thábhachtach a b'eadh é: acht níor chuireadar áird ar bith sa chéol. Ar an dtaobh eile dhe, do chuir Bunting agus Petrie suim sa chéol, acht níor bhuanuigheadar de sna focail acht na h-ainmneacha. Ní h-easba suime fé ndear an méid sin, ámhthach, acht cúrsaí an tsaoghail. Sa mbliadhain 1792 thug Bunting cuaird ar Connachtaibh ag lorg fonn is focal: agus do thionnlaic an fear aisteach úd, Riocard Ó Ciardhubháin, é. Deic mbliadhna ina dhiaidh sin do chuir sé scoláire Gaedhilge, darab ainm Pádraig Ó Loingse, ar thuras spesíalta trí Chonndae Mhuigheó, ag bailiughad amhrán; acht bliadhain ina dhiaidh sin arís (1803) do thug Pádraig Ó Loingse fiadhnaise ar thaobh an Righ i n-aghaidh Tomáis Ruiséil, United Irishman, cara do Bunting, agus do crochadh an Ruiséalach: agus is docha gur b'iné an fáth nár baineadh feidhm as saothar Phádraig insa cnuasacha a chuir Bunting fé chló in 1810 agus in 1840. Do lean do Phetrie an mí-ádh céadna. Chuaidh Eoghan Ó Comhraidhe i n-éinfeacht leis ar thuras go h-Árainn, ag breacadh na bhfocal Gaedhilge ó bheólaibh na n-amhránuidhe; agus níl aon amhras ná go raibh sé i n-inntinn ag an mbeirt na focail do chlóbhualadh mar aon leis an gcéol; acht níor cuireadh fé chló an deichmhadh cuid d'adhbhar Petre fad a mhair sé, agus do réir mh'amhras níl aon tuairisg le faghail ar na láimhscribhinnibh ina raibh na focail aige. Agus mar sin a thárla gurab é an leabhar so ag Bean Mhic Coisdealbha an chéad leabhar de'n tsaghas san as Cúige Connacht. Ath- chló is eadh é seo de'n Irisleabhar a chuir Cumann na n-Amhrán nGaedhilge amach, agus tá ceithre fichid amhrán ann, idir chéol agus focail, ar an bhfleisc. Do bhailigh an t-úghdar a bhfurmhór i gceanntar Tuama, agus tá aistriúchán as Béarla i ndiaidh gach amhráin aca. Gheobhadh an léightheóir ocht gcinn de chuid Raifteri an file, amhráin as an leabhar úd a chuir an Craoibhín le chéile (as cló anois) acht ní gádh a rádh nár clobhuaileadh na fuinn ariamh roimhe seo. Tá aon cheann amháin ó'n gCraoibhín féin, ceann eile ó'n Athair Tomás Ó Ceallaigh (seóithín áluinn is eadh é, cé gur clóbhuaileadh cheana é, fá dhó ar a luighead) agus ceann fós ó'n sean-fhile Colm De Bhailis, fear gur chuir Pádraig Mac Piarais a chuid ranna i gcló le caithis. Acht fíor- volkslieder iseadh a bhfurmhór, do cumadh cois teine agus sa tabhairne, ní fios cé rinne iad. Tá feabhas agus áilneacht na n-amhrán go léir le feiscint sa sompla so leanas:— “Ar choinnleach ghlas an fhoghmhair, a stóirín, seadh dhearc mé tú, Budh dheas do sheasamh i mbróga, 's budh righ-dheas do leagan súl; Do ghruadh budh dheirge ná an rósa, is do chúilín bhí fighte dlúth, Sé mo léan gan mé is tú pósta, nó ar bórd luinge ag dul anonn.” Tá míniúghad i bhfuirm nóta scriobhta i ndiaidh gach amhráin, agus táid na nótaí déanta maith a ndóthain ag an eagarthóir agus ag a lucht conganta. Is follus go bhfuil sáreólas aca ar chéol — litridheacht na nGaedheal. Coróinn atá dá éileamh ar an leabhar, agus tá sé ana-shaor ar an mheid sin. AN BUACHAIL CAOL DUBH. ÚSÁID GRANIA TOOTH PASTE AR SON t'FHIACLA ÚSÁID GIBSOL OINTMENT AR SON DO CHROICINN Fior-dheuntús na h-Éireann iseadh iad so. Táid le fághail ósna drugadóirí ar fúd na tíre ar 1/3 gach ceann nó go díreach (saor tríd an bpost) ó Gibsol, Teo., Lána an Chláir, Áth Cliath. Deuntar íce le h-aghaidh beithidhigh ann leis. GIBSON'S UNIVERSAL ANTISEPTIC OINTMENT
LEITREACHA “LEARN IRISH!!” D'Fhear Eagair “An Sguab.” Bealtaine an 9adh lá, '23. A Chara, An lá fé dheire do chuireas leitir ag triall ar Aireacht um Gnótha Dúithce do scriobhas as Gaedhlainn go léir í agus do fuaireas freagra uatha as Beurla. Ní chuirim morán suim sa méid sin mar briseann an duthchas trí shúilibh an chait, ach an rud is measa do bhí astriuchán glan déanta aca ar m'ainm agus ar an seóladh. Bheil an bhfuil fhios ag aoinne connus is féidir linn an teangadh aithbheochaint mar teanga gnótha (nú aon rud eile) má leanann an rialtas d'en obair seo agus rud eile — ba dhobair dhom e a dhearmhadh — do bhí fógra beag ar an gcumhdig “Learn Irish” go sábhálaidh Dia sinn. Is mise le meas, TOMÁS Ó CATHÁIN. 26 Bóthar Duincuanaigh, Drom Connrach. NA MNÁ RIAGHALTA AGUS “AN SGUAB.” D'Fhear Eagair “An Sguab.” Is mór an t-iongnadh a chuir sé orm fheiscint ar “an Sguab” ná fuil na mná riaghalta ag obair chun an phaipéir Ghaedhealaigh sin do scaipeadh. Ní fuirisde dom do chreideamhaint ná deineann siad a gcuid féin anois ar son cúise na Gaodhluinne díreach mar do bhí aca 'á dhéanamh o'n gcéad lá do shocruigh ár múintir féin ar an Ghaodhluinn do choiméad beo go dtí an lá indiu. Bhfuil an “Fear Eagair” deimhnightheach go bhfuil an sgéal chomh olc san ag na mnaoibh riaghalta, agus go bhfuil an splannc maith múchta cheana a bhí ar lasadh chomh geal tamall beag ó shoin 'na lámhaibh aca? Ma's rud é gur fíor é ná bíonn siad ag léigheamh “An Sguab” b'fhéidir nach ortha féin ar fad atá an locht. Ar chuir an fear eagair léigheannta fógra maith i dtaobh an pháipéir bhig chun na gClochar ar fuaid na tíre? Mara bhfuil an méid sin déanta aige, ní ceart dó milleán do chur ar na mnaoibh riaghalta 'Sé mo thuairim féin go gcuirfeadh na mná riaghalta ana-spéis i gcúrsaí na Gaodhluinne, mar is mó lá a thug a lán aca fadó, ag foghluim riaghlacha deacra Gramadaighe na Gaodhluinne nuair ná raibh aon duine ann chun an bhóthair fada do slíomhadh, agus misneach do chur 'na gcroidhthe. B'in iad na laetheanta sar ar tháinig “an fotharaga” ar na daoínibh i dtaobh na teangan, agus nuair nár ghalánta an rud é in aon chor bheith ag labhairt ná ag foghluim na Gaodhluinne. Cuir do pháipéar breágh i n-iúil dos na mnaoibh Riaghalta, agus geallaim-se dhuit gur ortha-san a bheidh do sheasamh. Sin iad na daoine a bhearfaidh an greim ceart ar “An Sguab” chun gach chúinne do sguabadh go slachtmhar ar thalamh tirim na h-Éirean. BEAN RIAGHALTA. (Ní h-aon easba fógraidheachta fe ndear an fhaillighe seo, pe sgeul e, mar do chuireamar billeóg amach go dti an-chuid clochair an cheud uair, ag cur i n-iúl dóibh go raibh a leithéid de pháipeur chun teacht amach, agus do chuireamar cóip den “Sguab” go dtí cuid acu na diaidh-san, gan trácht ar na fógraí atá sna páipéirí laetheamhla agus i náiteanna eile uainn gach aon t-seachtain le naoi mí. Ach mar a dubhramar cheana ta cúpla bean riaghalta ann agus gabhamúid ar mbuidheachas leo toisg “obair fir” a bheith deunta acu chun “An Sguab” do sgaipeadh. — F. E.) COMÓRTAS DON AOS ÓG. Níl cead ag aoinne iarracht do chur isteach ar an gcomórtas so ach amháin daoine óga fé bhun 15 bliadna d'aois. An cheud duais, 10S.; an dara duais, 5s. Sgríobh aiste beag ar conus ab fhearr leat a bheadh an sgeul i nÉirinn i ndiaidh siothchána. Gearr amach an fuirm seo agus líon é. Níorbh aon tairbhe duit d'iarracht do chur isteach gan é sin do chur 'na theannta. Níor mhór duit é bheith istig roimh an 3adh lá Mí Iúil. Com. V. Mise m'áit chomhnuighthe Táim … bliadna d'aois Seo ainm m'athar (nó ainm duine muinighnighe), ag deimhniú na fírinne seo agus é féin a chuir leis an bpáipeur so. D'Fhear Eagair “An Sguab,” Cearnóg, Montseóighe a 24, Baile Átha Cliath. COMÓRTAS IV. Neansaí Ní Chonalláin, Inis, agus Áine Ní Lumnaigh, Cluain Aodha, Co. na Midhe, a fuair an dá duais sa chomórtas i dtaobh sloinnte na h-Éireann. Sa cheann eile (i dtaobh na bhfógraí) fuair Ó Raogáin agus a chomh Teó an cuid ba mhó desna bhótaí, bhí Choláiste na Rinne sa dara áit agus Roinn na Talmúíochta sa triomhadh áit. Fágann san gur bhuaidh:— Seán Ó Tuama, Cluain-Meala an cheud duais agus Máire De Bhál, Cluain-Meala an dara duais.
BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA. ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE ÁTHA CLIATH. DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT. Bun-airgead Geallta, £406,000. Bun-airgead Díolta, £203,000. Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1922, £1,900,000. BUNUIGHTHE 1920. BRAINNSI:— 68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh, Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis, Mathchromtha. THE NATIONAL LAND BANK LTD. Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason agus a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Uí Mhathghamhna, Áth Cliath, agus foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services