Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uimhir 5 Feabhra 1923

Title
Uimhir 5 Feabhra 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
Muintir an Sguab

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SGUAB



Uimhir 5 FEABHRA 1923 3p. sa mh



RÉIM NA hUIMHREACH SO Leath.



NÍ FHANANN MUIR LE FEAR UALAIGH 83



IOLSCOIL NA MUMHAN — II PÁDRAIG Ó CADHLA 85



BEÁRNA CHATHAIR AEIDH “COS OBANN” 86



TÍR-GHRÁDH IS GAEDHILG MÍCHEÁL MAC CRAITH, C.Í. 89



EACHTRAÍ NA SAIGHDIÚIRÍ I mBAILE COINNLEÓRA P. Ó MAOILCHIARÁIN 90



CIONNTACH? — II SEÓIRSE MAC CLÚIN 92



LÉIRMHEAS “AN BHEAN-FHILE” 97



LEITIR “GAEDHEAL” 97



COMÓRTAS NA NODLAG 99



CUMANN URRADHAIS MUINTIR NA h-ÉIREANN
(THE IRISH PEOPLE'S ASSURANCE SOCIETY)



CUMANN DO GACH AOINNE ISEADH É. NÍL AON NIDH AS DÁTA ANN.
FÍOR-ÉIREANNAIGH ATÁ I mBUN NA h-OIBRE SEO.



Gach fios agus faisnéis le fagháilt ón Rúnaidhe



S. M. Ó DEORÁIN
ÁRD-OIFIG — CEARNÓG PHARNEILL A 16, ÁTH CLIATH.



Guthán 4804



SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH
TTA.,
45 SRÁID DASÚN, ÁTH CLIATH.



An t-aon tsiopa amháin i nÉirinn go
bhfuil le fáil ann gach leabhar go gcuireann
Gaedhil suim ann — i nGaedhilg nó i mBearla.



An t-aon tsiopa amháin i nÁth-Cliath gur
éigin do gach duine ann eolas bheith aige
ar theangain na nGaedheal.



THE MONUMENT CREAMERY



AN T-IM UACHTARLAINN IS FEÁRR



Deunta d'uachtar glan, úr, pasturáltha: Milis, blasta,
is úr i gcomhnuidhe.



Tagann uibhe toghta muinighneacha isteach chughainn
gach aon lá.



SRÁID PHÁRNEILL, 75, & PORT CAOIMHGHIN
ÍOCH., 25, BAILE ÁTHA CLIATH.



TOGHA AGUS ROGHA
de Leabhraibh Gaedhilge



Sin atá le fagháil ó



MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
87 SRÁID UACH. NA
DRISEÓIGE.



Ag a bhfuil an chnuashacht is
fearr i mBaile Átha Cliath dá
leithéid.



Tógtar fé ndeara nách gádh
Beurla do labhairt 'sa tSiopa so


L. 82


AN SAORSTÁT



AN GÁRDA SÍOTHCHÁNA



TÁTHAR AG TOGHADH DHÁ MHÍLE (2,000)
FEAR I gCOMHAIR AN GHÁRDA SÍOTHCHÁNA



Coingheallcha



AOS 19–27



ÁIRDE 5' 9”



TOIRT UCHTA 36”



SLÁINTE MHAITH



ADHBHAR SGRÚDUIGHTHE —



(1) LEITIR SHIMPLÍ A SCRÍOBHADH.



(2) DEACHTÚ, ROINNT BHEAG A SCRÍOBHADH.



(3) ÁIREAMH, CEISTEANNA SIMPLÍ DO RÉIDHTEACH.



TÁ CÚIG CÉAD (500)
ÁITEANNA
CURTHA AR LEITH
DO GHAEDHILGEOIRÍ AMHÁIN



NÍ GLACFAR LE h-AOINNE SA GHÁRDA SÍOTHCHÁNA ACH DUINE
D'OIBRUIGH AR SON NA h-ÉIREANN LE LINN AN CHOGAIDH IN
AGHAIDH NA SASANNACH.



Téigheadh iarrathóirí go dtí an t-oifig is goire dhóibh de'n Ghárda Síothchána
nó sgríobhaidís díreach go dtí



EOIN Ó DUBHTHAIGH, TAOISEACH,
Coimisinéir, an Gárda Síothchána,
Caisleán Átha Cliath.



Na Dearmhaidh Lucht na bhFógraí sa “Sguab”


L. 83


NÍ FHANANN MUIR LE FEAR UALAIGH.



Ní páipeur poilitidheachta “An Sguab,” ach
caithfimíd glacadh le rudaí mar atáid, agus
ba leamh an sgeul uainn-ne é dá seachaineó-
maist na ceisteanna is tábhachtaighe toisg
saghas baint a bheith aca le poilitidheacht. Ní
ceart d'aoinne gan feuchaint isteach idir an
dá shúil ar an saoghal go dána, neamhspleádhach.
Níl aon fhonn orainn tagairt dos na ceist-
eanna achrannacha atá ag deighilt muintir na
hÉireann ó n-a chéile fé láthair. Ní báidheamhail
lucht éin-tíre i gcomhnuidhe. Ach tá rudaí ann
agus is cuma cad é an saghas Rialtais bheadh
againn (chó fada a's gurb' é ár Rialtas féin
é), do bheidíst le socrú, agus ní bheadh gach
duine ar aon aigne mar gheall ortha. 'Sé
tuairim daoine áirithe, cuir i gcás, gur cheart
dúinn leanamhaint de'n phúnt: b'fhearr le
daoine eile go dtairingeómaís an dollar
chughainn nó an franc nó airgead neamh-
choitchianta ar fad a bheith againn. An ceart
cáin speisiálta do chur ar na “bookies” agus
fuascailt do thabhairt do lucht díolta cáin
ioncuim? an gcuirfidhe “Casino” ar bun i
gCilláirne nó in áit éigint nó ná cuirfidhe?
conus is fearr a gheobhadh an Rialtas obair do
chur ar siubhal insna ceanntracha 'na bhfuil an
Ghaedhealg go tiugh fós chun na Gaedhilgeóirí
do choimeád sa nGaedhealtacht, agus mar sin
de. Gheobhfamuis cuimhneamh ar fiche rud eile,
chó tábhachtach leo-san, 'na gcuirfidhe an-shuim
gan dabht.



Bheadh an chuid is mó díobh in am go leor,
béidir, ach tá aon cheist amháin, agus samhluigh-
eann sé dhúinn gur cheart í phlé gan mhoill.
Do thagair “Tadhg Gaedhealach” dí cheana, nó
do chuid dí — Gaedhealg an Rialtais. Is beag
ar fad a thuigeann i gceart an méid maitheasa
nó olcais a bheadh deunta ag an Rialtas sa
rud so dréir an slighe a thugtar fé an cheud
uair. Simplidheacht an rud is mó atá uainn
sa sgeul, agus nílimíd á fhagháilt. Ní mar a
chéile an Ghaedhealg úsáidtear go hoifigiúil
agus an Ghaedhealg a sgríobhfadh an tAthair
Ó Laoghaire, cuir i gcás, dá mbeadh sé ann
agus dá mbeadh sé mar “aistrightheoir oifigiúil”
ag an Rialtas. Ach ní hé sin ach é seo: an
sean-cheist achranach — an leitriú Rómhánach. 'Sé
ár dtuairim gur bh'fhearr leis an gcuid is mó
de Ghaedhilgeoirí an leitriú Gaedhealach: an
urmhór díobh amach a's amach. Ach do tharraing
an Rialtas an rud eile chucha. Ní thagaireó-
maist do-san anois, béidir, muireach an tslighe
do socruigheadh an rud gan an cheist do phlé
in ao' chor. Nach mór an chumhacht atá ag dream
beag, i ndeire na sgríbe. Ó thárla do chúpla
duine de lucht an leitrighthe Rómhánaigh a
thuitim isteach 'na gcléirigh, &rl., fé'n Rialtas,
'sé an leitriú Rómhánach atá againn anois go
hoifigiúil. Maidir linn féin dá gceapfaimíst
gurb ar mhaithe leis an nGaedhilg é do chaith-
fimíst uainn an leitriú áluinn, Gaedhealach,
amárach: ach ní mar sin atá, ach a mhalairt.
Agus níl na daoine móra go léir ar aon
aigne sa cheist seo ach an oiread, dréir
deallramh, mar go ndeineann muintir an
Phuist agus Aireacht Árachais Náisiunta ar
Shláinte úsáid den leitriú Gaedhealach; agus
tá fógra againn sa “Sguab” ó mhuintir
Roinnt na Talmhuíochta do sgríobhadh 'nár
leitriú féin. D'airighmear cúpla lá ó shoin
gur sa leitriú Rómhánach sgrúdófaidhe na
páistí sna sgoileanna Idirmheadhonacha i
mbliadna. Má's fíor é is mó múinteoir
agus is mó páiste a mbrisfear ar a misneach
le linn an cheud sgrúduighthe eile. Tá a fhios
ag gach aoinne cad atá le rádh ag lucht an
leitriú Rómhánaigh 'na thaobh agus ag an ngnáth-
dhuine 'na choinne. Ní dheurfaimíd a thuille
anois, ach is léir go bhfuil daoine áirithe ag
fagháilt a slighe féin sa rud tábhachtach so,
agus dréir deallramh beidh a dtoil féin aca
mura mbíonn lucht na Gaedhilge rud beag
níos críochnamhla ná mar atáid fé láthair.



Maidir le comharthaí so-fheicsithe, 'sí Aireacht
an Phuist an Aireacht is mó atá ag iarraidh
dul ó nósanna an Rialtais Gallda a bhí orainn
go dtí le déidheannaighe. Táid tréis dath
uaithne do chur ar bhoscaí na leitreacha, &rl.
(bíotar ag magadh fútha-san uaireannta), agus
anois tá stampaí nuadh againn: dála an
sgéil, tá siad-san go maiseamhail; is annamh
a eirigheann le Stát nuadh stampaí chó deigh-
dheunta do chur amach an cheud iarracht, agus
ní hé an leitriú Rómhánach atá ortha, buaidhcheas
le Dia. Tugadh teasbánas maith don nGaedhilg
ar na fuirmeacha Telegraf leis. Ach ní féidir
linn an leabhar nuadh Telefóna do mholadh.


L. 84


Tá dath nuadh air sin leis, agus “Leabhar
Seolta Telefóna” sgríobhtha leathismuigh air,
ach leathistigh tá sé go haingeas. Níl ann ach
an sean-leabhar Gallda a bhí againn i gcomh-
nuidhe gan focal aistrighthe. Ní headh, mo
dhearmhad, tá “Dúnlaoghaire” agus “Cóbh”
ann!



Is dócha go mbeidh éide fé leith ag fearaibh
an Phuist go luath. Gan dabht, tá rudaí le
feiscint in Éirinn anois a chuirfeadh i dtuiscint
do dhuine gur náisiún neamhspleádhach sinn.
Aon duine a dhein taisteal riamh i dtíortha
thar lear tá's aige gurb é an cheud rud a thug
sé fé ndeara nuair a shrois sé an tír nuadh
ach éide na saighdiúirí, gendarmes, &rl.,
annsan na custuim (táid sin againn anois),
agus is gairid 'na dhiaidh san go raibh airgead
fé leith ag teastáil uaidh. Stampaí fé leith,
brat fé leith, airm fé leith, agus mar sin de.
Ach níl sa méid sin, mar sin féin, ach an
croiceann mara mbíonn spioraid fé leith,
agus nósanna fé leith, ages na daoine, agus
an rud is mó díobh go léir teanga fé leith.
Tá an teasbánas againn, gan amhras, ach an
bhfuil croidhe an ruda againn? Tá in slighe,
sin é ár dtuairim, ach ba sheacht deimhnighthe ár
gcaint dá mbeadh an Ghaedhealg níos láidre ná
mar atá.



Tá an Ghaedhealg ag meath agus ag dul i
luighead, is eagal linn. Tá daoine ann agus
toisg ná fuil an teanga aca deineann siad
beagán dí. Le tamall maith anois ní bhfuighdís
focal a rádh 'na coinne ar eagla go ndéar-
fuidhe gurbh ar thaobh Shean-Shasana a bheidís. Ach
táid ag glacadh misnigh cheana. Is gairid go
n-aireomuid an sean-chaint arís: “Níl an
Ghaedhealg agam, ach deagh-Éireannach iseadh me
— chó maith leis an bhfear a bhfuil sí aige,”
agus mar sin de. Beidh siad ag labhairt níos
osgailte gach aon lá anois. Agus ba chuma
Poblacht nó Saor-Stát sa méid sin. Is
fuirist a bheith ag cáineadh an rud nach maith
leat.



Cloisimíd go bhfuil obair Bhíobla an Athar
Peadar ag dul chun cinn go maith. Is maith
an sgeul é, agus má dubhramar an iomarca
an mhí seo caithte iarraimíd maitheamhnachas
anois. Tá an cheud chuid desna sgeulta d'ath-
innis sé ón mBíobla le fagháilt anois ó
mhuintir Brún agus Ó Nóláin. Tá siad go
háluinn, ach dob' fhearr linn iad dá ndeunfadh
sé sgeul ann féin do gach ceann aca. Sa
tslighe atá siad aige ní bhfuighfidhe aon cheann
aca do thuisgint gan an ceann roimhe do
léigheamh ar dtúis: saghas sreath sgeulaidheachta
iseadh iad. Agus ós rud é go bhfuilimíd ag
tagairt do litridheacht naomhtha caithfimíd a
rádh annso gur cheart do gach Gaedhilgeoir
“Timthire an Chroidhe Naomhtha” do cheannach.
Is acfainn do gach aoinne deich bpingne sa
mbliadhan do chaitheamh, agus chífear ón bhfógra
atá aca san uimhir seo cá ndíoltar é, &rl.



Tréis na nótaí seo a bheith sgríobhtha againn
iseadh fuaireamar “Irisleabhar Lorcáin
Naomhtha” ós na hOblátaigh i dTeach Lorcáin.
Muireach san do bheadh níos mó le rádh againn
á mholadh. Níl slighe againn anois. Deirtear
nach den abhar an cheud shnáth, ach beidh sé dian
ortha-san an dara iarracht do dheunamh níos
fearr ná an cheud cheann.



Cúpla mí ó shoin do thagairighmear do cheist
na Gaedhilge sa Ghárda Síothchána. Ba bhreagh
linn tabhairt fé ndear go bhfuair cuid acu an
Fáinne le déidheannaighe; agus nach breágh an
rud é, leis, fógra mór d'fheiscint os ár
gcomhair amach (agus an leitriú Gaedhealach
air!) ag innsint dúinn go bhfuiltear chun 2,000
duine eile do thógaint isteach sa nGárda
Síothchána, agus go bhfuil 500 áiteanna díobh
i n-áirighthe do Ghaedhilgeoirí.



Tá Coiste Árus an Fháinne ag tabhairt fén
obair sin go croidheamhail. Ba cheart do gach
Gaedhilgeoir péaca a mbíonn an Fáinne aige
nó ná bíonn cuidiú leis an obair. Tá airgead
ag teastáil, agus nuair a bheidh an t-airgead
bailighthe agus an tigh i gcóir níor mhór dóibh
gan faillighe do dheunamh ar an áit. Tá na
Gaodhail rud beag eudmhar ionnta féin
uaireannta. Is breágh an rud gan dabht go
mbéidís i gcomórtas le n-a chéile chun cúis
na Gaedhilge do chur chun cinn, ach gheobhfaidhe
cur le chéile gan cur ar a chéile ba dhóigh leat.



MUINNTIR PLÉIMEANN, GUALADÓIRÍ



I dteach lámh dhearg,
9 Sráid Fheardorcha Thuaidh,
Baile Átha Cliath.



Ceannuighidh bhúr gcuid guail ó Ghaedhealaibh.



Tá an gual is fearr le fághail uainn.



Buail isteach nó sgríobh go dtí an seoladh seo thuas.



Guthán 2723.


L. 85


IOLSCOIL NA MUMHAN
I RINN Ó gCUANACH.



II.



OIDEACHAS FÍOR-GHAEDHEALACH TRÉ
GHAEDHILG.



Bhí mé ag Árd-Fheis na bliadna san agus bhí
an cheist dá pléidhe gur cheart scoil fhíor-
Ghaedhealach a chur ar bun insan áit ba Ghaedh-
ealaighe de ghach cúige. Bhí gach aoinneach sásta
go mba cheart agus ós rud é go raibh tigh
oireamhnach le haghaidh scoile againne 'sa Rinn
shocruigheadh ar an sceul a thástáil ann agus
mise d'fhágaint in a bhun.



Is eadh, ach cadé an sórt scoil a bheadh ann
— bun scoil, nó meadhon scoil, nó árd scoil?
Bhí a fhios ag gach aoinne an cuma in a rabhadh
ag marbhadh na Gaedhilge san áit — an Eaglais
dá marbhadh, scoileanna dá marbhadh, gach oifig
riaghaltais agus gach bórd puiblidhe dá marbhadh.
Bhí a fhios againn dá dtabharfaimís roinnt
oideachais fíor-Ghaedhealach do bhuachaillí agus
do chailíní óga na háite agus go bhfuighdís
slighe mhaireachtana dá bharr go mbreugnóimís
seanmóintí an tsagairt paróiste agus go
bhfuighmís a theasbáint go raibh maith 'sa
nGaedhilg, go raibh meas uirre, agus go raibh
slighe mhaireachtana le fagháil aiste. Mar
adubhairt me cheana bhí meas ag muintir na
háite ar an nGaedhilg, agus bhí mór is fiú aca
aiste, ach chonnacadar ná raibh dada i mbun
aon deallramh le fagháil gan an tabhairt suas
sa mBeurla a bheith ar dhuine.



Níor cheadtha dhúinn aon rud i bhfuirm scoile
a chur ar bun insan pharóiste gan cead ón
sagart paróiste. Sin riaghal nó reacht nár
bhreacadh riamh ar phár, acht mar sin féin tá sé
ann. Bain triail as maran gcreideann tú
mé. Bhí a fhios againn ná tabharfadh sagart
paróiste na Rinne cead ná céileabhar dúinne
aon saghas scoil a chur ar bun dá raghaimís
dá iarraidh air. Tá a rian air, níor chuamair.
Fuaramar cead an easbuig má is eadh, agus a
chongnamh leis. Thug sé a chead dúinn ar aon
choinghil amháin .i. Scoil Mheadhonach a ghairm dí,
agus ná beadh cead ag aon leanbh fé bhun dhá
bhliadhain deug d'aois ó pharóiste na Rinne dul
ar scoil chughainn. Sin é an méid a gheobhadh
an t-easbog a dheunamh dhúinn go dleaghthach,
agus bhíomair buidheach beannachtach de ar son
an méid sin.



Ní raibh Art Ó Gríobhthaigh (go ndéine Dia
grásta agus trócaire ar a anam anois) ná an
gasra beag calma de mhuintir Sinn Féin a bhí
ag gabháil leis le linn na haimsire sin sásta
a chuigint ná ar aon chor leis an socrughadh so,
agus do fhógraigheadar cath agus cruaidh chomh-
raic orainn go léir. Dubhradar gurb' é rud
a bhí ag teastáil sa Rinn acht Bun-Scoil —
scoil a raghadh in iomaidh go láidir daingean
dáirírí leis an scoil a bhí 'sa pharóiste fé
chúram an tsagairt paróiste agus a bhí ag obair
chomh dian chomh dícheallach sin chum deireadh a
chur leis an Ghaedhilg i measc páistí óga na
háite. Dubhradar ná fuighdís aon chongnamh a
thabhairt d'aon scoil acht do scoil dá leithéid
sin. Is beag de dhaoine a bhí aibidh an uair
sin chum aon chongnamh láidir neartmhar a
thabhairt dúinn. Is ait liom cuimhneamh anois
ar chuid des na daoine bhí ann le linn na
haimsire sin. Cuid aca a raobfadh na spéartha
ag baint macalla amach ag caint ar son na
Gaedhilge agus iad ag tabhairt an tógaint
gallda dá gclainn féin — agus cuid aca so
agus an Ghaedhealg go nádúrtha dúchasach aca
agus nár labhair focal di amach as a mbeul
riamh le n-a gclann féin. Chuirfidís adhar ort
ag éisteacht leo.



Ba lag agus ba ró-lag an croidhe a chuir
an Coiste Gnótha féin sa sceul; d'fhágadar
an sceul go léir fúinn féin le dheunamh. Níor
dheineadar iarracht ar pháiste ná gárlach a chur
chugainn, agus níor chuireadar fógra ná dado
i bpáipeur ná in aon áit chum a theasbáint ga
raibh a leithéid de scoil aca fé n-a gcúram
féin. Choimeád “An Claidheamh Soluis” an
brat anuas orainn i gcomhnuidhe. Is minic
a thugamar iarracht ar a theasbáint go rabhamar
ann, acht sin a raibh de mhaith dhúinn ann. Ní
raibh ón gCoiste Gnótha agus ón g“Claidheamh
Soluis” acht ár sciatháin a choimeád miottha
agus na cosa a bhaint uainn i gcomhnuidhe. Bhí
leath-sceul éigin ag an g “Claidheamh Soluis,”
mar go raibh scoil cosamhail le n-ár scoil-ne
ar siubhal ag an bhFear Eagair féin i mBaile
Átha Cliath, agus níor thógamar air a bheith ag
tochrais as a cheirtlín féin. Ní raibh ráithe ná
leathbhliadhain a imthigh ná raibh an Coiste Gnótha
ag baint miotóige thall a's abhus as an síntiús
beag airgid a bhíodar ag tabhairt dúinn chum
an scoil a chothughadh. Ní raibh an rath ná an
seun linn go rabhamair in iúil ar dheunamh gan
iad. Nuair d'éirigh le scoil an tsamhraidh chomh
maith sin bhíomair ábalta ar an méid airgid
d'fhanadh againn a chur chum scoil na bliadna a
chothughadh. Ar feadh naoi nó deich dhe bhliadhanta
níor ghlac aoinne de na hollamhain aon leath-
phingne tuarastail ar son a chuid oibre, acht é


L. 86


go léir a fhágaint annsin chum scoil na bliadna
a chothughadh agus na fiacha a leagaint.



Táim ag rith tríd mo sceul. Is eadh,
d'oscaileamair scoil na bliadna i mí na
Féil' Michil 1906 fé na coinghileacha roimh-
ráidhte. Tháinig mór-sheisear de mhuintir na
háite chugainn, agus is fiú iad a áireamh
annso — Seumas Ó Ceallaigh, ó Dhroichead na
gCorrán, an buachaill bocht ba cheolmhara agus
b'árd-intinneamhla a chasadh orm lem' linn.
Chuaidh sé sa Chogadh Mór, agus nuair a bhí a
thrí bliadna caithte aige ann d'éirigh sé as, acht
níor mhair sé le teacht abhaile. Fuair sé bás
i mBaile Átha Cliath. Nioclás Tóibín a chuaidh
le céird na múinteorachta, agus a bhíonn ag
múineadh gach samhraidh 'sa Choláiste againn —
ceoltóir binn agus scríobhnóir cliste. Seán
Ó Cuirrín agus a dheirbhshiúr, Eilís, ó Bhaile na
nGall. Tá na leabhartha Gaedhilge ag teacht
go tiugh ó láimh Sheáin anois — Uimhirigheacht,
Beirt Dhéiseach, leabhar ceoil, &rl. D'fhan sé
ag scoil na Rinne gur dhein sé an Maitric
agus go bhfuair sé Scoláireacht ag Iolscoil
Chorcaighe. Thug sé an ceol agus an chaint
agus an scríobhadh agus an léigheann leis ón
Dochtúir De Henebre, agus táim-se meallta
nó deunfaidh sé gníomh mór ar son na Gaedhilge
fós. Seumas Traoin ó Bhóthar na Sop, Nóra
Ní Ghríobhthaigh ón tSean-Chill, agus Seumas
Múinbhial ón Sean-Phobal. Chuaidh an sagart
paróiste chúcha so go léir agus chros sé orra
féin agus ar a muintir iad a dhul go dtí an
scoil chugainn-ne, acht sin a raibh de mhaith dhó
ann. Bhí an misneach aca san. Chaitheas-sa
féin an fód a sheasamh gach aon Domhnach ag
éisteacht le sagart an pharóiste ag tagairt do
na “Súpars” a bhí tar éis cur fútha 'sa
pharóiste. Chaitheas é sin a sheasamh gur chuir
an t-easbog stop leis. Bhí mé im' chomhnuidhe
'sa pharóiste, agus dar ndóigh chaith mé a bheith
im' pharóisteánach leo agus gach aon dualgas
ar son mo chreidimh a chomhlíonadh. Nuair a
tháinig an Nodlaig leagas m'ofráil ar an
mbórd chomh maith le chách, acht do cuireadh thar
an ais chugam arís é i gcionn cúpla lá. Nuair
a theastuigheann ó shagart luidhe air dhuine agus
droch-mheas a chaitheamh air ós comhair an phobail
is mó slighe a gheobhaidh sé chum an rud a
tharraing tré n-a fhiacla ón altóir. B'shin é
a's mo dhála-sa; chonnaic gach aoinne mé féin
agus mo ghasra fé bhata an tsagairt. Gheobhadh
sé a rádh, dar ndóigh, nach dúinn-ne bhí sé ag
tagairt, acht má oir an caipín dúinn go
bhfuighmís é chaitheamh. Buidheachas mór le Dia
gur bhronn Sé creideamh cuibheasach láidir
dúinn; is minic a bhí sé ar chomaraighe an
tsidhe gaoithe. Ní fhuil aon rud is mó a
laguigheann creideamh duine ná aon tagairt
mar seo ó altóir Dé dhó agus fios in a chroidhe
istig ag an duine sin an eugcóir a bheith ann.



PÁDRAIG Ó CADHLA.



BEÁRNA CHATHAIR AEIDH.



I.



Mo náire sibh, a éigse an iúil, ná scaoilfeadh
scéal
Cáil a's clú mo dhúithche-se, 's gurb é a díre é;
Má's damh-sa is dual a cúitiughadh, giodh baoth
an file mé,
Ní fhágfad-sa i gcúthaile mo Bheárna Chathair
Aeidh.



II.



Is truagh gur fúm-sa fágadh, a's mo pheann go
meirbh maol,
Gan luas gan buaidh dháimh ionnam, gan clis-
teacht im' mhéir;
Acht má theipeann ar mo dhán bhocht do cháil do
chur i gcéin,
Ní loitfidh sin mo ghrádh dhuit, a Bheárna Chathair
Aeidh.



III.



Tá dealbh seannda im' aigne ná scriosfar de
lem' ré,
Go greannta snoighte daithte fighte leis mar
chléith;
Nuair dhearcaim féin go h-atuirseach i scáthán
mo shaoghail,
Chím do dhreach i n-aice liom, a Bheárna Chathair
Aeidh.



IV.



Cloisim glór an tsrotháin bheo i gcúm an
tsléibh'
A's chím léim an easa chródha 'n-a cúbhar glan
ghlé;
Tógbháil croidhe 'gus intinne na ceolta chanaid
éin
Ag fógairt ort a n-aoibhnis, a Bheárna Chathair
Aeidh.


L. 87


V.



Ní fhásann plum ná ubhall ann, ní abaigheann
an sméar,
Ní gnáth glas-dhuilleabhar ann acht ros cuíll
a's fraoch;
Is fánach blátha cúmhra ann, is seirgthe an
féar —
Acht grádh lem' chroidhe go dúthrachtach mo
Bheárna Chathair Aeidh.



VI.



Níl “ith a's bliocht” gan deireannaighe ná mil
ag rith 'n-a slaod;
Tá bochtaineacht go feicsionach — acht doicheall
riamh níor léir;
Ní stractar mála an bhacaigh acht roinntear
leis an déirc —
Óch — beannacht Dé led mharbhaibh, a Bheárna
Chathair Aeidh!



VII.



Ní cuirtear ar an spideoig tóir as a clúdach
craobh,
Badh mhasla leis an macraidh óig méaróg do
chaitheamh léi;
Machtnuighid ar an bhfuil ró-dhil do dhearg
brágha an éin,
A's beannuighid do'n bhruinndeirg sin i
mBeárna Chathair Aeidh.



VIII.



An lánamha lachan imirceach a chuartaigheas gach
caol —
I lár an earraigh fillid siad go h-uaigneas na
réidhe;
Dá mbeadh im' chumas aithris do dhéanamh ar na
h-éin,
Do chasfainn acht ní scarfainn leat, a Bheárna
Chathair Aeidh!



IX.



Chá bhfuil an chathair chluthmhar chruínn a bhí ann
led' ré,
'S ar mhisde a fhiafruighe dhíot cá bhfuilir féin,
a Aeidh?
Is cinnte nach it' aonar duit i n-árus aoibhinn
Dé —
Tá cuideachta na nGaedheal agat ó Bheárna
Chathair Aeidh.



X.



Is ann do-gheibhtí cuideachta ná teipfeadh ortha
scéal;
Ní teanga Bhéarla chleachtaidís acht teanga
mhilis Ghaedheal;
Dá gcasainn-se ar m'áitreabh, mo chreach! is
mór is baoghal
Gur teanga Sheáin do-gheobhainn fé mheas i
mBeárna Chathair Aeidh!



XI.



Níor mhalartaigh an áit a croth, níor shéan an
bhó a géim,
Tá'n teanga chéadna ag an sroth a's bhí i
n-aimsir Aeidh;
Níl atharrach ar aon rud acht amháin an duine
féin —
Do ghabh — mo léan! le galldachas i mBeárna
Chathair Aeidh!



XII.



Cá bhfuil Dál gCais na n-arm faoíbhir nár
fiaradh i ngleic?
'S i bhfrioth-ghoin chatha beárnan baoíghil nár bh'
annamh Brian 'n-a réir,
Tá mianach maith ann fós d'á síol, 's a Dhia,
nach olc an scéal
Ná cuirid iarsma broide dhíobh i mBeárna
Chathair Aeidh!



XIII.



Tá anamna ag siubhal na mbán — d'á lán-toil
féin —
Ag braith go spalpfadh ortha an lá 'mbeadh
Clár-Luirc saor;
Níl cnoc ná tulach, claídhe ná fál d'á dtugas
grádh mo chléibh
Nach ionann agus sínnsear liom i mBeárna
Chathair Aeidh.



COS OBANN.



TIGH-ÓSDA “CLARENS,” ag Cé Ueillington
i mBaile Átha Cliath.



Tá gach aon chompórd ann agus é so-lámhach do gach áit
is fiú le rádh 'sa Chathair.



70 Suainliosa.



Solus Eleictric.



An biadh — bog, soghmhail, so-bhlasta
agus an freasdal ar fheabhus.



An díol-fiach réasúnta.



BÍONN TARRAING MHÓR DAOINE AR AN
“RESTAURANT” atá ag gabháil leis.



An Guthán 1217. Telegram: “Clarence Hotel, Dublin”



TIGH-ÓSDA AN ROYAL EXCHANGE
Sráid na Feise, i mBaile Átha Cliath.



Tá sé seo ar cheann des na Tighthe-ósda is compórd-
amhla 'sa Chathair.



Tá gach aon chóir ann agus an díolfiach réasúnta.



Guthán 2678. Telegram: “Comfort, Dublin.”


L. 88


ROINN NA TALMHUÍOCHTA
AGUS AN CHEÁRD-
OIDEACHAIS



Is mian leis an Roinn go dtuig-
feadh an Pobal cad teagasgtar sna
sgoileanna seo:—



I. — COLÁISTE EOLUÍOCHTA NA
hÉIREANN, ÁTH CLIATH.



Do bheirthear cúrsa iomlán teagaisg
do dháltaí na Coláiste i dTalmhuíocht
agus a Co-ádhbhair, Ceimíocht, Fisi-
ceacht, Innleóracht agus Eoluíocht
Nádúrtha. Bronntar suim áirid
Scoláracht freisin gach bliain.



Gheobhfar gach eolas ach sgríobh' in a
choinne chun



An Cláraidhe,
Coláiste na hEoluíochta,
Sr. Uach. Mhuirbhtheann,
Áth Cliath.



II. — SGOIL NA nEALADHAN,
ÁTH CLIATH.



Atá deis thar barr sa Sgoil seo
le eolas a chur ar na hÁird-Ealadhna
agus ar Ealadhna Ornáideacha agus
Chearda. Foirbhtear Teagasgthóirí
Ealadhan innti.



Gheobhfar gach faisnéis ach sgríobh' chun



An Cláraidhe,
Sgoil na nEaladhan,
Sr. Chill Dara,
Áth Cliath.



III. — SGOIL TÍOGHBHUIS TIGHE,
TEACH LORGAÍN, ÁTH CLIATH.



Sgoil-chomhnuidhthe í seo a mbíonn
teagasg tíoghbhuis tighe ar siubhal
innti, agus go bhfoirbhtear daoine
innti arbh mhian leo a bheith in a
dTeagasgthóirí san ealadhain sin.



Níor mhór gach sgríbhinn faoi a chur chun



An Rúnaidhe,
Roinn na Talmhuíochta agus an Cheárd-
Oideachais,
Sr. Uach. Mhuirbhtheann,
Áth Cliath.



BA CHÓIR A'S BA CHEART
DO GACH FÍOR-GHAEDHEAL
A CHUID URRADHAIS A DHEUNAMH
LEIS



AN GAEDHEAL-COMHLUCHT
TAIGHDE UM URRADHAS
NÁISIÚNTA, TEORANTA



(The Irish National Assurance
Company, Limited)



Is féidir do dhuine gach aon tsaghas
Urradhais a dheunamh leis an gComh-
lucht so:—



AR FEADH SAOGHAIL



AR FEADH TAMAILL



I gCOINNE TIONÓISCE



I gCOINNE DÓIGHTEÁIN



AR GLUAISTEÁIN



MAOIN — £120,000 AGUS TÁ
AN CISTE AG DUL I MEUD
Ó LÁ GO LÁ.



RUD EILE: IS GAEDHIL SINNE.



Árd Oifig:—



30 FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.


L. 89


TÍR-GHRÁDH IS GAEDHILG.



Ní dócha go gcuirfidh aoinne agaibh-se im
choinne nuair adéarad libh gur cuid den
tsubháilce dá ngoirthear an tír-ghrádh — agus
cuid an-mhórthábhachtach di, leis, dúinne, sé sin,
do mhuintir Éireann na linne láthairighe seo, an
Ghaedhilg do chosaint, do chothú, do aithbheochaint,
do chur chum cinn gan sos, gan staonadh, go
mbeidh sí fé lán-réim arís ag óg is aosta, ag
uasal is íseal, ag saidhbhir is daidhbhir ar fuaid
na tíre.



Acht, cad is Tír-ghrádh ann? “Pietas erga
patriam” thugaid Laidneóirí air. Agus an
phietas so, 'd é r'd í féin? De réir mínithe
an aois fheallsa is diachta, sé rud í ná an
meon aigne úd is cóir agus is dual do dheagh-
mhac dá athair nó dá mháthair. Nuair 'sí an
tír dhúthchais an chuspóir ar a ndírightear a
leithéid seo de mheon aigne — omós is urraim
is grádh is meas, agus iad fuinte, fite, fuaite
le n-a chéile, omós, urraim, grádh deagh-mhic dá
athair agus é dírithe ar a thír-dhúthchais sidé an
ní dá ngoirthear an tír-ghrádh.



Toisc gurab é Dia na glóire is chéad-Athair,
athair bunúsach dúinn uile, ó n-A dtáinig a
chomhacht athar do gach athair thalmhaí, dá chionn
san, níl aon mhearthal ar aon fheallsamh ná
aon diadhaire, gur fiú é feallsamh nó diadhaire
do thabhairt air, nach é Dia is chéad-chuspóir na
subháilce seo, dá ngoirthear pietas. Acht ní
túisce chromaid ar chur-síos do dhéanamh ar
chéad chuspóir eile na subháilce céadna, ná
téighid gan stad in easaontas: cuid aca a
d'iarraidh a dhéanamh amach gurab í an tír
dhúthchais tarna cuspóir na pietatis nó na
h-omósachta so, agus a thuille aca ag cur 'na
choinne seo, is ag rádh gur chóir an tarna h-áit
do thabhairt do na tuismhightheóirí.



Ar an dream mhór-léighinn do thug an tarna
h-áit don tír athardha atá Plátó, Gréagach,
Ciceró, Rómhánach, is San Ambrós, Árd-Athair
Eaglais an Iarthair. Ní bheadh sé d'uain againn
den turas so na h-áitimh go léir as ar bhain-
eadar feidhm do tharraingt anuas annso. Ar
a shon san féin, b'fhéidir nár mhiste dhúinn
briathar nó dó ó Chiceró d'aithléigheamh. “Ní
dhúinn féin amháin do cuireadh ar an saoghal
sinn,” ar sé, “óir éiligheann an tír dhúthchais
orainn roint dínn, roint d'ár n-acfuinne.” 1
In áit eile san tráchtas chéadna labhrann sé ar
an gcuma so: “Ar mbeith dhuit,” ar sé, “tar
éis an uile ní d'iniúchadh go glinn, géar, agus
d'aithbhreithniú led inntinn, ar na caidrimh uile
a thig le daoine shnadhma le chéile ar an dtalamh
so, níl aon cheann riamh, dá dhílse, orra is mó
brigh is tábhacht leat ná dlúth-chaidreamh cáich le
n-a thír dhúthchais féin. Is dílis dúinn, ar ndó,
ar dtuismhightheóirí, ár gclann, ár ndaoine
muinteardha, ár gcáirde — acht,” ar sé, “tá sé
de bhuaidh ag an tír dhúthchais go n-aontuigheann
sí is go mbailigheann sí chúichi na dílseachta so
uile.” 2 Uime sin atá dílseacht tar a gceann
uile ag dul don tír dhúthchais; i dtreo, ar sé,
ná raibh aon deaghdhuine riamh i ngalar na gcás
i gcúrsaí a anam d'imirt ar son a thíre.



San tríomhadh leabhar den tráchtas chéadna,
cuireann Ciceró an deacracht so air féin:
Seadh, ar sé, teagann caint ar an tír go bog,
breágh chughat! Acht, cuir i gcás go mbeadh
an t-athair a d'iarraidh anfhlaith do dhéanamh de
féin ar an athardha, nó é bheith ar tí í do
chealgadh i lámha a námhad. Cad bheadh cean-
gailte ar dheagh-mhac ag a mbeadh fios aigne a
athar 'na leithéid sin de chás? Bheith 'na thost
is scaoile leis an athair? Deirimse leatsa
nach eadh, ar Ciceró. Bheadh air impidhe ar an
athair gan an fheillbheart do dhéanamh. Acht
mara n-eireochadh leis? Cromadh sé ar é do
mhaslú is do thaircisniú, bagaradh sé scéith air,
agus mara ndéanfadh san an t-athair do chosc,
bheadh sé dlúth-cheangailte ar an mac i ndeire
na dála an t-athair do thabhairt suas d'fhonn
an tír d'anacal.



Mar adubhras romham cé ná fuil mórán
údar ann a chuirfeadh an tír athardha roimh na
tuismhightheóirí fé mar a dhéanann Plátó is
Ciceró, mar sin féin aontuigheann leó Ambrós
Naomhtha atá ar an triúr is mó le rádh de
Mhór-Aithreacha Eaglais an Iarthair. “Roint
den tsubháilce dá ngoirthear an Ceart, is
eadh,” ar sé, “an omósacht, agus sé Dia a
céad chuspóir, an tír dúthchais an tarna cus-
póir, na tuismhightheóirí an tríomhadh ceann, agus
gach aoinne eile as san amach.”



Sa tríomhadh leabhar de leabhra na Ríogh,
aithristear dúinn scéal gur fiú dhúinn a
thabhairt chum cuimhne ar a leithéid seo d'ócáid
agus an teagasc ceart do bhaint as. Scéal
Nábuit is Achaib is mian liom a rádh. Íoch-
tarán bocht do b'eadh Nábot ar a raibh Achab
'na righ agus Iésebel chuirptheach 'na bain-
ríoghain. Thárla fíonghort ag Nábot láimh le
pálás an ríogh gur ghabh mian millteach an rí
an fíonghort bheith 'na sheilbh aige féin. Níorbh



1 “De Officiis,” L. 1, c. 7. 2 Ibid., c. 17.


L. 90


é a fhaillighe gan é d'iarraidh ar Nábot. Acht,
má iarr, sé rud fuair sé ná an t-eiteach glan.
“Nár leigidh an Tighearna dhom,” ar Nábot,
“oighreacht mo shinnsear do thabhairt duit-se.”
Chas Achab ar a thigh go dubhach, feargach, de
chionn an eitigh; agus, slán beo mar a n-innis-
tear é! chuir sé suas stailc gan stad, stailc
bhídh! Acht ba ghearr an mhoill ar an ainsciain
mhná do bhí pósta aige, ar Iésebel, teacht
chuige, agus fáth a stailce d'fhagháil amach uaidh.
“Eirigh as san, a amadáin chríochnuithe,” arsa
sí leis, “agus caith do chuid. Beidh an fíon-
ghort san id sheilbh agat gan righeanas.” B'é
deire an scéil, mar le Nábot de, gur daoradh
chum báis go h-éagcórach é, gur ropadh leas-
muigh den chathair é, mar ar “clocadh é gur
éag sé.”



Ag tagairt don scéal do Shan Ambrós:
“Ba bheanaithe é Nábot,” ar sé, “nuair bhíothas
ag cur na gcloch abhaile air. Mar cé gur
duine bocht do bhí ann, maidir le maoin
shaolta, bhí sé go saidhbhir 'na aigne de cheann a
omósachta: i dtreo nárbh áil leis a fhíonghort
athardha do thabhairt ar ór an ríogh, acht chosain
sé le fuil a chroidhe é, toisc gur OIGHREACHT
BHEANAITHE é THÁINIG CHUIGE ANUAS Ó
N-A SHINNSIR.



Seadh, a cháirde, casaidh féin teagasc an
scéil seo ar ár gcomh-oighreacht-ne uile. Is
mó i bhfad ná fíonghort í — agus is mairg an
ghlún Ghaedheal a scaoilfeadh uatha ar ór na
cruinne í.



MICHEÁL MAC CRAITH, C.Í.



TIMTHIRE CHROIDHE NAOMHTHA ÍOSA.



Tá Uimhir na Nodlag tar éis teacht amach.



'Sé an tIrisín beag cráibheach amháin é atá le fáil
i nGaedhilg ar luach bheag.



Mar a chítear ó'n teidiol shuas, Iris an Chroidhe
Naomhtha í. Tá sceulta, altanna, agus eile ann chun
sprid na Cráibheachta agus an Chreidimh do dhaingniú
agus do leathnú tríd an nGaedhilg.



Tá athrú clúdaigh agus athrú iomlán beagnach deunta
ar an “Timthire.”



Tá léightheoracht simplí in-spéise innti a bheadh
oiriunach do lucht scoile agus do mhaca léighinn.



A luach: 2ph. an ceann, tríd an bpost, 2½ph.; ar
feadh bliana, 10bp. tríd an bpost. Luach dosaen,
1/8½; dhá dhosaen, 3/4; trí dosaen, 5/-, tríd an bpost.



Scríobh chuig:



LUCHT “AN TIMTHIRE,”
5 SRÁID MHÓR DHANMHAIRG,
I mBLA CLIATH.



EACHTRAÍ NA SAIGHDIÚIRÍ I mBAILE
COINNLEÓRA.



Ná síltear anois go bhfuilim ar tí tagairt
ar mhór-chath idir saighdiúirí na hÉireann agus
arm Shasana. Nílim, imbasa, mar dá mbéinn
ní bheadh lom-chlár na fírinne á hinnsint agam.
Ní cath uathbhásach do bhí ann ná tada dá shórt.
Ní dóichide an rud é ná gur eachtraí na cor-
aidheachta nó na gaoithe móire ba chirte a
thabhairt air, mar ba “gaoth” a bhí ar siubhal ó
thús deireadh ag na saighdiúiribh gallda, cé go
raibh fonn ortha agus mian fútha a mhalairt a
dheunamh.



Ins an gcath so a tugadh do bhuaidh aondacht,
dúthracht, agus toil na nGaedheal ar láimh
láidir agus alltus an namhad. Do bhuaidh an
ceart ar an neart gan braon fola a dhórtadh;
ná fiú, gan na Gaedhil a mbrístí a chur ortha.
Agus i leabaidh bogán a dheunamh de'n chreagán
agus creagán de'n bhogán mar is clos dúinn
a deintí ag na laochraibh bhíodh ag troid le n-a
chéile in allód, séard do rinneadh ná pléidhcí
glana críochnuighthe des na saighdiúiribh.



B'fhéidir nár mhisde dhom gearr-mhíniú a
thabhairt ar an bhfáth gur thug an t-arm an
t-ionnsuighidh mór millteach so fúinn an oidhche
spéir-ghealaigh seo — an 21adh de Mhí na Beal-
taine. Ní abróchad an iomarca nú b'fhéidir
go mbéinn a' cur isteach ar neithibh nach mbain-
eann leis an aiste fhoghantach so. Bhí stailc
ar siubhal mar gheall ar gur gabhadh agus gur
daoradh buachaill óg (Mac Uí Chonchubhair) nach
raibh umhal do'n oifigeach gallda, ná ar a
chomhairle aige. Chruthuigh an buachaill seo ó'n
bhfreagra a thug sé ar an oifigeach, go raibh 'an
mianach ceart 'na chorp agus an sár-fhuil 'na
chuisleannaibh, agus bhí meas dá réir ag a chomh-
bhráithribh air ó'n am sain amach. 'Sí an bhreith
a tugadh air ná é a chur ar arán is uisce ar
feadh seacht lá na seachtmhaine. B'in é ba mhó
ba chionntsiocair leis an stailc. Briseadh
agus réabadh dóirse na mbothán agus ghabh na
Gaedhil dubhshlán na nGall i ngach aon tslighe.
Anois nó ariamh bhí an ruaille buaille ann.
Cheap Ceann-Urraidh an Airm Ghallda na Gaedhil
a mhealladh ar dtús, ach níor éirigh leis.
Annsan mothuigheadh na briathra bagarthacha,
agus bhíodar a' meudú in aghaidh an lae nó fé
dheireadh thiar thall gur cheapadar (na saighdiúirí
gallda) na Gaedhil a shárú agus a gcur fé chois.


L. 91


Seo dhíbh anois an fogha agus an t-ionnsuighidh
a tugadh fúinn díreach mar shamhluigh sé domhsa.



Timpil a haon-déag san oidhche agus sinne
'n-ár gcodladh tar éis an Phaidrín a rádh,
chualamar gleó, fothram, agus gáirighil uath-
bhásach. De réir mar bhí a' druidim linn
thabharfá an leabhar go raibh dúnmharbhadh á
dheunamh. Bhí 'fhios againn go maith go mb'iad
na saighdiúirí a bhí ann. Iar a dteacht gairid
dúinn bhí 'fhios againn nach raibh aon mharbhadh á
dheunamh, mar ní raibh cneadaighil á éagcaoin
le clos. I ngiorracht cúpla bothán dúinn bhí
an gháirighil agus na horduighthe “deiseal” is
“tuathal” le clos go soiléir; ach sin a raibh.
Ní raibh smuid ó n-ár ndaoine bochta féin.
Seard do cheapamar annsan ná go mb'fhéidir
go raibh siad á dtabhairt amach le n-a gcur fé
ghlas. Chuir cuid des na daoine in mo bhothán-
sa a mbrístí ortha i riocht is go mbéidís réidh
lán-ullamh le n-imtheacht ar ghaoith an fhocail.
Dubhras féin agus daoine eile go gcuirfimís
ar an gcrann deire é, ach nuair is cruaidh do'n
chailligh caithfidh sí rith, agus b'in é díreach an
fhearacht againne é. Bhí i ndán dúinn anois.
Saighdiúirí ag an doras agus iad a' tabhairt
amach na sean-doirse mbriste agus á gcaitheamh
le fuinneamh ar an talamh taobh amuigh de'n
doras. Gach mionna mór á thabhairt aca agus
gach bagairt a' baint báirr dá chéile le trom-
aidheacht is diabhalaidheacht á dheunamh aca.
Agus sinne istigh fé'n éadach leapthan chomh
ciúin caoitheamhail leis na huanaibh. Siúd
chugainn isteach iad mar leomhain buile agus
an ceann-urraidh é féin 'na gceart-lár istigh.
Sgréach uathbhásach ghéar agus cársán innti.
Saighdiúir do leig í agus é ag fógairt dúinne
seasamh ag na leapthachaibh. Sar a raibh na
focla as a bhéal bhí na pluideanna á stracailt
anuas aige de'n chéad duine. Níor bheag san.
Amach liom go humhal, mar thárla go mba
mise an duine mío-adhmhail sin, agus shamhluigh
sé dhom nach mbogfadh tada a déarfainn croidhe
an duine a leig an sgréach mhillteach a chuaidh
go hae ionnam; ná nach mbainfeadh sé an dúr
as a chlár éadain ná an fhéachaint mhalluighthe
as a shúilibh. Bhí anois suas le sé saighdiúir
déag tagtha isteach, ach oifigeacha a mbunáite.
Bhí an ministear gallda agus an dochtúir airm
'n-a measg. Bhí leaba Thaidhg De Barra
comhgarach dom, agus 'sé an chéad rud do
chonnaic mé tar éis éirghe dhom ná oifigeach ag
tarraingt a mhaide agus a' bualadh Thaidhg sa
mása leis. Amach le Tadhg. Bhí an ceann
urraidh lár báire agus timpal air bhí na fó-
oifigigh. Bhí a cheann fé aige, a ghnúis bán-
bhuidhe, agus a shúile sluigthe isteach 'n-a cheann.
Ní hé boladh na gaoithe do bhí ag teacht ó n-a
anál ach an oiread. Súil-fhéachaint dá dtug
oifigeach timpil an bhotháin, thug sé fé ndeara
nach raibh an fhuinneog os cionn leabthan Sheáin
De Brún fosgailte, agus dá dhonacht í an
chéad sgréach ba sheacht measa sgréach an
oifigigh seo ag fógairt ar Sheán an fhuinneog a
fhoscailt. Rinne Seán amhlaidh go breagh
éascaidh agus é chomh portamhail nea-spleadhach
le Spáinneach. Tá Seán a' foghluim na
Spáinise, agus níl amhras ar bith nach bhfuil
deagh-thréithe daoine macánta na tíre sin a'
dul go smior ann. Cé's moite d'aon fhear
mór amháin ní raibh ins na saighdiúiribh ach
feithidí beaga. Seargaint b'eadh an fear mór
so, ach ar bhealach ní maith a tháinig an saigh-
diúireacht dó. Bhí sé ciotach, tuatach, agus an
t-é ba dhaille bheadh 'fhios aige go raibh an
leadaidheacht 'na chnámhaibh agus an fhealltacht
'n-a chroidhe. Agus ar ndóigh, níorbh' iongna
é, mar chualathas gur chaith sé téarma 'á shaoghal
ins na bleachtairibh i mBaile Átha Cliath. Bhí
an fear so a' ropadh 's a' réabadh roimhe 's
'n-a dhiaidh. Bhí sé corthónach, corógach, agus
spáganna cos mío-chumtha fé. Cóta air nach
raibh a' clúdach a chabhail agus muinchillí gearra
air. Caol a dhroma sluigthe isteach 'n-a chléibh.
Bhí borradh a ghorgachta is a bhagarthachta a'
meudú nó gur chaill sé a chomhthromacht. Thug
sé fogha fé Dhochtúir Ó Conchubhair, agus nuair
a thug cuireadh cosg leis, agus bhí sé ciúin
socair as san amach. B'éigean do gach duine
againn seasamh ag ceann ár leapthan nó gur
cóimhreadh sinn. Nuair a bhí sin déanta bhog-
adar uainn díreach mar thánadar — a' béiceadh
is a' glaodhach.



Bhí an áit 'n-a chiseach 'n-a ndiaidh, na
héadaighe leapthan tré n-a chéile agus iad
caithte anonn is anall. Dá mbeadh fonn
gáire ar dhuine agus dá mba rud é go mba
chúis gáire é, chaithfeá sgairt a dhéanamh a chuir-
feadh arraing ar dhuine. D'ionnsuigh timpil
dhá chéad saighdiúir na Gaedhil an oidhche seo
i mBaile Coinnleóra, campa a dó, agus iad
feistighthe i nua gacha acair mharbhtha.



Lá ar n-a bhárach an Domhnach, agus bhí a
innsint féin ag gach duine fé ionnsuighidh na
hoidhche roimhe sin. Ach beag a b'fhiú a thuit
amach seachas gabháil Fhionáin Uí Loinsigh.
Gabhadh eisean agus bhí sé fé ghlas ag an
namhaid. Bhí meas thar bárr air, agus is maith
a thuill sé an meas sin, mar ba dheacair sárú


L. 92


ar a chródhacht ná ar a fhearamhlacht. Ní ghéill-
fidís do'n masla. Oiread na fríghde ní
dheunfaidís ar órdú ná ar chomhairle na saigh-
diúirí nó go sgaoilfí le Fionán agus le
Mac Uí Chonchubhair. Is maith mar a thárla.
Chaith na saighdiúirí géilleadh agus b'éigean
do'n cheann urraidh gallda leithscéal a ghabháil
i ndeireadh na scríbe. Ar maidin Dé Luain
nó taca an mheadhon-lae tugadh cead a gcos
d'Fhionán agus do'n bhuachaill eile. B'éigean
dos na saighdiúirí doirse nua a chur ar na
bothánaibh. Bhí an lámh-uachtar ag na Gaedhil
ar shaighdiúiribh Shasana as san amach i gCampa
a Dó i mBaile Coinnleóra.



P. Ó MAOILCHIARÁIN.



Beag nod don
eolaidhe.




ag lorg
an Muilleat
ar an
gclú-
dach



Ní bhíonn aon Sgoil ná Coláiste ná
Clochar chomh maith maidir le Sláinte
leis an gceann a bhíonn á coimeád
folláin le.



BACILIKIL
(Ba-soil-i-cal foghair an fhocail seo)



AN COSAINT SLÁINTE IS FEARR



'Sé an slighe is fearr chun galair do
sheachaint ach é d'úsáid i gcomhnuidhe.
Tá sé á dhíol ag Ceannuidhthe agus ag
Ceimistí ar fúd na tíre



Deuntar ag “Irish Disinfectants, Ltd.” é, Usher's
Place, i mBaile Átha Cliath. Díoltar é chonnradh le
Dáil Éireann agus le Bóthar Iarainn an Deiscirt, agus
deuntar LYSOL (Gaedhealach) san áit cheudna leis.



N. K. M
Irish Cream Toffee



Tabhair rud don pháiste agus
tiocfaidh sé amárach. Maidir
le N.K.M. tabhair rud don
pháiste agus don t-sean-duine
agus tiocfaidh siad araon gach
aon lá. Mílseán blasta agus
fíor-ghlan iseadh an tofaí so.



¼-lb., 7½d.; nó
bosgaí stáin ar
1/- a's 1/5.



Á deunamh ag
North Kerry
Manufacturing
Company,
Ráth ó Máine, Áth
Cliath.



CIONNTACH?



II.



Tháinig sí chúghainn. Bean dheas do b'eadh í,
fiú amháin is an brón is an bhuairt sin uirthi,
ach bhí sí báiteach bán is baoth 'na dath, an aghaidh
tairicthe caol aici, sceón is scannra 'na súile
is fáinní dúbha fé n-a mbun.



“Táim tuirseach traochta, a dhuine chóir,” ar
sise go neamh-fhuinniúil, “agus pé ní atá le
rá agam tá sé ráite cheana leis an gCeann.”



“Táim ana-mhór 'na léan, a Bhean Uí Chonláin,
an droch-scéal uafásach so a bheith agat; ach, a
bhean chóir,” ars' an Barrach, “pé cúrsa a
thagan an treó ní mór dúinn ár dtoil féinig
a chur le toil Dé faid is beó dhúinn ar an saol
so.” Ansan: “Táim féinig is mo chara anso
tréis teacht chun an cheist a thaighde is an t-é a
dhein an gníomh a thabhairt chun cúntais, más
féidir é. Ba mhaith linn gach fios atá agat-sa
a dh'fháilt uait héinig.”



“Bhuel,” ar sise, “do cheannuigh Mártan —
b'in é m'fhear-sa, tá's agat — cheannuigh sé dlús
maith luachmhar seóda le déanaí, is dhein sé
coinne le fear éigint stróinséartha ná raibh
aon aithne agam-sa air roimis sin teacht aréir
is iad a cheannach uaidh. Tháinig an fear san
tímpal is leath-uair tréis a seacht. Leigeadh
isteach é 'on bpárlús — an seómra so díreach
go bhfuilimíd ann anois — is thugas-sa rud
éigint le n-ól isteach chúcha. Gearra-thamal 'na
dhiaidh sin chuala clog an doiris ag déanamh
ceóil ach níor thógas aon cheann do.



“Bhíodar mar sin go ceann uair an chluig,
nú breis, istig ins an bpárlús. D'ruchar
chuala aon phléasc amháin. Stad an croidhe
agam, geall leis, mar bhí's agam ceart go
leór gur as an bpárlús a tháinig an fhuaim.
Ní raibh fhios agam cad a dheinfinn, cad a …;
níorbh fhéidir liom aon ní a dhéanamh, bhí mo
mheabhair ró-scaipithe. Ansan chuala an doras
á dh'oscailt. Phreabas suas agus díreach
nuair a bhíos ins an halla chonac fear fé
sholus an lampa ag preaba dorus na sráide
amach. Bhí sceón dialta 'na dhá shúil is bhí a
hata cúbálta 'na dhorn. Micheál Ó Cuínn,
115 Sráid Shéamais, an fear san.”



“Bhí aithne agat air mar sin?”



“Bhí, agus a chúis agam. Ana-chara dhúinn
do b'eadh é tamal ó shoin, chó mór san go
mbíodh sé anso go h-ana-mhinic sa tráthnóna.
Ach, cúpla mí ó shoin bhí an saol is gach ní ag
dul 'nár gcoinnibh. Bhí an t-airgead ag


L. 93


imeacht. Bhí na seóda so le díol tímpal is
an tráth céadna, is dúbhairt Mártan go
dtabharfadh sé fé n-a gceannach, go mb'fhéidir
go mbeidíst ag imeacht saor, is go bhféadfadh
sé pinghin mhaith a dhéanamh asta. Seadh, má
seadh, fuair sé £900 ar iasacht ón gCuinneach.
B'fhuirist san, dar ndó, mar bhí sé go fuigheach
aige siúd. Ní raibh eidhrighe an tsaoil linn,
áfach, is níor bhéidir an t-airgead a dhíol thar
n-ais. Tháinig Mac Uí Chuinn ana-ghránna,
ana-thuaisceartach, aige sin; is bhuaileadh sé
isteach chúghainn go minic ag gearán is ag
lochtúchán is ag cáine. An trus deireanach
d'eidhrigh sé garbh gairbhseálta amach is amach,
is dubhairt go gcaithfeadh sé an t-airgead a
dh'fháilt thar n-ais nú go mbéadh fhios uaidh
cunathaobh: go mbéadh so nú súd aige.



“Bheartuíomair ansan é dhíol is bheith réidh
leis, is bhí ceapaithe againn an scéal a shocrú
indiubh, ach anois …”



“Go h-ana-mhaith. A' 'neósfá dhom, led
thoil, cad a thárluigh idir theacht isteach sa tigh
don gCuinneach is é dh'fhágaint?”



“Níl fhios agam-sa aon ní ach an méid a
chuala — sé sin lasmuigh d'é dh'fheiscint ag
imeacht.”



“Tán tu cínnte, is dóch, gurab é a bhí ann?”



“Táim, is lán-chínnte. Ní dh'fhéadfainn
dearúd a dhéanamh. Agus fairis sin, nuair a
tháinig sé cuireadh fios ar ghloine eile dhó is
dúbhairt an seirbhíseach gurbh é a bhí ann.”



“Ach bé gurab é an fear eile a scaoil an
t-urchar?”



“Fé mar a dúbhart leat cheana, a dhuine
chóir, níl fhios agam a thuille, ach amháin nuair
a bhuaileas isteach sa tseómra go raibh Mártan
bocht 'na luighe ar an dtalamh, an creatha
deireanach á thabhairt aige, an fhuil ag séide
amach as a bhrollach, an fear eile ar a ghlúna
a d'iarraidh fóirithint air, agus an gunnán
malluithe sin caite ar an úrlár.



“An bhfeadaraís seóla an fhir sin?”



“Tá's agam go maith. D'fhág sé a chárta anso
'na dhiaidh tréis gach ní a dh'ínsint don gCeann
is dúbhairt sé leis-sin is liom-sa go dtabharfadh
sé pé faisnéis nú cabhair nú congnamh a
dh'fhéadfadh sé dhúinn.”



“Táim ana-bhaoch díot, a Bhean Uí Chonláin.
Bhí an ínsint sin soiléir iomlán agat. Cuir-
fimíd fios anois ar an bhfear eile so.”



D'imigh an bhean amach 'on gcistin. Thóg an
Barrach an cárta. “Éamon Ó Súilleabháin,
18 Sráid an Mhargaidh.” Deineadh glaoch air
tríd an dtelefón. “Seadh, seadh, tiocfad is
fáilte … Deich nóimintí nú mar sin …
Tá go maith.”



“'Seadh, 'Antoine,” ars' an Barrach, nuair
a bhí an cloisteóir crochta i n-áirde aige,
“beidh sé anso againn laistig de dheich
nóimintí. Ní mór dom brostú a dhéanamh.”



Ach níor bhrostuigh. Scrúduigh sé an créacht
go mion leis an ngloinneán, an bórd, na
gloinní, an gunnán, brat an úrláir, is adhmad
an úrláir idir an mbrat is na finneóga. Ní
raibh ach díreach críochnuithe aige nuair a chuala-
mair an cnag-cnag ar an ndoras, is seo
isteach chúghainn Éamon Ó Súilleabháin ó Shráid
an Mhargaidh.



“Ní raibh puínn ann,” ar seisean, nuair a bhí
sé sáite isteach ar a shocaireacht i gcathaoir
mhór. “Thánag féinig ag ceannach na seóda
so tráthnóna indé. Dheineas iad a scrúdú is
thairigíos £1650. Raghainn suas a thuille ar
ball, a' dtuigean tu? Bhíomair ins an marga
mar sin — bhí 135 díobh ann ar fad idir bheag is
mór — nuair a treóruíodh isteach an fear eile
seo a dhein an marú. Soláthruíodh gloinne
eile dhó, is do shuidheamair tímpal an bhúird
mar seo. Bhíos féinig anso ag an gcúinne
seo” — ag socrú an bhúird — “nú i n'aice, an
duine eile seo ag an gcúinne eile sin idir me
héinig is fear-a'-tíghe. Bhí fear an tíghe ansan,
abair, i lár taobh fada an bhúird. Thosnuíomair
ansan ag cainnt ar an aimsir is ar chúrsaí
polaitíochta is gach ní eile chun an aimsir a
mheilt mar níor bh'fhearra linn an tríú duine
seo i láthair ár ngnótha.



“‘Níl ins an gcainnt seo ach fastaoim ó
thuaidh,’ ars' an duine eile le fear-a'-tíghe,
‘agus ní fearra bheith ag baint boghsíní ar an
scéal. Bhfuil an t-airgead agat? Táim
tnáite marbh ó bheith ag fanacht is ag feitheamh,
ag teacht anso is ag imeacht. Deirtear liom
é seo is deirtear liom é sin. Cómhairlíon
duine eile dhom cúrsaí dlí a chur ar bun. Ach
an bhfuil fhios agat, a sheana-spadalaigh, muna
mbéadh do bhean agus do dheinfinn ribíní is
smúsach de do phutóga! A leithéid …’



“‘Tóg bog é, a dhuine. Tóg bog é;’ ars'
an Conlánach, ‘ní gá dhuit bheith ag imeacht thar
teórain mar sin. Gheóbhaidh tu an t-airgead
anocht.’



“‘Gheóbhad, a bhuachail,’ ars' an Cuinneach, is
fadhairt nímhe 'na dhá shúil, ‘nú dar diala ifrin
is scaoilfead solus an lampa san isteach id
chloigean. Seo leat!’



“Bhain an chainnt sin dem bonnaibh me, dar
ndó mar ní rabhas ag súil le h-aon ní mar é,


L. 94


ach chun scéal fada a dhéanamh gearra dheineas
an tsíocháin eatorra, is siúd chun an mhargaidh
airíst sinn. Bé deire an scéil é gur dhein-
eamair réiteach ar £1900.



“Bhí £2300 agam héinig im pócaí is thógas
amach cuid de chun an díol a dhéanamh. Bhí
ráite ag an gConlánach liom nótaí a thabhairt
chó fada is a dh'fhéadfainn. Bhuaileas amach
a £1900 ar an mbórd is bhí na seóda buailte
anuas ar an mbórd, leis, i mbosca.



“Chuir Mac Uí Chonláin a lámh amach chun an
t-airgead a chómhaireamh.



“‘Fág ansan é,’ ars' an fear eile, ‘go
mbead-sa díolta ar dtúis.’



“‘Tá fáilte rómhat,’ arsa fear-an-tíghe, ‘is
níor ghá an trangaláil go léir. Céad, dhá
chéad, trí chead … naoi gcéad. Anois an
bhfuilean tu …?



“‘Leath-chéad eile.’



“‘Leat-chéad eile? Cad chuige?’



“‘Chun mise a dhíol. An dóigh leat gur i
n-aisce ba cheart …?’



“‘Tán tu á dhéanamh go galánta, a bhuachail.
Níor dheineamair socrú ar bith mar sin, is
ní … Ach mar sin héinig má thógan tu
mar sin é, tabharfad £15.’



“‘Leath-chéad.’



“‘Ní bhfuighir, a bhithúnaigh,’ agus fén am so
bhíodar araon ag fliuchaigh leis an bhfeirg.
‘£900 ar feadh dhá mhí go leith. Níl ansan ach
bithúntuíocht is creach, is fágfad an scéal fé
bhreith an duine seo. Cad é do mheas-sa?’
ar seisean liom-sa.



“‘Ní maith liom,’ arsa mise, ag síne mo
láimhe amach i dtreo an bhosca, ‘…’ Ach
ní bhfuaireas a thuille a rá.



“‘Tá an ceart agat,’ ars' an marathóir.
‘Agus féach, tairig chúghat do lámh ansan.’



“Dheineas rud air.



“‘Nuair ná fuighfead é,’ ar seisean, ‘dar
ndó, tógfad;’ is riug sé ar lán a dhuirn des
na nótaí.



“‘Fág ansan iad,’ ars' an Conlánach, ‘nú,
dar an ndial, is cománfad mo dhorn …’



“Ní bhfuair sé an chainnt a chríochnú. Sar a
raibh fhios agam cad a bhí ag teacht rop an
geilt seo a lámh isteach 'na phóca, teanga
lasrach, is bhí an fear bocht eile is an chathaoir
i dteannta a chéile titithe ar an úrlár.
Chromas síos leath-nóimint ag fóirithint air —
ní raibh fhios agam cár goineadh é. An chéad
ní eile do chuala an doras á dh'oscailt.
D'eidhríos. Bhí an Cuinneach ag sciúrda amach
'on halla. Do phreabas 'on ndoras chun



DÉANTÚS GAEDHEALACH DO GHAEDHEALAIBH



“COMHAR-GAEDHEALACH” — ÁTH CLIATH.



'Sé an cúis thosnuighmear ar an obair seo (.i. eudaighe do sholáthar) ach chun an ghnótha do chur
ar a bhonnaibh go ceart.



Tionnsgail gan proiféidí — sin é an rud a theastuigheann uainn.



Na heudaighe a dheunamuid-ne, táid go léir deigh-dheunta, agus ní'l ionnta ach an stuif is fearr.



CULADHTHA FEAR AGUS BAN.



Má thá culaith uait is féidir leat ceann d'fhagháilt (ó'n tuise amach nó deunta is eile péacu is
fearr leat) ó'n gCOMHAR-CHUMANN, TEÓR. (“IRISH CO-OP.”). Ní'l a shárú ann
maidir le feabhas agus saoirseacht earraidhe.



98-104 SRÁID MHEADHONACH AN MAINISTREACH.


L. 95


greim a bhreith air, ach chuímhníos láithreach go
bhfuighinn-se an déanamh céadna, béidir. Do
chasas tímpal. Bhí airgead is seóda sciobtha
chun siúil is an seana-ghunnán ar an úrlár.
Dá mbéadh fhios agam! Chuas ar mo ghlúna
airíst is mo chroidhe ag preabarnaigh a d'iarraidh
an anam a thabhairt ins an bhfear bocht ar an
mbrat san. Ach bhí gan treabha, a dhuine. Bhí
an radharc iompuithe cheana féinig 'na cheann.”



Bhíos lán-deimhnitheach ná béadh a thuille
taighde ar an scéal, bhí sé chó soiléir san.
Ach níor bh'é sin tuairim an Bharraigh, dréir
cosúlachta. Níor dheineas puínn de sin, áfach,
mar ní raibh sé riamh ar malairt shlí — deacair
i gcómhnuí le sásamh.



Dhein sé an Súilleabhánach a cheistiú, ach go
h-áirithe, agus go mion. Conus díreach a
bhíodar suite tímpal an bhúird? cá rabhadar
nuair a scaoileadh an t-urchar? cathain a
scaoileadh an gunnán 'on úrlár? cioca ar a
leath-ghlúin nú ar a dhá ghlúin a bhí sé le h-ais
an mhairbh? agus ceisteana líonmhara eile ba
liosta le h-áireamh anso, bíodh is go raibh fhios
agam-sa go bínn go raibh a chiall féinig ag
baint le gach aon cheann riamh aca.



“Táimíd ana-bhaoch díot, a Mhic Uí Shúillea-
bháin,” ars' an braitheadóir ar deire, “bhí an
fhaisnéis chó soiléir, chó h-iomlán, chó díreach,
agat — seadh, agus chó h-éascaigh. Níl slí ar
bith don tarna tuairim tímpal an scéil anois.”



“Seadh,” ars' an Súilleabhánach, “mheasas
gurbh é mo dhualgas gach ní a dh'ínsint fé mar
a thárluigh. Ní mór dúinn go léir cabhrú leis
an Rialtas chun gach droch-úmpar a chur fé
chois. Tá súil agam go bhfuil mo chion féinig
déanta agam-sa ins an gcás so, ach má theas-
tuíon uait ceist ar bith a chur aon trus eile tá
an telefón agat, nú tiocfad héinig tímpal.”



“Ná fuil sé deimhnitheach go leór,” arsa
mise, sa tslí abhaile dhúinn, “go bhfuil sé
cionntach?”



“Tá,” ars' an Barrach. Agus cheapas go
raibh an “á” san ana-shínte aige.



“A Bhreithimh, is a dhaoine uaisle,” arsa
Dlígheadóir an Rialtais, ag tosnú, “tá
cleachta ar an saol agam le fada is ar an
dtaobh is meas a dho. Ní cuímhin liom, áfach,
gur chuala aon imeacht ba scannrúla, ba
nímhníghe, ba mhó uafás, ná an marú, an dún-
mharú so, a deineadh ar Mhártan Ó Conláin
istig 'na thig féinig tráthnóna an t-ochtú lá
de Mhí na Samhna, agus nuair a bheidh an
fhaisnéis cloiste meághaite agaibh, caithfidh sibh,
im thuairim-se, a thabhairt isteach mar bhreith
gurbh' é an príosúnach so” — á dheimhniú — “agus
nách éinne eile atá cionntach. Níl éinne eile
ann.



“Agus, a Bhreithimh, is a dhaoine uaisle, is
mó rud a spreagfadh duine chun droch-ghníomh,
chun an marú féinig, a dhéanamh. Sin nádúir
an duine. Díoltas a bhaint amach, an eochair
a tharac ins an dteasuíocht, rud is fiche a
luigheadóch an choir. Ach anso níl ní ar bith
díobh-so mar leathscéal. Mar gheall ar shuím
bheag áirithe a bhí amuigh ar iasacht aige ag
duine a bhí 'na chara dó go minic, a dhein díon
is fuithin dó go minic, mar gheall ar an airgead
suarach san a thiocfadh isteach thar n-ais chuige
i n-am is i dtráth — agus bhí fhios aige é sin,
dar ndó: mar gheall ar an salachar airgid
seo fágan sé a thig féinig fé dhoiritheacht na
h-oidhche, gluaisean sé amach fé scamallacha
dubha an uaignis is gléas maruithe 'na phóca;
gluaisean sé amach as fuil fhuar an oidhche sin
trí sna sráideana, isteach i dtig an t-é a thug
cabhair is congnamh dó go minic, an t-é a chuir
bórd is fáilte roimis an oidhche chéadna san,
agus i láthair dhuine eile a bhí 'na chuideachtain,
agus laistig d'éisteacht an bhean san a bhí fial
fáiltiúil roimis riamh, istig i bpárlús a chara,
scaoilean sé piléar dubh isteach trí 'na chroidhe
gan am ná aga a thabhairt dó chun gníomh ná
paidir a dhéanamh sar a raghadh sé as an saol
so i láthair an t-É a chruthuigh é.



“Tá sé ráite agam gur mar gheall ar
airgead éigint a bhí amuigh uaidh a dhein sé an
gníomh gráiniúil sin. An raibh an ceart agam
ins an méid sin? Ní raibh, a Bhreithimh is a
dhaoine uaisle. Cad a bhí uaidh, má seadh?
Theastuigh uaidh robáil is creach is bithúntuíocht
a dhéanamh. Theastuigh uaidh leath-chéad púnt
ná raibh ceart ar bith aige chuige a bhaint amach.
Agus toisc go raibh sé de mhisneach ag an t-é
atá sínte anois ins an gcré fhuar, is a bhean
go dúbhach dubh 'na dhiaidh is a pháistí, toisc ná
tabharfaí dhó an t-airgead so ná raibh ceart ná
cál aige chuige deinean sé an gníomh céadna a
dhein Cáin fadó nuair a mhairbh sé a dhritháir.



“Agus má ceaduítear do dhuine rud mar
seo a dhéanamh, má leigtear do dhuine a
chómharsa a bhuala síos mar seo i lár na
h-oidhche, nách 'in agat an saol ag titim as a
chéile, is gan ins an gcine daona ach scata
beithíoch — gach éinne armtha i gcoinne gach éinne
eile?



“Caithfimíd, caithfidh gach Stát, cosaint a
dhéanamh 'na choinnibh sin agus i gcoinnibh a


L. 96


leithéid, agus tréis an fhaisnéis atá le teacht
a scrúdú táim lán-deimhnitheach is cinnte nách
féidir libh malairt breithe a thabhairt ach gur
deineadh dún-mharú toiliúil: gurb' é an
príosúnach so a dhein é, is go gcuirfar dlí na
tíre seo i bhfeidhm gan eagla gan spleádhchas.



“Seadh, a dhaoine, …” Agus nuair a bhí
an deire ráite aige chífá lucht na cúirte ag
bánú toisc iad a bheith ag cuímhneamh ar árdán
adhmaid maidin fuachta is téadán teann sall
is anall, sall anall, ar nós crochadán an
chluig. Uth!



Agus, a dhuine an chroidhe istig, an dtuairim-
eófá cé bhí i nbun na cúise don bpríosúnach?
Cé bhí ach me héinig héin, is munar dheineas
óráid — bhuel, do dheineas cainnt, is níorbh aon
chainnt gan eólas é, a dhuine, mar bhí fhios
agam roinnt rudaí nár thuigeas an lá úd a
dheineas ceist a chur sa tslí abhaile dhúinn.



Bhí an Súilleabhánach ins an gcúirt chó fon-
namhar le riamh chun pé ní a dh'fhéadfadh sé a
dhéanamh chun an dlí a chur i bhfeidhm — chun an
príosúnach bocht a chrocha. Agus, a dhuine chóir
a dheinean é seo 'léigheamh, ná tógtar orm é
má ba mhilis blasta sástúil liom mo fiche
dícheal a chur ag obair chun an cladhaire a
chlaoidh. É héin a chosaint — ba chuma san.
Ach le lár-chorp dian-dánuíochta an príosúnach
bocht a mhealla chun na h-áite sin is gach ní a
shocrú chun ná béadh amhras beag ná mór air
héinig, is bréag is fiche bréag a dh'ínsint is
faisnéis a thairiscint go fonnamhar gan iarraidh.
B'in scéal eile.



“… Agus ba mhaith liom a thuiscint más
fíor a ndeir siad conus a míneófar go bhfuair
an príosúnach so an focal go raibh na seóda
so le díol an oidhche seo; gur ghluais an
piléar isteach sa tslí a dhein má bhí an Cuinneach
ins an áit go ndeirtear é a bheith; nách A 6437
a bhí mar uimhir ar chlúdach an ghunnáin sin, ach
A 6734.



“Deineadh mealla míllteach ar gach éinne
ag carráiste is dánuíocht dialta an tSúil-
leabhánaigh seo, ach deimhnód-sa go lán-iomlán
nách éinne …”



Níor dheineas críochnú ar an abairt. Bhí an
tóir ag teacht ró-dhian, dar ndó; bhí an fhírine
agam, is chonac an duine uasal so ó Shráid
an Mhargaidh ag fágaint is ag gluaiseacht leis
go socair ciúin fé dhéin an doiris. Bhí mo
choridhe im béal le h-eagla. Bhí sé ag an
ndoras is siúd … Ach — níorbh 'iúd amach
é. Níor thuigeas. Rud éigint bun-ós-cionn,
is dóch. Seadh, seo thar n-ais é, is é bán is
sceón ann. 'On ndoras eile anois go bog is
réidh. Thugas féachaint ar an mBarrach. Dhein
sé súil a chaocha orm mar fhreagra. Seadh,
thuigeas — gur thuig an Barrach. An doras eile
anois. Chas an bailcín, casa, casa eile, is
tarac! Bhí na dóirse fé ghlas! Tuigim thu,
a Bharraigh.



D'iompuigh Mac Uí Shúilleabháin ag an
ndoras — d'iompuigh orainn, is fíoch an leóin
'na radharc. Bhí a lámh 'na phóca. Pléasc!
pléasc! i dtreó an Bharraigh. Pléasc nímhneach
eile im threó-sa héinig. Aon phléasc amháin
breise is bhí anam an t-é a scaoil ar luas
teintríghe fé theóra fhairsing na síorruíochta.



SEÓIRSE MAC CLÚIN.



MAISÍNÍ CAINTE & PLÁTAÍ.



GACH AON DEUNTÚS.



Gheobha Lucht Léighte “An Sguab” Locáiste
Speisialta.



Fuigh an Pláta nuadh (Gaedhilge) —



“RAITHEANACH A BHEAN BHIG.”



GEARÓID CROFTS dubhairt an t-amhrán so.



TOMÁS MAC MATHGHAMHNA,
AN SGAIRBH, CO. AN CHLÁIR.



Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n
Chumann Gaedhealach is Fearr



AN CUMANN IBÉRNEACH
INSIÚRÁLA TEÓ.



I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS
COITCHINNE.



Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN
DÁMA, ÁTH CLIATH.



NA POLASAITHE IS IOMLÁINE LE
FAGHÁIL.


L. 97


DÁN-FHOCAIL.



Is fiú coróinn an leabhar so le Tomás F. Ó Rathaille.
Is fiú an méid sin é do aén-Ghaédhilgeóir a thuigeann
léightheóireacht na Gaédhluinne. Is fiú a dhá oiread é
d'aén-Ghaédhilgeóir a thuigeann filídheacht na Gaédhluinne.
Is fiú a thrí oiread é d'aén-Ghaédhilgeóir a chuireann
roimis eólus do chur air Mheádhan-Ghaédhluinn, mar is
in san Meádhan-Ghaédhluinn a ceapadh furmhór na ndán-
fhocal atá curtha i gcló sa leabhar so. Tá suas le trí
céad rann filídheachta in san leabhar — ceithre líne i ngach
rann díobh — agus míniú' air a lán de sna rannaibh
i mBéarla. Tá gluais, in a míníghtear na focail is
deacra, agus tá tagairt do sna láimh-scríbhinnibh in a
bhfuarathas na dánta agus tagairt do sna daoiníbh a
cheap cuid acu — mar nách fios cé cheap a bhfurmhór.



Ní dánta móra, fada, iad so. Níl ach an-t aén
rann amháin in a bhfurmhór, ach uair um á seach do
bhuailfheadh dá rann umat, do bainfheadh le n-a chéile.
Tá ceithre ranna ag gabháil le chéile in aon áit amháin,
agus ocht rann in áit eile. Sin a bhfuil. Ach má táid
na ranna chómh deighilte, aonarach san, féin, ná beir
leat, a Ghaédhilgeóir, ná go gcuirfir suím ionta, mar
tá gach cineál rann — is é sin, na ranna go léir a
bhainean leis an scéal céadna — bailighthe i dteannta a
chéile ag Mac Uí Rathaille, mar atá, cuir i gcás,
“Féile agus Spriúnlaitheacht,” “Bochtaineacht agus
Saidhbhreas,” “Caint agus Tost” (= ciúnus), “Na
Mná, agus an Grádh,” “An Óige agus an Chríonacht,”
agus mar sin. Ach is feárr a thuigfhir é seo le sampla
nó dhó de gach sórd a thabhairt in so, agus ní h-iad an
chuid is feárr do thoghfhad.



Seo mar atá an tríomhadh rann a bhainean leis an
bhféile:



“Caith, agus do gheóbhair ó Dhia,
Caith go fial, agus gheóbhair níos mó;
An té (sic) ler leór beagán ó Dhia,
Is leór le Dia beagán dó.”



(Ní mholaim an eagarthóireacht a scríobhann “an té”
.i. an deóch shóghail sin d'ólaimíd, in inead an-t é.)
Agus rann a 18:



“A fhir atá in ifreann riamh,
An bhfeaca tú pian bu mhó
Ná fear d'iaraidh neich ar neach
Leis nách maith a thabhairt dó?”



Tuigtear in so, gur san Dán Díreach a scríobhadh na
ranna go léir. Aén-rann a bhain leis an scéal céadna,
ach do scríobhadh de réir riaghalacha an amhráin, níor ghlac
Mac Uí Rathaille leis. Sin é an fáth gur thug sé
“DÁN-Fhocail” mar ainm air an gcnósacht.



Seo rainnt rann a bhaineas leis an mBochtaineacht:



“Is milis glór gacha fir
Agá mbia cuid agus spré;
Ní mar sin don duine lom,
Is bun-os-cionn labhras sé.”
“Duine saidhbhir ag déanamh grínn
Deirid uile gur bínn a ghlór;
Acht is seirbhe ná an searbhán goirt
An duine bocht ag déanamh ceóil.”



Ach b'fhéidir nách iad so na ranna a theastuígheann
uaibh, a léightheóirí. Is deallraimhtheach go bhfuil galar
coitchianta an cine daénna oraibh-se leis, agus go
gcuirean sibh suím mór i gcúrsaíbh grádha. Gach aén
rann riamh atá sa leabhar so, ag cur síos air an ngrádh,
is ag tromuídheacht ar mhnáibh atá sé, agus sin rud ná
taithneann liom-sa, agus ní dóigh go dtaithnean sé le
h-aén-mhnaoí eile ach chómh beag — go h-áirimhthe le h-aén-
mhnaoí a bheadh dílis dá cineál féin. Ach seothuíghidh
díbh na ranna — an céad ceann, ag tabhairt cómhairle
d'fhearaibh bheith aireach ag toghadh mná:



“Ná tóg bean ar a scéimh,
Go bhfionnair cad é a locht;
Tar éis iad do bheith dearg,
Is searbh blas na gcaor gcon.”



Seo fear a bhí ar nós na seana-mhná — “Marbh le té,
a's marbh gan é”:



“Is mairg atá mar atáim
'S is mairg do bheir grádh leamh;
Is mairg do bhíos gan mnaoí,
'S is dá mairg agá mbí bean.”



Agus seo duine bocht d'fhág an smacht i láimh a mhná,
de réir gacha deállraimh:



“Dar an spéir, ón dar an spéir
Isé adhbhar mo gháire féin,
An bhean ag bualadh a fir
Tríd an gcoir do rinne féin!”



Is leór liom an méid sin díbh. Má theastuíghean a
thuille den drabhuigheal san uaibh, ceannuíghidh féin an
leabhar. Ach ceist agam oraibh! Mura mbeidhmís-na
ann, cad dó go dtabhrfhadh na fir grádh?



Is faeseamh liom iompáil air scéal éigin eile. Ach
féach! Tugaim fé ndeara go bhfuil a oiread san
breacuighthe agam leis an ndríodar cainte sin, ná fuil
aén-tshlíghe agam dá thuille. Ach in a diadh san,
caithfhead an rann so a thabhairt díbh:



“Éist leis, ón éist leis
Ag gleic fán dtír nách leis;
An tír bu leis, do leig uaidh,
'S an tír nár leig uaidh, níor leis!”



Níl an leabhar so, “Dán-fhocail,” gan lochtaí. Is
mór an locht é bheith curtha amach in sa chló Romhánach.
Ní fhéadan fíor Ghaédhilgeóir an blas ceart d'fhághail
air aén-Ghaédhluinn ná bíon sa chló Gaédhlach. Agus is
iongnadh liom fear chómh cliste le Tomás F. Ó Rathaille
ná déanfhadh eagarthacht nídh is feárr air mion-phuíntíbh.
Cuir i gcás, scríbhean sé “is” in áit “a's,” agus
“madh” in áit “mbu,” agus “ba” in áit “bu,” agus
an “N” a ghabhann leis an bhfocal a thagan roimis,
scaoilean sé leis an bhfocal a thagan in a dhiaidh é, má
is guth tosach an fhocail sin, mar “i n-aghaidh,” agus mar
an gcéadna leis an “t” a bhainean leis an alt, agus
a lán mion-rudaí de'nt- shórd san.



“AN BHEAN-FHILE.”



“Dán-fhocail.” Tomás F. Ó Rathaille, M.A., do
chnuasaigh. Cómhlucht an Talbóidigh, do chraobhscaoil,
air 5/-.



LEITIR.



D'Fear Eagair “An Sghuab.”



Tá cuid de'n cheart ag “An Dubhghailleach” agus
cuid nach ceart. Rinne sé casaoid mar gheall ar
fhocla iasachta a thabhairt isteach san nGaedhilg. 'Ar
ndóigh, ní'l teanga ar dhruim an domhain nach nglacann
le foclaibh as teangthachaibh eile agus ní'l aon dul
uaidh aca. Má thagann rud nuadh isteach i nÉirinn,
rud nach raibh ar eolas ag sean-Ghaedhil, m.sh., “Banana,”
“sago,” “semolina,” “macaroni,” &c., ní féidir focla


L. 98


nuadha Gaedhilge a chur ortha agus caithfear glacadh leis
na hainmneachaibh a thug muinntir na dtíortha arb' as
iad ortha. Acht tig linn cuma Ghaedhealach a chur ar na
foclaibh. Sin mar rinneadh le “tae” (Sínis, “té”),
“caife” (Turcais, “gahveh”), “fata” nó “práta”
(“patata” i dteangaidh na nIndiach Thiar). Agus tá
focla ealadhanta ann agus ba dheacair focla so-thuigthe
Gaedhilge a chur ortha, m.sh., “Palæozoic,” “Palæolithic,”
“Palæotharium,” “Amidoacetparaphenetidine,” &c. Ní
focla Béarla iad sin acht focla idir-náisiúnta. Le
trácht ar na rudaibh sin i nGaedhilg caithfear tarraing
as tobar na Laidne agus na Gréigise mar rinne
Sasanaigh, Franncaigh, Gearmánaigh, &rl., agus ní cúis
náire dhúinn é. Ní bhéadh na focla sin i n-úsáid acht
ag lucht eolais. Acht tá focla ealadhanta eile ann
agus iad i mbéal “an fhir sa tsráid,” m.sh., “telegram,”
“telephone,” “microscope,” &rl., agus sílim gur cóir
agus gur féidir Gaedhilg a chur ortha sin, m.sh., “cian-
sgéal” nó “sreang-sgéal,” “guthán,” “miondracán,”
&rl. Agus cé an gábhadh dhúinn “praghas,” “proifit,”
“mótar,” nuair atá “luach,” “brabach,” “gluaisteán,”
againn? Má theipeann orainn ainm Gaedhilge a chur
ar rud coitcheann, is iomdha focal atá sa bhFrainncis,
san Eadáilis, nó sa Spáinnis d'fheilfeadh dhúinn chomh
maith le focal Béarla, m.sh., “góma” (Spáinnis) ar
“gum.”



Ag tagairt do rud eile, ní'l amhras nach bhfuil go
leor litreach i bhfoclaibh Gaedhilge nach bhfuil ag teastáil.
Tá an sgéal céadna sa mBéarla, m.sh., “debt,” “lamb,”
“calf,” “knife,” &rl. Deir an Sasanach: “Gouta
that,” acht is é rud a sgríobhas sé, “Go out of that.”
Bíonn a lán litreach ar lár sa bhFrainncis. Fágtar
amach sa gcainnt — “t” as “gant,” “f” as “clef,”
“l” as “fils,” “ct” as “respect,” “p” as “compte,”
&rl. Ag rádh an fhocail “fille” dhó, is “fí-dhe” adeir
fear Phárais agus “fílle” adeir fear Lyons. Gior-
ruighthear “petit” go “pti,” “de la” go “dla,” agus
mar sin de. Acht, ag sgríobhadh do'n Fhranncach,
litrigheann sé gach focal i n-a iomlán acht amháin ins
na páipéaraibh grinn, agus bíonn an Fhrainncis ionnta
sin do-thuigthe ag coigcríochaibh. Tá difridheacht mhór
idir canamhaint an deiscirt agus canamhaint an tuaiscirt
acht litrigheann gach Franncach de réir an chothruim
(standard) gan litir a chur le focal ná litir a bhaint
de. Ní mian leis praiseach a dhéanamh d'á theangaidh.



Acht, dála na Gaedhilge, tá na sgríobhnóirí beagnach
go léir ag coimhlinnt le n-a chéile féachaint cé aca is
mó a bhainfeas litreacha as an nGaedhilg bhoicht. Má
leantar do'n tsodar sin is gearr go raibh an teanga
i n-a praisigh. De réir mo bharamhla-sa, ní ceart aon
litir a bhaint as focal má tá an litir sin d'á canadh
i mbéal Gaedhilgeóirí fós. Mar shampla dhe, bítear
ag sgríobhadh “deire,” “pósa,” “dúna,” &rl., i leabaidh
“deireadh (tuiseal geineamhnach — deiridh),” “pósadh,”
“dúnadh,” &rl., a bhí sa teangaidh leis na ciantaibh.
Acht ní fheileann an t-athrughadh do na míltibh Gaedhil-
geoir i gCúige Uladh agus i gCúige Chonnacht (acht amháin
i gConnamara agus i nÁrainn). “Ú” an foghar atá
aca-san ar “adh” san ainm briathardha, acht ní
sgríobhann siad “ú” ar fhaitchíos nach bhfóghnóchadh sé
do lucht labhartha canamhna eile. Truagh nach ndéantar
comhar leo agus an sean-iorball d'fhágáil mar bhí sé.
(“Ruball” adeirim féin acht “iorball” a sgríobhaim.)



Nuair is aimsear chaithte éigcinnte do na foclaibh
“pósadh,” “dúnadh,” &rl., tá a mhalairt d'fhoghar ar
an iorball i ngach canamhaint beagnach — “dúnaí,”
“dúnamh,” “dúnach,” agus “dúnag.” Nach fearr an
sean-iorball d'fhágáil ann agus cuireadh gach duine a
rogha foghair air? Sin mar ghníthear i ngach teangaidh
eile, acht, má leantar do'n fhuadar atá fá go leor
de sgríobhnóirí na Nua-Ghaedhilge, ní hí Gaedhilg na
hÉireann a bhéas againn i ndeireadh na dála acht
Gaedhilg an pharáiste seo agus Gaedhilg an pharáiste
sin. Cad chuige nach sgríobhann siad siúd “det,” “caf,”
“lam,” “nife,” &rl., i mBéarla?



Agus bítear ag sgríobhadh “capal” i leabaidh
“capall” agus “molan” i leabaidh “molann.”
Deirtear gur ab ionann “l” agus “ll”; agus
“n” agus “nn”; acht tá difridheacht mhór eatortha
i gcanamhnaibh Chonnacht agus Uladh. Le “l” agus
“n” leathan a rádh cuirtear bárr na teangadh ar an
iomaire ar chúl na bhfiacal, acht, le “ll” agus “nn”
leathan a rádh, leathtar an teanga go bog ar na
fiaclaibh uachtaracha taobh istigh. Ní'l mórán difridheachta
idir “l” agus “n” leathan agus caol acht amháin go
bhfuil beagán beag níos mó de'n teangaidh ag teang-
mháil leis an iomaire nuair atá siad caol. Ag rádh
“ll” agus “nn” caol, leathtar timcheall is leath-
ordlach d'uachtar na teangadh ar an iomaire. Dá
sgríobhtaoi “ll” agus “nn” san áit a mbadh ceart
dóibh bheith, cé an chaoi a gcuirfeadh sé as do'n lucht
nach gcloiseann an difridheacht úd agus d'fhóghnóchadh sé
do na míltibh duine a chloiseas an difridheacht?



Má tá athrughadh le cur ar an litriughadh, déanadh
coiste ughdarásach é agus bíodh teachtaí ar an gcoiste
sin ó lucht labhartha gach canamhna.



GAEDHEAL.



[Fear iseadh “Gaedheal” a dhein cion fir ar son na Gaedhilge
ó cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun. — F.E.]



GRANIA TOOTH PASTE.



DEUNTUS NA h-ÉIREANN AR FAD. NÍ BHEIDH AON PHRÁINN LE FIACLA FALLSA.



GIBSOL AGUS A CHUIDEACHTA — LUCHT DEUNTA AN ÍCE ATÁ DÁ CHUR ÓS ÁR gCOMHAIR.



Tá Gibsol an Íce i mbeul gach aoinne in Éirinn. Is eadh, má seadh bíodh “Gráine” sna fiacla aca —
Coimeádfaidh sé gan lobhadh iad. GRÁINE ainm an artha so. Tabharfaidh GRÁINE fiacla glana,
geala dhuit. Ní'l áon ghalúnach ann; beidh do sheile go folláin nádúrtha leis agus blas taithniomhach
id' bheul aige. Ní baoghal do phlaosc na bhfiacal ná do fhéitheacha an bhéil. Ar a nglaineacht athá
seasamh na bhfiacal.



Is féidir “GRÁINE” d'fhagháil ó lucht díolta íce i ngach áit nó ó lucht a deunta —
Gibsol & a Chuid., Lána án Chláir, i mBaile Átha Cliath.


L. 99


COMÓRTAS NA NODLAG.



Is oth linn ná fuighmíst mórán spáis do thabhairt
dosna hiarrachtaí tháinig isteach chughainn agus gan slighe
a bheith againn níos mó desna sgeulta grinn úd do chur
fé chló. Támuíd ag bronnadh duais 5/- ar gach duine
den chúigear seo leanas:—



1. EIBHLÍS NÍ CHOLMÁIN,
Sgoil na gCailíní,
Áth-a'-Chárthaigh, Tiobraid Árann.



Tháinig cailín óg dathamhail isteach i siopa an éadaigh.
Buachaill an-ghlic ar fad a bhí i bhfeighil an tsiopa.



“Tá feidhre láimhinní a' teastáil uaim, má 'sé do
thoil,” ars' an cailín.



D'oscail an buachaill bosca mór agus chuir sé ar a'
gcunntar é.



“Anois,” ar seisean, “bíodh do rogha agat, agus ní
chuirfidh mé ach luach an-bheag ortha.”



Thóg sí feidhre breágh déanta de leathar dhaor agus
d'fhiafruigh sí dhe an mór a bhí aige uirthi.



“Aon phóg amháin,” arsa mo bhuachaill.



“Go raibh míle maith agat,” ars' an cailín, agus í
ag iompáil ar a sáil, “díolfaidh mo shean-mháthair asta
i mbárach.”



2. SEOSAMH Ó BRAONÁIN,
Bóthar an Chláir, Inis.



Le linn an Éirighe Amach i mBlá' Cliath i mbliadhain
1916 bhí buachaill ag filleadh abhaile tar éis a chuid
gaduidheachta dhéanamh aige. Bhí bróga fé'n a ascal
agus bróga ar a ghuailnibh agus bróga ceangailte d'á
chabhail aige, mar b'shin í an tráth a bhí an damáiste agus
an lot maoine agus an gaduidheacht ar siubhal. Bhuel,
chonnaic sagart áirighthe an buachaill agus an t-ualach a
bhí aige. Bhí dúil ag an sagart seo a “ghiota beag
féin” a dhéanamh chun stop do chur leis an léir-sgrios
a bhí ar siubhal. Bhí sé ar aigne aige, an buachaill do
chur thar n-ais go dtí an siopa ó n-a ghoid sé na bróga.



D'imthigh sé chuige agus d'fhiafruigh sé dhe cá bhfuair
sé na bróga.



“I siopa Tyler, a athair,” ars' an buachaill. “Ach
bíodh deabhadh ort nó beidh siad go léir imthighthe.”



Thuit an lug ar an lag ar an sagart bocht, agus
d'fhéad an buachaill éalú gan trioblóid leis na brógaibh.



3. NÓRA NÍ DHÁIBHÍS,
Clochar Naoimh Doiminic, i nGaillimh.



4. CAITLÍN NÍ DHUIBHIR,
Mount Anville, Dúndroma, Co. Áth Cliath.



5. SEÁN FÁSBENDER,
7 Slí Ghulistáin, Rath-Ó-Máine.



B'éigean dúinn “Foghair na Gaedhilge” (Ceacht a V)., alt ó
“Cloch Labhrais,” liosta na leabhar nuadh, agus liosta na
siopaithe, &rl., ina labhartar an Ghaedhealg, dh'fhágaint amach
as an uimhir seo toisg uireasbaidh slighe. Beidh siad againn sa
chéad uimhir eile, le congnamh Dé. — F. E.



SEÁINÍN NÓ
EACHTRA MIC MÍ-RIALTA



“AN SEABHAC” DO SCRÍOBH



Úna De hÍde a dhein na pictiúirí



Díreach tar éis teacht amach, 4/- glan



EACHTRADH EIBHLÍS
I dTÍR NA nIONGANTAS



PÁDRAIG Ó CADHLA do chuir Gaedhealg
AR AN SGEUL SO. C. Ní Bheirsceoil agus Úna
de hÍde a dhein na pictiúirí, 4/6 glan



'Sé bunús an leabhair seo ach “Alice in Wonderland”



CLÓDÓIREACHT GHAEDHILGE



Tá fhios ag cách cad é an cháil atá againn i dtaobh
Béarla a chlóbhuaileadh. Is féidir linn a chomh-mhaith
a dhéanamh leis an nGaedhilg. An fear a chuireann
an Ghaedhilg le chéile, duine de lucht an “Fháinne”
is eadh é.



MAUNSEL & ROBERTS, TEO.,
Sráid Bhagóid, Íoch., 50, Baile Átha Cliath


L. 100


BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA.



ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.



Deineann an Bannc gach aon t-sórt
Gnótha bhaineas le Banncaereacht.



Bun-airgead Geallta, £406,000.



Bun-airgead Díolta, £203,000.



Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1922, £1,900,000.



BUNUIGHTHE 1920.



BRAINNSÍ:—



68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh,
Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis,
Maghchromtha.



THE
NATIONAL
LAND BANK
ltd



Luach Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason & a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Mansuel & Roberts Teo.,
Áth Cliath, & foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services