Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Uimhir 8 Bealtaine1923
Title
Uimhir 8 Bealtaine1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
Muintir an Sguab
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN SGUAB Uimhir 8 BEALTAINE 1923 3p. SA MHÍ REIM NA h-UIMHREACH SO. Leath BEATHA DHUINE A THOIL 147 IOLSGOIL NA MUMHAN V. … PÁDRAIG O CADHLA 149 AN SMÁL SA bPICTIUR … CÚ CHULAINN 150 EACHTRA MÚINTEORA GAEDHILGE … Micheál Breathnach 152 AN GAEDHEAL NA GHALL … NIOCLÁS TÓIBÍN 155 AN BITHEAMHNACH MACÁNTA … “CILL-NUADH” 157 FOGHAIR 'NA GAEDHILGE VI. … PÁDRAIG Ó CADLA 160 AN MHEADHON GHAEDHEALG & CAINT NA NDAOINE … FEAR FEASA 161 LÉIRMHEASA EILE 162 LEITREACHA 163 CUMANN URRADHAIS MUINTIR NA h-ÉIREANN (THE IRISH PEOPLE'S ASSURANCE SOCIETY) CUMANN DO GACH AOINNE ISEADH É. NÍL AON NIDH CHUN DEIRIDH ANN. FÍOR-ÉIREANNAIGH ATÁ I mBUN NA h-OIBRE SEO. Gach fios agus faisnéis le fagháilt ón Rúnaidhe S. M. Ó DEORÁIN ÁRD-OIFIG — CEARNÓG PHARNEILL A 16, ÁTH CLIATH. ÚIRLISÍ le h-aghaidh gach ao' céird. RÁSÚIR le h-aghaidh ghach ao' saghas Feusóige. SGEANNA le h-aghaidh gach ao' dighe. Deuntús na h-Eireann (más féidir). McQUILLAN, 35 & 36 SR. CAPEL, ÁTH CLIATH. Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n Chumann Gaedhealach is Fearr AN UMANN IBÉRNEACH INSIURÁLA TEÓ. I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS COITCHINNE. Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH. NA POLASAITHE IS IOMLÁINE LE FAGHÁIL.
SIOPA GRÓSAEREACHTA IS LÓN-TIGHIS. SIOPA NUA É SEO I LÁR NA CATHRACH. TÁ SÉ CHUN A BHEITH AR OSGAILT AN 5ADH LÁ MÍ NA BEALTAINE. (Le congnamh De) NÍ GÁDH DON BHEAN-TIGHE FOCAL BEURLA A LABHAIRT ANN. Agus cuirfear a mbeadh ceannuighthe aici abhaile go dtí an dorus cúichi i ngluaisteán iompar i n-aon áit 'sa chathair nó 'na comharsanacht. Seo-igí, a lucht an Fháinne, anois an t-am agaibh bhúr gcomhar & bhur gcaradas a theasbáint. Tagaidh chughainn agus bainidh triall as an áit. (Ba cheart gan an fógra so a bheith sa “Sguab” an mí seo caithte & iarraimíd maitheamhantas idtaobh an dearmhad). O RAOGÁIN AGUS A CHOMHLUCHT, TEORANTA, SRÁID DÁSÚN A 54, BAILE ÁTHA CLIATH. WEST & SON SEODÓIRÍ, GAIBHNE AIRGID, AGUS CLUIGEADÓIRÍ. Tigh Grafton, 102 & 103 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath An cnuasacht is mó i n-Eirinn; Fáinní pósta & Fáinní geallamhana; bronntanasaí airgid; córacha tae & caifí; &rl. TAGAIDH ISTEACH CHUN IAD DH'FHEISCINT. TAE. Togha an mhargadh gach aon tSórt Tae atá againne, bíonn siad mar a chéile igcomhnuide agus bíonn gach éinne sásta leo. Luach — 2/4, 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt. Tae ón t-Sín — 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt. BECKER BROS., LTD. Sráid Seoirse Mór Theas a 8 agus Sráid an Iarla Thuaidh a 17, i mbaile Átha Cliath. THE MONUMENT CREAMERY AN T-IM UACHTARLAINN IS FEÁRR Deunta d'uachtar glan, úr, pasturáltha: Milis, blasta, is úr i gcomhnuidhe. Tagann uibhe toghta muinighneacha isteach chughainn gach aon lá. SRÁID PHÁRNEILL, 75, & PORT CAOIMHGHIN ÍOCH., 25, BAILE ÁTHA CLIATH.
BEALTHA DHUINE A THOIL Tá alt san uimhir seo do sgríobh Ultach i nGaedhilg Chúige Uladh. Tá fáilte roimhe sa “Sguab.” Thárluigheann sé gurb' í Gaedhealg Chúige Mumhan atá againn féin acht aon duine a bhfuil tuairm neamh-spleádhach aige agus ná fuil cumhang-aigeantach caithfidh sé admháil ná fuil Gaedhealg Chúige Mumhan ná Gaedhealg Chúige Connacht ná Gaedhealg Chúige Uladh níos feárr ná a chéile i ngach aon slighe. Tá rudaí maithe ag baint le gach aon cheann aca ná fuil le fághailt sna ceannaibh eile, ach níl aon dabht ná go bhfuil an iomarca cainnte agus an iomarca ráiméise ar siubhal mar gheall ar chúigeachas agus ar chanamhaintí. Bítear ró- ghleithearánach leis i dtaobh na Gaedhilge do shimpliú. Sé an tuairm atá againn ach gur cheart go ndeunfaidhe an rud in áit a chéile, go mbeadh fás nádúrtha uirthi; leanaimís de leitriú Uí Dhuinnín de ghnáth agus ná bímís ró-thabhartha ar an gcruaidh-Ghaedhilg do sgríobh; sí an simplidheacht atá ag teastáil ach simplí- dheacht agus dírigheacht cainnte. Agus maidir le canamhaintí níl an oiread san difridheachta eatortha, agus fighfear ina chéile iad in am agus i dtráth. Ní baoghal don teangan ach ó chuid desna daoine is mó atá tabhartha ar í shábháilt, go speisiálta ó sna daoine seo atá ag plé a leighis i mBeurla ins na páipéirí laetheamhla fé láthair. Cuirimíd fáilte leis roimh “An Chearnóg” agus roimh “Tír na n-Óg,” dhá pháipéur Gaedhilge atá tréis teacht ar an saoghal le déidheannaighe. Go mairidh siad a bhfad. Dá mhéid páipéirí Gaedhilge chuirtear cló ortha in Éirinn is amhlaidh is feárr. Ach páipéirí laetheamhla na hÉireann: tá port eile le seinnt againn i dtaobh na ceiste sin. Maidir le Gaedhilg táid go dona. 'Sé an rud is mó dhe má bhíonn 1% den “Inde- pendent” agus den “Freeman” i nGaedhilg. Ní bhíonn focal dhí san “Irish Times,” agus tá faillighe dá dheunamh uirri sa “Cork Ex- aminer” le tamall maith anois. Is mó duine léigheann an “Daily Mail” na laetheanta so. 'Sé an leath-sgeul a bhíonn acu ach go mbíonn sgeula ó Éirinn níos muinighinighe ann ná mar a bhíd i bpáipéirí Bhaile Átha Cliath agus Chorcaighe. Ní fheadar. Tá saghas amhras againn gurab' iad sgeulta ó sna cúirteanna divorce, &rl., is mó a bhíonn ann chun aghaidh na ndaoine do tharraingt air. Tá an méid sin maitheasa 'nár bpáipéirí féin, pér domhain de, ná bíd ag soláthar salachair dúinn mar phríomh- nuadhacht. Tá go maith. Ach cad mar gheall ar nuadhacht an domhain. Tá an “Irish Times” ar an gceann is feárr chuige sin, agus gan dabht tá deallramh air maidir le cló agus páipeur seachas na ceannaibh eile, ach ní bhfuighfeadh éinne a bfhuil aon mheas aige air féin a bheith ag braith air sin amháin. An slighe a fheucann an saoghal don Iar-Shasanach a bhíonn ann i gcomhnuidhe. Nach mór an truagh é ná fuil fear mór airgid againn a gheobhadh páipeur laetheamhail Gaedhilge (nó leath-Ghaedhealg agus leath-Bheurla) do chur ar bun agus gan aon bhac air i dtaobh an cailleamhaint airgid a bheadh ann go ceann tamaill mhaith. Bhel, níl aon mhaith a bheith ag gearán le bun dúide gan díombáidh, agus níl aon rud le deunamh fós ach pé feabhas is féidir linn do chur ar na páipéirí atá againn cheana. Níl aonnidh is láidre ná na páipéirí chun tuairm na ndaoine, baramhail an phobail, do chumadh. Is mór an creideamhaint, cuir i gcás, atá tuillte ag an “Leader” sa méid sin agus déarfamuís go bhfuil na Gaedhil fé chomaoin 'gá fhear eagair toisg na h-oibre atá deunta aige. Tá “Dublin Opinion” ann ar an taobh eile, agus cé go bhfuil “An Dáríribh 'na Ghreann” sgríobhtha leasmuigh air is suarach agus is leamh é tuairm muintir Bhaile Átha Cliath má's sgaothán fíor ar a n-aigne an páipeuir ceudna. Cuir i gcomparád le
h“Irish Fu ” é, páipeur beag de shaghas eile ar fad. Más iad na páipéirí fé ndear tuairm an phobail ní breug a rádh gur mór an éifeacht a bhíonn sna pictiuirí chun tréithe na ndaoine do chumadh. Sgeul aingis dona arís. Támuíd breun d'ainm “T. P. O'Connor — British Board of Film Censors” a theasbántar roimh gach pictiúr i nÉirinn fós — agus an “Pathé Gazette, Irish Edition”: go bhfóiridh Dia orainn. Is mór an cion atá againn ar flatha Shean-Shasana agus a leithéid dar ndóigh! Bhel, deirtear go bhfuilimíd chun ár mbórd féin a bheith againn feasta, agus má's fíor é is mithid é. Deirtear leis ná cuirfear pictiuirí anall anois go bhfuil cáin chustuim ortha. Bí cinnte ná dúnfar na tighthe pictiuirí, agus má caithtear díol as an stuif thagann anall ní h-aon díoghbháil é. Támuíd buidheach de shagairt na h-Éireann toisg an méid díóbh atá ag fághailt agus ag léigheamh “An Sguab.” Ach cad mar gheall ar na Mná Riaghalta? An dtabhairfidh siad le rádh dhúinn ná fuilid chomh Gaedhealach leis na sagairt? Tá liosta fada ainmeacha i leabhar na síntiúsaí, ach níl ach naoi gclochair ann ar fad — ceithre cinn i gCúige Mumhan, trí cinn i gCúige Laighean, agus aon cheann amháin i gCúige Uladh agus i gCúige Connacht. Deireann siad- san go bhfuilid lán-tsásta leis “An Sguab,” leis. Sagairt agus múinteoirí sgoile is mó atá sa liosta (agus dála an sgéil gabhamúid ár mbhuidheachas leis na daoine go léir atá tréis athnuadhchaint dó dheunamh ar an síntiús). Tháinig bileóg chughainn ó mhúinteoirí taistil Cho. Luimnighe. Ba dhóigh linn féin gur cheart do lucht stiúrtha oideachais na hÉireann liosta cruinn baileach desna múinteoirí taistil seo do sholáthar, iad do thabhairt i dteannta a chéile i gcoláiste nó i gcathair, agus daoine tuair- meacha do chur 'na mbun a thabhair-feadh cleachtadh ceart dóibh ar ghnó sgoile. 'Sé ár dtuairm gur ortha a bheimíd ag braith ar obair na Gaedhilge a chur chun cinn go ceart dáríribh sna sgoileanna. Righneadar obair mhór don Ghaedhilg in aimsir na síothchána ar bheagán tuarasdail agus le mórán duaidh. Annsan chuaidh urmhór sa troid i n-aimsir an chogaidh, agus ba cheart don Riaghaltas a ndualgas do chomhlíonadh leo anois. TOBAR NA FÍOR- GHAEDHILGE I RINN Ó gCUANACH I nDÚTHAIGH DÉISEACH. CAITH DO SHAOIRE AR DO SHUAIMH- NEAS ANN AGUS RAGHAIDH SÉ CHUM TAIRBHE DO SHAOGHAIL AGUS DO SHLÁINTE. Tá tigh fada fairsing i gcomhair bhídh, iostais, agus an mhúineadh ag lucht Iolscoile na Mumhan ann — an fhar- raige i mbeul an doiris aca agus cóir folcadh idir Shamhradh agus Gheimhreadh. Tá táisc agus tuairisc an Scoil Samhraidh i mbaile a's i gcéin. SCOIL NA LEANBHAÍ Fé chúram “An Fhir Mhóir” — Fear “An Ghéilín,” Fear “An Bhreugáin,” Fear “An Fhéirín,” agus Fear “An tSeanchuis.” “Ní mhúintear Gaedhealg annso, labhartar í” — tuairisc Sheoirse Mhic Niocaill ar obair na scoile. Ta gach fios agus faisnéis le fagháil Ó'N BHFEAR MÓR I RINN Ó gCUANACH. Nó ó PHÁDRAIG Ó CADHLA, I Lúbán Díge, I gCo. an Chláir.
IOLSCOIL NA MUMHAN I RINN Ó gCUANACH. V. AN COLÁISTE NUA. Bhí uireasba slighe ag cur orainn go mór — seomratha scoile, tighthe aoidheachta agus iosdais i gcóir na sluaighte a bhíodh ag teacht ag lorg na Gaedhilge 'sa samhradh. Níor dhein muintir na háite iad féin a chur i gcóir chum na strain- séirí a thógaint, agus mar sin theastuigh tigh oireamhnach uainn in a bhfritheálfaí biadh agus iosdas. Bhí fothrach mór tighe san áit le muintir Stiúirt — na tighearnatha talmhan, agus chuamair i bun é d'fhagháil. Fuaireamair é gan aon trioblóid agus gan dada agus ar léas maith, fada. Thosnuigheamar ar sin gan leath-phingne i dtaisce againn. Gach duine againn a bhí ag baint leis an obair go dtí san chuireamair gach pingin a bhí 'sa saoghal againn 'sa ngnó. Tosnuigheadh ar an obair 'san Abrán agus bhí lán an tighe againn istigh ann i mí an Iul 'na dhiaidh sin. Ní raibh ann acht fallaí fuara; chaitheamar fuinneoga, dóirse, seomratha, urláir, uisce, tighthe leath is amuigh, bóithre agus gach aon rud a dheunamh in aon ráithe amháin aimsire. Tá a bhuidheachas sin ag dul don bhfear ar cuireadh a chúram air .i. An Barúnach, bainis- teoir Comhar-Chumainn Iniscórthaigh. £2,300 a chosain sé orainn agus gan aon rud 'sa chiste againn acht pé scríbisín a bhí againn féin chum a chur i dteannta a cheilé, acht bhí muinghin as Dhia againn agus muinghin againn as na daoine agus as chirteacht a's as phráinn na hoibre bhi idir lámha againn. Tháinig mórán daoine í gcabhair orainn. Is mór an chuid airgid a bhailigh Seán Ó Floinn dúinn agus ní fheadar cá mbeimís muireach é. D'oibrigh sé go dian, dícheallach ag leagaint na bhfiacha go rabhadar go léir glanta. Fear eile a dhein a chion féin den obair le linn na haimsire sin acht Diarmuid Fásait. Chuir sé crann-chor ar bun dúinn agus dhein sé suas le £300 glan as. Bhronn an Captaen Ottabha Cuffe Sciath luachmhar orainn chum a chur ar chomórtas iománuidheachta idir ghaisgidhigh na hÉireann agus d'fhág sin suas le £300 eile glan againn. Fuaireamair an t-earraspáir den airgead ón mbanc agus chuaidh an Dochtúir Ó Síothcháin in urraidheacht orainn go ndíolfaí é. Díoladh é, agus tá sé saor, glan, ó fhiacha anois againn. Is eadh, acht cé leis é anois? Sin ceist a bhíotar ag cur go minic .i. “Cé leis na coláistí Gaedhealacha?” Tá ós cionn sé fichid de lucht scartacha ann. Is leo san na tighthe agus a bhfuil de throscán ionnta i bhfochair cheithre acra talmhan atá ag gabháil leis an áit. Toghaid san Coiste Bainisteorachta i n-aghaidh an tríomhadh bliadhain i gcomhnuide. Fágtar fé an gCoiste sin gach aon bhainisthidhe a dheunamh ar an áit agus ar an airgead. Tá an chóiriughadh go léir d'réir reacht agus riaghlacha “Chumainn na gCarad.” Infhiúchtar agus scrúduightear na cúntaisí gach bliadhain. Fé stiúiriughadh an Choiste seo atá obair Choláiste an tSamhraidh agus obair Scoile na Leanbhaí. Ceann de na riaghlacha atá 'sa chóiriughadh acht — “Cibé airgead a bheidh spártha i gcomhnuidhe é chaitheamh ar ghnó na Gaedhilge insan tslighe is fearr atá ar eolas ag an gCoiste.” Mar adubhairt mé cheana ní fhuil aon airgead dá fhagháil againn ó Dháil ná ó Dhúil chum cuidighthe leis an obair. Cibé méid airgid a fhanann againn as obair an tsamhraidh curtar ag obair ar scoil na leanbhaí é. Tugtar duaiseanna do leanbhaí fíor-Ghaedhealacha san áit; bronntar cúig phúint ar gach aon leanbh nuair a bhíonn na seacht mbliadna slánuighthe aige agus an Ghaedhealg mar urlabhra aige i bParóiste na Rinne agus an tSean-Phobail. Tugtar na leanbhaí chughainn i mí Lughnasa i gcomhnuidhe chum iad a thrial. Chuireamair Comhar-Chumann ar bun do mhuintir na háite agus atá san ag deunamh mórán tairbhe do sclábhuighthe, iascairí agus feirmeoirí na háite. Déintear obair an Chomhair-Chumainn sin go léir as Gaedhilg — gnó an tsiopa, cuntaisí, agus gach rud atá ag baint leis. Thugamair síntiúsaí airgid chum congnamh a thabhairt do na hiascairí báid d'fhagháil, agus i ngach aon tslighe táimíd ag cuidiughadh leis na daoine chum saoghal agus beatha a sholáthar dóibh féin. PÁDRAIG Ó CADHLA. LÉIG “RÓISÍN BHÁN AN tSLÉIBHE.” Scéal nua-cheaptha ó Peann Niocláis Tóibín le fagháil ó Comhlucht Oideachais h-Éireann nó ó Nioclas Tóibin, Ceatharlach. (Fógra)
AN SMÁL SAN bPICTIUR. AR THEORAINN AN DÁ CHÚIGE. Bhí an bheirt againn ag amharc ar an bpictiur. Tá dúil mhór ag mo charaid Maghnus i n-ealadhain na dathadórachta agus na tarrachtdórachta. Duine é a bhfuil eolas maith aige air, fósta, agus atá measardha doiligh a shásamh. An dathadóir go molfadh sé saothar a láimhe b'fhiú dathadóir a thabhairt air. B'fhusa mé fhéin a shásamh. Dá bhfeicfinn crainn agus cnuic agus uisge daithte i gceart ba chuma liom fa'n mío-chothromacht d'á mbéad san bpictiúr 'na iomlán. An pictiur a rabhamuid ag amharc air bhí sé go h-áluinn gan amhras. Acht bhí aon locht éigin amháin air, dar leis-sean. Chan fhaca mise an locht sin. Pictiur de dhuithche mhór fhairsing ó bharr mullaigh bhí ann. Bhí leár mór d'uisge gheal- ghorm leathta amach ó bhun an phictiur go dtí gur leath sé é féin isteach san spéir i bhfad thuas mar a rabh na néaltaí 'ghá bpógadh. Chaoluigh an t-uisge leis anois chugainn ón fhairrge go rabh sé 'na chumhang-abhainn ag sníomhadh go roighin sámh leis faoi bhun an chnuic. Sléibhte árda amuigh ar gach taobh mar bheadh dhá fhathach ag deanamh gárdaidheachta ar gheata an chaisleáin — agus a n-uchta agus a nguailne go dubh-chorcrach i n-aghaidh gile na néaltaí agus liath-ghorm na spéire. Bhí an tír go h-áluinn ar gach taobh de'n uisge. Na páirceanna beaga glasa agus na guirt órdha ag dreaporacht leobhtha suas i n-áirde, mar deirfeá, go dtí nach dtiocfadh leobhtha dreaporacht níos faide ar shliosa na gcnoc árd. Agus chuirfeá i samhlóid do dhuine daondha gach árdán aca sin — duine a rabh casóg iol-dhaithte air agus é ag iarraidh a chionn a shineadh amach suas as na dathanna ar eagla a phlúchta ag cumhracht na mbláth 's na bhfásrach. Toighthe beaga bána sgabhta annsiúd 's annseo imeasg na gcrann 's na gcreagach ag caochadh amach ar an áilneacht in a dtimcheall. Baile beag buideach de thoighthe néata ar ghobán talaimh a bhí 'ghá shíneadh féin isteach san loch, agus tur árd géar an teampoill ag díriú chun na bhflaithéas. Bhí cupla bád seóil mar bheadh feileacháin ann agus iad ag gluaiseacht leobhtha trasna ar an bpictiur. Sgáile na sléibhte thall ag dubhadh uisge an locha fa na mbun. Sean-chaisleáin ar bhruach na h-abhna agus a chulaidh uaithne d'eidhean air. Agus bhí chúpla crann giumhaise ar gach imeall de'n phictiur a d'árduigh ó n-a bhun gur leath a gcuid géag agus craobhach suas agus amach nó gur théaghmhuigh i n-achrainn a chéile eadar sinn agus an spéir thuas. Bhí an radharc mar tchífea é agus tú ag amharc amach thríd doras do thoighthe — leis na crainn mhóra seo mar ursain. Thart ag bun na gcrann guimhaise bhí an raithneach agus an fraoch go fliúrseach, agus ó's iad a b'fhoisge dúinn ann bhí na dathanna go láidir soiléir agus go taithneamhach. AN SGRIOSADÓIR. “An dathadóir a rinne an pictiúr sin,” arsa mise, “bhí eolas a chéirde ar fheabhas aige.” “Bhí,” arsa Maghnus, “tá sé sin tar sarú. Chan fhaca mé a chomh-shamhail le mo linn. Chan eadh amháin go bhfuil an dathadóracht gan locht, nó go bhfuil an cur-le-chéile agus an cothromacht ar fheabhas acht an radharc féin 'na iomlán — sáruigheann sé a bhfaca me ariamh de radharcanna. Mór an truaigh an smál beag sin air — mor a' truaigh!” “Cá bhfuil an smál air sin?” arsa mise — “nó caidé an locht ata agat air?” “Chan locht ar an radharc nó ar an dathadóracht atá ann — smal beag suarach é, a tháinig ar an chanfas le déidheannaighe, is dóighte. Mór an náire do'n té rinne é!” “Chan fheicim-se a dhath de smál nó de locht air,” arsa mise aríst, indéidh gear-sgrúdú agus iniuchadh ath-uair a dheunamh air. “Tá sé annsin,” adeir sé. “Nach bhfeiceann tú an stríoc anuas ón áit a bhfuil íoghair na spéire, i lár an uisge, mar deirfeá, agus aníos anuas i lár na h-abhna annseo,” agus tharraing sé a mhéar os comhair mo shúl 'a thaisbeáint damh. Acht cár léar damh aon stríoc nó rian nó smál. Bhí sé ag amharc go smaointeach mar bheadh sé ag machtnú go doimhin agus saghas bróin air. “Tá súil agam go nglanfar an smál sin de nó béidh in a sgoilt sar i bhfad,” adeir sé, agus é ag cainnt leis féin. “An Té a dhathuigh a léithid agus sin — moladh go deoidh Leis — níor dhual go ndéanfadh Críostaidhe beo an sgrios sin a dhéanamh ar shaothar chruinn áluinn A lámh. Cha dteanfadh Críostaidhe é! Sgriosadóir damanta amháin a dhéanfadh é!” — agus tháinig mar bheadh racht feirge air. Bhí eagla orm gur tócaidheacht nó speamh-
raideacht bí ag gabhail do mo charaid agug so bhfaca sé rud intean ann nach rabh ann chor ar bith. Níor labhair me ar feadh tamaillín acht leig do bheith ag machtnú leis. D'fheuch me go cruinn géar ar an bpictiur in gach ball de, go dtí go rabh mo shúile cha mhór tinn agus go dtáinig saghas meaghrainn in mo chionn acht chuaidh díom a réidhteach. OS CIONN AN LOCHA. Shuidh an bheirt againn síos ar chaonach na carraige agus dhearg na píopaí. Agus bhí an oirid sin d'aoibhneas 'a bhaint as an radharc nach dtáinig cainnt chugainn. Bhí lomracha bána na spéire ag boga leobhtha go ciúin réidh socair ó thuaidh thar géar-bheann Fhathaigh Chairlinne agus anonn thar an loch agus thar an Maghdhorn. Agus 'réir mar bhí siad ag imtheacht as an bpictiur bhí lomracha eile — gach cionn níos áilne ná a chéile — ag líonadh isteach in a n-ionad. Shaoilfeá ortha nár dheas leobhtha an spéir 'fhágáil go lom folamh ann. An ghrian a bhí ag dul faoi san iarthar ar ár gcúl chuir sí na gaethe geal-bhuidhe trasna an locha nó gur dhathuigh an fraoch corcrach agus na creagacha liatha ar an sliabh thall. Tchífeá sgatha na néal annsiúd 's annseo ar na sliosa tamall ag déanamh coimhlint rása suas ón uisge nó go n-imtheochadh siad amach agus go gcaillfidhe iad thar a bharr. Bhí na faoileann bhána ag eiteal agus ag folamhuin dóbhtha féin thíos san abhainn ag bun an chnuic fúinn; agus anois agus aríst thógadh an cailleach dubh a cionn 's a muineal fada agus d'amharcadh thairstí amhail 's dá gcuirfidhe scannrú éigin uirthi — agus annsin d'imtheochadh sí síos de thumadh i ndhéidh a guib as amharc. Bhí cúpla éan ceóil ar chraobhacha in ár n-aice — smaolach, lasair coille agus lón dubh ortha sin — agus iad ag cur slán leis an ghréin a bhí ag éaladh léithe. AN SGOILT. D'fhanamar tamall mar sin — ag éisteacht agus ag feuchaint uainn. Bhíodhamar faoi seort draoidheachta. Fa dheireadh labhair Maghnus. “Truagh é — truagh é!” “Tá eagla orm gur chuir an radharc sin faoi dhraoidheacht thú,” arsa mise. “Agus chuir,” ars eisean. “Acht ní bhacann sin liom nach bhfeicfinn an smál ar an bpictiur. Lontach liom nach bfeiceann tú é. Feuch leat amach amuigh ar íoghair na spéire. Díreach leath-bhealach eadar an dá shliabh árda tosnuigh- eann sé — an stríoc. Stríoc géar doimhin é. Síneann sé anoir chugainn i lár an locha agus anoir thríd lár na h-abhna nó go sgoilteann sé leis as amharc siar. Tá an pictiur millte — acht tá súil nach leigfear dó dul níos doimhne ann.” “Chan fheicim a dhath,” arsa mise, “agus cha dtuigim caidé mar thiocfadh le n-a leithéid bheith san uisge.” “Tá tú dall-inntinneach. Nach annsin atá líne teorainteach Uladh agus Laighean.” “CÚ CHULAINN.” MUINNTIR PLÉIMEANN, GUALADÓIRÍ I dteach lámh dhearg, 9 Sráid Fheardorcha Thuaidh, Baile Átha Cliath. Ceannuighidh bhúr gcuid ó Ghaedhealaibh. Tá an gual is fearr le fághail uainn. Buail isteach nó sgríobh go dtí an seoladh seo thuas. Guthán 2723. DIXON & HEMPENSTALL Fir Deunta Speuclairi. SEOMRAI UM TASTAIL RADHAIRC AR OSGAILT GACH LA Támuíd tréis na cóireacha is deidheannaighe ceapadh chun gloiní (lensaí) chur i dtreo d'fhághail. Cuirimíd shuim speisiáltha in oideasaí liagh-súl. Nuair a chuireann tú fios ón dtuaith ar rud cuirimíd chughat é an lá ceudna. SRAID SUFFOLK, 12, ATH CLIATH. GACH CINEÁL EARRAÍ UM CRÁIBHTHEACHTA PAIDRÍNÍ, SGABAILL, BUINN, DEILBH, PICTIÚIRÍ. C. BULL, LTD., 21 SR. SUFFOLK, BAILE ATHA CLIATH
EACHTRA MÚINTEORA GAEDHILGE. AN FÓGRA. “Teastuigheann múinteoir Gaedhilge ó Choiste Ceannta r Bhaile na mBád. An té a dhéanfar a thogha gheobhaidh sé £200 sa mbliadhain agus costaisí bóthair. Cuirtear Iarrtaisí agus teistiméireacht ag triall ar Dhomhnall Ó Dómhnaill, Nead na Fuiseoige, Baile na mBád, roimh an 17adh do'n mhí seo.” Siní díreach, focal ar fhocal, mar a bhí an fógra san “Independent” an chéad lá do'n Mhárta so caithte 'gainn. Nuair a chonac é, ghabhas chúgham mo pheann agus mo chuid páipéir agus sgríobhas iarratas ar a' bpost, agus chuireas ag triall ar Dhomhnall macánta é. Seachtmhain 'na dhiaigh san tháinig freagra chúgham á rádh go raibh glactha liom ag an gCoisde agus mé féin d'ollmhúghadh agus do chur i dtreo dom' chuid oibre sa cheanntar. AN BHAINTREACH. An cogadh mí-nádúra buadhartha so ar siúbhal le tamall idir Ghaodhalaibh ní raibh ao' chuimhne ar ao' chor an uair sin air. Bhí Clanna Gaodhal guala le guala mar ba chóir agus mar ba chuibhe dhóibh a bheith. Bhí Baile na mBád fágtha ag arm Sheáin Buidhe agus an daingean breágh úd a bhí ann an uair sin lán d'ár gcuid airm féin. Thárla do sheana-chara dhómhsa a bheith i gceannas an Airm sin, agus ó ba rud é go mbeinn ag dul ag múineadh na Ghaedhilge go Ceanntar Baile na mBád níor bhfoláir dom sgrí chuige agus an sgéal do chur i n-iúil dó. Agus do b'air a bhí an t-áthas nuair a fuair sé mo leitir, “Och!” ar seisean, ag sgrí chúgham lá nú dhó 'na dhiaigh san, “och!” ar seisean. “'Sé Dia atá ad' sheoladh ag triall orm. Ní'l focal Gaedhilge ag aoinne anso agus is ró-ghearr go mbeinn féin ar chómh-luighead leo, mar beatha teanga í labhairt. Brostuigh ort, a bhuachaill, nú pé beagán a bhí agam beidh sé ithte glan ag an meirg. Bead-sa ag an dtraen rómhat agus lóistín beartaighthe agam duit,” as seisean, “agus eadrainn féin is mithid duit socrughadh síos feasta, agus ar m'fhallaig go bhfuil baintreach gleoidhte ar m'athantas a dh'oirfead thar barr dhuit. Ní'l de locht uirrí ach go bhfuil sí beagainín liath, ach dar nóigh, an cabáiste is fearr isé is túisge a ghealann.” Níor theip an magadh riamh ar mo sheana-chara, ach ní raibh agam ach sgaoileadh leis. Dheineas mar a dubhairt sé liom a dhéanamh; bhrostuigheas orm go Baile na mBád agus bhuaileas an áit dhá lá roimh an am a bhí ceapaighthe ag an gcoisde. Déarfar, is dóca, go raibh baint éigin ag an mbaintrigh leis an bhfotharaga, ach deirim anso go fírinneach na raibh. Ba bheag orm riamh na cailleacha dubha san — na baintreacha. AN TURAS. SÚILE DUBHA 'GAM. Bhí 'n mhaidean go h-áluinn nuair a fhágas an baile. Bhí orm dul chúig mhíle sul a mbuailfinn stáisiún na Cille Bige. An méid a bhí 'gam 'on tsaoghal bíodar ceangailte chun cinn as chun deire ar mo sheana-Phiarsach agam. Bhí peidhre bróg, cúpla léine agus cóta mór ná raibh ró- shlachtmhar greamaighthe shiar agus dhá bheart de sheana-leabhara gioblacha Gaedhilge ar sileadh le tosach an rothair. Ba chosamhail le Giúdach me agus ní ró-fhada bhíos imthighthe ar a' mbóthar nuair a ghlaoidh seana-bhean am' dhiaigh féachaint ar bhfada go dtabharfainn an clog úd chun a h-inghine? Dheineas gáire a's chuireas díom a's níor bh'fada gur bhaineas amach an Chill Bheag. Níor bh'fada an mhoill a choimeád an traen orm. Bhí sí chúgham láithreach agus í ag cneadaigh agus ag séideadh agus ag cur deataigh sa spéir uaithe. Ar bórd liom agus siúd chun siúbhail me. Do stadamair ag lán stáisiúin bheaga, agus is dócha go raibh leath an bhóthair curtha dhíom agam féin sul ar thuit ao' rud amach gur fiú trácht anso air. Ach nuair a shroiseamair an Charraig Fhionn tháinig bolcán teann téagra d'ógánach isteach sa chárraiste 'na rabhas féin, agus sgriosúnach de chailín dathamhail óg dearg- leicineach 'na theannta. Bhí deallramh borb, rúscach, dána ar an ógánach, agus ní raibh an óigbhean ró-chúlmánta ná ró-mhíneáireach. Bhí mála mór ceathair-chúinneach ag an ógánach agus do chuir se uaidh suas ar raca an chárraiste é, agus ní shásóchadh aon áit eile an bheirt chun suidhe ach díreach shíos fé 'n-a bhun. Nuair a ghluais an traen thosnaigh an bheirt ar labhairt i mbréithribh binne blasta le n-a chéile, agus leanadar ortha mar sin nú go raibh an traen ag déanamh isteach ar stáisiún eile. Le n-a linn sin thug an buachaill iarracht ar “chleas na mbeol” a dh'imirt leis a' gcailín óg, agus díreach a's é ag tabhairt fé'n obair thugas féin fé ndeara go raibh an mála mór trom ar tí tuitim anuas ar bhathas na beirte, leis an suathadh a bhí ag an gcosg á bhaint as an dtraen. Do phreabas am' shuidhe chun breith ar an mála. “Ó! seachain! seachain!” arsa mise. Ach faraoir gear! Níor bh'é'n mála do thuit ach mise féin. Ó! an t-ógánach borb dána droch-
mhúinte úd! Níor thúisge dh'airigh se an focal “seachain” amach as mo bhéal ná bhíos buaite le dá bhuile dhorn idir an dá shúil aige agus mé ar phleasg mo dhroma ar úrlár na traenach. Agus nuair a bhíos ar lár aige dh'féach sé síos orm díreach mar a d'fhéachfadh cat ar luch a bheadh idir a chosaibh aige, agus ar seisean, agus splanncracha ag imtheacht as a dhá phluma súl le feirg, “D--n ye! What's shocking about it?” Dúbhairt sé liom éirighe agus é throid má b'fhear me, ach níor chuireas cor díom. Fé dheire do shiubhlaigh an brútach borb ar mo chorp amach an doras, agus do lean an bhruinneall é, ach gur fhan sí go rabhas tar éis éirighe am sheashamh. Nuair a bhuaileas Baile na mBád bhí mo dhá shúil bocht chóm mór le dhá phráta agus chómh dubh le tóin corcáin mo mháthar. Truagh nár mhúin duine éigin beagán Gaedhilge do'n mbolcán borb ógánaigh úd. AN TIGH SA BHLOC BRÍCE. Bhí iongnadh an domhain ar mo chara nuair a chonaic sé an crot a bhí ar mo shúilibh bochta. Ar éigin a dh'aithin sé me nuair a thánga amach as a' dtraen. Nuair a 'niseas mo sgéal dó do bhí sé ar dearg-bhuile. Theastuigh uaidh gluaisteán a fhagháil láithreach agus dul le sgata fear agus bolcán na bpóg do thabhairt chun cúntais. Ach dubhart féin 'nár bh'fhiu biorán é, a's go mbeinn chómh maith a's bhíos riamh i gceann lae nú dhó. Mhaoluigheas ar a' gcuma san é a's sgaoileadh a bhóthar leis an mbolcán. Ansan dubhairt sé liom go raibh lóistín fachta aige dhom agus siúd chun siúbhail sinn fé dhéin a' tighe. Níor bh'fhada go bhfuaireas me féin istigh i lár cearnóige móire agus thógas fé ndeara go raibh an fear eile am' bhreith anonn díreach go dtí bloc de thighthibh bríce a bhí ar thaoibh na cearnóige. Nuair a bhuaileamair an bloc dhein mo chara suas ar cheann dos na dóirsibh agus bhuail é. Tháinig bean dheas phiocaighthe amach agus chuir sé an “lóistéir nuadh” i n-aithne dhí. Bhí náire an domhain orm nuair a chuimhnigheas ar mo shúilibh bochta dubha. Thugas fé ndeara go raibh an bhean ag féachaint go droch-amhrastamhail ortha. Ach 'nis mo chara eachtra an bholcáin bhoirb dí, agus dubhairt gur lem' mhachántact nár bhuaileas thar n-ais é, agus ná raibh ionam ach gamall bocht, bog, gan uruchóid. D'imthigh an droch-amhras láithreach as ghnúis na mná, agus bhraitheas gur bhog a croidhe le truagh dhom. “Agus anois,” arsa mo chara, “ní raighimíd isteach ar ao' chor. Beidh an tae ollamh sa bhearraic rómhainn agus caithfimíd cuimhne na maidne do bhaint as cheann an aindeiseora so le sgléip agus le sult. Ní gádh dhuit ao' bhobhalta chur ar a' ndoras, ach é fhágaint ar a gclaibín, agus má bhíonn sé seo beagán déanach ná bí ag fanamhaint suas leis ach téirigh a chodla dhuit féin.” Bhí bean a' tighe sásta. Chaith a bheith. Dubhairt sí liom féin gur b'é an chéad sheomra ar mo chlé, suas a' staidhre, mo sheomra chodlata, agus go raibh súil aici go mbeadh gach ao' rud chun mo thoile ann. Ghabhas mo bhuidheacas léi agus siúid chun siubhail me féin a's mo chara cun na bearraice. MEASGÁN MEARAIDHE AGUS MEARBHTHALL. Bhí árd-ghleo agus sgléip sa bhearraic againn an oidhche sin, agus níor bh'fhada gur baineadh cuimhne na maidne as mo cheann féin go glan. Bhí sé suas le n-a h-aon-dhéag sul ar sgaras lem' cháirde, agus ansan bhogas liom i dtreo na Cearnóige. Ba ghearr go rabhas 'na lár istigh agus me ag déanamh ar a' mbloc bríce airís. Ansan, ámhthach, a b'eadh thosnuigh an mí-adh ar imirt ar fad orm. Nuair a bhuaileas na tighthe bhí measgán mearaidhe agus mearbhthall i dteannta chéile orm. Ansan a b'eadh thugas fé ndeara gur mhar a chéile an dealbh agus an déanamh a bhí ar gach tigh sa bhloc mí-fhoirtiúnach bríce úd. Siubhaluigheas síos agus suas ar feadh tamaill ag breithniughadh agus ag braith agus ag infhiuchadh dóirse agus fuinneoga agus crot na dtighthe, ach dá bhfaghainn ór na cruinne móire uile, ní fhéadfainn a dhéanamh amach cia 'cu tigh mo thigh-se. Ní fhéadfadh aoinne é sin a dhéanamh amach ach duine go mbeadh seana- thaithighe aige ar an áit. Bhíos i bpúnc. Cad a bhí le déanamh agam? A Mhuire na bhfeart! a' gcaithfinn an oidhche do chaitheamh ar an sráid? Bhí uimhir ar gach tigh sa bhloc, gan amhras. Ach cad é 'n tairbhe é sin domhsa. Níor bh'fhios dom cad é uimhir mo thighe féin. “Go bhfóiridh Dia orainn i bhfad ó bhaile!” arsa mise liom féin. Ansan do bhuail eagla uathfásach me. Chuimhnigheas go ndubhairt mo chara liom go raibh a lán droch- dhaoine i mBaile na mBádh; go raibh tighthe dá mbriseadh gach aon oidhche sa mbliadhain ann agus bitheamhnaigh ag dul isteach ionnta, agus a' goid a raibh le fagháil. “Bíonn gearán againn gach aon oidhche sa Bhearraic mar gheall ortha,” ar seisean, “agus caithimíd éirighe amach as ár leabacha agus dul á bhfiadhach. Ach féach,” ar seisean. “An chéad fhear eile 'cu go dtiocfad- sa suas leis raghaidh an méid atá 'na bholg so isteach trí chlár a éadain.” Agus le linn na
cainnte sin do rádh dhó do tharraing sé gunna beag geanncach donn as a chrios. Chuir an diabhal ruda bige san critheán croidhe orm! Agus ba mhó ná san an critheán a bhí anois orm, mar cheapas go mbeidh bitheamhnach éigin ag gabháil thar brághaid b'féidir, agus go bhfeicfeadh sé mé agus go mbuailfeadh sé 'na cheann gur ag faire air a bheinn, agus, slán mar a n-innistear é! go ráineochadh go mbeadh gunna beag mar sin aige, agus go ndéanfadh sé an rud céadna liom-sa adubhairt mo chara a dhéanfadh sé leis an mbitheamhnach féin, da bhfaghadh sé breith air. Chuir an machtnamh san ar crith ó bhonn bathas me. “Aon — dó — trí — ceathair,” agus do lean clog mór Bhaile na mBád air nú go raibh an dá bhuile déag buailte aige. Bhí an oidhche chómh ciuin sin a's go gcloisfeá biorán og tuitim. Agus clog úd Bhaile na mBád, cheapas gur airigheadh céad míle ó bhaile é. Chuir gach ao' bhuile 'dhár bhuail sé an gruaidh 'na seasamh ar mo cheann agus bhraitheas rud éigin mar a bheadh chadla grífín ag rith síos fean cnámh mo dhroma. Chuir coileach glaodh mhór bhrónach as taobh shiar do'n mbloc bríce. Tháinig snaga sgeoin am' sgórnaigh ag éisteacht leis. Ach níor bh'é sin ba mheasa dhom, mar ní raibh an glaodh curtha i gceart ag an gcoileach as, nuair thógadh saor glan do bhonnaibh mo chos me, agus deineadh duine marbh díom ar an sráid! Sgata madarí a tháinig timcheall a' chúinne shuas agus anuas leo cliathánach leis a' mbloc bríce, agus cat mór bán acu á fiadhac, agus iad ag imtheacht mar a bheadh piléar as ghuna. Bhí míle gadhar ann — nú thaidhbhirigh dómhsa go raibh — agus míle liúgh agus sgeamh ag gach gadhar acu. Nuair a dh'airigheas ar dtúis iad cheapas ná raibh aon diabhal ná deamhan i n-íochtar Ifrinn ná raibh ag imtheacht ar chos a n-áirde an oidhche sin i mBaile na mBád. Tháinig a leithéid sin de sgannradh orm nuair a bhraitheas ag teacht fém' dhéin anuas iad gur thugas iarracht ar rith fe dhéin doras an tighe a bhí os mo chómhair anonn sa bhloc — bhíos amuigh beagán sa chearnóig ag féachaint suas ar na tighthibh — agus le linn a dhéanta san dom, thánag díreach fé bhrághaid an chait bháin, agus bhaineas a leithéid sin de gheit as, agus bhí an tóir chómh te sin 'na dhiaigh, gur dh'eirigh sé de bhunóig agus gur dh'imthigh sé suas san aer glan siar amach thar mo cheann. Do rith na madraí go léir isteach fém' chosaibh, agus bhí a leithéid sin d'fhuinneamh fútha i ndiaigh an chait bháin gur bhaineadar na cosa glan uaim, a's gur cheapas go raibh mo chúl briste, fuaireas leithéid sin de leagadh. Chuireas sgreada nimhneach uathfásach asam féin, a's me ag tuitim. Ar nóimeat na baise bí solas i ngach tigh sa chearnóig. Nuair a dh'eirigheas bhí ceithre fichid duine éigin am' thimcheall agus, “cad d'imthigh ort?” mar phort ag gach duine. “An diabhal ó Ifreann!” arsa mise, á fhreagra. “Seacht ndiabhail déag a's dachad ó Ifreann! Ní h-eadh muise,” arsa mise, “ach míle diabhal ó Ifreann!” BITHEAMHNACH! BITHEAMHNACH!!” Níor thúisge labhras ná léim fear mór árd, a's gan uime ach a bhríste 's a léine, isteach chúgham. Chnag sé lasán agus do bhreathnaigh idir an dá shúil me. Ansan chuir sé liuigh uathfásach as. “Bitheamhnach! bitheamhnach!! a dhaoine,” ar seisean. “An fear a robáil mo thigh-se aréir! An glór géar céadna agus an dá shúil dubh. Rithtears chun na bearraice agus tugtar anso na h-Ógláigh.” Thugas fé ndeara triúr ógánách ag cur díobh ins na treantaibh treasna na cearnóige. Ansan do thosnaigh gach aoinne ag rith agus ag liúirigh, agus “bitheamhnach! bitheamhnach!” i mbéal an uile dhuine 'ca. Níor chorraigh an fear mór ámhthach. D'fhan sé 'na sheasamh ar m'aghaidh amach agus é ag faire orm mar a bheadh cat ar luich. Ansan bhuail caint mo charad am' aigne. “An chéad fhear (bhitheamhnach) eile 'ca go dtiocfad-sa suas leis raghaidh an méid atá 'na bholg so (i mbolg an ghunna bhig gheanncaigh) isteach trí chlár a éadain.” Thug mo chroidhe preab le sgannra. “A Dhia na bhfeart!” arsa mise am' aigne féin, “ní thabharfaidh sé d'uain dó féin me dh'aithint, séidfidh sé an plaosg díom.” Ansan do thugas iarracht ar labhairt, ach, a dhuine m'áran as m'anam, ní raibh an dara focal as mo bhéal nuair a rug an fear mór ar sgórnaigh orm, agus, a Shlanaightheoir an domhain! thug sé a leithéid sin d'fhásgadh dhom gur cheapas go raibh mo mhuinéal briste agus me tachtaighthe i dteannta chéile aige. Nuair a bhog sé an greidhm beagán, thugas iarracht ar mo shileadh do shlogadh. Níor thúisge dh'airigh an diabhal ubhall na sgórnaighe ag coraighe airís agam ná thug sé fásgadh eile dhom a chuir glan as cuimhne an tsaoghail me. Nuair a bhog sé an greidhm airís a's thánga chúgham féin 'sé an chéad rud a airigheas 'ná: “Cuir i gcoinnibh an fhalla úd thall é!” Do strac an ropaire mór leis anonn isteach cun an bhloic bríce me agus do chaith i gcoinnibh agus nuair a dh'osgaluigheas airís iad ní raibh an fhalla me. Ní mór ná gur thuiteas le sgannradh. Dhúnas mo shúile ar feadh nóimit
sé h-órlach idir chlár m'éadain agus gunna beag geanncach mo charad. Ansan do labhair fear an ghunna bhig go righin réidh daingean: “A bhitheamhnaigh,” ar seisean. “Tá chúig nóimeataí le fagháil ar an saoghal so agat. Bain fíoghar na Croise díot féin agus iarr trócaire Dé dod' anam.” Le linn na cainnte sin do rádh dom' charaid do chuir an choileach glaodh mhór bhrónach eile as taobh tiar de'n mbloc bríce. Leag bean a bhí 'na seasamh tamaillín uaim osna aiste, agus chonac beirt nú triúr eile ban ag déanamh cómartha na Croise ortha féin. D'fhéachas ar an ngunna beag geanncach agus gan ionam labhairt le sgeon. Ní raibh ao' chritheán sa láimh a bhí á choiméad. Bhí sí sínte ansúd amach chómh staidéara chómh daingean, ba dhóigh leat, a's dá mbudh staic iarainn i bhfalla práis í. Do chuir an coileach liúigh eile as. Do chuir na mná sgread asta. Ansan do labhair fear an ghunna airís: “Anois, a bhitheamhnaigh, a' bhfuilir ollamh?” ar seisean. “Agus go maithfidh Dia do chuirpightheacht duit.” Do chuir na mná liuigh mhór uathfásach eile asta. “An bhfuilir ollamh?” arsa fear a' ghunna liom féin go dána airís. Bhain Dia na Glóire, moladh go deo leis! an greidhm dem' theangain agus do labhras. “Ó! a Sh--s, a sheana-chara mo chroidhe istigh, an bhfuilir chun me do mhar …?” An lámh daingean díreach úd do thuit sí marbh. An gunna beag dána geanncach úd thuit sé de phleisg ar lic na sráide. D'airigheas glór piléir ag imtheacht. Thuit rud eile. An fear mór a thacht mise nách mór thuit sé sin. D'imthigh an piléar úd trí n-a chois agus bhris cnámh a loirgean. MÍCHEÁL BREATHNACH. GLAINE GAEDHILGE: BINNEAS CEOIL: SLACHTMHAIRE RINCE. “BEIRT DHÉISEACH” — 3/6 (S. Ó CUIRRÍN.) Ceithre sceulta ann:— “BEIRT DHÉISEACH” (nua- ceaptha) agus aith-innsint ar “Rip Van Winkle” (Irving) “The Long Exile” (Tolstoi), “The Indian's Hand” (Stoddard); maille le ghluais i nGaedhilg agus cnuasach adhbhar cleachttha’ [arna fhoillsiú ag Comhlucht Oideachais na h-Éireann,] “ROGHA AN FHILE” (Rince-Beirte) — 2/- (T. ní Ailpín do cheap.) Tuarascbháil an rince ann i nGaedhilg agus i mBeurla, agus an ceol i gcóir bheidhlíne agus clár-chruite. Buaidh maise agus glaine air thar aon rince-beirte dá dtáinigh chughainn thar lear. Tá na leabhair sin le fághail ag lucht siopann ó “Mhuintir Dollard, Tigh an chló, Baile Átha Cliath.” AN GAEDHEAL 'NA GHALL Cois farraige ó dheas tá áit bheag a bhfuil daoine Gaedhealacha ann fós. Ceann Faille a thugtar ar an áit. Ní mórán ar fad daoine atá ann, acht pé méid daoine atá ann is beag an charbhuaic a chuireann an rí-rá ná an futa-fata atá ar siubhal fé láthair i n-Éirinn orra — aon rud acht go mbéidir go bhfuil sé níos déine orra maireachtain. Is é rud is mó a chuireann orra acht an ghaoth andeas. Nuair a shéideann sí ró-láidir bíonn baoghal go bhfuadóchthaidhe an ceann den tigh, agus cuireann sin amugha codla na h-oidhche orra go minic. Is minic iad ag braith ar athrú éigin a theacht ar an saoghal, agus go mbéidir go gcuirfidhe ceann slinne ar na tighthe dóibh, acht is é an brath gan leann dóibh é. Micilín Sheáin Thomáis an mac seo ba mhó a bhí i gCeann Faille tamall ó shin. Ní bhíodh aon oidhche ná bhíodh sé i dtigh Shéamais Bháin. Is i dtigh Shéamais a bhailigheadh gasra an bhaile chum an oidhche a chur dhíobh le pé cleas a tharraingeo- chaidís orra. Is iomdha cleas sin a bhí aca. Bhíodh scéalta greannmhara á innsint aca; bhíod ceisteanna á réidhteach aca; bhíodh cleasa lúth le cathaoireacha agus cois scuaibe ar siubhal aca; bhíodh Seán Dearg agus míle cleas nach ró-fhuiris cuimhneamh d'urchar ar siubhal. Acht ba é Micilín Sheáin Thomáis a bhíodh i mbun agus i mbárr gach cleas aca, agus nuair a bhíodh aon lag ar na cleasaibh théigheadh Micilín féin agus dhéineadh sé mac seo de féin. In' fhochair sin amhránaidhe an-mhaith ba eadh Micilín. Bhí an- chuid amhrán bhreágh Gaedhilge aige, agus ní raibh fhios aige cad ba amhrán Béarla ann. Má airigh sé amhrán Béarla aon uair ba bheag an suim a chuir sé ann. Ní fheadar an domhan cé tháinig isteach ar an mbaile beag, acht pé duine é, thug sé leis Micilín go Bl' Átha Cliath. Thug Micilín timcheall bliain sa chathair fé tháinigh sé abhaile. Nuair a chas sé bhí bóna agus carabhat go teann fáiscighthe fé n-a mhuinéal. Bhí scoilt 'na cheann agus bróga air a dhéanfadh scathán duit. Ní ró-fhada a bhí le fuireach aige, acht pé'ca fada gairid é níor chuaidh sé i ngoire ná i ngaor tighe Shéamais Bháin. 'Sé chéad áit ar dhein sé aon rud neamh-choitchianta ná sa tigh tábhairne a bhí tamall ó'n mbaile beag. Bhí sé ann oidhche agus dubhairt sé amhrán. Ba é amhrán é ná “Mother mo Chroidhe.” Dubhairt a raibh agh éisteacht leis nár airigheadar amhránaidhe Béarla ní ba dheise riamh.
Bhí Micilín an-mhuinteardha le Muiris Mháire Neil fér imthigh sé — níos muinteardha ná mar bhí sé le h-aoinne eile — agus nuair a bhí sé ar a laetheanta saoire thug sé tamall dá chuid aimsire ag imtheacht in' fhochair. D'innis Micilín an-chuid mar gheall ar a shuibhalta agus a shaoghal i mBl' Átha Cliath do Mhuiris. “Is dócha gur eachtra an aimsir a bhíonn agat,” arsa Muiris leis. “Ní mhairfinn annso anois, a mhic ó,” arsa Micilín. “Cad a bhíonn tú a dhéanamh?” “Bím ag obair in stór mór go dtí'n a sé chlog. Annsin bím saor chum dul im' rogha áit.” “Is dócha gur iomdha áit sin.” “Is iomdha. Is iongantach an áit é Bl' Átha Cliath. Tá an chathair an-mhór agus níor mhór duit an-aireachas a thabhairt duit féin ná raghfá amugha. Ní raibh aon ghnó agam-sa mo chos a chorruighe ann go cionn mí. Acht bhí buachaill ag obair sa stór im' fhochair agus thugadh sé timcheall mé. Is é chéad áit a thug sé mé oidhche ná go dtí Theatre — tigh mór, atá fhios agat. Nuair a chuadhmair isteach ann thosnuigheamair ag dul anáirde staighre. Shíleas ná raibh aon deire leis an staighre agus ná stadfainn choidhche. Acht stadas. D'iompuigh an buachaill isteach dorus agus leanas é. Shuidheamair ar shuidheachán ann. Nuair dh'fhéachas síos uaim, bhí an áit lán de dhaoine. Níor fhéachadar chómh mór le preacháin dom — bhíodar an fhaid sin uaim. Ba ghairid gur múchadh na soillse bhí ann. Thosnaigh cuir a-bhaile ceoil nár airigheas a leithéid riamh. Annsin chrom braitlín mhór a bhí os cionn lucht an cheoil ag eirghe anáirde. Nuair a bhí sí árduighthe anáirde stad an ceol. Dá bhfeicfeá na dathanna deasa a bhí ar gach aon rud ar an árdán úd, na pictiúirí deasa; agus na daoine a tháinig amach agus an t-éadach deas a bhí orra, bheadh seanchas choidhche agat.” “Agus cad a bhí na daoine sin a dhéanamh?” “Ag caint.” “Cad a bhíodar a rádh?” “Ní fheadar, níor thuigeas focal uatha.” “Ciaca Béarla nó Gaedhealg a bhí aca?” “Béarla gan dobht.” “Is dócha gur bhreágh a bheith ag féachaint orra.” “Thabharfá do shaoghal ann gan greim le n-itheadh. Oidhche eile thug an buachaill isteach i dtigh eile me. Nuair a chuadhmair isteach an dorus níor fhan léas soluis im' shúile-se Dóbair go dtuitfinn. Tháinig fear a raibh lampa beag na frighde aige chughainn agus thug sé go dtí dhá shuidheachán sinn. Shuidheamair. Bhí ceol le h-aireachtain pé áit a raibh sé ag teacht as. Agus os ár gcomhair amach bhí pictiúir mór agus é ag corruighe agus ag athrú chómh mear le gaoth. Dóbair go leathfadh mo radharc orm. Bhíos tamall fér chruinnigh me mo radharc. Níor bh'fhada gur stad an pictiiur agus lasadh an solus. Bhí an áit lán ceart de dhaoine. Fé raibh uain agam ar féachaint ceart orra bhí an solus múchta arís agus cad a bheadh air ná fear mí-ádhmharach — sean-hata agus sean- bhalcaisí air, agus deallradh air chómh mí- ádhmharach agus bhí ar aoinne riamh. Liúigh a raibh sa tigh — gach aoinne agus ‘Searlí Seaiplin’ ar a bhéal aige. Stad an gleo agus thosnuigh an pictiur. Bhí sé go greannmhar. Aon rud acht nár chuadhas i laige le gáire ag féachaint air.” “Agus an dtéigheann tú isna h-áiteanna sin gach aon oidhch?” “Ní théidhim. Téidhim uaireannta abhaile go dtí a thigh féin leis an mbuachaill seo. Bíonn árd-aimsir agam in' fhochair. Tá rud aige — cóir cheoil — gramafón a thugann sé air. Cuireann sé ar siubhal é. Ní stadann an rud acht ag amhrán uaidh féin. Tá an-chuid amhrán foghluimthe agam uaidh.” “An uaidh d'fhoghluim tú Mother mo Chroidhe.” “Is eadh.” “Is breagh dhuit a bheith amach as an áit seo,” arsa Muiris. Sin é an saghas seanchais a bhí ag Micilín agus ag Muiris le n-a chéile fhaid a bhíodar i bhfochair a chéile. I gcionn coigthighse bhí Micilín imthighthe arís. Ní fheadar-sa ciaca maith nó olc a dhein sé do Mhicilín dul go Bl' Átha Cliath. Níor mhaith liom a rádh gur dhein sé olc do. Má bhí aon olc ann do is é gur dhein an Chathair galldha é i mbliain. Bhí Micilín an-shásta leis an radharc agus an greann a bhí i mBl' Atha Cliath. Bhí sé an-shásta le “Seárlí Seaiplin.” Dhein sé dearmhad de thigh Shéamais Bháin agus níor rith sé leis gur “Seárlí Seaiplin” Gaedhleach a bhí ann féin. NIOCLÁS TÓIBÍN.
AN BITHEAMHNACH MACÁNTA. SGEUL DON AOS ÓG. Mac d'fheirmeóir bocht ba eadh Seán, agus séard adubhairt gach aoinne ach gur buachaill gan áird é. Níorbh mórán tairbhe do'n athair é, pé sgeul é. Ba mhaith leis a bheith ag cur inneall chun breith ar choiníní, nó a bheith ar tóir girrfhiaidh sa sneachta nó cleasanna d'imirt ar dhaoine sa tslighe go mbeidíst cráidhte aige ar dtúis ach go mbeidíst ag gáiridhe sa deire. Nuair a bhí Seán timpeall fiche bliadhain d'aois dubhairt a athair ná feudfadh sé cur suas leis a thuille, agus do chuir sé chun siubhail é ag lorg a fhortúin lá. Tréis a bheith ag siubhal tamall do shrois Seán crosaire agus do ghabh sé an bóthar dob' uaignighe a bhí roimhe. Bhí sé ag fearthainn ó mhaidin agus gheobhfá a bheith cinnte go raibh sé fliuch báidhte agus tnáithte tuirseach ar tuitim na hoidhche nuair a chonnaic sé tigh beag uaigneach taobh istigh ó'n mbóthar uaidh. Bhuail Seán isteach. “Cad tá uait?” arsa seanbhean a bhí 'na suidhe cois teine. Bhí súile dearga aice agus slám leo agus cruit uirri le neart aoise. “Suipéir agus leaba atá uaim, cad eile,” ar seisean. “Níl sé le fagháilt annso,” ar sise go borb. “Cé deurfaidh ná fuighfead?” ar seisean go dána. “Na fearaibh gur leo an tigh seo,” arsan seanbhean. “Seisear fear macánta iseadh iad a bhíonn amuigh go dtí n-a trí nó a ceathair a chlog ar maidin de ghnáth, agus geallaimse dhuit má gheibheann siad annso thú 'sé an rud is lugha a dheunfadh siad ach an croiceann do bhaint díot.” “Mhuise, a bhean chóir,” arsa sé, “má bhaineann siad an croiceann díom ar a luighead ní féidir leis an rud is mó a gheobhaidís deunamh a bheith abhfad níos measa. Corruigh ort agus tabhair dhom rud éigint as an gcupórd, mar annso a fhanfaidh, adeirim leat. Nach cuma dhá raol sgilling. Ní thaithneoch liom bás d'fhagháil leis an bhfuacht fé chlaidhe nó fé chrann oidhche mar seo.” Imata, do chuir an chainnt seo roinnt eagla uirri agus do thug sí suipéir maith dho, agus dubhairt sé léithe agus é ag dul a chodladh gan leigint d'aoinne den tseisear fear macánta cur isteach air tréis teacht abhaile dóibh nó go ndíolfadh sí as go daor. Nuair a dhúisigh sé maidin lár na mhárach cad a bhí ann ach seisear spailpíni gránda gruamdha 'na seasamh timpeall ar an leaba. D'éirigh sé ar a uilinn agus d'fheuch sé ortha le hárd-searbhas. “Cé hé tusa?” arsan taoiseach, “agus cad é do cheurd?” “'Sé an ainm a thugtar orm,” arsa Seán, “ach an máighistir-bhitheamhnach, agus 'sé an rud atá ag teastáil uaim fé láthair ach fearaibh oibre agus prinntísí. Má tá aon mhaitheas ionnaibh béidir go dtabhairfidh mé cúpla ceacht daoibh.” Do bhain an chainnt sin cuid den mhisneach díobh. “Bhel,” arsan ceann, “éirigh anois, pé'r domhan é, agus tréis breicfeast chífimíd cé againn a bheidh 'na mháighistir agus cé againn a bheidh 'na sheirbhíseach.” Is ar éigin a bhí an breicfeast críochnuighthe aca nuair a chonnaiceadar feirmeóir ag gabháilt thar bhrághaid agus é ag tiomáint gabhar breágh ramhar go dtí an aonach. “An bhfuighfeadh aon duine agaibh,” arsa Seán, “an gabhar sin do ghuid ó'n bhfear fé dtéidheann sé as an gcoill agus gan lámh do leagaint air?” “Ní bhfuighinn,” arsa duine aca, “agus ní bhfuighinn ach an oiread,” arsa duine eile. “Is mise an máighistir,” arsa Seán, “agus deunfadsa é.” D'eulaigh sé amach agus chuaidh sé tríd an gcoill go dtí áit mar a raibh casadh ar an mbóthar. Do bhain sé a bhróg annsan de, agus do leag sé i lár an bhóthair í. Annsan do rioth sé go dtí an cheud chasadh eile agus do chuir sé an bhróg chlé ar an mbóthar agus isteach leis féin i bhfolach sa choill. Nuair a chonnaic an feirmeóir an cheud bhróg arsa sé leis féin, “Do b'fhiú rud éigin an bhróg san dá mbeadh an dara ceann ag duine, ach ní fiú tráithnín í 'na haonar.” Do shiubhal sé chun cinn go bhfaca sé an dara bhróg. “Nárbh mise an t-amadán,” ar seisean, “gan an ceann eile do phiocadh suas. Raghad thar n-ais fé n-a déin.” Leis sin, do cheangal sé an gabhar le tor sa chlaidhe agus do chas sé fé dhéin na bróige eile; ach bhí sí ar chois Sheáin cheana, tá's agat, agus ní túisge bhí an fear as radharc timpeall an chúinne nár tháinig Seán amach. Do chuir sé an dara bhróg air, do sgaoil sé an gabhar, agus do thiomáin sé leis tríd an gcoill é. Mo chreach a's mo léir! Ní bhfuair an fear
bocht an cheud bhróg, agus nuair a chas sé ní raibh an ceann eile le feiscint, ná tásg ná tuairisg den ghabhar le fagháilt ach an oiread. “Míle mallacht,” arsa sé, “cad a dheunfad in ao' chor agus mé tréis seál nuadh do gheallamhaint do Shiobhán. Caithfidh mé dul thar n-ais fé dhéin beithidhigh eile i gan-fhios di. Ní leigfeadh sí dhom é dhearmhád go bráth dá mbeadh a fhios aice gur righneas a leithéid d'amadán díom féin.” Bhí iongantas mór ar na bitheamhnaigh, agus d'iarradar ar Sheán innsint dóibh connus a dhein sé an feall ar an bhfeirmeóir, ach ní inneosadh sé. Tréis tamaillín chonnaiceadar an fear bocht arís agus é ag tiomáint moltacháin breágh reamhar an slíghe ceudna. “Cé ghuidfidh an chaora sin,” arsa Sean “fé bhfágann sé an coill agus gan baint leis an bhfear?” “Ní bhfuighinn,” arsa duine aca, “agus ní bhfuighinn ach an oiread,” arsa duine eile. “Deunfadsa iarracht air,” arsa Seán, “má thugtar ar teud mhaith dom.” Bhí an feirmeóir bocht ag cur an bóthair de agus ag deunamh a mharana ar an mí-ádh a bhí air, ach cad a chífeadh sé os a chomhair amach ach corpán ar crochadh ó gheug chrainn. “Go bhfóiridh Dia orainn,” ar seisean, “thabhairfinn an leabhar ná raibh an corp sin ann uair a chluig ó shoin.” Taréis timpeall leath-cheathrú míle eile a bheith siubhalta aige chonnaic sé corpán eile ar crochadh thar an bhóthair. “Dia le m'anam,” arsa sé, “an bhfuilim as mo mheabhair ar fad?” Bhel, timpeall an fhaid ceudna arís bhí casadh eile sa mbóthar agus timpeall an chúinne bhí an tríomhadh corpán ar crochadh. “Och, Mhuire 's truagh,” arsa sé, “tá deire liom. In ainm Dé, cad a chuirfeadh triúr fear crochta chó gairid do n-a chéile. Is eagal liom go bhfuilim ar buile. Raghad thar n-ais feuchaint an bhfuil na ceannaibh eile ann fós.” Do cheangal sé an moltachán le tor agus thar n-ais leis. Ní túisge bhí sé timpeall an chúinne ná thúirling an corp, do sgaoil sé an moltachán, agus do thiomáin sé abhaile é tríd an gcoill go dtí tigh na mbitheamhnach. Is fuiris a thuigsint conus a bhraith an feirmeóir bocht nuair ná raibh aoinne beó ná marbh le fagháilt aige ag teacht nó ag imtheacht do, ná an moltachán ná an teud le n-ar cheangal sé é ach an oiread. “Ó, nach mí-ádhmharach an lá é seo,” ar seisean, “cad a dheurfaidh Siobhán liom anois? Tá an mhaidin imthighthe orm agus an gabhar agus an chaora caillte chó maith. Is éigean dom rud éigint do dhíol chun go bhfuighfinn luach an tseáil. Bhel, tá an bullán reamhar sa pháirc is giorra dhom agus ní fheiceo sí mé ag dul fé n-a dhéin.” Imata, maran raibh iongnadh ceart ar na bitheamhnaigh nuair a chonnaiceadar Seán ag teacht isteach sa mhacha agus an moltachán 'na fhochair ní lá fós é. “Dar fiadh,” arsan captaen, “má dheunann tú cleas eile dá leithéid tabhairfidh mé suas id fhábhar.” Ní fada go bhfacaighdear an feirmeóir ag dul thar brághaid arís agus bullán ramhar 'á thiomáint aige an uair seo. “Cé thabhairfidh an bullán san annso leis,” ar Seán, “agus gan aoinne do ghortú?” “Ní bhfuighfinn,” arsa duine aca, “agus ní bhfuighfinn ach an oiread,” arsa duine eile. “Deunfadsa iarracht,” arsa Seán, agus siúd leis isteach sa choill. Ní raibh an feirmeóir abhfad ón áit mar a chonnaic sé an cheud bhróg nuair a dh'airigh sé gabhar ag meigeallú istigh sa choill ar thaobh a láimhe deise. Do chuir sé cluas air féin agus b'é an cheud rud eile d'airigh sé ach caora ag meidhleach. “Dar so a's dar súd” ar seisean, “béidir gurb iad so mo cheannaibh féin a chailleas.” Do righneadh tuille meigeallú agus meidhleach annsan. “Sin iad chó siurálta a's atá pus ar asal,” ar sé, agus do cheangal sé an bullán le tor sa chlaidhe agus siúd leis isteach sa choill. Nuair a chuaidh sé gairid don áit a raibh an glór dh'airigh sé tamaillín roimhe arís é agus do lean sé é. Fé dheire thiar thall nuair a bhí sé timpeall leath-mhíle ó'n áit a cheangal sé an beithidheach do stad an glór ar fad. Tréis a bheith ag cuardach agus ag cuardach go dtí go raibh sé cortha do chas sé fé dhéin an bhulláin, ach an drae bulláin a bhí ann ná in aon áit eile a chuardaigh sé. An uair seo nuair a chonnaic na bitheamhnaigh Seán agus é ag teacht isteach sa mhacha agus an duais aige do b'éigean dóibh glaodhach amach: “Caithfidh Seán a bheith mar ceann orainn feasta,” ar siad go léir. Eachtra an cóisire a bhí ar siubhal annsan aca ar feadh an lae. Fé chuadar a chodladh do theasbáineadar do Sheán pluais mar a raibh a gcuid stóir airgid i bhfolach agus i bpluais
eile a gcuid cealltar go léir agus do dhearbhuigheadar go mbeidís umhal do. Aon mhaidin amháin timpeall seachtmhain 'na dhiaidh san agus iad ag breicfeast arsa siad le Seán: “An bhfanfaidh tú i mbun an tighe indiu an fhaid a's a bheimíd ar aonach Chill Mhuire? Is fada anois ná raibh cearrbhas againn. Gheobhfá-sa lá d'fhagháilt pé uair is maith leat.” “Ná habair é fé dhó,” arsa Seán, agus d'imthigheadar leo. Tréis iad a bheith imthighthe do labhair sé leis an bhean-a'-tighe olc: “An dtugann na macaibh sin aon rud duit riamh mar bronntanas?” arsa sé. “Dá mbeifeá ag braith ar a leithéid,” ar sise, “is beag a bheadh agat go deimhin. Geallaimse dhuit ná tugann.” “Tá go maith,” arsa Seán, “siubhal leat agus deunfadsa bean saidhbhir díot.” Do thug sé leis í go dtí pluais an airgid. Bhí iongantas agus áthas agus sainnt ar an tseanbhean, agus an fhaid a's a bhí sí ag cur a dhá súil tríd an gcarn óir do bhí Seán ag líonadh a phócaí agus mála beag a bhí aige leis, agus nuair a bhíodar chó teann a's a b'fhéidir leó d'imthigh sé leis agus do chuir sé an glas ar an ndoras ar an t-sean-chailleach. Níor dhearmhad sé an eochair d'fhágaint i bpoll an ghlais. 'Sé an rud a dhein sé annsan tréis culaith bhreágh do chur air féin ach an gabhar agus an moltachán agus an bullán do thiomáint leis go dtí tigh an fheirmeóra. Bhí Siobhán agus a fear 'na seasamh ag an ndorus, agus nuair a chonnaiceadar na beithidhigh chucha bhíodar ag léimrigh le neart áthais. “An bhfuil fhios agaibh cé leis na beithidhigh seo, a chomharsana?” arsa Seán. “Béidir ná fuil a fhios! Is linn iad, dar ndóigh.” “Fuaireas iad ag imtheacht ar fán sa choill. An libh an mála agus deich nginí ann atá ar crochadh timpeall ar mhuineál an ghabhair?” arsa Seán arís. “Ní linn go deimhin.” “Bhel, bíodh sé agat mar grádh Dia, ní theastuigheann sé uaim,” arsa Seán. Do chuir Seán an bóthar de annsan go dtí gur shrois sé tigh a athar. Bhí an clapsholus ann leis an am seo. Chuaidh sé isteach agus do bheannuigh sé dhóibh. “Dia is Muire dhíbh,” arsa sé. “Dia is Muire dhuit is Pádraig, a dhuine uasail.” “An bhfuighfinn lóistín annso anocht?” ar seisean. “Dhera, a dhuine uasail, ní oirfeadh an áit bhocht so dod' leithéid.” “Mhuise,” arsa Seán, ag cur sgairt gáire as, “ná aithnigheann sibh bhur mac féin?” D'fheuchadar air go geur, agus annsan ní raibh ann ach comhrac feuchaint ciaca ba thúisge aca a bheirfeadh barróg air. “Ach, a Sheáin a stoir, cá bhfuair tú an chulaith ghalánta seo?” “Tá sé chó maith agaibh fhiafruighe dhíom cá bhfuaireas an t-airgead,” arsa Seán, ag dortadh amach a raibh 'na phócaí ar an mbórd. Bhí gach saghas eagla ortha ar dtúis, ach tréis do a chuid eachtraí d'innsint dóibh ó thosach deire do mhaolaigh ar an ngleithearán agus chuadar go léir a chodladh go sona. “A athair,” arsaigh Seán maidin lár na mhárach, “téir go dtí tighearna na talmhan agus abair leis go bhfuil sé uaim a inghean do phósadh.” — Ach sin eachtra eile. Inneos- faimíd uair éigin eile é. CILL NUADH. ROINN NA TALMHUÍOCHTA AGUS TEAGAISG TEICNICIGH. CÚRSAÍ SAMHRAIDH UM OIDIS MÚINTEOIRÍ 1923. Béidh Cúrsaí Samhraidh um Oidis Múinteoirí i Sgoileanna idirmheadhonacha, Sgoileanna Ceardamhla agus Sgoileanna Iostais um Foirbhithe Tioghbhusaig ar siubal rith mí Iúil. Béidh Cúrsaí Samhraidh i gcóir Eoluíochta Tuaithe (maille le Garrdhadóireacht um Sgol) le haghaidh Múinteoiri Sgol Náisiunta, ar siubhal rith mí Lughnasa. Bu chóir iarratais un a bhfreastail a chur isteach, ar uimhir fheileamhnaigh, chó luath a's is féidir. Ní glacfar le aon iarratas a thiocfas tar éis an 15adh d'Aibreán. Sgríobhtar i gcóir aon fhaisnéis eile agus fuir- meacha go dtí An Rúnaidhe, Roinn na Talmhuíochta agus Teagaisg Teicnicigh, Sráid Mhuirbhtheann Uach., Áth Cliath, bu chóir “Cúrsaí Samhraidh” a sgríobh ar na clúdaigh.
FOGHAIR NA GAEDHILGE. CEACHT A VI. Laou — Chum an foghar a dheu- naimh bíonn barr na teangan 'san áit cheadna agus “san t-slighe cheadna is a bhíonn sé do “Taou” nó do “Daou” .i. Leathta go bog leath istigh de na fiaclaibh uachtracha, agus in a fhochair sin bíonn bun na teangan gairid don charball bog díreach mar a bhíonn do “Gaou.” Tá guth ag baint le “L” agus bíonn an guth sin ag teacht amac ar gach taobh den teanga. Is é an dearmhad is mó a dhéinéann lucht foghlumtha na Gaedhilge acht gan bun na teangan a chur suas gairid don charball bog. Ní dheíneann siad aon deifir idir “Lá” & “Law”; idir “Lán” agus “Lawn.” Nuair a bhíonn iasgairí Bhaile na nGall i nDéísibh Mumhan ag deunamh an Fhoghair so ní bhíonn barr na teangan leath istigh de na fiaclaibh uachtracha in aon chor aca — aon rud acht bun na teangan a bheith gairid don charball bog agus mar gheall ar sin is mar a chéilé bhíonn “Dhaou,” “Ghaou,” agus “Laou,” aca. Is amhlaidh adeir siad “A Chadh-dha” nuair a theastuigheann uatha “A Chadhla” a rádh. Feuch go ndéineann cuid de na daoinibh an dearmhad gan “bun na teangan a chuir suas gairid don charball bog” & go ndéineann cuid eile an dearmhad gan “barr na teangan a chuir suas leath istigh de na fiaclaibh uachtracha.” Tá práinn leis an dá rud chum an foghar a dheunamh in a cheart. “Lei” — Bíonn barr na teangan ar an iomaire don bhfoghar so & bíonn an ghuth ag teacht amach ar gach taobh. Raou — Chum a foghar so a dheunamh bíonn barr na teangan leath-ta amach ar an iomaire & é ar crith. Rei — Déintear an foghar so le barr no teangan a bheith rud beag siar ar an iomaire & an crith beag ann. Tá sceul an dá fhoghar so roinnt ait. 'Sa bhfocal “Arán” foghar caol atá ag an “r”; is é rud adeirtear acht “reán.” “Roinn” adeirtear in áit “Rinn”; “reá” adeistear in ait “rádh”; scríobhtar “Rí” agus “Roí” adeirtear go minic. Deir na cainteoirí is fearr, “A Rí,” acht deir siad “An Roí”; scríobhtar “riamh” acht deir mórán daoine “roí — amh” 'sa chaint. Deirtear “er” le “ar” & le “air.” I gcaint na n-Osruidheach ní bhíonn an crith san “Rei” in aon chor acht is amhlaidh bhíonn barr na teangan gairid don áit rud beag siar ar an iomaire. Is fuiris Osruidheach do aithint in aon áit d' Éire ón bhfoghar so. Cuimhnigh go mbíonn guth ag gabháil le “R.” “Saou” — Bíonn barr na teangan leath istigh de na fiaclaibh iochtracha don bhfoghar so & lár na teangan gairid don iomaire. Meabhruigh an dá foghar so — “Sá” & “Saw.” Do “Saw” is amhlaidh bhíonn barr na teangan gairid don iomaire. Sei, — Déintear an foghar so rud beag níos sia siar ar an iomaire ná mar a bhiónn an “S” agus bíonn barr na teangan leath istigh de na fiaclaibh ioctracha. Tá a fhios againn gur consona oscailte “S” féin; mar sin féin bíonn tinfeadh air. Shaou — Déintear an foghar so díreach mar a dhéintear “Thaou.” Shei — Agus déintear an foghar so mar a dhéintear “Thei.” act uaireannta bíonn sé mar “Cei.” Tabhair fé ndeara gur “A Cheáin” adeirtear do “A Sheán”; “A Cheoirse” do “A Sheoirse”; “A Chiobháin” do “A Shiobháin; “A Chiubhal” do “a shiubhal” agus mar sin. Ní fhuil aon fhoghar-gutha 'sa scórnach do “S.” Tá sé ráidhte go ndeirtear “Taímíd in ár Zsuidhe,” agus “fanaidh in bhúr Zseasamh” in áiteanna éigin i gCúige Mumhan, .i. go gcurtar foghar-gutha leis i'gcóir an earchradh acht níor airigheasa féin riamh é ag aon chainteoir. Feuch gur “T” a bhíonn mar earchradh ar “S.” PÁDRAIG Ó CADHLA.
AN MHEADHON GHAEDHEALG AGUS CAINT NA NDAOINE. Tá gontacht agus léireacht 'sa nGaedhilg atá is na sceulta so. 1 Tá an chaint go sníomhtha, snoighthe, casta ionnta; ta líomhthacht agus deiseacht agus ceol innte. Is fuiris a aithint gur duine é Seán Ó Cuirrín a rugadh agus a tógádh leis an Ghaedhilg gus a deiseacht is féidir leis an Mheadhon Ghaedhealg a sníomhadh le snas tré chaint na ndaoine, nó ba chirte dhom a rádh béidir a dheiseacht a gheibheann sé caint na ndaoine a shníomhadh ar fhuiting na Meadhon Ghaedhilge. Im' thuairin-se is mar sin a fhásfaidh an “stíl” agus an chomhthromacht so atáthar ag lorg don Ghaedhilg. Dá mba thoil le Dia an Dochtúir de Henebre t'fhágaint againn is é a shaothróchadh an chomhth- romacht sin dúinn. Dalta dhó is eadh Sean agus dheurfainn go dtabharfadh sé cuid dá thréithe leis. Tá an fhileamhlacht agus an ceol 'sa chaint aige mar a bhí ag an Dochtúir. Tá cleas na bhfocal saothruighthe go maith aige:— Feuch leat ar seo — “Ceud moladh go hárd le Righ na nGrást nGeal! Beirt Ghaedheal, Beirt Dhéiseach, dearbhráithreacha, Tadhg Feusógach agus Seán bearrtha, d'fhágadar Déise is i bhfad i gcéin leo fasna hárda; casadh le chéile iad fé mhalairt bhréig-riocht is niorb' aithnid dá chéile Tadhg na Seán so; ar n-a dtéarnamh thar n-ais go hÉirinn, is ar mbualadh le chéile dhóibh in eugmais a mbréig-riocht, 'seadh b'aithnid dá chéile iad, is ba mór é a n-áthas. Sin críoch le m'ráidhthe agus mé go sásta.” Cé dheurfadh ná fuil an fhileamhlacht agus an ceol 'sa chaint sin. Sin rasc a chuir sé i mbeul pearróide. Bheadh sé ceart ag Seán an fhilidheacht a shaothrughadh; tá an fhéith sin ann maran bhfuil a fhois aige é. 'Sé féin a cheap an cheud sceul. Tá doircheacht éigin in áiteanna dhe agus tá sé deacair an mheabhair cheart a bhaint as. Chaith mé é léigheamh trí nó ceathair 'e bhobhtaí chum an chiall go léir a thabhairt liom. Fuair mé ann é i ndeireadh acht bhí sé orm é a lorg. Locht ar sceul is eadh aon dhoircheacht mar seo a beith ann. Caithfidh an soiléireacht a bheith 'sa cheangal agus in gach aon chasadh agus iompó den sceul. Chifeá ná raibh an múladh agus an ceap ar ar riothfadh an sceul so chomh glanta chomh scriosta chomh snasta leis an múladh ar ar riothfadh na trí 1 Beirt Dhéiseach: Seán ó Cuirrín do sgríobh agus Comhlucht Oideachais na h-Éireann d'foilligh — 3/ a luach. sceulta eile. Béidir nach iongnadh sin. Ní theipfidh ar Sheán an ceap sin a cheapadh dha féin in áit a chéile. Teideadh sé ar an tsimplidheacht agus beurfaidh sé níos fearr ar a ghreamanna. Tá “Gluais agus foclóir” ag gabháil leis na sceulta agus dob' fhiu do aoinne é léigheamh agus a mheabhrughadh. Ní baoghal gur ar an mbearla a chuaidh sé chum brígh agus éifeacht na bhfocail ná na ráidhte a léiriughadh. Ní h-eadh i maithte; ní fhuil de riaghal tomhais aige don Ghaedhilg acht an Ghaedhealg feín. Ní fhuil aon tacaidheacht uaidh ar an mbeurla nach an oiread gus dá mbá ná beádh sé ann in aon chor. Nach- mór an náire agus an aithis do scoláirí móra na Geadhilge ná fuighidh siad bualadh amach go deo le leabhair Gaedhilge gan an tacaidheacht so ón mbeurla. Leabhar a bhfhuil seoda Luachmhara Gaedhilge ann is eadh “DánFhocail” (Tomás F. Ó Rathaille, M.A), acht cad chuige an riomh- rádh beurla a bheith ann. Cad chuige gach aon eolus agus gach aon míniughadh atá ag baint leis na seoda so a bheith 'sa mbeurla? Nár cheart go bhfuigheadh gach aon leabhar mar seo seasamh ar a chosa féin gan an tacaidheacht so ón mbearla. Badh dhóigh leat ar na daoine seo gur amhlaidh ná fuil aon mhuinghin aca as a gcuid Gaedhilge féin; tugann siad leabhar áluinn dúinn ar mhaidí- croise beurla. Dream eile de sna h-údair mhóra ceudna ag scríobhadh columhain mhóra de bheurla léigheanta ag cur síos ar:— “Sé an ainm a bhí air ná Seudna,” nó cia aca is cirte “dhá Phighin” nó “dhá Phingin?” Dé mhaith á bheith ag braith ar stiúradh ná ár solus orra sin. Molaim an Cuirríneach go hárd ar dheiseacht na gluaise atá i ndeireadh an leabhair so aige. Cé léighfidh na leabhair mhaiththe Gaedhilge acht an dream a bhfuil an Ghaedhealg aca. Cad chuige, má 'seadh, a bheit ag deunamh meur-ar-eolus dóibh den mbeurla. Is deacair a thuigsin cadé an mheabhair a chaitheann daoine leis an rud so. Is féidir feidhim a bhaint as an Ghaedhilg do gach aon ocáid an té bheadh sí ar a thoil aige. “Feuch,” arsa duine éigin agus é ag caint an lá heile liom, “cá shoin a bheidh sibh ábalta ar alt breágh léigheanta éifeachtamhail mar é sin a thabhairt 'sa nGaedhilg dúinn?” ag leagaint a mhéire ar an bpríomh-alt bhí 'sa pháipeur laetheamhail. “Ar an nomant dearg so” arsa mise. “Tá breall ort,” ar sé sin. “Cá bhfuil an Ghaedhealg atá ágat ar na focail seo?” ag tarraingt líne le n-a pheann luaidhe futha. “Fan,” arsa mise, “Cad a bheadh uaim chum alt mar é sin a scríobhadh?”
Ní bheadh uaim acht na smaointe bhí ag an bhfear sin agus a gcomhthrom Gaedhilge chum iad a nochtadh. Ní fhuil aon mhearbhall orm ná go bhfuil go leor daoine againn agus an comhthrom sin aca. Acht is é rud a theastuigheann uait-se acht go gcoiméadfaimís an beurla so mar riaghal-tomhais i gcomhnuidhe againn. “Táim ag teacht breun den obair seo,” arsa mise. “Cuimhnigh ar an fhaid aimsire atá an fear a scríobh an t-alt sin ag saothrughadh an bheurla chum alt mar é sin a scríobhadh. Bhí sé dá labhairt ó rugadh é agus tá sé agus na hoidí múinte bhí aige gach aon lá ó shoin ag piocadh agus ag glanadh na fiaghailí as an mbeurla ceudna sin a bhí aige agus ag cur leasuighthe agus aoiligh leis gach aon lá dhá shaoghal gur éirigh leis an méid sin a scríobhadh. Fan go mbeidh Seán Ó Cuirrín agus a leithéid tar éis an méid ceudna dá chuid aimsire a chaitheamh agh cóiriughadh na Gaedhilge agus chífe tú a dheiseacht gus a eireochaidh leis an chaint a sníomhadh. Ní chum a bheith ag cimilt baise dhe Sheán Ó Cuirrín atáim ag leigint liom féin ar an dul so acht teastuigheann uaim a chur i n-iuil do-sna daoine seo a bhíonn ag caint go bhfiul an Ghaeldhealg ann acht na daoine a bheith againn chum í a láimhseáil. FEAR FEASA. BANNDAÍ GLUAISTEÁIN AJAX TYRES Gheibhtear go díreach ó Shasana Nuadh iad gan aon bhaint le Sean-Shasana. Banndaí thar barr iseadh iad. Mara bhfuil siad ag gach aon siopa gluaisteáin ar fúd na hÉireann ba cheart go mbéidís. Seo an t-aon dream amháin de lucht díolta bannda san iomlán a chuireann suim i gcúrsaí na Gaedhilge. Oifhig — Cae Eden, 7, Baile Átha Cliath LÉIRMHEASA EILE. “ROGHA AN FHILE.” Rince é seo maille le n-a chuid ceoil. Treasa Ní Ailpín a cheap idir rince agus ceol, agus Seán Ó Cuirrín a chur Gaedhealg ar an stiúrughadh atá ag gabháilt leis. Tá an rince ar dheiseacht. Chonnaic mé dhá chleachtadh é ag scata daoine óga. Tá sé banamhail beusach mar ba chóir do rince a bheith agus é chomh simplidhe le casadh an t-súgáin. “COSA BUIDHE ÁRDA.” Dreachtíní beaga deasa fíor-Ghaedhealacha agus an ceol atá ag gabháilt leo atá bailighthe agus curtha in eagar insan dá leabhairín seo ag “Finghin na Leamhna.” Aoinne againn a rugadh agus a thógadh 'sa nGaedhealtacht, is cuimhin linn go maith ár máthair nó ár sean-mháthair a bheith dá ndingeadh so isteach 'nár gcluasa. Is iongantach ar fad an suim a chuireann na leanbhaí ionnta agus ba bhreágh led' chroidhe a bheith ag éisteacht leo dá ngabháil. Is taithineamhach ar fad an tslighe é chum Gaedhealg a mhúineadh. Bhí a leithéidí seo ag imtheacht uainn go tiugh agus ba cheart dúinn a bheith buidheach d' “Fhinghin” mar gheall ar an mbailiughadh. As an teine thug sé cuid aca. Tá sé dá mbailiughadh ar fuaid na Mumhan le fiche bliadhain. Muintir Brún agus Ó Nóláin na foillsightheoirí. F. F. LEABHRA. LEABHRA. Seo an méid leabhra fuaireamar ósna foillsightheoirí an mhí seo caithte: Comhlucht Oideachais — “Óir-Chiste.” — Seumas Ó hAodha. 5/-. “Laochra Gaedheal.” — Tomás Ua Concheanainn agus a chéile. 2/6. “Amhráin Mhuighe Sheola.” — Bean Mhic Coisdealbha. 5/-. “Seilg i Measg na nAlp.” — M. Breathnach. 1/6. Preas Dhúin Dealgan — “Sé Amhráin na hÉireann.” 3p. “Rannta Naoidheanán.” — “Cú Chulainn.” 10p. “Mion-Orduighthe na Scoile.” — 7p. Mártan Lester — “An leath-Rann,” — An Craoibhín. 4/-
LEITIR. LEABHAIR DON AOS ÓG. D'Fhear Eagair “An Sguab.” Léigheas an rud do sgríobh Art Ó Riain i dtaobh trathnóna na bpáistí i nÁrus an Fháinne agus thugas fé ndear an tagairt do dhein tú féin agus “Fear Feasa” don cheist chéadna. Ach ní h-i mBaile Átha Cliath a chomhnuigheann gach aoinne. Tá clann agamsa, cuir i gcás, fén dtuaith sa bhfíor-Ghalltacht agus d'éirigh liom roinnt Gaedhilge do mhúineadh dóibh sa mbaile. 'Sé an rud is mó airighim uaim anois ach leabhair Ghaedhilge oireamhnach don aos óg. Tá gach saghas leabhair i gcóir leanbhaí le fághailt agus bhí i gcomhnuidhe, ach ní fhaca mé níos mó ná cúpla ceann i nGaedhilg. Bíonn sé cruaidh ar dhuine tréis teacht abhaile dhó um thrathnóna, agus é tuirseach ó obair an lae, a bheith ag síor cheapadh sgéalta do na chlann nó ag cur Gaedhilge ar na sgéalta Beurla atá aca. Is dócha go bhfuil an-chuid aithreacha agus máithreacha sa chás chéadna liom fein, agus is mó duine a bheadh fe chomaoin agat, a fhir eagair, dá n-inneosfá dúinn cad iad na leabhair atá le fághailt a dh'oirfeadh do n-ár gclann. Mise, “TUISMHIGHTHEOIR.” [Nil leabhair den tsórt so chomh fairsing san in ao' chor agus tá práidhinn againn le n-a leithéid. Tá an méid seo leanas ann, pér domhain de, agus a thuille leis is dócha ná fuil eolas agamsa ortha:— “Eachtra Eibhlís i dTír na nIongantas” (P. Ó Cadhla). “Tír na nIongantas” (P. Ó Conaire). “Eachtra Bharúin Munchausen” (ón Gearmáinís). “Robinsoe Crúsó.” “Oidhcheanta Sidhe” (Liam Mac Liaimmhóir). (Tá Beurla sa cheann so, ámhthach). “Sáimhín Sógh” (S. Ó Cléirigh). “Sgeulta don Aos Óg” (Brún & Ó Nólain d'fhoillsigh). “Íosagán” (Pádraig Mac Piarais). Tá “Jimín” agus “Seáinín” oireamhnach do bhuachaillí sgoile. Dála an sgéil tá “Seudna” ann agus cuid desna sgeulta do sgríobh an Dr. Ó Síothcháin (“Gabha na Coille,” “Ladhar den Lus Mór,” &rl.), gan trácht ar a lán leabhairíní atá tréis teacht amach le déidheannaighe le haghaidh na sgoileann: “Scéalóga,” “Sgéalta Sgoile,” “Binn is Blasta,” &rl, &rl. — F. E.] AN GHAEDHEALG MAR TEANGA GNÓTHA. Deireann na daoine so leanas go bhfuilid toiltheannach a's lán-tsásta a gcuid gnótha do dheunamh i nGaedhilg le haon duine a thiocfadh chucha nó a sgríobhfadh chucha. O'Raógáin & a Chomh Teo., Grósaerí &rl, 54 Sráíd Dáson, Áth Cliath. Máire Ní Raghallaigh, Leabhair Ghaedhilge, 87 Sráid na Driseóige, Baile Átha Cliath. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor., 89 Sráid an Tálbóidigh, Baile Átha Cliath. Cló-Chomhlucht an Tálbóidigh, Teor., 85 Sráid an Tálbóidigh, Baile Átha Cliath. Tomás Mac Mathghamhna, Ceannaidhe, An Sgairbh, Co. an Chláir. Domhnall Ó Conchobhair, Cúntaisidhe, 13 Sráid an fheis- tighe, Baile Átha Cliath. Ághaistín Ó hAodha, Táilliúr, 16 Sráid an Húmaigh, Baile Átha Cliath. J. L. Stewart, Siopa Córacha Oifige, 4 Faithche an Choláiste, Baile Átha Cliath. Muintir an Ráithín, Gáirdíní Oileamhna Crainn, Tuaim- gréine, Co. an Chláir. Siopa na Leabhar nGaedhealach, 45 Sráid Dáson, Baile Átha Cliath. H. Ridgway, (aon dhuine amháin), Bearrbóir 22 Sráid an fheistighe, Baile Átha Cliath. Bannc na Talmhan, Faithche an Choláiste, Baile Átha Cliath. Muintir Pléimeann, Gualadóirí, 9 Sráid Fheardorcha, Thuaidh, Baile Átha Cliath. An Siopa Gaolach (Fountain Book Shop), An Parád Mór, i gCorcaigh. Muintir Jules (aon duine amháin: Tomás Ó Catháin), Coiffeurs de dames, 26 Faithche Stiobhna, Thuaid, Átha Cliath. Ba mhaith linn a thuille ainmeacha d'fhagháilt le haghaidh an liosta so. ÚSÁID GRANIA TOOTH PASTE AR SON t'FHIACLA ÚSÁID GIBSOL OINTMENT AR SON DO CHROICINN Fior-dheuntús na h-Éireann iseadh iad so. Táid le fághail ósna drugadóirí ar fúd na tíre ar 1/3 gach ceann nó go díreach (saor tríd an bpost) ó Gibsol, Teo., Lána an Chláir, Áth Cliath. Deuntar íce le h-aghaidh beithidhigh ann leis.
BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA. ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE ÁTHA CLIATH. DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT. Bun-airgead Geallta, £406,000. Bun-airgead Díolta, £203,000. Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1922, £1,900,000. BUNUIGHTHE 1920. BRAINNSÍ:— 68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh, Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis Maghchromtha. THE NATIONAL LAND BANK LTD. Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason & a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Maunsel & Roberts Teo., Áth Cliath, & foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services