Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uimhir 8 Bealtaine1923

Title
Uimhir 8 Bealtaine1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
Muintir an Sguab

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SGUAB



Uimhir 8 BEALTAINE 1923 3p. SA MHÍ



REIM NA h-UIMHREACH SO. Leath



BEATHA DHUINE A THOIL 147



IOLSGOIL NA MUMHAN V. … PÁDRAIG O CADHLA 149



AN SMÁL SA bPICTIUR … CÚ CHULAINN 150



EACHTRA MÚINTEORA GAEDHILGE … Micheál Breathnach 152



AN GAEDHEAL NA GHALL … NIOCLÁS TÓIBÍN 155



AN BITHEAMHNACH MACÁNTA … “CILL-NUADH” 157



FOGHAIR 'NA GAEDHILGE VI. … PÁDRAIG Ó CADLA 160



AN MHEADHON GHAEDHEALG & CAINT NA NDAOINE … FEAR FEASA 161



LÉIRMHEASA EILE 162



LEITREACHA 163



CUMANN URRADHAIS MUINTIR NA h-ÉIREANN



(THE IRISH PEOPLE'S ASSURANCE SOCIETY)



CUMANN DO GACH AOINNE ISEADH É. NÍL AON NIDH CHUN DEIRIDH ANN.
FÍOR-ÉIREANNAIGH ATÁ I mBUN NA h-OIBRE SEO.



Gach fios agus faisnéis le fagháilt ón Rúnaidhe



S. M. Ó DEORÁIN



ÁRD-OIFIG — CEARNÓG PHARNEILL A 16, ÁTH CLIATH.



ÚIRLISÍ
le h-aghaidh gach ao' céird.



RÁSÚIR
le h-aghaidh ghach ao' saghas
Feusóige.



SGEANNA
le h-aghaidh gach ao' dighe.



Deuntús na h-Eireann (más féidir).



McQUILLAN,
35 & 36 SR. CAPEL, ÁTH CLIATH.



Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n
Chumann Gaedhealach is Fearr



AN UMANN IBÉRNEACH
INSIURÁLA TEÓ.



I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS
COITCHINNE.



Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN
DÁMA, ÁTH CLIATH.



NA POLASAITHE IS IOMLÁINE LE
FAGHÁIL.


L. 146


SIOPA GRÓSAEREACHTA IS LÓN-TIGHIS.



SIOPA NUA É SEO I LÁR NA CATHRACH. TÁ SÉ CHUN
A BHEITH AR OSGAILT AN 5ADH LÁ MÍ NA BEALTAINE.



(Le congnamh De)



NÍ GÁDH DON BHEAN-TIGHE FOCAL BEURLA A LABHAIRT ANN.



Agus cuirfear a mbeadh ceannuighthe aici abhaile go dtí an dorus cúichi
i ngluaisteán iompar i n-aon áit 'sa chathair nó 'na comharsanacht.



Seo-igí, a lucht an Fháinne, anois an t-am agaibh bhúr gcomhar & bhur
gcaradas a theasbáint. Tagaidh chughainn agus bainidh triall as an áit.



(Ba cheart gan an fógra so a bheith sa “Sguab” an mí seo caithte & iarraimíd
maitheamhantas idtaobh an dearmhad).



O RAOGÁIN AGUS A CHOMHLUCHT, TEORANTA,
SRÁID DÁSÚN A 54, BAILE ÁTHA CLIATH.



WEST & SON



SEODÓIRÍ, GAIBHNE AIRGID, AGUS
CLUIGEADÓIRÍ.



Tigh Grafton,
102 & 103 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath



An cnuasacht is mó i n-Eirinn;
Fáinní pósta & Fáinní geallamhana;
bronntanasaí airgid; córacha
tae & caifí; &rl.



TAGAIDH ISTEACH CHUN IAD DH'FHEISCINT.



TAE.



Togha an mhargadh gach aon tSórt Tae atá
againne, bíonn siad mar a chéile igcomhnuide
agus bíonn gach éinne sásta leo.



Luach — 2/4, 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt.



Tae ón t-Sín — 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt.



BECKER BROS., LTD.



Sráid Seoirse Mór Theas a 8 agus
Sráid an Iarla Thuaidh a 17, i mbaile Átha Cliath.



THE MONUMENT CREAMERY



AN T-IM UACHTARLAINN IS FEÁRR



Deunta d'uachtar glan, úr, pasturáltha: Milis, blasta,
is úr i gcomhnuidhe.



Tagann uibhe toghta muinighneacha isteach chughainn
gach aon lá.



SRÁID PHÁRNEILL, 75, & PORT CAOIMHGHIN
ÍOCH., 25, BAILE ÁTHA CLIATH.


L. 147


BEALTHA DHUINE A THOIL



Tá alt san uimhir seo do sgríobh Ultach i
nGaedhilg Chúige Uladh. Tá fáilte roimhe sa
“Sguab.” Thárluigheann sé gurb' í Gaedhealg
Chúige Mumhan atá againn féin acht aon duine a
bhfuil tuairm neamh-spleádhach aige agus ná
fuil cumhang-aigeantach caithfidh sé admháil ná
fuil Gaedhealg Chúige Mumhan ná Gaedhealg
Chúige Connacht ná Gaedhealg Chúige Uladh níos
feárr ná a chéile i ngach aon slighe. Tá rudaí
maithe ag baint le gach aon cheann aca ná fuil
le fághailt sna ceannaibh eile, ach níl aon dabht
ná go bhfuil an iomarca cainnte agus an
iomarca ráiméise ar siubhal mar gheall ar
chúigeachas agus ar chanamhaintí. Bítear ró-
ghleithearánach leis i dtaobh na Gaedhilge do
shimpliú. Sé an tuairm atá againn ach gur
cheart go ndeunfaidhe an rud in áit a chéile,
go mbeadh fás nádúrtha uirthi; leanaimís de
leitriú Uí Dhuinnín de ghnáth agus ná bímís
ró-thabhartha ar an gcruaidh-Ghaedhilg do sgríobh;
sí an simplidheacht atá ag teastáil ach simplí-
dheacht agus dírigheacht cainnte. Agus maidir
le canamhaintí níl an oiread san difridheachta
eatortha, agus fighfear ina chéile iad in am agus
i dtráth. Ní baoghal don teangan ach ó chuid
desna daoine is mó atá tabhartha ar í shábháilt,
go speisiálta ó sna daoine seo atá ag plé a
leighis i mBeurla ins na páipéirí laetheamhla
fé láthair.



Cuirimíd fáilte leis roimh “An Chearnóg”
agus roimh “Tír na n-Óg,” dhá pháipéur Gaedhilge
atá tréis teacht ar an saoghal le déidheannaighe.
Go mairidh siad a bhfad. Dá mhéid páipéirí
Gaedhilge chuirtear cló ortha in Éirinn is
amhlaidh is feárr.



Ach páipéirí laetheamhla na hÉireann: tá
port eile le seinnt againn i dtaobh na ceiste
sin. Maidir le Gaedhilg táid go dona. 'Sé
an rud is mó dhe má bhíonn 1% den “Inde-
pendent” agus den “Freeman” i nGaedhilg.
Ní bhíonn focal dhí san “Irish Times,” agus
tá faillighe dá dheunamh uirri sa “Cork Ex-
aminer” le tamall maith anois. Is mó duine
léigheann an “Daily Mail” na laetheanta so.
'Sé an leath-sgeul a bhíonn acu ach go mbíonn
sgeula ó Éirinn níos muinighinighe ann ná mar
a bhíd i bpáipéirí Bhaile Átha Cliath agus
Chorcaighe. Ní fheadar. Tá saghas amhras
againn gurab' iad sgeulta ó sna cúirteanna
divorce, &rl., is mó a bhíonn ann chun aghaidh na
ndaoine do tharraingt air. Tá an méid sin
maitheasa 'nár bpáipéirí féin, pér domhain de,
ná bíd ag soláthar salachair dúinn mar phríomh-
nuadhacht. Tá go maith. Ach cad mar gheall ar
nuadhacht an domhain. Tá an “Irish Times”
ar an gceann is feárr chuige sin, agus gan dabht
tá deallramh air maidir le cló agus páipeur
seachas na ceannaibh eile, ach ní bhfuighfeadh éinne
a bfhuil aon mheas aige air féin a bheith ag braith
air sin amháin. An slighe a fheucann an saoghal
don Iar-Shasanach a bhíonn ann i gcomhnuidhe.
Nach mór an truagh é ná fuil fear mór airgid
againn a gheobhadh páipeur laetheamhail Gaedhilge
(nó leath-Ghaedhealg agus leath-Bheurla) do chur
ar bun agus gan aon bhac air i dtaobh an
cailleamhaint airgid a bheadh ann go ceann
tamaill mhaith. Bhel, níl aon mhaith a bheith ag
gearán le bun dúide gan díombáidh, agus níl
aon rud le deunamh fós ach pé feabhas is féidir
linn do chur ar na páipéirí atá againn cheana.



Níl aonnidh is láidre ná na páipéirí chun
tuairm na ndaoine, baramhail an phobail, do
chumadh. Is mór an creideamhaint, cuir i
gcás, atá tuillte ag an “Leader” sa méid
sin agus déarfamuís go bhfuil na Gaedhil fé
chomaoin 'gá fhear eagair toisg na h-oibre atá
deunta aige. Tá “Dublin Opinion” ann ar
an taobh eile, agus cé go bhfuil “An Dáríribh
'na Ghreann” sgríobhtha leasmuigh air is suarach
agus is leamh é tuairm muintir Bhaile Átha
Cliath má's sgaothán fíor ar a n-aigne an
páipeuir ceudna. Cuir i gcomparád le


L. 148


h“Irish Fu ” é, páipeur beag de shaghas eile
ar fad. Más iad na páipéirí fé ndear tuairm
an phobail ní breug a rádh gur mór an éifeacht a
bhíonn sna pictiuirí chun tréithe na ndaoine do
chumadh. Sgeul aingis dona arís. Támuíd
breun d'ainm “T. P. O'Connor — British Board
of Film Censors” a theasbántar roimh gach
pictiúr i nÉirinn fós — agus an “Pathé Gazette,
Irish Edition”: go bhfóiridh Dia orainn. Is
mór an cion atá againn ar flatha Shean-Shasana
agus a leithéid dar ndóigh! Bhel, deirtear go
bhfuilimíd chun ár mbórd féin a bheith againn
feasta, agus má's fíor é is mithid é. Deirtear
leis ná cuirfear pictiuirí anall anois go bhfuil
cáin chustuim ortha. Bí cinnte ná dúnfar na
tighthe pictiuirí, agus má caithtear díol as an
stuif thagann anall ní h-aon díoghbháil é.



Támuíd buidheach de shagairt na h-Éireann
toisg an méid díóbh atá ag fághailt agus ag
léigheamh “An Sguab.” Ach cad mar gheall
ar na Mná Riaghalta? An dtabhairfidh siad le
rádh dhúinn ná fuilid chomh Gaedhealach leis na
sagairt? Tá liosta fada ainmeacha i leabhar
na síntiúsaí, ach níl ach naoi gclochair ann ar
fad — ceithre cinn i gCúige Mumhan, trí cinn i
gCúige Laighean, agus aon cheann amháin i gCúige
Uladh agus i gCúige Connacht. Deireann siad-
san go bhfuilid lán-tsásta leis “An Sguab,”
leis. Sagairt agus múinteoirí sgoile is mó
atá sa liosta (agus dála an sgéil gabhamúid ár
mbhuidheachas leis na daoine go léir atá tréis
athnuadhchaint dó dheunamh ar an síntiús).



Tháinig bileóg chughainn ó mhúinteoirí taistil
Cho. Luimnighe. Ba dhóigh linn féin gur cheart
do lucht stiúrtha oideachais na hÉireann liosta
cruinn baileach desna múinteoirí taistil seo
do sholáthar, iad do thabhairt i dteannta a chéile
i gcoláiste nó i gcathair, agus daoine tuair-
meacha do chur 'na mbun a thabhair-feadh
cleachtadh ceart dóibh ar ghnó sgoile. 'Sé
ár dtuairm gur ortha a bheimíd ag braith ar
obair na Gaedhilge a chur chun cinn go ceart
dáríribh sna sgoileanna. Righneadar obair
mhór don Ghaedhilg in aimsir na síothchána ar
bheagán tuarasdail agus le mórán duaidh.
Annsan chuaidh urmhór sa troid i n-aimsir an
chogaidh, agus ba cheart don Riaghaltas a
ndualgas do chomhlíonadh leo anois.



TOBAR NA FÍOR-
GHAEDHILGE
I
RINN Ó gCUANACH I
nDÚTHAIGH DÉISEACH.



CAITH DO SHAOIRE AR DO SHUAIMH-
NEAS ANN AGUS RAGHAIDH SÉ
CHUM TAIRBHE DO SHAOGHAIL AGUS
DO SHLÁINTE.



Tá tigh fada fairsing i gcomhair bhídh,
iostais, agus an mhúineadh ag lucht
Iolscoile na Mumhan ann — an fhar-
raige i mbeul an doiris aca agus
cóir folcadh idir Shamhradh agus
Gheimhreadh.



Tá táisc agus tuairisc an Scoil
Samhraidh i mbaile a's i gcéin.



SCOIL NA LEANBHAÍ



Fé chúram “An Fhir Mhóir” — Fear
“An Ghéilín,” Fear “An Bhreugáin,”
Fear “An Fhéirín,” agus Fear “An
tSeanchuis.”



“Ní mhúintear Gaedhealg annso,
labhartar í” — tuairisc Sheoirse Mhic
Niocaill ar obair na scoile.



Ta gach fios agus faisnéis le fagháil
Ó'N BHFEAR MÓR
I RINN Ó gCUANACH.



Nó ó PHÁDRAIG Ó CADHLA,
I Lúbán Díge,
I gCo. an Chláir.


L. 149


IOLSCOIL NA MUMHAN I RINN Ó gCUANACH.



V.



AN COLÁISTE NUA.



Bhí uireasba slighe ag cur orainn go mór —
seomratha scoile, tighthe aoidheachta agus iosdais
i gcóir na sluaighte a bhíodh ag teacht ag lorg
na Gaedhilge 'sa samhradh. Níor dhein muintir
na háite iad féin a chur i gcóir chum na strain-
séirí a thógaint, agus mar sin theastuigh tigh
oireamhnach uainn in a bhfritheálfaí biadh agus
iosdas. Bhí fothrach mór tighe san áit le muintir
Stiúirt — na tighearnatha talmhan, agus chuamair
i bun é d'fhagháil. Fuaireamair é gan aon
trioblóid agus gan dada agus ar léas maith,
fada. Thosnuigheamar ar sin gan leath-phingne
i dtaisce againn. Gach duine againn a bhí ag
baint leis an obair go dtí san chuireamair gach
pingin a bhí 'sa saoghal againn 'sa ngnó.
Tosnuigheadh ar an obair 'san Abrán agus bhí
lán an tighe againn istigh ann i mí an Iul 'na
dhiaidh sin. Ní raibh ann acht fallaí fuara;
chaitheamar fuinneoga, dóirse, seomratha, urláir,
uisce, tighthe leath is amuigh, bóithre agus gach
aon rud a dheunamh in aon ráithe amháin aimsire.
Tá a bhuidheachas sin ag dul don bhfear ar
cuireadh a chúram air .i. An Barúnach, bainis-
teoir Comhar-Chumainn Iniscórthaigh. £2,300
a chosain sé orainn agus gan aon rud 'sa chiste
againn acht pé scríbisín a bhí againn féin chum
a chur i dteannta a cheilé, acht bhí muinghin as
Dhia againn agus muinghin againn as na daoine
agus as chirteacht a's as phráinn na hoibre bhi
idir lámha againn. Tháinig mórán daoine í
gcabhair orainn. Is mór an chuid airgid a
bhailigh Seán Ó Floinn dúinn agus ní fheadar cá
mbeimís muireach é. D'oibrigh sé go dian,
dícheallach ag leagaint na bhfiacha go rabhadar go
léir glanta. Fear eile a dhein a chion féin den
obair le linn na haimsire sin acht Diarmuid
Fásait. Chuir sé crann-chor ar bun dúinn agus
dhein sé suas le £300 glan as. Bhronn an
Captaen Ottabha Cuffe Sciath luachmhar orainn
chum a chur ar chomórtas iománuidheachta idir
ghaisgidhigh na hÉireann agus d'fhág sin suas le
£300 eile glan againn.



Fuaireamair an t-earraspáir den airgead
ón mbanc agus chuaidh an Dochtúir Ó Síothcháin
in urraidheacht orainn go ndíolfaí é. Díoladh
é, agus tá sé saor, glan, ó fhiacha anois againn.



Is eadh, acht cé leis é anois? Sin ceist a
bhíotar ag cur go minic .i. “Cé leis na coláistí
Gaedhealacha?”



Tá ós cionn sé fichid de lucht scartacha ann.
Is leo san na tighthe agus a bhfuil de throscán
ionnta i bhfochair cheithre acra talmhan atá ag
gabháil leis an áit. Toghaid san Coiste
Bainisteorachta i n-aghaidh an tríomhadh bliadhain
i gcomhnuide. Fágtar fé an gCoiste sin gach
aon bhainisthidhe a dheunamh ar an áit agus ar an
airgead. Tá an chóiriughadh go léir d'réir
reacht agus riaghlacha “Chumainn na gCarad.”
Infhiúchtar agus scrúduightear na cúntaisí gach
bliadhain. Fé stiúiriughadh an Choiste seo atá
obair Choláiste an tSamhraidh agus obair Scoile
na Leanbhaí. Ceann de na riaghlacha atá 'sa
chóiriughadh acht — “Cibé airgead a bheidh spártha
i gcomhnuidhe é chaitheamh ar ghnó na Gaedhilge
insan tslighe is fearr atá ar eolas ag an
gCoiste.”



Mar adubhairt mé cheana ní fhuil aon airgead
dá fhagháil againn ó Dháil ná ó Dhúil chum cuidighthe
leis an obair. Cibé méid airgid a fhanann
againn as obair an tsamhraidh curtar ag obair
ar scoil na leanbhaí é. Tugtar duaiseanna
do leanbhaí fíor-Ghaedhealacha san áit; bronntar
cúig phúint ar gach aon leanbh nuair a bhíonn na
seacht mbliadna slánuighthe aige agus an
Ghaedhealg mar urlabhra aige i bParóiste na
Rinne agus an tSean-Phobail. Tugtar na
leanbhaí chughainn i mí Lughnasa i gcomhnuidhe
chum iad a thrial.



Chuireamair Comhar-Chumann ar bun do
mhuintir na háite agus atá san ag deunamh
mórán tairbhe do sclábhuighthe, iascairí agus
feirmeoirí na háite. Déintear obair an
Chomhair-Chumainn sin go léir as Gaedhilg —
gnó an tsiopa, cuntaisí, agus gach rud atá
ag baint leis. Thugamair síntiúsaí airgid
chum congnamh a thabhairt do na hiascairí báid
d'fhagháil, agus i ngach aon tslighe táimíd ag
cuidiughadh leis na daoine chum saoghal agus
beatha a sholáthar dóibh féin.



PÁDRAIG Ó CADHLA.



LÉIG “RÓISÍN BHÁN AN tSLÉIBHE.”



Scéal nua-cheaptha ó Peann Niocláis Tóibín le fagháil
ó Comhlucht Oideachais h-Éireann nó ó Nioclas Tóibin,
Ceatharlach. (Fógra)


L. 150


AN SMÁL SAN bPICTIUR.



AR THEORAINN AN DÁ CHÚIGE.



Bhí an bheirt againn ag amharc ar an bpictiur.
Tá dúil mhór ag mo charaid Maghnus i n-ealadhain
na dathadórachta agus na tarrachtdórachta.
Duine é a bhfuil eolas maith aige air, fósta,
agus atá measardha doiligh a shásamh. An
dathadóir go molfadh sé saothar a láimhe b'fhiú
dathadóir a thabhairt air.



B'fhusa mé fhéin a shásamh. Dá bhfeicfinn
crainn agus cnuic agus uisge daithte i gceart
ba chuma liom fa'n mío-chothromacht d'á mbéad
san bpictiúr 'na iomlán.



An pictiur a rabhamuid ag amharc air bhí sé go
h-áluinn gan amhras. Acht bhí aon locht éigin
amháin air, dar leis-sean. Chan fhaca mise an
locht sin.



Pictiur de dhuithche mhór fhairsing ó bharr
mullaigh bhí ann. Bhí leár mór d'uisge gheal-
ghorm leathta amach ó bhun an phictiur go dtí
gur leath sé é féin isteach san spéir i bhfad thuas
mar a rabh na néaltaí 'ghá bpógadh.



Chaoluigh an t-uisge leis anois chugainn ón
fhairrge go rabh sé 'na chumhang-abhainn ag
sníomhadh go roighin sámh leis faoi bhun an chnuic.
Sléibhte árda amuigh ar gach taobh mar bheadh
dhá fhathach ag deanamh gárdaidheachta ar gheata an
chaisleáin — agus a n-uchta agus a nguailne go
dubh-chorcrach i n-aghaidh gile na néaltaí agus
liath-ghorm na spéire. Bhí an tír go h-áluinn
ar gach taobh de'n uisge. Na páirceanna beaga
glasa agus na guirt órdha ag dreaporacht
leobhtha suas i n-áirde, mar deirfeá, go dtí nach
dtiocfadh leobhtha dreaporacht níos faide ar
shliosa na gcnoc árd. Agus chuirfeá i samhlóid
do dhuine daondha gach árdán aca sin — duine a
rabh casóg iol-dhaithte air agus é ag iarraidh
a chionn a shineadh amach suas as na dathanna ar
eagla a phlúchta ag cumhracht na mbláth 's na
bhfásrach.



Toighthe beaga bána sgabhta annsiúd 's annseo
imeasg na gcrann 's na gcreagach ag caochadh
amach ar an áilneacht in a dtimcheall.



Baile beag buideach de thoighthe néata ar
ghobán talaimh a bhí 'ghá shíneadh féin isteach san
loch, agus tur árd géar an teampoill ag díriú
chun na bhflaithéas. Bhí cupla bád seóil mar
bheadh feileacháin ann agus iad ag gluaiseacht
leobhtha trasna ar an bpictiur. Sgáile na
sléibhte thall ag dubhadh uisge an locha fa na
mbun. Sean-chaisleáin ar bhruach na h-abhna
agus a chulaidh uaithne d'eidhean air.



Agus bhí chúpla crann giumhaise ar gach imeall
de'n phictiur a d'árduigh ó n-a bhun gur leath a
gcuid géag agus craobhach suas agus amach
nó gur théaghmhuigh i n-achrainn a chéile eadar sinn
agus an spéir thuas.



Bhí an radharc mar tchífea é agus tú ag amharc
amach thríd doras do thoighthe — leis na crainn
mhóra seo mar ursain. Thart ag bun na gcrann
guimhaise bhí an raithneach agus an fraoch go
fliúrseach, agus ó's iad a b'fhoisge dúinn ann
bhí na dathanna go láidir soiléir agus go
taithneamhach.



AN SGRIOSADÓIR.



“An dathadóir a rinne an pictiúr sin,” arsa
mise, “bhí eolas a chéirde ar fheabhas aige.”



“Bhí,” arsa Maghnus, “tá sé sin tar sarú.
Chan fhaca mé a chomh-shamhail le mo linn. Chan
eadh amháin go bhfuil an dathadóracht gan locht,
nó go bhfuil an cur-le-chéile agus an cothromacht
ar fheabhas acht an radharc féin 'na iomlán —
sáruigheann sé a bhfaca me ariamh de radharcanna.
Mór an truaigh an smál beag sin air — mor a'
truaigh!”



“Cá bhfuil an smál air sin?” arsa mise —
“nó caidé an locht ata agat air?”



“Chan locht ar an radharc nó ar an dathadóracht
atá ann — smal beag suarach é, a tháinig ar an
chanfas le déidheannaighe, is dóighte. Mór an
náire do'n té rinne é!”



“Chan fheicim-se a dhath de smál nó de locht
air,” arsa mise aríst, indéidh gear-sgrúdú
agus iniuchadh ath-uair a dheunamh air.



“Tá sé annsin,” adeir sé. “Nach bhfeiceann
tú an stríoc anuas ón áit a bhfuil íoghair na
spéire, i lár an uisge, mar deirfeá, agus
aníos anuas i lár na h-abhna annseo,” agus
tharraing sé a mhéar os comhair mo shúl 'a
thaisbeáint damh.



Acht cár léar damh aon stríoc nó rian nó
smál.



Bhí sé ag amharc go smaointeach mar bheadh sé
ag machtnú go doimhin agus saghas bróin air.



“Tá súil agam go nglanfar an smál sin de
nó béidh in a sgoilt sar i bhfad,” adeir sé, agus
é ag cainnt leis féin. “An Té a dhathuigh a
léithid agus sin — moladh go deoidh Leis — níor
dhual go ndéanfadh Críostaidhe beo an sgrios
sin a dhéanamh ar shaothar chruinn áluinn A lámh.
Cha dteanfadh Críostaidhe é! Sgriosadóir
damanta amháin a dhéanfadh é!” — agus tháinig
mar bheadh racht feirge air.



Bhí eagla orm gur tócaidheacht nó speamh-


L. 151


raideacht bí ag gabhail do mo charaid agug so
bhfaca sé rud intean ann nach rabh ann chor ar
bith.



Níor labhair me ar feadh tamaillín acht leig
do bheith ag machtnú leis. D'fheuch me go cruinn
géar ar an bpictiur in gach ball de, go dtí go
rabh mo shúile cha mhór tinn agus go dtáinig
saghas meaghrainn in mo chionn acht chuaidh díom
a réidhteach.



OS CIONN AN LOCHA.



Shuidh an bheirt againn síos ar chaonach na
carraige agus dhearg na píopaí. Agus bhí an
oirid sin d'aoibhneas 'a bhaint as an radharc
nach dtáinig cainnt chugainn.



Bhí lomracha bána na spéire ag boga leobhtha
go ciúin réidh socair ó thuaidh thar géar-bheann
Fhathaigh Chairlinne agus anonn thar an loch agus
thar an Maghdhorn. Agus 'réir mar bhí siad ag
imtheacht as an bpictiur bhí lomracha eile — gach
cionn níos áilne ná a chéile — ag líonadh isteach
in a n-ionad.



Shaoilfeá ortha nár dheas leobhtha an spéir
'fhágáil go lom folamh ann.



An ghrian a bhí ag dul faoi san iarthar ar ár
gcúl chuir sí na gaethe geal-bhuidhe trasna an
locha nó gur dhathuigh an fraoch corcrach agus na
creagacha liatha ar an sliabh thall.



Tchífeá sgatha na néal annsiúd 's annseo
ar na sliosa tamall ag déanamh coimhlint rása
suas ón uisge nó go n-imtheochadh siad amach
agus go gcaillfidhe iad thar a bharr.



Bhí na faoileann bhána ag eiteal agus ag
folamhuin dóbhtha féin thíos san abhainn ag bun
an chnuic fúinn; agus anois agus aríst thógadh
an cailleach dubh a cionn 's a muineal fada agus
d'amharcadh thairstí amhail 's dá gcuirfidhe
scannrú éigin uirthi — agus annsin d'imtheochadh
sí síos de thumadh i ndhéidh a guib as amharc. Bhí
cúpla éan ceóil ar chraobhacha in ár n-aice —
smaolach, lasair coille agus lón dubh ortha
sin — agus iad ag cur slán leis an ghréin a bhí
ag éaladh léithe.



AN SGOILT.



D'fhanamar tamall mar sin — ag éisteacht
agus ag feuchaint uainn.



Bhíodhamar faoi seort draoidheachta. Fa
dheireadh labhair Maghnus.



“Truagh é — truagh é!”



“Tá eagla orm gur chuir an radharc sin faoi
dhraoidheacht thú,” arsa mise.



“Agus chuir,” ars eisean. “Acht ní bhacann
sin liom nach bhfeicfinn an smál ar an bpictiur.
Lontach liom nach bfeiceann tú é. Feuch leat
amach amuigh ar íoghair na spéire. Díreach
leath-bhealach eadar an dá shliabh árda tosnuigh-
eann sé — an stríoc. Stríoc géar doimhin é.
Síneann sé anoir chugainn i lár an locha agus
anoir thríd lár na h-abhna nó go sgoilteann sé
leis as amharc siar. Tá an pictiur millte —
acht tá súil nach leigfear dó dul níos doimhne
ann.”



“Chan fheicim a dhath,” arsa mise, “agus cha
dtuigim caidé mar thiocfadh le n-a leithéid
bheith san uisge.”



“Tá tú dall-inntinneach. Nach annsin atá
líne teorainteach Uladh agus Laighean.”



“CÚ CHULAINN.”



MUINNTIR PLÉIMEANN, GUALADÓIRÍ



I dteach lámh dhearg,
9 Sráid Fheardorcha Thuaidh,
Baile Átha Cliath.



Ceannuighidh bhúr gcuid ó Ghaedhealaibh.



Tá an gual is fearr le fághail uainn.



Buail isteach nó sgríobh go dtí an seoladh seo thuas.



Guthán 2723.



DIXON & HEMPENSTALL



Fir Deunta Speuclairi.



SEOMRAI UM TASTAIL RADHAIRC AR OSGAILT GACH LA



Támuíd tréis na cóireacha is deidheannaighe
ceapadh chun gloiní (lensaí) chur i dtreo d'fhághail.



Cuirimíd shuim speisiáltha in oideasaí liagh-súl.



Nuair a chuireann tú fios ón dtuaith ar rud
cuirimíd chughat é an lá ceudna.



SRAID SUFFOLK, 12, ATH CLIATH.



GACH CINEÁL
EARRAÍ UM CRÁIBHTHEACHTA



PAIDRÍNÍ, SGABAILL,
BUINN, DEILBH,
PICTIÚIRÍ.



C. BULL, LTD.,
21 SR. SUFFOLK, BAILE ATHA CLIATH


L. 152


EACHTRA MÚINTEORA GAEDHILGE.



AN FÓGRA.



“Teastuigheann múinteoir Gaedhilge ó Choiste
Ceannta r Bhaile na mBád. An té a dhéanfar
a thogha gheobhaidh sé £200 sa mbliadhain agus
costaisí bóthair. Cuirtear Iarrtaisí agus
teistiméireacht ag triall ar Dhomhnall Ó
Dómhnaill, Nead na Fuiseoige, Baile na
mBád, roimh an 17adh do'n mhí seo.”



Siní díreach, focal ar fhocal, mar a bhí an
fógra san “Independent” an chéad lá do'n
Mhárta so caithte 'gainn. Nuair a chonac é,
ghabhas chúgham mo pheann agus mo chuid páipéir
agus sgríobhas iarratas ar a' bpost, agus
chuireas ag triall ar Dhomhnall macánta é.
Seachtmhain 'na dhiaigh san tháinig freagra chúgham
á rádh go raibh glactha liom ag an gCoisde agus
mé féin d'ollmhúghadh agus do chur i dtreo
dom' chuid oibre sa cheanntar.



AN BHAINTREACH.



An cogadh mí-nádúra buadhartha so ar siúbhal
le tamall idir Ghaodhalaibh ní raibh ao' chuimhne
ar ao' chor an uair sin air. Bhí Clanna Gaodhal
guala le guala mar ba chóir agus mar ba chuibhe
dhóibh a bheith. Bhí Baile na mBád fágtha ag
arm Sheáin Buidhe agus an daingean breágh úd
a bhí ann an uair sin lán d'ár gcuid airm féin.
Thárla do sheana-chara dhómhsa a bheith i gceannas
an Airm sin, agus ó ba rud é go mbeinn ag
dul ag múineadh na Ghaedhilge go Ceanntar
Baile na mBád níor bhfoláir dom sgrí chuige
agus an sgéal do chur i n-iúil dó.



Agus do b'air a bhí an t-áthas nuair a fuair
sé mo leitir, “Och!” ar seisean, ag sgrí
chúgham lá nú dhó 'na dhiaigh san, “och!” ar
seisean. “'Sé Dia atá ad' sheoladh ag triall
orm. Ní'l focal Gaedhilge ag aoinne anso agus
is ró-ghearr go mbeinn féin ar chómh-luighead leo,
mar beatha teanga í labhairt. Brostuigh ort,
a bhuachaill, nú pé beagán a bhí agam beidh sé
ithte glan ag an meirg. Bead-sa ag an dtraen
rómhat agus lóistín beartaighthe agam duit,”
as seisean, “agus eadrainn féin is mithid duit
socrughadh síos feasta, agus ar m'fhallaig go
bhfuil baintreach gleoidhte ar m'athantas a
dh'oirfead thar barr dhuit. Ní'l de locht uirrí
ach go bhfuil sí beagainín liath, ach dar nóigh,
an cabáiste is fearr isé is túisge a ghealann.”



Níor theip an magadh riamh ar mo sheana-chara,
ach ní raibh agam ach sgaoileadh leis. Dheineas
mar a dubhairt sé liom a dhéanamh; bhrostuigheas
orm go Baile na mBád agus bhuaileas an áit
dhá lá roimh an am a bhí ceapaighthe ag an gcoisde.
Déarfar, is dóca, go raibh baint éigin ag an
mbaintrigh leis an bhfotharaga, ach deirim anso
go fírinneach na raibh. Ba bheag orm riamh na
cailleacha dubha san — na baintreacha.



AN TURAS. SÚILE DUBHA 'GAM.



Bhí 'n mhaidean go h-áluinn nuair a fhágas an
baile. Bhí orm dul chúig mhíle sul a mbuailfinn
stáisiún na Cille Bige. An méid a bhí 'gam 'on
tsaoghal bíodar ceangailte chun cinn as chun
deire ar mo sheana-Phiarsach agam. Bhí peidhre
bróg, cúpla léine agus cóta mór ná raibh ró-
shlachtmhar greamaighthe shiar agus dhá bheart de
sheana-leabhara gioblacha Gaedhilge ar sileadh
le tosach an rothair. Ba chosamhail le Giúdach
me agus ní ró-fhada bhíos imthighthe ar a' mbóthar
nuair a ghlaoidh seana-bhean am' dhiaigh féachaint
ar bhfada go dtabharfainn an clog úd chun a
h-inghine? Dheineas gáire a's chuireas díom
a's níor bh'fada gur bhaineas amach an Chill Bheag.
Níor bh'fada an mhoill a choimeád an traen orm.
Bhí sí chúgham láithreach agus í ag cneadaigh agus
ag séideadh agus ag cur deataigh sa spéir
uaithe. Ar bórd liom agus siúd chun siúbhail me.



Do stadamair ag lán stáisiúin bheaga, agus
is dócha go raibh leath an bhóthair curtha dhíom
agam féin sul ar thuit ao' rud amach gur fiú
trácht anso air. Ach nuair a shroiseamair
an Charraig Fhionn tháinig bolcán teann téagra
d'ógánach isteach sa chárraiste 'na rabhas féin,
agus sgriosúnach de chailín dathamhail óg dearg-
leicineach 'na theannta. Bhí deallramh borb,
rúscach, dána ar an ógánach, agus ní raibh an
óigbhean ró-chúlmánta ná ró-mhíneáireach. Bhí
mála mór ceathair-chúinneach ag an ógánach agus
do chuir se uaidh suas ar raca an chárraiste é,
agus ní shásóchadh aon áit eile an bheirt chun
suidhe ach díreach shíos fé 'n-a bhun. Nuair a
ghluais an traen thosnaigh an bheirt ar labhairt i
mbréithribh binne blasta le n-a chéile, agus
leanadar ortha mar sin nú go raibh an traen ag
déanamh isteach ar stáisiún eile. Le n-a linn
sin thug an buachaill iarracht ar “chleas na
mbeol” a dh'imirt leis a' gcailín óg, agus
díreach a's é ag tabhairt fé'n obair thugas féin
fé ndeara go raibh an mála mór trom ar tí
tuitim anuas ar bhathas na beirte, leis an
suathadh a bhí ag an gcosg á bhaint as an dtraen.
Do phreabas am' shuidhe chun breith ar an mála.
“Ó! seachain! seachain!” arsa mise. Ach
faraoir gear! Níor bh'é'n mála do thuit ach
mise féin. Ó! an t-ógánach borb dána droch-


L. 153


mhúinte úd! Níor thúisge dh'airigh se an focal
“seachain” amach as mo bhéal ná bhíos buaite
le dá bhuile dhorn idir an dá shúil aige agus mé
ar phleasg mo dhroma ar úrlár na traenach.
Agus nuair a bhíos ar lár aige dh'féach sé síos
orm díreach mar a d'fhéachfadh cat ar luch a bheadh
idir a chosaibh aige, agus ar seisean, agus
splanncracha ag imtheacht as a dhá phluma súl le
feirg, “D--n ye! What's shocking about it?”
Dúbhairt sé liom éirighe agus é throid má b'fhear
me, ach níor chuireas cor díom. Fé dheire do
shiubhlaigh an brútach borb ar mo chorp amach an
doras, agus do lean an bhruinneall é, ach gur
fhan sí go rabhas tar éis éirighe am sheashamh.



Nuair a bhuaileas Baile na mBád bhí mo dhá
shúil bocht chóm mór le dhá phráta agus chómh dubh
le tóin corcáin mo mháthar.



Truagh nár mhúin duine éigin beagán Gaedhilge
do'n mbolcán borb ógánaigh úd.



AN TIGH SA BHLOC BRÍCE.



Bhí iongnadh an domhain ar mo chara nuair a
chonaic sé an crot a bhí ar mo shúilibh bochta. Ar
éigin a dh'aithin sé me nuair a thánga amach as a'
dtraen. Nuair a 'niseas mo sgéal dó do bhí
sé ar dearg-bhuile. Theastuigh uaidh gluaisteán
a fhagháil láithreach agus dul le sgata fear agus
bolcán na bpóg do thabhairt chun cúntais. Ach
dubhart féin 'nár bh'fhiu biorán é, a's go mbeinn
chómh maith a's bhíos riamh i gceann lae nú dhó.
Mhaoluigheas ar a' gcuma san é a's sgaoileadh a
bhóthar leis an mbolcán. Ansan dubhairt sé
liom go raibh lóistín fachta aige dhom agus siúd
chun siúbhail sinn fé dhéin a' tighe. Níor bh'fhada
go bhfuaireas me féin istigh i lár cearnóige
móire agus thógas fé ndeara go raibh an fear
eile am' bhreith anonn díreach go dtí bloc de
thighthibh bríce a bhí ar thaoibh na cearnóige. Nuair
a bhuaileamair an bloc dhein mo chara suas ar
cheann dos na dóirsibh agus bhuail é. Tháinig
bean dheas phiocaighthe amach agus chuir sé an
“lóistéir nuadh” i n-aithne dhí. Bhí náire an
domhain orm nuair a chuimhnigheas ar mo shúilibh
bochta dubha. Thugas fé ndeara go raibh an
bhean ag féachaint go droch-amhrastamhail ortha.
Ach 'nis mo chara eachtra an bholcáin bhoirb dí,
agus dubhairt gur lem' mhachántact nár bhuaileas
thar n-ais é, agus ná raibh ionam ach gamall bocht,
bog, gan uruchóid. D'imthigh an droch-amhras
láithreach as ghnúis na mná, agus bhraitheas gur
bhog a croidhe le truagh dhom. “Agus anois,”
arsa mo chara, “ní raighimíd isteach ar ao' chor.
Beidh an tae ollamh sa bhearraic rómhainn agus
caithfimíd cuimhne na maidne do bhaint as cheann
an aindeiseora so le sgléip agus le sult.
Ní gádh dhuit ao' bhobhalta chur ar a' ndoras, ach
é fhágaint ar a gclaibín, agus má bhíonn sé seo
beagán déanach ná bí ag fanamhaint suas leis
ach téirigh a chodla dhuit féin.”



Bhí bean a' tighe sásta. Chaith a bheith. Dubhairt
sí liom féin gur b'é an chéad sheomra ar mo chlé,
suas a' staidhre, mo sheomra chodlata, agus go
raibh súil aici go mbeadh gach ao' rud chun mo
thoile ann. Ghabhas mo bhuidheacas léi agus siúid
chun siubhail me féin a's mo chara cun na
bearraice.



MEASGÁN MEARAIDHE AGUS
MEARBHTHALL.



Bhí árd-ghleo agus sgléip sa bhearraic againn
an oidhche sin, agus níor bh'fhada gur baineadh
cuimhne na maidne as mo cheann féin go glan.
Bhí sé suas le n-a h-aon-dhéag sul ar sgaras
lem' cháirde, agus ansan bhogas liom i dtreo na
Cearnóige. Ba ghearr go rabhas 'na lár istigh
agus me ag déanamh ar a' mbloc bríce airís.
Ansan, ámhthach, a b'eadh thosnuigh an mí-adh ar
imirt ar fad orm. Nuair a bhuaileas na tighthe
bhí measgán mearaidhe agus mearbhthall i
dteannta chéile orm. Ansan a b'eadh thugas
fé ndeara gur mhar a chéile an dealbh agus an
déanamh a bhí ar gach tigh sa bhloc mí-fhoirtiúnach
bríce úd. Siubhaluigheas síos agus suas ar
feadh tamaill ag breithniughadh agus ag braith
agus ag infhiuchadh dóirse agus fuinneoga agus
crot na dtighthe, ach dá bhfaghainn ór na cruinne
móire uile, ní fhéadfainn a dhéanamh amach cia
'cu tigh mo thigh-se. Ní fhéadfadh aoinne é sin
a dhéanamh amach ach duine go mbeadh seana-
thaithighe aige ar an áit. Bhíos i bpúnc. Cad a
bhí le déanamh agam? A Mhuire na bhfeart!
a' gcaithfinn an oidhche do chaitheamh ar an sráid?
Bhí uimhir ar gach tigh sa bhloc, gan amhras. Ach
cad é 'n tairbhe é sin domhsa. Níor bh'fhios dom
cad é uimhir mo thighe féin. “Go bhfóiridh Dia
orainn i bhfad ó bhaile!” arsa mise liom féin.
Ansan do bhuail eagla uathfásach me. Chuimhnigheas
go ndubhairt mo chara liom go raibh a lán droch-
dhaoine i mBaile na mBádh; go raibh tighthe dá
mbriseadh gach aon oidhche sa mbliadhain ann agus
bitheamhnaigh ag dul isteach ionnta, agus a' goid a
raibh le fagháil. “Bíonn gearán againn gach
aon oidhche sa Bhearraic mar gheall ortha,” ar
seisean, “agus caithimíd éirighe amach as ár
leabacha agus dul á bhfiadhach. Ach féach,” ar
seisean. “An chéad fhear eile 'cu go dtiocfad-
sa suas leis raghaidh an méid atá 'na bholg so
isteach trí chlár a éadain.” Agus le linn na


L. 154


cainnte sin do rádh dhó do tharraing sé gunna
beag geanncach donn as a chrios. Chuir an diabhal
ruda bige san critheán croidhe orm! Agus ba
mhó ná san an critheán a bhí anois orm, mar
cheapas go mbeidh bitheamhnach éigin ag gabháil
thar brághaid b'féidir, agus go bhfeicfeadh sé
mé agus go mbuailfeadh sé 'na cheann gur ag
faire air a bheinn, agus, slán mar a n-innistear
é! go ráineochadh go mbeadh gunna beag mar
sin aige, agus go ndéanfadh sé an rud céadna
liom-sa adubhairt mo chara a dhéanfadh sé leis
an mbitheamhnach féin, da bhfaghadh sé breith air.
Chuir an machtnamh san ar crith ó bhonn bathas me.



“Aon — dó — trí — ceathair,” agus do lean clog
mór Bhaile na mBád air nú go raibh an dá bhuile
déag buailte aige. Bhí an oidhche chómh ciuin
sin a's go gcloisfeá biorán og tuitim. Agus
clog úd Bhaile na mBád, cheapas gur airigheadh
céad míle ó bhaile é. Chuir gach ao' bhuile 'dhár
bhuail sé an gruaidh 'na seasamh ar mo cheann agus
bhraitheas rud éigin mar a bheadh chadla grífín
ag rith síos fean cnámh mo dhroma. Chuir
coileach glaodh mhór bhrónach as taobh shiar do'n
mbloc bríce. Tháinig snaga sgeoin am'
sgórnaigh ag éisteacht leis. Ach níor bh'é sin
ba mheasa dhom, mar ní raibh an glaodh curtha
i gceart ag an gcoileach as, nuair thógadh saor
glan do bhonnaibh mo chos me, agus deineadh
duine marbh díom ar an sráid! Sgata madarí
a tháinig timcheall a' chúinne shuas agus anuas leo
cliathánach leis a' mbloc bríce, agus cat mór
bán acu á fiadhac, agus iad ag imtheacht mar a
bheadh piléar as ghuna. Bhí míle gadhar ann —
nú thaidhbhirigh dómhsa go raibh — agus míle liúgh
agus sgeamh ag gach gadhar acu. Nuair a
dh'airigheas ar dtúis iad cheapas ná raibh aon
diabhal ná deamhan i n-íochtar Ifrinn ná raibh
ag imtheacht ar chos a n-áirde an oidhche sin i
mBaile na mBád. Tháinig a leithéid sin de
sgannradh orm nuair a bhraitheas ag teacht fém'
dhéin anuas iad gur thugas iarracht ar rith fe
dhéin doras an tighe a bhí os mo chómhair anonn
sa bhloc — bhíos amuigh beagán sa chearnóig ag
féachaint suas ar na tighthibh — agus le linn a
dhéanta san dom, thánag díreach fé bhrághaid an
chait bháin, agus bhaineas a leithéid sin de gheit
as, agus bhí an tóir chómh te sin 'na dhiaigh, gur
dh'eirigh sé de bhunóig agus gur dh'imthigh sé suas
san aer glan siar amach thar mo cheann. Do
rith na madraí go léir isteach fém' chosaibh, agus
bhí a leithéid sin d'fhuinneamh fútha i ndiaigh an
chait bháin gur bhaineadar na cosa glan uaim,
a's gur cheapas go raibh mo chúl briste, fuaireas
leithéid sin de leagadh. Chuireas sgreada
nimhneach uathfásach asam féin, a's me ag tuitim.
Ar nóimeat na baise bí solas i ngach tigh sa
chearnóig. Nuair a dh'eirigheas bhí ceithre fichid
duine éigin am' thimcheall agus, “cad d'imthigh
ort?” mar phort ag gach duine. “An diabhal
ó Ifreann!” arsa mise, á fhreagra. “Seacht
ndiabhail déag a's dachad ó Ifreann! Ní h-eadh
muise,” arsa mise, “ach míle diabhal ó Ifreann!”



BITHEAMHNACH! BITHEAMHNACH!!”



Níor thúisge labhras ná léim fear mór árd,
a's gan uime ach a bhríste 's a léine, isteach
chúgham. Chnag sé lasán agus do bhreathnaigh
idir an dá shúil me. Ansan chuir sé liuigh
uathfásach as.



“Bitheamhnach! bitheamhnach!! a dhaoine,” ar
seisean. “An fear a robáil mo thigh-se aréir!
An glór géar céadna agus an dá shúil dubh.
Rithtears chun na bearraice agus tugtar anso
na h-Ógláigh.” Thugas fé ndeara triúr ógánách ag
cur díobh ins na treantaibh treasna na cearnóige.
Ansan do thosnaigh gach aoinne ag rith agus ag
liúirigh, agus “bitheamhnach! bitheamhnach!” i mbéal
an uile dhuine 'ca. Níor chorraigh an fear mór
ámhthach. D'fhan sé 'na sheasamh ar m'aghaidh amach
agus é ag faire orm mar a bheadh cat ar luich.
Ansan bhuail caint mo charad am' aigne. “An
chéad fhear (bhitheamhnach) eile 'ca go dtiocfad-sa
suas leis raghaidh an méid atá 'na bholg so (i
mbolg an ghunna bhig gheanncaigh) isteach trí
chlár a éadain.” Thug mo chroidhe preab le
sgannra. “A Dhia na bhfeart!” arsa mise am'
aigne féin, “ní thabharfaidh sé d'uain dó féin
me dh'aithint, séidfidh sé an plaosg díom.”
Ansan do thugas iarracht ar labhairt, ach, a dhuine
m'áran as m'anam, ní raibh an dara focal as
mo bhéal nuair a rug an fear mór ar sgórnaigh
orm, agus, a Shlanaightheoir an domhain! thug
sé a leithéid sin d'fhásgadh dhom gur cheapas go
raibh mo mhuinéal briste agus me tachtaighthe i
dteannta chéile aige. Nuair a bhog sé an
greidhm beagán, thugas iarracht ar mo shileadh do
shlogadh. Níor thúisge dh'airigh an diabhal ubhall
na sgórnaighe ag coraighe airís agam ná thug sé
fásgadh eile dhom a chuir glan as cuimhne an
tsaoghail me. Nuair a bhog sé an greidhm
airís a's thánga chúgham féin 'sé an chéad rud a
airigheas 'ná:



“Cuir i gcoinnibh an fhalla úd thall é!”



Do strac an ropaire mór leis anonn isteach
cun an bhloic bríce me agus do chaith i gcoinnibh
agus nuair a dh'osgaluigheas airís iad ní raibh
an fhalla me. Ní mór ná gur thuiteas le
sgannradh. Dhúnas mo shúile ar feadh nóimit


L. 155


sé h-órlach idir chlár m'éadain agus gunna
beag geanncach mo charad. Ansan do labhair
fear an ghunna bhig go righin réidh daingean:



“A bhitheamhnaigh,” ar seisean. “Tá chúig
nóimeataí le fagháil ar an saoghal so agat.
Bain fíoghar na Croise díot féin agus iarr
trócaire Dé dod' anam.”



Le linn na cainnte sin do rádh dom' charaid
do chuir an choileach glaodh mhór bhrónach eile as
taobh tiar de'n mbloc bríce. Leag bean a bhí 'na
seasamh tamaillín uaim osna aiste, agus chonac
beirt nú triúr eile ban ag déanamh cómartha
na Croise ortha féin. D'fhéachas ar an ngunna
beag geanncach agus gan ionam labhairt le
sgeon. Ní raibh ao' chritheán sa láimh a bhí á
choiméad. Bhí sí sínte ansúd amach chómh
staidéara chómh daingean, ba dhóigh leat, a's
dá mbudh staic iarainn i bhfalla práis í. Do
chuir an coileach liúigh eile as. Do chuir na
mná sgread asta. Ansan do labhair fear an
ghunna airís: “Anois, a bhitheamhnaigh, a' bhfuilir
ollamh?” ar seisean. “Agus go maithfidh Dia
do chuirpightheacht duit.” Do chuir na mná
liuigh mhór uathfásach eile asta. “An bhfuilir
ollamh?” arsa fear a' ghunna liom féin go
dána airís.



Bhain Dia na Glóire, moladh go deo leis!
an greidhm dem' theangain agus do labhras.
“Ó! a Sh--s, a sheana-chara mo chroidhe istigh,
an bhfuilir chun me do mhar …?”



An lámh daingean díreach úd do thuit sí
marbh. An gunna beag dána geanncach úd
thuit sé de phleisg ar lic na sráide. D'airigheas
glór piléir ag imtheacht. Thuit rud eile. An
fear mór a thacht mise nách mór thuit sé sin.
D'imthigh an piléar úd trí n-a chois agus bhris
cnámh a loirgean.



MÍCHEÁL BREATHNACH.



GLAINE GAEDHILGE: BINNEAS CEOIL:
SLACHTMHAIRE RINCE.



“BEIRT DHÉISEACH” — 3/6
(S. Ó CUIRRÍN.)



Ceithre sceulta ann:— “BEIRT DHÉISEACH” (nua-
ceaptha) agus aith-innsint ar “Rip Van Winkle” (Irving)



“The Long Exile” (Tolstoi), “The Indian's Hand”
(Stoddard); maille le ghluais i nGaedhilg agus cnuasach
adhbhar cleachttha’



[arna fhoillsiú ag Comhlucht Oideachais na h-Éireann,]



“ROGHA AN FHILE” (Rince-Beirte) — 2/-
(T. ní Ailpín do cheap.)



Tuarascbháil an rince ann i nGaedhilg agus i mBeurla,
agus an ceol i gcóir bheidhlíne agus clár-chruite. Buaidh
maise agus glaine air thar aon rince-beirte dá dtáinigh
chughainn thar lear.



Tá na leabhair sin le fághail ag lucht siopann ó “Mhuintir
Dollard, Tigh an chló, Baile Átha Cliath.”



AN GAEDHEAL 'NA GHALL



Cois farraige ó dheas tá áit bheag a bhfuil
daoine Gaedhealacha ann fós. Ceann Faille a
thugtar ar an áit. Ní mórán ar fad daoine atá
ann, acht pé méid daoine atá ann is beag an
charbhuaic a chuireann an rí-rá ná an futa-fata
atá ar siubhal fé láthair i n-Éirinn orra — aon
rud acht go mbéidir go bhfuil sé níos déine
orra maireachtain. Is é rud is mó a chuireann
orra acht an ghaoth andeas. Nuair a shéideann
sí ró-láidir bíonn baoghal go bhfuadóchthaidhe an
ceann den tigh, agus cuireann sin amugha codla
na h-oidhche orra go minic. Is minic iad ag
braith ar athrú éigin a theacht ar an saoghal, agus
go mbéidir go gcuirfidhe ceann slinne ar na
tighthe dóibh, acht is é an brath gan leann dóibh é.



Micilín Sheáin Thomáis an mac seo ba mhó a
bhí i gCeann Faille tamall ó shin. Ní bhíodh aon
oidhche ná bhíodh sé i dtigh Shéamais Bháin. Is i
dtigh Shéamais a bhailigheadh gasra an bhaile chum
an oidhche a chur dhíobh le pé cleas a tharraingeo-
chaidís orra. Is iomdha cleas sin a bhí aca.
Bhíodh scéalta greannmhara á innsint aca;
bhíod ceisteanna á réidhteach aca; bhíodh cleasa
lúth le cathaoireacha agus cois scuaibe ar siubhal
aca; bhíodh Seán Dearg agus míle cleas nach
ró-fhuiris cuimhneamh d'urchar ar siubhal. Acht
ba é Micilín Sheáin Thomáis a bhíodh i mbun agus
i mbárr gach cleas aca, agus nuair a bhíodh aon
lag ar na cleasaibh théigheadh Micilín féin agus
dhéineadh sé mac seo de féin. In' fhochair sin
amhránaidhe an-mhaith ba eadh Micilín. Bhí an-
chuid amhrán bhreágh Gaedhilge aige, agus ní
raibh fhios aige cad ba amhrán Béarla ann. Má
airigh sé amhrán Béarla aon uair ba bheag an
suim a chuir sé ann.



Ní fheadar an domhan cé tháinig isteach ar an
mbaile beag, acht pé duine é, thug sé leis
Micilín go Bl' Átha Cliath. Thug Micilín
timcheall bliain sa chathair fé tháinigh sé abhaile.
Nuair a chas sé bhí bóna agus carabhat go teann
fáiscighthe fé n-a mhuinéal. Bhí scoilt 'na cheann
agus bróga air a dhéanfadh scathán duit. Ní
ró-fhada a bhí le fuireach aige, acht pé'ca fada
gairid é níor chuaidh sé i ngoire ná i ngaor tighe
Shéamais Bháin. 'Sé chéad áit ar dhein sé aon
rud neamh-choitchianta ná sa tigh tábhairne a bhí
tamall ó'n mbaile beag. Bhí sé ann oidhche
agus dubhairt sé amhrán. Ba é amhrán é ná
“Mother mo Chroidhe.” Dubhairt a raibh agh
éisteacht leis nár airigheadar amhránaidhe Béarla
ní ba dheise riamh.


L. 156


Bhí Micilín an-mhuinteardha le Muiris Mháire
Neil fér imthigh sé — níos muinteardha ná mar
bhí sé le h-aoinne eile — agus nuair a bhí sé ar a
laetheanta saoire thug sé tamall dá chuid
aimsire ag imtheacht in' fhochair. D'innis
Micilín an-chuid mar gheall ar a shuibhalta agus
a shaoghal i mBl' Átha Cliath do Mhuiris.



“Is dócha gur eachtra an aimsir a bhíonn agat,”
arsa Muiris leis.



“Ní mhairfinn annso anois, a mhic ó,” arsa
Micilín.



“Cad a bhíonn tú a dhéanamh?”



“Bím ag obair in stór mór go dtí'n a sé
chlog. Annsin bím saor chum dul im' rogha
áit.”



“Is dócha gur iomdha áit sin.”



“Is iomdha. Is iongantach an áit é Bl'
Átha Cliath. Tá an chathair an-mhór agus níor
mhór duit an-aireachas a thabhairt duit féin ná
raghfá amugha. Ní raibh aon ghnó agam-sa mo
chos a chorruighe ann go cionn mí. Acht bhí
buachaill ag obair sa stór im' fhochair agus
thugadh sé timcheall mé. Is é chéad áit a thug
sé mé oidhche ná go dtí Theatre — tigh mór, atá
fhios agat. Nuair a chuadhmair isteach ann
thosnuigheamair ag dul anáirde staighre. Shíleas
ná raibh aon deire leis an staighre agus ná
stadfainn choidhche. Acht stadas. D'iompuigh
an buachaill isteach dorus agus leanas é.
Shuidheamair ar shuidheachán ann. Nuair dh'fhéachas
síos uaim, bhí an áit lán de dhaoine. Níor
fhéachadar chómh mór le preacháin dom — bhíodar
an fhaid sin uaim. Ba ghairid gur múchadh na
soillse bhí ann. Thosnaigh cuir a-bhaile ceoil
nár airigheas a leithéid riamh. Annsin chrom
braitlín mhór a bhí os cionn lucht an cheoil ag
eirghe anáirde. Nuair a bhí sí árduighthe anáirde
stad an ceol. Dá bhfeicfeá na dathanna deasa
a bhí ar gach aon rud ar an árdán úd, na
pictiúirí deasa; agus na daoine a tháinig
amach agus an t-éadach deas a bhí orra, bheadh
seanchas choidhche agat.”



“Agus cad a bhí na daoine sin a dhéanamh?”



“Ag caint.”



“Cad a bhíodar a rádh?”



“Ní fheadar, níor thuigeas focal uatha.”



“Ciaca Béarla nó Gaedhealg a bhí aca?”



“Béarla gan dobht.”



“Is dócha gur bhreágh a bheith ag féachaint
orra.”



“Thabharfá do shaoghal ann gan greim le
n-itheadh. Oidhche eile thug an buachaill isteach i
dtigh eile me. Nuair a chuadhmair isteach an
dorus níor fhan léas soluis im' shúile-se
Dóbair go dtuitfinn. Tháinig fear a raibh
lampa beag na frighde aige chughainn agus thug
sé go dtí dhá shuidheachán sinn. Shuidheamair.
Bhí ceol le h-aireachtain pé áit a raibh sé ag
teacht as. Agus os ár gcomhair amach bhí
pictiúir mór agus é ag corruighe agus ag athrú
chómh mear le gaoth. Dóbair go leathfadh mo
radharc orm. Bhíos tamall fér chruinnigh me
mo radharc. Níor bh'fhada gur stad an pictiiur
agus lasadh an solus. Bhí an áit lán ceart de
dhaoine. Fé raibh uain agam ar féachaint ceart
orra bhí an solus múchta arís agus cad a bheadh
air ná fear mí-ádhmharach — sean-hata agus sean-
bhalcaisí air, agus deallradh air chómh mí-
ádhmharach agus bhí ar aoinne riamh. Liúigh a
raibh sa tigh — gach aoinne agus ‘Searlí Seaiplin’
ar a bhéal aige. Stad an gleo agus thosnuigh an
pictiur. Bhí sé go greannmhar. Aon rud acht
nár chuadhas i laige le gáire ag féachaint air.”



“Agus an dtéigheann tú isna h-áiteanna
sin gach aon oidhch?”



“Ní théidhim. Téidhim uaireannta abhaile go
dtí a thigh féin leis an mbuachaill seo. Bíonn
árd-aimsir agam in' fhochair. Tá rud aige —
cóir cheoil — gramafón a thugann sé air.
Cuireann sé ar siubhal é. Ní stadann an rud
acht ag amhrán uaidh féin. Tá an-chuid amhrán
foghluimthe agam uaidh.”



“An uaidh d'fhoghluim tú Mother mo Chroidhe.”



“Is eadh.”



“Is breagh dhuit a bheith amach as an áit seo,”
arsa Muiris.



Sin é an saghas seanchais a bhí ag Micilín agus
ag Muiris le n-a chéile fhaid a bhíodar i bhfochair
a chéile. I gcionn coigthighse bhí Micilín imthighthe
arís.



Ní fheadar-sa ciaca maith nó olc a dhein sé
do Mhicilín dul go Bl' Átha Cliath. Níor mhaith
liom a rádh gur dhein sé olc do. Má bhí aon
olc ann do is é gur dhein an Chathair galldha é
i mbliain. Bhí Micilín an-shásta leis an radharc
agus an greann a bhí i mBl' Atha Cliath. Bhí
sé an-shásta le “Seárlí Seaiplin.” Dhein sé
dearmhad de thigh Shéamais Bháin agus níor rith
sé leis gur “Seárlí Seaiplin” Gaedhleach a
bhí ann féin.



NIOCLÁS TÓIBÍN.


L. 157


AN BITHEAMHNACH MACÁNTA.



SGEUL DON AOS ÓG.



Mac d'fheirmeóir bocht ba eadh Seán, agus
séard adubhairt gach aoinne ach gur buachaill
gan áird é. Níorbh mórán tairbhe do'n athair
é, pé sgeul é. Ba mhaith leis a bheith ag cur
inneall chun breith ar choiníní, nó a bheith ar
tóir girrfhiaidh sa sneachta nó cleasanna d'imirt
ar dhaoine sa tslighe go mbeidíst cráidhte aige
ar dtúis ach go mbeidíst ag gáiridhe sa deire.



Nuair a bhí Seán timpeall fiche bliadhain
d'aois dubhairt a athair ná feudfadh sé cur
suas leis a thuille, agus do chuir sé chun
siubhail é ag lorg a fhortúin lá.



Tréis a bheith ag siubhal tamall do shrois
Seán crosaire agus do ghabh sé an bóthar dob'
uaignighe a bhí roimhe. Bhí sé ag fearthainn ó
mhaidin agus gheobhfá a bheith cinnte go raibh sé
fliuch báidhte agus tnáithte tuirseach ar tuitim
na hoidhche nuair a chonnaic sé tigh beag
uaigneach taobh istigh ó'n mbóthar uaidh. Bhuail
Seán isteach.



“Cad tá uait?” arsa seanbhean a bhí 'na
suidhe cois teine. Bhí súile dearga aice agus
slám leo agus cruit uirri le neart aoise.



“Suipéir agus leaba atá uaim, cad eile,”
ar seisean.



“Níl sé le fagháilt annso,” ar sise go borb.



“Cé deurfaidh ná fuighfead?” ar seisean go
dána.



“Na fearaibh gur leo an tigh seo,” arsan
seanbhean. “Seisear fear macánta iseadh
iad a bhíonn amuigh go dtí n-a trí nó a ceathair
a chlog ar maidin de ghnáth, agus geallaimse
dhuit má gheibheann siad annso thú 'sé an rud
is lugha a dheunfadh siad ach an croiceann do
bhaint díot.”



“Mhuise, a bhean chóir,” arsa sé, “má
bhaineann siad an croiceann díom ar a luighead
ní féidir leis an rud is mó a gheobhaidís deunamh a
bheith abhfad níos measa. Corruigh ort agus
tabhair dhom rud éigint as an gcupórd, mar
annso a fhanfaidh, adeirim leat. Nach cuma
dhá raol sgilling. Ní thaithneoch liom bás
d'fhagháil leis an bhfuacht fé chlaidhe nó fé chrann
oidhche mar seo.”



Imata, do chuir an chainnt seo roinnt eagla
uirri agus do thug sí suipéir maith dho, agus
dubhairt sé léithe agus é ag dul a chodladh
gan leigint d'aoinne den tseisear fear
macánta cur isteach air tréis teacht abhaile
dóibh nó go ndíolfadh sí as go daor.



Nuair a dhúisigh sé maidin lár na mhárach
cad a bhí ann ach seisear spailpíni gránda
gruamdha 'na seasamh timpeall ar an leaba.
D'éirigh sé ar a uilinn agus d'fheuch sé ortha
le hárd-searbhas.



“Cé hé tusa?” arsan taoiseach, “agus cad
é do cheurd?”



“'Sé an ainm a thugtar orm,” arsa Seán,
“ach an máighistir-bhitheamhnach, agus 'sé an rud
atá ag teastáil uaim fé láthair ach fearaibh
oibre agus prinntísí. Má tá aon mhaitheas
ionnaibh béidir go dtabhairfidh mé cúpla ceacht
daoibh.”



Do bhain an chainnt sin cuid den mhisneach
díobh.



“Bhel,” arsan ceann, “éirigh anois, pé'r
domhan é, agus tréis breicfeast chífimíd cé
againn a bheidh 'na mháighistir agus cé againn a
bheidh 'na sheirbhíseach.”



Is ar éigin a bhí an breicfeast críochnuighthe
aca nuair a chonnaiceadar feirmeóir ag
gabháilt thar bhrághaid agus é ag tiomáint
gabhar breágh ramhar go dtí an aonach.



“An bhfuighfeadh aon duine agaibh,” arsa
Seán, “an gabhar sin do ghuid ó'n bhfear fé
dtéidheann sé as an gcoill agus gan lámh do
leagaint air?”



“Ní bhfuighinn,” arsa duine aca, “agus ní
bhfuighinn ach an oiread,” arsa duine eile.



“Is mise an máighistir,” arsa Seán, “agus
deunfadsa é.”



D'eulaigh sé amach agus chuaidh sé tríd an
gcoill go dtí áit mar a raibh casadh ar an
mbóthar. Do bhain sé a bhróg annsan de, agus
do leag sé i lár an bhóthair í. Annsan do
rioth sé go dtí an cheud chasadh eile agus do
chuir sé an bhróg chlé ar an mbóthar agus isteach
leis féin i bhfolach sa choill.



Nuair a chonnaic an feirmeóir an cheud bhróg
arsa sé leis féin, “Do b'fhiú rud éigin an
bhróg san dá mbeadh an dara ceann ag duine,
ach ní fiú tráithnín í 'na haonar.”



Do shiubhal sé chun cinn go bhfaca sé an
dara bhróg.



“Nárbh mise an t-amadán,” ar seisean,
“gan an ceann eile do phiocadh suas. Raghad
thar n-ais fé n-a déin.”



Leis sin, do cheangal sé an gabhar le tor sa
chlaidhe agus do chas sé fé dhéin na bróige eile;
ach bhí sí ar chois Sheáin cheana, tá's agat, agus
ní túisge bhí an fear as radharc timpeall an
chúinne nár tháinig Seán amach. Do chuir sé
an dara bhróg air, do sgaoil sé an gabhar,
agus do thiomáin sé leis tríd an gcoill é.



Mo chreach a's mo léir! Ní bhfuair an fear


L. 158


bocht an cheud bhróg, agus nuair a chas sé ní
raibh an ceann eile le feiscint, ná tásg ná
tuairisg den ghabhar le fagháilt ach an oiread.



“Míle mallacht,” arsa sé, “cad a dheunfad
in ao' chor agus mé tréis seál nuadh do
gheallamhaint do Shiobhán. Caithfidh mé dul thar
n-ais fé dhéin beithidhigh eile i gan-fhios di. Ní
leigfeadh sí dhom é dhearmhád go bráth dá
mbeadh a fhios aice gur righneas a leithéid
d'amadán díom féin.”



Bhí iongantas mór ar na bitheamhnaigh, agus
d'iarradar ar Sheán innsint dóibh connus a
dhein sé an feall ar an bhfeirmeóir, ach ní
inneosadh sé.



Tréis tamaillín chonnaiceadar an fear bocht
arís agus é ag tiomáint moltacháin breágh
reamhar an slíghe ceudna.



“Cé ghuidfidh an chaora sin,” arsa Sean
“fé bhfágann sé an coill agus gan baint leis
an bhfear?”



“Ní bhfuighinn,” arsa duine aca, “agus ní
bhfuighinn ach an oiread,” arsa duine eile.



“Deunfadsa iarracht air,” arsa Seán, “má
thugtar ar teud mhaith dom.”



Bhí an feirmeóir bocht ag cur an bóthair de
agus ag deunamh a mharana ar an mí-ádh a bhí
air, ach cad a chífeadh sé os a chomhair amach ach
corpán ar crochadh ó gheug chrainn. “Go
bhfóiridh Dia orainn,” ar seisean, “thabhairfinn
an leabhar ná raibh an corp sin ann uair a
chluig ó shoin.” Taréis timpeall leath-cheathrú
míle eile a bheith siubhalta aige chonnaic sé
corpán eile ar crochadh thar an bhóthair. “Dia
le m'anam,” arsa sé, “an bhfuilim as mo
mheabhair ar fad?” Bhel, timpeall an fhaid
ceudna arís bhí casadh eile sa mbóthar agus
timpeall an chúinne bhí an tríomhadh corpán ar
crochadh. “Och, Mhuire 's truagh,” arsa sé,
“tá deire liom. In ainm Dé, cad a chuirfeadh
triúr fear crochta chó gairid do n-a chéile.
Is eagal liom go bhfuilim ar buile. Raghad
thar n-ais feuchaint an bhfuil na ceannaibh eile
ann fós.”



Do cheangal sé an moltachán le tor agus
thar n-ais leis. Ní túisge bhí sé timpeall an
chúinne ná thúirling an corp, do sgaoil sé an
moltachán, agus do thiomáin sé abhaile é tríd
an gcoill go dtí tigh na mbitheamhnach. Is
fuiris a thuigsint conus a bhraith an feirmeóir
bocht nuair ná raibh aoinne beó ná marbh le
fagháilt aige ag teacht nó ag imtheacht do, ná
an moltachán ná an teud le n-ar cheangal sé
é ach an oiread.



“Ó, nach mí-ádhmharach an lá é seo,” ar
seisean, “cad a dheurfaidh Siobhán liom anois?
Tá an mhaidin imthighthe orm agus an gabhar
agus an chaora caillte chó maith. Is éigean
dom rud éigint do dhíol chun go bhfuighfinn
luach an tseáil. Bhel, tá an bullán reamhar
sa pháirc is giorra dhom agus ní fheiceo sí mé
ag dul fé n-a dhéin.”



Imata, maran raibh iongnadh ceart ar na
bitheamhnaigh nuair a chonnaiceadar Seán ag
teacht isteach sa mhacha agus an moltachán 'na
fhochair ní lá fós é. “Dar fiadh,” arsan
captaen, “má dheunann tú cleas eile dá
leithéid tabhairfidh mé suas id fhábhar.”



Ní fada go bhfacaighdear an feirmeóir ag
dul thar brághaid arís agus bullán ramhar 'á
thiomáint aige an uair seo.



“Cé thabhairfidh an bullán san annso leis,”
ar Seán, “agus gan aoinne do ghortú?”



“Ní bhfuighfinn,” arsa duine aca, “agus ní
bhfuighfinn ach an oiread,” arsa duine eile.



“Deunfadsa iarracht,” arsa Seán, agus siúd
leis isteach sa choill.



Ní raibh an feirmeóir abhfad ón áit mar a
chonnaic sé an cheud bhróg nuair a dh'airigh sé
gabhar ag meigeallú istigh sa choill ar thaobh a
láimhe deise.



Do chuir sé cluas air féin agus b'é an cheud
rud eile d'airigh sé ach caora ag meidhleach.



“Dar so a's dar súd” ar seisean, “béidir
gurb iad so mo cheannaibh féin a chailleas.”
Do righneadh tuille meigeallú agus meidhleach
annsan. “Sin iad chó siurálta a's atá pus
ar asal,” ar sé, agus do cheangal sé an
bullán le tor sa chlaidhe agus siúd leis isteach
sa choill. Nuair a chuaidh sé gairid don áit a
raibh an glór dh'airigh sé tamaillín roimhe arís
é agus do lean sé é. Fé dheire thiar thall
nuair a bhí sé timpeall leath-mhíle ó'n áit a
cheangal sé an beithidheach do stad an glór ar
fad. Tréis a bheith ag cuardach agus ag
cuardach go dtí go raibh sé cortha do chas sé
fé dhéin an bhulláin, ach an drae bulláin a bhí
ann ná in aon áit eile a chuardaigh sé.



An uair seo nuair a chonnaic na bitheamhnaigh
Seán agus é ag teacht isteach sa mhacha agus
an duais aige do b'éigean dóibh glaodhach amach:
“Caithfidh Seán a bheith mar ceann orainn
feasta,” ar siad go léir.



Eachtra an cóisire a bhí ar siubhal annsan
aca ar feadh an lae. Fé chuadar a chodladh
do theasbáineadar do Sheán pluais mar a raibh
a gcuid stóir airgid i bhfolach agus i bpluais


L. 159


eile a gcuid cealltar go léir agus do
dhearbhuigheadar go mbeidís umhal do.



Aon mhaidin amháin timpeall seachtmhain 'na
dhiaidh san agus iad ag breicfeast arsa siad
le Seán: “An bhfanfaidh tú i mbun an tighe
indiu an fhaid a's a bheimíd ar aonach Chill
Mhuire? Is fada anois ná raibh cearrbhas
againn. Gheobhfá-sa lá d'fhagháilt pé uair is
maith leat.”



“Ná habair é fé dhó,” arsa Seán, agus
d'imthigheadar leo. Tréis iad a bheith imthighthe
do labhair sé leis an bhean-a'-tighe olc: “An
dtugann na macaibh sin aon rud duit riamh
mar bronntanas?” arsa sé.



“Dá mbeifeá ag braith ar a leithéid,” ar
sise, “is beag a bheadh agat go deimhin.
Geallaimse dhuit ná tugann.”



“Tá go maith,” arsa Seán, “siubhal leat
agus deunfadsa bean saidhbhir díot.”



Do thug sé leis í go dtí pluais an airgid.
Bhí iongantas agus áthas agus sainnt ar an
tseanbhean, agus an fhaid a's a bhí sí ag cur
a dhá súil tríd an gcarn óir do bhí Seán ag
líonadh a phócaí agus mála beag a bhí aige leis,
agus nuair a bhíodar chó teann a's a b'fhéidir
leó d'imthigh sé leis agus do chuir sé an glas
ar an ndoras ar an t-sean-chailleach. Níor
dhearmhad sé an eochair d'fhágaint i bpoll an
ghlais. 'Sé an rud a dhein sé annsan tréis
culaith bhreágh do chur air féin ach an gabhar
agus an moltachán agus an bullán do
thiomáint leis go dtí tigh an fheirmeóra.



Bhí Siobhán agus a fear 'na seasamh ag an
ndorus, agus nuair a chonnaiceadar na
beithidhigh chucha bhíodar ag léimrigh le neart
áthais.



“An bhfuil fhios agaibh cé leis na beithidhigh
seo, a chomharsana?” arsa Seán.



“Béidir ná fuil a fhios! Is linn iad, dar
ndóigh.”



“Fuaireas iad ag imtheacht ar fán sa choill.
An libh an mála agus deich nginí ann atá ar
crochadh timpeall ar mhuineál an ghabhair?”
arsa Seán arís.



“Ní linn go deimhin.”



“Bhel, bíodh sé agat mar grádh Dia, ní
theastuigheann sé uaim,” arsa Seán.



Do chuir Seán an bóthar de annsan go dtí
gur shrois sé tigh a athar. Bhí an clapsholus
ann leis an am seo. Chuaidh sé isteach agus
do bheannuigh sé dhóibh.



“Dia is Muire dhíbh,” arsa sé.



“Dia is Muire dhuit is Pádraig, a dhuine
uasail.”



“An bhfuighfinn lóistín annso anocht?” ar
seisean.



“Dhera, a dhuine uasail, ní oirfeadh an áit
bhocht so dod' leithéid.”



“Mhuise,” arsa Seán, ag cur sgairt gáire as,
“ná aithnigheann sibh bhur mac féin?”



D'fheuchadar air go geur, agus annsan ní
raibh ann ach comhrac feuchaint ciaca ba thúisge
aca a bheirfeadh barróg air.



“Ach, a Sheáin a stoir, cá bhfuair tú an
chulaith ghalánta seo?”



“Tá sé chó maith agaibh fhiafruighe dhíom
cá bhfuaireas an t-airgead,” arsa Seán, ag
dortadh amach a raibh 'na phócaí ar an mbórd.



Bhí gach saghas eagla ortha ar dtúis, ach tréis
do a chuid eachtraí d'innsint dóibh ó thosach
deire do mhaolaigh ar an ngleithearán agus
chuadar go léir a chodladh go sona.



“A athair,” arsaigh Seán maidin lár na
mhárach, “téir go dtí tighearna na talmhan
agus abair leis go bhfuil sé uaim a inghean
do phósadh.” — Ach sin eachtra eile. Inneos-
faimíd uair éigin eile é.



CILL NUADH.



ROINN NA TALMHUÍOCHTA AGUS
TEAGAISG TEICNICIGH.



CÚRSAÍ SAMHRAIDH UM OIDIS MÚINTEOIRÍ
1923.



Béidh Cúrsaí Samhraidh um Oidis Múinteoirí i
Sgoileanna idirmheadhonacha, Sgoileanna Ceardamhla
agus Sgoileanna Iostais um Foirbhithe Tioghbhusaig
ar siubal rith mí Iúil.



Béidh Cúrsaí Samhraidh i gcóir Eoluíochta Tuaithe
(maille le Garrdhadóireacht um Sgol) le haghaidh
Múinteoiri Sgol Náisiunta, ar siubhal rith mí
Lughnasa.



Bu chóir iarratais un a bhfreastail a chur isteach,
ar uimhir fheileamhnaigh, chó luath a's is féidir. Ní
glacfar le aon iarratas a thiocfas tar éis an 15adh
d'Aibreán.



Sgríobhtar i gcóir aon fhaisnéis eile agus fuir-
meacha go dtí An Rúnaidhe, Roinn na Talmhuíochta
agus Teagaisg Teicnicigh, Sráid Mhuirbhtheann Uach.,
Áth Cliath, bu chóir “Cúrsaí Samhraidh” a sgríobh ar
na clúdaigh.


L. 160


FOGHAIR NA GAEDHILGE.



CEACHT A VI.



Laou — Chum an foghar a dheu-
naimh bíonn barr na teangan
'san áit cheadna agus “san
t-slighe cheadna is a bhíonn
sé do “Taou” nó do “Daou”
.i. Leathta go bog leath istigh
de na fiaclaibh uachtracha,
agus in a fhochair sin bíonn
bun na teangan gairid don
charball bog díreach mar a bhíonn do “Gaou.” Tá
guth ag baint le “L” agus bíonn an guth sin ag
teacht amac ar gach taobh den teanga. Is é an
dearmhad is mó a dhéinéann lucht foghlumtha na
Gaedhilge acht gan bun na teangan a chur suas
gairid don charball bog.



Ní dheíneann siad aon deifir idir “Lá” &
“Law”; idir “Lán” agus “Lawn.”



Nuair a bhíonn iasgairí Bhaile na nGall i
nDéísibh Mumhan ag deunamh an Fhoghair so ní
bhíonn barr na teangan leath istigh de na fiaclaibh
uachtracha in aon chor aca — aon rud acht bun na
teangan a bheith gairid don charball bog agus
mar gheall ar sin is mar a chéilé bhíonn “Dhaou,”
“Ghaou,” agus “Laou,” aca. Is amhlaidh adeir siad
“A Chadh-dha” nuair a theastuigheann uatha “A
Chadhla” a rádh. Feuch go ndéineann cuid de na
daoinibh an dearmhad gan “bun na teangan a
chuir suas gairid don charball bog” & go
ndéineann cuid eile an dearmhad gan “barr
na teangan a chuir suas leath istigh de na fiaclaibh
uachtracha.” Tá práinn leis an dá rud chum an
foghar a dheunamh in a cheart.



“Lei” — Bíonn barr na teangan ar an
iomaire don bhfoghar so & bíonn an ghuth ag teacht
amach ar gach taobh.



Raou — Chum a foghar so a dheunamh bíonn barr
na teangan leath-ta amach ar an iomaire & é
ar crith.



Rei — Déintear an foghar so le barr no
teangan a bheith rud beag siar ar an iomaire &
an crith beag ann.



Tá sceul an dá fhoghar so roinnt ait. 'Sa
bhfocal “Arán” foghar caol atá ag an “r”;
is é rud adeirtear acht “reán.” “Roinn”
adeirtear in áit “Rinn”; “reá” adeistear
in ait “rádh”; scríobhtar “Rí” agus “Roí”
adeirtear go minic. Deir na cainteoirí is
fearr, “A Rí,” acht deir siad “An Roí”;
scríobhtar “riamh” acht deir mórán daoine
“roí — amh” 'sa chaint. Deirtear “er” le
“ar” & le “air.”



I gcaint na n-Osruidheach ní bhíonn an crith
san “Rei” in aon chor acht is amhlaidh bhíonn
barr na teangan gairid don áit rud beag siar
ar an iomaire. Is fuiris Osruidheach do aithint
in aon áit d' Éire ón bhfoghar so. Cuimhnigh go
mbíonn guth ag gabháil le “R.”



“Saou” — Bíonn barr na teangan leath istigh
de na fiaclaibh iochtracha don bhfoghar so &
lár na teangan gairid don iomaire. Meabhruigh
an dá foghar so — “Sá” & “Saw.” Do “Saw”
is amhlaidh bhíonn barr na teangan gairid don
iomaire.



Sei, — Déintear an foghar so rud beag níos
sia siar ar an iomaire ná mar a bhiónn an “S”
agus bíonn barr na teangan leath istigh de na
fiaclaibh ioctracha.



Tá a fhios againn gur consona oscailte “S”
féin; mar sin féin bíonn tinfeadh air.



Shaou — Déintear an foghar so díreach mar a
dhéintear “Thaou.”



Shei — Agus déintear an foghar so mar a
dhéintear “Thei.” act uaireannta bíonn sé mar
“Cei.” Tabhair fé ndeara gur “A Cheáin”
adeirtear do “A Sheán”; “A Cheoirse”
do “A Sheoirse”; “A Chiobháin” do “A
Shiobháin; “A Chiubhal” do “a shiubhal” agus
mar sin.



Ní fhuil aon fhoghar-gutha 'sa scórnach do “S.”



Tá sé ráidhte go ndeirtear “Taímíd in ár
Zsuidhe,” agus “fanaidh in bhúr Zseasamh”
in áiteanna éigin i gCúige Mumhan, .i. go
gcurtar foghar-gutha leis i'gcóir an earchradh
acht níor airigheasa féin riamh é ag aon chainteoir.
Feuch gur “T” a bhíonn mar earchradh ar “S.”



PÁDRAIG Ó CADHLA.


L. 161


AN MHEADHON GHAEDHEALG AGUS
CAINT NA NDAOINE.



Tá gontacht agus léireacht 'sa nGaedhilg atá
is na sceulta so. 1 Tá an chaint go sníomhtha,
snoighthe, casta ionnta; ta líomhthacht agus
deiseacht agus ceol innte. Is fuiris a aithint
gur duine é Seán Ó Cuirrín a rugadh agus
a tógádh leis an Ghaedhilg gus a deiseacht is
féidir leis an Mheadhon Ghaedhealg a sníomhadh le
snas tré chaint na ndaoine, nó ba chirte dhom a
rádh béidir a dheiseacht a gheibheann sé caint na
ndaoine a shníomhadh ar fhuiting na Meadhon
Ghaedhilge.



Im' thuairin-se is mar sin a fhásfaidh an “stíl”
agus an chomhthromacht so atáthar ag lorg don
Ghaedhilg.



Dá mba thoil le Dia an Dochtúir de Henebre
t'fhágaint againn is é a shaothróchadh an chomhth-
romacht sin dúinn. Dalta dhó is eadh Sean agus
dheurfainn go dtabharfadh sé cuid dá thréithe leis.
Tá an fhileamhlacht agus an ceol 'sa chaint aige
mar a bhí ag an Dochtúir. Tá cleas na bhfocal
saothruighthe go maith aige:— Feuch leat ar seo —
“Ceud moladh go hárd le Righ na nGrást
nGeal! Beirt Ghaedheal, Beirt Dhéiseach,
dearbhráithreacha, Tadhg Feusógach agus Seán
bearrtha, d'fhágadar Déise is i bhfad i gcéin leo
fasna hárda; casadh le chéile iad fé mhalairt
bhréig-riocht is niorb' aithnid dá chéile Tadhg na
Seán so; ar n-a dtéarnamh thar n-ais go
hÉirinn, is ar mbualadh le chéile dhóibh in eugmais
a mbréig-riocht, 'seadh b'aithnid dá chéile iad, is
ba mór é a n-áthas. Sin críoch le m'ráidhthe agus
mé go sásta.”



Cé dheurfadh ná fuil an fhileamhlacht agus an
ceol 'sa chaint sin. Sin rasc a chuir sé i mbeul
pearróide. Bheadh sé ceart ag Seán an fhilidheacht
a shaothrughadh; tá an fhéith sin ann maran bhfuil
a fhois aige é.



'Sé féin a cheap an cheud sceul. Tá
doircheacht éigin in áiteanna dhe agus tá sé
deacair an mheabhair cheart a bhaint as. Chaith mé
é léigheamh trí nó ceathair 'e bhobhtaí chum an
chiall go léir a thabhairt liom. Fuair mé ann é
i ndeireadh acht bhí sé orm é a lorg. Locht ar
sceul is eadh aon dhoircheacht mar seo a beith ann.
Caithfidh an soiléireacht a bheith 'sa cheangal agus
in gach aon chasadh agus iompó den sceul.
Chifeá ná raibh an múladh agus an ceap ar ar
riothfadh an sceul so chomh glanta chomh scriosta
chomh snasta leis an múladh ar ar riothfadh na trí



1 Beirt Dhéiseach: Seán ó Cuirrín do sgríobh agus
Comhlucht Oideachais na h-Éireann d'foilligh — 3/ a luach.



sceulta eile. Béidir nach iongnadh sin. Ní
theipfidh ar Sheán an ceap sin a cheapadh dha féin in
áit a chéile. Teideadh sé ar an tsimplidheacht
agus beurfaidh sé níos fearr ar a ghreamanna.



Tá “Gluais agus foclóir” ag gabháil leis
na sceulta agus dob' fhiu do aoinne é léigheamh
agus a mheabhrughadh. Ní baoghal gur ar an
mbearla a chuaidh sé chum brígh agus éifeacht na
bhfocail ná na ráidhte a léiriughadh. Ní h-eadh i
maithte; ní fhuil de riaghal tomhais aige don
Ghaedhilg acht an Ghaedhealg feín. Ní fhuil aon
tacaidheacht uaidh ar an mbeurla nach an oiread
gus dá mbá ná beádh sé ann in aon chor. Nach-
mór an náire agus an aithis do scoláirí móra na
Geadhilge ná fuighidh siad bualadh amach go deo
le leabhair Gaedhilge gan an tacaidheacht so ón
mbeurla. Leabhar a bhfhuil seoda Luachmhara
Gaedhilge ann is eadh “DánFhocail” (Tomás
F. Ó Rathaille, M.A), acht cad chuige an riomh-
rádh beurla a bheith ann. Cad chuige gach aon
eolus agus gach aon míniughadh atá ag baint leis
na seoda so a bheith 'sa mbeurla? Nár cheart go
bhfuigheadh gach aon leabhar mar seo seasamh ar a
chosa féin gan an tacaidheacht so ón mbearla.
Badh dhóigh leat ar na daoine seo gur amhlaidh ná
fuil aon mhuinghin aca as a gcuid Gaedhilge féin;
tugann siad leabhar áluinn dúinn ar mhaidí-
croise beurla. Dream eile de sna h-údair
mhóra ceudna ag scríobhadh columhain mhóra de
bheurla léigheanta ag cur síos ar:— “Sé an ainm a
bhí air ná Seudna,” nó cia aca is cirte “dhá
Phighin” nó “dhá Phingin?” Dé mhaith á bheith ag braith
ar stiúradh ná ár solus orra sin. Molaim an
Cuirríneach go hárd ar dheiseacht na gluaise atá i
ndeireadh an leabhair so aige. Cé léighfidh na
leabhair mhaiththe Gaedhilge acht an dream a bhfuil
an Ghaedhealg aca. Cad chuige, má 'seadh, a
bheit ag deunamh meur-ar-eolus dóibh den
mbeurla.



Is deacair a thuigsin cadé an mheabhair a
chaitheann daoine leis an rud so. Is féidir
feidhim a bhaint as an Ghaedhilg do gach aon ocáid
an té bheadh sí ar a thoil aige. “Feuch,” arsa
duine éigin agus é ag caint an lá heile liom,
“cá shoin a bheidh sibh ábalta ar alt breágh
léigheanta éifeachtamhail mar é sin a thabhairt 'sa
nGaedhilg dúinn?” ag leagaint a mhéire ar an
bpríomh-alt bhí 'sa pháipeur laetheamhail.



“Ar an nomant dearg so” arsa mise.



“Tá breall ort,” ar sé sin. “Cá bhfuil an
Ghaedhealg atá ágat ar na focail seo?” ag
tarraingt líne le n-a pheann luaidhe futha.



“Fan,” arsa mise, “Cad a bheadh uaim chum alt
mar é sin a scríobhadh?”


L. 162


Ní bheadh uaim acht na smaointe bhí ag an bhfear
sin agus a gcomhthrom Gaedhilge chum iad a
nochtadh. Ní fhuil aon mhearbhall orm ná go
bhfuil go leor daoine againn agus an comhthrom
sin aca. Acht is é rud a theastuigheann uait-se
acht go gcoiméadfaimís an beurla so mar
riaghal-tomhais i gcomhnuidhe againn. “Táim ag
teacht breun den obair seo,” arsa mise.
“Cuimhnigh ar an fhaid aimsire atá an fear a
scríobh an t-alt sin ag saothrughadh an bheurla chum
alt mar é sin a scríobhadh. Bhí sé dá labhairt ó
rugadh é agus tá sé agus na hoidí múinte bhí aige
gach aon lá ó shoin ag piocadh agus ag glanadh na
fiaghailí as an mbeurla ceudna sin a bhí aige agus
ag cur leasuighthe agus aoiligh leis gach aon lá
dhá shaoghal gur éirigh leis an méid sin a scríobhadh.
Fan go mbeidh Seán Ó Cuirrín agus a leithéid
tar éis an méid ceudna dá chuid aimsire a
chaitheamh agh cóiriughadh na Gaedhilge agus chífe
tú a dheiseacht gus a eireochaidh leis an chaint a
sníomhadh.



Ní chum a bheith ag cimilt baise dhe Sheán Ó
Cuirrín atáim ag leigint liom féin ar an dul so
acht teastuigheann uaim a chur i n-iuil do-sna
daoine seo a bhíonn ag caint go bhfiul an
Ghaeldhealg ann acht na daoine a bheith againn chum
í a láimhseáil.



FEAR FEASA.



BANNDAÍ GLUAISTEÁIN



AJAX TYRES



Gheibhtear go díreach ó Shasana Nuadh iad
gan aon bhaint le Sean-Shasana.



Banndaí thar barr iseadh iad.



Mara bhfuil siad ag gach aon siopa
gluaisteáin ar fúd na hÉireann ba
cheart go mbéidís.



Seo an t-aon dream amháin de lucht
díolta bannda san iomlán a chuireann
suim i gcúrsaí na Gaedhilge.



Oifhig — Cae Eden, 7, Baile Átha Cliath



LÉIRMHEASA EILE.



“ROGHA AN FHILE.”



Rince é seo maille le n-a chuid ceoil. Treasa Ní
Ailpín a cheap idir rince agus ceol, agus Seán Ó Cuirrín
a chur Gaedhealg ar an stiúrughadh atá ag gabháilt leis.



Tá an rince ar dheiseacht. Chonnaic mé dhá chleachtadh
é ag scata daoine óga. Tá sé banamhail beusach mar
ba chóir do rince a bheith agus é chomh simplidhe le casadh
an t-súgáin.



“COSA BUIDHE ÁRDA.”



Dreachtíní beaga deasa fíor-Ghaedhealacha agus an
ceol atá ag gabháilt leo atá bailighthe agus curtha in
eagar insan dá leabhairín seo ag “Finghin na Leamhna.”



Aoinne againn a rugadh agus a thógadh 'sa nGaedhealtacht,
is cuimhin linn go maith ár máthair nó ár sean-mháthair a
bheith dá ndingeadh so isteach 'nár gcluasa.



Is iongantach ar fad an suim a chuireann na leanbhaí
ionnta agus ba bhreágh led' chroidhe a bheith ag éisteacht
leo dá ngabháil. Is taithineamhach ar fad an tslighe é
chum Gaedhealg a mhúineadh.



Bhí a leithéidí seo ag imtheacht uainn go tiugh agus ba
cheart dúinn a bheith buidheach d' “Fhinghin” mar gheall ar
an mbailiughadh. As an teine thug sé cuid aca. Tá
sé dá mbailiughadh ar fuaid na Mumhan le fiche bliadhain.



Muintir Brún agus Ó Nóláin na foillsightheoirí.



F. F.



LEABHRA.



LEABHRA.



Seo an méid leabhra fuaireamar ósna foillsightheoirí
an mhí seo caithte:



Comhlucht Oideachais —



“Óir-Chiste.” — Seumas Ó hAodha. 5/-.



“Laochra Gaedheal.” — Tomás Ua Concheanainn agus a
chéile. 2/6.



“Amhráin Mhuighe Sheola.” — Bean Mhic Coisdealbha. 5/-.



“Seilg i Measg na nAlp.” — M. Breathnach. 1/6.



Preas Dhúin Dealgan —



“Sé Amhráin na hÉireann.” 3p.



“Rannta Naoidheanán.” — “Cú Chulainn.” 10p.



“Mion-Orduighthe na Scoile.” — 7p.



Mártan Lester —



“An leath-Rann,” — An Craoibhín. 4/-


L. 163


LEITIR.



LEABHAIR DON AOS ÓG.



D'Fhear Eagair “An Sguab.”



Léigheas an rud do sgríobh Art Ó Riain i dtaobh
trathnóna na bpáistí i nÁrus an Fháinne agus thugas fé
ndear an tagairt do dhein tú féin agus “Fear Feasa”
don cheist chéadna. Ach ní h-i mBaile Átha Cliath a
chomhnuigheann gach aoinne. Tá clann agamsa, cuir i
gcás, fén dtuaith sa bhfíor-Ghalltacht agus d'éirigh liom
roinnt Gaedhilge do mhúineadh dóibh sa mbaile. 'Sé
an rud is mó airighim uaim anois ach leabhair Ghaedhilge
oireamhnach don aos óg. Tá gach saghas leabhair i gcóir
leanbhaí le fághailt agus bhí i gcomhnuidhe, ach ní fhaca mé
níos mó ná cúpla ceann i nGaedhilg. Bíonn sé cruaidh
ar dhuine tréis teacht abhaile dhó um thrathnóna, agus é
tuirseach ó obair an lae, a bheith ag síor cheapadh sgéalta
do na chlann nó ag cur Gaedhilge ar na sgéalta Beurla
atá aca. Is dócha go bhfuil an-chuid aithreacha agus
máithreacha sa chás chéadna liom fein, agus is mó duine
a bheadh fe chomaoin agat, a fhir eagair, dá n-inneosfá
dúinn cad iad na leabhair atá le fághailt a dh'oirfeadh
do n-ár gclann.



Mise,



“TUISMHIGHTHEOIR.”



[Nil leabhair den tsórt so chomh fairsing san in ao'
chor agus tá práidhinn againn le n-a leithéid. Tá an
méid seo leanas ann, pér domhain de, agus a thuille leis
is dócha ná fuil eolas agamsa ortha:—



“Eachtra Eibhlís i dTír na nIongantas” (P. Ó Cadhla).



“Tír na nIongantas” (P. Ó Conaire).



“Eachtra Bharúin Munchausen” (ón Gearmáinís).



“Robinsoe Crúsó.”



“Oidhcheanta Sidhe” (Liam Mac Liaimmhóir). (Tá Beurla
sa cheann so, ámhthach).



“Sáimhín Sógh” (S. Ó Cléirigh).



“Sgeulta don Aos Óg” (Brún & Ó Nólain d'fhoillsigh).



“Íosagán” (Pádraig Mac Piarais).



Tá “Jimín” agus “Seáinín” oireamhnach do bhuachaillí
sgoile. Dála an sgéil tá “Seudna” ann agus cuid
desna sgeulta do sgríobh an Dr. Ó Síothcháin (“Gabha na
Coille,” “Ladhar den Lus Mór,” &rl.), gan trácht ar a
lán leabhairíní atá tréis teacht amach le déidheannaighe le
haghaidh na sgoileann: “Scéalóga,” “Sgéalta Sgoile,”
“Binn is Blasta,” &rl, &rl. — F. E.]



AN GHAEDHEALG MAR TEANGA GNÓTHA.



Deireann na daoine so leanas go bhfuilid toiltheannach
a's lán-tsásta a gcuid gnótha do dheunamh i nGaedhilg
le haon duine a thiocfadh chucha nó a sgríobhfadh chucha.



O'Raógáin & a Chomh Teo., Grósaerí &rl, 54 Sráíd
Dáson, Áth Cliath.



Máire Ní Raghallaigh, Leabhair Ghaedhilge, 87 Sráid na
Driseóige, Baile Átha Cliath.



Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor., 89 Sráid an
Tálbóidigh, Baile Átha Cliath.



Cló-Chomhlucht an Tálbóidigh, Teor., 85 Sráid an
Tálbóidigh, Baile Átha Cliath.



Tomás Mac Mathghamhna, Ceannaidhe, An Sgairbh, Co.
an Chláir.



Domhnall Ó Conchobhair, Cúntaisidhe, 13 Sráid an fheis-
tighe, Baile Átha Cliath.



Ághaistín Ó hAodha, Táilliúr, 16 Sráid an Húmaigh,
Baile Átha Cliath.



J. L. Stewart, Siopa Córacha Oifige, 4 Faithche an
Choláiste, Baile Átha Cliath.



Muintir an Ráithín, Gáirdíní Oileamhna Crainn, Tuaim-
gréine, Co. an Chláir.



Siopa na Leabhar nGaedhealach, 45 Sráid Dáson, Baile
Átha Cliath.



H. Ridgway, (aon dhuine amháin), Bearrbóir 22 Sráid
an fheistighe, Baile Átha Cliath.



Bannc na Talmhan, Faithche an Choláiste, Baile Átha
Cliath.



Muintir Pléimeann, Gualadóirí, 9 Sráid Fheardorcha,
Thuaidh, Baile Átha Cliath.



An Siopa Gaolach (Fountain Book Shop), An Parád
Mór, i gCorcaigh.



Muintir Jules (aon duine amháin: Tomás Ó Catháin),
Coiffeurs de dames, 26 Faithche Stiobhna, Thuaid, Átha
Cliath.



Ba mhaith linn a thuille ainmeacha d'fhagháilt le haghaidh
an liosta so.



ÚSÁID
GRANIA
TOOTH
PASTE
AR SON t'FHIACLA



ÚSÁID
GIBSOL
OINTMENT
AR SON DO
CHROICINN



Fior-dheuntús na h-Éireann iseadh iad so. Táid le fághail
ósna drugadóirí ar fúd na tíre ar 1/3 gach ceann nó go
díreach (saor tríd an bpost) ó Gibsol, Teo., Lána an
Chláir, Áth Cliath. Deuntar íce le h-aghaidh beithidhigh ann leis.


L. 164


BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA.



ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.



DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT
GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT.



Bun-airgead Geallta, £406,000.



Bun-airgead Díolta, £203,000.



Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1922, £1,900,000.



BUNUIGHTHE 1920.



BRAINNSÍ:—



68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh,
Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis
Maghchromtha.



THE
NATIONAL
LAND BANK
LTD.



Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason & a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Maunsel & Roberts Teo.,
Áth Cliath, & foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services