Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Uimhir 6 Mi na Márta 1923
Title
Uimhir 6 Mi na Márta 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
Muintir an Sguab
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN SGUAB Uimhir 6 MI NA MÁRTA 1923 3p. SA MHÍ. RÉIM NA hUIMHREACH SO Leath. TRÉIS A THUIGTEAR GACH BEART 103 IOLSGOIL NA MUMHAN. III. PÁDRAIG Ó CADHLA 105 CAOINEADH AN FHIR GASTA EÓGHAN RUADH Ó SÚILEABHÁIN 107 AG SGEITH AN CLOCH-GORM “CLOCH-LABHRAIS” 108 GORT Á T-SIDHE LEÓN Ó BROIN 110 SGOLÁIRE GAN SMACHT “OIDE GAN REACHT” 112 CÁTHOIN A BHEIDH AN GHAEDHEALG DÁ LABHAIRT “FEAR-FEASA” 113 COILLEACH AN MHEÁDHOIN-OIDHCHE SEÁN Ó DÚNAIDHE 117 FOGHAIR NA GAEDHILGE. V PÁDRAIG Ó CADHLA 118 ROSG-CHATHA NA NGAEDHEAL “SEAN-GHAEDHEAL” 119 LÉIRMHEASA 121 COMÓRTAS 122 LEITREACHA 123 CUMANN URRADHAIS MUINTIR NA h-ÉIREANN (THE IRISH PEOPLE'S ASSURANCE SOCIETY) CUMANN DO GACH AOINNE ISEADH É. NÍL AON NIDH AS DÁTA ANN. FÍOR-ÉIREANNAIGH ATÁ I mBUN NA h-OIBRE SEO. Gach fios agus faisnéis le fagháilt ón Rúnaidhe S. M. Ó DEORÁIN ÁRD-OIFIG — CEARNÓG PHARNEILL A 16, ÁTH CLIATH. WEST & SON SEODÓIRÍ, GAIBHNE AIRGID, AGUS CLUIGEADÓIRÍ. Tigh Grafton, 102 & 103 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath An stoc is mó i n-Eirinn; Fáinní pósta & Fáinní geallamhainte; bronntanasaí airgid; córacha tae & caifí; &rl. Tagaidh isteach chun iad dh'fheiscint. PIOPAÍ PETERSON TÁ CLÚ ORTHA AR FÚD AN DOMHAIN Deuntar iad den “Briar Root” is fearr atá le Fághailt. Le ceannach i ngach aon Siopa Tabac Deuntús KAPP & PETERSON BAILE ÁTHA CLIATH.
ROINN NA TALMHUÍOCHTA AGUS AN CHEÁRD- OIDEACHAIS Is mian leis an Roinn go dtuig- feadh an Pobal cad teagasgtar sna sgoileanna seo:— 1. — COLÁISTE EOLUÍOCHTA NA hÉIREANN, ÁTH CLIATH. Do bheirthear cúrsa iomlán teagaisg do dháltaí na Coláiste i dTalmhuíocht agus a Co-ádhbhair, Ceimíocht, Fisi- ceacht, Innleóracht agus Eoluíocht Nádúrtha. Bronntar suim áirid Scoláracht freisin gach bliain. Gheobhfar gach eolas ach sgríobh' in a choinne chun An Cláraidhe, Coláiste na hEoluíochta, Sr. Uach. Mhuirbhtheann, Áth Cliath. II. — SGOIL NA nEALADHAN, ÁTH CLIATH. Atá deis thar barr sa Sgoil seo le eolas a chur ar na hÁird-Ealadhna agus ar Ealadhna ornáideacha agus Chearda. Foirbhtear Teagasgthóirí Ealadhan innti. Gheobhfar gach faisnéis ach sgríobh' chun An Cláraidhe, Sgoil na nEaladhan, Sr. Chill Dara, Áth Cliath. III. — SGOIL TÍOGHBHUIS TIGHE, TEACH LORGAÍN, ÁTH CLIATH. Sgoil-chomhnuidhthe í seo a mbíonn teagasg tíoghbhuis tighe ar siubhal innti, agus go bhfoirbhtear daoine innti arbh mhian leo a bheith in a dTeagasgthóirí san ealadhain sin. Níor mhór gach sgríbhinn faoi a chur chun An Rúnaidhe, Roinn na Talmhuíochta agus Cheárd- Oideachais, Sr. Uach. Mhuirbhtheann, Áth Cliath. BA CHÓIR A'S BA CHEART DO GACH FÍOR-GHAEDHEAL A CHUID URRADHAIS A DHEUNAMH LEIS AN GAEDHEAL-COMHLUCHT TAIGHDE UM URRADHAS NÁISIÚNTA, TEORANTA (The Irish National Assurance Company, Limited) Is féidir do dhuine gach aon tsaghas Urradhais a dheunamh leis an gComh- lucht so:— AR FEADH SAOGHAIL AR FEADH TAMAILL I gCOINNE TIONÓISCE I gCOINNE DÓIGHTEÁIN AR GLUAISTEÁIN MAOIN — £120,000 AGUS TÁ AN CISTE AG DUL I MEUD Ó LÁ GO LÁ. RUD EILE: IS GAEDHIL SINNE. Árd Oifig:— 30 FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE ÁTHA CLIATH.
TRÉIS A THUIGTEAR GACH BEART. Seo é an seumhadh mí de shaoghal “An Sguab.” Táimíd beo fós, agus níl aon choinne againn le bás in ao' chor, buidheachas le Dia, ach táimíd ag fás agus ag dul chun cinn go maith in áit a chéile. Sa cheud uimhir dubhramar go mbéidir ná sroisfeadh sé ár ndaoine muinteara i gConndae Chiarraidhe agus in áiteanna eile toisg gan traen ná post a bheith ag fritheáladh ar na háiteanna sin. Maidir leis sin, tá feabhas beag éigint ar an sgeul, ach is beag atá, agus is iongantach linn, chun cuirp-lán na fírinne d'innsint, chó maith a's a d'eirigh linn d'aimhdheoin na ndeacarachtaí a bhí 'nár gcoinne. Caithfimíd ár mbuidheachas do ghabháilt le n-ár lucht léighte agus le lucht na bhfógraí leis. Anois, ba mhaith linn cur i gcuimhne dosna daoine a chuir isteach síntiúsaí chughainn ón gceud uimhir go bhfuil na sé míosa caithte. Níor iarramar ach síntiús leath- bhliadhna ortha an uair sin ar eagla ná éireóch linn an páipeur do choimeád ar siubhal níos sia ná san, ach táimíd ó bhaoghal anois, agus dá bhrigh sin, ní misde linn a rádh go mbeimíst an-bhuidheach dosna daoine sin dá gcuirfidíst síntiúsaí eile chughainn anois. Tá fuirm fé leith istigh i ngach cóip den “Sguab” an uair seo chuige sin. Cé go bhfuilimíd ó bhaoghal raghadh “An Sguab” in eug go luath maran gceannóchthaidhe é, agus dá bhrigh sin tá súil againn go bhfuighfimíd síntiúsaí arís ó gach aon duine atá ar an liosta cheana agus ó dhaoine nach iad leis. Ag moladh muintir an Phuist a bhíomar an mhí seo caithte. Ach caithfear feabhas mór do chur ar an sgeul fós. Is mó leitir a mbíonn moill fada uirrthi ar an tslighe nuair ná bíonn ach Gaedhealg ar an gclúdach. Bíotar ag sgríobh chughainn 'á ngearán mar gheall air, agus ag iarraidh orainn an sguab do láimhseáil feuchaint an bhfuighmíst iad do bhrostú agus d'fheabhsú. Cuid desna rudaí seo a gearántar, tá siad go dona, agus tá daoine muinighneacha i n-iuil iad do chruthú. Ba mhaith leo dá dtabharfaimíst chun soluis cúpla sampla den fhaillighe seo, ach dá ndonacht é ní bhacfaimíd leis. Dá mbeadh an Rialtas ar fad chó maith le hAireacht an Phuist do bheadh cúis na Gaedhilge níos fearr as ná mar atá. Agus dála an sgéil, ba cheart do gach aoinne gur taitheach leis a chuid leitreacha do sgríobh i nGaedhilg cóip de “Post-Sheanchas” d'fhagháilt. Is mó duine ná léigheann é, agus maran úsáidtear an focal ceudna a's atá sa leabhar sin ní dheunaimíd mórán iongantas de go dtéidheann leitreacha amú sa Phost. Nílimíd á rádh ná go bhfuil rudaí bun os cionn ann, ach aon duine ná fuil sásta leis an nGaedhilg tugtar ar a áith chomhnuighthe i b“Post-Sheanchas” ba cheart dó sgríobh chun Árd-Oifig an Phuist ag innsint dóibh go bhfuil ainm eile ar an áit seochas an ceann atá sa leabhar oifigiuil. B'fhearr le daoine áirithe Caisleán Uí gConaing ná Caisleán Uí Chonaill, cuir i gcás, agus Ráth Maonas ná Ráth Ó Máine, agus mar sin de. Má's go dtí áit bheag iargcúlta atá leitreacha dá saghas ag dul ní haon iongnadh é ná sroiseann siad go léir. Agus tá daoine eile ann agus baineann sé le deallramh go gceapann siad ainmeacha dóibh féin ar áiteanna. Cúpla mí ó shoin fuaireamar sgeul ó fear i gCo. Mhuigheó: “Innisgeithe Ó Dheas” an seoladh do thug sé dhúinn. Do sgríobhamar chuige fé dhó á admháil, ach do chuir muintir an Phuist ár leitreacha thar n-ais chughainn toisg nár airigheadar trácht ar a leithéid d'áit riamh. Bhí tagairt againn an mí seo caithte do cheist chánach. Ba cheart cáin trom do chur ar an dream a thugann amach mionfhógraí i bhfuirm billeoga ar na sráideanna. Tá siad ag eirghe uathbhásach i mBaile Átha Cliath. Daoine gan náire iseadh iad. Bíonn cuid aca ag iarraidh iachall do chur ort rudaí do cheannach agus cuid eile ag innsint duit gur chóir go raghfá go dtí a leithéid de thigh pictiuir, agus mar sin de. Is cuma tábhachtach nó suarach iad, sé an deire ceudna a bhíonn ortha — caitheann na daoine uatha ar an tsráid iad. An lá fé dheire bhí Cearnóg Phárneill clúdaighthe le billeoga dá saghas síos go dtí íomháigh Phárneill — píosaí suaracha páipéir, buidhe agus dearg agus uaithne, agus iad caithte mór-thimpeall agus 'á séideadh ag an ngaoith. Do bhuaidh sé ar a bhfaicighmear riamh de neamh-chruinneas. Níl
lá de n-ár saoghal ná cidhimíd an rud ceudna timpeall ar Droichead Uí Chonaill agus i ngach áit i lár na cathrach, agus táthar ag díospóir- eacht i dtaobh cathair áluinn do dheunamh de Bhaile Átha Cliath, cathair oireamhnach mar príomh- chathair tíre neamhspleádhaigh, agus gan aon pioc de spioraid na tíoramhlachta sna daoine atá 'na gcomhnuidhe ann. Tháinig fuath againn don rud an lá eile, agus do sgríobhamar an méid adubhramar romhainn annso. Ach as a mhagadh féin is maith an rud é gur cuireadh an “Greater Dublin Reconstruction Movement” (mar a thugtar air) ar bun. Is cuma an bhfuil an ceart aca sna pleananna mholaid nó ná fuil, táid ag tabhairt adhbhar machtnaimh dosna daoine agus ag teas- báint dóibh ná fuil an chathair gan locht mar atá sí, agus nár mhór dúinn tabhairt fé'n obair in am. Mar adubhramar cheana, ní fhanann muir le fear ualaigh. Do b'fhánach an rud é, agus eugcóir ar na daoine bochta leis, a bheith ag caitheamh mórán airgid ar oibreacha móra, nuair ná fuil mórán práidhinn againn leó go ceann tamaill, ar son an chathair do mhaisiú amháin — nuair a thiocfadh an t-am tioc- faidh an chlann. Chó fada a's a bheidh sé le rádh ag an saoghal go bhfuil 18,097 líonta tighe i mBaile Átha Cliath gan ach aon seomra amháin ag gach ceann aca, agus a lán rudaí eile níos measa arís ná san, 'sé an cheud rud ba cheart dúinn tabhairt fé, agus gan a thuille moille leis, ach é sin do leigheas. Is fíor go bhfuil leath an tsaoghail marbh ag an leath eile. Cúis náire dhúinn, don náisiun go léir, iseadhé-h cúrsaí gearáin, cúrsaí galair cuirp agus aigne, agus cúrsaí cora. Is dócha go mbéimíd leamh dínn féin tréis tamaill nuair a chuimh- neomuid go bhfuighmíst tighthe do thógaint don chuid is mó desna daoine ná fuil ach cúinní seomra agus póirsí mí-shláinteamhla aca fé láthair leis an méid airgid atá caillte i ngach slighe ó thosnuigh cogadh an fhill a's an achrainn seo againn. Ach san am ceudna ba cheart plean deimh- nightheach do shocrú roimh-ré conus atáimíd chun an chathair do leagaint amach as an nuadh nuair is acfuinn dúinn é dheunamh. Ní mór dúinn an ceirí do dheunamh chó fairsing leis an gcnad, ach caithfimíd cuimhneamh go gcromfar ar an obair ar an mball, mar dá mbochtacht sinn is éigin dúinn rudaí áirighthe a bheith againn ná fuil againn anois. Árd-Oifig an Phuist, cuir i gcás, agus Tigh an Chustuim, agus Árus an Oireachtais. Sop in ionad sguaibe atá ann anois le h-aghaidh na rudaí sin. Ní gádh aon deitheanas a bheith orainn má bhíonn an plean ar fad socruighthe roimh-ré. Ach sin í an adhb. Is eagal linn go dtógfamuíd an cheud choiscéim gan feuchaint romhainn go cúramach. Deirtear gur san Oispideul Ríoga i gCillmhaighneann a bheidh Tigh an Oireachtais. Béidir gur ceart go mbeadh, agus béidir nach ceart. Tá an iomarca Coimisiuin curtha ar bun cheana ag an Rialtas mar adubhramar cúpla mí ó shoin, ach isé an chúis a cuireadh ar bun iad ach chun ceisteanna achrannacha do chur ar ath-ló. Sa cheist seo is dóigh linn gur cheart coimisiún nó coiste fé leith do cheapadh chun é do phlé agus an rud ar fad do chur tré chéile. An gnáth-dhuine nuair a bhíonn sé ag tagairt do phríomh-chathair cuimhnigheann sé ar na ceannaibh is mó — cúpla ceann speisiálta mar Páras nó Lonndan nó an Nuadh-Eabhrach. Ach ní gádh dhó. Tá cathracha ann, agus príomh-d chathracha oireamhnach do thíortha móra tábhachtacha gan ach an méid ceudna daoine ionnta a's atá i mBaile Átha Cliath .i. leathistigh de limisteur an D.M.P. Tá 660,000 pearsa i mBrussels, 500,000 sa Róimh, 170,000 in Aten, agus 450,000 i gCopenhagen. Cé déarfadh nach príomh- chathair breágh an Róimh? nó má luadhmíd príomhchathair tíre ar chó-mhéid le hÉirinn, ná beimíst sásta dá mbeadh Baile Átha Cliath chó háluinn le Copenhagen? Agus táimíd gan Árd-Eaglais agus gan Tigh Oireachtais annso. Stair na tíre is cionntach leis sin, gan dabht. Táimíd gan Tigh an Chustuim anois agus gan na Ceithre Cúirte (an dá árus is breághdha a bhí againn agus iad oireamhnach d'aon phríomh- chathair sa domhain). Ach tá rudaí againn ná fuil in áiteanna eile: tá sráideanna breaghdha leathna agus caladhphuirt buailte suas le lár na cathrach; agus rudaí ná feudfaidhe dheunamh dá mbeadh sparán na sgillinge againn; ní gádh dhúinn ach marcuidheacht cúpla pingin do thógaint sa tram chun a bheith ag snámh sa bhfairrge glan gorm nó ag dul ag siubhal imeasg na sléibhte bhfiadhain bhfolláin. Toisg é sin a bheith amhlaidh beidh seans maith ag Baile Átha Cliath san am atá le teacht, agus toisg gur tír feirmeóireachta agus ní tír tionnsgal í níl buaidhte ar Éirinn fós ach an oiread, dá olcas é an sgeul anois.
IOLSCOIL NA MUMHAN I RINN Ó gCUANACH. III. AN EAGLAIS AGUS AN GHAEDHEALG. Leag an t-easbog amach réim Teagosc Críos- tuidhe i gcóir páistí na scoile seo againne: (1) Teagosc Críostuidhe (Ó Laoghaire); (2) Soiscéil an Aifrinn (Ó Laoghaire); (3) Mín- iughadh an Aifrinn (P. Denn); (4) Roint ceachtanna ón Scrioptúir Naomhtha. Ní raibh de locht againn air acht gur theastuigh uaidh go mbeadh na páistí in iúil ar roint ceisteanna sa mBeurla a fhreagairt ag tagairt do Dhia agus do bheatha Íosa. Chuir sé i gcuimhneamh dhúinn sceul a airighmís in ar n-óige i dtaobh 'Caoideach Gabha. Tháinig an sagart chum an 'Chaoidigh seo chum an fear bocht a ullmhughadh chum báis agus nuair a bhí a fhaoisdín éistighthe aige agus an ola dhéidheanach curtha agus gach aon sólás tabhartha aige don bhfear bocht agus é chum imtheacht leis abhaile, ghlaoidh an Caoideach thar an ais ón ndorus air. “Mo dhearmhad, a Athair,” ar sé sin, “bhfuil Gaedhealg ag Dia?” “Ó, atá,” arsaigh an sagart. “Maran bhfuil, a Athair,” ar sé sin, “tá breall ar an gCaoideach.” Ní mar sin féin adubhairt sé é acht mar adeurfadh aon fhear cois luaithe.) Maran bhfuil aon fhagháil againn-ne dul go dtí na Flaithis gan eolus ar Dhia a bheith againn sa mBeurla beidh sceul an Chaoidigh againn. Bhí sé dh'órdughadh ag an sagart óg teacht chugainn gach aon tseachtmhain chum feuchaint i ndiaidh an Teagosc Críostuidhe. An cheud lá a tháinig sé thosnuigh sé leis an mBeurla. Chaitheas-sa a rádh leis ná raibh aon Bheurla a chuigint ná ar aon chor ar siubhal againn 'sa scoil so. “Cad a dheunfad-sa, má's eadh?” ar sé sin. “An deabhas a bhfeadar me, a Athair,” arsaigh mise, “maran éisteofá liomsa á gceistiughadh.” “Is dócha ná fuil aon rud eile le deunamh agam,” ar sé sin, ag cur a thoil le toil Dé. Thuigfeadh sé an Ghaedhealg go maith acht ná raibh an léigheamh ná an scríobhadh aige. Is mó sagart ar m'eolus a thug an Ghaedhealg leis ó ucht a mháthar agus nár leig an leisce (nó béidir an droch-mheas dí a chuaidh in achrann in a chuid fola agus in a chraitheacha le linn is é ag fagháil a bheusa agus a theagosca i gColáiste na Sagart), nár léig sé dhó an léigheamh agus an scríobhadh d'fhoghluim riamh. Tá seandhríodar an deall- radhamhalachta agus an galántachta san fós in an-chuid aca. Bhítí ag magadh fútha is na Coláistí i dtaobh an blas a bhí ar a gcuid Beurla agus chuirtí an milleán ar chaint na Gaedhilge bhí aca agus bhíodh na hoidí agus na sagairt ag gabháil dóibh chomh mór sin gur tháinigh fuath agus gráin aca dhí. Ba é an sceul ceudna ag scoileanna na mban-riaghalta é. Creid uaim-sa é gur mó a mhill an dá nídh seo an Ghaedhealg ná aon ní eile i gcurtar marbhughadh na Gaedhilge in a leith. Tá ceannta mór, mór ag an Eaglais sa méid so, agus ní fheadar an bhfuighfear é mhaitheamh go deo dhóibh. Feuch an méid sagart i nDúthaigh Déiseach a thug an Ghaedhealg leo ó bhroinn a máthar agus na fuigheadh seanmóin i nGaedhilg a thabhairt uatha anois. Deireann cuid aca na “Gnímh,” agus gheobhaidís iad a rádh chomh maith leis an leabhar iompuighthe síos suas. Ní chuirfidís de dhuadh orra féin an léigheamh a fhoghluim in a cheart. B'fhearr leo a bheith ag bóiceáil as an mBeurla bhíonn aca — ní miste dhóibh, mhuise. Is maith is cuimhin liom an chéad bhliadhain a tháinig an t-easbog. Bhí gasra maith de leanbhaí na háite againn chum a chur fé Láimh Easbuig agus a dteagosc go léir aca as Gaedhilg dar ndóigh, acht cá bhfuighbhthí sagart chum iad a thriail? B'shin í an cheist. Bhíomair annsin i gcúinne beag den séipéal gan aoinne ag feuchaint orainn, gan aoinne ag cur isteach ná amach orainn. Bhí gach aon órdughadh agus gleithearán agus leathadh-ladhar ag oidí, sagart, agus easbog thimcheall ar pháistí an Bheurla. Ní hamhlaidh ná raibh a fhios aca go rabhamair ann; chuireasa féin leitir go dtí an Easbog agus go dtí sagart an pharóiste roimh ré dá chur in iuil dóibh go raibh a leithéidí i gcóir agam. Ní shaileoch' an sagart óg a lámha linn; ní chuirfeadh sé i gcuimhneamh don Easbog go rabhamair ann. Nuair a bhí an sceul ag imtheacht ró fhada agus nuair a bhris ar an bhfoidne agam chuaidh mé go dtí an Easbog agus dubhairt mé go raibh páistí na Gaedhilge ag fuireach le n-a dtriail fós. D'iarr sé go háimhleasc ar shagart áirighthe bhí ann an gcuirfeadh sé cúpla ceist orra. Chuir. Ní bhfuigheadh sé an Teagosc Críostuidhe a léigheamh ró mhaith, agus nuair a chuireadh sé an cheist ní bhíodh sé dh'uain aige a bheith ag éisteacht
leis an bhfreagra acht é ar a dhícheall d'iarraidh an cheud cheist eile a dheunamh amach é féin. Ó, nach amlach an dream sinn, go bhfóire Dia orainn, agus gan aon náire orainn. Chuir obair an lae sin i dtuigsin dom níos mó ná aon rud a casadh riamh orm an peaca mór trom atá anuas ar guailne na hEaglaise i dtaobh marbhughadh na Gaedhilge. Cuireadh i dtuigsin go soiléir do gach aoinne den phobal sin an lá sin (gach aoinne a raibh aon súile in a cheann) sceul an Chaoidigh bhoicht. Nuair a tháinigheamar amach as an séipeul agus nuair a bhailigh gach aoinne thimcheall ar lucht na “standingí” chum oráistí agus craicirs agus arán-sinséar a cheannach bhí ceann de bhuachaillí na Gaedhilge d'iarraidh é féin a bhrughadh isteach gairid do bhean na steotair chum luach a phinginín féin d'fhagháil nuair a rángaidh ceann de bhucs an Bheurla roimhe sa tslighe agus adubhairt, “Keep back ou'r that, shu' you had only Irish prayers,” níor dhein mo bhuachaill acht druideamhaint siar uaidh agus é a bhualadh le saidhm de dhorn isteach idir an dá shúil — “Anois, fait ú saé,” ar sé sin. “Mhuise, nár bhaine an diabhail an bhais díot-sa, a Bheibirligh,” arsa me féin im' aigne féin, “tá an spunc ionnat, pé sceul é.” Tháinigheamair abhaile agus nuair a bhí greim dinnéir ithte agam shuidh mé síos agus bhí mé ag deunamh mo mharanna ar pheictiúirí agus ar shomplaí an lae sin, agus is mó rud a bhí ag rioth tré m'aigne i dtaobh tíre, agus teangan, agus creidimh. Níorbh' iongnadh leat, a mhic ó, dá ndeurfainn leat go raibh mé breun de an-chuid rudaí agus go raibh mé roinnt durtha ón saoghal. Trí bliadna in a dhiaidh sin bhíomair ann arís lá an Easbuig agus b'é an sceul ceudna againn é, nó ní ba mheasa. Níor cuireadh aon triail in aon chor ar pháistí na Gaedhilge, acht nuair a tháinig an t-Easbog chum iad a chur fé n-a láimh chrom sé ar cheist- eanna i mBeurla a chur orra — “sceul an Chaoidigh arís,” arsaigh mé féin liom féin. Fágaimís mar sin é mar sceul in ainm Dé; cuireann sé canncas agus seirbhthean orm cuimhneamh air. Feuch go mbíonn aiteas ag baint leis an Easbog féin. Tá a fhios agam Easbog anois atá ag deunamh a dhíchill chum meas agus urraim a theasbáint don Ghaedhilg — an meas agus an urraim sin a cheil sé uirre i dtosach a réime — agus cuireann sé ceist- eanna ar na páisdí nuair a bhíonn sé dá gcur fé n-a láimh, ceisteanna i mBeurla chum iad a fhreagairt as Gaedhilg, mar seo:— “Tell me, what is man, in Irish?” “How do you say ‘Good day’ in Irish?” agus mar sin. Caith do thuairim leis an obair seo, a mhic mo chroidhe, agus innis dom cad is dóigh leat? Deir sé leis na daoine go gcaithfear suim a chur sa nGaedhilg as so amach, agus is d'réir an fhreagra a gheibheann ar na ceisteanna so romham annso nó a leithéidí a thugann sé a bhreath ar chúrsaí na Gaedhilge i ngach sgoil. Cuimhnigh air! Bhí mac deirbhshéar don Dochtúir Ó Síothcháin agus mac deirbhshéar don Athair Mhícheul Mhac Craith, C.Í., dá gcur fé Láimh Easbuig agam an bhliadhain so agus a dteagosc go léir 'sa nGaedhilg aca, agus mar sin bhí dath ag teacht ar an sceul againn. Caithfidh an Eaglais iompó ar an Ghaedhilg a leigheas go dian agus go dícheallach má's maith leo an sean-mhilleán atá orra in a taobh a chur díobh suas. Tá an choir go trom orra, agus ní bhfuighidh siad dul ó bheul na ndaoine. Ní thógfaidh aoinne orainn a bheith i gcoinne an chléir ar an sceul so maran gcuirfidh siad an croth ceart orra féin i dtaobh ath-bheochant na teangan anois. PÁDRAIG Ó CADHLA. Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n Chumann Gaedhealach is Fearr AN CUMANN IBÉRNEACH INSIÚRÁLA TEÓ. I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS COITCHINNE. Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH. NA POLASAITHE IS IOMLÁINE LE FAGHÁIL.
FILIDHEACHT. CAOINEADH AN FHIR GASTA. EÓGHAN RUADH Ó SÚILEABHÁIN cct. I. Céad slán chun gach rígh-fhear Bheadh páirteach do'm shlígh-se I dtigh an tábhairne do shuídhfeadh Le h-ínntinn ag ól, Do thráighfeadh na fíonta Gan grascar, gan bruídheanta, A's amáireach dá druím sin Ná goíllfheadh air brón! Mar ní mise an Poc Seó Do chruinnígheas an-t ór, Dá bhailiú go fíor-bhocht A's daoine eile 'á ól. II. Bíon bálthaigh le cínnteacht Ag fághail cámuis air shaoithibh I dtigh an tábhairne do shuídhfeadh Le h-íntinn ag ól; Is tláth bheidh an bhuídhean san A's is fánach a gcríche Agus fágfhaid na mílte Go cruínn n-a gcuid stóir, 'Nuair a síntear é air bórd, A's gan tuínte air a thóin, Bíon a bhean súd 'á chaoine Le laoíthibh gan chóir! III. Ní raibh trácht air na gníomharthaibh Bhí i bPárus na Traoí shoir Ná i Gheáson do síolthaigh Tar taoíd leis an-t sheód! Laéchradh na Craoíbhe, Ná an-t é sin do chlaoidh Tailc, Ná an Caésar chuir cíos air Na taoisigh go leór — Do bhronnfhadh saé an mhóin, A's geach tabhrthas d'á shórt, — Geach acra bhí aige Ach gan brígh a bheith n-a dhóid. IV. “Ó, mo chás a's mo sceímhle Tú air chlárachaibh sínte! A's go bráth bead id chaoineadh Go dtíghidh air mo ghlór. Dar lámha mo shínnsir A's a mbeith láithreach le síneadh Dob'fheárr liom airís tú Ná mílte dhen ór!” — Ní íosfhaidh sí “teóst,” Níl suím aici i ngnó, A's ní fhágfhaidh sí an chíll Ó n-a buídheanach go déo! V. “A cháirde mo chroídhe istig, Tíghidh láithreach im thímcheall, Nó ní fhágfhad-sa tuínte Air aén taoíbh díom gan stróic. Ní stánfhadh de'n scríob san Go mbáidhtear sa Laoí me, A's go bráth bead á chaoíne Mo chaoín-fhear dar ndóigh!” Bu raímhe leat geach deór Bhíodh síos le n-a sróin, A's í ag bagairt ós íseal Air scaoínse fir óig!! “AN FILE BUILE” do sholathruigh. DÉINIMÍD-NE DABHACHA, PEIGÍNÍ, AGUS FIRCÍNÍ as an adhmud feagha is fearr a fhásann i dtír na hÉireann agus is againn atá ceann de na tighthe cúpaora agus boscaí a dheunamh is mó in Éirinn. Tá bosca an ime, bosca na cáise, bosca na n-ubh, bosca an éisc, a's na barrailí le fagháil annso — an t-adhbhar is fearr agus marga maith. Déintear annso iad. Gach fios agus faisnéis uainn-ne — SEUMAS MAC MATHGHAMHNA (TEOR.) i LUIMNIGH
AG SCÉITH AN CHLOCH GHORM. Céard is eadh an fheirmeóireacht. Ní raibh a fhios sin agam-sa agus mé ag obair do m'athair 'sa bhaile ar an bhfeirm, acht do cuireadh ar mo shúilibh dom é nuair tháinig mé go dtí an baile mór. Fear do bhí sa mBannc (im' chléireach bainnc a bhíosa leis) do bhí garraidhe reachtais aige, agus is dócha gur thug sé fé ndear snódh na gréine agus na gaoithe orm-sa mar an dara lá d'á rabhas i n'fhochair, d'iarr sé orm teacht amach an tráthnóna sin ag feuchaint na mbarraí bhí aige. Do chuaidh mé, agus is mar gheall ar ar thuit amach tá mé chum trácht annso. Tar éis té bhíomar chum dul amach agus ní raibh a fhios agam féin ar cheart dom dul mar do bhí mé nó mo chulaith Dhomhnaigh do chur orm. Ar eagla na h-eagla do chuir mé orm é, agus ba mhaith an rud gur chuir, mar bhí seisean gleusta suas go deas leis, acht amháin go raibh mála 'n-a láimh aige mar bheadh sé ag dul ag imirt peile. Nuair shroicheamar an gáirdín do theasbáin sé dom na saghasanna prátaí agus inniún agus cabáiste agus eile do bhí aige, agus do b'iongna leis a n-ainm- eacha go léir do bheith agam gan déanamh acht feuchaint orra — do bhí píosa páipéir agus an ainm air ag bun gach phaiste aige féin. Cuibheasach gan bheith maoidhteach, adéarainn, a bhíodar mar bharraí, acht do mhol mé go h-árd dó sin iad, agus do bhí áthas air. Do mhol seisean go h-árd an tuigsint do bhí agam-sa leis — nó cá bhfuair mé an t-eolus go léir? Nuair bhí cuaird an gháirdín tabhartha againn do shuidh sé síos ar an gcinnfhearann agus d'oscail an mála. Do bhí cúpla plannda cabáiste le cur aige, adubhairt sé, marar mhisde liom fuireach. Peidhre sean-bhróg do bhí sa mhala aige agus slaitín tomhais, roithleán téid, agus leabhar. Thóg sé amach iad agus do chuir na bróga air, agus annsin chuamar síos mar a raibh an leabadh síl. Do bhí ramhann i bhfolach i gclais fé's na crannaibh prátaí gairid do'n leabadh, agus fuair sé í. Annsin d'oscail sé an leabhar. Teagasc ar chionnus cabáiste do chur do bhí sa leabhar, agus ní fhéadfainn gan gáire ná fuigheadh sé dhéanamh i n-eughmais a leithéid. Acht bhí an scéal níos measa nuair do chuir sé an leabhar n-a phóca agus thosnuigh ar an dtalamh do leagaint amach leis an slait agus an teud, agus annsin an t-aoileach do leathadh mar bheitheá ag crothadh salainn ar do dhinneur! Agus cad é an díoghbháil dada acht an crot do bhí air féin chum na h-oibre go léir — gan a chasóg do bhaint de, ná a bhóna, ná a chufaí, ná an t-uaireadóir do thógaint as a phóca ná beadh samhthach na rámhainne ag dul i n-achrann ins an slabhradh gach 're nóimid air! Sa deire rug mé ar an ramhainn uaidh agus dubhras leis na planndaí do sháthadh im' dhiaidh. Do dhein, agus cúig nóimid ní rabhmar leis an gcuid eile acu. Moladh? Buidheachus! B'éigean dom dul abhaile leis chum suipéir, agus, fé'r scaramar le n-a chéile, bhí socair aige go spréachfadh sé an chloch ghorm ar na prátaí i mbáireach! Bhí an stuif aige agus an gleus agus gach aon rud — muna raibh mé ag dul i n-aon áit eile? Ní rabhas, agus, dar ndóigh, dá mbeinn féin …! Chuaidh mé abhaile. Do bhí saghas amhras agam ar cad do bhí romham agus a fhios agam cad é an saghas rud é an chloch ghorm, agus do chuireas sean-chasóg orm agus bríste anairte thug bean an tighe dom. Ní dhéanfadh sé an gnó ar aon chor siubhal i n-aonfheacht leis siúd agus iad sin orm tríd an sráid, agus d'fhan mé ag feuchaint amach an fhuinneóg go bhfeicinn ag dul thart é. Chonnaic mé i gcionn tamaill é. Ní h-aon sean-chulaith do bhí air acht é mar ba ghnáthach leis, agus an mála 'n-a láimh aige mar do bhí indé roimis sin. Tamall tar éis dó dul thart chonnaic mé asal agus trucail ag teacht, bairille sa trucail agus garsún ag tiomáint. Thuig mé gurbh é an stuif do bhí ann, agus chuaidh mé amach. Bhíomar ag leanamhaint a chéile soir an tsráid, eisean ar dtúis agus gan aon suim aige in aon rud, an t-asal agus an garsún annsin, agus mise ar deireadh agus mé ag faire orra araon. Maith an áit a rabhas leis. Ag dul timcheall cúinne do'n asal chuaidh roth de'n trucail anáirde ar an gcosán agus amach ar an mbóthar leis an mbairille stuifh! Cad do dhein mé? Ní h-eadh, acht cad do dhein an Garsún? Do rith sé i ndioidh an “duine uasail” agus thug thar ais é chum an bhairille thógaint leis. Do bhí mise ann rómpa agus nuair thánadar níorbh aon mhaith cheilt a thuille an pháirteachais do bhí eadrainn; thóg- amar an bairille, agus an fhaid do bhí seisean ag glanadh a chod' éaduigh agus é ag tabhairt íde do'n gharsún, do bhí mise ag taoscadh suas an mhéid de'n stuif d'fheudfainn le sean- sháspan fuair mé sa trucail. Do bhí scata de
dhaoscar na sráide bailighthe timcheall orainn, dar ndóigh, agus iad 'ghá innsint d'á chéile cia h-iad sinn agus gach aon rud mar gheall orainn. Do shiubhlamar an chuid eile de'n tslighe le cois a chéile — dá mhéid aithis agam' shean-bhalcaisí á thabhairt d'á chulaith ghalánta siúd, ná ag an asal agus an sean-bhairille dúinn araon. Nuair shroicheamar an pháirc adubhairt mise go rachainn fé'n ghleus, acht ní leigfeadh sé dhom; níorbh bheag a raibh déanta agam ag sábháil an stuif, agus go rachadh sé féin. Do bhí saghas culaith-bhealach de phígheamas sa mhála aige, agus chuir sé air iad, acht mar sin féin ba scrupal liom an sean-inneall do cheangailt ar dhuine chómh beárrtha, deagh-chúmtha, agus dubhairt mé leis é. Ní bheadh sé sásta. B'éigean dom é chur air, agus siúd ar fuaid na bprátaí é. B'fhéidir nár oibrigh an léightheóir gleus scéidhte riamh? Saghas bolg é acht é deunta de stáin, píopa amach as fé mar bheadh i bpíb ceóil agus an pampa fé t'uillinn go gcaithfeá bheith ag séideadh leis. Dála na bpíobaí, is fuiris go leór é d'oibriú nuair bheadh taithighe agat air, acht go dtí go mbeadh, ní fhaca tú riamh acht an útamáil dhéanfá — nuair bheadh t'uillinn ar siubhal, is suas fé d' chluais bheadh gob an phíopa agat, agus annsin nuair rachadh steall de'n stuif san aghaidh agus ins na súilibh agat, stadfá de'n séideadh, dar ndóigh, agus b'fhéidir go dtuitfeadh an gleus ar fad as a chéile. Sin é bhain dom' charaid. Níor chuimhnigh sé ar an ndá thráigh nár mhór d'á ghobadán fhreasdal, agus isteach i mbrollach a léine fé n-a smig d'imthigh an cheud séideán! An dara iarracht, bhí an píopa ceart go leór aige isteach fé's na crannaibh prátaí agus é ag siubhal leis nuair thug mise fé ndeár ná raibh an uillinn ag obair aige ar aon chor, agus b'éigean dó tosnú arís! An tríomhadh iarracht, do chuir sé dáiríribh chuige — ró-dháiríribh, b'fhéidir — mar ná raibh sé imighthe i bhfad síos an chlais uainn nuair do scar scrogal an phíopa leis an ngleus, agus siúd an stuif ag brúchtadh amach agus síos a dhrom agus a chosa! Do chuir mé liúgh asam agus ritheas d'iarracht air. Do ritheas d'iarracht air, acht ba bheag an mhaith dom é leis an ngáire. Bhí sé annsúd agus an rud mí-ádhmharach aniar air ag dortadh an chloch ghorm síos baic a mhuinéil, agus sreanng air a d'iarraidh é chaitheamh de agus ná fuigheadh. Bhí an píopa 'n-a láimh aige i gcomhnuidhe, acht bhí a hata tar éis tuitim de, agus bhí sé ag satailt air sin agus an chloch ghorm ag rith anuas a chosa air. Bhí na crainn phrátaí pasáilte, briste, aige ar feadh cúpla rámhan 'n-a thimcheall ar gach taobh, agus, díreach agus mé ag breith ar ghualainn air chum é chasadh timcheall agus an gleus do réidhteach de, baineadh barra-thuisle as, agus thuit sé siar ar idir gleus agus bolg agus eile sa phluda! Bhí a ghnó déanta. Do thóg mé é dar ndóigh, agus do ghlan mé chómh maith agus d'fhéadfainn, acht caithfidh mé a admháil go rabhas i riocht scoilt orm le gáire ar feadh na h-aimsire. Ní raibh leigheas agam air — dá mbadh ná beadh aoinne ann acht an bheirt againn chaithfinn gáire, acht bhí an garsún ann leis, agus clab go cluasaibh air. Eadrainn do réidhtigheamar an scéal i ndiaidh a chéile, agus annsin shiubhlamar i dtriúr suas go dtí an trucail. D'fheuch mise isteach sa bhairille. “Tá taoscán fós ann,” arsa mise. “Tabhair dhom an t-inneall go scéithfidh mé orra é agus gheóbhmuid teacht arís i mbáireach.” “Ní dhéanfaidh tú,” ar seisean, “ná ní thiocfaimíd i mbáireach, ná go deó arís. An ghaoth ruadh go mbeiridh leis iad mar phrátaí!” agus do chaith sé na giúirléidí go léir, agus an mála, agus na pígheámas, i n-aon charn amháin isteach sa trucail agus dubhairt leis an ngarsún ghlanadh abhaile as sin leótha. Do dhein an garsún rud air, agus do leanamair- ne é. Ní'l a thuille le h-innsint acht amháin go raibh sé ag fearthainn fe'r shroicheamar an baile. Dá mbeadh na prátaí spréachta féin ní bheadh aon mhaith ann. “CLOCH LABHRAIS.” TIGH-ÓSDA “CLARENS,” ag Cé Ueillington i mBaile Átha Cliath Tá gach aon chompórd ann agus é so-lámhach do gach áit is fiú le rádh 'sa Chathair. 70 Suainliosa. Solus Eleictric. An biadh — bog, soghmhail, so-bhlasta agus an freasdal ar fheabhus. An díol-fiach réasúnta. BÍONN TARRAING MHÓR DAOINE AR AN “RESTAURANT” atá ag gabháil leis. An Guthán 1217. Telegram: “Clarence Hotel, Dublin” TIGH-ÓSDA AN ROYAL EXCHANGE Sráid na Feise, i mBaile Átha Cliath. Tá sé seo ar cheann des na Tighthe-ósda is compórd- amhla 'sa Chathair. Tá gach aon chóir ann agus an díolfiach réasúnta. Guthán 2678. Telegram: “Comfort, Dublin.”
GORT A' T-SIDHE. I. Stop an traen ag Gort a' t-Sídhe agus thúirlingeas. Stáisiún an-bheag é Gort a' t-Sídhe agus é suidhte go gleóite áluinn i n-íochtar gleanna — croinnte cuilinn ar leathadh in a mhór-thimcheall agus ar síneadh aníos fad cliatháin na gcnoc. Tháinic máistir an stáisiúin i leith chugam. Ba mé an t-aon duine amháin a d'fhág an traen agus níorbh' iongnadh sin ar uaigneas na h-áite agus a fhaid ó bhaile mór. Thugas mo thicéad dhó. “Dáltha an sgéil,” ar sé, “an tusa Mac Uí Mhathghamhna a bhí le theacht ar cuairt ag Muinntir Uí Dhomhnaill.” D'fhreagraigheas go mbadh mé an duine céanna agus go rabhas ag déanamh iongnadh nach rabhadar beirt nó duine aca ar a laighead ag an stáisiún chun castála orm. “Ó! ní thig leó teacht,” arsa mo dhuine. “A n-athair a bhí thar lear i Sasana Nuadh le tamall bliadhan, tá sé ag filleadh 'na bhaile anocht agus d'imthigh Eithne agus Maolmhuire go Baile Átha Cliath ar an traen deiridh. Dubhairt Maolmhuire liom a rádh leat dul ar aghaidh go dtí an teach, go bhfuil eolas na slíghe agat agus go mbeidh tú i ndon aire a thabhairt dhuit féin go dtigidh siad meadhon-lae amáireach.” Ghabhas buidheachas dhó agus thosaigh ar m'aistear. Badh é an lá do b'áilne dhá dtáinic le fada bíodh is gur Satharn i ndeire an Earraigh a bhí ann. Bhí cuireadh fáighte agam ó mo bheirt charad agus chinneas ar dheire na seachtaine a chaitheamh ina dteannta ag Gort a' t-Sídhe — atá ar na h-áiteacha is uaignighe agus is deise ar m'eolas. Sa litir, dubhairt Eithne go mbéadh duine aca ag an stáisiún romham, ach tráth 's gur thárla nach raibh neart acu ach dul go dtí an chathair, ba chuma liom féin. Uair amháin eile a bhíos ar cuairt aca. Bhíos féin agus Maolmhuire díreach tar éis ár gcéimeanna a bhaint amach san Iolsgoil agus ba mhaith ba chuimhneach liom an glionndar a bhí orainn agus an deifir abhaile im ghluaisteán. B'éigean dom dhul trí cheanntar Ghort a' t-Sídhe agus d'fhágas Maolmhuire slán sábháilte ag innseacht sgéalta na leath-bhliadhna dhá dheirbhshiúr dathúil, Eithne. Óig-bhean dathúil ab' eadh í, gan aon dabht, agus na smaointe a phreab im aigne, b'fhéidir, ar shamhlú dhom áilneacht a h-aighthe agus feabhas a méinne a shocraigh dhom dhul chuca ar cuairt, faoi mar d'iarradar. Is ionmhuin liom uaigneas, sgaithte. Ionmhuin liom breághthacht radhairc tuaithe, ach — beodhacht agus óigeántacht mná is annsa liom thar gach ní. Is uirri a bhí mo chuimhneamh freisin tráth ar thugas do na buinn ésoir an bóthar ó'n mbóthar iarainn i dtreó a tighe. Rith na smaointe cos i n-áird' liom agus b'í mo bhé ba chroidhe-lár is do b'imeall dóibh go léir. Rinneas dearmad féachaint ar an tír chnocaigh chraobhaigh atá gan samhail i n-áit ar bith, ar an spéir dheirg chorcra sin nach bhfeictear ach 'san Earrach i nGort a' t-Sídhe. Rinneas dearmad tamall do thabhairt ar bhruach Loch na Riasgach agus na fuaimeanna ceolmhara sin — bog- bhualadh uisge ar chloca trágha nó paoit-paoit na n-éan n-iol-dhathach — is aoibhinn lem' chroidhe d'éisteacht. Is innte a bhí mo smaointe i bhfastódh. Níor chuimhnigheas ach uirti gur bhain stad dom ar aghaidh an tighe amach. Eithne Ní Dhomhnaill, chuimhnigheas, agus í amháin a d'fhéadfadh an slacht agus an mhaise sin a chur ar an ngarraidhe. Trí gheata iarainn a tháinic tú agus suas casán. Bhí na bláthanna ba ghreanta is ba ghleóite cuma is dath fighte fuaighte tré liatháin lúbacha ádhmaid a bhí clúmhdaighthe le h-éidhinn agus a shín os cionn do mhullaigh. B'ait a gcosamhlacht. B'ait a mboladh … Timcheall agus timcheall an gharrdha shiubh- laigheas. Bhí an-leagan amach déanta air. É roinnte i n-a ghiodáin agus an uile chineál bláth ag fás ionnta. Le ciumhais na gcasán thart bhí clocha soilbhreacha marmair. Ar na casáin féin bhí mion-chloca agus gairbhéal leathta 'gus sgartha go deagh-nósach, gan ribe féir gan fionntairt le breathnú — gach ní ar fheabhas an t-saoghail. Faoi dheireadh thiar, tar éis lán mo shúl de'n iongantas údan d'fháil, thugas m'aghaidh ar a' teach. Ní rabhas chomh siléigeach istigh. deirim-se leat. D'airigheas an t-ocras ag tigheacht orm agus thosaigh ag ollmhú béile. Lasas an lampa agus tharraing anuas na dallógaí ar na fuinneóga. Ba ghearr go raibh an citeal ar an stóbh ag amhrán go croidheamhail, uibheacha cnagtha is ag preabadh ar an bhfriochán agus roinnt sliséidí bagúin ag déanamh coidrimh leób. Thugas sgiúrd isteach go dtí an párlús idir dhá linn agus chuir cipín leis an teinidh. Níorbh' fhada an mhoill orm ag críochnú mo shuipéir. Is eagal liom gur itheas thar an gceart mar ba mhian liom “na cnámha a shíneadh” ar mo shocamhlacht tar a éis. Isteach
sa bpárlús liom. Bhí an teine faoi'n taca seo ina caor dearg teasa. Tharraing mé leabhar a luigh ar an mbord chugam agus theann aníos cathaoir bhreágh uileann gur shuidh mé innte. Uch! nach mé bhí sásta san domhainín seo an uaignis. Lán, suidheachán compórdach, teine ag róstadh mo lurgan is barr mo chos, leabhar aoibhinn im ghlaic … Seadh! déarfainn gur leabhar aoibhinn taithneamhach an leabhar sin, ach ní mórán de a léigheas. Léigheas an chéad chúpla leathanach, sílim. Ach ní cuimhneach liom céard a bhí ionnta. Ní cuimhneach liom ná teidiol an leabhair. Sháith mé uaim é agus bhreathnaigh isteach sa teinidh … Bhíos ag bordáil codlata. Caithfidh sé gur thuiteas i dtoirchim suain. Rinneadh taidhbhreamh dom. II. I nGort a' t-Sídhe a bhíos go fóill, ach a leithéid d'atharrú is a bhí tagaithe ar an teach. Bhí an párlús faoi mhaol ag daoine de'n uile chinéal — an saidhbhir agus an daibhir — an críon is an t-óg — iad bailighthe i dteannta a chéile ag siosgadh is ag caismirt go lúthgháireach. Fíon dhá ól. Amhráin dhá gcanadh. Damhsaí ar siubhal. Traoslú agus comhgháirdeachas d'á dhéanamh. An focal molta i mbéal 'chaon duine. Sinn-ne beirt — Eithne agus mé féin — a bhí geallta agus b'eó suipéar speisialta i n-ár n-onóir. Plód millteach dem' shean-cháirde Iolsgoile a bhí timcheall orm féin. Iad meidhreach mór- ghlórach. Gloineachaí ina lámha faoi thuairim mo shláinte. An t-ádh is an séan dhá ghlaodhach anuas orm féin is ar bhé mo smaointe. Glagar cainnte agus cnagadh gloineachaí i ngach ball. Dair fiadh! Nach orm a bhí an glionndar croidhe is an aoibhneas aigneadh. Cé raibh Eithne? d'fhiafraigheas de Mhaol- mhuire. “Tuige nach bhfuil sí anuas go fóilleach?” An freagra a fuaireas go raibh sí imthighthe ag an stáisiún chun teangmhála le n-a h-athair a bhí ag filleadh ó'n Oileán Úr d'fhonn bheith i láthair ag an bpósadh. Féach! go fiú an athar bhítheas sásta le n-ár gcleamhnas. Maith an smaoineadh! Rachainn chuig an stáisiún ina diaidh. Ár ndó! níor cheart dom leigint d'Eithne dhul ann léi féin an tráth so d'oidhche. Cá bhfios céard a bhainfeadh di. Ní bhéinn i bhfad ag tigheacht suas léi ar an mbealach. Chabhraigh Maolmhuire liom chun mo chóta chur orm. Rith mo cháirde, mo chompánaigh Iol- agoile, amach fá mo dhéin. “Sláinte an Uasail Fhóghanta” go fothramach ar siubhal aca. Níor thaise do na cailíní sin. Níor mhian leo an ceann do b'fhearr a leigint leis na fir. Amach ar a n-aghaidh rith péire díbh de sgiteán chun doras an halla d'fhosgailt dhom. “Ní bheidh mé i bhfad, a Mhaol …” Sgréach mná — sgréach dalbaidhe céasta a chosg an focal im bhéal. “Eithne!” Ritheas chun an dorais. Bhí beirt fhear ann agus Eithne dhá h-iomchar aca. Leigeadh anuas ar an urlár í. “Marbh,” dubhairt duine aca i gcogairín. “Marbh!” adubhairt an sluagh de chogar ní b'ísle. “Marbh! Marbh! Eithne marbh!” sgreadas go h-árd. Chaitheas mé féin síos le n-a h-ais. Chuimileas lámh dá bruasa. Corraighe ní dheárnadar. Bhí a dhá gruaidh bán fuar. Luigh sí annsiúd gan mothú gan árann. Uch! nach mé a ghoil go truaighmhéálach ina diaidh. Nach mé a phóg go díl díocrach na lámha — lámha a bhí chomh stuamdha deiseamhail sin indé. Bhí mo chroidhe stractha ó chéile … … Chualas bualadh tréan. Dhúisigheas. I gcomhla an dorais sheas Maolmhuire. D'fhéach sé orm, ach níor labhair. Go dtí an tolg a luigh faoi'n bhfuinneóig shiubhal sé. Chuadhas chuige agus leag mo lámh ar a ghualainn. “A Mhaolmhuire, a dhuine, céard é?” “Eithne,” ar seisean. “Tá sí … marbh … báidhte.” Shíleas gur stad mo chroidhe gan gog. Ní fhéadfainn siolla do luadh. Ar dtús, b'fhacthas dom gur mhaith liom glam gáiridhe do chur asam. Lean Maolmhuire air i nglór sluachtach. “Barraidheacht glionndair a bhí uirri a h-athair fheiceál. Nuair a bhítheas ag feistiú luinge díreach roimh leigint do na daoine dhul i dtír, Eithne, a bhí ar thaoibh na céibhe d'fhéach le léimt ar bord. A Dhia! shleamhnaigh a cos fúithe … thuit … bhuail a ceann i n-aghaidh taoibh' na luinge … síos … léi … Báidhte, a Thiarcuis, báidhte. Eithne bhocht.” Ní fhéadfainn tadaí a rádh. Ní fhéadfainn fanacht sa t-seomra. Dhá bhfanainn sa tseomra leis, rachainn ar buile. D'fhágas é. Amuigh ar an staighre bhí cnap. An t-athair agus é ag cur a chroidhe dhe amach le teanna gola. Ritheas ins na fásgaí teo ó'n teach is níor stad go dtáinic go dtí an stáisiún. LEÓN Ó BROIN.
SCOLÁIRE GAN SMACHT. Ag trácht ar scoláirí, agam-sa athá an ceann. Seáinín is ainm dó agus 'sé a athair ar aith- bhreith é (Sátan an leas-ainm atá ar a athair, atá fhios agat). An lá fá dheire bhí me i riocht me cheangal nuair ná faghadh aoinne sa bhuidhin a innsint dam cad ba bhrígh do x nuair ab ionann 4x agus 12. “Bhuel, tá buaidhte agaibh,” arsa me i ndeireadh, “nó ní fheadar an é an x beag aonair seo atá ag cur measgán mearaighe oraibh.” Gháir Seáinín agus chuir san ar neul me. “Cad atá ad chur-se ag gáire?” arsa me leis. “Rud ait, mhuise, a mhaighistir,” arsa sé sin; “bhí mé ag cuimhneamh ní fheadar dé méid x dúbalta a chuirfeadh mearbhall múinte ort féin.” Bhí an cat as an mála orm. Choimeád tinneas nádúrtha mar dh'eadh ón scoil me an lá roimhe sin. Bhí me lá eile ag tabhairt ceacht stáire agus tír-eolais uaim agus pé tagairt a bhí agam ann do bhiadh, dubhairt me go raibh tíortha san Euróip 'na n-ithtear slithidí (seilmidí). “Agus a n-itheann siad aon rud eile 'na dteannta, a mhaighistir?” arsa duine desna scoláirí. “Ia, ithid, a mhic ó,” arsa mise. “Bíonn árd-bhéile aca, bíonn gabáiste agus … Cad atá ad chur-se ag gáire, a Sheáinín?” “Rud ait, mhuise, a mhaighistir,” arsa Seáinín; “bhí me ag cuimhneamh ní fheadar ciaca badh ghéire raghadh ar an ngabáiste, na slithidí nó an té bhea dhá n-ithe.” Chonnách geur orm é, níor innis me dhóibh nach beo ithtear na slithidí. Nach bocht an cás dam é ag an scoláire gan smacht so agam. “A lucht an ainbhfiosa,” arsa mise lem bhuidhin scoláirí an lá eile, nuair bhí ag teip orm rud simplí do chur i dtuiscint dóibh, “dá mbeadh bhur gcinn go léir le chéile bheadh adhbhar droichid d'adhmad ionta.” “Agus bíomaí cruadha faghartha faoi a dheunfadh bóthar buan de,” arsa Seáinín ag cuimilt cliatháin a chinn. Ba chuimhin liom annsan gur bhuail sé a cheann i gcoinne mo chinn-se an lá roimhe sin nuair a bhíomar ag imirt peile ar bhán na scoile. Acht cá'l mo chúrsaí gearáin-se nuair ná téigheann an sean-focal féin saor ón dailtín scoláire seo? “Dé chúis gan tusa ag scríobhadh chomh maith le cách?” arsa me leis uair. “Lem mhéaranna, an eadh?” arsa sé le searbhas. “Led pheann, a thubaisteoirín,” arsa mise leis go bagarthach. “Tá sé ar iarraidh uaim, a mhaighistir,” arsa sé go húir- íseal. “An ní ná cailltear, faghtar,” arsa mise, “téighir is loirg é.” “Ní móide gur fíor san,” arsa sé, ag éirighe go háithleasc, “mar is minic go mb'fhusaide a fhághail a chailleamhaint. A fhinnéidheacht san ort féin ná fuair an coileáinín d'imthigh amudha uait gur cailleadh é.” Níor 'láir dó a ghiorracht don doras bhí sé. “OIDE GAN REACHT.” TOGHA AGUS ROGHA de Leabhraibh Gaedhilge Sin atá le fagháil ó MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, 87 SRÁID UACH. NA DRISEÓIGE. Ag a bhfuil an chnuashacht is fearr i mBaile Átha Cliath dá leithéid. Tógtar fé ndeara nách gádh Beurla do labhairt 'sa tSiopa so IMTHEACHT NA nGAEDHEAL Chomh Fada as a bhíonn obair le fagháilt ní gádh dosna Gaedhilgeoirí imtheacht thar lear. Teastuigheann uainn, 1. Congantóir abhfuil eolas aige ar gnó grósaereachta i mBaile átha Cliath. (agus an Ghaedhealg aige dar ndóigh). 2. Tiománuidhe ghluaisteáin. (Feuch Fógra mór, leathanach 115 den “Sguab” so.) Sgríobhaidh chun muintir uí Raogáin, Sráid Dásún a 54, Baile Atha Cliath.
CÁTHOIN A BHEIDH AN GHAEDHEALG DÁ LABHAIRT IN ÉIRINN? Is eadh! cáthoin? Ní fhuil annsin acht d'réir mar a chuirfimíd chuige. Ní eireochaidh linn an Beurla a bhrúghadh amach go deo maran leagfaimíd sinn féin amach go lom, láidir, dáiríre don ghnó. Tá gob agus crúcaí Sean-Chailleach an Bheurla sáidhte chomh daingean sin ionainn gur deacair a greim a bhogadh. Tá a crúcaí sáidhte go dtí an smior aici ionainn. Is eadh, acht, dar ndóigh ná fuil órdughadh na Dála aici go gcaithfidh sí an tseilbh a thabhairt suas. Adeir na riaghalthóirí gurb' í an Ghaedhealg teanga na tíre seo. Ní bhogfaidh an méid sin chum siubhail í, geallaim duit. Sin í an cuirpteoir ná fuil sé chomh fuiris sin a bhogadh. Coimeádfaidh sí greim “an fhir bháidhte” orainn chomh fada ada in Éirinn as a fheudfaidh sí é. Caithfear a bheith ag bearradh na sciatháin mhóra, leabhaire atá aici chomh minic a's is féidir é; agus ag gearradh na h-iongainí fada, cama, geura atá sáidhte in acrainn aici ionainn. Caithfear a bheith dá piocadh 'dá ghiobadh, agus dá chrádh 'sa tslighe go gcaithfidh sí cur dí dá haimhdheoin. Dá mbeadh a chiall cheart aici bhogfadh sí léi i mbárach agus fhágfadh sí i dteannta sinn. Sin é mar a bheadh sí suas linn. Nár chóir gur amhlaidh bheimís ag baint na sála dá chéile ag cur teicheadh agus ruagant uirre. Ní headh, acht coimeádfaidh cuid againn (agus ní beag an chuid é) “greim an fhir bháidhte” uirre sin chomh daingean agus a choimeádfadh sí sin orainn-ne é. Cadé an tslighe is mire agus is túisce a chuirfí an teicheadh uirre? Tá an cheist seo réidhtighthe ag an Dochtúir Ó Corcoráin, Árd- Ollamh re hOideachas i gColáiste na hIol- scoile i mBaile Átha Cliath dhúinn san uimhir deirionnach den “Irish Monthly.” “Chum go mbeurfadh an Ghaedhealg an ghreim cheart orainn,” deir sé, “go gcaithfear scoil- eanna fé leith a chur ar bun in gach aon chathair, in gach aon bhaile, agus in gach aon sráidhbhaile ar fuaid na tíre agus na páistí go léir ón a trí go dtí n-a seacht mbliana dh'aois a bhailiughadh isteach ionnta; múinteoirí oireamh- nacha ón nGaedhealtacht a bheidh oilte ar a ngnó a chur i mbun na hoibre; an obair a bheith ar siubhal ionnta cheithre lá dhen tseacht- mhain; gan aon rud acht caint na Gaedhilge a bheith ar siubhal ionnta ó mhaidin go hoidhche; gan aon smacht a bheith ar na leanbhaí acht an méid a bheadh orra ar a dteinteán féin 'sa mbaile; amhráin agus imirt agus caitheamh- aimsire 'sa nGaedhilg a bheith aca; dhá mhéile bídh 'sa ló a thabhairt dóibh an fhaid a bheidís 'sa scoil; an lá oibre a bheith ó n-a deich a chlog go dtí a trí, &rl. 'Sé sin, in aon fhocal amháin baile ceart Gaedhealach a dheunamh den scoil dóibh; an Ghaedhealg bhreágh, bhuacach, bhríoghmhar a theannadh leis na leanbhaí boga óga 'sa' tslighe go raghadh sí in achrann go daingean docht in a gcroidhe agus in a scartacha. Gheobhthaí an mhaith cheudna a dheunamh le ceud leanbh ar an dul so agus a dheunfaí le deicheanbhar.” Sin í an chaint a bhfuil an toirt innte. Tá croiceann agus deallramh ar an sceul sin; sin í an tslighe chum dul in achrann 'sa phréimh. An bhfuil aon rud dá bhacadh dhúinn tabhairt fé ar an dul sin? Ní fheicim go bhfuil. Agus an raghfar i mbun a dheunta mar sin? Béidir go raghfaí agus dhá bhéidir eile ná raghfaí. Is ait an dream sinn. Tá a fhios agam-sa daoine a bhí ag caint go hárd le fiche bliain ar árdán Árd-Fheise agus Fó-Fheise — daoine a chuirfeadh iarbaill ar chait nó cosa cruinne fé chearca dhuit le n-a gcuid Gaedhilge agus a thóg a gclann gan focal den Ghaedhilg sin in a mbeul aca. Agus ní bhíodh náire orra. D'fhágadar ag na scoileanna le deunamh é. Bhí an sceul aca mar a bhí ag an bhfear nár chuir an t-athchré leis na prátaí agus nuair a fhiafruigheadh de 'dé chúis nár dhein is é an freagra bhíodh aige acht: “D'fhág mé fé Dhia iad agus d'fhág Dia fúm féin iad agus mhill- eamar eadrainn iad.” Do réidhtigh daoine mar “Marbhán,” Seán Ó Catháin, Seumas Clandiolúin, Domhnall Ó Buachalla, Seán Ó Séaghdha, Pádraig Ó Cadhla, Eumon Mac Giollaiasachta, Seán Gúrdún, agus go leor eile nach iad i gceart-lár na Galldachta, réidhtigheadar sin an cheist seo dhóibh féin gan fuaim gan fothram a dheunamh in a thaobh. Sin iad na daoine gur fiú a áireamh san obair. Nárbh' cháileamhail agus nárbh' mheastamhail an liosta a dheunfadh sé dá mbeadh ainmneacha na ndaoine seo go léir againn .i. na daoine leath is amuigh dhen
Ghaedhealtacht a thug an Ghaedhealg agus an Ghaedhealg amháin dá gclainn in a dtógaint. Tá a fhios agam go maith an trioblóid agus an duadh a fuair cuid aca dá dheunamh — eagla a gcroidhe orra go séidfí aon phuithín den mBeurla in a dtreo. An costas agus an trioblóid agus an crádh-croidhe a gheibhdís ag soláthar cailíní aimsire ón nGaedhealtacht — agus cuid aca san nuair a gheibhtí iad béidir ná labharfadh an Ghaedhealg leis na leanbhaí (mar nach mar a chéile ar fad an Ghaedhealg a bhíodh aca féin agus bean an tighe), agus go gcaithtí iad a chur chum siubhal arís agus ceann eile a sholáthar. Agus annsin nuair a fhásadh na leanbhaí suas insan aois chum dul go dtí an scoil ná feadar an t-athair cá gcuirfeadh sé iad gan dada acht na scoileanna Beurla in gach aon áit rómpa agus na páistí bochta i gcontabhairt an Ghaedhealg go léir a chaill- eamhaint arís. Sin iad na daoine a raibh an croidhe daingean láidir aca don Ghaedhilg. Dheunfadh sé leabhar maith suimeamhail dá scríobhfadh gach aoinne aca a n-eachtraí féin ar an sceul. Tabhair fuláramh dóibh, a Fhir Eagair, a n-ainm agus a sloinne agus a n-áit chomhnuidhthe a sheoladh chugat chum iad a thabhairt chum soluis 'sa “Sguab.” Sin iad na daoine gur chóir d'Aire an Oideachais comhairle a ghlacadh leo chum leasa na Gaedhilge. Is aca san atá fios, fáth, agus fúinnimend an scéil. Thóg “Marbhán” agus Seán Ó Catháin a gclann féin ar an dul so i lár Bheulfeirste thuaidh. Dhein “Marbhán” úsáid den Chóir- Aithris (Pónograf) chum na sean-amhráin a sholáthar dá chlainn agus fuaireadar na duaiseanna ag an Oireachtas in a dhiaidh sin béidir gan an Ghaedhealtacht d'fheicsin riamh. Is iongantach an dáiríreacht agus an dúthrachtacht a bhíonn in daoine bhreis ar a chéile. Tá duine ar m'aitheantas agus nuair a fhógair sé gur theastuigh uaidh gurb' í an Ghaedhealg a bheadh ag a chlainn thosnuigh a mháthair — bean ós cionn trí fichead bliain d'aois is dócha — thosnuigh sí ag foghluim na Gaedhilge 'sa tslighe go mbeadh sí i n-iúil ar í labhairt le clainn a mic. Tá sí ag treabhadh agus ag fuirseadh le “Séadna” anois agus ag caint na Gaedhilge leis na leanbhaí. Is mór an congnamh leanbhaí mar seo chum Gaedhealg a mhúineadh do dhaoine fásta. Is eadh, is gairid a bheifí ag foghluim na Gaedhilge acht cur chúiche go dáiríre. Cuireadh leanbh im' chúram-sa uair — leanbh trí bliana d'aois — chum caint na Gaedhilge a mhúineadh dhó. Is é an Beurla bhí ag a mhuintear go léir 'sa mbaile. Bhí inneal beag an Bheurla socair go deas cóirithe istigh in a chloiginnín beag agus caint an Bheurla dá mheilt aige chomh deas chomh pras agus a bheadh ag aon leanbh dá aois; bhí smeara fé na rotha, cnoí fáiscthe, an chóir ar inneal, agus gach aon rud ar leigint chum na hoibre. Bhí an oiread le rádh aige-sin liom-sa an cheud lá a's a bhí agam-sa leis — an Beurla ar stealladh aige-sin agus an Ghaedhealg agam-sa. Níor leig mé aon rud orm, agus níor tháinig me treasna air ar aon rud a bhí le rádh aige. Níor leig mé orm gur theastuigh uaim go gcaithfeadh sé uaidh an Beurla agus go bhfoghluimeochadh sé an Ghaedhealg. Lean mé orm ag caint ar na rudaí a raibh dúil aige sin ionnta — ag tabhairt gach aon chongnamh dhó, le teasbáint agus bagairt, mo chaint-se a thuigsin. Tá a fhios agam go mbeadh sé in iuil ar iarracht a dheunamh ar chaint na Gaedhilge a thabhairt thar an ais dom i gceann na seachtmhaine dá mba rud é go bhfágfaí im' chuideachtain ar fad é, acht ní bhíodh sé im' fhochair acht on a haon-deug 'sa ló go dtí a dó. Bhíodh sé ón a dó go dtí a haon-deug lá ar n-a bháireach i bhfochair a mhuintire féin, agus choimeád sin rotha an Bheurla ar inneal i gcomhnuidhe. I gceann dhá mhí 'seadh dhein sé aon bhogadh chum cainte na Gaedhilge liom. As sin amach ní raibh aon trioblóid agam leis; thuig sé gurb' í an Ghaedhealg mo chóir cainte-se agus ná raibh a malairt agam mar nár airigh sé riamh a malairt uaim. Bhí an chóir cheudna anois aige féin, agus gach aon am a bhínn-se i n-a chuid- eachtain ní chuimhneochadh sé ar aon chóir eile a chur ag obair acht í. I gceann scaitheamh eile bhí an dá chóir chomh phras aige; agus i gceann bliana nó mar sin bhraith mé go raibh cóir na Gaedhilge ag breith buaidh ar chóir an Bheurla, mar go mbíodh an-chuid daoine eile dhem' iongnais-se ag caint na Gaedhilge leis — bhí an Ghaedhealg 'sa chomharsanacht go léir ar a shon ná raibh focal dí ag muintir an leinbh seo. Dá mba rud é go bhfágfaí an leanbh i dtaobh leis an méid Gaedhilge a labharfadh na comh- ursain leis ní dóigh liom go mbeadh sí aige go deo. Níor labhair na comhursain leis an Ghaedhealg gur bhraitheadar go raibh roint dí aige, agus annsin níor labharadar aon rud eile leis. Beurla — an droch-Bheurla — a labharfaidís leis maireach sin agus bheadh sé gan an Ghaedhilg. Is dócha gur deacair áit
SIOPA GRÓSAEREACHTA IS LÓN-TIGHIS. SIOPA NUA É SEO I LÁR NA CATHRACH (GAIRID DO SHIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH). BEIDH SÉ AR OSGAILT TIMPEALL LAE FHEIL' PÁDRAIG NÍ GÁDH DON BHEAN-TIGHE FOCAL BEURLA A LABHAIRT ANN. AGUS CUIRFEAR A MBEADH CEANNUIGHTHE AICI ABHAILE GO DTÍ DORUS CÚICHI I NGLUAISTEÁN- IOMPAR I N-AON ÁIT 'SA CHATHAIR NÓ 'NA COMHARSANACHT SEO-IGÍ, A LUCHT AN FHÁINNE, ANOIS AN T-AM AGAIBH BHÚR GCOMHAR & BHUR GCARADAS A THEAS- BÁINT. TAGAIDH CHUGHAINN TAR ÉIS LAE FHEIL' PÁDRAIG AGUS BAINIDH TRIALL AS AN ÁIT O RAOGÁIN AGUS A CHOMHLUCHT, TEORANTA, SRÁID DÁSÚN A 54, BAILE ÁTHA CLIATH.
d'fhagháil in Éirinn anois ná fuil na daoine in iuil ar a bheag nó a mhór den mBeurla a labhairt, agus má churtar páistí isteach is na háiteanna sin chum oileamhna is ró-bhaoghalach gurb' é an Beurla a labharfar leo mar oir- eamhaint dóibh. Mar sin caithfear an rud ceart a fhritheáladh dhóibh is na scoileanna — scoileanna Gaedhilg do leanbhaí. Má dhéin- tear sin do leanbhaí idir a trí agus a seacht mbliana dh'aois bheadh an “ghaoth fhairsing” ag an Ghaedhilg is na scoileanna i gceann deich mbliana an chuid is sia dhe. Tá ceacht eile le foghluim ón Scoil Ghaedhilge do leanbhaí atá fé chúram an “Fhir Mhóir” sa Rinn. Sin scoil a chuir lucht Iolscoile na Mumhan i Rinn Ó gCuanach ar bun agus atá dá chothughadh gan pingin ruadh, gan chongnamh gan chabhair ó Aireacht Airgid ná ó Aireacht Oideachais. Aon Airgead a fhanann idir lámha ag lucht na hIolscoile tar éis obair an tsamhraidh caithtear ar an scoil sin é. Níor fheuch Aire an Oideachais isteach tar tairsig na scoile sin fós má's fíor is clos dom agus níor fhiafruigh Aire an Airgid riamh orra an raibh beul orra. Beid an Ghaedhealg againn go mear agus go hobann má's maith linn é agus má thugaimíd fé'n obair go ceart; ní fhuil aon rud dá bhacadh dhúinn. Nach fiú an t-airgead é? “FEAR FEASA.” [Tá go leor daoine eile sa nGalldacht a thóg a gclann le Gaedhilg seochas na daoine seo atá áirimhthe ag “Fear Feasa.” Is truagh ná béidís go léir ag Rúnaidhe an chumainn nuaidh a cuireadh ar bun i mBaile Átha Cliath le déidheannaidhe. — F.E.] GRANIA TOOTH PASTE. DEUNTUS NA h-ÉIREANN AR FAD. NÍ BHEIDH AON PHRÁINN LE FIACLA FALLSA. GIBSOL AGUS A CHUIDEACHTA — Lucht deunta an íce atá dá chur ós ar gcomhair. Tá Gibsol an Íce i mbeul gach aoinne in Éirinn. Is eadh, má seadh bíodh “Gráine” sna fiacla aca — Coimeádfaidh sé gan lobhadh iad. GRÁINE ainm an artha so. Tabharfaidh GRÁINE fiacla glana, geala dhuit. Ní'l aon ghalúnach ann; beidh do sheile go folláin nádúrtha leis agus blas táithniomhach id' bheul aige. Ní baoghal do phlaosc na bhfiacál ná do fhéitheacha an bhéil. Ar a nglaineacht athá seasamh na bhfiacal. Is féidir “GRÁINE” d'fhagháil ó lucht díolta íce i ngach áit nó ó lucht a deunta — Gibsol & a Chuid., Lána án Chláir, i mBaile Átha Cliath. DÉANTÚS GAEDHEALACH DO GHAEDHEALAIBH “COMHAR-GAEDHEALACH” — ÁTH CLIATH. 'Sé an cúis thosnuighmear ar an obair seo (.i. eudaighe do sholáthar) ach chun an ghnótha do chur ar a bhonnaibh go ceart. Tionnsgail gan proiféidí — sin é an rud a theastuigheann uainn. Na heudaighe a dheunamuid-ne, táid go léir deigh-dheunta, agus ní'l ionnta ach an stuif is fearr. CULADHTHA FEAR AGUS BAN. Má thá culaith uait is féidir leat ceann d'fhagháilt (ó'n tuise amach nó deunta is eile péacu is fearr leat) ó'n gCOMHAR-CHUMANN, TEÓR. (“IRISH CO-OP.”). Ní'l a shárú ann maidir le feabhas agus saoirseacht earraidhe. 98-104 SRÁID MHEADHONACH NA MAINISTREACH.
COILLEACH AN MHEÁDHOIN OIDHCHE. Bhí fear 'na chomhnaidhe i bParóiste na hÁirde Móire roinnt mbliadhan ó choin. Seán Breathnach do b'ainm do. Siúinéir do b'eadh é. Bhí sé pósta, acht ní ró mhaith an tsláinte bhí ag a mhnaoi. Bhí sé de bheus ag Seán bheith ag éirighe an-dhoth ar maidin, cé go mbíodh a bhean i gcomhnaidhe a tathaint air gan a dheunamh. Ba mhinic do 'na shuidhe faoi nglaodhfadh an choilleach, agus isé deuradh sé le n-a mhnaoi acht ná raibh sé ar mhuir ná ar tír rud ar bith a dheunfadh aon díoghbháil do, agus nár bhaoghal do. Do thug an tsláinte ar fad ar a mhnaoi, agus bhí fhios aici go raibh a rae tabhartha. Do ghlaodhaigh sí ar a fhear agus dubhairt sí leis go raibh a téarma caithte: “Agus, a Sheáin,” arsa sí, “tabhair-se aireachas dod' shláinte, agus caith uait do mhochóirighe, nó beidhir im' leanamhaint go dtí an chill gan mhoill,” agus do gheall Seán dí go ndeunfadh sé a comhairle. Seadh! fuair an bhean bás, agus do cuireadh í fé scáil Cluigtheach Dheuglán i Reilg na hÁirde Móire, agus dh'fhág sí Seán bocht go dubhach brónach. Do dhein Seán comhairle a mhná ar feadh scaithimh. Níor mhian leis éirighe as an leaba go mbeadh an ghrian sa spéir, acht briseann an dúthchas trí shúilibh an chait. Deirtí go raibh an béas ceudna ag a athair roimhe, agus gurbh' é an t-ainm a tugtaidhe air acht Coilleach an Mheádhoin-Oidhche. Deirtear fós go raibh fear i mbeul an dorais aige, agus gurbh' é an t-ainm a tugtaidhe air sin acht Codladh go hEadarshuth. 'Na dhiaidh san a's uile, deirtear go mbíodh na cáirne prátaí aige gach aon bhliadhain, agus gur uaidh gheibheadh na comharsain an síol, iad san ná bíodh sé dá gcuid féin aca. Thárla d'athair Sheáin dul ag ceannach síl uaidh bliadhain, agus nuair thug sé an síol abhaile seo mar adubhairt a bhean: “Nach dealbh dóighte an sceul dom é. Coilleach an Mheádhoin-Oidhche bheith ag ceannach prátaí ó Chodladh go hEadarshuth.” Acht mar adubhairt mé cheana, ba ró ghairid chuimhnigh Seán ar chomhairle a mhná, is thárla do bheith ag deunamh carra capaill ag tigh Cráfórd, teach feirmeóra bhí timcheall míle ó n-a bhaile féin. Dh'éirigh sé ar maidin, dar leis, is seo chun siubhail treasna na bpáirc- eanna é. Bhí sé ag dul treasna páirce go raibh cosán inti nuair chonnaic sé an tsluaigh ag imirt liathróide. Do thuit an liathróid ós comhair Sheáin amach, acht má thuit níor chuir sé aon tsuim inti. Do buaileadh chuige arís í, acht ba mhar a chéile é. “B'anamh leat cur suas di, a Sheáin,” arsa duine dhen tsluaigh, á chur treasna chuige arís. Is dócha go raibh deireadh na foidne caithte ag Seán. Do bhuail sé an liathróid agus do chuir sé treasna na páirce í. Do chuir gach aoinne riamh de'n tsluaigh liúgh asta — liugh áthais! Bhí bualadh bas agus rí-rádh 'na measc. Cúis áthais dóibh Seán Breathnach do bheith aca feasta chun imeartha. Bíodh fhios ná raibh idir Eochaill agus Carraig na Siúire fear ní b'fhearr ná é; bhí sé lúthmhar bríoghmhar clisde. Ba dh'é dhein an liathróid d'fhuadach ó'n dtaoibh shoir de'n tSiúir, agus do thug leis isteach go dtí Sráid na hÁirde Móire í. Tar éis do Sheán an liathróid a bhualadh bhí sult is gáire is greann imeasc an tsluiaghe, acht níor mhar sin do Sheán bocht. Tháinig tuirse 'na chnámhnaibh agus anró 'na chroidhe. Bhí fhios aige go raibh a lá tabhartha. Mar seo cúpla ceatharmhadh a dhein sé sul a bhfuair sé bás: Bhíos ag deunamh ar Thigh Chráfórd, ag ropadh a's a' séideadh, Chun carra a cheapa dá chapall chun saothair, Acht dá ndeunfainn-se comhairle mo chailín fionn glé-ghil Ní bheinn-se scartha le haindis an tsaoghail seo. Idir san is eadarshuth b'aindis mo thnúth, Ag síneadh a's a' searradh a's ag sileadh na súl, Mo chnámha á stracadh de bhárr aisléide. A's me ag triall ar an Reilg i bhfothaint mo chéile. SEÁN Ó DÚNAIDHE. MUINNTIR PLÉIMEANN, GUALADÓIRÍ I DTEACH LÁMH DHEARG, 9 SRÁID FHEARDORCHA THUAIDH, BAILE ÁTHA CLIATH. Ceannuighidh bhúr gcuid guail ó Ghaedhealaibh. Tá an gual is fearr le fághail uainn. Buail isteach nó sgríobh go dtí an seoladh seo thuas. Guthán 2723.
FOGHAIR NA GAEDHILGE. CEACHT A V. CONSONA TRÍOMHADH DORUS NA CAINTE. Caou — Déintear an foghar so le bun na teangan buailte ar an gcarball bog. Cei — Le lár na teangan ar an gcarball cruaidh a dhéin- tear an foghar so. Gaou — Is mar a chéile an foghar so agus C aou, aon rud acht an ghuth ag gabhailt le G. Tá an sceul céadna le rádh i dtaobh G ei agus C ei. nGaou agus nGei — Níor cheart in aon chor go mbeadh an oiread trioblóide i dtaobh na foghair seo agus a bhíonn. Má eirigheann le duine Caou agus Gaou a dheunamh níor cheart go mbeadh aon deacaireacht dó nG aou a thabhairt leis. Fágtar an teanga san áit cheadna dóibh .i. bun na teangan ar an gcarball bog. Chum cleachtadh a dheunamh badh cheart na trí cinn a rádh i ndiaidh a chéile — Caou, Gaou, nGaou. Baineann sé roint aimsire de dhaoine a thuigsint cad is brígh le consona agus guth leis, nó consona agus srónghail leis. Bíonn bun na teangan ar an gcarball bog do Caou, do Gaou, agus do nGaou. Bíonn lár na teangan ar an gcarball cruaidh do Cei, do Gei, agus do nG ei; má thuigtear é seo agus má dhéintear an rud dá réir ní bheidh aon deacaireacht 'sa sceul. Chaou — Dubhramar gur oscailt ar an gconson an tinfeadh. Bíonn bun na teangan buailte ar an gcarball bog do Caou, agus an oscailt atá ar sin — bun na teanga gairid don charball bog; agus sin díreach mar a dhéintear Chaou agus Ghuoa aon rud acht an ghuth a bheith ag gabháil le G. Bíonn lár na teangan buailte ar an gcarball cruaidh do Cei agus Gei agus lár na teangan gairid don charball cruaidh do Chei agus do Ghei. Feuch siar arís ar Thaou agus ar Thei, agus cuir i gcomparáid iad le Chaou agus Chei. Uaireannta bíonn an foghar céadna ag Thaou agus ag Chaoo, acht is é an rud is coitchianta acht go mbíonn th aou níos oscailte ná Chaou .i. go mbíonn bun na teangan níos giorra don charball bog do Chaou ná do Thaou. Tá an sceul céadna againn ag tagairt do Thei agus do Chei. Oidhte, choidhthe, fithe, deith, na foghair atá ag oidhche, choidhche, fiche, deich. Acht is na focail, theann agus cheann, thinn agus chinn, bíonn lár na teangan níos giorra don charball cruaidh do Chei ná do Thei. Is mar a chéile díreach Dhaou agus Ghaou, agus is mar a chéile Dhei agus Ghei. Is dócha gur bh'fíor dúinn dá ndeurfaimís gur foghair iad so Dhaou agus Dhei atá caillte 'sa nGaedhilg agus go rabhadar ann i dtosach aimsire. Saghas leisce bhuail na daoine gan an teanga a chur 'san áit cheart. Tuiteann a leithéid amach in gach aon teangain. Pádraig Ó Cadhla. (Tuille le teacht.) NIGHEACHÁN RIABHACH AN tSATHAIRN NÍ BHÍONN SÉ GEAL DÉ DOMHNAIGH. Dá bhrigh sin Cuiridh bhúr gcuid nigheacháin chun TIGH NIGHEACHÁIN NA CÚIRTE (COURT LAUNDRY) SRÁID HARCOURT, BAILE ÁTHA CLIATH.
ROSG-CHATHA NA nGAEDHEAL. LITRIDHEACHT NA GAOLUINNE. Tá an obair seo na Gaoluinne ar siubhal le roinnt mhaith aimsire anois, ach ní dócha go raibh rian na hoibre riamh chómh soilléir a's atá sé fé láthair. Na daoine is mó a bhíodh ag cur in aghaidh na hoibre, is iad is mó grádh dí anois agus na daoine nach bhfaca aon rud inntí ach fiantas, chíonn siad anois munab ionann a's riamh go bhfuil an fiantas ag iompódh amach 'na dháiríribh dóibh. Tá an chómhairle seo agus an chómhairle eile dá thabhairt ar connus is ceart an obair do dheunamh, ach is baoghalach gur cuma lena lán, cia'cu bhíonn ciall lena gcainnt nó ná bíonn. Dá mhéid cainnt a deintear, ámhthach, 'sé mo thuairm go bhféadfaimíd go léir teacht ar aon fhocal i dtaobh na litridheachta. I gcúrsaí na Gaoluinne, ní'l aon cheist is tábhachtaighe ná is mó le rádh ná í. Má bheidh an litridheacht go maith ní baoghal do'n teangain agus ní baoghal do'n náisiúin. Rachaidh siad ar aghaidh uatha féin agus is fearrde agus is glainede a labharfar an Ghaedhilg freisin. Dubhairt Gaedheal rianamhail éigin dhá leogtí do an tamhrán a dhéanamh gur cuma leis cia dhéanfadh an tarm. Bhí corp na fírinne dá innsint aige sa méid sin, agus is deimhin gurbh' é an rud ceudna a bhí in aigne Newman nuair a bhí sé ag trácht ar an “Virum pietate gravem” úd a dheineann na sluaighte dothígheasacha do cheannsú le buige a ghlóir agus le milseacht a bhriathar. Bhí Orpheus ann sul a raibh trácht ar bith ar Sholon. Tagann an file ar dtúis agus annsin, diaidh ar ndiaidh … an píléar agus an chómhacht a chuireann réim agus réacht i bhfeidhm. CAINNT NA nDAOINE. Táimíd socair air annsin gurb' í an litridheacht a bhéas mar príomh-chúram orrainn feasta, agus ba mhaith linn go léir an cheist sin do chur ar aghaidh ar an gcuma a chreidimid is fearr a rachaidh i dtairbhe do'n náisiúin, agus is dóigh liom nach mbeidh aon bhreith againn ar an rud san a dhéanamh gan chongnamh na Gaedhealtachta. Nuair a bhí Dante ag scríobhadh, do b'í cainnt na ndaoine a tharrang sé chuige. Do b'é an sgeul ceudna ag an bPleiade é, agus nár dubhairt An tAthair Peadar féin (go ndéanaidh Dia trócaire air) gurbh' ó chainnt na ndaoine a gheibheann cainnt na leabhar brígh agus meanmna agus neart? B'iongantach ar fad an meas a bhí aige ar an gcainnt san, agus muna bhfuil a thuairm crothuighthe amach a's amach aige féin, ní lá go maidin é. Ach cé gur mór agus gur árd cáil An Athar Peadar, ní'limíd taobh leis chum fírinne na ceiste seo do dheimhniú. Pé litridheacht atá againn gur fiú í an t-ainm do bhaistiú uirrí, is ó chainnt na ndaoine a tháinig sé. A' chorr-áit, annseo a's annsúd, 'san nGaedhealtacht, a tháinig “An Craoibhín,” Mícheál Breathnach, Pádraig Ó Conaire, agus na daoine eile a d'fhág a rian ar shaothar na Gaoluinne. Tá moladh agus creideamhaint ag dul dos na daoine sin ó gach aoinne anois, agus cá bhfios dúinn ná go bhfuil na céadta eile ann a d'fhéadfadh obair éachtach do dheunamh ach an chaoi cheudna d'fhághail chum a saothar do chur i bhfeidhm? BUAIDH NA GAEDHEALTACHTA. Is na háiteacha iargcúlta ar fud na hÉireann, cois na fairrge agus imeasg na sléibhte, is 'mó adhbhar scríbhneora, is 'mó duine go bhfuil smaointe an fhile ag borradh 'na cheann agus gan d'obair aige ó mhaidin go faoidhin ach bheith ag striocáil le slighe bheatha do bhaint amach do féin, ar an obair is gairbhe dá bhféadfa cuimhneamh air. Is geur a chuireas an saoghal ar na daoine seo. Is fada a sheasadar 'san mbearna baoghail. Is 'mó anró agus cruadhtan a rug orra, ach dá ghéire an cás 'n-a rabhadar, do choimeádadar an lóchrann úd na Gaedhilge ar lasadh go breágh soillseach 'n-a measg, agus 'sé an lóchrann ceudna a dhéanfaidh eolas na slighe dúinn anois. Is é “an reult eolais ag dul rómhainn is 'n-ár ndiaidh é.” Is na háiteacha seo, tá glórtha caoine, cneasta ar sinnsir ag cainnt linn fós tré na blianta fad á brónacha. Is iad na glórtha san, cogarnach íseal na marbh, a choimeádann an fíor-spioraid Ghaedhealach 'n-ár gcroidhthe, agus is iad a neartuigheas sinn chum gníomhartha móra. Ní haon iongnadh, annsin, na tréithe móra spioradáltha a ghabhas leis an nGaedheal, ní haon iongnadh an daingeanacht toile agus an tseasamhacht chroidhe agus má's maith linn spioraid ár sinnsir bheith ag cabhrú linn 'san obair. Má's maith linn a gcongnamh agus a gcómhairle, a gcalmacht agus a naomhthacht, caithfear an ceangal úd idir sinn agus sluagh na marbh do choimeád slán. AN OBAIR ATÁ RÓMHAINN. Ach cé'n mhaith dom bheith ag trácht ar áilneacht agus spioradáltacht na Gaedhealtachta muna bhfuilimíd toil- theannach ar an láimh chonganta do shíneadh amach? Tá na sean-Ghaedheala imithe le fada. Is fada dhóibh amuigh 'san bhfásach, agus nach mithid dúinn iad do thabhairt aniar? Tá riar ár gcáis againn fá dheire, agus tá bácaighe 'sa tsean-leathsgeul. Bíodh orrainn anois má teipeann ar ár ndualgas. A mhuinntir an riaghaltais, tá fonn orraibh má's fíor daoibh ar an nGaedhilg do shaothrú. Acht an fonn gan feidhm é? Is 'mó 'dhuine fé láthair atá ar chaol-chuid de'n teangain agus é ag casadh leis an nGaedhilg do mhúineadh. Tá cuid eile díobh ann agus go deimhin féin ní le grádh do'n Ghaedhilg a mhúineann siad í. Ní fearrde an Ghaedhilg an múineadh san. Mo thruagh é an páiste a gheibheann é. Caidé an bac atá orraibh ar scoileanna speisialta do chur ar bun 'san nGaedheal- tacht, scoileanna 'n-a dtabharfar gach sórt eolais ag baint leis an nGaedhilg? Is maith an leagadh amach a bheidh ar an airgead. Tá an mheabhair-chinn chómh maith ag na daoine seo agus atá sí in aon áit eile, agus ní fada an mhoill a bhéas amuigh orra go dtí go mbeidh siad in ann an Ghaedhilg do mhúineadh go cruinn agus go beacht agus go ceolmhar. Is iad-san na daoine atá uainn fé láthair, agus dá thúisge a thuigfear an méid sin agus a dhéanfar beart dá réir, is eadh is fearra dhúinn go léir é. Agus sibh-se, a mhuinntir na siopaí móra, is annamh ar fad a sheasabhar, guala le gualainn, linn, ag obair ar son na Gaedhilge, ach anois tá sé de chaoí agaibh cúitiughadh beag do dhéanamh in bhur gcionnta. Teastóchaidh an Ghaedhilg uaibh feasta agus d'fhéadfadh sibh cabhrú go háluinn le muinntir an Riaghaltais chum na cainnteóirí do thabhairt isteach. Do bhéadh na gobadán féin sáruighthe agaibh annsin, mar ní hamháin go mbéadh sibh ag leathnughadh na Gaedhilge, ach do bhéadh sibh ag cabhrú leis an litridheacht freisin.
“ROSG-CHATHA NA nGAEDHEAL.” A Ghaedheala, tá an Ghaedhilg i gconntabhairt. Ná bíodh dearmad orraibh. Ní labhartar in ár nDáil ná ní cloisfear in ár gcathracha í. Tá na Gaill ag imtheacht, ach tá béasa agus nósa na nGall ag eirighe níos láidre ní aghaidh an lae. Ní'l 'san nGaedhilg anois do chuid mhaith daoine ach ornáid deas chum bheith ag súgradh léithí do réir mar a thagann an fonn orra féin. Má's maith linn an sgeul sin a leighisiú, caithfimíd bheith dáiríribh agus lán dáiríribh. Is cuma liom cia'cu is Poblachtaidhe thú nó nach eadh. I gcómhairín ár gcroidhe féin, 'sé an rud ceudna atá uainn go léir — “Éire Ghaedhealach.” Bíodh san 'n-a rosg-chatha againn. Cuimhnighmís gurb' í an Ghaedhilg, “teanga na mílte fada bliadhain,” atá i gceist, agus glacaimís go fial le haon nidh a dhéanfaidh í do chur 'n-a háit cheart. Deinimís ár ndícheall ar na sean-Ghaedhilgeóirí do thabhairt thar n-ais, agus cá bhfios dúinn ná gurb' iad na daoine cineálta, lághacha seo, na daoine go bhfuil spioraid agus cneastacht ár sinnsir ag baint leo, cá bhfios dúinn ná gurb' iad a shabhálfaidh sinn sa deire thiar. “SEAN-GHAEDHEAL.” AN GHAEDHEALG MAR TEANGA GNÓTHA. Deireann na daoine so leanas go bhfuilid toiltheannach a's lán-tsásta a gcuid gnótha do dheunamh i nGaedhilg le haon duine a thiocfadh chucha nó a sgríobhfadh chucha. Máire Ní Raghallaigh, Leabhair Ghaedhilge, 87 Sráid na Driseóige, Baile Átha Cliath. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor., 89 Sráid an Tálbóidigh, Baile Átha Cliath. Cló-Chomhlucht an Tálbóidigh, Teor., 85 Sráid an Tálbóidigh, Baile Átha Cliath. Tomás Mac Mathghamhna, Ceannaidhe, An Sgairbh, Co. an Chláir. Domhnall Ó Conchobhair, Cúntaisidhe, 13 Sráid an Fheis- tighe, Baile Átha Cliath. Ághaistín Ó hAodha, Táilliúr, 16 Sráid an Húmaigh, Baile Átha Cliath. J. L. Stewart, Siopa Córacha Oifige, 4 Faithche an Choláiste, Baile Átha Cliath. Muintir an Ráithín, Gáirdíní Oileamhna Crainn, Tuaim- gréine, Co. an Chláir. Siopa na Leabhar nGaedhealach, 45 Sráid Dáson, Baile Átha Cliath. H. Ridgeway (aon duine amháin), Bearrbóir, 22 Sráid an Fheistighe, Baile Átha Cliath. Bannc na Talmhan, Faithche an Choláiste, Baile Átha Cliath. Muintir Pléimeann, Gualadóirí, 9 Sráid Fheardorcha, Thuaidh, Baile Átha Cliath. An Siopa Gaolach (Fountain Book Shop), An Parád Mór, i gCorcaigh. Ba mhaith linn a thuille ainmeacha d'fhagháilt le haghaidh an liosta so. PÁIPÉIRÍ GAODHLACHA LE H-AGHAIDH SGRÍOBHNÓIREACHTA Deinimíd Páipéirí i gcóir Scol agus Úsáid Coitchionn nách féidir a sárughadh ar mianach is eile. Ná bíodh ag do pháisdíbh acht Leabhair Sgríobh- nóireachta agus Garbh-leabhair “An Cheathrair Ollamh.” Nuair a bheidh Páipeur Coitchionn uait, Fagh “Árd-Rí” nó “Breghon.” CLÓDÓIREACHT GHAEDHILGE Tá fhios ag cách cad é an cháil atá againn i dtaobh Béarla a chlóbhuaileadh. Is féidir linn a chomh-mhaith a dhéanamh leis an nGaedhilg. An fear a cheartuigheann an Ghaedhilg duine de lucht an “Fháinne” is eadh é. LEABHAIR GAEDHILGE Tar éis teacht amach — “Seáinín.” “An Seabhac” do sgríobh. 4/— glan “Eachtra Eibhlís.” (Alice's Adventures in Wonderland). Pádraig Ó Cadhla do chuir Gaedhealg ar an sgeul so. glan Cur amach saor — eudach bog … 2/6 glan “Scríbhinní Phádraig Mhic Phiarais.” 10/— glan “Gaedhilg sa mBaile.” 1/6 glan “Jimin Mháire Thaidhg.” “An Seabhac.” 1/3 glan “Seacht mBuaidh an Eirghe Amach.” Pádraig Ó Conaire 5/— glan MAUNSEL AGUS ROBERTS, TEO., Clodóirí, Foillsightheóirí, Déantóirí Córacha le h-agaidh sgríbhnóireachta Sráid Bhagóid, Íoch,, 50, Baile Átha Cliath.
LÉIRMHEASA. TRÍ SEÓDA Ó ALBAIN. 'San leabhar so is déanaighe leis an Athair Gearóids Ó Nualláin tá trí sgéilíní deasa ó'n Ghaidhlig Albanach aistrighthe go Gaedhilge na hÉireann, maille le nótaíbh agus tagartha léigheannta suimeamhla. Mar is eól do chách tá cáil agus teist mhór ar an Athair Gearóid mar sgríobhnóir agus mar sgoláire. Tá an Saoghal Gaedhealach ar fad fé chomaoin aige as ucht a bhfuil déanta aige le tréimhse mhaith anuas ar son na Gaoluinne. Ní gádh dhúinn a thuille a rádh. Duine ar bith a chuireanns suim i litríocht Ghaedhilge na hAlbna agus ar mhaith leis bheith i n-ann an Ghaidhlig Albanach a léigheamh — ceannuigheadh sé an leabhrán so agus cuireadh sé i gcomparáid leis an mbun-leabhar Albanach — “Na Daoine Sidhe is Uirsgeulan Eile.” Tá an leabhar Albanach le fáil ó Alasdar Mac Labhruinn sgus A Mhic i Sráid Earra-Ghaidheal, i nGlaschú, ar sgilling, agus is mór is fiú é cheannach. Molaimíd an iarracht so an Athar Gearóid. Tá dhá rud déanta aige an turas so agus tá moladh ag dul dó dá mbárr .i. Gaedhilge bhreágh bhlasta agus sgéalta suimeamhla a sholáthar dúinn, agus fós cuirtear i gcuimhne dhúinn an dlúth-ghaol is an dlúth-bhaint atá againne i bhfus leis na Gaedhilgeoiribh thall thar Sruth na Maoile. Ba cheart go mbéadh fhios ag an dream Gaedhealach annso i nÉirinn go bhfuil cáirde thar lear aca, gur chóir go ndéanfaí aith-mhuinntearas eatorra, gur féidir leó siúd cabhrú linne 'san troid so na Gaedhilge agus gur féidir linne cabhrú leó. Nach í an Ghaedhilge ár gcomh-theanga — nach Gaedhil sinn araon? Ní fheicimíd gur náir' dhúinn é. Maidir leis na sgéaltaibh atá aistrighthe ag an Athair Gearóid: 'Sé “Spiorad na hAoise” an chéad sgéal sa leabhar. Sgríobhadh é, tá tímpal ocht fichid bliain anois ann, le Tormoid Mac Leóid, an sgríobhnóir Gaedhealach a b'fheárr, is dócha, dá raibh le n-a linn i nAlbain. Cuireadh cló air go minic cheana mar aon le n-a lán eile i g“Caraid nan Gaidheal,” agus i leabhar eile leis, “Leabhar nan Cnoc.” Tá an darna sgéal go suimeamhail. Féach “The Celtic Review,” Meitheamh, 1915, 'na gcuireann An Craoibhín síos go bríoghmhar ar leithín agus ar an Iolar. An misde dhúinn bheith ag súil le tuille sgéalta ó'n Albanais. Ba mhaith le cuid mhaith againn crot Gaedhealach fheiscint ar chuid de sgríbhinnibh “Niall Mac an Rothaich.” Cad mar gheall ar “Tain Aluinn”? B'fhéidir go ndéanfaidh an tAthair Gearóid rud orainn? S. Ó D. “Trí Seóda ó Albain.” An tAthair Gearóid Ó Nualláin d'aistrigh. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teo. 2/6. ÚIR-SGEUL. Do thaithnigh Róisín liom go maith — 'sé sin le rádh, an leabhar ar ar thug Nioclás Tóibín “Róisín” mar teideal. Ach níorbh í Róisín féin do chuir an sástacht orm ach an Ghaedhealg bhreágh nádúrtha a sgríobh Nioclás agus é ag innsint a sgeul. Is minic a bhíonn an port sin ag fear léirmheasa; molann sé Gaedhealg an ughdair agus ní mholann sé an sgeul. Bhel, nílim-se ag cáineadh an sgéil seo. Níl mórán ann, dar ndóigh, ach mar sin féin tá sé neamh-choitchianta in slighe. Cailín simplidhe innti féin iseadh Róisín a bhfuil baint ag muintir a hathar leis na daoine móra agus ag muintir a máthar leis na daoine. Tá an dá tharraingt ag oibriú uirri, ach níl aon dabht o thosach deire ná go mbuaidhfidh an simplidheacht ar an sgothacht. Sgeul i dtaobh an aimsir tamall maith ó shoin iseadh é. Ach pé rud adeirfidhe mar gheall ar an sgeul, má tá Gaedhealg nádúrtha na ndaoine uait ceannuigh an leabhar so: agus ná ceap go bhfuil an Ghaedhealg atá ann casta craptha cruaidh — dá bhflúirseacht í ní fheudfadh sí a bheith níos so- thuisgionaidhe. C. M. “Róisín Bán an tSléibhe.” Nioclás Tóibín do sgríobh. Cló-Chomhlucht an Talbóidigh d'fhoillsigh. 1/6 a luach. LIOSTA DESNA LEABHRA FUAIREAMAR AN MHÍ SEO CAITHTE. Comhlucht Oideachais — “Reilthíní Óir,” Cuid a Dó. — An tAthair Seoirse Mac Clúin. 10/-. “Binn a's Blasta.” — An tAthair S. Mac Clúin. 1/-. “Sean-Fhocla.” — Tomás Ó Rathaille. 5/-. “Róisín Bhán an tSléibhe.” — Nioclás Tóibín. 1/6. “An Geamhar.” — Nioclás Tóibín. 4p. Brún agus Ó Nóláin — “Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha.” — An tAthair Peadar Ó Laoghaire. 3/-. “Bun-Chúrsa ar Cheapadóireacht Gaedhilge.” — Brian Mac Giolla Pádraig. 1/6, páipeur; 1/9, eudaigh. Beag, nod don eolaidhe, Bí ag lorg nMuilleat ar an gclú- dach Ní bhíonn aon Sgoil ná Coláiste ná Clochar chomh maith maidir le Sláinte leis an gceann a bhíonn a coimeád folláin le BACILIKIL (Ba-soil-i-cal foghair an fhocail seo) AN COSAINT SLÁINTE IS FEARR 'Sé an slighe is fearr chun galair do sheachaint ach é d'úsáid i gcomhnuidhe. Tá sé á dhíol ag Ceannuidhthe agus ag Ceimistí ar fúd na tíre Deuntar ag “Irish Disinfectants, Ltd.” é, Usher's Place, i mBaile Átha Cliath. Díoltar é fé chonnradh le Dáil Éireann agus le Bóthar Iarainn an Deiscirt, agus deuntar LYSOL (Gaedhealach) san áit cheudna leis. O.K. THE MONUMENT CREAMERY AN T-IM UACHTARLAINN IS FEÁRR Deunta d'uachtar glan, úr, pasturáltha: Milis, blasta, is úr i gcomhnuidhe. Tagann uibhe toghta muinighneacha isteach chughainn gach aon lá. Sráid Phárneill, 75, & Port Caoimhghin Íoch., 25, Baile Átha Cliath.
COMÓRTAS DON AOS ÓG. Bhíos an-shásta leis na h-iarrachtaí chuireadh isteach. Fuair an ceann is fhearr 90%. Ní mór níos lugha ná í a fuair an cuid is mó desna ceannaibh eile & molaim iad go h-árd. Bhíodar cho maith, go deimhin, nach féidir liom mo breith do thabhairt & an dara duais do bhronnadh ar aoinne seochas an duine eile. Dá bhrígh sin táim ag roinnt an 2ra duais & an 3adh duais & an 4adh duais idir na ceathrar a fuair thar 80% i 5/— do gach duine aca & táimíd ag tabhairt duaiseanna 2/6 sa mbreis do gach páiste a fuair thar 70% — cé ná raibh aon trácht air sin nuair a chuireamar an Comórtas ar bun. An ceud duais 10/— Diarmuid Ua h-Almháin, Droichead Átha. Duaiseanna 5/— Liam ó Muileánn, Portlaoise. Seán ó Broin, Sráid Tomás, i mBaile Átha Cliath. * Máighréid Ní Chorcráin, Baile an Phuill, Co. Cill Choinnig. Domhnall ó Duibhne, Leach Snámhach, Co. Ciarraidhe. Duaiseanna 2/6. Eibhlín Ní Anairchinnigh, Droicheadh Abhann i gCáirne, Co. an Chláir. Maighréid Ní Chúnnláin, Cratlaigh, Co. an Chláir. Áine Ní Lumnaigh, Cluain Aodha, Co. na Mídhe. * Diarmuid ó Drisceóil, Óileann Cléire. Caitlín de Burc, Tiobraid Árann. Máire Ní Dhiaghnaidh, Ath Leathan, Co. an Chláir. Brighid Ní Aodha, Bunclóidhighe, Co. Locha Garmáin. Máire Ní Chraith, Cluain Aodha, Co. na Míde. * Eibhlín Ní Shitric, Gort na Gainimh. Fanfaimíd le sgeul osna daoine a bhfuil * na gcoinne toisg gan an seóladh a bheith i gceart againn. Ceaca aca é Pilltown nó Ballyfoyle cuir i gcás? Níl Oileán Cléire shá gort na Gainimh i “bPost-Sheanchas” ach an oiread. LEITREACHA. FOCAIL ÓN MBEURLA. D'Fhear Eagair “An Sguab.” Do chuir sé átas orm an litir sin ó'n n“Gaedheal” do léigheamh an mí a chuaidh tharainn. Bhí áthas orm a fhios a bheith agam nach raibh dul amudha ar fad orm. Is minic a chuireas an cheist cheadna tre chéile le mo chairdibh. Acht do sheasadar leis na scríbhneoiribh. Anois, ar feiscint dhom, go bhfuil a leithéid d' fhear leis ann “Gaedheal” ar mo thaobh, sean-ghaedhilgíoir, tá fhios agam go bhfuil cuid de'n ceart agam, & cuireann sé misneach orm mo thurus do leanmhaint. “Caithfear tarraing as tobar na laidne & na Gréigise” ar seisean. Tá an ceart aige acht bi ó'n laidean gó direach é, & gan ó'n laidean tríd an mbéarla. Fé lathair is beag nach dtarraingthear as an mbéarla ar fad gan aon tsuim 'gha cur í laidean & tá saghas “Irishised- Anglicised-Latin” againn. Má's gaedilg atá uainn ni fuláir duínn an cuid béarla do bhaint aisti chomh mór & is féidir leinn. Is deacair an obair í acht ní fhéadaimíd faillighe do dhéanamh uirre má tá deagh-ghaedhilg chun a bhéith againn. Déireann “Gaedheal” a lán rudaí éile í dtaobh an litriughadh nua & foghair na Gaedhilge 'n-a bhfuil an ceart aige, is doigh liom. Tá súil agam go bhfuighfear leigheas do'n ghalar so & is mithid duinn rud éigean do dhéanamh TOBAR NA FÍOR- GHAEDHILGE I RINN Ó gCUANACH I nDÚTHAIGH DÉISEACH. CAITH DO SHAOIRE AR DO SHUAIMH- NEAS ANN AGUS RAGHAIDH SÉ CHUM TAIRBHE DO SHAOGHAIL AGUS DO SHLÁINTE. Tá tigh fada fairsing i gcomhair bhídh, iostais, agus an mhúineadh ag lucht Iolscoile na Mumhan ann — an fhar- raige i mbeul an doiris aca agus cóir folcadh idir Shamhradh agus Gheimhreadh. Tá táisc agus tuairisc an Scoil Samhraidh i mbaile a's i gcéin. SCOIL NA LEANBHAÍ Fé chúram “An Fhir Mhóir” — Fear “An Ghéilín,” Fear “An Bhreugáin,” Fear “An Fhéirín,” agus Fear “An tSeanchuis.” “Ní mhúintear Gaedhealg annso, labhartar í” — tuairisc Sheoirse Mhic Niocaill ar obair na scoile. Ta gach fios agus faisnéis le fagháil Ó'N BHFEAR MÓR I RINN Ó gCUANACH. Nó ó PHÁDRAIG Ó CADHLA, I Lúbán Díge, I gCo. an Chláir.
mar a cimíd focla mar so ““rúta-root, nó, bearbóir-a barber” 'n-ár bhfoclóir is deidheanaighe citheas dom go bhfuilimíd thar n-ais í laetheanrtaibh “Jonas” nuair a bhí an ghaedhilg ró-thútac d'a bhíal. “AN DUBHGHALLACH.” [Bhí an “Sguab” fé chló fé tháinig an leitir seo isteach chughainn agus dá bhrígh sin is ar éigean a fuaireas cúinne chun i shádhadh isteach ann. Ceist suimeamhail iseadh í sin. Tá an-chuid focail a thairingeadh isteac ón mBeurla le trí ceud bliadhan anuas agus ba dheacair focail d'fhagháilt sa bhfior ghaedhilg chomh cruinn a's chomh oireamhnach leo. Foillseómuíd liosta dena leithéid an mí seo chughainn (a's níos mó ná ceud focal ann) agus fágfamuíd fén “dubhghallach” — a's daoine eile atá tréis sgríobhadh chughainn idtaobh na ceiste seo leis — a rádh cad iad na focail a dh'úsáidfidíst 'na n-áit. F.E.] AN FÁINNE. GASRA ÁTHA CLIATH. Tá socair ag Comhaltas an Ghasra ar Ghaedhilgeoirí óga do thabhairt le chéile san Árus uair sa choic thigheas, nó b' shéidir uair sa tseachtmhain, do réir mar éireochaidh leis an iarracht. Tráthnóna dé Sathairn atá ceapaithe chuige seo ó 5.30 go dtí 7, ag tosnú Feabhra 24. Beidh lucht conganta ann chun aire thabhairt dos na leanbhaí agus chun adhbhar spóirt do sholáthar dóibh. Tá Gaedhilgeoirí ag gearán le fada gur beag caoi a bhí aca ar chomhluadar Gaodhalach do sholáthar dá gclainn. Níl an leathscéal san aca feasta agus ba cheart dóibh na “rudaí beaga” go léir do bhreith leó go dtí an t Árus ar an uair atá ceapaithe. Ní gádh dos na leanbhaí bheith 'n-a bhFáinnigh, ach ní bheidh cead aca aon fhocal Béarla do labhairt san Árus. Tuigtear, leis, ná cimeádfar ann iad thar a seacht a chlog, i dtreó go bhféadfaidh gach aoinne bheith sa bhaile i dtráth. Bíonn an t Árus ar osgailt i gcomhnuidhe dos na Fáinnigh i gcoitchian. Tá ag éirighe thar na beartaibh leis na léigheachtaí a bhíonn ann Dé Luain, agus tá cuid des na Gaedhil is fearr sa tír i n-áirithe an mí seo. Má tá Fáinnigh ann ná faigheann blas ar léigheachtaí, tagaidís chun na Scoruigheachta gach oidhche Sathairn. Tá cóip d' Amchlár an Áruis curtha go dtí gach Fáinneach dá bhfuil ar an Rolla. Aon Fháinneach a chomhnuigheann i mBaile Átha Chliath agus ná fuair cóip de, iarrtar air sgríobhadh chun an Reachtaire. BANNDAÍ GLUAISTEÁIN. AJAX TYRES Gheibhtear iad go díreach ó Shasana Nuadh gan aon bhaint le Sean-Shasana. Banndaí thar barr iseadh iad. Mara bhfuil siad ag gach aon siopa gluaisteáin ar fúd na hÉireann ba cheart go mbéidís. Seo an t-aon dream amháin de lucht díolta bannda san iomlán a chuireann suim i gcúrsaí na Gaedhilge. Oifig — Cae Eden, 7, Baile Átha Cliath Guthán 4804 SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH TTA., 45 SRÁID DASÚN, ÁTH CLIATH. An t-aon tsiopa amháin i nÉirinn go bhfuil le fáil ann gach leabhar go gcuireann Gaedhil suim ann — i nGaedhilg nó i mBearla. An t-aon tsiopa amháin i nÁth-Cliath gur éigin do gach duine ann eolas bheith aige ar theangain na nGaedheal. MAISÍNÍ CAINTE & PLÁTAÍ. GACH AON DEUNTÚS. Gheobha lucht léighte “An Sguab” Locáiste Speisialta. Fuigh an Pláta nuadh (Gaedhilge) — “RAITHEANACH A BHEAN BHIG.” GEARÓID CROFTS dubhairt an t-amhrán so. TOMÁS MAC MATHGHAMHNA, AN SGAIRBH, CO. AN CHLÁIR. INDIU IS GACH AON LÁ EILE TABHAIR DÓIBH NKM IRISH CREAM TOFFEE
BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA. ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE ÁTHA CLIATH. DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT. Bun-airgead Geallta, £406,000. Bun-airgead Díolta, £203,000. Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1922, £1,900,000. BUNUIGHTHE 1920. BRAINNSÍ:— 68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh, Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis Maghchromtha. THE NATIONAL LAND BANK LTD. Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason & a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Maunsel & Roberts Teo., Áth Cliath, & foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoige 24, Áth Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services