Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uimhir 9 Meitheamh 1923

Title
Uimhir 9 Meitheamh 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
Muintir an Sguab

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SGUAB



Uimhir 9 MEITHEAMH 1923 3p. SA MHÍ



RÉIM NA h-UIMHREACH SO. Leath



NÍ H-E LÁ NA GAOITHE LÁ NA SGOILB 167



IOLSGOIL NA MUMHAN I RINN Ó gCUANACH … PÁDRAIG Ó CADHLA 169



AN BHRÍGHDEACH GO h-EOCHAIL … PÁDRAIG ÁGHAS 171



AN CINEMA … COS OBANN 172



SIOC LIATH … MICHEÁL Ó CIONNFAOLAIDH 174



CEÓL ÉIGIPTEACH … MICHEÁL MAC LIAIMMHÓIR 177



GREANN … CRAIFTINE 180



AMHRÁIN GAEDHEALACHA … AN BUACHAIL CAOL DUBH 181



LEITREACHA 183



COMÓRTAS 183



AN GHAEDHEALG SNA SIOPAITHE.



Má thá sé uait, a dhuine, an Ghaedhealg a bheith dá labhairt agat gach aon lá
ceannuigh do chuid grósaereachta agus lóin-tighis uainn. Ní gádh dhuit Beurla do
labhairt annso mar go bhfuil an Ghaedhealg ag gach aoinne sa t-siopa.



Ó RAOGÁIN AGUS A CHOMH., TEO., SRÁID DÁSON, 54.



ÚIRLISÍ
le h-aghaidh gach ao' céird.



RÁSÚIR
le haghaidh gach ao' saghas feusóige



SGEANNA
le h-aghaidh gach ao' tighe.



DEUNTÚS NA h-ÉIREANN
(más féidir)



MC QUILLAN,
35 & 36 SR. CAPEL, ÁTH CLIATH.



DIXON & HEMPENSTALL



Fir Deunta Speuclairi



SEOMRAI UM TASTAIL RADHAIRC AR OSGAILT GACH LA



Támuíd tréis na cóireacha is deidheannaighe
ceapadh chun gloiní (lensaí) chur i dtreo d'fhághail.



Cuirimíd shuim speisiáltha in oideasaí liagh-súl



Nuair a chuireann tú fios ón dtuaith ar rud
cuirimíd chugat é an lá ceudna.



SRAID SUFFOLK, 12, ATH CLIATH.



TAE.



Togha an mhargadh gach aon tSórt Tae atá
againne, bíonn siad mar a chéile i gcomhnuide
agus bíonn gach éinne sásta leo.



Luach — 2/4, 2/8, 3/— agus 3/4 an púnt.



Tae ón t-Sín — 2/8, 3/— agus 3/4 an púnt.



BECKER BROS., LTD.,



Sráid Seoirse Mór Theas a 8 agus
Sráid an Iarla Thuaidh a 17, i mBaile Átha Cliath.


L. 166


ROINN NA TALMHUÍOCHTA AGUS AN CHEARD
OIDEACHAIS SCOLÁRACHTA CHEÁRD, 1923.



Bheireann an Roinn cuire iarratas um Scoláracht
do dhaoine a bhíos ag obair leis na Deantuis seo
leanas:—



(a) Déantús Cófra.



(b) Innleoracht Ghluaisteán.



(c) Gaisdidheacht agus Maisiú.



(d) Táthoireacht.



(e) Déantús Coiste um bóthair agus Cabhail
Ghluaisteán.



(f) Déantús Olna.



(g) Clódóireacht agus Ceárda dá leitheid.



Sí cuspóir na Scoláracht — agus roinnfear iad ar
na cúrsaí is mó a mbeidh éileamh orra — cur ar chumas
printíseach a bhí ag obair dhá bhliain ar a laghad leis na
déantúis seo róamhráite eolas boacht 'fhail ar
eoluíocht na gceárd seo.



Ni mór iarratas i gcoir Scolárachta chur isteach ar
Fhuirm S. 199. Tá go dtí an 15adh de Bhealtaine le
sin a dhéana.



Is féidir gach eolas eile agus cóipeanna de S. 199
'fháil o'n Rúnaidhe, Roinn na Talmhuíochta agus an
Cheárd Oideachais, Sr. Mhuirbhtheann Uach, Áth Cliath.



Bu chóir “Seomra 246” a sgríobh ar an Clúdaígh.



ROINN NA TALMHUÍOCHTA AGUS AN CHEÁRD
OÍDEACHAIS.



Scolaráchta Ealadhan Um Múinteoirí-i-bhFoirbhiú.



Béidh Scrúdú um Múinteoirí-í-bhFoirbhiú atá bunuithe
i nÁrd Sgoil na hEeealadhan, Áth Cliath, i nÁthCliath
ar an 12adh, 13adh, agus 14adh de Mheitheamh, 1923.



Ni mór iarratais um suidhe ag an Scrúdú chur
isteach go h-Oifig na Roinne ar Fhuirm S. 3. Tá go
dtí an 15adh de Bhealtaine le sin a dhéana.



Tá gach eolas eile agus cóipeanna d'Fhuirm S. 3
le fail ó'n Rúnaidhe, Roinn na Talmhuíochta, Sr.
Mhuirbhtheann Uach, Ath Cliath. Bu chóir Seomra 246
a chur ar na clúdaigh.



NIGHEACHÁN RIABHACH AN tSATHAIRN



NÍ BHÍONN SÉ GEAL DÉ DOMHNAIGH.



Dá bhrigh sin



Cuiridh bhúr gcuid nigheacháin chun



TIGH NIGHEACHÁIN NA CÚIRTE



(COURT LAUNDRY)



SRÁID HARCOURT, BAILE ÁTHA CLIATH.



ROINN NA TALMHUÍOCHTA AGUS AN CHEÁRD
OIDEACHAIS.



Sgoil Fhoirbhthe Ghaedhlach um Tioghbhuis Tighe.



Béidh Scrúdú eascnach i gcóir Riartha Tighe i Sgoil
Fhoirbhithe um Tioghbhuis Tighe, i bPáirc Naoimh Chaoimhin,
Cill Mac Uda, Tigh Lorgain, Co. Átha Cliath, Dia
Máirt, Dia Céadaoin agus Diardaoin, an 26adh, 27adh,
agus an 28adh de Mheitheamh, 1923.



Caithfear iarratais um suidhe ag an Scrúdú a
sgríobh ar Fhuirm S. 170. Tá go dtí an 31adh de
Bhealtaine le sin a dhéana.



Is féidir coipeanna de Chlár na Sgoile, agus
dFhuirm S. 170 'fháil 'on Rúnaidhe, Roinn na Talmhuiochta
agus an Cheárd-Oideachais, Sr. Mhuirbhtheann Uach, Áth
Cliath.



Bu chóir “Seomra 246” a sgríobh ar na Clúdaigh.



WEST & SON



SEODÓIRÍ, GAIBHNE AIRGID, AGUS
CLUIGEADÓIRÍ.



Tigh Grafton,
102 & 103 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath



An cnuasacht is mó i n-Éirinn;
Fáinní pósta & Fáinní geallamhana;
bronntanasaí airgid; córacha
tae & caifí; &rl.



Tagaidh isteach chun iad dh'fheiscint.



GACH CINEÁL
EARRAÍ UM CRÁIBHTHEACHTA



PAIDRÍNÍ, SGABAILL,
BUINN, DEILBH, PICTIUÍRÍ



C. BULL, LTD.,
21 SR. SUFFOLK, BAILE ATHA CLIATH.


L. 167


NÍ H-E LÁ NA GAOITHE LÁ NA SGOILB



Is cuma ciaca acu fíor síothcháin nó
saghas síothchána atá buailte orrainn ní
mór dúinn, pé sórt rialtais a bheidh ann
— ach amháin rialtas Sheáin Buidhe arís, agus
is beag ar fad de dhaoine a dteastuigheann
se sin uatha is dócha — ní mór dúinn ár
n-inntinn do leagaint síos ar cheist cáin
agus maoin na tíre. 'Sí ceist airgid an
náisiúin an cheist is tabhachtaighe i ngach aon
tír sa domhain fé láthair, agus ní taise dóibh
Éire, dar ndóigh. Ár gcogadh féin fé ndear
carn mór fiacha a bheith orrainn, ach níl aon
baoghal orrann mar gheall ar an méid sin;
ní bhrisfear ar Éirinn chomh bog san agus ní
gádh do lucht sgannraidh a bheith ro-imshniomhach
na thaobh. Is cumha an ar an taobh geal nó
ar an taobh eile is gnáthach le duine a bheith
ag feuchaint, ba cheart do gach aon duine
tuairmeach sa tír seo a mharana do dheunamh
ar an gceist economic: tá sé mar dhualgas
ortha e dheunamh. Muran bhfuighid a ndóthain
airgid isteach i gciste an Rialtais caithfimíd
a bheith gan sásamh nuair a bhéimíd ag lorg
airgid ortha chun an rud so nó an rud súd do
chur chun cinn. Ní fheudfuidhe oideachas na
hÉireann do Ghaedhealú i gceart gan airgead
do leagaint amach go flúirseach air. Feuch
ar an méid airgid, cuir i gcás, a chosnóch'
se chun plean an Dhoc. Uí Chorcoráin do chur
i bhfeidhm sna bun-sgoileanna agus 'sé an
plean is lugha is gádh dúinn tarraingt chughainn
má's i ndáríríbh atámuíd nuair a dheirimíd
go bhfuil Éire Gaedhealach uainn feasta.
Cuimhnigh, leis, ar tighthe na ndaoine bochta sna
cathracha. Ní gádh aon machtnamh do dheunamh
air sin mar tá a fhios ag an saoghal agus ag
Tadhg conus atá lucht na gcúl-sráideanna ag
maireachtaint. Cúis náire d'aon náisiún
croistamhail iseadh an slighe a bhíd, dá
n-aimhdeoin féin, ar nós na mbeithidhigh. Ní
theastuigheann aon-nidh uainn chun an rud so
do réidhteach ach airgead — airgead agus obair
macánta ag tógaint na dtighthe. Is fuiris
a rádh anois go bhfuil dathad miliún púnt
caithte leis an ngaoth againn agus go socróch
a leath san an cheist sa tslighe go mbéadh tig
beag cluthmhar ag gach aon liontighe atá ag
stracadh leo i seomra nó i mbothán mí-
shláinteamhail fe láthair. Níl aon mhaitheas
a bheith ag seanchas nuair a bhíonn an t-anachan
deunta.



Ta an-phráidhinn le h-airgead, gan aon
agó, ach conus é do sholáthar, sin i an adhb.
Is ar fheirmeoireacht is mó a bhíonn an tír
ar fad ag braith i ndeire na sgríbe agus is
amhlaidh atá an sgeul ag dul in olcas agesna
feirmeoirí. Dá mhéid e gráin duine ar
Shean-Shasana caithfidh se admháil go mbíonn
feirmeoireacht na h-Éireann agus feir-
meoireacht Shean-Shasana ag dul ar aghaidh nó
ag tuitim as lámh a chéile. Béidir ná beidh
se sin amhlaidh tréis roinnt blianta nuair
a bheidh ár ndlighte agus ár sgéimeanna féin
i bhfeidhm ar feadh tamall ach tá sé amhlaidh
anois. Agus tá feirmeóirí i gcruaidh chás
i Seán-Shasana. Coróinn is púnt sa tseachtmhain
atá már pá agesna sclábhuighthe ann; tréis
stad obair fada a bheith ar siubhal aca do
bhaineadar amach an méid sin dóibh féin agus
dá luighead é sin níl de dhánaidheacht ag
aoinne a rádh go bhfuil saoghal sona suairc
i ndán dosna feirmeóirí. Dá dheasgaidh sin
deirimíd gurab ag dul i luighead a bheidh an
t-ioncuim náisiúnta i nÉirinn go díreach san
am is mó riamh a raibh práidhinn ag muintir
na h-Éireann le h-airgead. Is mór an feall
é go bhfuilimíd tréis tabhairt le rádh don
namhaid ná raibh an ceart againn nuair a
dhearaimís go mbeadh isliú cána i nÉirinn
dá mbeadh ár Rialtas féin againn. Do
bheadh, muireach an míádh a bhí orainn nuair
nár sheasuighmear gualainn le gualainn go
deireadh na dála. Ach mar adubhramar cheana
tréis a thuigtear gach beart.



Ach má thá gach aon rud i nár gcoinne, san
am ceudna tá sé ar ár gcumas an leigheas
do chur i bhfeidhm — má thá an leigheas againn:
go mbeadh gach aoinne ag obair ar a dhicheall
go dian dubhrachtach imshniomhach, sin é an
leigheas ba shiúráltha agus sin é an leigheas a
tharraing an Fhrainnc cúichi féin sa mbliadhain
1871 agus sin é an slighe a bhí muintear an


L. 168


Gearmáin ag cuir chuige leis go dtí gur chuaidh
an sgeul na phraiseach ortha le deidheannaighe.



Tá daoine ann agus is dóigh leó gur saghas
slat draoidheachta na custuim chun airgead
do sholáthar ach an rud a chothuigheann duine
sé mharbhuigheann duine eile de ghnath. Mar
sin féin murab slat draoidheachta é, rud an-
úsáideach iseadh cumhacht na gcustuim chun
tionnsgal na tíre do riarú sa tslighe is
feárr, agus is dóigh linn féin gur cheart
dúinn úsaid do bhaint den tslat san nuair
a tiocfaidh an t-am, bliadhain ó anois. Bhí
an ceart ag an Rialtas gan an t-athrú do
dheunamh ar na custuim a bhí i bhfeidhm cheana
an cheud bhliadhain, ach sé an cúis adeirimíd
gur cheart go mbeimíst go léir ag machtnamh
ar an gceist seo chun go gcuirfidhe custuim
oireamnach do nár dtír fein i bhfeidhm an
bliadhain seo chughainn: an rud do dheunamh go
cúramach tuisgeanach agus gan a beith ró-
gleithearanách. Festina lente an port is
feárr dar linn.



Feuch ar dtúis cad atá tréis tuitim amach
de bhárr na custuim a chuireadh i bhfeidhm cúpla
mí ó shoin. Seans iseadh é, mar níor
socruigheadh iad dréir práidhinn na tíre in
ao' chor, gur chuireadar lucht deunta tobac
ar a mbonnaibh. Go maith. Ach gheobhaimís
ceacht d'fhoghluim ón rud a thuit amach. Tá
a thuille oibre ar siubhal i nÉireann dá
mbárr agus a thuille airgid ag dul isteach
i gciste an náisiúin. Agus níl aon árdú
luaich ar an gnáth rud ach amháin don duine
ná beadh sásta le h-aon rud ach an rud a
dhéinfear i Sean-Shasana. Baineann sé le
deallramh dá bhrígh sin go dtuitfeadh an rud
ceudna amach dá gcuirfide cáin custuim ar
rudaí eile. Seadh, chomh fada as a bhíonn
rudaí eile á ndeunamh i nÉirinn chomh maith
agus chomh saor leis an rud tugtar isteach
ó tiortha thar lear. Agus tá a leithéid ann,
gan dabht, galúnach cuir i gcás, agus subh
agus céachtaí agus snasana, &rl., &rl. Nílimíd
ag rádh go bhfuil ár ndóthain desna h-earraí
san dá ndeunamh i nÉirinn fé láthair ach an
rud a dhéintear anois tá sé mar a chéile
leis an rud a cheannuightear ón eachtranach
agus is fuirist a thuille díobh do dheunamh
annso agus muran ndeunfadh muintir na
h-Éireann féin iad geobhfaidhe a bheith siúráltha
go dtiocfadh an dream eile anall, fé mar
atá muintir Wills and Players chun teacht
cheana. Sin é an rud a bheidh againn mar
urrús ná árdeochthar luach ar rudaí agus is
éigin dúinn gan cáin do chur ar rudaí a
árdóch costas beathaidh sa tír seo, tá sé
árd go leór cheana, dar ndóigh.



Tá rudaí eile nach iad agus déintear i
nÉirinn iad, adhbhar maith ionta agus luach reu-
súnta ortha ach mar sin féin ní fheudhfaidhe cáin
custuim mór do chur ar a leithéid ach amháin in
áit a chéile deéir as a fásfaidh déantúsaí
na hÉireann: ar bróga, cuir i gcas, agus
ar phlúr. Cosaint iseadh é sin. Ach cuirtear
cáin custuim ar rudaí ar son revenue
amháin leis agus maran ndéintear san go
h-aireach tuisgeanach déintear botún. Ní
oireann sé do tír mar Éireann cáin custuim
mór a bheith ar ghluaisteán, mar shampla,
toisg ná déintear a leithéid i nÉirinn —
ach an Fórd amhain béidir. Dá mbeadh 10%,
abair, in áit 33 1/3% ar ghluaistéain d'oirfeadh
sé sin dúinn agus is dócha go nathrochthar é
sin an cheud uair eile. Ba mhaith linn an
rud do shocrú in áit a chéile agus tréis
roinnt blianta béidir go bhfuighfidhe tionnsgal
nuadh do chur ar bun sa tslighe sin, agus
cuid desna ceannaibh a atá tréis dul in
eug d'aithbheodhchaint mar coiréil slinne,
deuntasaí bríc &rl.



Tá slighe eile, dar ndóigh, seacas na
custuim chun congnamh do thabhairt do tionn-
sgail na tíre — “bounties” agus isliú ráthaí
bóthair iarrainn agus a leithéid, ach níl slighe
againn an mí seo na ceisteanna so do chur
tré chéile. Tá rud eile leis gur mhaith linn
tracht air ach caithfimíd é chur ar ath-ló .i.
an méid daoine atá gan aon obair le deunamh
aca agus an sluagh mór sa mbréis a bheidh sa
chás ceudna nuair a chuirfear lucht an airm
chun siubhal (maran leagfidhe obair éigint
amach dóibh) agus nuair a sgaoilfear na
priosúnaig luath nó mall. Beimíd ag trácht
ar na ceisteanna so an mí seo chughainn, le
congnamh Dé.



Bhí an méid sin thuas sgriobtha againn fer
chromadh ar na rudai seo do phlé agus do
chur tré chéile sa Dáil — anois tá gach aoinne
ag diospóireacht mar gheall ortha, nidh nach
iongnadh. Dá luaithe a thosnoch muintir na
h-Éireann ar a bheith ag cur suime i rud
éigin seachas na rásanna is amhlaidh is feárr.
Ní h-e lá na gaoithe lá na sgoilb.


L. 169


IOLSGOIL NA MUMHAN I RINN Ó GCUANACH



VI.



ÁR SEANCHAIDHE.



Creidim ná beadh sé ceart ná cóir agam
deireadh a chur le m' sceul i dtaobh gach buaidh
agus gach buadhartha dár thárlaigh dhúinn i
rioth ár ré i Rinn Ó gCuanach gan tuairsc
fé leith a thabhairt ar ár Seanchaidhe .i. Micil
Ó Muirgheasa.



Tá a fhios ag gach aoinneach a chaith seal
aimsire 'sa Rinn againn cad é an buadh atá
ag Micil i dtaobh cainnte agus sean-
chaidheachta acht béidir nárbh' fhearr slighe a
thabharfaimís ós comhair lucht léighte “An
Scuab” é ná leigint do féin caint a dheunamh
leo ar feadh scaithimh:—



Fiafraigheann duine éigint de ar chuaidh
sé riamh go dtí an scoil agus seo mar a
dhéineann sé seanchus ar sin leo —.



“Nuair a bhí mise óg bhí mé ait. Nuair
a thainig ionnam é dubhairt m' athair a's
mo mháthair liom go mb' fhearr dhom dul ar
scoil feuchaint an bhfuighbhinn rud éigin a
fhoghluim acht geallaim duit gur beag den
léigheann a thuit riamh liom; ní bhfuighbheadh
an maighistir aon rud a bhualadh isteach i
m'chloigeann — conus a gheobhadh dar ndóigh
agus gan aon rud aige sin acht an Beurla
agus gan aon rud agam-sa acht an Ghaedhealg.
Níor labhair m'athair a's mo mháthair-se aon
rud riamh acht an Ghaedhealg go bhfóire Dia
orainn agus d'fhág sin mise ‘ag aodharacht
chearc do bhean na cleithe caoile’ nó gur
thug Pádraig Ó Cadhla annso mé agus gur
dhein sé (mar adeirtear liom) Ollamh le
Seanchaidheacht díom insan Iolscoil-seo.



'Seadh, acht níor innis mé dhíbh conus a
eirigh mé as an léigheann agus as an
fhoghluim.



Bhí mé lá ag dul go dtí an scoil agus
casadh mo chomrádaí ar an mbóthar orm.



“Dia dhuit, a Mhicil,” ar se sin.



“Dia a's Muire a's Pádraig duit,”
arsa mé féin.



“A gceannóchthá píopa agus píosa tobac
uaim?” ar sé sin,



Béidir go gceannóchainn, mhuise,” arsa
mé féin “mar an mbeifeá ró dhaor orm.”



“Tabharfa mé dhuit ar phingin iad,” ar
sé sin.



“Tá go maith,” arsa mise, ag tabhairt
na pingne dhó.



Dá luighead cúraim bhí agam-sa riamh go
dtí sin in aon rud a bhain le léigheann ná le
foghluim ba lugha ná sin a bhí agam ann an lá
so, acht mo lámh thíos i m'phóca agam ag
casadh agus ag iompó mo phípín agus mo
bhlúirín tobac agus dá gcur tré m'
mhéireanna agus mo shúile ar an gclog agam
feuchaint cá shoin a scaoilfí abhaile sinn
chum go bhfuighbhinn mo shaint a agairt ar
mo cheud ghal den phíopa.



“Tháinig a trí a chlog pé sceul é agus
cuireas-sa dhíom ar na buinn abhaile.



“Nuair a tháinigh mé isteach abhaile bhí
m'athair 'n-a shuidhe 'sa chúinne, a cheann
leagtha ar an hiarta aige agus nádúir snódh
chodlata air. Bhí an leite 'sa chorcán ar an
dteinteán ag fuireach liom féin. Thóg
mé an corcán síos i lár an tighe liom.
Fuair mé braon bainne 'sa cháirt agus
spiún agus shuidh mé ar stúilín agus d'ith
mé mo dhaochaint den leite.



Nuair a bhí mé sásta annsin leag mé an
cháirt agus an spiún in áirde ar chlúdach an
chorcáin. Thóg mé amach mo phíopa agus mo
bhlúirín tobac. Fuair mé scian agus líon
mé an piopa agus las mé é. Chuir mé cos
ar bhun coise liom agus nuair a chínn an
deatach ag imtheacht as mo bheul in áirde 'sa
spéir ba dhóigh liom gur shaidhbhre mé ná
Rí Greug.



Ba ghairid gur léim an cat in áirde ar
chlúdach an chorcáin agus leag sé an cháirt
a's an spiún agus leis an bhfothram a
dheineadar dhúisigh m'athair 'sa chúinne agus
chonnaic sé mé féin ag caitheamh an phíopa.



“An píopa atá agat, A Mhicil?” ar sé
liom féin.



“Maire! Is eadh, a dhaid,” arsa mé féin
Níor dhein sé acht eirighe in a sheasamh agus
siubhal síos agus an leath-dorus a oscailt.
“Níorbh' bheag duit-se do dhonacht, a
Mhicil,” ar sé sin, “agus gan bacaint le
píopa ná tobac,” ag breith ar dhá chluais
orm féin agus i m'árdach den talamh den


L. 170


iarracht sin agus i m' leagaint ar bhonn mo
dhá chois leath is muigh dhen tairsing.



“Bog bóthar anois, ar se sin, agus
téidh agus soláthraigh do chuid in áit éigin
eile.”



“Thug mé m'aghaidh siar ar Chondae
Chorcaighe agus ba shin é túis ag deireadh
laetheannta mo chuid léighinn agus mo chuid
foghluma-sa.”



“Agus, a Mhicil,” arsaig duine éigin,
an cuimhin leat nuair a cuireadh fé láimh
Easbuig tú?”



“Ó, Maran liom-sa ní leat-sa! I
gceann roint bliadhanta chas mé aniar ó
Condae Chorcaighe mar bhí sé ag rith liom go
raibh mé ag deunamh neamh-shuim i gcúrsaidhe mo
chreidimh; ní fhaca mé mórán de thiar aca.
Tháinig mé aniar ar aon chuma agus ar theacht
na Beultaine b'eadh é. Bhí an tEasbog ag
teacht an bhliadhain ceudna go dtí paróiste
an tSean Phobail agus dubhairt mé le m' athair
agus le m' mháthair gurbh' fhearr dhom dul
agus a roint paidreacha d'fhoghluim. Bhítí
dá múineadh 'sa tséipeul fé dhó 'sa tseacht-
mhain i rith na míosa san chum garsúin dem'
leithéid-se a ullamhughadh i gcóir an Easbuig.
Chuaidh mé ann. Acht lá des na laetheannta
bhí mé féin agus Rí na Maoilinne ag imirt
cnaipí leath is muigh dhe gheata an tséipéil
nuair a tháinig an sagart paróiste orrainn
— an tAthair Ó Donnchadha — (go ndéine Dia
trócaire air anois agus ar Rí na maoilinne
leis).



Léim mé féin thar an gclaidhe nuair a
chonnaic mé an sagart ag teacht agus as
go bráth liom tré réidhte agus tré churracha
agus an sagart im' dhiaidh ar a chapall.
Choiméad mé na háiteanna ba chrostaidhe agus
ba chuiricighe a fuair mé agus shíl mé é
tharraingt ar “thuinn ar bogadh” bhí theas i
mBaile Uí Chuirrín acht bhí eolas gach aon áit
aige chomh maith gus bhí agam féin. Dhein
mé ar choill Ráth na mBiníneach agus bhí sé
ag fáscadh liom go dian. Suas liom 'sa
cheud chrann a bhuail liom agus nár tháinig
sé go bun an chrainn i m' dhiaidh. Chaith sé
an srian amach ar mhuineul an chapaill agus
tharraing sé a chosa as na stíreoipí; rug
sé ar gheug den chrann agus seo i náirde i
m' dhiaidh é. “Tá beirthe orm nach grásta
Dé,” arsa mise liom féin nuair a bhí sé ag
teacht gairid dom. Shleamhnuigh mé síos ó
ghéig go géig arís gur leath mé mo dhá chois
ar dhrom an chapaill.



Siar liom bóthar an Réidh Mheadhonaigh, suas
Bóthar an Bhloic, siar de tigh Chinnfaolaigh agus
níor stad cos dínn gur shroicheamair tigh
Chobhthaigh an Teampuill Ghil. Bhí rásanna chum
a bheith ann an lá ina dhiaidh sin. Chuir mé
féin mo chapall ar stábla chomh maith le cách
agus leig mé orm gur marcoich le Bhuidsear
mé agus gurb' é an “Bhuilld Mean” a bhí
agam. Dhein gach aoinne mórán díom go
ró-speisialta na huaislí d'airigh trácht ar
an gcapall so.



Lá ar n-a bháireach chuaidh mé 'sa rás agus
nár thuit sé liom. Fuair mé mo chúig shobharn
a's fiche agus abhaile liom arís le tuitim
na hoidhche an lae sin.



Chuir mé chúig shobharn isteach i bpóca na
diallaite agus choimeád mé féin an fiche
sobharn eile. Bhí sé déidheanach nuair a
rángaigh mé tigh an t-sagairt agus bhí gach
aoinne in a gcodladh. Shocruigh mé an capall
go sámh 'sa stábla agus tar éis deoch uisce,
gráinne coirce agus sop féir a thabhairt dó
bhuail mé anuas abhaile dhom féin. Bhí an
sagart taréis a bheith ag caint lem' athair agus
lem' mháthair agus bhí sé tar éis a innsint
dóibh cad a bhí deunta agam air. Chuireadar
siar chuige an lá in a dhiaidh sin mé chum mé
féin a chaitheamh air agus mo phárdún d'iarradh
air. Níor chuaidh mé níos giorra ná dorus
an halla dhó; bhain mé dhíom mo chaipín agus
chaith mé mé féin ar mhulla mo dhá ghlúin agus
d'iarr mé maitheamhnas air. Dhein mé
faisdín glan ar na cúrsaídhe go léir dó — do
féin agus don mbean-tighe. 'Sí an bhean
tighe a fuair mo phárdún dom. Chuaidh sé
amach annsin go dtí an diallait agus fuair
sé na chúig shobharn 'sa phóca agus creid sé
go raibh mé ag innsint na fírinne dhó. Chaith
sé na chúig shobharn amach an geata i m' dhiaidh
agus ní baoghal nár chas mé orra.



“Feuch, a gharsúin, ar sé sin liom féin
agus mé ag imtheacht uaidh, téidh chum do
phaidreacha gach aon lá eile agus caith uait
do chuid cnaipí feuchaint an bhfuighmís aon
phioc den rath ná den seun a chur ort i gcóir
do shaoghail.



“Cuireadh fé láimh Easbuig an bhliadhain
sin mé agus ní raibh aoinne ba mhuinteardha
liom ná an sagart. D'airigh mé in a dhiaidh
sin gurb' é sceul an chapaill agus mé féin
a dhein caitheamh aimsire dhóibh ag an dinneur
an lá sin.”



PÁDRAIG Ó CADHLA.



Tuille le teacht.


L. 171


AN BHRÍGHDEACH GO H-EÓCHAIL



I.



Is luaimneach a bhí fuadar an bháis fúibh,
Nuair a ghluaiseabhair fé thuairm an bháire,
Is luaimneach a bhúaileadh sibh lán phuic
In bhúr nguailne bhí muar neart in am gádhtair.



II.



In am gádh libh dá ráineóch' aon aon díbh,
Bhíobhar láidir neamhspléadhach le haoineach.
Mo chráidhteacht mar d'fhágadh sa trae sibh,
Go bráth, bráth, gan fághail ar bhur bhfaoiseamh.



III.



Bhúr bhfaoiseamh, dá mbfhéidir é sgaoilfinn,
In bhur ndaorbhruid dá mbfhéidir é, sgríobh-
fainn.
Le n-a chéile 'seadh léigfinn fé'n dtír sibh
Is is sgléipeach bheadh béithe in bhúr dtímcheall.



IV.



In bhúr dtimcheall bheadh meidhir ag na hóigfhir,
Búr muintir mórthimcheall fí mhórtas
Cáil mhaoidhteach ar an mBrighdeach go h-Eóchail
Is céad dith airthi claoichlaigh bhúr n-óige.



V.



Bhúr n-óige ba chródha mear éadtrom
Fuair eólas fé mhórtas, is foghluim
'Sé mo mhórchreach mar seóladh san úir sibh
I seómrín gan spórt ann gan súgra.



VI.



Go súgra fé chlúcheart dá dtéigheadh sibh
Ba mhúirneach bhíodh bhúr siúbhal le na chéile
Dréir dúthchais níor dhiúltabhair don fhéile
Fir mhúinte ba chlúamhail des na Firéasaigh.



VII.



Dos na Firéasaigh de shéimh sgoth na tíreach,
O shliabh an iarainn is ba dhian mhaith bhúr síolra
Na cliar-fhir do riarfadh ar na mílte
Ar bhúr n-athantas ba thaithneamhach i dtigh sibh.



[As Tullach-an-Iarainn a beadh na Firéasaigh.
Bhí bád aca ar an mBríd, ag tarrac lóin ó
Eóchail. Bághadh iad ag filleadh ó chomórtas
báire. — P. A.]



IS FADA FIONN FÓS.



I.



Is fada fionn fós, go barra dubhach bróg,
Ag sgaipeadh na ndeór laoithe,
Bhí leacain úr chló, ar dath an drúcht róigh
Agus lasa beag de'n rós tríotha.
Bhí maith na gcúig nógh, in aicil Dúnmhóir,
Flaitheas geal na gcló ar aoibhneas
Ortsa a rúin é, seadh mhaithfinn siúd dóibh,
Ar do chuidheachtain de ló is d'oidhche.



II.



Sin agat a Sheóin, deire 'nois mo sgeóil,
Tré (cé) go n-oirfeadh dom sgór phúntaibh
Ins an saidhbhreas mór, níor chuir mé riamh
speóis
Go dtuitinn go deó i liún dúbhach.
Acht an fhinnebhean óg, i fheicsint im chló,
Sí thairrig ar an mbrón dubhach mé,
Acht thairis siúd fós, go mbeirimíd beó,
Ar a bheith na h-aicil ag góil (gabháil) chúitimh.



III.



Acht caithfe mise luidhe ar leabthain tuirseach
tinn
De dheasgaibh mo ghreidhm sgeimhealta
Mura dtagaidh sí im radharc, sealad dom
chaidhm,
Is go mairfinn na feidhil coidhche,
Gach ar cailleadh riamh de chlainn de
Ghaedhealaibh nú de Ghaill,
Ní bhainfeadh sé an mheidhir dhíomsa,
Dá nglacainnse go deimhin ach amharc ar mo
ghraidhin
Do bheadh éiric ar mo threighid díolta.



IV.



Mo chreach agus mo díth, gan mé is tú a Bhrighid,
Sealad ar bhínn tsléibhe amuigh.
Nú chuig Athgharbh síos cois Bealach an Ríogh
In acrann coillte aonraic
Nú dar bheatha na naoimh tré gur deacair a
shuidheamh
Sinn do chasadh ar an slighe chéadna
Acht is airic gan chrich, a thug mé ort a Bhrighid,
On mBuirean go Ceann Léime.



V.



* Ní fheadar 'an tsaoigheal feastain fóiríor
Cá ngabhann tú a Bhrighdeach mhaorga
Dá dtagadh sé arís mar chor ins an saoigheal
Go bhfeicinn mo Bhrighdeach mhaorga
Admhuighim dibh an fhaid mhairinn beó arís
Má sgarfadh an rígheach léi mé
Tré gur bhaineadar díom toradh mo chlaidhimh
Sí ainnir na ndlaoi bpéarlach
Acht aithris nú sgrí le barra do phinn
Níl do thoil led chroidhe sgigh, Séamus.


L. 172


(* Is cosamhail go bhfuil dearmhad annso.
Bfhéidir nár cheart an dá chéad líne bheith
ann ar aonchor. — P. A.)



Seamus Ó Cuimín ón gCiarain do chum an
t-amhrán so shuas. Do fhuadaigh sé bean leis
ón nGaillimh. Leanadh iad agus tángathas
suas leó i gCeann Léime. (Do chuir an ceann
céadna deire le sodar beirte nách iad fadó
riamh Éireann .i. le rás na caillighe i ndiaidh
Chon Chulainn. Acht sin sgéal eile dar ndóigh.)
Pé sgéal é baineadh an bhean dé, agus pósadh
í dá h-aimhdeóin le Gaillmhíneach. Bhí Séamus
i “gcás na ngalar agus i ngalar na gcás.”
Do lean sé go Gaillimh í. Do chonnaic an
cailín aimsire ag teacht é. Do rith sí isteach
agus adubhairt go bhfeaca sí amuigh an fear
ba bhreaghtha dá bhfeaca súil riamh. Do chuaidh
an bhean nuadh-phósta amach. Do rugadar
baróg ar a cheile agus do thuiteadar araon
fuar marbh. Sin mar adúbhairt Mícheál Ó
Cillín, an seanfhear a thug dom an t-amhrán.
Ó Charraigh a Chabhaltaigh do Mhícheál.



PÁDRAIG ÁGHAS.



Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n
Chumann Gaedhealach is Fearr



AN CUMANN IBÉRNACH
INSURÁLA TEÓ.



I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS
COITCHINNE.



Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN
DÁMA, ÁTH CLIATH.



na polasaithe is iomláine le
fagháil



AN CINEMA



“Is dóch nach iongantas laigeacht na gréine
Ná fós gach tiubaist dár imthigh ar Éire,
Mar mheath gach ceart gan reacht gan dlighe
againn,
Ár mba bhí bleacht gan lacht gan laoigh aca.”



B'fhada uaim gach mí-rath dár imthigh ar
Éirinn le tamall d'agairt ar an gcinema;
agus b'fhada uaim, leis, an cinema do
scaoileadh saor. Gléas is eadh é gur féidir
mórán maitheasa do bhaint as; agus mórán
olcais, leis. Is deacair a rádh cia aca
cómhacht is treise mar ní féidir an mhaitheas
agus an t-olcas do chómh-mheádh le n-a chéile.
Is maith an scéal go bhfuil deagh-chómhacht sa
chinema chun sinn do sheoladh ar ár leas; acht
tá cómhacht an aimhleasa ann, leis, agus
mara gcuirtear an chómhacht sin ar neamh-ní,
dar go deimhin, a Chríostaidhthe, is measa
dhúinne. Sé donas an scéil é go mbíonn
cómhacht an aimhleasa ar scáth gaoise doilbhthe
draoidheachta i riocht agus ná mothuigheann
duine é féin ag sleamhnughadh le fánaidh.



Tá daoine i mbun na cinemeachta agus is
baoghalach gur daoine iad a bhfuil a leithéid
sin de shainnt airgid ortha agus de scliup
gnótha ná bíonn sé d'uain aca cuimhneamh ar a
n-anam féin, gan trácht ar anam an tsluaigh.
Acht tugtar fá ndeara go gcuirid siad earraí
ar an margadh a mbíonn glaodhach ortha, agus
má chítear dóibh go sanntaighthear an pictiuir
neamh-ghlan i nÉirinn ní h-é an pictiuir glan
a cuirfear ag triall orainn. Agus an
milleán sin ortha. Go deimhin féin atáimíd
ag agairt ar Shasana le ciantaibh gach donas
agus gach tiubaist dár imthigh ar ár dtír
agus do chreid mórán de'n saoghal go raibh
an ceart againn. Acht táimid imthighthe ó
smacht fé dheire, ná fuilmíd? Breactar
scáileáin na tíre gach oidhche sa bhliadhain leis
an bpictiuir gallda a fuintear le aigne
gallda. Tá an galldhughadh ar siubhal fós agus
is ionann é agus smachtughadh. Is treise go
mór an smachtughadh atá á chur orainn le
pictiuirí ná aon smachtughadh dá ndearnadh
riamh orainn le gunaí móra. Do theichimís ó
sna gunaí móra; ní theichimíd ó sna pictiuirí
acht gabhaimíd le croidhe iad féin agus a
gcuid sáimh-cheilge. Creidim go bhfuil amacht
á chur orainn leis an gcinema ná féadfaí
a chur orainn leis na dlighthe pianamhla.


L. 173


Má cheapann aoinne go bhfuil fonn sean-
móineachta orm nó gur fear beag me chuirfeadh
m'ollmhaitheas féin i n-iúl do chach, cuireadh sé
as a cheann é. Níl aon nidh le maoidheamh
agam, go bhfóiridh Dia orm! Acht a chumainn,
má tá do chlann-sa ag éirighe suas agus ag
dul i dtuigsint agus do réir mar atá aibidheas
intleachta ag teacht ionta fonn ag teacht ortha
chun imteacht ar a gcómhairle féin, ní h-í
an chluas bhodhar iompóchair liom. Is fuiris
a shuidheamh ar do leithéid-se gur cóir dúinn
bheith aireach ar na páistí agus iad do
sheachaint ar chómhacht an amhleasa. Dar
ndóigh is daoine críona cranda mise agus
tusa; táimíd chómh cianta sin ná fuil
ionainn neithe an tsaoghail atá i láthair do
thuigsint gan trácht ar bheith amach fé n-a
mbrághaid. Is minic ná tuigeann an t-aos
óg an urchóid a bhíonn a bpictiuirí; agus is
lugha ná sin a thuigid an meabhal a bhíonn ionta.
Glacaid gach milseán nimhe dá dtugtar dóibh
agus cromaid ar sughrach. Ní bhíonn de bhlas
air acht an blas milis, acht téigheann an nimh
'n-a bhfuil i gan fhios dóibh.



Is dócha gurab í an gheanmnaidheacht an tréith
is uaisle agus is geanamhla i gcroidhe an
duine; go mór mór gcanmnaidheacht ban.
Is dual do Ghaedhealaibh an gheanmnaidheacht
agus ní milleán ortha maoidheamh aisti. Níor
bh'ionmhuine le n-ár máithreachaibh a mbeatha
ná an gheanmnaidheacht. Do bhíos i dtigh
chinema le deidheanaighe agus do chonnacas
mathsluagh ban ann, agus do chuimhnigheas ar
an nglúin ban Gaedhealach atá imthighthe. Cad
déarfaidís dá bhfeicidís an pictiuir salach
a bhí ar foillsiughadh annsúd an oidhche sin?
Déarfaidis go raibh ré an Ana-Chríost buailte
linn!



Ní fuiris do dhuine tuata an cheist seo do
shuathadh agus do láimhseáil agus do shuidheadh
i gceart gan a mhéara do dhóghadh agus dá
bhíthin sin ní bhreacfad-sa ar mo scáileán acht
cabhail an phictiura do chonnacas.



Féith an scéil bean óg álainn do shíolruigh
ó uaislibh na Spáine do thuitim i ngrádh le
fear pósta. Ba chuma le mnaoi na hantola
pósta nó aonta é — thug sí searc a cléibh dó.
Ní raibh aiste clis i gcómhacht na mná úd nár
chaith sí leis an bhfear bocht d'fhonn a bhréagtha.
Bhí áilneacht 'n-a snodh agus maise agus
tuibhdeas 'n-a pearsain. Bhí imtheacht uaibhreach
fuithi; bhí gliocas cinn inti. D'fhéach sí
leis gach tréith dá breaghthacht; módhmhaireacht
a hiomchuir, sméide a súl, smid a béil —
agus tuilleadh ná oireann dom' scáileán-sa.
Fágaim gan áireamh mórán neithe chruthochadh
dam mí-gheanmnaidheacht na h-intinne chruthaidh
an scéal; ní airmhím an teagmhais nár
breacadh ar an scáileán i n-aon chor — acht
a chara, do cuireadh i n-iúl é. Óch, mo thruagh
an fear bocht agus é d'iarraidh dhul di;
dealbh an Chroidhe Naomhtha aige 'n-a sheomra
agus é ag guidhe le díocus ós a chómhair ist
oidhche! Á, nár bhreagh é sin, adeirir — thug
an Croidhe Naomhtha slan é! Go réidh, a
chara; ní thuigir-se an t-aigne gallda.
B'fhada ó'n scéalaí a leithéid sin de bhuaidh
do scaoileadh leis an Slánuightheoir!



Nach deas an sómpla agus an teagasc atá
sa phictiuir sin d'ár gclainn, a Ghaedheala?



Ní féidir le Gallaibh gan bheith ag baint
leis an Eaglais seo againne. Tógaid suas
í agus teasbáinid a mórdhacht agus a breagh-
thacht agus annsin buailid go maith í agus
caithid sa lathaigh í. Dallaid siad ár súile
orainn agus ní fheicimíd na buillí á
dtabhairt di.



Ní mór le áireamh a bhfeaca-sa de phictiuirí
lem' shaoghal; acht do chonnac ceann eile le
deidheanaighe a raibh an nathair nimhe ag
ionfairt tríd. Bean phósta — féach ná
déanfadh bean aonta an gnó dhóibh acht bean a
snadhmnadh leis an móid — agus í ag cur
cathuighthe ar fhearaibh. Ní raibh aon rud eile
ag déanamh tinnis do acht iad do chur “ar a
nglúnaíbh.” Bean bhreagh, dar ndóigh; marach
go mb' eadh ní bheidís ag tuitim i ngrádh 'n-a
dtáinte lei. Acht féach, is amhlaidh bhíodh sí
ag magadh fútha — go dtí gur bhuail coigealach
saighdiura uimpi agus gabhadh í 'n-a líon féin
Badh thruagh leat an bhean bhocht; í pósta
cheana agus ná féadfadh sí an tarna fear
do phósadh! Agus d'éirigh casaontas idir í
féin agus an coigealach saighdiura, nidh nar
bh' iongna; agus do bhailigh sí lei agus do
chuaidh isteach i gclochar ban rialta. Féach
air sin anois; nach maith d'aimsigh sí an
áit oireamhnach! Agus dá bhfeictheá istigh
í b'aiteas leo' chroidhe a deagh-mhóideacht agus
a cráibhtheacht ag leigint uirti go raibh
doilgheas croidhe uirthi. Acht cad deir tu
le n-a fear céile — ná beadh sásta gan bás
d'fhághail, go lághach agus go cóir agus go
cneasta. Tháinig an coigealach saighdiura
agus d'árduigh leis as an gclochar í. Nár
dhóigh leat go raibh lámh Dé sa ghnó chun gach
mó do réidhteach do'n lánamhain ionnraic sin!



Ní gabha leanamhaint de'n phort. Caithfear


L. 174


SIOC LIATH



Duine muinteardha dham d'innis dam an
sceul seo:— Nuair a bhíos-sa ag an choláiste
i Sliabh gCruinn bhíos im chomhnuidhe 'san
doras ba ghiorra do chailín a bhí ag dul go
dtí an choláiste ceudna, agus ba é ainm a
bhiodh againn uirre ná ‘Sioc Liath.’



Cailín mór gránnda láidir agus aghaidh
phlucach mar sin uirre ba eadh í. Dá bhfeicfeá
ag siubhal í thabharfá an leabhar gor ag
giollaoidheacht chapall thug sí an méid den a
saoghal a bhí caithte aice, agus an glór a
bhí aice — díreach mar bheadh glór barraille.



Aon uair riamh do shíleas í bheith istig ní
osgaileochainn mo dhorus féin ar aon airgead,
mar bhí sí díreach isteach as mo choinne mar
sin. Ní fheadar mé 'dé chúis nár thaithin
sí riamh liom, acht aon uair a gheibhinn thóirste
ar an staighre, ba mheasa dham an t-súil a
thugadh sí orm ná barrántas.



Uaireanta eile nuair a chastaí orm í
bhíodh a cuid eudaig caithte uirre mar bheidís
ar sean-bhata, bíodh a glib gruaige ar sileadh
léi agus í go dona mí-ádhmharach. Aon uair
mar sin a chastaí orm í ní bhíodh acht an t-aon
fhocal amháin aice, “conus táir a mhic
léighinn?”



Agus an gáire a dhéineadh sí ansan a
chuireadh an ghráin ar fad agam uirre. Bhínn
chum na h-áite d'fhágaint míle uair éigin,
agus árus éigin eile a sholáthar dam féin,
acht bhí an áit chomh deas san, agus radharc
chomh breagh san agam ar gach aon áit thimcheall
go ndubhairt mé liom féin go mbrúdhfainn
fúm pé méid a bheadh le fulaing agam.



Díreach a bhíos tar-éis eirighe maidean,
agus mé ag siubhal thimcheall an t-seomra



na leanbhaí do sheachaint ar an cignema. Nó
mara seachantar cad a thiocfaidh as? Cad
a thiocfaidh as d'óg ná d'aosta? Cad a
thiocfadh as ainmhianta do bheith dá síor-
theasbáint duit agus iad ag síorthóireacht
ort acht do mhealladh ar ball i gcómhairle an
chuirp?



Glantar an cinema, nó — cuirtear ár agus
dearg-ruathar air!



COS OBANN.



feuchaint an bhfuighinn aon leath-sceul a
cheapadh a choimeádfadh ós na buidheanta an
lá san mé nuair a bhuaileadh cúpla buille
beag ar an dorus.



“Dia dhuit a mhic léighinn,” arsan guth
amuigh. Chuadhas féin go dtí an doras, agus
dar go deimhin níor ghádh dham, mar d'aithneo-
chainn beirbhighthe guth an “t-Seaca.”



Deallradh an-thrí-na-chéile an-ghioblach a bhí
uirri. “Feuch a mhic léiginn,” arsa sí,
“tháinigh mé chughat feuchaint an ndeunfá
grádh dia orm, agus cuimhneochadh go bráth
duit air.”



Rioth sé liom féin ná raibh dada uaithe,
acht gor leath-sceul a bhí aice chum bheith ag
bualadh fúm féin mar adeurfá. Feuch amach
duit féin a bhuachaill!



“Tá fhios agat, caithfead litir do scríobh
abhaile,” arsa sí, agus guth an-chritheanach
ar fad aice.



“Go dtóga rud éigin leis as mo radharc
tú,” arsa mé féin liom féin. “Dar ndóigh
scríobhfad-se dhuit í más maith leat.” Fuair
mé blúire pháipeur agus peann. Tharraing
mé an chathaoir anonn go dtí an mbóirdín a
bhí thall mar sin fé bhun na fuinneoige agus
dubhairt mé léi tosnúghadh.



Tháinig sí anall go dtí an mbórd agus
d'feuch sí isteach idir an dá shúil orm díreach
mar d'fheuchfadh sí ar dhuine a mbeadh rud
éigin deunta as an t-slíghe aige.



“Seadh tosnuig! cé chuige scríobhfad?”



“Go dtí Peadair Ó Gealbháin ó Droichead
Buidhe Bhéarra.”



“Seadh corruig ort in ainm de, mar tá
a mhalart le deunamh agam-sa anois in eugh-
mais bheith ag cailleamhaint mo chuid aimsire
mar seo. Cad a dheurfad leis?”



“A Pheadair a chroidhe! A ghile na gile!
go gcosnuigheadh Dia agus Muire thú. 'Dé
chúis a chroide na féile nár scríobhais fadó
chum do cholúirín féin, Máire.”



D'fhóbhair go gcaillfaidhe le gáire mé.
Colúr dá thabhairt aice uirre féin agus í sé
troighthe ar aoirde agus dhá dhorn uirre mar
bheadh ar ghaiscidheach. Ba dhóigh leat uirre
gor ag scuabadh simnighthe thug sí a saoghal,
bhí a h-aghaidh chomh dubh san. Nuair tháinig
mé chugham féin as na reachtaí gáire tháinig
orm d'fhiafruigh mé ciarbhe Peadar.



“Cia hé Peadair?” arsa sí im dhiaidh.
“Más maith leat fios bheith agat ar, sin é
an fear tá luaidhte liom.”



“Luaidhte leat!”


L. 175


“Seadh luaidhte liom. An iongantas tá
ort? An amhlaidh ná fuil se de chead ag
aon duine bheith luaidhte?”



“Seadh! Seadh!” arsa mé féin. “Agus
dén fhaid tá sibh luaidhte?”



“Sid í an seimhadh bliadhain againn.”



“An pleidhce amadáin,” arsa mé fém'
anáil. Labhair mé go h-árd annsan léi agus
dubhairt mé léi dul chum cinn len a cuid
cainnte.



Bhí an chainnt chomh grádhmar sin go ndeun-
fainn malairt agus ceud le Peadair dá
mba aoinne eile bheadh san cheist seachas
“Sioc.”



“Tá buidhcheas mo chroidhe agam ort agus
má gheibhim aon rud do dheunamh dhuit deunfad
é agus fáilte. Má bhíon do bhríste briste
ná do chasóig le deisiughadh ná bíodh aon
cheist ort teacht chugham-sa leo.”



Chuir san ar buille dhearg mé agus tháinig
luisne im leacain. Thug mé sceamh uirre
agus dubhairt mé léi ná raibh dada le
deisiughadh agam, agus ansan d'imtigh sí.



Bhíos im shuidhe ar an bhfuinneoig tráthnona
thimcheall coicthíghis ina dhiaidh san: mé ag
feuchaint amach ar an t-sráid — ar na capaill
agus ar na daoine, agus ná feadar me cad
a dheunfainn díom féin. Bhí an áit amuigh
go dona, fuar, aindis, mí-ádhmharach. Ba
bhreagh liom duine éigin a bhualadh chugham a
bhainfeadh an ceo agus an brón dem chroidhe.
Do osgaladh an dorus go h-oban. Buidhcheas
le Dia tá duine éigin chugham!



“Bhfuil aon rud le deunamh agat,” arsa
Sioc.



“Go n-arduighean rud eigin leis tú,”
arsa mé im aigne féin. “Cad tá anois
ort?”



“Chum go scriobhfá leitir eile dham.”



“Go dtí Peadair arís?”



“Ní h-eadh acht leitir do scríobh Peadair
chugham-sa.”



“Cad deir tú?”



“Gabhaim párdún agat. Nach iongantach
an púca mé gan é chuir i dtuisgint i gceart
duit. Ní dham-se an leitir seo acht do
dhuine muinteadhra dham. Fear a bhfuil
cailín aige iseadh é, agus comh-ainm damh-se
iseadh í. Ní bhfuigheadh an fear seo scríobh,
agus tháinig mé chughat-sa chum go scríobhfá
litir do a chuirfeadh sé go dtí an chailín sin.”



D'feuchas uirre. Bhí leathadh ladhar agus
trí na chéile uirre agus bhí sí ar crioth.
B'fada gor thuigeas cad do bhí uirre. “Feuch
a chailín mhaith, níl aoinne mar an Peadair
seo ná an Maire seo ann ar aon chor.
Éitheach ar fad, dearg éitheach atá tú a
innsint dam. Is amhladh tá tú ag teacht
isteach annso chum bheith ag bualadh thimcheall
orm-sa. Níl aon mhaith dhuit ann. Tá cailín
san mbaile agam-sa, an dtuigean tú?”



Do dhearg sí go bun an dá chluais, agus
thug sí iarracht ar rud éigin a rádh acht ní
bhfuigheadh sí “a mhic léighinn! a mhic
léighinn,” arsa sí agus amach léi an doras.



D'airigh mé ag dunadh a dorais féin leath-
istig í. Tháinig cathughadh orm chionn bheith
chomh borb san léi. Rioth sé liom gor dheineas
í ghortughadh, agus dubhairt mé liom féin
go raghainn isteach chúiche agus go ngeobhainn
mo leath-sgeul léi, agus go scríobhfainn an
leitir di.



Bhuaileas isteach chúiche. Bhí sí ina suidhe
ag ceann an bhúird agus a bais fén' a giall
aice.



“A Mháire eist liom noimeant.” Níor
labhair sí. “A Mháire” arsa mé arís.



D'eirigh sí dhen cathaoir agus tháinig sí
i leith chugham; do leag sí a láimh ar mo
ghualainn agus is ar éigin a bhí innte labhairt.



“Feuc anois, a Mhic léighinn, 'dé dhuit-
se muna bhfuil aoinne mar an Peadair úd
ná an Máire úd ar an saoghal ar aon chor?
'Dé an díoghbháil a dheunfadh sé dhuit cúpla
line tharraingnt ar an bhpáipeur?” Agus
rioth sé liom i comhnuidhe gor bhuachaill an-
acarach, an-dheas tú. Níl Peadair ná Máire
ann acht mise. Bhí mé dall ar fad annsan
aice. “Agus le h-anaman do mharbh an mar
sin é?” arsa mé féin.



“Níl, acht nach cuma é sin.”



“Agus is dócha ná fuil aon Mháire ann
acht an oiread?”



“Níl; acht feuch — tá. Is mise an Máire
sin.”



Ní bhfuighinn aon fhocal den sgeul a thuisgint
ar aon chor. D'feuch mé uirre, agus ansan
d'feuch mé thimcheall an t-seomra, feuchaint
cia againn a bhí ag cailleamhaint ár meabhrach.
Chuaidh sí annonn go dtí an mbórd, agus
thosnuigh sí ag cuardach. Tháinig sí i leith
chugham aris agus leitir ina láimh aice. Ba
dhóigh liom uirre go raibh roinnt feirge uirre:



“Seo dhuit an litir a scríobh tú cheana
chugham. Tóg leat í nuair ná fuil aon fhonn
ort an dara ceann a scríobh chugham. B'fhéidir
go mbeadh duine éigin eile níos fhonnamhaire
chum acra do dheunamh na tusa.”


L. 176


Chonaic mé gorabh í an leitir cheudna do
scríobh mé chum Pheaidir roimhe sin í. Um!



“Feuch anois, a Mháire, an neosfá dham
mar a dheunfadh cailín maith 'dén tairbhe
dhuit bheith ag iarradh orm-sa leitir do scríobh
duit, agus ansan í fhágaint caithte riamh ó
choin ar an mbórd.”



“Cé chuige chuirfinn í?”



“Go dtí Peadair.”



“Acht níl Peadair ann ar aon chor.”
Bhíos féin i bpúnc arís. Acht dubhairt sí
cúpla focal eile a tug réidhtheach agus
fuasgailt ar an sceul. “Níl sé ann ar
aon chor, acht teastuighean sé uaim-se é a bheith
ann,” agus shín sí amach a dhá láimh ag iarradh
an scéil do mhíniughadh dham. “Ná fuil sé
chomh ceart damh-sa bheith ag scríobh le aoinne
eile? Ná fuil?”



“Acht níl sé ann.”



“In ainm Dé nach chuma é. Tuigim-sé é
bheith ann. Scríobhaim chuige agus freagaran
sé mo chuid leitireacha, agus ansan scríobhaim
chuige arís.”



Sin é an uair a thuigeas an sceul. Tháinig
náire agus seirbheathean orm, a ráidte go
raibh duine ingiorracht trí slata dham, agus
gan cara san saoghal mor go léir aice, agus
í ag scríobh go dtí daoine ná raibh ann ar
aon chor.



“Seo leitir a scriobhais damh-sa go dtí
Peadair, agus nuair a léighean duine éigin
eile an litir sin damh-sa tagan áthas orm.
Ansan nuair a léightear litir Pheadhair damh-
sa bim deimhin go mbíon sé ann, agus bíon
an saoghal níos sáimhe agam.”



Is amhlaidh mara bhí an sgeul arsa mo
dhuine mhuinteadhra ná go scríbhinn litreaca
coichteanta dhí gach aon t-seachtmhain. Ceann
go dtí Peadair, agus ansan freagra uaidh
go dtí í fhéin arís, agus a dhuine d'eisthigheadh
sí chomh ciúin sin le linn is me bheith ag
léigheamh na litreacha dhí, go rabhas féin ag
creideamhaint an sgeil indeiridh thiar. Dheisí-
gheadh sí mo cheitre agus cuireadh sí cliatha
ar mo stocaí as an méid sin dheunamh dhi.



Trí mhí ón lá san dhein sí rud éigin as
an t-slighe agus cuirfeadh san phríosún í.



Caith mo chara an t-sáilín amhach as a phíopa.
D'feuch sé anáirde ar mhullach an tíghe, agus
arsa sé:



Sinn ag feuchaint ar aingcise an t-saoghail
amach os ár gcomhair, agus ní thuigimíd dada
mar gheall uirre. Gnó dona iseadh an gnó
go leir. Daoine ta tar-éis tuitim san
saoghal, daoine mar í sin a deurfamís-ne.
Acht cé h-iad na daoine seo? Nach den
daonacht iad mar sinn féin. Fuil agus
feoil agus cnámha orra mar tá orainn-ne.
Ná fuilmíd ag éisteacht leis na sceulta
ceudna riamh. Acht is mo go mor táimid-
ne tuitighthe ná a leithéidí seo — agus tuitighthe
go maith leis — tuitighthe síos, agus sinn lán
dínn féin agus de ar ngo, agus de ár n-áit.
Riothan sé linn gor daoine iongantacha sinn
seacais gach aoinne eile — go bhfuil míd fé
mhor mheas ag an saoghal, acht is beag againn
a chuireann aon suim i lucht an mhí-ádh. 'De
mhaith dham bheith ag cainnt ar an sean-rud
i gcomhnuidhe. Tá sé chomh aosta leis an
gceo, agus is dócha go mbeidh lucht an mhí-
ádh ann go bráth na breithe.



MÍCHEÁL Ó CIONNFAOLAIDH.



LÉIG “RÓISÍN BHÁN AN tSLÉIBHE.”



Scéal nua-cheaptha ó Peann Niocláis Tóibín le fagháil
ó Comhlucht Oideachais h-Éireann nó ó Nioclas Tóibín,
Ceatharlach. (Fógra).



MUINNTIR PLÉIMEANN, GUALADÓIRÍ



I DTEACH LÁMH DHEARG,
9 SRÁID FHEARDORCHA THUAIDH,
BAILE ÁTHA CLIATH.



Ceannuighidh bhúr gcuid guail ó Ghaedhealaibh.



Tá an gual is fearr le fághail uainn.



Buail isteach nó sgríobh go dtí an seoladh seo thuas.



Guthán 2723.



GLAINE GAEDHILGE: BINNEAS CEOIL:



SLACHTMHAIRE RINCE.



“BEIRT DHÉISEACH” — 3/6



(S. Ó CUIRRÍN.)



Cheithre sceulta ann:— “BEIRT DHÉISEACH” (nua-
ceaptha) agus aith-innsint ar “Rip Van Winkle” (Irving-
“The Long Exile” (Tolstoi), “The Indian's Hand”
(Stoddard); maille le ghluais i nGaedhilg agus cnuasach
adhbhar cleachttha’.



(arna fhoillsiú ag Comhlucht Oideachais na h-Éireann.)



“ROGHA AN FHILE” (Rince-Beirte) — 2/-
(T. Ní Ailpín do cheap.)



Tuarascbháil an rince ann i nGaedhilg agus i mBeurla,
agus an ceol i gcóir bheidhlíne agus clár-chruite. Buaidh
maise agus glaine air thar aon rince-beirte dá dtáinigh
chughainn thar lear.



Tá na leabhair sin fághail ag lucht siopann ó “Mhuintir
Dollard, Tigh an cló, Baile Átha Cliath.”


L. 177


CEÓL ÉIGIPTEACH



… Ar fea'n lae go léir b'fhacas do'n
Mháilleach gurab ag brionglóidigh bhí sé. Ní
raibh sa lá féin acht brionglóid — lá teapaí
lonnrach bhí ann, lá gorm is órdha, lá diamhair
grianmhar.



Ina sheasamh ag cúinne Sráide Ghrafton bhí
sé, agus é ag leigint air bheith ag léigheamh
an pháipeir nuaíochta bhí 'na ghlaic aige, nuair
chonnaic sé an t-éadan dáithnigh sé. Éadan
Phóil de Búrca bhí ann, Ní fhaca sé le na
ciantaibh é. Dhírigh a súile ar a chéile.
Rinneadar beirt meanga gáire. Dáithnigh-
eadar a chéile ar an bpuinnte.



“Do bheatha, a Phóil!”



“A Anthoine …!”



Chreathadar lámh le n-a chéile. D'fhéach ar
a chéile go fiosrach. D'fhan ina dtost ar
feadh tamaillín.



“Acht ní thig liom cainnt annseo,” adeir
an Máilleach. “Tá an iomarca gleó ar
siúl thart orainn. Téanam ort go n-ólamuid
deoch in áit éigin.”



Bhuaileadar isteach san Empire Buffet
Shuidheadar fútha ag búirdín cruinn sa
gcúinne agus ghlaodh ar dheoch.



Bhí sé ní b'fhionnfhuaire sa teach ósta ná
mar bhí sé sa tsráid, agus bhí an taer
sgáiliúil líonta le gal gorm tabac. Thosuigh-
eadar ag cur is ag cúiteamh faoi chuile rud
— faoi'n iolsgoil mar a rabhadar ag stuid-
éireacht le chéile, faoi na daoine a raibh
aithne aca orra, faoi leabhra, faoi chúrsaí
polaitíochta na hÉireann, faoi'n Rúis, faoi
na heachtraí éagsúla d'éirigh dóibh ó sgaradar
ó n-a chéile.



Agus is ag ól is ag cur cúrsaí an tsaoil
trí chéile ar an dóigh seo bhíodar nuair thosuigh
smaoineadh nua ait a' dhéanamh buaire d'aigne
an Mháilligh. Go mall righin, 'gan fhios dó
féin beagnach, tháinig athrú ar a smaointe.
Tháinig dath agus crot na mbrionglóidí
orra …



Mhothuigh sé ar mhodh do-mhínithe eicínt go
ndearna sé a raibh sé a' dhéanamh anois cheana.
Go raibh sean-aithne aige ar an bhfear bhí ag
ól ina fhochair — aithne i bhfad ní ba shine ná
mar bhí i ndá ríribh, i bhfad ní ba shine …
Go bhfaca sé chuile ní bhí thart air — an cúnntar
fada, na mion-dreamanna fear bhí ag ól is
ag cómhrádh le chéile, na mná gáireata
buacacha ar chúl an chúnntair — fá shórt ceó:
nach raibh siad ann ar chor ar bith dá ríribh.
Samhluigheadh dó go raibh na sluaighte sean-
chuimhneacha ag brugha isteach ar a aigne gan
cuire. Cuimhneacha bhí ró-fhann ró-sgáiliúil
le go mbéarfadh sé i gceart orra. Cuimh-
neacha de rudaí nach ndearna sé ariamh,
d'áiteacha nach bhfaca sé ariamh …



B'aisteach an rud é.



Tháinig na smaointe seo 'na cheann go
mall socair agus do líon a intinn le
aislingí. Níor thuig sé i gceart céard bhí
air. Las sé toitín agus é ag machtnamh.



“Acht tá'n lá i bhfad ró-aoibhinn le go
bhfanfaimís annseo,” ars' an Búrcach go
Hobann, agus é go smaointeach ag sgrúdú
an dríodair órdha bhí fágtha i dtóin a ghloine
aige.” Téighmís go háit éigin lasmuigh de'n
chathair.”



Agus socruigheadh go rachaidís go háit a
raibh eólas maith aca beirt uirri, agus grádh
aca dhi: áit a raibh trágh fhada niamhrach,
fairrge ghorm ghluardha, agus cnuic ísle
gainmhe go bhféadfaidís a ngorna dhéanamh
faoi bhrothall na gréine 'na measg. Bhéadh
ábhar cómhráidh a ndóthain aca, i ndia cúig
bliana!



Bhí an traen lán go draid, agus boladh
deannaigh is bláthann feochta is gúnaí cadáis
le tabhairt faoi deara ann. D'fhéachadar ar
na páirceanna is ar na croinnte móra glasa
atá ag fás thart ar stáisiún Chluain Tarbh
agus iadh ag sguaba leó thar na fuinneoga,
agus ar an gceó teasa bhí ag clúdach na
gcnoc, agus ar aighthe luisneacha na ndaoine
eile bhí sa gcaráiste; chaitheadar toitíní
agus chainntigheadar ó am go ham faoi seo
nó faoi siúd; acht is 'na dtost is mó
bhíodar agus gan faic na fríghde ar siúl
ag ceachtar aca acht na smaointe. Bhíodar
sásta, lán-tsásta le n-a chéile agus leis
an saol leisgiúil grianmhar seo …



Bhí an trágh go socair soillseach faoi'n
ngréin, na tonntracha go caomh teasaí, agus
cosúlacht ola guirm ar an muir. Chaitheadar
seal ag snámh, agus annsin do luigheadar
lámh le chéile i gclais gainmhe le iad féin
thiormú agus le n-a sgíth a leigint. An
ghrian ag spalpa anuas ar a gcorp agus 'á
gcur ún suaimhnis. An domhan ciúin teasaí
aislingeach thart orra agus gan cor as, agus
an spéir lonnrach lasardha ag gáire ós a
gcionn.


L. 178


Ní raibh san domhan iomlán, dar leó, acht
an ghaineamh is an mhuir is an ciúineas órdha.
Ní raibh le clos ann acht plobarach socair
na mion-dtonn in aghaidh na trágha, agus
corr-sgread as éan mara éigin in áirde
san aer gorm …



Agus nuair tháinig dath an ómra ar an
solus gréine, chuireadar a gcuid éadaigh
umpa arís agus d'fhág slán ag an tráigh.
Ba ghearr go rabhadar 'na seasamh ar árdán
beag cloiche an stáisiúin agus iad ag fanacht
leis an traen bhéarfadh isteach sa gcathair
arís iad.



Sguab na sléibhte tharsta do'n athuair mar
bhéadh fathaigh móra ioldathacha ann. Bhí an
fhairrge 'na laom óir is corcra. D'fhanadar
'na dtost, bíodh is nach raibh éinne eile sa
gcaráiste. Shíneadar na géaga amach rómpa
agus bhreathnuigh ar an tír lasardha ómra bhí
ag sleamhnú thársta, agus ar an ngail guirm
ceómhair bhí ag éirghe ó n-a gcuid toitíní.



Bhí sé sáthach brothallach sa gcathair fós.
Bhí cosúlacht thraochta chuachta ar na daoine.
Suas Sráid Ghrafton leis, an mbeirt charad
agus iad ag spaisteóracht go mall ar a
suaimhneas, amhla is dá gceapfaidís go
ndíbreóchadh an deifir ba lú an tsástacht
chiúin aislingeach sin bhí ar an mbeirt aca.



Bhuaileadar isteach i gcaifé …



Ní bhéadh aca acht caifé is reóiteacháin.
Ní raibh aon reóiteacháin le fáil indiu?
Sughatalmhan, mar sin.



Agus iad ag ithe is ag caitheamh toitíní,
ghabh ar lucht an cheóil ag seinm. Líon an
ceól an seómra mór meirbh tormánach le n-a
chuid bhinnis. An Mailleach go leisgiúil ag
féachaint ar na róis buidhe bhí ar an mbórd
ós a chóir amach, agus é ag iarra dhéanamh
amach cé'n ceól bhí ar siúl aca …



Ní raibh aon éolas aige ar cheól. Níor
leig sé air ariamh, mar ghnítheas a lán daoine
gur cuma sa diabhal leó é, go raibh gean is
grádh aige dó. Ar nós na gcéadta Éireannach
eile, chainnthigheadh sé in árd a ghotha faoi
chúrsaí polaitíochta nó a leithéid le linn
Wagner nó Debussy nó Strabhinscí bheith d'á
seinm. Ní raibh meas ar bith aige ar an
gceól. Níor thuig sé é. Chuir sé tuirse
air. Acht — acht níorbh' ionann an ceól seo
bhí ar siúl anois agus ceólta eile …



Bhí an ceól seo go híseal is go doimhin.
Bhí sé aisteach ionannach. Séard bhí ann,
dar leis, ciorcall síorraidhe lasrach, agus
é go mall mí-thapaidh ag síor-thímpeallú air
féin. Bhí sé lán de nótaí fada casaoideacha
is de bhuillí tobanna bagarthacha. Bhí sé
lán dé sgáileannaibh teintreacha is de
dhathannaibh uathbhásacha.



Bhí sé nimhneach …



D'fhan an Máilleach gan cor as agus é
ag éisteacht go haireach. Tháinig tocht ait
leath-uamhnach ar a chroidhe. Mhothuigh sé go
gcuala sé an ceól sin cheana. D'aithnigh sé
é … Tháinig ceó ar a raibh thart air, ar
na róis buidhe ar an mbórd, ar na daoine
bhí ag teacht is ag imeacht ar na ballaí
péachaca is ar an siléar bán. D'imigeadar
as radharc air. Clúduigh dorchadas dearg
iad …



Thuit sé.



Thuit sé go huamhnach mar thuitfí ó aoirde
mór anuas i mbrionglóid. Thuit sé síos
trí na ciantaibh. Chuala sé na haoiseanna
fada ag rith thairis agus iad ag gáirí san
doircheacht gaothmhair. Chuala sé ag osnaoil
iad amhail is dá mbéidís ag caoine sean-
chuimhneacha caillte. Gach ar bhain le n-a
ghnáth-shaol dhearmad sé é. Teilgeadh a
anam ar thaoide na n-aislingí.



Acht d'fhan dhá rud amháin ina chuimhne agus
é ag tuitim ar an taoide sgáiliúil sin:
aghaidh an fhir bhí le n-a ais, agus dordán
trom lúbach an cheóil bhí d'á sheinm 'na iace.



Bhí an ghaineamh go te tirim faoi n-a chosaibh.
Bhí sé féin cuibhrithe, cuibhrithe … níor fhéad
sé cor chur dhe.



D'árduigh sé a shúile.



Bhí an teampull an dorcha. Colamhna árda
greanta ag bagairt a mullach dubh 'na
thímpeall ar nós crann foruoise móire
eicínt. Réaltóg uaine le feiceál aige idir
na colamhna seo agus í crochta ar an spéir.
An ghealach i bhfolach fá sgamall.



Ghabh eagla fann é. Ní raibh ann corruighe
ná labhairt.



Mhothuigh sé cumhracht throm na túise agus
boladh úr fiadhánta na gainmhe is na saoirse.
Bhreathnuigh sé go balbh ar an réaltóig uainne.
Líonadh a chroidhe le miantaibh lasardha …



Céard sin? Trom-bhuillí drumaí agus
iad d'á mbuala i gcéin.



“Táid ag tíocht,” ar seisean leis féin.



Chuaidh torann na ndrumaí i méid. D'fhéach
éadain daithte na gcolumhan anuas air.
Chonnaic sé na súile ag soillsiú go fann sa
doircheacht. Thosuigh an ghaineamh ag gluaiseacht
go huathmhar faoi na chosaibh, dar leis.


L. 179


An é seo an bás?” ar seisean 'na
aigne féin. “Bhfuilim marbh ceana féin?”



Tháinig an ghealach amach ó chúl an sgamaill.
Ba gheall le uisge airgeadtha é an solus
fuar milis bhí uaithi agus é ag tuitim trí na
columhana ar an ngainimh.



D'iompuigh sé a cheann gur dhearc ar ghnúis
a chapad. Bhí seisean ceangailte freisin,
agus a cheann cromtha aige.



“A chara,” ars' an chéad-fhear.



Chroch an duine eile a cheann. D'fhéach
adar isteach i súilibh a chéile thar an solus-
gealaighe is thar na sgáthanna.



“Tá deire leis,” ars' an dara fear.
“Oidhche na Móir-Íodhbairte tá ann anocht.
Tá na sagairt ag druidim linn.”



“An éigin dúinn bás fháil?” ar seisean,
agus iongna air mar bhéadh ar pháiste.



Tháinig laige aisteach air. Bhí an ghaineamh
chó te le teine faoi na chosaibh. A bhalla
beatha brúighte briste agus a dhá shúil ar
lasa 'na cheann.



Bhí an ghealach in áirde sa spéir faoi seo
agus í ag lonnra trí na colamhna agus ag
caitheamh sgáileanna fada dubha treasna na
gainmhe. Bhí an t-aer go trom meirbh ag
an túis.



Tháinig torann na ndrumaí níos giorra
dhóibh, agus anois bhí canntain fear le clos
ag measga tríd.



Samhluigheadh do'n chéad-fhear go raibh teine
ar lasa 'na sgórnaigh. Thuig sé go hobann
is go huathbhásach gurab éard bhí i ndán dó,
an bás … A bheatha, a bheatha bhí lán
d'áilneacht is d'aoibhneas, bhítheas le n-a
bhaint uaidh. Bhí sí imithe uaidh cheana féin,
dar leis. Dhruid an Bás níos goire chuige
agus a lámha lán de sgiúrsaibh …



Thosuigh na deóra 'á dhalla. Mhothuigh sé
go raibh mar bhéadh tonn mhór sgáiliúil ar tí
thuitim anuas air, ar tí a briste air, ar tí
a bháithte …



Chuala sé annsin glór a charad ag cainnt
go socair leis treasna na sgáthanna. Thuit
na focla isteach 'na chroidhe mar bhéadh
braonacha soluis ann. D'fhág siad a rian
ar a chroidhe, ar a intinn, ar a chuimhne, na
focla sin.



A chuimhne …



“Támuid chun báis fháil,” do chuala sé.
Bhí an glór labhair go faon lag. “Gheó-
bhamuid bás anocht — acht béidir — san am — atá
— le — theacht —”



Chonnaic sé súile an té bhí ag labhairt agus
iad ag spréacharnaigh ar nós dhá réaltóig
sa dorchadar. Bhíodar dírithe ar a shúilibh
féin.



Labhair sé féin.



“I dtír coimhthigh' eicínt, béidir — seadh,”
ar seisean de ghlór iseal. “Béidir go
bhfeicfimís a chéile arís … acht gan a
chéile … aithneachtáil …”



An ceól úd, bhí sé ag síor-dhruidim leó.
An ceól agus a chuid sgáileann ionannach
agus a chuid dathann millteach. D'imigh an
ghealach i bhfolach ar chúl sgamaill arís. Fágadh
san duibhe mór uamhnach iad. Gan le feiceál
aca acht na columhna millteacha doilléara bhí
go hárd dubhach 'na dtímpeall, agus, in áit
éigin in áirde ós a gcionn, drithle na
réaltóige uaine.



“Oidhche na nOidhcheann …” do chuala
sé, agus na focla ag tíocht chuige tríd an
dorchadas. “Tá duibhe na síorruíochta 'nár
dtímpeall. Tá ar nAthair Set 'nár n-aice
…”



Mhúch torann na ndrumaí na friotail.
D'iompuigh sé ar a charaid.



“Tá deire leis,” ar seisean i gcogar.
“Táid ag tíocht le n-ár dtabhairt chuig
altóir na híodhbairte … na Híocsós! tá
na Híocsós ar fáil …!”



Agus annsin an freagra:



“Acht cuimhneóchamuid, béidir, cuimhneóch-
amuid …”



Mhúch na drumaí a ghlór.



Bhris solus fann dearg an dorchadas.
Tháinig iomháighthe uathbhásacha Set anall chuca.
Chonnaic siad na súile marbhánta mí-thróc-
aireacha. Chuala siad coisméaga na ndraoi-
dheadóirí ag druidim leó, ag síor-dhruidim
leó.



Stad an ceól …



Bhí deire leis an gceól. Bhí tost doimhin
sa gcaifé.



“A leithéid de cheól!” arsa glór mná
eicínt i mBéarla tharéis tamaillín. “Céard
bhí ann chor ar bith?”



“Níor thaithnigh sé sin liom,” arsa glór
eile. “An-duairc bhí sé — nach bhfuil an
ceart agam? Tuige nach féidir leó rud
éigin níos beodhúla thabhairt dúinn?”



“Ceól Indiach nó rud éigin de'n tsórt
sin tá ann is dócha,” arsa glór fir.
“Roinnt doilghéasach cinnte …”



D'árduigh an Máilleach a cheann. Dhearc
anonn ar ach a raid. Bhí a shúile-siúd ar lasa le


L. 180


solus aisteach agus dath bán ar a cheannachaibh.



“Chonnaic tú —?” ars' an Máilleach.



Sméid an duine eile a cheann agus gan
smid as.



D'éirigheadar 'na seasamh. Thug cailín
bán-ghnúiseach an cúnntas dóibh … Acht sul
ar fhágadar slán ag an áit, chuaidh an Búrcach
anonn go dtí an lucht ceóil. Labhair sé leis
an gcéad-bheidhleadóir. Chuir sé ceist air i
dtaoibh an cheóil …



Acht i lár na cainnte dhó stad sé go
cúthalach. Bhí fuaim amaideach bhréagach ar a
ghlór dar leis féin, agus ar na focla bhí
d'á n-úsáid aige. Chuir siad leanbh sgoile
i gcuimhne dhó, leanbh sgoile sgáthmhar agus
dán éigin i dtaobh uan is bánta glas' ar
siúl aige … B'fhearr leis nár labhair sé
chor ar bith. Acht bhí an chéad-bheidhleadóir
féin ag cainnt anois. D'éist an Búrcach
go haireach.



“Ath-chóiriú tá ann,” do chuala sé; “ath-
chóiriú a rinne ceól-chumadóir nua Rúiseach
ar shean-duan díachta eicínt — Éigipteach,
sílim … Sé'n teideal atá air i Duan
Set, acht arnó ní féidir bheith cinnte faoi'n
saothar bunúsach. Deirtear go bhfuil sé an-
arsa …”



MÍCHEÁL MAC LIAIMMHÓIR.



THE MONUMENT CREAMERY



AN T-IM UACHTARLAINN IS FEÁRR.



Deunta d'uachtar glán, úr, pasturáltha: Milis, blasta,
is úr i gcomhnuidhe.



Tagann uibhe toghta muinighneacha isteach chughainn
gach aon lá.



Sráid Pharneill, 75 Port Caoimhghin
Íoch., 25, Baile Átha Cliath.



CUMANN URRADHAIS MUINTIR NA H-ÉIREANN



(THE IRISH PEOPLE'S ASSURANCE SOCIETY)



CUMANN DO GACH AOINNE ISEADH É. NÍL AON NIDH CHUN DEIRIDH ANN.
FÍOR-ÉIREANNAIGH ATÁ I MBUN NA H-OIBRE SEO.



Gach fios agus faisnéis le fagháilt ón Rúnaidhe



S. M. Ó DEORÁIN



ÁRD-OIFIG — CEARNÓG PHARNEILL A 16, ÁTH CLIATH.



GREANN



Bhí amhras ag an bhfeirmeoir seo go raibh
mothú beag grádha idir an buachaill aimsire
agus a inghin, agus shíl sé greim d'fhághail orra.
Dh'fhág sé féin agus a bhean an tigh an mhaidin
seo chum dul 'an bhaile mhór, acht nuair bhíodar
imthighthe as radharc an tighe, scaoil sé le n-a
mhnaoi agus chas sé abhaile slighe eile go
foilightheach. D'euluigh sé isteach i bhfuinneoig
an tseomra, gan fhios dá inghin mar shíl sé.
Níorbh fhada dhó ann gur airigh sé an buachaill
ag teacht isteach doras na cistean.



“Deoch, muna bhfuil ann,” arsa an buachaill.



Seo mar d'fhreagair an inghean é:



“Tá ann is ní bhfaghair. Muna mbeadh
gheobhthá, is ó tá ní bhfaghair.”



B'fhada ó ghrádh san, dar leis an bhfeirmeoir.
Cad a bhuadhfadh ar léireacht lucht suirighe!



“Dia dhuit, a aodhaire,” arsa fear taistil
le aodhaire bó istigh i lár chondae Luimnighe.
“Nach fada isteach inte tháinigh tú sar ar
bheannuigh tú dhí,” arsa an t-aodhaire á
fhreagairt.



Duine uasal a bhí ann ná raibh acht Gaedhealg
bhriste aige agus bhí sclábhuidhe aige ná raibh
an Beurla slán ná briste aige. Chuir an
duine-uasal an sclábhuidhe ar theachtaireacht
go dtí an baile mór maidin agus d'fhuráil
sé air bheith sa bhaile roimh eadarshuth. Le
crónú na h-oidhche 'seadh bhuail an sclábhuidhe
isteach chuige agus é súgach go maith. “Cár
chaithis an lae?” arsa an maighistir go
feargach leis. “É, 'dé'n laogh? ní fhaca
mise laogh ná bó,” arsa an sclábhuidhe.


L. 181


Tháinig baraillí brannda isteach leis an
bhfarraige sa Rinn bliadhain agus ní misde
a rádh ná go raibh stracadh ar an deoch so-
ólta — gach aoinne 'má luaithe ag teacht le
corcáin is cannaí is soithighe nach iad fa n-a
dhéin. Bhí sean-lánamha san áit mb'ainm
dóibh Seán agus Neil agus ní raibh d'áthraighe
tigeasa sa saoghal aca acht scilléidín. Síos
leo go dtí an tráigh ar thúir an bhrannda chomh
maith le cách agus an silléidín á iomchar
eatorra aca. Is leo thuit an braon deir-
eannach bhí sa bharaille agus bhíodar á iomchar
go h-aireach ar eagla deor de do dhortadh.
“Ar t'anam anois, a Neil, ná tuit,”
adeireadh Seán. Siné mhill Neil. Bhí
scannradh uirre go dtuitfeadh sí, dála gur
thuit, agus briseadh an scilléidín. “Ó!
le h-anmainn do mharbh, a Sheáin,” arsa an
bhean bhocht go cásmhar, “ná h-abair dada
liom; beidh mé níos léire an cheud uair
eile thiocfaidh baraille brannda.



Tháinigh fear bocht go Baile na Míolach
tráthnóna cruaidh fuar seaca san Earrach.
An cheud thigh a ndeachaidh sé ag lorg déirce
ann, is amhlaidh cuireadh na madraí as. Chrom
sé síos ar chloich acht ní raibh cloch ná cipín
na raibh i ngreim ag an sioc. Mar seo
ro-chan annsan:



“Bocht an baile é Baile na Míolach,
Clocha ceangailte is madraí scaoilte,
Is nach cruaidh an síon é an sioc.”



Seo an teist thug fear déirce ar Chill
Mhuire, pé áit a bhfuil sé:



“Cill Mhuire na leaca gcruadha,
Is ní cruaidhe clocha ann ná mná.
Más 'sa mbolg a bhíonn an suan,
B'fhada óm cholainn-se codhladh sámh.”



Fé tigh mí-ádhmharach a bhfuair sé iostas
ann, scaoileadh a chodhladh é gan greim suipéir
do thairisgint dó, agus leaca fuara an
sciobóil ba leaba dhó go maidin.



D'iarr fear bocht ar shagart lá. Ní ráibh
aon trácht ag an déirc ar theacht. Bhí an
sagart ag rádh gur breagh an rud bheith bocht,
gurb iad na boicht dob' aoirde céim isna
flaithis agus caint bhreagh bhog mar sin. Bhí
an fhoidhne á caitheamh ag an bhfear bocht agus
sa deireadh labhair sé mar seo:



“Molaim-se an bhochtanacht is ní cháinim í,
Acht ní'l sagart, easbog, siúr, ná bráthair
gaoil,
A mholfadh liom an bhochtaneacht nach aige
b'fhearr liom í.



Bhí bean feirmeora ann a raibh sé amuigh
uirre nár thug sí cuireadh chum búird d'aoinne
riamh. Bhuail stracaire an tslighe lá agus
d'airigh sé i dtaobh na mná so agus dearbhuigh
sé, dámbadh í máthair an diabhail í, go mbain-
feadh sé féin cuireadh di. I dteannta an
eadarshuth bhuail sé isteach chúiche. Bhí an
dinnéar ar an mbórd ag fuireach leis an
lucht oibre. Chuir an bhean preiceall an
duichill uirre féin chum an stracaire i
gcomaoin a bheannachtan. Acht níor chuir
sun aon mí-mhisneach air siúd, lean sé air
ag cur cainte 'na shlaoda de. Sa deireadh
labhair an bhean. “Cad a thug inso tú, nó
cia hé tú?” arsa sí. “Mise Seán bí id'
shuidhe, arsa'n stracaire. Seán bí id'
shuidhe!” arsa'n bhean. “Bead cheana,”
arsa'n stracaire ag suidhe chum búird. “Ó,
ní tú adeirim, arsa'n bhean. “Acht is
tú chreidim,” arsa'n stracaire, agus thosnuigh
ag alpadh. CRAIFTINE.



AMHRÁIN GAEDHEALACHA *



Ní féidir le duine fuinn na sean-amhrán
tuaithe do bhailiughadh go cruinn is go beacht
muna dtuigeann sé teanga na n-amhránuidhe,
i slighe is gur féidir leis gach aontsiolla a
chur i gceart leis an nóta a ghabhann leis
insa cheol. Bionn dluthghaol idir an ceól
agus na focail ag amhránuidhthibh na tuaithe.
Níl an briathar úd “to sing” sa chainnt ag
na daoine. “Amhrán do ghabháil” adeireann
siad; agus má's é is áil leat na focail
amháin d'fhaghail ó shean-amhránuidhe, caithfeadh
tú iarraidh air an t-amhrán do thabhairt duit
“i n-a fhocalaibh, gan ceól ar bith do chur
air.” Dá bhrígh sin, ó's rud é go bhfuil ceol
agus focail ceangailte le chéile chomh dluth
san, is mór an truagh ná raibh aon leabhar
amhrán againn ó Chúighe Connacht go dtí gur
clóbhuaileadh an leabhar so, Amhráin Mhuighe
Shéola, ag Cumann na nAmhrán nGaedhilge sa



* Amhráin Mhuighe Séola. Sean-amhrán tuaithe ó Chonndae
na Gaillimhe is ó Chonndae Mhuigheó. Bailighthe is curtha
i n-eagair ag bhean Mhic Coisdealbha, Tuaim. Baile
Atha Cliath: Cló-chomhlucht an Tálbóidígh. Cúig scilling
glan.


L. 182


bhliadhain 1919. Do thug Séamas Ó hArgadáin,
Mícheál Ó Tiomanuidhe, An Craoibhín, agus
Mícheál is Tomás Ó Máille mór-chuid bhéarsaí
dhúinn — agus obair sár-thábhachtach a b'eadh é:
acht níor chuireadar áird ar bith sa chéol.
Ar an dtaobh eile dhe, do chuir Bunting agus
Petrie suim sa chéol, acht níor bhuanuigheadar
de sna focail acht na h-ainmneacha. Ní
h-easba suime fé ndear an méid sin, ámhthach,
acht cúrsaí an tsaoghail.



Sa mbliadhain 1792 thug Bunting cuaird ar
Connachtaibh ag lorg fonn is focal: agus do
thionnlaic an fear aisteach úd, Riocard Ó
Ciardhubháin, é. Deic mbliadhna ina dhiaidh
sin do chuir sé scoláire Gaedhilge, darab
ainm Pádraig Ó Loingse, ar thuras spesíalta
trí Chonndae Mhuigheó, ag bailiughad amhrán;
acht bliadhain ina dhiaidh sin arís (1803) do
thug Pádraig Ó Loingse fiadhnaise ar thaobh
an Righ i n-aghaidh Tomáis Ruiséil, United
Irishman, cara do Bunting, agus do crochadh
an Ruiséalach: agus is docha gur b'iné an
fáth nár baineadh feidhm as saothar Phádraig
insa cnuasacha a chuir Bunting fé chló in
1810 agus in 1840.



Do lean do Phetrie an mí-ádh céadna.
Chuaidh Eoghan Ó Comhraidhe i n-éinfeacht leis
ar thuras go h-Árainn, ag breacadh na bhfocal
Gaedhilge ó bheólaibh na n-amhránuidhe; agus
níl aon amhras ná go raibh sé i n-inntinn ag
an mbeirt na focail do chlóbhualadh mar aon
leis an gcéol; acht níor cuireadh fé chló
an deichmhadh cuid d'adhbhar Petre fad a mhair
sé, agus do réir mh'amhras níl aon tuairisg
le faghail ar na láimhscribhinnibh ina raibh na
focail aige.



Agus mar sin a thárla gurab é an leabhar
so ag Bean Mhic Coisdealbha an chéad leabhar
de'n tsaghas san as Cúige Connacht. Ath-
chló is eadh é seo de'n Irisleabhar a chuir
Cumann na n-Amhrán nGaedhilge amach, agus
tá ceithre fichid amhrán ann, idir chéol agus
focail, ar an bhfleisc. Do bhailigh an t-úghdar
a bhfurmhór i gceanntar Tuama, agus tá
aistriúchán as Béarla i ndiaidh gach amhráin
aca. Gheobhadh an léightheóir ocht gcinn de
chuid Raifteri an file, amhráin as an leabhar
úd a chuir an Craoibhín le chéile (as cló anois)
acht ní gádh a rádh nár clobhuaileadh na fuinn
ariamh roimhe seo. Tá aon cheann amháin ó'n
gCraoibhín féin, ceann eile ó'n Athair Tomás
Ó Ceallaigh (seóithín áluinn is eadh é, cé gur
clóbhuaileadh cheana é, fá dhó ar a luighead)
agus ceann fós ó'n sean-fhile Colm De
Bhailis, fear gur chuir Pádraig Mac Piarais
a chuid ranna i gcló le caithis. Acht fíor-
volkslieder iseadh a bhfurmhór, do cumadh
cois teine agus sa tabhairne, ní fios cé
rinne iad. Tá feabhas agus áilneacht na
n-amhrán go léir le feiscint sa sompla so
leanas:—



“Ar choinnleach ghlas an fhoghmhair, a stóirín,
seadh dhearc mé tú,
Budh dheas do sheasamh i mbróga, 's budh
righ-dheas do leagan súl;
Do ghruadh budh dheirge ná an rósa, is do
chúilín bhí fighte dlúth,
Sé mo léan gan mé is tú pósta, nó ar bórd
luinge ag dul anonn.”



Tá míniúghad i bhfuirm nóta scriobhta i
ndiaidh gach amhráin, agus táid na nótaí
déanta maith a ndóthain ag an eagarthóir agus
ag a lucht conganta. Is follus go bhfuil
sáreólas aca ar chéol — litridheacht na
nGaedheal. Coróinn atá dá éileamh ar an
leabhar, agus tá sé ana-shaor ar an mheid sin.



AN BUACHAIL CAOL DUBH.



ÚSÁID
GRANIA
TOOTH
PASTE
AR SON t'FHIACLA



ÚSÁID
GIBSOL
OINTMENT
AR SON DO
CHROICINN



Fior-dheuntús na h-Éireann iseadh iad so. Táid le fághail
ósna drugadóirí ar fúd na tíre ar 1/3 gach ceann nó go
díreach (saor tríd an bpost) ó Gibsol, Teo., Lána an
Chláir, Áth Cliath. Deuntar íce le h-aghaidh beithidhigh ann leis.



GIBSON'S UNIVERSAL
ANTISEPTIC OINTMENT


L. 183


LEITREACHA



“LEARN IRISH!!”



D'Fhear Eagair “An Sguab.”



Bealtaine an 9adh lá, '23.



A Chara,



An lá fé dheire do chuireas leitir ag triall ar
Aireacht um Gnótha Dúithce do scriobhas as Gaedhlainn
go léir í agus do fuaireas freagra uatha as Beurla.
Ní chuirim morán suim sa méid sin mar briseann an
duthchas trí shúilibh an chait, ach an rud is measa do
bhí astriuchán glan déanta aca ar m'ainm agus ar an
seóladh. Bheil an bhfuil fhios ag aoinne connus is
féidir linn an teangadh aithbheochaint mar teanga gnótha
(nú aon rud eile) má leanann an rialtas d'en obair
seo agus rud eile — ba dhobair dhom e a dhearmhadh — do
bhí fógra beag ar an gcumhdig “Learn Irish” go
sábhálaidh Dia sinn.



Is mise le meas,



TOMÁS Ó CATHÁIN.



26 Bóthar Duincuanaigh,
Drom Connrach.



NA MNÁ RIAGHALTA AGUS “AN SGUAB.”



D'Fhear Eagair “An Sguab.”



Is mór an t-iongnadh a chuir sé orm fheiscint ar
“an Sguab” ná fuil na mná riaghalta ag obair chun
an phaipéir Ghaedhealaigh sin do scaipeadh. Ní fuirisde
dom do chreideamhaint ná deineann siad a gcuid féin
anois ar son cúise na Gaodhluinne díreach mar do bhí
aca 'á dhéanamh o'n gcéad lá do shocruigh ár múintir
féin ar an Ghaodhluinn do choiméad beo go dtí an lá
indiu.



Bhfuil an “Fear Eagair” deimhnightheach go bhfuil
an sgéal chomh olc san ag na mnaoibh riaghalta, agus
go bhfuil an splannc maith múchta cheana a bhí ar lasadh
chomh geal tamall beag ó shoin 'na lámhaibh aca? Ma's
rud é gur fíor é ná bíonn siad ag léigheamh “An
Sguab” b'fhéidir nach ortha féin ar fad atá an locht.
Ar chuir an fear eagair léigheannta fógra maith i dtaobh
an pháipéir bhig chun na gClochar ar fuaid na tíre?
Mara bhfuil an méid sin déanta aige, ní ceart dó
milleán do chur ar na mnaoibh riaghalta



'Sé mo thuairim féin go gcuirfeadh na mná riaghalta
ana-spéis i gcúrsaí na Gaodhluinne, mar is mó lá a
thug a lán aca fadó, ag foghluim riaghlacha deacra
Gramadaighe na Gaodhluinne nuair ná raibh aon duine
ann chun an bhóthair fada do slíomhadh, agus misneach
do chur 'na gcroidhthe. B'in iad na laetheanta sar ar
tháinig “an fotharaga” ar na daoínibh i dtaobh na
teangan, agus nuair nár ghalánta an rud é in aon chor
bheith ag labhairt ná ag foghluim na Gaodhluinne.



Cuir do pháipéar breágh i n-iúil dos na mnaoibh
Riaghalta, agus geallaim-se dhuit gur ortha-san a bheidh
do sheasamh. Sin iad na daoine a bhearfaidh an greim
ceart ar “An Sguab” chun gach chúinne do sguabadh
go slachtmhar ar thalamh tirim na h-Éirean.



BEAN RIAGHALTA.



(Ní h-aon easba fógraidheachta fe ndear an fhaillighe
seo, pe sgeul e, mar do chuireamar billeóg amach go
dti an-chuid clochair an cheud uair, ag cur i n-iúl dóibh
go raibh a leithéid de pháipeur chun teacht amach, agus do
chuireamar cóip den “Sguab” go dtí cuid acu na
diaidh-san, gan trácht ar na fógraí atá sna páipéirí
laetheamhla agus i náiteanna eile uainn gach aon
t-seachtain le naoi mí. Ach mar a dubhramar cheana ta
cúpla bean riaghalta ann agus gabhamúid ar mbuidheachas
leo toisg “obair fir” a bheith deunta acu chun “An
Sguab” do sgaipeadh. — F. E.)



COMÓRTAS DON AOS ÓG.



Níl cead ag aoinne iarracht do chur isteach ar an
gcomórtas so ach amháin daoine óga fé bhun 15 bliadna
d'aois.



An cheud duais, 10S.; an dara duais, 5s.



Sgríobh aiste beag ar conus ab fhearr leat a bheadh an
sgeul i nÉirinn i ndiaidh siothchána.



Gearr amach an fuirm seo agus líon é. Níorbh aon
tairbhe duit d'iarracht do chur isteach gan é sin do chur
'na theannta. Níor mhór duit é bheith istig roimh an
3adh lá Mí Iúil.



Com. V.



Mise



m'áit chomhnuighthe



Táim … bliadna d'aois



Seo ainm m'athar (nó ainm duine muinighnighe), ag
deimhniú na fírinne seo agus é féin a chuir leis an
bpáipeur so.



D'Fhear Eagair “An Sguab,”
Cearnóg, Montseóighe a 24,
Baile Átha Cliath.



COMÓRTAS IV.



Neansaí Ní Chonalláin, Inis, agus Áine Ní Lumnaigh,
Cluain Aodha, Co. na Midhe, a fuair an dá duais sa
chomórtas i dtaobh sloinnte na h-Éireann.



Sa cheann eile (i dtaobh na bhfógraí) fuair Ó Raogáin
agus a chomh Teó an cuid ba mhó desna bhótaí, bhí Choláiste
na Rinne sa dara áit agus Roinn na Talmúíochta sa
triomhadh áit. Fágann san gur bhuaidh:—



Seán Ó Tuama, Cluain-Meala an cheud duais agus
Máire De Bhál, Cluain-Meala an dara duais.


L. 184


BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA.



ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.



DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT
GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT.



Bun-airgead Geallta, £406,000.



Bun-airgead Díolta, £203,000.



Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1922, £1,900,000.



BUNUIGHTHE 1920.



BRAINNSI:—



68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh,
Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis,
Mathchromtha.



THE
NATIONAL
LAND BANK
LTD.



Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason agus a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Uí Mhathghamhna, Áth Cliath,
agus foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services