Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Uimhir 5 Feabhra 1923
Title
Uimhir 5 Feabhra 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
Muintir an Sguab
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN SGUAB Uimhir 5 FEABHRA 1923 3p. sa mh RÉIM NA hUIMHREACH SO Leath. NÍ FHANANN MUIR LE FEAR UALAIGH 83 IOLSCOIL NA MUMHAN — II PÁDRAIG Ó CADHLA 85 BEÁRNA CHATHAIR AEIDH “COS OBANN” 86 TÍR-GHRÁDH IS GAEDHILG MÍCHEÁL MAC CRAITH, C.Í. 89 EACHTRAÍ NA SAIGHDIÚIRÍ I mBAILE COINNLEÓRA P. Ó MAOILCHIARÁIN 90 CIONNTACH? — II SEÓIRSE MAC CLÚIN 92 LÉIRMHEAS “AN BHEAN-FHILE” 97 LEITIR “GAEDHEAL” 97 COMÓRTAS NA NODLAG 99 CUMANN URRADHAIS MUINTIR NA h-ÉIREANN (THE IRISH PEOPLE'S ASSURANCE SOCIETY) CUMANN DO GACH AOINNE ISEADH É. NÍL AON NIDH AS DÁTA ANN. FÍOR-ÉIREANNAIGH ATÁ I mBUN NA h-OIBRE SEO. Gach fios agus faisnéis le fagháilt ón Rúnaidhe S. M. Ó DEORÁIN ÁRD-OIFIG — CEARNÓG PHARNEILL A 16, ÁTH CLIATH. Guthán 4804 SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH TTA., 45 SRÁID DASÚN, ÁTH CLIATH. An t-aon tsiopa amháin i nÉirinn go bhfuil le fáil ann gach leabhar go gcuireann Gaedhil suim ann — i nGaedhilg nó i mBearla. An t-aon tsiopa amháin i nÁth-Cliath gur éigin do gach duine ann eolas bheith aige ar theangain na nGaedheal. THE MONUMENT CREAMERY AN T-IM UACHTARLAINN IS FEÁRR Deunta d'uachtar glan, úr, pasturáltha: Milis, blasta, is úr i gcomhnuidhe. Tagann uibhe toghta muinighneacha isteach chughainn gach aon lá. SRÁID PHÁRNEILL, 75, & PORT CAOIMHGHIN ÍOCH., 25, BAILE ÁTHA CLIATH. TOGHA AGUS ROGHA de Leabhraibh Gaedhilge Sin atá le fagháil ó MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, 87 SRÁID UACH. NA DRISEÓIGE. Ag a bhfuil an chnuashacht is fearr i mBaile Átha Cliath dá leithéid. Tógtar fé ndeara nách gádh Beurla do labhairt 'sa tSiopa so
AN SAORSTÁT AN GÁRDA SÍOTHCHÁNA TÁTHAR AG TOGHADH DHÁ MHÍLE (2,000) FEAR I gCOMHAIR AN GHÁRDA SÍOTHCHÁNA Coingheallcha AOS 19–27 ÁIRDE 5' 9” TOIRT UCHTA 36” SLÁINTE MHAITH ADHBHAR SGRÚDUIGHTHE — (1) LEITIR SHIMPLÍ A SCRÍOBHADH. (2) DEACHTÚ, ROINNT BHEAG A SCRÍOBHADH. (3) ÁIREAMH, CEISTEANNA SIMPLÍ DO RÉIDHTEACH. TÁ CÚIG CÉAD (500) ÁITEANNA CURTHA AR LEITH DO GHAEDHILGEOIRÍ AMHÁIN NÍ GLACFAR LE h-AOINNE SA GHÁRDA SÍOTHCHÁNA ACH DUINE D'OIBRUIGH AR SON NA h-ÉIREANN LE LINN AN CHOGAIDH IN AGHAIDH NA SASANNACH. Téigheadh iarrathóirí go dtí an t-oifig is goire dhóibh de'n Ghárda Síothchána nó sgríobhaidís díreach go dtí EOIN Ó DUBHTHAIGH, TAOISEACH, Coimisinéir, an Gárda Síothchána, Caisleán Átha Cliath. Na Dearmhaidh Lucht na bhFógraí sa “Sguab”
NÍ FHANANN MUIR LE FEAR UALAIGH. Ní páipeur poilitidheachta “An Sguab,” ach caithfimíd glacadh le rudaí mar atáid, agus ba leamh an sgeul uainn-ne é dá seachaineó- maist na ceisteanna is tábhachtaighe toisg saghas baint a bheith aca le poilitidheacht. Ní ceart d'aoinne gan feuchaint isteach idir an dá shúil ar an saoghal go dána, neamhspleádhach. Níl aon fhonn orainn tagairt dos na ceist- eanna achrannacha atá ag deighilt muintir na hÉireann ó n-a chéile fé láthair. Ní báidheamhail lucht éin-tíre i gcomhnuidhe. Ach tá rudaí ann agus is cuma cad é an saghas Rialtais bheadh againn (chó fada a's gurb' é ár Rialtas féin é), do bheidíst le socrú, agus ní bheadh gach duine ar aon aigne mar gheall ortha. 'Sé tuairim daoine áirithe, cuir i gcás, gur cheart dúinn leanamhaint de'n phúnt: b'fhearr le daoine eile go dtairingeómaís an dollar chughainn nó an franc nó airgead neamh- choitchianta ar fad a bheith againn. An ceart cáin speisiálta do chur ar na “bookies” agus fuascailt do thabhairt do lucht díolta cáin ioncuim? an gcuirfidhe “Casino” ar bun i gCilláirne nó in áit éigint nó ná cuirfidhe? conus is fearr a gheobhadh an Rialtas obair do chur ar siubhal insna ceanntracha 'na bhfuil an Ghaedhealg go tiugh fós chun na Gaedhilgeóirí do choimeád sa nGaedhealtacht, agus mar sin de. Gheobhfamuis cuimhneamh ar fiche rud eile, chó tábhachtach leo-san, 'na gcuirfidhe an-shuim gan dabht. Bheadh an chuid is mó díobh in am go leor, béidir, ach tá aon cheist amháin, agus samhluigh- eann sé dhúinn gur cheart í phlé gan mhoill. Do thagair “Tadhg Gaedhealach” dí cheana, nó do chuid dí — Gaedhealg an Rialtais. Is beag ar fad a thuigeann i gceart an méid maitheasa nó olcais a bheadh deunta ag an Rialtas sa rud so dréir an slighe a thugtar fé an cheud uair. Simplidheacht an rud is mó atá uainn sa sgeul, agus nílimíd á fhagháilt. Ní mar a chéile an Ghaedhealg úsáidtear go hoifigiúil agus an Ghaedhealg a sgríobhfadh an tAthair Ó Laoghaire, cuir i gcás, dá mbeadh sé ann agus dá mbeadh sé mar “aistrightheoir oifigiúil” ag an Rialtas. Ach ní hé sin ach é seo: an sean-cheist achranach — an leitriú Rómhánach. 'Sé ár dtuairim gur bh'fhearr leis an gcuid is mó de Ghaedhilgeoirí an leitriú Gaedhealach: an urmhór díobh amach a's amach. Ach do tharraing an Rialtas an rud eile chucha. Ní thagaireó- maist do-san anois, béidir, muireach an tslighe do socruigheadh an rud gan an cheist do phlé in ao' chor. Nach mór an chumhacht atá ag dream beag, i ndeire na sgríbe. Ó thárla do chúpla duine de lucht an leitrighthe Rómhánaigh a thuitim isteach 'na gcléirigh, &rl., fé'n Rialtas, 'sé an leitriú Rómhánach atá againn anois go hoifigiúil. Maidir linn féin dá gceapfaimíst gurb ar mhaithe leis an nGaedhilg é do chaith- fimíst uainn an leitriú áluinn, Gaedhealach, amárach: ach ní mar sin atá, ach a mhalairt. Agus níl na daoine móra go léir ar aon aigne sa cheist seo ach an oiread, dréir deallramh, mar go ndeineann muintir an Phuist agus Aireacht Árachais Náisiunta ar Shláinte úsáid den leitriú Gaedhealach; agus tá fógra againn sa “Sguab” ó mhuintir Roinnt na Talmhuíochta do sgríobhadh 'nár leitriú féin. D'airighmear cúpla lá ó shoin gur sa leitriú Rómhánach sgrúdófaidhe na páistí sna sgoileanna Idirmheadhonacha i mbliadna. Má's fíor é is mó múinteoir agus is mó páiste a mbrisfear ar a misneach le linn an cheud sgrúduighthe eile. Tá a fhios ag gach aoinne cad atá le rádh ag lucht an leitriú Rómhánaigh 'na thaobh agus ag an ngnáth- dhuine 'na choinne. Ní dheurfaimíd a thuille anois, ach is léir go bhfuil daoine áirithe ag fagháilt a slighe féin sa rud tábhachtach so, agus dréir deallramh beidh a dtoil féin aca mura mbíonn lucht na Gaedhilge rud beag níos críochnamhla ná mar atáid fé láthair. Maidir le comharthaí so-fheicsithe, 'sí Aireacht an Phuist an Aireacht is mó atá ag iarraidh dul ó nósanna an Rialtais Gallda a bhí orainn go dtí le déidheannaighe. Táid tréis dath uaithne do chur ar bhoscaí na leitreacha, &rl. (bíotar ag magadh fútha-san uaireannta), agus anois tá stampaí nuadh againn: dála an sgéil, tá siad-san go maiseamhail; is annamh a eirigheann le Stát nuadh stampaí chó deigh- dheunta do chur amach an cheud iarracht, agus ní hé an leitriú Rómhánach atá ortha, buaidhcheas le Dia. Tugadh teasbánas maith don nGaedhilg ar na fuirmeacha Telegraf leis. Ach ní féidir linn an leabhar nuadh Telefóna do mholadh.
Tá dath nuadh air sin leis, agus “Leabhar Seolta Telefóna” sgríobhtha leathismuigh air, ach leathistigh tá sé go haingeas. Níl ann ach an sean-leabhar Gallda a bhí againn i gcomh- nuidhe gan focal aistrighthe. Ní headh, mo dhearmhad, tá “Dúnlaoghaire” agus “Cóbh” ann! Is dócha go mbeidh éide fé leith ag fearaibh an Phuist go luath. Gan dabht, tá rudaí le feiscint in Éirinn anois a chuirfeadh i dtuiscint do dhuine gur náisiún neamhspleádhach sinn. Aon duine a dhein taisteal riamh i dtíortha thar lear tá's aige gurb é an cheud rud a thug sé fé ndeara nuair a shrois sé an tír nuadh ach éide na saighdiúirí, gendarmes, &rl., annsan na custuim (táid sin againn anois), agus is gairid 'na dhiaidh san go raibh airgead fé leith ag teastáil uaidh. Stampaí fé leith, brat fé leith, airm fé leith, agus mar sin de. Ach níl sa méid sin, mar sin féin, ach an croiceann mara mbíonn spioraid fé leith, agus nósanna fé leith, ages na daoine, agus an rud is mó díobh go léir teanga fé leith. Tá an teasbánas againn, gan amhras, ach an bhfuil croidhe an ruda againn? Tá in slighe, sin é ár dtuairim, ach ba sheacht deimhnighthe ár gcaint dá mbeadh an Ghaedhealg níos láidre ná mar atá. Tá an Ghaedhealg ag meath agus ag dul i luighead, is eagal linn. Tá daoine ann agus toisg ná fuil an teanga aca deineann siad beagán dí. Le tamall maith anois ní bhfuighdís focal a rádh 'na coinne ar eagla go ndéar- fuidhe gurbh ar thaobh Shean-Shasana a bheidís. Ach táid ag glacadh misnigh cheana. Is gairid go n-aireomuid an sean-chaint arís: “Níl an Ghaedhealg agam, ach deagh-Éireannach iseadh me — chó maith leis an bhfear a bhfuil sí aige,” agus mar sin de. Beidh siad ag labhairt níos osgailte gach aon lá anois. Agus ba chuma Poblacht nó Saor-Stát sa méid sin. Is fuirist a bheith ag cáineadh an rud nach maith leat. Cloisimíd go bhfuil obair Bhíobla an Athar Peadar ag dul chun cinn go maith. Is maith an sgeul é, agus má dubhramar an iomarca an mhí seo caithte iarraimíd maitheamhnachas anois. Tá an cheud chuid desna sgeulta d'ath- innis sé ón mBíobla le fagháilt anois ó mhuintir Brún agus Ó Nóláin. Tá siad go háluinn, ach dob' fhearr linn iad dá ndeunfadh sé sgeul ann féin do gach ceann aca. Sa tslighe atá siad aige ní bhfuighfidhe aon cheann aca do thuisgint gan an ceann roimhe do léigheamh ar dtúis: saghas sreath sgeulaidheachta iseadh iad. Agus ós rud é go bhfuilimíd ag tagairt do litridheacht naomhtha caithfimíd a rádh annso gur cheart do gach Gaedhilgeoir “Timthire an Chroidhe Naomhtha” do cheannach. Is acfainn do gach aoinne deich bpingne sa mbliadhan do chaitheamh, agus chífear ón bhfógra atá aca san uimhir seo cá ndíoltar é, &rl. Tréis na nótaí seo a bheith sgríobhtha againn iseadh fuaireamar “Irisleabhar Lorcáin Naomhtha” ós na hOblátaigh i dTeach Lorcáin. Muireach san do bheadh níos mó le rádh againn á mholadh. Níl slighe againn anois. Deirtear nach den abhar an cheud shnáth, ach beidh sé dian ortha-san an dara iarracht do dheunamh níos fearr ná an cheud cheann. Cúpla mí ó shoin do thagairighmear do cheist na Gaedhilge sa Ghárda Síothchána. Ba bhreagh linn tabhairt fé ndear go bhfuair cuid acu an Fáinne le déidheannaighe; agus nach breágh an rud é, leis, fógra mór d'fheiscint os ár gcomhair amach (agus an leitriú Gaedhealach air!) ag innsint dúinn go bhfuiltear chun 2,000 duine eile do thógaint isteach sa nGárda Síothchána, agus go bhfuil 500 áiteanna díobh i n-áirighthe do Ghaedhilgeoirí. Tá Coiste Árus an Fháinne ag tabhairt fén obair sin go croidheamhail. Ba cheart do gach Gaedhilgeoir péaca a mbíonn an Fáinne aige nó ná bíonn cuidiú leis an obair. Tá airgead ag teastáil, agus nuair a bheidh an t-airgead bailighthe agus an tigh i gcóir níor mhór dóibh gan faillighe do dheunamh ar an áit. Tá na Gaodhail rud beag eudmhar ionnta féin uaireannta. Is breágh an rud gan dabht go mbéidís i gcomórtas le n-a chéile chun cúis na Gaedhilge do chur chun cinn, ach gheobhfaidhe cur le chéile gan cur ar a chéile ba dhóigh leat. MUINNTIR PLÉIMEANN, GUALADÓIRÍ I dteach lámh dhearg, 9 Sráid Fheardorcha Thuaidh, Baile Átha Cliath. Ceannuighidh bhúr gcuid guail ó Ghaedhealaibh. Tá an gual is fearr le fághail uainn. Buail isteach nó sgríobh go dtí an seoladh seo thuas. Guthán 2723.
IOLSCOIL NA MUMHAN I RINN Ó gCUANACH. II. OIDEACHAS FÍOR-GHAEDHEALACH TRÉ GHAEDHILG. Bhí mé ag Árd-Fheis na bliadna san agus bhí an cheist dá pléidhe gur cheart scoil fhíor- Ghaedhealach a chur ar bun insan áit ba Ghaedh- ealaighe de ghach cúige. Bhí gach aoinneach sásta go mba cheart agus ós rud é go raibh tigh oireamhnach le haghaidh scoile againne 'sa Rinn shocruigheadh ar an sceul a thástáil ann agus mise d'fhágaint in a bhun. Is eadh, ach cadé an sórt scoil a bheadh ann — bun scoil, nó meadhon scoil, nó árd scoil? Bhí a fhios ag gach aoinne an cuma in a rabhadh ag marbhadh na Gaedhilge san áit — an Eaglais dá marbhadh, scoileanna dá marbhadh, gach oifig riaghaltais agus gach bórd puiblidhe dá marbhadh. Bhí a fhios againn dá dtabharfaimís roinnt oideachais fíor-Ghaedhealach do bhuachaillí agus do chailíní óga na háite agus go bhfuighdís slighe mhaireachtana dá bharr go mbreugnóimís seanmóintí an tsagairt paróiste agus go bhfuighmís a theasbáint go raibh maith 'sa nGaedhilg, go raibh meas uirre, agus go raibh slighe mhaireachtana le fagháil aiste. Mar adubhairt me cheana bhí meas ag muintir na háite ar an nGaedhilg, agus bhí mór is fiú aca aiste, ach chonnacadar ná raibh dada i mbun aon deallramh le fagháil gan an tabhairt suas sa mBeurla a bheith ar dhuine. Níor cheadtha dhúinn aon rud i bhfuirm scoile a chur ar bun insan pharóiste gan cead ón sagart paróiste. Sin riaghal nó reacht nár bhreacadh riamh ar phár, acht mar sin féin tá sé ann. Bain triail as maran gcreideann tú mé. Bhí a fhios againn ná tabharfadh sagart paróiste na Rinne cead ná céileabhar dúinne aon saghas scoil a chur ar bun dá raghaimís dá iarraidh air. Tá a rian air, níor chuamair. Fuaramar cead an easbuig má is eadh, agus a chongnamh leis. Thug sé a chead dúinn ar aon choinghil amháin .i. Scoil Mheadhonach a ghairm dí, agus ná beadh cead ag aon leanbh fé bhun dhá bhliadhain deug d'aois ó pharóiste na Rinne dul ar scoil chughainn. Sin é an méid a gheobhadh an t-easbog a dheunamh dhúinn go dleaghthach, agus bhíomair buidheach beannachtach de ar son an méid sin. Ní raibh Art Ó Gríobhthaigh (go ndéine Dia grásta agus trócaire ar a anam anois) ná an gasra beag calma de mhuintir Sinn Féin a bhí ag gabháil leis le linn na haimsire sin sásta a chuigint ná ar aon chor leis an socrughadh so, agus do fhógraigheadar cath agus cruaidh chomh- raic orainn go léir. Dubhradar gurb' é rud a bhí ag teastáil sa Rinn acht Bun-Scoil — scoil a raghadh in iomaidh go láidir daingean dáirírí leis an scoil a bhí 'sa pharóiste fé chúram an tsagairt paróiste agus a bhí ag obair chomh dian chomh dícheallach sin chum deireadh a chur leis an Ghaedhilg i measc páistí óga na háite. Dubhradar ná fuighdís aon chongnamh a thabhairt d'aon scoil acht do scoil dá leithéid sin. Is beag de dhaoine a bhí aibidh an uair sin chum aon chongnamh láidir neartmhar a thabhairt dúinn. Is ait liom cuimhneamh anois ar chuid des na daoine bhí ann le linn na haimsire sin. Cuid aca a raobfadh na spéartha ag baint macalla amach ag caint ar son na Gaedhilge agus iad ag tabhairt an tógaint gallda dá gclainn féin — agus cuid aca so agus an Ghaedhealg go nádúrtha dúchasach aca agus nár labhair focal di amach as a mbeul riamh le n-a gclann féin. Chuirfidís adhar ort ag éisteacht leo. Ba lag agus ba ró-lag an croidhe a chuir an Coiste Gnótha féin sa sceul; d'fhágadar an sceul go léir fúinn féin le dheunamh. Níor dheineadar iarracht ar pháiste ná gárlach a chur chugainn, agus níor chuireadar fógra ná dado i bpáipeur ná in aon áit chum a theasbáint ga raibh a leithéid de scoil aca fé n-a gcúram féin. Choimeád “An Claidheamh Soluis” an brat anuas orainn i gcomhnuidhe. Is minic a thugamar iarracht ar a theasbáint go rabhamar ann, acht sin a raibh de mhaith dhúinn ann. Ní raibh ón gCoiste Gnótha agus ón g“Claidheamh Soluis” acht ár sciatháin a choimeád miottha agus na cosa a bhaint uainn i gcomhnuidhe. Bhí leath-sceul éigin ag an g “Claidheamh Soluis,” mar go raibh scoil cosamhail le n-ár scoil-ne ar siubhal ag an bhFear Eagair féin i mBaile Átha Cliath, agus níor thógamar air a bheith ag tochrais as a cheirtlín féin. Ní raibh ráithe ná leathbhliadhain a imthigh ná raibh an Coiste Gnótha ag baint miotóige thall a's abhus as an síntiús beag airgid a bhíodar ag tabhairt dúinn chum an scoil a chothughadh. Ní raibh an rath ná an seun linn go rabhamair in iúil ar dheunamh gan iad. Nuair d'éirigh le scoil an tsamhraidh chomh maith sin bhíomair ábalta ar an méid airgid d'fhanadh againn a chur chum scoil na bliadna a chothughadh. Ar feadh naoi nó deich dhe bhliadhanta níor ghlac aoinne de na hollamhain aon leath- phingne tuarastail ar son a chuid oibre, acht é
go léir a fhágaint annsin chum scoil na bliadna a chothughadh agus na fiacha a leagaint. Táim ag rith tríd mo sceul. Is eadh, d'oscaileamair scoil na bliadna i mí na Féil' Michil 1906 fé na coinghileacha roimh- ráidhte. Tháinig mór-sheisear de mhuintir na háite chugainn, agus is fiú iad a áireamh annso — Seumas Ó Ceallaigh, ó Dhroichead na gCorrán, an buachaill bocht ba cheolmhara agus b'árd-intinneamhla a chasadh orm lem' linn. Chuaidh sé sa Chogadh Mór, agus nuair a bhí a thrí bliadna caithte aige ann d'éirigh sé as, acht níor mhair sé le teacht abhaile. Fuair sé bás i mBaile Átha Cliath. Nioclás Tóibín a chuaidh le céird na múinteorachta, agus a bhíonn ag múineadh gach samhraidh 'sa Choláiste againn — ceoltóir binn agus scríobhnóir cliste. Seán Ó Cuirrín agus a dheirbhshiúr, Eilís, ó Bhaile na nGall. Tá na leabhartha Gaedhilge ag teacht go tiugh ó láimh Sheáin anois — Uimhirigheacht, Beirt Dhéiseach, leabhar ceoil, &rl. D'fhan sé ag scoil na Rinne gur dhein sé an Maitric agus go bhfuair sé Scoláireacht ag Iolscoil Chorcaighe. Thug sé an ceol agus an chaint agus an scríobhadh agus an léigheann leis ón Dochtúir De Henebre, agus táim-se meallta nó deunfaidh sé gníomh mór ar son na Gaedhilge fós. Seumas Traoin ó Bhóthar na Sop, Nóra Ní Ghríobhthaigh ón tSean-Chill, agus Seumas Múinbhial ón Sean-Phobal. Chuaidh an sagart paróiste chúcha so go léir agus chros sé orra féin agus ar a muintir iad a dhul go dtí an scoil chugainn-ne, acht sin a raibh de mhaith dhó ann. Bhí an misneach aca san. Chaitheas-sa féin an fód a sheasamh gach aon Domhnach ag éisteacht le sagart an pharóiste ag tagairt do na “Súpars” a bhí tar éis cur fútha 'sa pharóiste. Chaitheas é sin a sheasamh gur chuir an t-easbog stop leis. Bhí mé im' chomhnuidhe 'sa pharóiste, agus dar ndóigh chaith mé a bheith im' pharóisteánach leo agus gach aon dualgas ar son mo chreidimh a chomhlíonadh. Nuair a tháinig an Nodlaig leagas m'ofráil ar an mbórd chomh maith le chách, acht do cuireadh thar an ais chugam arís é i gcionn cúpla lá. Nuair a theastuigheann ó shagart luidhe air dhuine agus droch-mheas a chaitheamh air ós comhair an phobail is mó slighe a gheobhaidh sé chum an rud a tharraing tré n-a fhiacla ón altóir. B'shin é a's mo dhála-sa; chonnaic gach aoinne mé féin agus mo ghasra fé bhata an tsagairt. Gheobhadh sé a rádh, dar ndóigh, nach dúinn-ne bhí sé ag tagairt, acht má oir an caipín dúinn go bhfuighmís é chaitheamh. Buidheachas mór le Dia gur bhronn Sé creideamh cuibheasach láidir dúinn; is minic a bhí sé ar chomaraighe an tsidhe gaoithe. Ní fhuil aon rud is mó a laguigheann creideamh duine ná aon tagairt mar seo ó altóir Dé dhó agus fios in a chroidhe istig ag an duine sin an eugcóir a bheith ann. PÁDRAIG Ó CADHLA. BEÁRNA CHATHAIR AEIDH. I. Mo náire sibh, a éigse an iúil, ná scaoilfeadh scéal Cáil a's clú mo dhúithche-se, 's gurb é a díre é; Má's damh-sa is dual a cúitiughadh, giodh baoth an file mé, Ní fhágfad-sa i gcúthaile mo Bheárna Chathair Aeidh. II. Is truagh gur fúm-sa fágadh, a's mo pheann go meirbh maol, Gan luas gan buaidh dháimh ionnam, gan clis- teacht im' mhéir; Acht má theipeann ar mo dhán bhocht do cháil do chur i gcéin, Ní loitfidh sin mo ghrádh dhuit, a Bheárna Chathair Aeidh. III. Tá dealbh seannda im' aigne ná scriosfar de lem' ré, Go greannta snoighte daithte fighte leis mar chléith; Nuair dhearcaim féin go h-atuirseach i scáthán mo shaoghail, Chím do dhreach i n-aice liom, a Bheárna Chathair Aeidh. IV. Cloisim glór an tsrotháin bheo i gcúm an tsléibh' A's chím léim an easa chródha 'n-a cúbhar glan ghlé; Tógbháil croidhe 'gus intinne na ceolta chanaid éin Ag fógairt ort a n-aoibhnis, a Bheárna Chathair Aeidh.
V. Ní fhásann plum ná ubhall ann, ní abaigheann an sméar, Ní gnáth glas-dhuilleabhar ann acht ros cuíll a's fraoch; Is fánach blátha cúmhra ann, is seirgthe an féar — Acht grádh lem' chroidhe go dúthrachtach mo Bheárna Chathair Aeidh. VI. Níl “ith a's bliocht” gan deireannaighe ná mil ag rith 'n-a slaod; Tá bochtaineacht go feicsionach — acht doicheall riamh níor léir; Ní stractar mála an bhacaigh acht roinntear leis an déirc — Óch — beannacht Dé led mharbhaibh, a Bheárna Chathair Aeidh! VII. Ní cuirtear ar an spideoig tóir as a clúdach craobh, Badh mhasla leis an macraidh óig méaróg do chaitheamh léi; Machtnuighid ar an bhfuil ró-dhil do dhearg brágha an éin, A's beannuighid do'n bhruinndeirg sin i mBeárna Chathair Aeidh. VIII. An lánamha lachan imirceach a chuartaigheas gach caol — I lár an earraigh fillid siad go h-uaigneas na réidhe; Dá mbeadh im' chumas aithris do dhéanamh ar na h-éin, Do chasfainn acht ní scarfainn leat, a Bheárna Chathair Aeidh! IX. Chá bhfuil an chathair chluthmhar chruínn a bhí ann led' ré, 'S ar mhisde a fhiafruighe dhíot cá bhfuilir féin, a Aeidh? Is cinnte nach it' aonar duit i n-árus aoibhinn Dé — Tá cuideachta na nGaedheal agat ó Bheárna Chathair Aeidh. X. Is ann do-gheibhtí cuideachta ná teipfeadh ortha scéal; Ní teanga Bhéarla chleachtaidís acht teanga mhilis Ghaedheal; Dá gcasainn-se ar m'áitreabh, mo chreach! is mór is baoghal Gur teanga Sheáin do-gheobhainn fé mheas i mBeárna Chathair Aeidh! XI. Níor mhalartaigh an áit a croth, níor shéan an bhó a géim, Tá'n teanga chéadna ag an sroth a's bhí i n-aimsir Aeidh; Níl atharrach ar aon rud acht amháin an duine féin — Do ghabh — mo léan! le galldachas i mBeárna Chathair Aeidh! XII. Cá bhfuil Dál gCais na n-arm faoíbhir nár fiaradh i ngleic? 'S i bhfrioth-ghoin chatha beárnan baoíghil nár bh' annamh Brian 'n-a réir, Tá mianach maith ann fós d'á síol, 's a Dhia, nach olc an scéal Ná cuirid iarsma broide dhíobh i mBeárna Chathair Aeidh! XIII. Tá anamna ag siubhal na mbán — d'á lán-toil féin — Ag braith go spalpfadh ortha an lá 'mbeadh Clár-Luirc saor; Níl cnoc ná tulach, claídhe ná fál d'á dtugas grádh mo chléibh Nach ionann agus sínnsear liom i mBeárna Chathair Aeidh. COS OBANN. TIGH-ÓSDA “CLARENS,” ag Cé Ueillington i mBaile Átha Cliath. Tá gach aon chompórd ann agus é so-lámhach do gach áit is fiú le rádh 'sa Chathair. 70 Suainliosa. Solus Eleictric. An biadh — bog, soghmhail, so-bhlasta agus an freasdal ar fheabhus. An díol-fiach réasúnta. BÍONN TARRAING MHÓR DAOINE AR AN “RESTAURANT” atá ag gabháil leis. An Guthán 1217. Telegram: “Clarence Hotel, Dublin” TIGH-ÓSDA AN ROYAL EXCHANGE Sráid na Feise, i mBaile Átha Cliath. Tá sé seo ar cheann des na Tighthe-ósda is compórd- amhla 'sa Chathair. Tá gach aon chóir ann agus an díolfiach réasúnta. Guthán 2678. Telegram: “Comfort, Dublin.”
ROINN NA TALMHUÍOCHTA AGUS AN CHEÁRD- OIDEACHAIS Is mian leis an Roinn go dtuig- feadh an Pobal cad teagasgtar sna sgoileanna seo:— I. — COLÁISTE EOLUÍOCHTA NA hÉIREANN, ÁTH CLIATH. Do bheirthear cúrsa iomlán teagaisg do dháltaí na Coláiste i dTalmhuíocht agus a Co-ádhbhair, Ceimíocht, Fisi- ceacht, Innleóracht agus Eoluíocht Nádúrtha. Bronntar suim áirid Scoláracht freisin gach bliain. Gheobhfar gach eolas ach sgríobh' in a choinne chun An Cláraidhe, Coláiste na hEoluíochta, Sr. Uach. Mhuirbhtheann, Áth Cliath. II. — SGOIL NA nEALADHAN, ÁTH CLIATH. Atá deis thar barr sa Sgoil seo le eolas a chur ar na hÁird-Ealadhna agus ar Ealadhna Ornáideacha agus Chearda. Foirbhtear Teagasgthóirí Ealadhan innti. Gheobhfar gach faisnéis ach sgríobh' chun An Cláraidhe, Sgoil na nEaladhan, Sr. Chill Dara, Áth Cliath. III. — SGOIL TÍOGHBHUIS TIGHE, TEACH LORGAÍN, ÁTH CLIATH. Sgoil-chomhnuidhthe í seo a mbíonn teagasg tíoghbhuis tighe ar siubhal innti, agus go bhfoirbhtear daoine innti arbh mhian leo a bheith in a dTeagasgthóirí san ealadhain sin. Níor mhór gach sgríbhinn faoi a chur chun An Rúnaidhe, Roinn na Talmhuíochta agus an Cheárd- Oideachais, Sr. Uach. Mhuirbhtheann, Áth Cliath. BA CHÓIR A'S BA CHEART DO GACH FÍOR-GHAEDHEAL A CHUID URRADHAIS A DHEUNAMH LEIS AN GAEDHEAL-COMHLUCHT TAIGHDE UM URRADHAS NÁISIÚNTA, TEORANTA (The Irish National Assurance Company, Limited) Is féidir do dhuine gach aon tsaghas Urradhais a dheunamh leis an gComh- lucht so:— AR FEADH SAOGHAIL AR FEADH TAMAILL I gCOINNE TIONÓISCE I gCOINNE DÓIGHTEÁIN AR GLUAISTEÁIN MAOIN — £120,000 AGUS TÁ AN CISTE AG DUL I MEUD Ó LÁ GO LÁ. RUD EILE: IS GAEDHIL SINNE. Árd Oifig:— 30 FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE ÁTHA CLIATH.
TÍR-GHRÁDH IS GAEDHILG. Ní dócha go gcuirfidh aoinne agaibh-se im choinne nuair adéarad libh gur cuid den tsubháilce dá ngoirthear an tír-ghrádh — agus cuid an-mhórthábhachtach di, leis, dúinne, sé sin, do mhuintir Éireann na linne láthairighe seo, an Ghaedhilg do chosaint, do chothú, do aithbheochaint, do chur chum cinn gan sos, gan staonadh, go mbeidh sí fé lán-réim arís ag óg is aosta, ag uasal is íseal, ag saidhbhir is daidhbhir ar fuaid na tíre. Acht, cad is Tír-ghrádh ann? “Pietas erga patriam” thugaid Laidneóirí air. Agus an phietas so, 'd é r'd í féin? De réir mínithe an aois fheallsa is diachta, sé rud í ná an meon aigne úd is cóir agus is dual do dheagh- mhac dá athair nó dá mháthair. Nuair 'sí an tír dhúthchais an chuspóir ar a ndírightear a leithéid seo de mheon aigne — omós is urraim is grádh is meas, agus iad fuinte, fite, fuaite le n-a chéile, omós, urraim, grádh deagh-mhic dá athair agus é dírithe ar a thír-dhúthchais sidé an ní dá ngoirthear an tír-ghrádh. Toisc gurab é Dia na glóire is chéad-Athair, athair bunúsach dúinn uile, ó n-A dtáinig a chomhacht athar do gach athair thalmhaí, dá chionn san, níl aon mhearthal ar aon fheallsamh ná aon diadhaire, gur fiú é feallsamh nó diadhaire do thabhairt air, nach é Dia is chéad-chuspóir na subháilce seo, dá ngoirthear pietas. Acht ní túisce chromaid ar chur-síos do dhéanamh ar chéad chuspóir eile na subháilce céadna, ná téighid gan stad in easaontas: cuid aca a d'iarraidh a dhéanamh amach gurab í an tír dhúthchais tarna cuspóir na pietatis nó na h-omósachta so, agus a thuille aca ag cur 'na choinne seo, is ag rádh gur chóir an tarna h-áit do thabhairt do na tuismhightheóirí. Ar an dream mhór-léighinn do thug an tarna h-áit don tír athardha atá Plátó, Gréagach, Ciceró, Rómhánach, is San Ambrós, Árd-Athair Eaglais an Iarthair. Ní bheadh sé d'uain againn den turas so na h-áitimh go léir as ar bhain- eadar feidhm do tharraingt anuas annso. Ar a shon san féin, b'fhéidir nár mhiste dhúinn briathar nó dó ó Chiceró d'aithléigheamh. “Ní dhúinn féin amháin do cuireadh ar an saoghal sinn,” ar sé, “óir éiligheann an tír dhúthchais orainn roint dínn, roint d'ár n-acfuinne.” 1 In áit eile san tráchtas chéadna labhrann sé ar an gcuma so: “Ar mbeith dhuit,” ar sé, “tar éis an uile ní d'iniúchadh go glinn, géar, agus d'aithbhreithniú led inntinn, ar na caidrimh uile a thig le daoine shnadhma le chéile ar an dtalamh so, níl aon cheann riamh, dá dhílse, orra is mó brigh is tábhacht leat ná dlúth-chaidreamh cáich le n-a thír dhúthchais féin. Is dílis dúinn, ar ndó, ar dtuismhightheóirí, ár gclann, ár ndaoine muinteardha, ár gcáirde — acht,” ar sé, “tá sé de bhuaidh ag an tír dhúthchais go n-aontuigheann sí is go mbailigheann sí chúichi na dílseachta so uile.” 2 Uime sin atá dílseacht tar a gceann uile ag dul don tír dhúthchais; i dtreo, ar sé, ná raibh aon deaghdhuine riamh i ngalar na gcás i gcúrsaí a anam d'imirt ar son a thíre. San tríomhadh leabhar den tráchtas chéadna, cuireann Ciceró an deacracht so air féin: Seadh, ar sé, teagann caint ar an tír go bog, breágh chughat! Acht, cuir i gcás go mbeadh an t-athair a d'iarraidh anfhlaith do dhéanamh de féin ar an athardha, nó é bheith ar tí í do chealgadh i lámha a námhad. Cad bheadh cean- gailte ar dheagh-mhac ag a mbeadh fios aigne a athar 'na leithéid sin de chás? Bheith 'na thost is scaoile leis an athair? Deirimse leatsa nach eadh, ar Ciceró. Bheadh air impidhe ar an athair gan an fheillbheart do dhéanamh. Acht mara n-eireochadh leis? Cromadh sé ar é do mhaslú is do thaircisniú, bagaradh sé scéith air, agus mara ndéanfadh san an t-athair do chosc, bheadh sé dlúth-cheangailte ar an mac i ndeire na dála an t-athair do thabhairt suas d'fhonn an tír d'anacal. Mar adubhras romham cé ná fuil mórán údar ann a chuirfeadh an tír athardha roimh na tuismhightheóirí fé mar a dhéanann Plátó is Ciceró, mar sin féin aontuigheann leó Ambrós Naomhtha atá ar an triúr is mó le rádh de Mhór-Aithreacha Eaglais an Iarthair. “Roint den tsubháilce dá ngoirthear an Ceart, is eadh,” ar sé, “an omósacht, agus sé Dia a céad chuspóir, an tír dúthchais an tarna cus- póir, na tuismhightheóirí an tríomhadh ceann, agus gach aoinne eile as san amach.” Sa tríomhadh leabhar de leabhra na Ríogh, aithristear dúinn scéal gur fiú dhúinn a thabhairt chum cuimhne ar a leithéid seo d'ócáid agus an teagasc ceart do bhaint as. Scéal Nábuit is Achaib is mian liom a rádh. Íoch- tarán bocht do b'eadh Nábot ar a raibh Achab 'na righ agus Iésebel chuirptheach 'na bain- ríoghain. Thárla fíonghort ag Nábot láimh le pálás an ríogh gur ghabh mian millteach an rí an fíonghort bheith 'na sheilbh aige féin. Níorbh 1 “De Officiis,” L. 1, c. 7. 2 Ibid., c. 17.
é a fhaillighe gan é d'iarraidh ar Nábot. Acht, má iarr, sé rud fuair sé ná an t-eiteach glan. “Nár leigidh an Tighearna dhom,” ar Nábot, “oighreacht mo shinnsear do thabhairt duit-se.” Chas Achab ar a thigh go dubhach, feargach, de chionn an eitigh; agus, slán beo mar a n-innis- tear é! chuir sé suas stailc gan stad, stailc bhídh! Acht ba ghearr an mhoill ar an ainsciain mhná do bhí pósta aige, ar Iésebel, teacht chuige, agus fáth a stailce d'fhagháil amach uaidh. “Eirigh as san, a amadáin chríochnuithe,” arsa sí leis, “agus caith do chuid. Beidh an fíon- ghort san id sheilbh agat gan righeanas.” B'é deire an scéil, mar le Nábot de, gur daoradh chum báis go h-éagcórach é, gur ropadh leas- muigh den chathair é, mar ar “clocadh é gur éag sé.” Ag tagairt don scéal do Shan Ambrós: “Ba bheanaithe é Nábot,” ar sé, “nuair bhíothas ag cur na gcloch abhaile air. Mar cé gur duine bocht do bhí ann, maidir le maoin shaolta, bhí sé go saidhbhir 'na aigne de cheann a omósachta: i dtreo nárbh áil leis a fhíonghort athardha do thabhairt ar ór an ríogh, acht chosain sé le fuil a chroidhe é, toisc gur OIGHREACHT BHEANAITHE é THÁINIG CHUIGE ANUAS Ó N-A SHINNSIR. Seadh, a cháirde, casaidh féin teagasc an scéil seo ar ár gcomh-oighreacht-ne uile. Is mó i bhfad ná fíonghort í — agus is mairg an ghlún Ghaedheal a scaoilfeadh uatha ar ór na cruinne í. MICHEÁL MAC CRAITH, C.Í. TIMTHIRE CHROIDHE NAOMHTHA ÍOSA. Tá Uimhir na Nodlag tar éis teacht amach. 'Sé an tIrisín beag cráibheach amháin é atá le fáil i nGaedhilg ar luach bheag. Mar a chítear ó'n teidiol shuas, Iris an Chroidhe Naomhtha í. Tá sceulta, altanna, agus eile ann chun sprid na Cráibheachta agus an Chreidimh do dhaingniú agus do leathnú tríd an nGaedhilg. Tá athrú clúdaigh agus athrú iomlán beagnach deunta ar an “Timthire.” Tá léightheoracht simplí in-spéise innti a bheadh oiriunach do lucht scoile agus do mhaca léighinn. A luach: 2ph. an ceann, tríd an bpost, 2½ph.; ar feadh bliana, 10bp. tríd an bpost. Luach dosaen, 1/8½; dhá dhosaen, 3/4; trí dosaen, 5/-, tríd an bpost. Scríobh chuig: LUCHT “AN TIMTHIRE,” 5 SRÁID MHÓR DHANMHAIRG, I mBLA CLIATH. EACHTRAÍ NA SAIGHDIÚIRÍ I mBAILE COINNLEÓRA. Ná síltear anois go bhfuilim ar tí tagairt ar mhór-chath idir saighdiúirí na hÉireann agus arm Shasana. Nílim, imbasa, mar dá mbéinn ní bheadh lom-chlár na fírinne á hinnsint agam. Ní cath uathbhásach do bhí ann ná tada dá shórt. Ní dóichide an rud é ná gur eachtraí na cor- aidheachta nó na gaoithe móire ba chirte a thabhairt air, mar ba “gaoth” a bhí ar siubhal ó thús deireadh ag na saighdiúiribh gallda, cé go raibh fonn ortha agus mian fútha a mhalairt a dheunamh. Ins an gcath so a tugadh do bhuaidh aondacht, dúthracht, agus toil na nGaedheal ar láimh láidir agus alltus an namhad. Do bhuaidh an ceart ar an neart gan braon fola a dhórtadh; ná fiú, gan na Gaedhil a mbrístí a chur ortha. Agus i leabaidh bogán a dheunamh de'n chreagán agus creagán de'n bhogán mar is clos dúinn a deintí ag na laochraibh bhíodh ag troid le n-a chéile in allód, séard do rinneadh ná pléidhcí glana críochnuighthe des na saighdiúiribh. B'fhéidir nár mhisde dhom gearr-mhíniú a thabhairt ar an bhfáth gur thug an t-arm an t-ionnsuighidh mór millteach so fúinn an oidhche spéir-ghealaigh seo — an 21adh de Mhí na Beal- taine. Ní abróchad an iomarca nú b'fhéidir go mbéinn a' cur isteach ar neithibh nach mbain- eann leis an aiste fhoghantach so. Bhí stailc ar siubhal mar gheall ar gur gabhadh agus gur daoradh buachaill óg (Mac Uí Chonchubhair) nach raibh umhal do'n oifigeach gallda, ná ar a chomhairle aige. Chruthuigh an buachaill seo ó'n bhfreagra a thug sé ar an oifigeach, go raibh 'an mianach ceart 'na chorp agus an sár-fhuil 'na chuisleannaibh, agus bhí meas dá réir ag a chomh- bhráithribh air ó'n am sain amach. 'Sí an bhreith a tugadh air ná é a chur ar arán is uisce ar feadh seacht lá na seachtmhaine. B'in é ba mhó ba chionntsiocair leis an stailc. Briseadh agus réabadh dóirse na mbothán agus ghabh na Gaedhil dubhshlán na nGall i ngach aon tslighe. Anois nó ariamh bhí an ruaille buaille ann. Cheap Ceann-Urraidh an Airm Ghallda na Gaedhil a mhealladh ar dtús, ach níor éirigh leis. Annsan mothuigheadh na briathra bagarthacha, agus bhíodar a' meudú in aghaidh an lae nó fé dheireadh thiar thall gur cheapadar (na saighdiúirí gallda) na Gaedhil a shárú agus a gcur fé chois.
Seo dhíbh anois an fogha agus an t-ionnsuighidh a tugadh fúinn díreach mar shamhluigh sé domhsa. Timpil a haon-déag san oidhche agus sinne 'n-ár gcodladh tar éis an Phaidrín a rádh, chualamar gleó, fothram, agus gáirighil uath- bhásach. De réir mar bhí a' druidim linn thabharfá an leabhar go raibh dúnmharbhadh á dheunamh. Bhí 'fhios againn go maith go mb'iad na saighdiúirí a bhí ann. Iar a dteacht gairid dúinn bhí 'fhios againn nach raibh aon mharbhadh á dheunamh, mar ní raibh cneadaighil á éagcaoin le clos. I ngiorracht cúpla bothán dúinn bhí an gháirighil agus na horduighthe “deiseal” is “tuathal” le clos go soiléir; ach sin a raibh. Ní raibh smuid ó n-ár ndaoine bochta féin. Seard do cheapamar annsan ná go mb'fhéidir go raibh siad á dtabhairt amach le n-a gcur fé ghlas. Chuir cuid des na daoine in mo bhothán- sa a mbrístí ortha i riocht is go mbéidís réidh lán-ullamh le n-imtheacht ar ghaoith an fhocail. Dubhras féin agus daoine eile go gcuirfimís ar an gcrann deire é, ach nuair is cruaidh do'n chailligh caithfidh sí rith, agus b'in é díreach an fhearacht againne é. Bhí i ndán dúinn anois. Saighdiúirí ag an doras agus iad a' tabhairt amach na sean-doirse mbriste agus á gcaitheamh le fuinneamh ar an talamh taobh amuigh de'n doras. Gach mionna mór á thabhairt aca agus gach bagairt a' baint báirr dá chéile le trom- aidheacht is diabhalaidheacht á dheunamh aca. Agus sinne istigh fé'n éadach leapthan chomh ciúin caoitheamhail leis na huanaibh. Siúd chugainn isteach iad mar leomhain buile agus an ceann-urraidh é féin 'na gceart-lár istigh. Sgréach uathbhásach ghéar agus cársán innti. Saighdiúir do leig í agus é ag fógairt dúinne seasamh ag na leapthachaibh. Sar a raibh na focla as a bhéal bhí na pluideanna á stracailt anuas aige de'n chéad duine. Níor bheag san. Amach liom go humhal, mar thárla go mba mise an duine mío-adhmhail sin, agus shamhluigh sé dhom nach mbogfadh tada a déarfainn croidhe an duine a leig an sgréach mhillteach a chuaidh go hae ionnam; ná nach mbainfeadh sé an dúr as a chlár éadain ná an fhéachaint mhalluighthe as a shúilibh. Bhí anois suas le sé saighdiúir déag tagtha isteach, ach oifigeacha a mbunáite. Bhí an ministear gallda agus an dochtúir airm 'n-a measg. Bhí leaba Thaidhg De Barra comhgarach dom, agus 'sé an chéad rud do chonnaic mé tar éis éirghe dhom ná oifigeach ag tarraingt a mhaide agus a' bualadh Thaidhg sa mása leis. Amach le Tadhg. Bhí an ceann urraidh lár báire agus timpal air bhí na fó- oifigigh. Bhí a cheann fé aige, a ghnúis bán- bhuidhe, agus a shúile sluigthe isteach 'n-a cheann. Ní hé boladh na gaoithe do bhí ag teacht ó n-a anál ach an oiread. Súil-fhéachaint dá dtug oifigeach timpil an bhotháin, thug sé fé ndeara nach raibh an fhuinneog os cionn leabthan Sheáin De Brún fosgailte, agus dá dhonacht í an chéad sgréach ba sheacht measa sgréach an oifigigh seo ag fógairt ar Sheán an fhuinneog a fhoscailt. Rinne Seán amhlaidh go breagh éascaidh agus é chomh portamhail nea-spleadhach le Spáinneach. Tá Seán a' foghluim na Spáinise, agus níl amhras ar bith nach bhfuil deagh-thréithe daoine macánta na tíre sin a' dul go smior ann. Cé's moite d'aon fhear mór amháin ní raibh ins na saighdiúiribh ach feithidí beaga. Seargaint b'eadh an fear mór so, ach ar bhealach ní maith a tháinig an saigh- diúireacht dó. Bhí sé ciotach, tuatach, agus an t-é ba dhaille bheadh 'fhios aige go raibh an leadaidheacht 'na chnámhaibh agus an fhealltacht 'n-a chroidhe. Agus ar ndóigh, níorbh' iongna é, mar chualathas gur chaith sé téarma 'á shaoghal ins na bleachtairibh i mBaile Átha Cliath. Bhí an fear so a' ropadh 's a' réabadh roimhe 's 'n-a dhiaidh. Bhí sé corthónach, corógach, agus spáganna cos mío-chumtha fé. Cóta air nach raibh a' clúdach a chabhail agus muinchillí gearra air. Caol a dhroma sluigthe isteach 'n-a chléibh. Bhí borradh a ghorgachta is a bhagarthachta a' meudú nó gur chaill sé a chomhthromacht. Thug sé fogha fé Dhochtúir Ó Conchubhair, agus nuair a thug cuireadh cosg leis, agus bhí sé ciúin socair as san amach. B'éigean do gach duine againn seasamh ag ceann ár leapthan nó gur cóimhreadh sinn. Nuair a bhí sin déanta bhog- adar uainn díreach mar thánadar — a' béiceadh is a' glaodhach. Bhí an áit 'n-a chiseach 'n-a ndiaidh, na héadaighe leapthan tré n-a chéile agus iad caithte anonn is anall. Dá mbeadh fonn gáire ar dhuine agus dá mba rud é go mba chúis gáire é, chaithfeá sgairt a dhéanamh a chuir- feadh arraing ar dhuine. D'ionnsuigh timpil dhá chéad saighdiúir na Gaedhil an oidhche seo i mBaile Coinnleóra, campa a dó, agus iad feistighthe i nua gacha acair mharbhtha. Lá ar n-a bhárach an Domhnach, agus bhí a innsint féin ag gach duine fé ionnsuighidh na hoidhche roimhe sin. Ach beag a b'fhiú a thuit amach seachas gabháil Fhionáin Uí Loinsigh. Gabhadh eisean agus bhí sé fé ghlas ag an namhaid. Bhí meas thar bárr air, agus is maith a thuill sé an meas sin, mar ba dheacair sárú
ar a chródhacht ná ar a fhearamhlacht. Ní ghéill- fidís do'n masla. Oiread na fríghde ní dheunfaidís ar órdú ná ar chomhairle na saigh- diúirí nó go sgaoilfí le Fionán agus le Mac Uí Chonchubhair. Is maith mar a thárla. Chaith na saighdiúirí géilleadh agus b'éigean do'n cheann urraidh gallda leithscéal a ghabháil i ndeireadh na scríbe. Ar maidin Dé Luain nó taca an mheadhon-lae tugadh cead a gcos d'Fhionán agus do'n bhuachaill eile. B'éigean dos na saighdiúirí doirse nua a chur ar na bothánaibh. Bhí an lámh-uachtar ag na Gaedhil ar shaighdiúiribh Shasana as san amach i gCampa a Dó i mBaile Coinnleóra. P. Ó MAOILCHIARÁIN. Beag nod don eolaidhe. Bí ag lorg an Muilleat ar an gclú- dach Ní bhíonn aon Sgoil ná Coláiste ná Clochar chomh maith maidir le Sláinte leis an gceann a bhíonn á coimeád folláin le. BACILIKIL (Ba-soil-i-cal foghair an fhocail seo) AN COSAINT SLÁINTE IS FEARR 'Sé an slighe is fearr chun galair do sheachaint ach é d'úsáid i gcomhnuidhe. Tá sé á dhíol ag Ceannuidhthe agus ag Ceimistí ar fúd na tíre Deuntar ag “Irish Disinfectants, Ltd.” é, Usher's Place, i mBaile Átha Cliath. Díoltar é chonnradh le Dáil Éireann agus le Bóthar Iarainn an Deiscirt, agus deuntar LYSOL (Gaedhealach) san áit cheudna leis. N. K. M Irish Cream Toffee Tabhair rud don pháiste agus tiocfaidh sé amárach. Maidir le N.K.M. tabhair rud don pháiste agus don t-sean-duine agus tiocfaidh siad araon gach aon lá. Mílseán blasta agus fíor-ghlan iseadh an tofaí so. ¼-lb., 7½d.; nó bosgaí stáin ar 1/- a's 1/5. Á deunamh ag North Kerry Manufacturing Company, Ráth ó Máine, Áth Cliath. CIONNTACH? II. Tháinig sí chúghainn. Bean dheas do b'eadh í, fiú amháin is an brón is an bhuairt sin uirthi, ach bhí sí báiteach bán is baoth 'na dath, an aghaidh tairicthe caol aici, sceón is scannra 'na súile is fáinní dúbha fé n-a mbun. “Táim tuirseach traochta, a dhuine chóir,” ar sise go neamh-fhuinniúil, “agus pé ní atá le rá agam tá sé ráite cheana leis an gCeann.” “Táim ana-mhór 'na léan, a Bhean Uí Chonláin, an droch-scéal uafásach so a bheith agat; ach, a bhean chóir,” ars' an Barrach, “pé cúrsa a thagan an treó ní mór dúinn ár dtoil féinig a chur le toil Dé faid is beó dhúinn ar an saol so.” Ansan: “Táim féinig is mo chara anso tréis teacht chun an cheist a thaighde is an t-é a dhein an gníomh a thabhairt chun cúntais, más féidir é. Ba mhaith linn gach fios atá agat-sa a dh'fháilt uait héinig.” “Bhuel,” ar sise, “do cheannuigh Mártan — b'in é m'fhear-sa, tá's agat — cheannuigh sé dlús maith luachmhar seóda le déanaí, is dhein sé coinne le fear éigint stróinséartha ná raibh aon aithne agam-sa air roimis sin teacht aréir is iad a cheannach uaidh. Tháinig an fear san tímpal is leath-uair tréis a seacht. Leigeadh isteach é 'on bpárlús — an seómra so díreach go bhfuilimíd ann anois — is thugas-sa rud éigint le n-ól isteach chúcha. Gearra-thamal 'na dhiaidh sin chuala clog an doiris ag déanamh ceóil ach níor thógas aon cheann do. “Bhíodar mar sin go ceann uair an chluig, nú breis, istig ins an bpárlús. D'ruchar chuala aon phléasc amháin. Stad an croidhe agam, geall leis, mar bhí's agam ceart go leór gur as an bpárlús a tháinig an fhuaim. Ní raibh fhios agam cad a dheinfinn, cad a …; níorbh fhéidir liom aon ní a dhéanamh, bhí mo mheabhair ró-scaipithe. Ansan chuala an doras á dh'oscailt. Phreabas suas agus díreach nuair a bhíos ins an halla chonac fear fé sholus an lampa ag preaba dorus na sráide amach. Bhí sceón dialta 'na dhá shúil is bhí a hata cúbálta 'na dhorn. Micheál Ó Cuínn, 115 Sráid Shéamais, an fear san.” “Bhí aithne agat air mar sin?” “Bhí, agus a chúis agam. Ana-chara dhúinn do b'eadh é tamal ó shoin, chó mór san go mbíodh sé anso go h-ana-mhinic sa tráthnóna. Ach, cúpla mí ó shoin bhí an saol is gach ní ag dul 'nár gcoinnibh. Bhí an t-airgead ag
imeacht. Bhí na seóda so le díol tímpal is an tráth céadna, is dúbhairt Mártan go dtabharfadh sé fé n-a gceannach, go mb'fhéidir go mbeidíst ag imeacht saor, is go bhféadfadh sé pinghin mhaith a dhéanamh asta. Seadh, má seadh, fuair sé £900 ar iasacht ón gCuinneach. B'fhuirist san, dar ndó, mar bhí sé go fuigheach aige siúd. Ní raibh eidhrighe an tsaoil linn, áfach, is níor bhéidir an t-airgead a dhíol thar n-ais. Tháinig Mac Uí Chuinn ana-ghránna, ana-thuaisceartach, aige sin; is bhuaileadh sé isteach chúghainn go minic ag gearán is ag lochtúchán is ag cáine. An trus deireanach d'eidhrigh sé garbh gairbhseálta amach is amach, is dubhairt go gcaithfeadh sé an t-airgead a dh'fháilt thar n-ais nú go mbéadh fhios uaidh cunathaobh: go mbéadh so nú súd aige. “Bheartuíomair ansan é dhíol is bheith réidh leis, is bhí ceapaithe againn an scéal a shocrú indiubh, ach anois …” “Go h-ana-mhaith. A' 'neósfá dhom, led thoil, cad a thárluigh idir theacht isteach sa tigh don gCuinneach is é dh'fhágaint?” “Níl fhios agam-sa aon ní ach an méid a chuala — sé sin lasmuigh d'é dh'fheiscint ag imeacht.” “Tán tu cínnte, is dóch, gurab é a bhí ann?” “Táim, is lán-chínnte. Ní dh'fhéadfainn dearúd a dhéanamh. Agus fairis sin, nuair a tháinig sé cuireadh fios ar ghloine eile dhó is dúbhairt an seirbhíseach gurbh é a bhí ann.” “Ach bé gurab é an fear eile a scaoil an t-urchar?” “Fé mar a dúbhart leat cheana, a dhuine chóir, níl fhios agam a thuille, ach amháin nuair a bhuaileas isteach sa tseómra go raibh Mártan bocht 'na luighe ar an dtalamh, an creatha deireanach á thabhairt aige, an fhuil ag séide amach as a bhrollach, an fear eile ar a ghlúna a d'iarraidh fóirithint air, agus an gunnán malluithe sin caite ar an úrlár. “An bhfeadaraís seóla an fhir sin?” “Tá's agam go maith. D'fhág sé a chárta anso 'na dhiaidh tréis gach ní a dh'ínsint don gCeann is dúbhairt sé leis-sin is liom-sa go dtabharfadh sé pé faisnéis nú cabhair nú congnamh a dh'fhéadfadh sé dhúinn.” “Táim ana-bhaoch díot, a Bhean Uí Chonláin. Bhí an ínsint sin soiléir iomlán agat. Cuir- fimíd fios anois ar an bhfear eile so.” D'imigh an bhean amach 'on gcistin. Thóg an Barrach an cárta. “Éamon Ó Súilleabháin, 18 Sráid an Mhargaidh.” Deineadh glaoch air tríd an dtelefón. “Seadh, seadh, tiocfad is fáilte … Deich nóimintí nú mar sin … Tá go maith.” “'Seadh, 'Antoine,” ars' an Barrach, nuair a bhí an cloisteóir crochta i n-áirde aige, “beidh sé anso againn laistig de dheich nóimintí. Ní mór dom brostú a dhéanamh.” Ach níor bhrostuigh. Scrúduigh sé an créacht go mion leis an ngloinneán, an bórd, na gloinní, an gunnán, brat an úrláir, is adhmad an úrláir idir an mbrat is na finneóga. Ní raibh ach díreach críochnuithe aige nuair a chuala- mair an cnag-cnag ar an ndoras, is seo isteach chúghainn Éamon Ó Súilleabháin ó Shráid an Mhargaidh. “Ní raibh puínn ann,” ar seisean, nuair a bhí sé sáite isteach ar a shocaireacht i gcathaoir mhór. “Thánag féinig ag ceannach na seóda so tráthnóna indé. Dheineas iad a scrúdú is thairigíos £1650. Raghainn suas a thuille ar ball, a' dtuigean tu? Bhíomair ins an marga mar sin — bhí 135 díobh ann ar fad idir bheag is mór — nuair a treóruíodh isteach an fear eile seo a dhein an marú. Soláthruíodh gloinne eile dhó, is do shuidheamair tímpal an bhúird mar seo. Bhíos féinig anso ag an gcúinne seo” — ag socrú an bhúird — “nú i n'aice, an duine eile seo ag an gcúinne eile sin idir me héinig is fear-a'-tíghe. Bhí fear an tíghe ansan, abair, i lár taobh fada an bhúird. Thosnuíomair ansan ag cainnt ar an aimsir is ar chúrsaí polaitíochta is gach ní eile chun an aimsir a mheilt mar níor bh'fhearra linn an tríú duine seo i láthair ár ngnótha. “‘Níl ins an gcainnt seo ach fastaoim ó thuaidh,’ ars' an duine eile le fear-a'-tíghe, ‘agus ní fearra bheith ag baint boghsíní ar an scéal. Bhfuil an t-airgead agat? Táim tnáite marbh ó bheith ag fanacht is ag feitheamh, ag teacht anso is ag imeacht. Deirtear liom é seo is deirtear liom é sin. Cómhairlíon duine eile dhom cúrsaí dlí a chur ar bun. Ach an bhfuil fhios agat, a sheana-spadalaigh, muna mbéadh do bhean agus do dheinfinn ribíní is smúsach de do phutóga! A leithéid …’ “‘Tóg bog é, a dhuine. Tóg bog é;’ ars' an Conlánach, ‘ní gá dhuit bheith ag imeacht thar teórain mar sin. Gheóbhaidh tu an t-airgead anocht.’ “‘Gheóbhad, a bhuachail,’ ars' an Cuinneach, is fadhairt nímhe 'na dhá shúil, ‘nú dar diala ifrin is scaoilfead solus an lampa san isteach id chloigean. Seo leat!’ “Bhain an chainnt sin dem bonnaibh me, dar ndó mar ní rabhas ag súil le h-aon ní mar é,
ach chun scéal fada a dhéanamh gearra dheineas an tsíocháin eatorra, is siúd chun an mhargaidh airíst sinn. Bé deire an scéil é gur dhein- eamair réiteach ar £1900. “Bhí £2300 agam héinig im pócaí is thógas amach cuid de chun an díol a dhéanamh. Bhí ráite ag an gConlánach liom nótaí a thabhairt chó fada is a dh'fhéadfainn. Bhuaileas amach a £1900 ar an mbórd is bhí na seóda buailte anuas ar an mbórd, leis, i mbosca. “Chuir Mac Uí Chonláin a lámh amach chun an t-airgead a chómhaireamh. “‘Fág ansan é,’ ars' an fear eile, ‘go mbead-sa díolta ar dtúis.’ “‘Tá fáilte rómhat,’ arsa fear-an-tíghe, ‘is níor ghá an trangaláil go léir. Céad, dhá chéad, trí chead … naoi gcéad. Anois an bhfuilean tu …? “‘Leath-chéad eile.’ “‘Leat-chéad eile? Cad chuige?’ “‘Chun mise a dhíol. An dóigh leat gur i n-aisce ba cheart …?’ “‘Tán tu á dhéanamh go galánta, a bhuachail. Níor dheineamair socrú ar bith mar sin, is ní … Ach mar sin héinig má thógan tu mar sin é, tabharfad £15.’ “‘Leath-chéad.’ “‘Ní bhfuighir, a bhithúnaigh,’ agus fén am so bhíodar araon ag fliuchaigh leis an bhfeirg. ‘£900 ar feadh dhá mhí go leith. Níl ansan ach bithúntuíocht is creach, is fágfad an scéal fé bhreith an duine seo. Cad é do mheas-sa?’ ar seisean liom-sa. “‘Ní maith liom,’ arsa mise, ag síne mo láimhe amach i dtreo an bhosca, ‘…’ Ach ní bhfuaireas a thuille a rá. “‘Tá an ceart agat,’ ars' an marathóir. ‘Agus féach, tairig chúghat do lámh ansan.’ “Dheineas rud air. “‘Nuair ná fuighfead é,’ ar seisean, ‘dar ndó, tógfad;’ is riug sé ar lán a dhuirn des na nótaí. “‘Fág ansan iad,’ ars' an Conlánach, ‘nú, dar an ndial, is cománfad mo dhorn …’ “Ní bhfuair sé an chainnt a chríochnú. Sar a raibh fhios agam cad a bhí ag teacht rop an geilt seo a lámh isteach 'na phóca, teanga lasrach, is bhí an fear bocht eile is an chathaoir i dteannta a chéile titithe ar an úrlár. Chromas síos leath-nóimint ag fóirithint air — ní raibh fhios agam cár goineadh é. An chéad ní eile do chuala an doras á dh'oscailt. D'eidhríos. Bhí an Cuinneach ag sciúrda amach 'on halla. Do phreabas 'on ndoras chun DÉANTÚS GAEDHEALACH DO GHAEDHEALAIBH “COMHAR-GAEDHEALACH” — ÁTH CLIATH. 'Sé an cúis thosnuighmear ar an obair seo (.i. eudaighe do sholáthar) ach chun an ghnótha do chur ar a bhonnaibh go ceart. Tionnsgail gan proiféidí — sin é an rud a theastuigheann uainn. Na heudaighe a dheunamuid-ne, táid go léir deigh-dheunta, agus ní'l ionnta ach an stuif is fearr. CULADHTHA FEAR AGUS BAN. Má thá culaith uait is féidir leat ceann d'fhagháilt (ó'n tuise amach nó deunta is eile péacu is fearr leat) ó'n gCOMHAR-CHUMANN, TEÓR. (“IRISH CO-OP.”). Ní'l a shárú ann maidir le feabhas agus saoirseacht earraidhe. 98-104 SRÁID MHEADHONACH AN MAINISTREACH.
greim a bhreith air, ach chuímhníos láithreach go bhfuighinn-se an déanamh céadna, béidir. Do chasas tímpal. Bhí airgead is seóda sciobtha chun siúil is an seana-ghunnán ar an úrlár. Dá mbéadh fhios agam! Chuas ar mo ghlúna airíst is mo chroidhe ag preabarnaigh a d'iarraidh an anam a thabhairt ins an bhfear bocht ar an mbrat san. Ach bhí gan treabha, a dhuine. Bhí an radharc iompuithe cheana féinig 'na cheann.” Bhíos lán-deimhnitheach ná béadh a thuille taighde ar an scéal, bhí sé chó soiléir san. Ach níor bh'é sin tuairim an Bharraigh, dréir cosúlachta. Níor dheineas puínn de sin, áfach, mar ní raibh sé riamh ar malairt shlí — deacair i gcómhnuí le sásamh. Dhein sé an Súilleabhánach a cheistiú, ach go h-áirithe, agus go mion. Conus díreach a bhíodar suite tímpal an bhúird? cá rabhadar nuair a scaoileadh an t-urchar? cathain a scaoileadh an gunnán 'on úrlár? cioca ar a leath-ghlúin nú ar a dhá ghlúin a bhí sé le h-ais an mhairbh? agus ceisteana líonmhara eile ba liosta le h-áireamh anso, bíodh is go raibh fhios agam-sa go bínn go raibh a chiall féinig ag baint le gach aon cheann riamh aca. “Táimíd ana-bhaoch díot, a Mhic Uí Shúillea- bháin,” ars' an braitheadóir ar deire, “bhí an fhaisnéis chó soiléir, chó h-iomlán, chó díreach, agat — seadh, agus chó h-éascaigh. Níl slí ar bith don tarna tuairim tímpal an scéil anois.” “Seadh,” ars' an Súilleabhánach, “mheasas gurbh é mo dhualgas gach ní a dh'ínsint fé mar a thárluigh. Ní mór dúinn go léir cabhrú leis an Rialtas chun gach droch-úmpar a chur fé chois. Tá súil agam go bhfuil mo chion féinig déanta agam-sa ins an gcás so, ach má theas- tuíon uait ceist ar bith a chur aon trus eile tá an telefón agat, nú tiocfad héinig tímpal.” “Ná fuil sé deimhnitheach go leór,” arsa mise, sa tslí abhaile dhúinn, “go bhfuil sé cionntach?” “Tá,” ars' an Barrach. Agus cheapas go raibh an “á” san ana-shínte aige. “A Bhreithimh, is a dhaoine uaisle,” arsa Dlígheadóir an Rialtais, ag tosnú, “tá cleachta ar an saol agam le fada is ar an dtaobh is meas a dho. Ní cuímhin liom, áfach, gur chuala aon imeacht ba scannrúla, ba nímhníghe, ba mhó uafás, ná an marú, an dún- mharú so, a deineadh ar Mhártan Ó Conláin istig 'na thig féinig tráthnóna an t-ochtú lá de Mhí na Samhna, agus nuair a bheidh an fhaisnéis cloiste meághaite agaibh, caithfidh sibh, im thuairim-se, a thabhairt isteach mar bhreith gurbh' é an príosúnach so” — á dheimhniú — “agus nách éinne eile atá cionntach. Níl éinne eile ann. “Agus, a Bhreithimh, is a dhaoine uaisle, is mó rud a spreagfadh duine chun droch-ghníomh, chun an marú féinig, a dhéanamh. Sin nádúir an duine. Díoltas a bhaint amach, an eochair a tharac ins an dteasuíocht, rud is fiche a luigheadóch an choir. Ach anso níl ní ar bith díobh-so mar leathscéal. Mar gheall ar shuím bheag áirithe a bhí amuigh ar iasacht aige ag duine a bhí 'na chara dó go minic, a dhein díon is fuithin dó go minic, mar gheall ar an airgead suarach san a thiocfadh isteach thar n-ais chuige i n-am is i dtráth — agus bhí fhios aige é sin, dar ndó: mar gheall ar an salachar airgid seo fágan sé a thig féinig fé dhoiritheacht na h-oidhche, gluaisean sé amach fé scamallacha dubha an uaignis is gléas maruithe 'na phóca; gluaisean sé amach as fuil fhuar an oidhche sin trí sna sráideana, isteach i dtig an t-é a thug cabhair is congnamh dó go minic, an t-é a chuir bórd is fáilte roimis an oidhche chéadna san, agus i láthair dhuine eile a bhí 'na chuideachtain, agus laistig d'éisteacht an bhean san a bhí fial fáiltiúil roimis riamh, istig i bpárlús a chara, scaoilean sé piléar dubh isteach trí 'na chroidhe gan am ná aga a thabhairt dó chun gníomh ná paidir a dhéanamh sar a raghadh sé as an saol so i láthair an t-É a chruthuigh é. “Tá sé ráite agam gur mar gheall ar airgead éigint a bhí amuigh uaidh a dhein sé an gníomh gráiniúil sin. An raibh an ceart agam ins an méid sin? Ní raibh, a Bhreithimh is a dhaoine uaisle. Cad a bhí uaidh, má seadh? Theastuigh uaidh robáil is creach is bithúntuíocht a dhéanamh. Theastuigh uaidh leath-chéad púnt ná raibh ceart ar bith aige chuige a bhaint amach. Agus toisc go raibh sé de mhisneach ag an t-é atá sínte anois ins an gcré fhuar, is a bhean go dúbhach dubh 'na dhiaidh is a pháistí, toisc ná tabharfaí dhó an t-airgead so ná raibh ceart ná cál aige chuige deinean sé an gníomh céadna a dhein Cáin fadó nuair a mhairbh sé a dhritháir. “Agus má ceaduítear do dhuine rud mar seo a dhéanamh, má leigtear do dhuine a chómharsa a bhuala síos mar seo i lár na h-oidhche, nách 'in agat an saol ag titim as a chéile, is gan ins an gcine daona ach scata beithíoch — gach éinne armtha i gcoinne gach éinne eile? “Caithfimíd, caithfidh gach Stát, cosaint a dhéanamh 'na choinnibh sin agus i gcoinnibh a
leithéid, agus tréis an fhaisnéis atá le teacht a scrúdú táim lán-deimhnitheach is cinnte nách féidir libh malairt breithe a thabhairt ach gur deineadh dún-mharú toiliúil: gurb' é an príosúnach so a dhein é, is go gcuirfar dlí na tíre seo i bhfeidhm gan eagla gan spleádhchas. “Seadh, a dhaoine, …” Agus nuair a bhí an deire ráite aige chífá lucht na cúirte ag bánú toisc iad a bheith ag cuímhneamh ar árdán adhmaid maidin fuachta is téadán teann sall is anall, sall anall, ar nós crochadán an chluig. Uth! Agus, a dhuine an chroidhe istig, an dtuairim- eófá cé bhí i nbun na cúise don bpríosúnach? Cé bhí ach me héinig héin, is munar dheineas óráid — bhuel, do dheineas cainnt, is níorbh aon chainnt gan eólas é, a dhuine, mar bhí fhios agam roinnt rudaí nár thuigeas an lá úd a dheineas ceist a chur sa tslí abhaile dhúinn. Bhí an Súilleabhánach ins an gcúirt chó fon- namhar le riamh chun pé ní a dh'fhéadfadh sé a dhéanamh chun an dlí a chur i bhfeidhm — chun an príosúnach bocht a chrocha. Agus, a dhuine chóir a dheinean é seo 'léigheamh, ná tógtar orm é má ba mhilis blasta sástúil liom mo fiche dícheal a chur ag obair chun an cladhaire a chlaoidh. É héin a chosaint — ba chuma san. Ach le lár-chorp dian-dánuíochta an príosúnach bocht a mhealla chun na h-áite sin is gach ní a shocrú chun ná béadh amhras beag ná mór air héinig, is bréag is fiche bréag a dh'ínsint is faisnéis a thairiscint go fonnamhar gan iarraidh. B'in scéal eile. “… Agus ba mhaith liom a thuiscint más fíor a ndeir siad conus a míneófar go bhfuair an príosúnach so an focal go raibh na seóda so le díol an oidhche seo; gur ghluais an piléar isteach sa tslí a dhein má bhí an Cuinneach ins an áit go ndeirtear é a bheith; nách A 6437 a bhí mar uimhir ar chlúdach an ghunnáin sin, ach A 6734. “Deineadh mealla míllteach ar gach éinne ag carráiste is dánuíocht dialta an tSúil- leabhánaigh seo, ach deimhnód-sa go lán-iomlán nách éinne …” Níor dheineas críochnú ar an abairt. Bhí an tóir ag teacht ró-dhian, dar ndó; bhí an fhírine agam, is chonac an duine uasal so ó Shráid an Mhargaidh ag fágaint is ag gluaiseacht leis go socair ciúin fé dhéin an doiris. Bhí mo choridhe im béal le h-eagla. Bhí sé ag an ndoras is siúd … Ach — níorbh 'iúd amach é. Níor thuigeas. Rud éigint bun-ós-cionn, is dóch. Seadh, seo thar n-ais é, is é bán is sceón ann. 'On ndoras eile anois go bog is réidh. Thugas féachaint ar an mBarrach. Dhein sé súil a chaocha orm mar fhreagra. Seadh, thuigeas — gur thuig an Barrach. An doras eile anois. Chas an bailcín, casa, casa eile, is tarac! Bhí na dóirse fé ghlas! Tuigim thu, a Bharraigh. D'iompuigh Mac Uí Shúilleabháin ag an ndoras — d'iompuigh orainn, is fíoch an leóin 'na radharc. Bhí a lámh 'na phóca. Pléasc! pléasc! i dtreó an Bharraigh. Pléasc nímhneach eile im threó-sa héinig. Aon phléasc amháin breise is bhí anam an t-é a scaoil ar luas teintríghe fé theóra fhairsing na síorruíochta. SEÓIRSE MAC CLÚIN. MAISÍNÍ CAINTE & PLÁTAÍ. GACH AON DEUNTÚS. Gheobha Lucht Léighte “An Sguab” Locáiste Speisialta. Fuigh an Pláta nuadh (Gaedhilge) — “RAITHEANACH A BHEAN BHIG.” GEARÓID CROFTS dubhairt an t-amhrán so. TOMÁS MAC MATHGHAMHNA, AN SGAIRBH, CO. AN CHLÁIR. Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n Chumann Gaedhealach is Fearr AN CUMANN IBÉRNEACH INSIÚRÁLA TEÓ. I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS COITCHINNE. Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH. NA POLASAITHE IS IOMLÁINE LE FAGHÁIL.
DÁN-FHOCAIL. Is fiú coróinn an leabhar so le Tomás F. Ó Rathaille. Is fiú an méid sin é do aén-Ghaédhilgeóir a thuigeann léightheóireacht na Gaédhluinne. Is fiú a dhá oiread é d'aén-Ghaédhilgeóir a thuigeann filídheacht na Gaédhluinne. Is fiú a thrí oiread é d'aén-Ghaédhilgeóir a chuireann roimis eólus do chur air Mheádhan-Ghaédhluinn, mar is in san Meádhan-Ghaédhluinn a ceapadh furmhór na ndán- fhocal atá curtha i gcló sa leabhar so. Tá suas le trí céad rann filídheachta in san leabhar — ceithre líne i ngach rann díobh — agus míniú' air a lán de sna rannaibh i mBéarla. Tá gluais, in a míníghtear na focail is deacra, agus tá tagairt do sna láimh-scríbhinnibh in a bhfuarathas na dánta agus tagairt do sna daoiníbh a cheap cuid acu — mar nách fios cé cheap a bhfurmhór. Ní dánta móra, fada, iad so. Níl ach an-t aén rann amháin in a bhfurmhór, ach uair um á seach do bhuailfheadh dá rann umat, do bainfheadh le n-a chéile. Tá ceithre ranna ag gabháil le chéile in aon áit amháin, agus ocht rann in áit eile. Sin a bhfuil. Ach má táid na ranna chómh deighilte, aonarach san, féin, ná beir leat, a Ghaédhilgeóir, ná go gcuirfir suím ionta, mar tá gach cineál rann — is é sin, na ranna go léir a bhainean leis an scéal céadna — bailighthe i dteannta a chéile ag Mac Uí Rathaille, mar atá, cuir i gcás, “Féile agus Spriúnlaitheacht,” “Bochtaineacht agus Saidhbhreas,” “Caint agus Tost” (= ciúnus), “Na Mná, agus an Grádh,” “An Óige agus an Chríonacht,” agus mar sin. Ach is feárr a thuigfhir é seo le sampla nó dhó de gach sórd a thabhairt in so, agus ní h-iad an chuid is feárr do thoghfhad. Seo mar atá an tríomhadh rann a bhainean leis an bhféile: “Caith, agus do gheóbhair ó Dhia, Caith go fial, agus gheóbhair níos mó; An té (sic) ler leór beagán ó Dhia, Is leór le Dia beagán dó.” (Ní mholaim an eagarthóireacht a scríobhann “an té” .i. an deóch shóghail sin d'ólaimíd, in inead an-t é.) Agus rann a 18: “A fhir atá in ifreann riamh, An bhfeaca tú pian bu mhó Ná fear d'iaraidh neich ar neach Leis nách maith a thabhairt dó?” Tuigtear in so, gur san Dán Díreach a scríobhadh na ranna go léir. Aén-rann a bhain leis an scéal céadna, ach do scríobhadh de réir riaghalacha an amhráin, níor ghlac Mac Uí Rathaille leis. Sin é an fáth gur thug sé “DÁN-Fhocail” mar ainm air an gcnósacht. Seo rainnt rann a bhaineas leis an mBochtaineacht: “Is milis glór gacha fir Agá mbia cuid agus spré; Ní mar sin don duine lom, Is bun-os-cionn labhras sé.” “Duine saidhbhir ag déanamh grínn Deirid uile gur bínn a ghlór; Acht is seirbhe ná an searbhán goirt An duine bocht ag déanamh ceóil.” Ach b'fhéidir nách iad so na ranna a theastuígheann uaibh, a léightheóirí. Is deallraimhtheach go bhfuil galar coitchianta an cine daénna oraibh-se leis, agus go gcuirean sibh suím mór i gcúrsaíbh grádha. Gach aén rann riamh atá sa leabhar so, ag cur síos air an ngrádh, is ag tromuídheacht ar mhnáibh atá sé, agus sin rud ná taithneann liom-sa, agus ní dóigh go dtaithnean sé le h-aén-mhnaoí eile ach chómh beag — go h-áirimhthe le h-aén- mhnaoí a bheadh dílis dá cineál féin. Ach seothuíghidh díbh na ranna — an céad ceann, ag tabhairt cómhairle d'fhearaibh bheith aireach ag toghadh mná: “Ná tóg bean ar a scéimh, Go bhfionnair cad é a locht; Tar éis iad do bheith dearg, Is searbh blas na gcaor gcon.” Seo fear a bhí ar nós na seana-mhná — “Marbh le té, a's marbh gan é”: “Is mairg atá mar atáim 'S is mairg do bheir grádh leamh; Is mairg do bhíos gan mnaoí, 'S is dá mairg agá mbí bean.” Agus seo duine bocht d'fhág an smacht i láimh a mhná, de réir gacha deállraimh: “Dar an spéir, ón dar an spéir Isé adhbhar mo gháire féin, An bhean ag bualadh a fir Tríd an gcoir do rinne féin!” Is leór liom an méid sin díbh. Má theastuíghean a thuille den drabhuigheal san uaibh, ceannuíghidh féin an leabhar. Ach ceist agam oraibh! Mura mbeidhmís-na ann, cad dó go dtabhrfhadh na fir grádh? Is faeseamh liom iompáil air scéal éigin eile. Ach féach! Tugaim fé ndeara go bhfuil a oiread san breacuighthe agam leis an ndríodar cainte sin, ná fuil aén-tshlíghe agam dá thuille. Ach in a diadh san, caithfhead an rann so a thabhairt díbh: “Éist leis, ón éist leis Ag gleic fán dtír nách leis; An tír bu leis, do leig uaidh, 'S an tír nár leig uaidh, níor leis!” Níl an leabhar so, “Dán-fhocail,” gan lochtaí. Is mór an locht é bheith curtha amach in sa chló Romhánach. Ní fhéadan fíor Ghaédhilgeóir an blas ceart d'fhághail air aén-Ghaédhluinn ná bíon sa chló Gaédhlach. Agus is iongnadh liom fear chómh cliste le Tomás F. Ó Rathaille ná déanfhadh eagarthacht nídh is feárr air mion-phuíntíbh. Cuir i gcás, scríbhean sé “is” in áit “a's,” agus “madh” in áit “mbu,” agus “ba” in áit “bu,” agus an “N” a ghabhann leis an bhfocal a thagan roimis, scaoilean sé leis an bhfocal a thagan in a dhiaidh é, má is guth tosach an fhocail sin, mar “i n-aghaidh,” agus mar an gcéadna leis an “t” a bhainean leis an alt, agus a lán mion-rudaí de'nt- shórd san. “AN BHEAN-FHILE.” “Dán-fhocail.” Tomás F. Ó Rathaille, M.A., do chnuasaigh. Cómhlucht an Talbóidigh, do chraobhscaoil, air 5/-. LEITIR. D'Fear Eagair “An Sghuab.” Tá cuid de'n cheart ag “An Dubhghailleach” agus cuid nach ceart. Rinne sé casaoid mar gheall ar fhocla iasachta a thabhairt isteach san nGaedhilg. 'Ar ndóigh, ní'l teanga ar dhruim an domhain nach nglacann le foclaibh as teangthachaibh eile agus ní'l aon dul uaidh aca. Má thagann rud nuadh isteach i nÉirinn, rud nach raibh ar eolas ag sean-Ghaedhil, m.sh., “Banana,” “sago,” “semolina,” “macaroni,” &c., ní féidir focla
nuadha Gaedhilge a chur ortha agus caithfear glacadh leis na hainmneachaibh a thug muinntir na dtíortha arb' as iad ortha. Acht tig linn cuma Ghaedhealach a chur ar na foclaibh. Sin mar rinneadh le “tae” (Sínis, “té”), “caife” (Turcais, “gahveh”), “fata” nó “práta” (“patata” i dteangaidh na nIndiach Thiar). Agus tá focla ealadhanta ann agus ba dheacair focla so-thuigthe Gaedhilge a chur ortha, m.sh., “Palæozoic,” “Palæolithic,” “Palæotharium,” “Amidoacetparaphenetidine,” &c. Ní focla Béarla iad sin acht focla idir-náisiúnta. Le trácht ar na rudaibh sin i nGaedhilg caithfear tarraing as tobar na Laidne agus na Gréigise mar rinne Sasanaigh, Franncaigh, Gearmánaigh, &rl., agus ní cúis náire dhúinn é. Ní bhéadh na focla sin i n-úsáid acht ag lucht eolais. Acht tá focla ealadhanta eile ann agus iad i mbéal “an fhir sa tsráid,” m.sh., “telegram,” “telephone,” “microscope,” &rl., agus sílim gur cóir agus gur féidir Gaedhilg a chur ortha sin, m.sh., “cian- sgéal” nó “sreang-sgéal,” “guthán,” “miondracán,” &rl. Agus cé an gábhadh dhúinn “praghas,” “proifit,” “mótar,” nuair atá “luach,” “brabach,” “gluaisteán,” againn? Má theipeann orainn ainm Gaedhilge a chur ar rud coitcheann, is iomdha focal atá sa bhFrainncis, san Eadáilis, nó sa Spáinnis d'fheilfeadh dhúinn chomh maith le focal Béarla, m.sh., “góma” (Spáinnis) ar “gum.” Ag tagairt do rud eile, ní'l amhras nach bhfuil go leor litreach i bhfoclaibh Gaedhilge nach bhfuil ag teastáil. Tá an sgéal céadna sa mBéarla, m.sh., “debt,” “lamb,” “calf,” “knife,” &rl. Deir an Sasanach: “Gouta that,” acht is é rud a sgríobhas sé, “Go out of that.” Bíonn a lán litreach ar lár sa bhFrainncis. Fágtar amach sa gcainnt — “t” as “gant,” “f” as “clef,” “l” as “fils,” “ct” as “respect,” “p” as “compte,” &rl. Ag rádh an fhocail “fille” dhó, is “fí-dhe” adeir fear Phárais agus “fílle” adeir fear Lyons. Gior- ruighthear “petit” go “pti,” “de la” go “dla,” agus mar sin de. Acht, ag sgríobhadh do'n Fhranncach, litrigheann sé gach focal i n-a iomlán acht amháin ins na páipéaraibh grinn, agus bíonn an Fhrainncis ionnta sin do-thuigthe ag coigcríochaibh. Tá difridheacht mhór idir canamhaint an deiscirt agus canamhaint an tuaiscirt acht litrigheann gach Franncach de réir an chothruim (standard) gan litir a chur le focal ná litir a bhaint de. Ní mian leis praiseach a dhéanamh d'á theangaidh. Acht, dála na Gaedhilge, tá na sgríobhnóirí beagnach go léir ag coimhlinnt le n-a chéile féachaint cé aca is mó a bhainfeas litreacha as an nGaedhilg bhoicht. Má leantar do'n tsodar sin is gearr go raibh an teanga i n-a praisigh. De réir mo bharamhla-sa, ní ceart aon litir a bhaint as focal má tá an litir sin d'á canadh i mbéal Gaedhilgeóirí fós. Mar shampla dhe, bítear ag sgríobhadh “deire,” “pósa,” “dúna,” &rl., i leabaidh “deireadh (tuiseal geineamhnach — deiridh),” “pósadh,” “dúnadh,” &rl., a bhí sa teangaidh leis na ciantaibh. Acht ní fheileann an t-athrughadh do na míltibh Gaedhil- geoir i gCúige Uladh agus i gCúige Chonnacht (acht amháin i gConnamara agus i nÁrainn). “Ú” an foghar atá aca-san ar “adh” san ainm briathardha, acht ní sgríobhann siad “ú” ar fhaitchíos nach bhfóghnóchadh sé do lucht labhartha canamhna eile. Truagh nach ndéantar comhar leo agus an sean-iorball d'fhágáil mar bhí sé. (“Ruball” adeirim féin acht “iorball” a sgríobhaim.) Nuair is aimsear chaithte éigcinnte do na foclaibh “pósadh,” “dúnadh,” &rl., tá a mhalairt d'fhoghar ar an iorball i ngach canamhaint beagnach — “dúnaí,” “dúnamh,” “dúnach,” agus “dúnag.” Nach fearr an sean-iorball d'fhágáil ann agus cuireadh gach duine a rogha foghair air? Sin mar ghníthear i ngach teangaidh eile, acht, má leantar do'n fhuadar atá fá go leor de sgríobhnóirí na Nua-Ghaedhilge, ní hí Gaedhilg na hÉireann a bhéas againn i ndeireadh na dála acht Gaedhilg an pharáiste seo agus Gaedhilg an pharáiste sin. Cad chuige nach sgríobhann siad siúd “det,” “caf,” “lam,” “nife,” &rl., i mBéarla? Agus bítear ag sgríobhadh “capal” i leabaidh “capall” agus “molan” i leabaidh “molann.” Deirtear gur ab ionann “l” agus “ll”; agus “n” agus “nn”; acht tá difridheacht mhór eatortha i gcanamhnaibh Chonnacht agus Uladh. Le “l” agus “n” leathan a rádh cuirtear bárr na teangadh ar an iomaire ar chúl na bhfiacal, acht, le “ll” agus “nn” leathan a rádh, leathtar an teanga go bog ar na fiaclaibh uachtaracha taobh istigh. Ní'l mórán difridheachta idir “l” agus “n” leathan agus caol acht amháin go bhfuil beagán beag níos mó de'n teangaidh ag teang- mháil leis an iomaire nuair atá siad caol. Ag rádh “ll” agus “nn” caol, leathtar timcheall is leath- ordlach d'uachtar na teangadh ar an iomaire. Dá sgríobhtaoi “ll” agus “nn” san áit a mbadh ceart dóibh bheith, cé an chaoi a gcuirfeadh sé as do'n lucht nach gcloiseann an difridheacht úd agus d'fhóghnóchadh sé do na míltibh duine a chloiseas an difridheacht? Má tá athrughadh le cur ar an litriughadh, déanadh coiste ughdarásach é agus bíodh teachtaí ar an gcoiste sin ó lucht labhartha gach canamhna. GAEDHEAL. [Fear iseadh “Gaedheal” a dhein cion fir ar son na Gaedhilge ó cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun. — F.E.] GRANIA TOOTH PASTE. DEUNTUS NA h-ÉIREANN AR FAD. NÍ BHEIDH AON PHRÁINN LE FIACLA FALLSA. GIBSOL AGUS A CHUIDEACHTA — LUCHT DEUNTA AN ÍCE ATÁ DÁ CHUR ÓS ÁR gCOMHAIR. Tá Gibsol an Íce i mbeul gach aoinne in Éirinn. Is eadh, má seadh bíodh “Gráine” sna fiacla aca — Coimeádfaidh sé gan lobhadh iad. GRÁINE ainm an artha so. Tabharfaidh GRÁINE fiacla glana, geala dhuit. Ní'l áon ghalúnach ann; beidh do sheile go folláin nádúrtha leis agus blas taithniomhach id' bheul aige. Ní baoghal do phlaosc na bhfiacal ná do fhéitheacha an bhéil. Ar a nglaineacht athá seasamh na bhfiacal. Is féidir “GRÁINE” d'fhagháil ó lucht díolta íce i ngach áit nó ó lucht a deunta — Gibsol & a Chuid., Lána án Chláir, i mBaile Átha Cliath.
COMÓRTAS NA NODLAG. Is oth linn ná fuighmíst mórán spáis do thabhairt dosna hiarrachtaí tháinig isteach chughainn agus gan slighe a bheith againn níos mó desna sgeulta grinn úd do chur fé chló. Támuíd ag bronnadh duais 5/- ar gach duine den chúigear seo leanas:— 1. EIBHLÍS NÍ CHOLMÁIN, Sgoil na gCailíní, Áth-a'-Chárthaigh, Tiobraid Árann. Tháinig cailín óg dathamhail isteach i siopa an éadaigh. Buachaill an-ghlic ar fad a bhí i bhfeighil an tsiopa. “Tá feidhre láimhinní a' teastáil uaim, má 'sé do thoil,” ars' an cailín. D'oscail an buachaill bosca mór agus chuir sé ar a' gcunntar é. “Anois,” ar seisean, “bíodh do rogha agat, agus ní chuirfidh mé ach luach an-bheag ortha.” Thóg sí feidhre breágh déanta de leathar dhaor agus d'fhiafruigh sí dhe an mór a bhí aige uirthi. “Aon phóg amháin,” arsa mo bhuachaill. “Go raibh míle maith agat,” ars' an cailín, agus í ag iompáil ar a sáil, “díolfaidh mo shean-mháthair asta i mbárach.” 2. SEOSAMH Ó BRAONÁIN, Bóthar an Chláir, Inis. Le linn an Éirighe Amach i mBlá' Cliath i mbliadhain 1916 bhí buachaill ag filleadh abhaile tar éis a chuid gaduidheachta dhéanamh aige. Bhí bróga fé'n a ascal agus bróga ar a ghuailnibh agus bróga ceangailte d'á chabhail aige, mar b'shin í an tráth a bhí an damáiste agus an lot maoine agus an gaduidheacht ar siubhal. Bhuel, chonnaic sagart áirighthe an buachaill agus an t-ualach a bhí aige. Bhí dúil ag an sagart seo a “ghiota beag féin” a dhéanamh chun stop do chur leis an léir-sgrios a bhí ar siubhal. Bhí sé ar aigne aige, an buachaill do chur thar n-ais go dtí an siopa ó n-a ghoid sé na bróga. D'imthigh sé chuige agus d'fhiafruigh sé dhe cá bhfuair sé na bróga. “I siopa Tyler, a athair,” ars' an buachaill. “Ach bíodh deabhadh ort nó beidh siad go léir imthighthe.” Thuit an lug ar an lag ar an sagart bocht, agus d'fhéad an buachaill éalú gan trioblóid leis na brógaibh. 3. NÓRA NÍ DHÁIBHÍS, Clochar Naoimh Doiminic, i nGaillimh. 4. CAITLÍN NÍ DHUIBHIR, Mount Anville, Dúndroma, Co. Áth Cliath. 5. SEÁN FÁSBENDER, 7 Slí Ghulistáin, Rath-Ó-Máine. B'éigean dúinn “Foghair na Gaedhilge” (Ceacht a V)., alt ó “Cloch Labhrais,” liosta na leabhar nuadh, agus liosta na siopaithe, &rl., ina labhartar an Ghaedhealg, dh'fhágaint amach as an uimhir seo toisg uireasbaidh slighe. Beidh siad againn sa chéad uimhir eile, le congnamh Dé. — F. E. SEÁINÍN NÓ EACHTRA MIC MÍ-RIALTA “AN SEABHAC” DO SCRÍOBH Úna De hÍde a dhein na pictiúirí Díreach tar éis teacht amach, 4/- glan EACHTRADH EIBHLÍS I dTÍR NA nIONGANTAS PÁDRAIG Ó CADHLA do chuir Gaedhealg AR AN SGEUL SO. C. Ní Bheirsceoil agus Úna de hÍde a dhein na pictiúirí, 4/6 glan 'Sé bunús an leabhair seo ach “Alice in Wonderland” CLÓDÓIREACHT GHAEDHILGE Tá fhios ag cách cad é an cháil atá againn i dtaobh Béarla a chlóbhuaileadh. Is féidir linn a chomh-mhaith a dhéanamh leis an nGaedhilg. An fear a chuireann an Ghaedhilg le chéile, duine de lucht an “Fháinne” is eadh é. MAUNSEL & ROBERTS, TEO., Sráid Bhagóid, Íoch., 50, Baile Átha Cliath
BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA. ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE ÁTHA CLIATH. Deineann an Bannc gach aon t-sórt Gnótha bhaineas le Banncaereacht. Bun-airgead Geallta, £406,000. Bun-airgead Díolta, £203,000. Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1922, £1,900,000. BUNUIGHTHE 1920. BRAINNSÍ:— 68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh, Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis, Maghchromtha. THE NATIONAL LAND BANK ltd Luach Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason & a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Mansuel & Roberts Teo., Áth Cliath, & foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services