Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Uimhir 4 Eanair 1923
Title
Uimhir 4 Eanair 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
Muintir an Sguab
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN SGUAB Uimhir 4 EANAIR 1923 3p. SA MHÍ RÉIM NA hUIMHREACH SO Leath. MAIR, A CHAPAILL, AGUS GHEOBHAIR FEUR 63 IOLSCOIL NA MUMHAN (SCEUL A BHUAIDH) PÁDRAIG Ó CADHLA 64 BARÁNTAS NA mBRÓG PÁDRAIG ÁGHAS 66 MAIDHC-JÓ “CILLNUADH” 67 CIONNTACH? SEOIRSE MAC CLÚIN 68 RINCE AGUS CEOL SEÁN Ó CUIRRÍN 71 AN GHAEDHEALG MAR TEANGA GNÓTHA 73 FOGHAIR NA GAEDHILGE — IV PÁDRAIG Ó CADHLA 74 LÉIRMHEASA 75 LEITREACHA 77 COMÓRTAS 79 NÍ BHÍONN FRIDÍNÍ GALAIR AR CHUAIRD CHUN TIGHTHE A BHÍONN A gCOIMEÁD FOLLÁIN LE BACILIKIL (Ba-soil-i-cal foghair an fhocail seo) AN COSAINT SLÁINTE IS FEARR 'Sé an slighe is fearr chun galair do sheachaint ach é d'úsáid i gcomhnuidhe. Tá sé á dhíol ag Ceannuidhthe agus ag Ceimistí ar fud na tíre. Deuntar ag “Irish Disinfectants, Ltd.” é, Usher's Place, i mBaile Átha Cliath. Díoltar é fé chonnradh le Dáil Éireann agus le Bóthar Iarainn an Deiscirt, agus deuntar LYSOL (Gaedhealach) san áit cheudna leis. o.k. Bí ag lorg an Muilleat ar an gclú- dach DÉINIMÍD-NE DABHACHA, PEIGÍNÍ, AGUS FIRCÍNÍ as an adhmud feagha is fearr a fhásann i dtír na hÉireann agus is againn atá ceann de na tighthe cúpaora agus boscaí a dheunamh is mó in Éirinn. Tá bosca an ime, bosca na cáise, bosca na n-ubh, bosca an éisc, a's na barrailí le fagháil annso — an t-adhbhar is fearr agus marga maith. Déintear annso iad. Gach fios agus faisnéis uainn-ne — SEUMAS MAC MATHGHAMHNA (TEOR.) i LUIMNIGH Guthán 4804 SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH TTA., 45 SRÁID DASÚN, ÁTH CLIATH. An t-aon tsiopa amháin i nÉirinn go bhfuil le fáil ann gach leabhar go gcuireann Gaedhil suim ann — i nGaedhilg nó i mBearla. An t-aon tsiopa amháin i nÁth-Cliath gur éigin do gach duine ann eolas bheith aige ar theangain na nGaedheal. TOGHA AGUS ROGHA de Leabhraibh Gaedhilge Sin atá le fagháil ó MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, 87 SRÁID UACH. NA DRISEÓIGE. Ag a bhfuil an chnuashacht is fearr i mBaile Átha Cliath dá leithéid. Tógtar fé ndeara nách gádh Beurla do labhairt 'sa tSiopa so
GRANIA TOOTH PASTE. DEUNTUS NA h-ÉIREANN AR FAD. NÍ BHEIDH AON PHRÁINN LE FIACLA FALLSA. GIBSOL AGUS A CHUIDEACHTA — LUCHT DEUNTA AN ÍCE DÁ CHUR ÓS ÁR GCOMHAIR. Tá Gibsol an Íce i mbeul gach aoinne in Éirinn. Is eadh, má seadh bíodh “Gráine” sna fiacla aca — Coimeádfaidh sé gan lobhadh iad. GRÁINE ainm an artha so. Tabharfaidh GRÁINE fiacla glana, geala dhuit. Ní'l áon ghalúnach ann; beidh do sheile go folláin nádúrtha leis agus blas táithniomhach id' bheul áige. Ní baoghal do phlaosc na bhfiachál ná do fhéitheacha an bhéil. Ar a nglaineacht athá seasamh na bhfiacal. Is féidir “GRÁINE” d'fhagháil ó lucht díolta íce i ngach áit nó ó lucht a deunta — Gibsol & a Chuid., Lána án Chláir, i mBaile Átha Cliath. N. K. M. Irish Cream Toffee Tabhair rud don pháiste agus tiocfaidh sé amárach. Maidir le N.K.M. tabhair rud don pháiste agus don t-sean-duine agus tiocfidh siad araon gach aon lá. Mílseán blasta agus fíor-ghlan iseadh an tofaí so. ¼-lb., 7½d.; nó bosgaí stáin ar 1/- a's 1/5. Á deunamh ag North Kerry Manufacturing Company, Ráth ó Máine, Áth Cliath. DÉANTÚS GAEDHEALACH DO GHAEDHEALAIBH “COMHAR-GAEDHEALACH” — ÁTH CLIATH. 'Sé an cúis thosnuighmear an an obair seo (.i. eudaighe do sholáthair) ach chun an ghnótha do chur ar a bhonnaibh go ceart. Tionnsgail gan proiféidí — sin é an rud a theastuigheann uainn. Na heudaighe a dheunamuid-ne, táid go léir deigh-dheunta, agus ní'l ionnta ach an stuif is fearr. CULADHTHA FEAR AGUS BAN. Má thá culaith is féidir leat ceann d'fhagháilt (ó'n tuise amach nó deunta is eile péacu is fearr leat) ó'n gCOMHAR-CHUMANN, TEÓR. (“IRISH CO-OP.”). Ní'l a shárú ann maidir le feabhas agus saoirseacht earraidhe. 98-104 SRÁID MHEADHONACH NA MAINISTREACH. Ná Dearmhadaidh Lucht na bhFógraí sa “Sguab”
MAIR, A CHAPAILL, AGUS GHEOBHAIR FEUR. Tá foclóir Gaedhilge-Beurla nuadh tréis teacht amach le déidheannaighe. Tá ár dtuairm féin air chó maith le cách agus tá léir-mheas air san uimhir so den “Sguab.” Dála an sgéil, caithin a bheidh cur amach nuadh d'Fhoclóir Uí Dhuinnín le fagháilt: tá sé geallta dhúinn ag muintir na Téacs Gaedhilge le tamall maith anois. D'airighmear go mbeadh an-chuid focail agus abairtí sa mbreis sa cheann nuadh. Ach maidir le leabhra, chó maith le gach aon rud fé láthair, ná creid a chloisir nó gur fios duit féin é. Do thagairighmear do cheist Amhlaoibh Uí Shúilleabháin an mhí seo caithte; agus, cad atáthar 'á dheunamh i dtaobh an Bíobla Naomhtha. Do cuireadh Coisde fé leith ar bun chun na hoibre sin do chur chun cinn. Parturient montes agus an oiread is luch féin ní thagann ar an saoghal chughainn dá bhárr, dréir deallramh. Is dócha ná fuil ach aon chóip amháin de lámh- sgríbhinn an Athar Peadar, agus gheobhfuidhe é sin do dhóghadh chó maith le sean-sgríbhinní na gCeithre gCúirte agus nótaí Fir Eagair “An Sguab”! 'Seadh, do dóghadh cúpla rud eile in Oifig an Phuist an lá úd seochas na ceannaibh adubhramar cheana, agus bhí an dara sgeul braithte leis an Athair Mac Clúin ar cheann aca. Bíonn an iomarca cainnte againn mar gheall orainn féin sna nótaí seo, ach ós rud é gur euluighmear isteach sa sgeul arís, tá sé chó maith againn a rádh anois go mairfimíd, le congnamh Dé, maran mbaineann aon chiotarainn dúinn ná fuilimíd ag coinne leis. 'Sé sin le rádh, ná beidh deire linn tréis na sé mí úd — ná i gceann sé mbliadna nach oiread, má eirigheann linn chó maith feasta a's a eirigh go dtí so. Mairg ná feucann roimhe, ach ní beag aon bhliadhain amháin an aimsir seo. Tá Coimisiúin 'á gcur ar bun ag an Rialtas gach ré lá chun ceisteanna tábhachtacha do réidhteach. Ach cadé an tairbhe dóibh nó don Náisiún iad maran ndeintear rud dena gcuid tuarasgbhála. Aimsir an chogaidh idir Éire agus Seán Buidhe bhí “Coimisiún Fiaf- ruighthe Tionnsgal agus Maoin na hÉireann” ar siubhal. Eachtra an méid rudaí éifeachtamhla do moladh ann i dtaobh gach aon nídh níos tábhachtaighe ná a chéile, ach níor chuir an Rialtas féin do chuir ar bun é aon suim ann agus chuaidh sé in eug sa deire. Nídh nach iongnadh é toisg an slighe a raibh an sgeul acu — Rialtas i bhfolach ar dtúis, Rialtas Sealadach annsan, agus anois Rialtas imshníomhach. Ná deirtear go mbímíd ag síor-cháineadh an Rialtais. Obair sguaibe dar ndóigh ach a bheith ag glanadh pé cúinní salacha a rángóchaidh léi. Ach mar sin féin, tá an iomarca taithighe againn ar choimisiúin d'fheiscint agus gan aon rud dá mbárr i ndeire na sgríbe. “Tugtar ceart don Ghaedhilg”: tá an rud sin 'á phlé fós sa “Sguab,” agus ní mór linn do n-ár lucht léighte slighe dona leithéid sin chun díos- póireachta. I nGaedhilg agus i mBeurla cuirtear amach na tuarasgbhála so. Ní fheadar an léigheann aoinne an ceann Gaedhilge. An duine a léighfeadh tuarasgbháil Choimisiúin na mBóithre Iarainn gheobhfadh sé Gaedhilg simplidhe nádúrtha go leor ann, pér domhan é. Chon- naiceamar an rud mar a dh'fhág sé lámh an Choimisiúin. Níor righneamar mórán iongantais de nuair a thugamar fé ndear go raibh sé aistrighthe rud beag ag “aistríghtheoir oifigiúil an Rialtais.” B'fhearr leis “Na ceangail atá idir oibritheoirí na mbóithre iarainn agus na có-luchtaí,” cuir i gcás, ná “An slighe atá an sgeul idir lucht oibre agus lucht stiúruighthe na mbóithre iarainn,” an rud a bhí sgríobhtha ag an té sgríobh an tuarasgbháil Gaedhilge. Dá léighfí iad sin gan an Beurla ós do chomhair amach ciaca aca is túisge a chuirfeadh i dtuis- gint duit an rud a bhí in aigne an Choimisiúin (.i. “the relations existing between …”). Fuair cailín i nDoire an cheud duais sa Mater Sweep. Ní túisge ghabh sí é ná bhí lucht páipeur ar a tóir agus lucht ionphósta agus lucht déirce leis is dócha. Níor chuaidh an t-airgead san thar lear, pé sgeul é. Ní thuigimíd go bhfuil aon rud bun os cionn ag baint le sweeps dá shórt (níor mhór dúinn focal nuadh do cheapadh do sweep mar go mbeidh siad againn in áit a chéile go deo anois). D'fheudfaidhe fiacha na n-oispideul go léir do dhíol sa tslighe sin. 'Sa bhFrainnc is as cáin
na Pari-Mutuels a coimeádtar suas ar fad iad. Tá lucht rás ar an dream is neamh- Gaedhealaighe i nÉirinn, béidir, agus ba bhreágh an rud é tairbhe éigint do bhaint asta ar mhaithe leis an náisiun. Thugamar an chraobh do lucht rás nóimeant ó shoin — maidir le neamh-Ghaedhealtacht. Ba dheacair iad do shárú, gan dabht, ach chun cothrom na Féinne do thabhairt i gcomhnuidhe, is dócha go bhfuil an oiread Fáinneach 'na measg a's atá i measg ceannuightheoirí muc, cuir i gcás, nó sa queue a bhíonn ag fanamhaint leathismuigh den Tivoli gach aon oidhche i mBaile Átha Cliath. 'Sé sin le rádh, aoinne in ao' chor. Mara bhfuil aon mhaitheas i lucht ceannuighthe beithidheach i dtaoibh na Gaedhilge is ar lucht saothruighthe na talmhan atá an tír go léir ag braith i ndeire na sgríbe. Clann tuatha iseadh an chuid is mó desna deagh-Ghaedhil atá againn is dócha, agus nuair a bhíonn na feirmeoirí go maith as bíonn an náisiun go maith as. Dá bhrígh sin is breágh linn tabhairt fé ndear go bhfuil rud beag feabhas tréis teacht ar a sgeul. Tháinig tosach an gheimhridh go bog breágh (agus tosach maith leath na hoibre, gan amhras, maidir le cothú an gheimhridh), agus tá glaodhach cuibheasach maith ar bheithidhigh arís. Ar sgáth a chéile maireann na daoine, agus dá bhrígh sin, má stadtar ón droch-obair mí-ádhmharach so i nÉirinn ní brisfear an oiread san daoine a's a shíleamar. Tréis na nótaí seo a bheith sgríobhtha againn agus “An Sguab” beagnach fé chló tháinig sgeul eile isteach ó'n Athair Mac Clúin. Is maith an rud é, mar go raibh saghas amhras againn go raibh “An Sguab” ag teacht rud beag níos troime ná mar ba mhaith linn. IOLSCOIL NA MUMHAN I RINN Ó gCUANACH. SCEUL A BHUAIDH. (Tuille dhe). Gach buaidhirt agus beannacht a thárlaigh dhó le hocht mbliadhna deug anuas. Bhíodh an Dr. Ó Síothcháin annsúd go breágh, naomhtha, uasal ag feuchaint, a chuid eudaigh agus é féin gan smáchail, gan barr cleite isteach ná bun cleite amach in aon bhall de, acht é go maordhamhail, mórdhamhail, maiseamhail; gach aoinne agus sórt scáth orra roimhe, acht mar sin féin iad marbh le meas agus le gean dó. Chuir sé fuath na háite ar lucht an Bheurla agus raghaidís i bpoll tarrachair uaidh. Ní raibh uaidh acht an Ghaedhealg, fíor, ceart, nádúrtha bhí i seilbh muintir na Rinne a bhailiughadh agus a sholáthar agus a leathnughadh gan milleadh gan múchadh. Ní raibh aon leabhar le léigheamh againn an cheud bhliain a bhíomair ann. Ar a shon go dtuigfeadh muintear na háite an chaint a bhí in “Seudna” agus in “Sgothbhualadh,” agus go dtaithnigheadh sí go maith leo bhí go leor, leor rudaí ionnta ná rabhadar in a dtaithighe agus ná beidís sásta leo. Theastuigh uainn an chaint díreach mar a bhí sí aca féin a chur i gcóir agus a fhrithealadh dhóibh agus a thabhairt dos na daoine bhí dá lorg. Fuaireamar ceann des na cainteoirí is glaine agus is cirte 'san áit, Tomás Ó Muireadhaigh agus bhaineamar caint as ar chúrsaí an tsaoghail, na cúrsaí ba thaitheach leis labhairt orra, iascaireacht, feirmeoireacht, an aimsir, piseoga, an foghmhar, na prátaí, agus mar sin, agus chuir lucht páipeur Portláirge cló orra dhúinn i bhfuirm “Greas Comhrádh.” Chuireadh lucht na bpáipeur so cúpla scór de na billeoga chugainn gach aon tseachtmhain. Bhídís seo mar adhbhar léighimh againn agus dheineadh leabhar díobh in a dhiaidh sin i bhfochair bailiughadh eile ó mhuintir na háite. “Cnó Coilleadh Craobhaighe” an leabhar sin, agus chuir an Dochtúir Ó Síothcháin leabhar nua de ghlan-Ghaedhilg na Rinne amach gach bliadhain ar feadh cúig nó sé dhe bhliadhanta. Is dóigh liom ná fuigheadh aoinne a bheith ní ba chúramaighe i dtaobh glaineacht na Gaedhilge ná bhí sé sin ar an nGaedhilg a chuir sé is na leabhartha sin, agus is é mo thuairim ná raibh aoinne ba thuigsionnaidhe ná ba eolgaisidhe ar an obair. Chuir sé cló ar “Shean-Chaint na nDéise” roimhe sin, agus thuill sé moladh agus meas na húdair ba mhó le Gaedhilg san aimsir sin. Is dócha gur ar éigean atá focal ná abairt ná casadh cainte i mbeula na gcainteoirí is fearr 'sa Rinn ná fuil bailighthe agus breactha
síos aige, agus is mór an feall gan iad sin go léir in eagar aige agus leabhar deunta dhíobh. Badh mhór an congnamh a leithéid chum saidhbhreacht agus fairsingeacht na Gaedhilge a chasadh orainn. Ní headh, acht badh cheart a leithéid a dheunamh do gach aon áit a bhfuil an Ghaedhealg dá labhairt go beo glórmhar i measc na ndaoine. Tá rudaí fé leith ag baint leis an Ghaedhilg in gach aon áit aca so, agus is é an diombádh gan iad bailighthe. Níor mhór duine éirimeach, tuigsionnach, cúramamhail a bheith i mbun na hoibre agus gan an iomarca deithinis a bheith leis acht gach aon rud a bhail- iughadh agus a chur in eagar mhaith. Na focail, an foghar atá aca, an t-úsáid a bhaintear asta, agus mar sin, a chur síos go cruinn agus go cúramach. Is mór an díthcéille dho aoinne a bheith ag cur síos foghar focal na Gaedhilge i leitreacha Beurla; ní fhuil ann acht cur i mugha, agus rud eile, ní gábhadh é, mar gur féidir gach foghar atá 'sa nGaedhilg a chur síos i leitreacha Gaedhilge. Dá mbeadh leabhar dá leithéid seo in eagar i gcóir gach aon cheanntair mar adeir mé badh mhór an meur-ar-eolas a dheunfadh sé do lucht Acadaimh na Gaedhilge nuair a thiocfaidh an t-am do n-a leithéid a bheith againn. Is eadh, acht 'dé'n áit é siúd a raibh mé ar mo sceul? Ó, is eadh, Leabhartha na Rinne agus oidí na Gaedhilge ann. Bhí an Fear Mór annsúd agus allus ag sileadh leis d'iarradh an chaint a bhogadh do na haingciseoirí bochta ná raibh focal den Ghaedhilg in a mbeul aca. Míorbhail cheart an casadh agus an t-iompó, an t-athchasadh agus an t-ath- iompó a bhaineadh sé as gach aon abairt d'iarradh é chur i dtuigsin dóibh, an tslighe a tharraingeadh sé isteach ar an gcaint iad gan fhios dóibh féin, agus an tslighe a chuireadh sé é féin i dtuigsin dóibh gan aon fhocal Beurla. Na gothaí bhíodh aige le n-a shúile, le n-a bheul, le n-a chluasa, le n-a cheann, le n-a lámha, agus le n-a chosa. Bhíodh gach aon fhéith in a chorp ag obair aige. Bhí bean ó Londuin ag cur síos air uair agus ar a chuid múineadh, agus dubhairt sí fiú amháin órdóga a chos go mbídís ar siubhal aige 'sa múineadh. Eachtradh shaoghalta an artha bhí aige chum na Gaedhilge a mhúineadh, acht mar sin féin is mó braon alluis dá chorp atá curtha aige léi. I mBaile Uí Luimín, cheithre mhíle siar ó Dhúngarbhán ar bhóthar na Ceapaighe, is eadh rugadh Diarmuid Stócs. Is dóigh liom nár thug aon bhuachaill eile den áit dá chomhaimsir an Ghaedhealg leis ó ucht a mháthar. Má thug- adar is lag é; ní raibh ag an duine is fearr eile dhíobh acht fíor scanán na cainte. Bhí an Ghaedhealg ag Diarmuid, bhí sí go bríoghmhar buacach aige, bhí ceol agus binneas agus buigeacht na Gaedhilge aige, bhí greann agus seanchuidheacht na Gaedhilge aige agus an croidhe bog, lághach a ghabhann léi. Creach don Ghaedhilg b'eadh a bhás. Bhí sé in a mhúinteóir taisdil agus annsin in a thimthire agus thug sé allus a chorp ar son Gaedhilge. Dheunfadh sé gníomh dá mba é toil Dé é d'fhágaint againn. Fuair sé bás in aois a shé bliadna fichead. Thug sé sin agus mórán buachaillí óga agus mná óga eile nach é allus a gcléibhe agus a gcorp gur chuadar d'eug in a n-óige ar son na Gaedhilge le fiche bliadhain anuas, agus ní lugha ba chóra iad d'áireamh i measc mairtíreach na hÉireann ná na daoine a thug a gcuid fola ar son saoirseacht na tíre ar feadh seacht gceud mbliadhan. Is mó fear greannmhar agus bean ait a bhuail chughainn ó am go ham, acht cad adeurfá leis an bhfear a bhuail chughainn istoidhche agus a chuir de ar maidin le holc nuair ná labharfaí Beurla leis. PÁDRAIG Ó CADHLA (Críoch an Cheud Chaibidil.) Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n Chumann Gaedhealach is Fearr AN CUMANN IBÉRNEACH INSIÚRÁLA TEÓ. I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS COITCHINNE. Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH. NA POLASAITHE IS IOMLÁINE LE FAGHÁIL.
BARÁNTAS NA mBRÓG. Mac Uí Ghliasáin, ón gClochar, a dhein an barántas so. Tá an Clochar so leath-shlighe idir an Dúnbeag agus Sráid na Coillte. Is amhlaigh a ghoid a bhean na bróga ó'n Gliasánach, d'fhonn is é choimeád istigh ó'n mbáire a bhíodh gach Domhnach a bhualadh ar an Daibhch Mhóir mar a bhfuil na cnuic mhóra ghainmhe, lastoir de'n Dúnbeag. Bhí an t-an-chaitheamh ag an bhfile i ndiaidh an bháire, agus i ndiaidh an rinnce a bhíodh ar siúbhal le hais an bháire. Bhí a bhean ciapaighthe aige agus do chuir sí na bróga i bhfolach air. Ó Mháire Mhór Ní Bhraoin ó Chill Árd iseadh thóg mé síos é. Tá sí taréis bháis anois, go soillsigh solus na bhFlathas ar a hanam. B'í Máire máthair Phádraig Mhic Dhómhnaill .i. cura mhórcháil na gcleas-lúth. PÁDRAIG ÁGHAS. BARÁNTAS NA mBRÓG. Condae an Chláir i dtúis na hÉireann, Aois Mhic Mhuire anois mar léightear, Taréis míle bheith caithte agus ocht de chéadta, Agus fiche bliadhain 'na dhiaidh ar aoncheart, Tháinig dearbhú de cheartú céille Máthair ghiúistís go saoieamhail saothrach Dearbhú limeanta cruimeanta cródha. Do réir mar a thuigim gur imthigh mo bhróga. Dá bhrígh sin tugaim le húghdar dána Dlighe na righeachta agus togha bharántais, Cuardaigh go dlúth gach cúine 'en stábla, Luchta na gcearc nú ar phort na sráide iad. Ná fág cúil ná cúine ar thíortha, Fé thóin leabthan ná cúil iadharta, Móinte, bogaighthe, curaighthe 's aibhnte, Le hais na mara nú 'dir mairbh an teampaill. Ná fág claidhe ná poll díge, Béal Chomhraí ná Sráid na Coillte. Cuardaigh Calán agus Cuilean-Uí-hÍde. Cuardaigh go ceart i mBléin na Díge. Dá mba bhróga briste iad gan seile gan sásamh A bheadh brúighte briste nú rithte lem shálaibh, Acht mo bhróga greanta thug an-chuid ghrinn dom. Is áluinn tapa do ghreadfainn leó rinnce, Ó neóin go maidean is ó mhaidean go faoithe, Le gach óigbhean chailce dá dteagmhóch im líonta. Bhíodar suidhtheamhail, croidheamhail, díonmhar, Fáisgithe socair ar mo chosaibh chum rinnce, Níl aon oidhche speatair ná soineanaí bhí 'gainn Fé mar a mheasaim nár chaith mé leó oidhche. Dá bhfaghainn a dtuairisg ní dhéanfainn suaimh- neas oidhche, Thabharfainn coróin nú dó mar dhíol uaim. Dhéanfainn fiadhna díobhsan á bhfiachadh le peelers Is do chrochfainn go hárd ar bharr croich Ínnse iad. Cuardaigh leasanna Chnoc Donn Fhirinnigh. Greán do chás go hochlánach le Clíona. Téighir go dtí an Chraig léi mar a bhfaghaidh tú Aoibhil. Seachain, tá abha ag bun cnuic Réithe — An abha abhí ag Conal an chéad rí abhí ar Eirinn. Scótia i Laidin ainm na hÉireann, Gaillimh na mbád agus Ára naomhtha, Casadh liom an chailleach is ba ghránda an tseóid í, A gruaig léi síos agus a buinn gan bróga, Snódh na gaoithe 'ri fé chríon-bhrat crón, Í caithte, críona, claoidhte, feóidhthe. “Fág mo radharc, a chladhaire ghránda, You impudent lout, you're bould and saucy.” “Soisg, a chaille, is oth liom do chúinse, Is lom í do dhreach is tá brath ar do shúile. Rachad Meighráth nú go Réidhchnoc Aoibhil, Is ní stadfad go bráth go mbainead páirt de Chlíona.” Le Clíona:— “Beannuighim duit, a bhainríoghan órdha, A chroidhe na féile is a chraobh an eólais. Is duine me i ngéibhin 's i ndaorbhruid brónach Tá cathuightheach diacrach i ndiaidh mo bhróga.” “Má's duine tú i ngéibhin 's i ndaorbhruid brónach, Tá cathuightheach diacrach i ndiaidh do bhróga, Gheóbhaidh tú buatais uaimse is bróga, Ainir bhreagh, mhúinte, chúmtha, chórach, Is each mear súgach i dtúis na slóighte.” D'árduigh sí léithe lóm a réidhtigh, Bhí password aici pátlum pétum. D'oscladh dorus is fiche gan bhréag dhom. Chonnaic mé seómra lán d'ór is de dhémons, Seómra lán de chulaithe airm is éide, Seómra lán d'ógmhná dar las spéir is grian ortha, “Here you'll find some jewels more curious than Venus And enchanting music that will surely ‘plaze’ you.”
Dá mba liom an bogha (bú) bhí ag Murchadh ag treascairt na dtáinte, An lomra óir a bhí i gcómhfra Jáson, An t-ubhal san chraobh do phléidh an bháinchnis Ar mhaitheas an tsaoghail ní thréigfinn Máire. Bhí srian is each i láimh gach aoinne; Fothrom is gleó ag cóistí taobh liom; Is faobhar nímhe báis i mbarr na gaoithe. Dob' ionann lem' láir se árd nú íseal. “Fágaigh ar an dtalamh mé, tá pianta ar mo ghlúinibh, Tá fiuchnaí ar mo sála 's mo chnámha bochta brúighte. Ní maith an marcach mé i dtosach an chúrsa Muna bhfaghainn asal nú seanchroc seanda Mar a bhíodh ag mo athair ag tarrac an mhúraigh.” Breathain mé an talamh cé gur fada mé foidhneach Is sgreadas go lom ar Donn na Daibhche, D'airigh an bunán ceannárd uasal Agus dubhairt go hárd leó, “Fágaí(gh) uaibh é, Dé'n sórt duine thu nú cá bhfuil do bhróga, Nú an as do chodla do rugadar leó tú. Tá scannra 'n bháis go gránda id' shúile, 'Sé taithneamh mo cháil gur gránda an tsamhail tú.” “Tá scannra 'n bháis go gránda im' shúile, 'Sé taithneamh mo cháil gur gránda an tsamhail mé.” Acht le faobhar coin catha bhí an-chuid fiaidh ann, A's mé os cionn na mara ar mhullach crois' iarna. Do shiubhlas gach áird, níl áit nár chuardíos. Ní fhuaireas mo chás a dtásg ná a dtuairisg, Nuair a chonnac chúgham Máire mo ghrádh dom' fhuasgailt, Is bhíos ar an dtráigh sul a raibh an báire buailte. MAIDHC-JÓ. Garsúinín sa sgoil seo againne iseadh Maidhc-Jó. Deirtear go bhfuil sé spaid- eamhlach, agus is fíor ná bíonn a cheacht go maith aige riamh, ach nach é an leadó atá ábalta ar an bhfreagra glic do thabhairt ort mar sin féin. Tá beirt shagart sa pharóiste seo. Is annamh a sgaoileann an Canónach sinn sul a dtugann sé seanmóin leath-uair a chluig uaidh ach bíonn a mhalairt de sgeul ag an bhfear eile. Téigheann an Canónach go dtí an sgoil go minic ag ceistiuchán. Bíonn Maidhc-Jó ag bun na buidhne i gcomhnuidhe, ach, má bhíonn, gheibheann sé níos mó ná a chuid féin desna ceisteanna. “Cadé an deifridheacht,” arsan Canónach leo lá, “idir Canónach agus sagart óg?” “Tá's agam é sin,” arsa Maidhc-Jó. “Is féidir le Canónach Aifrionn fada a rádh agus ní dheireann sagart óg ach ceann gairid.” Cuireann an Canónach an-shuim in ainmeacha na ndaoine. Aon lá amháin chuaidh sé mór- thimpeall na buidhne ag fiafruighe desna páistí cadé an naomh pátrún a bhí ag gabháilt le n-a n-ainm: mar cuimhne ar Naomh Pádraig, nó Naomh Brighid, nó Naomh Eoin, agus mar sin de, a baisteadh an chuid is mó díobh. “Agus tusa?” arsan Canónach ag teacht go dtí Tadhg. “Naomh Thaddeus,” arsa Tadhg. “Agus tusa?” arsan Canónach le Maidhc-Jó. “Naomh Maidhc-Jó,” arsa seisean. Lá eile bhí an Canónach ag innsint parabil an tSamaritánaigh Fhoghanta sa sgoil agus 'á mhíniú dosna páistí. “Nárbh' ait an rud é,” arsan Canónach, “gur chuaidh an sagart thar brághaid gan aon tsuim do chur sa bhfear bhocht agus é geall leis fuar marbh sa díg. Conus a mhínigheann tú é sin, a Mhaidhc-Jó?” arsa sé, “mar ní mar sin a bhíonn sagairt de ghnáth, dar ndóigh.” “Muise, a Chanónaigh,” arsa Maidhc-Jó, “is amhlaidh a cheap an sagart, is dócha, gur ar dearg-mheisge a bhí sé.” Bhí Maidhc ag léigheamh an pháipéir le déidh- eannaighe. Tá an buachaill ceudna cliste go leor nuair is maith leis. “Nach greannmhar an sgeul é,” ar seisean, “drifiur ag fagháilt bháis leis an ocras ag iarraidh teacht amach as príosún agus drifiur eile ag fagháilt bháis leis an ocras ag iarraidh dul isteach ann!” Baineann sé fiche bliadhain de bhean fear do dheunamh dena mac, ach ní bhaineann sé ach fiche nóimeant de bhean eile amadán do dheunamh de (ní Maidhc-Jó dubhairt é sin, ámhthach). CILLNUADH.
CIONNTACH? “Ach! cuir uait i n-ainm Dé agus bíodh tuiscint agat.” Tháinig an focal san chó tapaidh orm gur baineadh gearra-phreab asam is thit an páipéar ar an úrlár. Bhí an Barrach ag féachaint isteach sa teine is an phíp bainte as a bhéal aige. Ansan thug sé féachaint im threó-sa is spréa- charnach feirge is searúis 'na shúile. “Táim dóthanach is lán suas aige cainnt mar seo. Páipéirí is nuadhuíocht, mhuis. N'fheadar conus a shíolruigh a leithéid. Daoine ag léigheamh, léigheamh, is ag sluga siar as na páipéirí. Marú anso is pósa uasal galánta ansan is a leithéid eile seo i mball éigint eile. Ithe agus ól dóibh iad so go léir indiubh, agus an tart is an t-ocras céadna amáireach. Nách minic a dúbhart cheana ná fuil ins na cúrsaí seo ach an screamh, an t-uachtar, an barra, an scannán, ná bainean úntas ceart leótha ach uair fhada fhánach? Téir síos, a mhic ó. Buail isteach fé bharra na h-ithreach; beir greim ar na rudaí a bhíon sa tsiúl coitianta is beidh úntaisí agat; úntaisí go bhfuil an mianach dílis fóghanta únta ach na daoine a bheith ró- dhall chun iad a dh'fheiscint. An droch-oideachas fé ndeár é, is an droch-thuiscint is easba – –. Ach caithimíst uainn é. Bhfuil aon ní eile ansan?” “Níl seóid a bharra ná faic,” arsa mise, is ní raibh fhios agam cad ba cheart a rá. “Ní fheicim aon ní eile.” ‘Agus na Cúirteana? Bhfuil aon ní ansan féinigh? Na sean-pháipéirí seo – –.” “Fan anois go bhfeicfead. Seadh díreach, arsa mise, a d'iarraidh an cúrsa a bhoga, “tá anso. Ach — níl ach cúpla líne. ‘Séamas Mac Stannaigh; meisce is droch-úmpar; mí nú £3. (Fuarthas Séamas Mac Stannaigh go maith fé dhig i Sráid – –.)’” “Ná bac leis sin. Tiocfaimíd thar n-ais air aríst. Lean ort.” “‘Pádraig Ó Ceallacháin: bliain go leith. Seóirse Mac Séamais: siopa seódóra a bhrise: trí bliana. Micheál Ó Cuínn: ar amhras: cuireadh – –.’” “Tha! Cuireadh cad-é? Aon ní eile. Micheál Ó Cuínn? Léigh é.” “‘Cuireadh siar.’ Sin a bhfuil ann ach amháin an seóla.” “Seadh! Seadh! Cad é sin?” “115 Sraid Shéa – –.” “An dial,” is do dhein sé na focla a thiomáint amach trí n'fhiacla. “Trom é sin;” is bhí sé léimthe i n-áirde is an páipéar snap- aithe aige. “Bheifá ag cainnt – –. Seadh, is nár cheart go mbeadh fhios a – –? Féach i leith, Antoine;” is do dhein sé an seana- pháipéar a raide chúgham i n-aon cheirtlín amháin, “má chloisean tu a leithéid de chainnt go deó airíst uaim ní gá dhuit ach ‘Micheál Ó Cuínn’ a luadha. Mise agat an t-amadán is crómhnta críochnuithe i n-Éirin indiubh.” “Ach, a dhuine chrómhnta chríochnuithe,” arsa mise — bhí an gearra-thaom feirge sin fuar marbh fé seo — “cuímhnigh, led thoil, ná tuigim- se cad tá ar bun agat i n-aochor fós. Cé h-é an Micheál so?” “Seadh,” ar seisean leis héinig, cheapas, “ní beag é sin mar dheimhniú. Bhí an ceart – –. Ó, seadh! an Micheál seo a dúbhraís. “Tímpal is leath-uair tréis a naoi ar maidin indiubh — níl anso ach cnámha an scéil — bhuail bean stróinséartha isteach chúgham. Ní raibh tusa anso an tráth san. Bhí sí tógtha, corruithe, cráite. Ach fágaimíst mar sin é. Cómhnuíon sí i n-uimhir 115, Sráid Shéamais. Tá go maith. Tráthnóna indé do ghluais a fear amach as an dtig tréis an tae chun gnó éigint a dhéanamh — ní raibh fhios aici cad é féinig — agus tháinig sé thar n-ais tímpal is leath-uair tréis a naoi. Níor chleachtuigh sé bheith amuigh an tráth san. D'fhill sé thar n-ais, ach go h-áirithe, leath-uair tréis a naoi; é bán, buidhe, dubh, dearg, gach uile dhath riamh i n'aghaidh, agus scannra an bháis air. 'Ná bí tógtha, a stóirín,' ar seisean. ‘Ní gá é. Uair éigint eile deinfidh me – –.’ Is do rith sé i n-áirde 'on tseómra. Dhein sé é héinig a nighe ansan is a shlachtú suas, agus laistig de nóimint nú dhó bhí sé tagtha anuas airíst ‘Seo, a Bhrídín,’ ar seisean, ‘tóg iad so,’ tréis a phóca a chuardach, ‘agus ná teasbáin d'éinne iad ar do bhás’; is do chuir sé trí cinn de sheóda go raibh spréacharnach soluis asta a dheinfeadh dalla ort is caocha isteach 'na láimh. ‘Bead ag imeacht anois. N'fheadar an mbead – –. Béidir ná tiocfad thar n-ais airíst anocht. Ach is cuma, a stóirín. Ná bíodh aon bhuairt ort. Béidir – –. Ach ní féidir liom a thuille a rá anois. Uair éigint eile má – –. Ach cuímhnigh ar na seóda san. Coimeád iad ar do bhás. Uair éigint – –. Ach is cuma anois. Slán agat.’ Is bhí sé amuigh fé dhoiritheacht na h-oidhché.
“Fágadh an bhean bhocht dall amach istig ins an gcistin. ‘Cad a bhí ar bun i n-ainm – –? Cad a bhí déanta aige? Na seóda ansan ar an mbórd ag spréacharnaigh is ag dlioscarnaigh. A Mhuire Mháthair, cad a bhí déanta. Goid? Níor bhéidir é. Agus má seadh — na seóda san — conus a thánadar? An amhlaidh – –? I n-ainm Dé ná cuímhnigh air. An droch-bheart, is ansan é tógtha amach, is na blianta fada is an tig – –. Ó, a Dhia na bhflathas – –!’ “Do bhris an gol ar an mbean bhocht, gol a shuathaigh gach órlach di: gol deórach cráite guirt. ‘A Dhia na ngrást!’ is d'fholuigh sí a h-aghaidh 'na dhá láimh. “Cnag! Cnag! Cnag! ar an ndoras. “Thriomuigh sí na súile is d'oscail. Bhí na póilíní 'na seasamh ós a cóir amach! “‘I gcúntas an tsaoil, agus cad do b'áil libh – –?’ “‘Ná bac le cúntas,’ ars' an Ceann. ‘Bhfuil fear an tighe seo istig?’ “‘Níl, ná istig. An amhlaidh – –?’ “‘Bhfuilean tu cinnte?’ “‘Táim, lán-chínnte.’ “‘Bhuel, táimíd á lorg, a bhean chóir. Deineadh droch-ní áirithe — marú is goid: is táimíd i n'amhras – –. Féach anois, má's maith leat aon ní a rá tá a chead san agat, ach cuímhnigh pé ní a deirean tu go mbainfar Úsáid as, má's gá é. Táimíd chun an tig a chuardach.’ “‘An tig a chuardach! Ó! a Dhia mhóir, cad tá déanta? Cad tá bun-ós-cionn? Ní chreidfinn go deó – –.’ “‘Thath,’ ars' an Ceann. ‘Cad iad so?’ is do ghreamuigh sé na seóda a bhí ar an mbórd. ‘Tá sé chó maith dhom a rádh leat, a bhean-an-tíghe, gur goideadh dlús luachmhar seóda ó Mhártan Ó Conláin, 25 Sráid an Rialtais, aréir, is gur marbhuíodh é le piléar. Bhí t'fhear-sa i láthair, is oth linn a rá, a Bean Uí Chuínn.’ “Thosnuigh an bhean ar bheith ag béicigh is ag screadaigh. Ghluais na póilíní ar fuaid an tíghe. Thuas sa tseómra bhí an t-uisce salach sa mbáisín is na giúirléidí caite thall is i bhfus ar an mbórd fé deifir. Tairigíodar an tarracán amach. Bhí clúdach gunnáin caite istig. Thógadar amach é. Uimhir A 6437 a bhí ar an gclúdach san, is bhí sé — follamh!” Níorbh fhada go raibh 25 Sráid an Rialtais bainte amach againn. “Tá náire an domhain orm, 'Antoine,” ars' an Barrach liom sa tslí. “Ó leath-uair tréis a naoi go dtí anois” (bhí sé a trí an uair sin) “is gan faic déanta tréis an gheallúint a thugas. An dial slaghdáin seo, is dóch. Ach bé go mbeidh an scéal ar fóghnamh fós. Bhí an bhean féinig macánta, ach go h-áirithe.” Ní raibh puínn aga agam chun uimhir a 25 a thabhairt fé ndeara. Bhí trí lochtaí ann: táthán buidhe-ghlas air: fuinneóga breátha móra: an tig féinig buailte leis an gcasán gan ráil ná gáirdín eatora. “Seadh, a Bharraigh,” ars' an Ceann. “An tu san?” Agus bhí gile is áthas is mórtas 'na ghlór is 'na radharc. “Ba chanta an gnó beag é. Níor dheineamair ach preaba isteach is na greamairí a bhuala ar an mbithúnach. Ní dheinfidh sé – –.” “Ach cárbh fhios díbh cá raibh sé?” “Ó! ba réidh an gnó é. Bhuaileamair isteach 'na thig féinig ath-uair ar maidin indiubh ceathrú tréis a naoi. Bhí gearra-chailín rómhainn isteach is litir aici do bhean-an-tíghe. Dhein- eamair í cheistiú, ach níorbh' áil léi puínn a rá. Chaitheamair an litir a dh'oscailt mar sin, féachaint cad a bhí sa tsiúl. Seo dhuit í Chífidh tu nár theastuigh a thuille uainn.” Bhí blúire páipéar giobalach istig sa chlúdach is an scríobh déanta le peann luadha. “65 Árd na hAbhan. “A Bhrídín dhílis, “Thugas an oidhche aréir anso. Ní dh'fhéad- fainn fille abhaile. Tá cúrsa botúnach tréis titim amach, is tá scamall dubh anuas orm. Ach ní gá dhuit aon droch-mhisneach. Beidh an scéal 'na cheart ar ball, le congnamh Dé. Misneach airíst, a chroidhe dheoil. “Micheál.” “Dhein san scéal socair de,” ars' an Ceann. “Fuaireamair é, is tá sé déanach agat-sa bheith ag teacht anois. Ní theastuíon do chabhair uainn an trus so.” “Is cuma san,” ars' an Barrach, “agus dá dteastóch féinig bhéadh fáilte is fiche rómhaibh fé mar a bhí go minic. Cad é an chéad tuairisc a fuaireamhair tímpal an chúrsa?” “Bhí sé mar seo. Tráth éigint aréir, bhí sé a naoi, measaim, tháinig glaodhach tríd an dtelefón á rá gur deineadh marú anso is brostú a dhéanamh. Léimeamair isteach sa ngluaisteán is sciúrdamair anso. Bhí bean-
an-tíghe anso. Tá's agat cad é an deárthamh a bh uirthi. Thug sí steach sa tseomra go raibh an marbh ann. Bhí fear istig rómhainn. “‘Cé h-é tusa?’ arsa mise. “‘Éamonn Ó Súilleabháin,’ ar seisean. ‘Bhíos anso nuair – –.’” “Seadh, fan go fóilín,” ars' an Barrach. “Féachfaimíd chuige sin ar ball beag. Caith- fidh me tuairisc mhná an-tíghe a thógaint ar dtúis.” “Dubhairt sí – –,” ars' an Ceann. “Leath-nóimint,” ars' an Barrach. “Bhfuil sí sa tig anso?” “Tá,” ars' an Ceann. “Cad do b'áil leat an cheist a chur?” “Chun na fiosruitheachta a shásamh — muna bhfuil aon ní eile ann.” “Ní gá dhuit a dhuadh san a chur uirthi. Pé fios a theastuíon uait – –.” “Seadh, tuigim,” ars' an Barrach, “ach b' fhearra liom é chlos uaithi féinig.” “Tá go maith, a Bharraigh. ‘Beatha dhuine a thoil,’ dar ndó, is bíodh do thoil féinig agat-sa. Ach ní gá dhomh-sa an scéal a chloisint ath-uair. Slán – –.” “Ní call duit é thógaint mar sin, a dhuine. Ní theastuíon uaim-se teacht laistig díot, ach ón uair gur tháinig Bean an Chuinnigh mo threó-sa ar maidin – –.” “Ó, tuigim. Tá an taobh eile agat, is dóch. Coimeád é, a dhuine, is fáilte. Ach cuímhnigh, mar a dúbhart-sa cheana, go bhfuil an scéal socair amach. Slán agaibh.” “Féach air sin anois,” ars' an Barrach, “is gan bun ná cúis leis. Níor ghá dhó é. Ach — feicimíst an bhean anois.” SEOIRSE MAC CLÚIN. (Beidh deireadh an sgéil seo sa cheud uimhir eile.) CRAINN ÓGA Níl aon rud níos tábhachtaighe sa tír seo ná crainn do chur. A Ghaedhil, ba mhaith ár ngnó do dheunamh as Gaedhilg, agus ní beag san, is dóigh linn. Cuiridh fios ar Chlár na Luach: Crainn Coille, Tuir Gáirdín, agus Crainn Torthaí. Tá teistiméireacht againn ó Aireacht na Talmhanuidheachta. MUINTIR AN RÁITHÍN, TUAIMGREINE, CO. AN CHLÁIR. LIOSTA DESNA LEABHRA FUAIREAMAIR AN MHÍ SEO CAITHTE. Comhlucht Oideachais — “Sgeul Ár dTíre.” — Liam Ó Rinn. 2/6. “Sgeulta Sgoile.” — Pádraig Ághas. 6p. “Trí Seoda ó Albain.” — An tAth. G. Ó Nóláin. 2/6. “Sgeul na hÉireann.” — Proinnsias Ó Súilleabháin 8p. Brún & Ó Nualáin — “Cosa Buidhe Árda.” — “Finghin na Leamhna.” 6p. Clodhanna — “An Baile Seo 'Gainn-ne.” — “Seabhac.” (Ath- chló.) 1/6. “Beatha Aodha Uí Néill.” — Mícheál Mhag Ruaidhrí. (Ath-chló.) 1/6. agus ón Ughdar (i Mainistir Fhearmuighe) — “Cnoc na Sidhe.” — Cormac Ó Cadhlaigh. 6p. ÓRDUGHADH DHÚINN “AN SGUAB” A SHEOLADH TRÍD AN bPOST. Do'n Bhainisteoir, “An Sguab,” Cearnóg Cnocán Áthais, a 24, Baile Átha Cliath. 2/- é seo chun go ndeunfaí “An Sguab” a sheoladh tríd an bPost chugam gach mí ar feadh na sé mhí a leanas ón lá indiu Mise M'Áit Chómhnuidhthe MAISÍNÍ CAINTE & PLÁTAÍ. GACH AON DEUNTÚS. Gheobha Lucht Léighte “An Sguab” Locáiste Speisialta. Fuigh an Pláta nuadh (Gaedhilge) — “RAITHEANACH A BHEAN BHIG.” GEARÓID CROFTS dubhairt an t-amhrán so. TOMÁS MAC MATHGHAMHNA, AN SGAIRBH, CO. AN CHLÁIR.
RINCE AGUS CEOL. “Tá sé sa chroidhe agam, acht ní'l sé sa chois agam,” an leath-sceul a bheireadh duine desna sean-andúirí, amba náir leis teasbáinteas do dheunamh os comhair cuideachtan ar athchuinghe cháich, den ghliodram agus beartú cos (agus b'fhéidir geug, leis) ba mhian leis 'na chliabh ag freagairt do mheadar mheidhreach mheanmnach an gheantraighe shinseardha. “Nach é an diombailt ar cheol breágh é,” adeireadh cách, agus diombádh an domhain orra ná faghadh mear-rince na méar ar theuda na bheidhlíne nó ar sheannsúir na píbe an cothrom comh-fhreagartha ba dhual dó ar chlár bog déil. B'fhéidir nár dhóichighe an leath- sceul a luadhas á thabhairt ná mian a chroidhe agus mear-ghríosacht a mheanman ag deunamh foiréigin ar lúthacha a chos is a gheug ag sean- duine agus é preabadh 'na sheasamh gan iarraidh gan athchuinghe, ag deunamh corruighe cos agus claonadh colna ná raibh gaol ná comhgas aige le céird ná le cleas snoighte snasta an mhaighistir rince, acht a chinn ó chroidhe agus a fuair treoir ó chluais. Tá sompla den ní seo adeirim arna chlódh go donn doimhin im aigne, sompla nach baoghal dó meirg na haimsire á mhúchadh, sa mhéid go mbaineann sé le buan- chuimhne an tsuaircis agus an aoibhnis a thaithigh me im óige ag scoruidheachta an tráthnóna i Sean-Choláiste na Rinne. Ceud slán leis an aimsir sin agus beannacht dílis Dé le hanam an té ba mhó b'adhbhar leis an aoibhneas so a luadhaim .i. Risteard de hEnebre, Sagart do na Déisibh, agus ceoltóir a thuig cionnus an t-anam agus an brígh ba dhual dó do chur sa gheantraighe shinseardha, go gcuireadh sé meidhir is meagadh agus tochas bonn chum bobhta ar chlár ar óg agus fós ar shean dá mbíodh i láthair. Ar eagla nár leor beartú a bhogha féin ag deunamh tógaint ar chroidhthe na cuideachtan san ba gheal gleoidhte leis, scaoileadh sé chughainn as an chóir-aithrise greas ar an bpíp ó Patsy Tuohy, rí agus ridire na píbreachta. “Cé gheobhadh foighneamh leis saor ó cheangal na gcúig gcaol?” arsa seanduine foirbhthe an tráthnóna so, ag preabadh 'na sheasamh le bíodhgadh 'na bhallaibh. Agus dóbair, leis, go gcaithfí ceangal caol a dhá chos ar a luighead do thabhairt air, ar eagla suathadh an úrláir do dheunamh dochair don chóir-aithrise. Sa chroidhe 'seadh bhíonn an rince gan amhras agus ón chroidhe 'seadh chuaidh sé sa chois ar túis agus annsan an chos a chur snasa agus slachta agus eagar filidheachta air le méid cleachttha agus le imtheacht aimsire, go bhfuil anois go cliste cóir agus go maiseamhail riaghalda againn. Ní hamhlaidh don rince gona cheol agus d'adhb úd na circe gona hubh — “Ciaca ba thúisce ann?” Ba thúisce an ceol acht b'fhéidir ná raibh ann acht san agus gur ar scáth agus le cois a chéile d'fhásadar 'na dhiaidh san i leith. Ní thráchttar ar rince isna sean-leabhra sinsir, acht is mó tagairt agus teastas le fághail i saothar sean-ughdar, idir Ghaedheal agus coigcríoch, ar a chaoine, a bhuige, a mheanmnaighe a sheinneadh aos ceoil in Éirinn anallód agus ar ghrádh agus géilleadh cine Gaedhil go comh-iomlán do gach cineul ceoil, idir geantraighe, goltraighe, agus suantraighe. Maidir liom féin de, is leor liom mar dheimh- niú agus mar dhíomhnú ar thréithe agus cáilidheacht ceoil an tsinsir an sompla do luadhas rómham agus tuille eile mar é dá bhfaca imeasc an iarsma Gaedhealaigh Ghaedheal úd dár thagras. Foighneamh ná fuireach socair níorbh' fhéidir leo ag éisteacht leis an gceol — leis an gceol dúthchasa adeirim, an ceol nár thaithigheadar, b'fhéidir, acht nár lughaide a n-aithne air luighead a dtaithighe air, mar gur théigh an fhuil sa chroidhe grinn Ghaedhealach aca leis, an nóimeat d'airigh- eadar é agus d'aithnigheadar ann meon agus sult agus subhachas an tsean-chine ór chinneadar. Chuir sé i gcuimhne don chuid aca a chonnaic é, scoruidheacht an tráthnóna shamhraidh ar an gcrosaire agus scléip-sult na hoidhche geimhridh ar úrlár tighe istigh — ógánaigh agus óg-mhná go geal-gháiriteach gan gruaim ag géilleadh le fonn do spreagadh spleodrach na píbe nó do luascadh luaimneach an cheoil bheidhlíne. Nach mó sceul greannmhar a tháinigh le cois na cuimhne sin chum a n-aigne. Shamhluigheadh dóibh Seán na Scléipe ag deunamh i leith ar chrosaire Bhaile na nGall arís, agus culaith air a dheineadh gan congnamh ó fhigheadóir ná ó tháiliúir. Seo mar a bhí — fear b'eadh Seán ná faghadh diúltadh do shult na scoruidheachta dá mbeadh ar bhain riamh leis ar an gclár. Chuaidh sé a chodladh dh'éis eadarshuth an Domhnach so chum bheith leigthe lúbach ceart i gcóir scléip an tráthnóna ar an gcrosaire. Cad deirir lena mhnaoi nár chuir gach aon bhall eudaigh leis i bhfolach nuair a fuair sí 'na shámh-suan é agus thug sí féin an chrosaire siar uirre agus í ag gáire 'na cliabh ag cuimhneamh ar an saoirse agus an suairceas a thuar sí dhí féin agus ar an ngreim ráideach a chuir sí ar an scléipire fir a bhí aici, ar a ball nuair a dhúisigh Seán agus chonnaic
sé an chealg d'imrigheadh go foilightheach fealltach air, dóbair ná fanfadh sé 'na chroiceann. Cé bhuailfeadh isteach leis an linn cheudna chuige ná a chomh-scléipire, Micheul an Rince, agus ba ghairid air sin féith do thabhairt thar fadhb agus clúdach thar tárnocht. D'fhill sé líon scadán go córach casta aniar thar chabhail Sheáin ó chaola a chos go caol a mhuiníl agus as leo araon gach ndíreach go láthair an rince. Fear an chulaidh lín ba thúisce thar iontódh an bhóthair, agus ní túisce chonnaic an chuideachta shuairc an beithear alltach, dar leo, ag teacht go hamplach fa n-a ndéin ná theich gach aon mhac agus inghean máthar aca 'na raon madhma meathta abhaile agus an píobaire dall chomh mear le cách. Fínnéidheacht a fhírinnighe sin ar Mhicil Ó Muirgheasa, seanchuidhe na Rinne, an té d'each- traigh dam, maille leis an eachtra eile seo im dhiaidh: Cailín aimsire a mb'ainm di Cáit Óinseach bhí i mBaile Uí Chuirrín. Mheall aisteoir éigin í chum dul leis go dtí scor- uidheacht an chrosaire an tráthnóna Domhnaigh seo, agus ó b'fhaision le mná na haimsire sin fannsa ar íochtar an ghúna aca agus nár ranguigh sa bhfaision san Cáit, chuir sí sean- bhanda rotha mar fhannsa uirre féin, ar chomhairle an fhir. B'shiné an tráthnóna a raibh an spórt agus an gleo ar an gcrosaire, acht bhí gol a ngáire ag cuid aca 'na dhiaidh, mar mhill Cáit glúine agus loirgní a raibh ag rince ann leis an mbanda trom iarainn. Ag machtnamh dam amhlaidh ar eachtraí grinn na sean-mhuintire agus ar mheidhrighe agus meanmnaighe an oidhreacht ceoil a tháinig chughainn anuas, m'iongantas ann doimhneacht agus daingneacht an ghrinn a chaith bheith i gcroidhe an Ghaedhil, ráidhte nár chlaoidh is nár mhúch liacht na gcreach d'fhulaing sé leis na bliadhanta fiara fuara i leith é. Má tá rún agus rian a bhróin againn sa cheol righin uaigneach, tá nochtadh a mheidhir in aimhdheoin na géirleanamhna againn sa cheol mhear shultmhar. Tá, nuair a sheinntear 'na cheart é agus nuair a chuirtear an t-anam is dual dó ann, mar dob' eol do phíobairí agus do bheidhleadóirí na gcros-bhóthar a chur, agus mar is eol fós do roint ceoltóir 'nár measc ná fuair a dteagosc in acadamh ceoil ó “Madame Mo-Dhiachair” ná ó “Herr Folt- Fada.” Nach dealbh dubhach mar sceul é go bhfaghfá fear nó bean re ceol i ngach cathair agus baile beag briste in Éirinn a mhúinfeadh giota éigin de cheol gach cine dhuit agus nár mhór duit dóigh agus andóigh do chuardach dá dteastóchadh uait tú theagosc ar cionnus cor, port, agus corn-phíbe na nGaedheal do sheint. Nó caith do shúil thar a bhfuil de leabhra teagosca ceoil againn agus gheobhaidh tú ionta sompla de gach cineul ceoil atá ag gach cineul daoine ar fuaid mór-roinne na hEorpe gan giog ann de cheol na nGaedheal, muna mbeadh gamall bocht maol éigin de phort nó amadán de chor, a mb'fhearr leat as ná ann iad, má's sompla do chách iad ar cad is oidhreacht ceoil dúinn. Ní hiongnadh san, dar ndóigh, nuair nach linn na leabhair, mar leabhar teagosca dár gcuid féin, ní'l againn chum a leagaint os comhair an bheidhleadóra óig, acht Sasanaigh, Frangcaigh, agus Gearmáinigh ag tál a leabhar féin orrainn. Is fíor go bhfuil leabhair mhóra againn a bhfuil cnuasach agus cnó ceoil an tsinsir ionta, acht dé méid dár gceoltóirí óga a chonnaic ceann aca riamh, nó, má chíd, cá bhfuil a dtairbhe dóibh in eugmais a n-eolais ar cionnus aon chineul ceoil dá bhfuil ionta do sheint. Oscail leabhar díobh os a gcomhair amach agus iarr orra port nó cor nó cornphíbe do sheint as a chuirfidh dearmhad a dhathacha agus óige arís ar an sean-andúir Ghaedhil seo led' ais. Obhoch, mo dhiacar! ní bhainfidís bíodhg ná béic as. Agus cionnus atáthar againn i dtaobh an Rince? B'fhéidir go bhfuil níos fearr agus nach baoghal dó leadrán agus leimhe an cheoil dá rochtain. Ní fheadar san. Má's ar scáth a chéile 'na gcomh-bhráithre d'fhásadar is deimhin gur baoghal dóibh galar a chéile. Ní haon chomhartha folláine liom ar an rince ná faghadh go leor d'ár rinceoirí óga cois do chur thar a chéile dhuit le haon cheol eile seochas “Miss McLeod” nó “Father O'Flynn” nó an “Westend Hornpipe.” Is baoghal dosna “rincí buidhne” a mbrígh agus a maise dá dtréigint leis má's i dtaobh le cúpla píosa ceoil dála “Miss McLeod” agus “The Rakes of Mallow” a bheimíd chum an líon atá ann díobh do rince leo. Ní hamháin nár mhór píosa ceoil fá leith do bheith againn in aghaidh gach rince díobh acht gach píosa díobh san arís do bheith fighte fuaidhte 'na chéile i slighe go n-oir- feadh gach alt de do gach gluaiseacht agus gach figiúir fa leith atá i gceachtar díobh. Chuirfeadh san ó bhaoghal iad agus chuirfeadh breachtradh agus meascadh maiseamhail an cheoil breis brígh i bhfuirinn a rincthe. B'fhéidir annsan ná beadh réim fá sna rincí gallda 'nár measc mar atá agus go dtiocfadh fás agus borradh ar an sean-rud Gaedhealach in áit an lán-stad atá á
dheunamh aige le tamall, agus go mbeadh rincí nua á gceapadh againn a gheobhadh an clár do sheasamh le haon Valse no Two-Step nó Fox- trot, &c., dá gcuirtear orainn anois. Beidh ár saoirse gan blas uirre ar nós an chaol- deoch glaise go mbeimíd arís Gaedhealach idir cheann is croidhe is cos. Dá ghiorracht do dhuine a theanga is giorra ná san dó a ghuth, ceol is giorra do ghuth agus rince is giorra dó san. Dá bhrígh sin, tagaidís, idir theangaidh is ceol is rince, chughainn thar n-ais, cois ar chois agus céim ar chéim, agus fásaidís ar scáth agus d'réir a chéile. SEÁN Ó CUIRRÍN AN GHAEDHEALG MAR TEANGA GNÓTHA. Deireann na daoine so leanas go bhfuilid toiltheannach a's lán-tsásta a gcuid gnótha do dheunamh i nGaedhilg le haon duine a thiocfadh chucha nó a sgríobhfadh chucha. Máire Ní Raghallaigh, Leabhair Ghaedhilge, 87 Sráid na Driseóige, Baile Átha Cliath. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor., 89 Sráid an Tálbóidigh, Baile Átha Cliath. Cló-Chomhlucht an Tálbóidigh, Teor., 89 Sráid an Tálbóidigh, Baile Átha Cliath. Tomás Mac Mathghamhna, Ceannaidhe, An Sgairbh, Co. an Chláir. Domhnall Ó Conchobhair, Cúntaisidhe, 13 Sráid an Fheis- tighe, Baile Átha Cliath. Ághaistín Ó hAodha, Táilliúr, 16 Sráid an Húmaigh, Baile Átha Cliath. J. L. Stewart, Siopa Córacha Oifige, 4 Faithche an Choláiste, Baile Átha Cliath. Muintir an Ráithín, Gáirdíní Oileamhna Crainn, Tuaim- gréine, Co. an Chláir. Siopa na Leabhar nGaedhealach, 45 Sráid Dáson, Baile Átha Cliath. H. Ridgeway, (aon duine amháin), Bearrbóir, 22 Sráid an Fheistighe, Baile Átha Cliath. Banne na Talmhan, Faithche an Choláiste, Baile Átha Cliath. NIGHEACHÁN RIABHACH AN tSATHAIRN NÍ BHÍONN SÉ GEAL DÉ DOMHNAIGH. Dá bhrigh sin Cuiridh bhúr gcuid nigheacháin chun TIGH NIGHEACHÁIN NA CÚIRTE (COURT LAUNDRY) SRÁID HARCOURT, BAILE ÁTHA CLIATH. TOBAR NA FÍOR- GHAEDHILGE I RINN Ó gCUANACH I nDÚTHAIGH DÉISEACH. CAITH DO SHAOIRE AR DO SHUAMH- NEAS ANN AGUS RAGHAIDH SÉ CHUM TAIRBHE DO SHAOGHAIL AGUS DO SHLÁINTE. Tá tigh fada fairsing i gcomhair bhídh, iostais, agus an mhúineadh ag lucht Iolscoile na Mumhan ann — an fhar- raige i mbeul an doiris aca agus cóir folcadh idir Shamhradh agus Gheimhreadh. Tá táisc agus tuairisc an Scoil Samhraidh i mbaile a's i gcéin. SCOIL NA LEANBHAÍ Fé chúram “An Fhir Mhóir” — Fear “An Ghéilín,” Fear “An Bhreugáin,” Fear “An Fhéirín,” agus Fear “An tSeanchuis.” “Ní mhúintear Gaedhealg annso, labhartar í” — tuairisc Sheoirse Mhic Niocaill ar obair na scoile. Tá gach fios agus faisnéis le fagháil Ó'N bhFEAR MÓR I RINN Ó gCUANACH. Nó ó PHÁDRAIG Ó CADHLA, I Lúbán Díge, I gCo. an Chláir.
FOGHAIR NA GAEDHILGE. CEACHT A IV. CONSONA AN DARA DORUS NA CAINTE Taou — déintear an foghar so le barr na teangan leathta amach go bog leath istigh de na fiaclaibh uachtracha. Tei — le barr na teangan ar iomaire a dhéintear an foghar so. Ag daoine bíonn an teanga leathta go bog ar an iomaire agus ag daoine eile ní bhíonn acht ar éigin barr na teangan buailte ar an iomaire. Is mar a chéile a dhéintear Daou agus Taou; agus Dei agus Tei, aon rud acht go mbíonn an guth 'sa scórnach do D. Ní gádh úirlisí na cainte d'aistriú in aon tslighe do Taou agus Daou, ná do Tei agus Dei. Is mar a chéile dhéintear Naou agus a dhéintear Daou, agus Nei, agus Dei, aon rud acht go mbíonn an srónghail ag gabháil le N. Ní gádh úirlisí na cainte d'aistriú in aon tslighe do Taou, Daou, agus Naou, ná do Tei, Dei, agus Nei. Tá snaidhm annso. Dubhra- mar romhainn annso gur oscailt ar an gconsona an Tinfeadh. Má is eadh conus a dheunfaí Thaou? Déintear Taou le barr na teangan buailte go bog leath istigh de na fiaclaibh uach- tracha; agus badh cheart go ndeunfaí Thaou le barr na teangan gairid don áit leath istigh de na fiaclaibh uachtracha. Bheadh foghar agat annsin mar an “th” atá i “this” agus “that” agus focail eile mar sin ag lucht labhartha an Bheurla is cirte. Agus badh cheart go mbeadh barr na teangan gairid don iomaire do Thei. Acht ní mar sin a bhíonn anois. Is amhlaidh bhíonn bun na teangan gairid don charball bog do Thaou agus lár na teangan gairid don charball cruaidh do Thei. Tá na foghair seo as alt nó as ionad. Leigeadh dóibh sleamhnú ón áit badh cheart dóibh a bheith. Bhain an ciotrainn ceudna do Dhaou agus do Dei Mar gheall ar an gciotrainn seo a bhain do Th agus Dh chífear ar a ball gur mar a chéile geall leis Th agus Ch, agus gur mar a chéile ar fad Dh agus Gh. Cadé a chúis a ndeirtear “beig” in áit “beidh”? D'réir an méid atá scríobhtha agam annso thuas badh cheart “beigh” a rádh. Is eadh ar ndóigh, acht cadé a chúis a ndeirtear “féig” in áit “fé” agus “roimhig” in áit “roimhe” in áiteanna. Ní réidheann sé le cluasa daoine an guth fada so i ndeireadh focal agus is maith leo stop éigin a chur leis díreach insan áit is giorra don teangain. Sin é an chúis ceudna a ndeirtear “arís(t)” in áit “arís,” “leigin(t)” in áit “leigin,” “fagháil(t)” in áit “fagháil,” agus mar sin. Taithnigheann sé níos fearr le cluasa daoine stop a chur leis na leaghthacha nó le aon fhoghar eile mar sin i ndeireadh focal. Deirtear “mórga” agus “maorga” in áit “mórdha” agus “maordha”; “órga,” “cróga,” “diaga,” in áit “órdha,” “cródha,” “diadha,” in áiteanna. Deirtear leis “bhíog” in áit “bhíodh” insan am foirbhthe ceusta den mbriathar agus “bhíoch” in áit “bhíodh” insan am foirbhthe gnáth, agus mar sin. Bíonn a chúis féin le gach aon rur; chum so-thuigse na cainte é seo. Agus is minic ná bíonn aon foghar in aon chor ag Dh i ndeireadh focal. Deirtear “dach” in áit “dath,” “ách” in áit “áth,” “brách” in áit “bráth,” “gnách” in áit “gnáth.” Deirim leat nach ró réidh an ród atá roimhe lucht “an leitriú simplí.” Ní bheinn ar dhuine aca ar ór na Mumhan. PÁDRAIG Ó CADHLA. (Tuille le teacht.)
LÉIRMHEASA. AN FOCLÓIR NUADH. Sé an cheud rud, is dócha, a dhéarfadh duine nuair airigheann sé go bhfuil Foclóir nuadh tréis teacht amach ach “Cad atá bun-os-cionn le Foclóir Uí Dhuinnín?” Ag tagairt do Fhoclóirí Gaedhealg-Beurla atáim, dar ndóigh, mar níl aoinne sásta leis an iarracht suarach do righne an tAthair Ó Duinnín ar ceann Beurla-Gaedhealg do fritheáladh dhúinn. Standard na Gaedhilge iseadh an ceann eile, ámh, agus ní mór do fhear foclóra nuadh cúis mhaith do theasbáint ca' n-a thaobh a thug sé fé obair a bhí deunta chó maith san cheana féin. Ní chuirfimíst aon fháilte roimh fhoclóir nuadh mara mbeadh raison d'être so-thuigse ag baint leis. Tréis an méid sin cainte ní misde dhom a rádh go bhfuil fáilte agam roimh an bhfoclóir atá Pádraig Ó Dálaigh agus S. Ó Duirinne tréis a chur amach. 'Sí an deifríocht is mó atá idir an ceann so agus Fochlóir Uí Dhuinnín ach ar an gceud dul síos go bhfuil foghair gach focail ann, agus sa dara áit gur leabhrín beag i gcóir an phóca é. Leathismuigh de sin, níl ann ach focail atá i n-úsáid i gcainnt an lae indiu. Deirtear go bhfuil 10,000 focal ann. Ní'l an oiread san, ach is cuma san. Is iongantach an sgeul é, 8,000 focal féin do sháthadh isteach i 200 leathanach beag agus míniú soiléir ag gabháilt leo leis, gan trácht ar inscin, tuiseal geinideach, iolradh, ainm-briathra, &rl., &rl. Is leor do Mhór a dícheall, agus níl mórán slighe aca samplaí do thabhairt ar conus is ceart do dhuine focail áirighthe do úsáid. Is deacair an leabhar so do cháineadh nuair a chuimh- nighmíd ar an rud a theastuigh ósna fearaibh a dhin é. Ach 'sé an rud is mó atá le rádh 'na choinne dar liom ná go bhfuil sé ró-bheag. Rud fé leith i ngach teanga iseadh an slighe úsáidtear na reumhsuidhthighthe. Gheobhfá amach i bhFoclóir Uí Dhuinnín, cuir i gcás, go ngabhann “le” le héisteacht, “do” le diúltú, “le” agus “ar” le casadh, agus mar sin de. Níl a leithéid sa bhfoclóir atáim ag sgrúdú anois. Ach amháin anois is arís; chífidh tú go magtar “fé” dhuine, ach ní fheiceó tú go mbuail- tear “uime” nó “air,” ná go ndiúltuighthear “dó” ná go mbíonn dúil “i” rud ná sainnt “chuige” ná fonn “ar” dhuine. An focal “bain,” cuir i gcás arís. Tugtar trí focail Beurla amháin fé “bhain”: touch, dig, take. Ní bhainfeadh sé mórán slighe díobh an reumh- suidhiú “le” do chur fé slabhra leis an bhfocal touch; agus níl aon tagairt ann do “bain do,” &rl., cé go bhfuil sé sin ar ceann desna rudaí is coithchianta i ngnáth-chaint na ndaoine. Dála an sgéil, sin brigh eile an fhocail seo (le “de”), an slighe atáim tréis é d'úsáid i dtosach na habairte roimhe seo. Tugtar dhá líne do “bain” agus cúig líne do “gleithearán” agus deich líne do “Murchadh.” An briathar “gabh” arís, tá beagnach dhá cholumhan i bhFoclóir Uí Dhuinnín fé mhíniú an fhocail seo, agus cé go bhfuil sé ar an gceann is sia beagnach sa bhfoclóir nuadh níl ach dhá líne deug mar gheall air. San am cheudna tá cuid mhaith spás bhástáltha le focail do sgríobhadh síos fé dhó agus fé thrí uaireannta toisg níos mó ná aon slighe amháin a bheith ann iad do leitriú — copán, cupán, bagáiste, bogáiste, coireal, cuireal, diliosg, duileasg, eirball, earball, &rl. Is mairg a bhíonn diomáilteach. Tá ciall ann gan dabht “diliosg, see duileasg,” a rádh; ach ní gádh trí líne do thógaint, agus an spás do sábháilfidhe sa tslighe sin gheobhfuidhe é d'úsáid go tairbheach ag tabhairt samplaí fé fhocail coitchianta mar bain, gabh, buail, cas, tóg, tabhair, téidh, leig, agus a leithéidí. Tugtar samplaí annso a's annsúd, mar “tá sé ag spiúnadh prátaí,” “tá an coirce ag spealadh,” &rl., &rl. Ach cúrsaí gearáin iseadh é sin go líontar suas an leabhar le samplaí de rudaí suaracha neamhchoitchianta, agus go ndeuntar faillighe ar fhocail tábhachtacha mar bain, agus cas, agus buail, mar adubhart cheana. Tréis an méid sin a rádh is mithid dom tosnú ar an bport eile. B'iongantach liom an méid focal atá ann ná fuil le fagháilt i bhFoclóir Uí Dhuinnín — focail a bhíonn le haireachtaint gach aon lá ó bheul na ndaoine. Seo cúpla ceann aca — áiféiseach, amas, boiceáil, brocamas, ciotarainn, geáitsí, piadóir. Tá guthán ann, ach má tá dé chúis ná fuil nua-fhocail eile ann leis, gluaisteán. Seo cuid desna ceannaibh do bhraitheas uaim: cionntach, cainncín, Eanair, Feabhra, guideoir- eacht, leath-chlaidhe, iar, Rómhánach, sgéith, sgeithimíní. Ní áirighim focail den tsórd so: íce, folca, díoscánach, cromada, Rúiseánach, agus harta (cé go bhfuil muilleat, spéireat, agus triuch ann). Rud eile, tá focail annso is annsúd ann agus tá brígh coitchianta ag baint leo ná fuil le fagháilt sa mhíniú. Cáith = spray (bíonn an fhairrge ag cáthadh), adhb nó fadhb = stick (bhí adhb agam), guagach = changeable (bíonn an ghaoth guagach chó maith leis na daoine), uachtarán = president, searbhas = sarcasm, umha = copper, suimeamhail = interesting (le déidheannaighe cromadh ar an bhfocal so d'úsáid sa tslighe sin, béidir). Maidir leis an leitriú do tharraingeadar chucha, molaim é; 'sé sin a rádh, ní fheicim sa domhan braonach dé cúis ná sgríobhfaidhe leasú in áit leasughadh, cosúil in áit cosamhail, &rl., &rl. Aontuighim leis an nós san chó fada a's ná milleann sé an focal. Tá focail ann leis agus má cheileann an rud so a mbunús, ceileadh; ní sgríobhfar deirbhshiúr má tá sé de chead drifiúr do sgríobh, is dócha. Sin gluaiseacht na ficheadh aoise, agus caithfimíd glacadh le gach rud mar a thagann. Ba mhaith liom rud seasamhach mar sin féin. Sgríobhann siad imní in ionad imshníomh: coiscéim fada iseadh é sin, agus ní léimfidís ó colbhar go dtí colúr dar ndóigh, Ní fheadar an ceart deisím do sgríobh in áit deisighim. Má chuirim 'na choinne is dócha go mbeidh sé le rádh ag Pádraig Ó Dálaigh agus ag a chó-ughdar ná fuilim seasamhach me féin. Fágaimís mar sin é! Anois, ceist na bhfoghar. Tá an rud sin deunta aca chó maith in Éirinn a's a b'fhéidir le héinne é do dheunamh gan ach leitreacha Beurla agus foghair Beurla le tarraingt chuige chun foghair na bhfocal Gaedhilge do chur i dtuisgint don fhoghluimtheoir. B'fhearr liom féin gan ach leitreacha Gaedhilge d'úsáid chuige sin .i. aimhdheoin (inniúin), naonbhar (naonúr), agus mar sin de. Ach bhí fhios aca san cad a bhíodar ag deunamh, agus ní bhfuighfidís édheunamh ní b'fhearr sa tslighe a thugadar fé. E. MAC G. I.
TRÍ LEABHAIR EILE. SEÁINÍN. Bíonn fáilte i láthair Gaedheal i ndán d'aon leabhar ó'n Seabhac. An leabhar deirionach a gheibhimíd uaidh ná “Seáinín, nó Eachtra Mic Mí-Rialta.” 'Siad an dá rud a bhaineann le saothar an tSeabhaie, an ionradharc a dheineann sé ar smaninte éagsúla duine agus beithidheach agus taithneamh na cainnte 'na luaidheann sé a chuid. Ní lúgha atá an dá rud seo le feiscint ar “Seáinín” ná ar leabhraibh eile ó'n ughdar céadna. An té léighfidh “Seáinín” gheobhaidh sé seo grinn ciúin agus roinnt mhaith grinn croidheamhail. An fiarsgeó ait a dheineann na smaointe, agus an géar-léiriú ar mhion- rudaíbh fé ndeara an greann. An cuid is sgéal de “Seáinín” tá sé lag go leór, dar ndóigh, ach tuigimís gurab é teisdeas a thug an Seabhac air ná “Eachtra” agus ná fuil sé mar sin fé ghnáth-gheasa ughdar na n-úr-sgéal. Tá an leabhar féin curtha amach gn deas ag Muinntir Maunsel agus Roberts. Crut maiseamhail simplidhe ar an leabhar, cúpla peictiúir tríd, páipéar maith, agus cló soiléir. Tá an luach rud beag árd, déarfaimís, ach is mó is locht an méad seo ar laighead na leabhar Gaedhilge fá cheannach fá láthair. (Maunsel; luach 4/-.) SGÉAL ÁR dTÍRE. Leabhar a chuireann breaghthacht orainn an leabhar atá ós ár gcomhair .i. “Sgéal Ár dTíre,” an leagan Gaedhilge ó lámh Liaim Uí Rinn ar “Our Country's Story” an Talbot Press, agus rud curtha leis. Ní thráchtfaimíd ach thar nuadhacht an sgéil. An Ghaedhilg atá sa leabhar, tá sí gn deas simplidhe nádúrtha, gan deallramh an aistriucháin uirthi. Ins na caibidil deiridh, an cuid de'n leabhar is le Liam Ó Rinn, deintear glan-innsint díreach ar na rudaibh a thuit amach le goirid, agus deintear san ar bhealach ná fágann fiar ar aigne an léightheora. Bheadh sé chomh feileamhnach araon mar téics staire, nó mar “léightheoir” Gaedhilge le haghaidh na sgol. Tá sé curtha amach ar chuma chríochnamhail, clúdach láidir, cló mór oireamhnach do leabhar sgoile, agus gan an luach ró-árd air. (Comhlucht Oideachais: luach 2/6). IDIR NA FLEADHANNA. Tuairim is fiche píosaí filidheachta atá sa leabhairín seo, ó láimh Áine, bean Uí Néill. Má 'sé gnó na filidheachta smaointe nuadha a tharrac as aigne an duine, deineann siad so an gnó san. Gheibhimíd taith- neamh as ceol na bhfocal, agus téigheann an aigne leis an bhfile, ag amharc ar a cuid siúd, agus páirteach 'na radharc siúd. Tá an leabhar curtha suas go canthamhail, agus luach caothamhail air leis. (“An Gaedheal”: luach 1/6). DUINE DE'N MHUINNTIR. SEÁINÍN NÓ EACHTRA MIC MÍ-RIALTA “AN SEABHAC” DO SCRÍOBH Úna De hÍde a dhein na pictiúirí Díreach tar éis teacht amach, 4/- glan EACHTRADH EIBHLÍS I DTÍR NA nIONGANTAS PÁDRAIG Ó CADHLA do chuir Gaedhealg ar an sgeul so. C. Ní Bheirsceoil agus Úna de hÍde a dhein na pictiúirí, 4/6 glan 'Sé bunús an leabhar seo ach “Alice in Wonderland” CLÓDÓIREACHT GHAEDHILGE Tá fhios ag cách cad é an cháil atá againn i dtaobh Béarla a chlóbhuaileadh. Is féidir linn a chomh-mhaith a dhéanamh leis an nGaedhilg. An fear a chuireann an Ghaedhilg le chéile, duine de lucht an “Fháinne” is eadh é. MAUNSEL & ROBERTS, TEO., SRÁID BHAGÓID, ÍOCH., 50, BAILE ÁTHA CLIATH
LEITREACHA. SEÓDA LUACHMHARA NA GAEDHILGE. Duine mé a chuireann an-shuim in leabhar mar “Réilthíní Óir” an Athar Mac Clúin nó leabhar mar “Sean-Chaint na nDéise” an Dochtúra Uí Shíothcháin, agus mar sin ba thaithnimheach liom an méid a bhí le rádh ag “An Seabhac” ar uimhir dheirionnach “An Scuab.” Níor mhór gach ann rud d'fhan beo blasta i gcaint na ndaoine in gach ann áit a bhfuil an Ghaedhealg dá labhairt a bhailiughadh agus a chnuasach go cúramach agus go baileach; eagar mhaith a chur orra agus iad a chur i gcomhad agus i dtaisce sa tslighe go mbeidís le tarraing chughainn againn lá breágh éigin nuair a bheidh ár scoláirí Gaedhilge i gcóir chum suidhe síos i gcuid- eachtain a chéile chum scagadh agus criathairt a dheunamh do chóiriughadh na teangan. Tá seóda móra luachmhara i bhfolach i gcaint na ndaoine in gach aon áit nár bhaineadh fós leo agus nár thugadh chum soluis. Caithfear daoine muinghineacha, tuigsionacha, éifeacht- amhla a chur i mbun na hoibre, daoine a mbeidh fios a gcéirde aca agus a bheidh cúramach 'sa ghnó. Caithfear iad a thabhairt i dteannta a chéile agus teagosc ceart a thabhairt dóibh ar chonus é dheunamh. Caithfidh an riaghaltas roint mhaith airgid a leagaint i leath-taobh i gcóir na hoibre. Ní fheadar mé fós cé air a chuirfí cúram feuchaint i ndiaidh na hoibre. Ní dóigh liom gurbh' mhuinghineach an obair a fhágaint i dtaoibh leis na hollamhana atá is na hIolscoileanna. Ní fhuil baint go leor aca le caint na ndaoine agus ní raibh riamh. Tá an Ghaedhealg ró-chanl aca féin. Tá léigheann agus tabhairt suas eile orra acht níor fháisgeadh as an nGaedhilg iad, níor thógadh leis iad. Fágaimís an Riaghaltas féin agus a gcuid oifigeach fé Tadhg Gaedhealach. Deurfainn gur ar chuma éigin mar seo ba cheart cur chuige. Liosta dhes na háiteanna is Gaolaidhe in Éirinn a dheunamh amach agus scríobhnóir cliste a mbeadh Gaedhealg na háite sin go pras aige a thoghadh le haghaidh na hoibre — duine a rugadh agus a tógadh le Gaedhilg na háite — agus é chur i mbun an ghnó. Gach aon fhocal agus gach aon abairt a thógaint síos ó bheul na ndaoine agus eagar ceart a chur orra. An focal a bheith agat mar meur-ar-eolus. Badh cheart é sin a scríobhadh a cheud uair d'réir an fhoclóra agus cliathánach leis sin é scríobhadh d'réir an fhoghair atá aige i gcaint na háite, agus gach aon úsáid agus gach aon chasadh a bhaintear as a chur síos 'na dhiaidh díreach mar atá in “Réilthíní Óir.” Ní fhuil an focal d'réir scríobhadh an fhoclóra in “Réilthíní Óir,” agus im' thuairim-se locht é sin ar an leabhar. Maran mbeadh aon rud eile 'sa sceul badh mhór an ní dhon aos foghluma an focal d'fheicsin leis na leitreacha ceudna i gcomh- nuidhe, agus ní bhfuigh mé a thuigsin 'dé a chúis ná fuigheadh scríobhnóirí na Gaedhilge an rud sin a dheunamh agus Foclóir an Athar Uí Dhuinnín aca. Má bhíonn sé dhe údarás againn go léir an focal a scríobhadh insan tslighe is maith linn féin beidh an sceul 'na phraiseach, beidh ár lucht léighte ciaptha againn. Nuair a theastóchaidh uatha an focal a dheunamh amach 'sa bhfoclóir ní bhfuighidh siad é d'fhagháil ann. Tá níos mó ná sin 'sa sceul, acht fágaimís mar sin é. An cheud rud cibé sceul é acht an scríobhadh stáramhail a thabhairt don bhfoeal agus cliathánach leis, mar adeir me, foghar glan an fhocail mar adeir na daoine é agus an foghar sin scríobhtha le leitreacha Gaedhilge. Sin locht atá agam ar “Shean-Chaint na nDéise”; le leitreacha Beurla a thugtar iarracht ar an bhfoghar a thabhairt dúinn. Dá mbeadh an Dochtúir Ó Síothcháin ag tabhairt an leabhair sin dúinn anois ní dheunfadh sé mar sin é. Ní fhuil sé deacair in aon chor an ealadha atá ag baint le foghar na Gaedhilge a thuigsin agus ní bhfuigheadh an duine atá ag cur síos caint na ndaoine an gnó a dheunamh go ceart gan eolas a bheith aige ar an ealadhain sin. Cuir i gcás an focal “aimhdheoin.” Tá preumh agus cóiriúghadh an fhocail agat 'sa scríobhadh sin, acht feuch mar adeirtear é in áiteanna, “inniúin” — dem' inniúin, det' inniúin. Tá an rud so d'réir riaghlacha foghar- focal na Gaedhilge — tá tinfeadh ar “mh” .i. go bhfuil oscailt ar “m” acht ní chailleann sé an srónghail. Beidh “ai” annsin agat agus an srónghail ag gabháil leis. Nuair atá foghar srónghala gairid do “d” déineann sé “n” de, mar — “ceudna,” “Seudna,” “indiu,” &rl., agus nuair atá foghar srónghala gairid do “ó,” “ú,” adeirtear leis mar “nó” (nú), “Nóra” (núra), “tráthnóna” (tráthnúna), &rl. Mar sin is fuiris a thuigsin gur foghar nádúrtha ealadhanta “inniúin” as an focal “aimhdheoin.” Béidir go ndeir sean-daoine in áit éigin sa nGaedhealtacht rud mar “aibhdheóin,” acht níor airigh mé riamh acht “inniúin.” 'Sé brígh mo scéil acht go ndeirim gurbh' cheart an sanas a bheith ar an dul so:— aimhdheóin (inniúin) — cloigtheach (cuilctheach) — uathbhásach (uafásach) — fágtha (fácatha) — gabhtha (goite) (gaftha) (guftha), &rl.; d'réir na háite, &rl., &rl. Má tá sé de chead ag duine “guftha” do scríobhadh 'dé chúis ná beadh sé de chead ag duine eile “goite” do scríobhadh nó “gafaí” d'réir mar adeirtear é. Nó cia aca b'fhearr é sin nó “gabhtha” do scríobhadh d'réir préimhe an fhocail — agus gach aoinne ag leana- mhaint d'fhoghar an fhocail mar a chleachtaigh sé. Níorbh' mhór cuallacht éigin údarásach a thoghadh chum feuchaint i ndiaidh na rudaí seo agus gan leigint do gach aoinne a “fú-fá” féin a dheunamh den sceul. Má is fiú an Ghaedhealg a chosaint is fiú í chosaint idir chorp agus anam; agus aon aistrighthe a dheunfaí an t-aistriughadh sin a dheunamh le údarás éigin bunúsach. Acht, maidir leis an sanas so a raibh mé ag tagairt dó, dá ndeunfaí é sin go cruinn baileach bheadh na seoda go léir ar an láimh-sábhála againn — bheadh preumh an fhocail, foghar an fhocail, úsáid an fhocail, agus cúrsaí gramadaighe againn; agus mar sin bheadh caru mór bailighthe againn fé ndeunfaí aon tosnughadh leis an gcorrán-bearrtha chum leasuighthe na Gaedhilge. P. Ó C. Ná Dearmhadaidh Lucht na bhFógraí sa “Sguab.”
DÚBHACHAS. D'Fhear Eagair “An Sguab.” “Is ait an mac an saoghal,” agus aontuighim leis an duine a dubhairt é. Uair amháin ba bheag mo thír-ghrádh agus mo mheas ar an teangain Gaedhilg — roimh Cháisc 1916, b'fhéidir, acht is cuma é. Pé scéal é, chonnacas gurbh' Éireannach mé; go raibh tír dhúthchas agam; go raibh gábhadh aici le mo chongnamh, agus nárbh' fhuláir dom rud éigin do dhéanamh ar a son. Cad a dhéanfas? dubhras liom féin. Troid — níor mhaith liom riamh daoine do mharbhughadh. Sgríobh — níorbh' fhéidir liom. Cúis Éireann do phléidhe os comhair na ndaoine. 'Seadh; acht ní raibh agam acht Béarla. Cad adéarfaidhe nuair a chloisfidhe mé ag cainnt is ag pléidhe cúise na hÉireann agus gan fiú focal amháin de Ghaedhilg agam. “A dhochtúir, leigheas tú féin.” Níor thuit na rudaí seo amach i n-aon móiméad amháin. Is iomdha lá a chuaidh tharm gan toradh. Cosmhail a lán daoine ba mhian liom an Ghaedhilg d'fhoghluim gan iomarca duadh. Ní raibh an misneach nó an t-aigne agam tosnughadh uirthi ar feadh roinnt bliadhan i n-éis sin. Fá dheireadh thiar thall tháinig an lá, lá ionchuimhnighthe a b'eadh é 'n-ar thosnuigheas ar an nGaedhilg d'fhoghluim. Bhí obair nárbh' í le déanamh agam le n-a linn sin freisin, acht d'oibrigheas de ló is d'oidhche ag gabháil de'n scríobhán. Ba thirim is ba dheacair an obair é, acht bhí tosnughadh déanta agam, agus ní bhainfinn de. Ní mór ná go maith d'eirigh sé liom, mar ní raibh múinteoir agam, acht i gceann dá bhliadhain nó mar sin bhí “Láimh-Leabhair Gaedhilge” léighte agam. Acht táim ar fán. Ba mhian liom GAEDHILG d'fhoghluim, agus cheapas dom féin nár mhaith an tsíleachtáil é “Misneach” do cheannach. Do cheannuighcas, acht i n-ionad misneach do chur orm do chuadhas i n-éadóchas. Bhí an cuid is mó de'n Ghaedhilg ann ró-dheacair, agus mar sin do leanas de leabhraibh do léigheamh go dtí gur thaisbeán “An Sguab” é féin. Bhí áthas thar bárr orm, agus do shocruigheas ar a léigheamh, má bhí an mí féin ar fad le caitheamh agam 'ghá dhéanamh. D'eirigh sé liom go han- mhaith, agus do léigheas na huimhreacha a lean. Acht cuireadh iongnadh orm an lear mór focal leath-Bhéarla a bhí leathta ar fuid a leathanach. Do cuirtí i n-a luighe orm i gcomhnuidhe gur theanga ghlan í an Ghaedhilg, acht ní chreidim é anois. Ní dóigh liom go mbaineann le fíor-Ghaedhilg focla mar seo — “úsáid,” “maisíní,” “polasaithe,” “dabht,” “tram,” “plean,” scéim,” “bataráil,” “rasgal,” “ábalta,” “estáit,” “brainnsí.” Ní féidir liom creideamhaint gur Gaedhilg iad, nó go bhfuil ughdarás ag aoinne feidhm a bhaineadh asta. Deirtear go bhfuil leath-chéad nó ceithre fichid míle focal bunadhasach 'san teangain Ghaedhilg, agus cé go bhfuil an scéal mar sin caithfimíd focail do ghabháil ar iasacht ó'n mBéarla amhail mar ní raibh breoite orainn leis agus gach a mbaineann leis. Acht tá dhá thaobh do'n gceist? Déarfar, an bhfuil cosc le cur le scríobhadóiribh, toisg nach eol dóibh beagán focail? Agus má's mar sin atá an scéal ní bhéad an Ghaedhilg againn riamh. Ní bhéadh aon leabhair ná páipéir nuaidheachta againn, agus ní cuirfidhe aon suim 'sa teangain. Deirim 'n-a choinnibh. Acht ar an taobh eile féach ar a bhfuil de dhíoghbháil 'ghá dhéanamh do'n teangain. Ní Gaedhilg ná Béarla a leithéid d'fhoclaibh — ba dheacair ainm a thabhairt ortha, toisc mar atáid indiu ní bhaineann le haon teangain. B'fhéidir go ndéanfadh “Hibernicised-Englishisms” an gnó. Acht dar liom féin seo é an rud is measa, is focla coitcheanna iad, focla as a bhfuil feidhm 'ghá dhéanamh gach lá, focla gnáthaighe. Dá bhrigh sin, i gceann tamaill cailltear na focla fíor-Ghaedhilge agus déantar “Hybrid” ar ár dteangain fíor-ghlan. D'fhiafruigheas de Ghaedhilgeoir uair amháin Gaedhilg do chur ar an bhfocal “driver, or coachman.” “Ó! driabhál,” ar seisean, agus d'imthigh sé leis sásta go leór i n-a aigne féin. Nach minic a cloistear freisin, “beidh sch go h-‘alright’”! Ní deirim gurbh' fhear léigheanta an fear san, acht taisbeánanu sé dúinn an tslighe 'n-a déantar na focla so. Níl aon ghádh againn leo, mar tá ár dteanga chomh maith le haon teangain eile, agus níos fearr ná a lán aca. Ní ceal focal atá orainn acht ceal daoine feidhm do bhaineadh asta. Ní fuláir dúinn focla do dhéanamh, acht nach bhfuil a dhóthain adhbhair 'nár bhfoclóir féin? Nach bhfuil “gluaisteán” chomh maith le ‘mótor’ agus uíos Gaedhealaighe, nó “aer- mheadhthóir” chomh maith le “baróméter,” nó “teacht- aireacht” le “telegram,” agus mar sin de. Cé is cionntach leis an droch-obair seo? Is doiligh a rádh, mar gheibhimíd na focla so i leabhraibh scríobhtha le na ughdaraibh is fearr. Níor cheart milleán do chut ar na macaibh léighinn, mar ní féidir leo na focla cirn d'fhagháil. Do scríobh “Tadhg Gaedhealach” i dtaobh as, droch-Ghaedhilg atá 'ghá foillsiughadh ag an Riaghaltan agus tá súil agam go ngeobhaid an rabhadh agus an chomhairle. Mar, cé go dtabhrann siad a lán aire do'n Ghaedhilg i n-áiteannaibh eile, chítear gur beag an aire a bheirid dí i n-a ngnó féin, agus gur lugha an iarracht a ghníd chun focal cireamhnach do sholáthar. Nár mhaith é, chun cosc do chur leis an droch-bhéas so, clár d'oscail ins “An Sguab” 'na dtabharfaidhe ua focla fíor- Ghaedhilge dos na foclaibh leath-Bhéarla so. Ba mhór an congnamh é do mhacaibh léighinn i gcuma céadna liom féin — gan oide, gan múinteoir. Is fada go bhfanfadh an dul Béarla ar ár gcuid cainnte, acht níl aon leith- scéal againn feidhm do bhaint as a fhoclaibh. Agus, dar liom féin, má thosnuighimíd ar na foclaibh do scuab amach, scuabaimíd amach an dul Béarla i ndiaidh a chéile, i dtreo go bhféadaimíd an teanga do shíneadh chon ár gclann gan locht gan smál. “AN DUBHGHALLACH.” [Ní misde dhom a rádh ná fuilimíd ar aon aigne leis an ndubhghallach i ngach aon rud adeireann sé. D'fhághas a leitir gan blúire chur Léithi agus gan blúire bhaint uaithi. — F.E.] TIGH-ÓSDA “CLARENS,” ag Cé Ueillington i mBaile Átha Cliath Tá gach aon chompórd ann agus é so-lámhach do gach áit is fiú le rádh 'sa Chathair. 70 Suainliosa. Solus Eleictric. An biadh — bog, soghmhail, so-bhlasta agus an freasdal ar fheabhus. An díol-fiach réasúnta. BÍONN TARRAING MHÓR DAOINE AR AN “RESTAURANT” atá ag gabháil leis. An Guthán 1217. Telegram: “Clarence Hotel, Dublin” TIGH-ÓSDA AN ROYAL EXCHANGE Sráid na Feise, i mBaile Átha Cliath. Tá sé seo ar cheann des na Tighthe-ósda is compórd- amhla 'sa Chathair. Tá gach aon chóir ann agus an díolfiach réasúnta. Guthán 2678. Telegram: “Comfort, Dublin.”
COMÓRTAS DON AOS ÓG. Níl sé de chead ag aoinne iarracht do chur isteach ar an gcomórtas so ach amháin daoine óga fé bhun 16 bliadna d'aois. An cheud duais, 10/-; an dara duais, 8/-; an tríomhadh duais, 6/-; an ceathramhadh duais, 5/-. 1. — Áirmhigh na beithidhigh, &rl., go léir a d'itheann feur. 2. — Deun liosta desna bailte móra in Éirinn 'na bhfuil níos mó ná 7,000 duine ionnta. 3. — Cad iad na háiteanna in Éirinn is mó a dheuntar (a) brioscaí, (b) stocaí, (c) maisíní feirme, (d) brící, (e) bagún, (f) leathair, (g) páipeur, (h) bróga, (i) cipíní soluis. 4. — Cad é (a) an abha is sia in Éirinn, (b) an sliabh is aoirde, (c) an loch is mó, (d) an bóthar iarainn is sia, (e) an conndae is mó, (f) an conndae is lugha, (g) an tionnsgal is tábhachtaighe sa tír seo. 5. — Innis dom dé chúis gur bhfearr leat an Ghaedhealg ná 'n Beurla gan níos mó ná 50 focal sa chainnt agat. Gearr amach an fuirm seo agus líon é. Níorbh aon tairbhe duit d'iarracht do chur isteach gan é sin do chur 'na theannta. Níor mhór duit é bheith istigh roimh an 3adh lá Mí Feabhra. Mise m'áit chomhnuighthe. Táim bliadhanta d'aois. Seo ainm m'athar (nó ainm duine muinighneach), ag deimhniú na fírinne seo, agus é féin a chuir leis an bpáipeur so. D'fhear Eagair “An Sguab,” Cearnóg Montseóighe a 24, Baile Átha Cliath. Abair iad so go mear:— 'Dé 'r'd é réidhteach an réidhscéil agus Chlaidheamh Fha Uí Dhubhda. Luch a rioth ar bharra Falla agus magadh uirre fé shúsa. Tá dhá láir ruadh agam ar an dá dhá ruadh móinteán. Tá ceann aca níos ruadh ná an ruadh láir. 'Sé deir an láir ruadh leis an ruadh láir, ach “truaigh” ruadh láir, tar abhaile láir ruadh. ROINN NA TALMHUÍOCHTA AGUS AN CHEÁRD- OIDEACHAIS Is mian leis an Roinn go dtuig- feadh an Pobal cad teagasgtar sna sgoileanna seo:— I. — COLÁISTE EOLUÍOCHTA NA hÉIREANN, ÁTH CLIATH. Do bheirthear cúrsa iomlán teagaisg do dháltaí na Coláiste i dTalmhuíocht agus a Co-ádhbhair, Ceimíocht, Fisi- ceacht, Innleóracht agus Eoluíocht Nádúrtha. Bronntar suim áirid Scoláracht Freisin gach bliain. Gheobhfar gach eolas ach sgríobh' in a choinne chun An Cláraidhe, Coláiste na hEoluíochta, Sr. Uach. Mhuirbhtheann, Áth Cliath. II. — SGOIL NA nEALADHAN, ÁTH CLIATH. Atá deis thar barr sa Sgoil seo le eolas a chur ar na hÁird-Ealadhna agus ar Ealadhna Ornáideacha agus Chearda. Foirbhtear Teagasgthóirí Ealadhan innti. Gheobhfar gach faisnéis ach sgríobh' chun An Cláraidhe, Sgoil na nEaladhan, Sr. Chill Dara, Áth Cliath. III. — SGOIL TÍOGHBHUIS TIGHE, TEACH LORGAÍN, ÁTH CLIATH. Sgoil-chomhnuidhthe í seo a mbíonn teagasg tíoghbhuis tighe ar siubhal innti, agus go bhFoirbhtear daoine innti arbh mhian leo a bheith in a dTeagasgthóirí san ealadhain sin. Níor mhór gach sgríbhinn faoi a chur chun An Rúnaidhe, Roinn na Talmhuíochta agus an Cheárd- Oideachais, Sr. Uach. Mhuirbhtheann, Áth Cliath.
BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA. ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE ÁTHA CLIATH. DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT. Bun-airgead Geallta, £406,000. Bun-airgead Díolta, £203,000. Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1922, £1,900,000. BUNUIGHTHE 1920. BRAINNSÍ:— 68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh, Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis, Maghchromtha. THE NATIONAL LAND BANK LTD Luach Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason & a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Mansuel & Roberts Teo., Áth Cliath, & foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services