Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uimhir 4 Eanair 1923

Title
Uimhir 4 Eanair 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
Muintir an Sguab

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SGUAB



Uimhir 4 EANAIR 1923 3p. SA MHÍ



RÉIM NA hUIMHREACH SO Leath.



MAIR, A CHAPAILL, AGUS GHEOBHAIR FEUR 63



IOLSCOIL NA MUMHAN (SCEUL A BHUAIDH) PÁDRAIG Ó CADHLA 64



BARÁNTAS NA mBRÓG PÁDRAIG ÁGHAS 66



MAIDHC-JÓ “CILLNUADH” 67



CIONNTACH? SEOIRSE MAC CLÚIN 68



RINCE AGUS CEOL SEÁN Ó CUIRRÍN 71



AN GHAEDHEALG MAR TEANGA GNÓTHA 73



FOGHAIR NA GAEDHILGE — IV PÁDRAIG Ó CADHLA 74



LÉIRMHEASA 75



LEITREACHA 77



COMÓRTAS 79



NÍ BHÍONN FRIDÍNÍ GALAIR AR
CHUAIRD CHUN TIGHTHE A BHÍONN
A gCOIMEÁD FOLLÁIN LE



BACILIKIL
(Ba-soil-i-cal foghair an fhocail seo)



AN COSAINT SLÁINTE IS FEARR



'Sé an slighe is fearr chun galair do
sheachaint ach é d'úsáid i gcomhnuidhe.
Tá sé á dhíol ag Ceannuidhthe agus ag
Ceimistí ar fud na tíre.



Deuntar ag “Irish Disinfectants, Ltd.” é, Usher's
Place, i mBaile Átha Cliath. Díoltar é fé chonnradh le
Dáil Éireann agus le Bóthar Iarainn an Deiscirt, agus
deuntar LYSOL (Gaedhealach) san áit cheudna leis. o.k.




ag lorg
an Muilleat
ar an
gclú-
dach



DÉINIMÍD-NE



DABHACHA, PEIGÍNÍ, AGUS
FIRCÍNÍ



as an adhmud feagha is fearr a fhásann i dtír
na hÉireann agus is againn atá ceann de na
tighthe cúpaora agus boscaí a dheunamh is mó
in Éirinn.



Tá bosca an ime, bosca na
cáise, bosca na n-ubh, bosca an
éisc, a's na barrailí le fagháil
annso — an t-adhbhar is fearr agus
marga maith.



Déintear annso iad.



Gach fios agus faisnéis uainn-ne —



SEUMAS MAC MATHGHAMHNA
(TEOR.)
i LUIMNIGH



Guthán 4804



SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH
TTA.,
45 SRÁID DASÚN, ÁTH CLIATH.



An t-aon tsiopa amháin i nÉirinn go
bhfuil le fáil ann gach leabhar go gcuireann
Gaedhil suim ann — i nGaedhilg nó i mBearla.



An t-aon tsiopa amháin i nÁth-Cliath gur
éigin do gach duine ann eolas bheith aige
ar theangain na nGaedheal.



TOGHA AGUS ROGHA
de Leabhraibh Gaedhilge



Sin atá le fagháil ó



MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
87 SRÁID UACH. NA
DRISEÓIGE.



Ag a bhfuil an chnuashacht is
fearr i mBaile Átha Cliath dá
leithéid.



Tógtar fé ndeara nách gádh
Beurla do labhairt 'sa tSiopa so


L. 62


GRANIA
TOOTH PASTE.



DEUNTUS NA h-ÉIREANN AR FAD.



NÍ BHEIDH AON PHRÁINN LE FIACLA FALLSA.



GIBSOL AGUS A CHUIDEACHTA — LUCHT
DEUNTA AN ÍCE DÁ CHUR ÓS ÁR GCOMHAIR.



Tá Gibsol an Íce i mbeul gach aoinne
in Éirinn. Is eadh, má seadh bíodh
“Gráine” sna fiacla aca — Coimeádfaidh
sé gan lobhadh iad.



GRÁINE ainm an artha so.



Tabharfaidh GRÁINE fiacla glana,
geala dhuit. Ní'l áon ghalúnach ann;
beidh do sheile go folláin nádúrtha
leis agus blas táithniomhach id' bheul
áige. Ní baoghal do phlaosc na bhfiachál
ná do fhéitheacha an bhéil.



Ar a nglaineacht athá seasamh na
bhfiacal.



Is féidir “GRÁINE” d'fhagháil ó lucht díolta íce
i ngach áit nó ó lucht a deunta — Gibsol & a Chuid., Lána
án Chláir, i mBaile Átha Cliath.



N. K. M.
Irish Cream Toffee



Tabhair rud don pháiste agus
tiocfaidh sé amárach. Maidir
le N.K.M. tabhair rud don
pháiste agus don t-sean-duine
agus tiocfidh siad araon gach
aon lá. Mílseán blasta agus
fíor-ghlan iseadh an tofaí so.



¼-lb., 7½d.; nó
bosgaí stáin ar
1/- a's 1/5.



Á deunamh ag
North Kerry
Manufacturing
Company,
Ráth ó Máine, Áth
Cliath.



DÉANTÚS GAEDHEALACH DO GHAEDHEALAIBH



“COMHAR-GAEDHEALACH” — ÁTH CLIATH.



'Sé an cúis thosnuighmear an an obair seo (.i. eudaighe do sholáthair) ach chun an ghnótha do chur
ar a bhonnaibh go ceart.



Tionnsgail gan proiféidí — sin é an rud a theastuigheann uainn.



Na heudaighe a dheunamuid-ne, táid go léir deigh-dheunta, agus ní'l ionnta ach an stuif is fearr.



CULADHTHA FEAR AGUS BAN.



Má thá culaith is féidir leat ceann d'fhagháilt (ó'n tuise amach nó deunta is eile péacu is
fearr leat) ó'n gCOMHAR-CHUMANN, TEÓR. (“IRISH CO-OP.”). Ní'l a shárú ann
maidir le feabhas agus saoirseacht earraidhe.



98-104 SRÁID MHEADHONACH NA MAINISTREACH.



Ná Dearmhadaidh Lucht na bhFógraí sa “Sguab”


L. 63


MAIR, A CHAPAILL, AGUS GHEOBHAIR FEUR.



Tá foclóir Gaedhilge-Beurla nuadh tréis
teacht amach le déidheannaighe. Tá ár dtuairm
féin air chó maith le cách agus tá léir-mheas
air san uimhir so den “Sguab.” Dála an
sgéil, caithin a bheidh cur amach nuadh d'Fhoclóir
Uí Dhuinnín le fagháilt: tá sé geallta dhúinn
ag muintir na Téacs Gaedhilge le tamall
maith anois. D'airighmear go mbeadh an-chuid
focail agus abairtí sa mbreis sa cheann nuadh.
Ach maidir le leabhra, chó maith le gach aon rud
fé láthair, ná creid a chloisir nó gur fios duit
féin é. Do thagairighmear do cheist Amhlaoibh
Uí Shúilleabháin an mhí seo caithte; agus, cad
atáthar 'á dheunamh i dtaobh an Bíobla Naomhtha.
Do cuireadh Coisde fé leith ar bun chun na
hoibre sin do chur chun cinn. Parturient montes
agus an oiread is luch féin ní thagann ar an
saoghal chughainn dá bhárr, dréir deallramh. Is
dócha ná fuil ach aon chóip amháin de lámh-
sgríbhinn an Athar Peadar, agus gheobhfuidhe é
sin do dhóghadh chó maith le sean-sgríbhinní na
gCeithre gCúirte agus nótaí Fir Eagair “An
Sguab”! 'Seadh, do dóghadh cúpla rud eile
in Oifig an Phuist an lá úd seochas na ceannaibh
adubhramar cheana, agus bhí an dara sgeul
braithte leis an Athair Mac Clúin ar cheann
aca.



Bíonn an iomarca cainnte againn mar gheall
orainn féin sna nótaí seo, ach ós rud é gur
euluighmear isteach sa sgeul arís, tá sé chó
maith againn a rádh anois go mairfimíd, le
congnamh Dé, maran mbaineann aon chiotarainn
dúinn ná fuilimíd ag coinne leis. 'Sé sin le
rádh, ná beidh deire linn tréis na sé mí úd —
ná i gceann sé mbliadna nach oiread, má
eirigheann linn chó maith feasta a's a eirigh go
dtí so. Mairg ná feucann roimhe, ach ní beag
aon bhliadhain amháin an aimsir seo.



Tá Coimisiúin 'á gcur ar bun ag an Rialtas
gach ré lá chun ceisteanna tábhachtacha do
réidhteach. Ach cadé an tairbhe dóibh nó don
Náisiún iad maran ndeintear rud dena
gcuid tuarasgbhála. Aimsir an chogaidh idir
Éire agus Seán Buidhe bhí “Coimisiún Fiaf-
ruighthe Tionnsgal agus Maoin na hÉireann”
ar siubhal. Eachtra an méid rudaí éifeachtamhla
do moladh ann i dtaobh gach aon nídh níos
tábhachtaighe ná a chéile, ach níor chuir an Rialtas
féin do chuir ar bun é aon suim ann agus
chuaidh sé in eug sa deire. Nídh nach iongnadh
é toisg an slighe a raibh an sgeul acu — Rialtas
i bhfolach ar dtúis, Rialtas Sealadach annsan,
agus anois Rialtas imshníomhach. Ná deirtear
go mbímíd ag síor-cháineadh an Rialtais.
Obair sguaibe dar ndóigh ach a bheith ag glanadh
pé cúinní salacha a rángóchaidh léi. Ach mar
sin féin, tá an iomarca taithighe againn ar
choimisiúin d'fheiscint agus gan aon rud dá
mbárr i ndeire na sgríbe. “Tugtar ceart
don Ghaedhilg”: tá an rud sin 'á phlé fós
sa “Sguab,” agus ní mór linn do n-ár lucht
léighte slighe dona leithéid sin chun díos-
póireachta. I nGaedhilg agus i mBeurla
cuirtear amach na tuarasgbhála so. Ní fheadar
an léigheann aoinne an ceann Gaedhilge. An
duine a léighfeadh tuarasgbháil Choimisiúin na
mBóithre Iarainn gheobhfadh sé Gaedhilg simplidhe
nádúrtha go leor ann, pér domhan é. Chon-
naiceamar an rud mar a dh'fhág sé lámh an
Choimisiúin. Níor righneamar mórán iongantais
de nuair a thugamar fé ndear go raibh sé
aistrighthe rud beag ag “aistríghtheoir oifigiúil
an Rialtais.” B'fhearr leis “Na ceangail atá
idir oibritheoirí na mbóithre iarainn agus na
có-luchtaí,” cuir i gcás, ná “An slighe atá an
sgeul idir lucht oibre agus lucht stiúruighthe
na mbóithre iarainn,” an rud a bhí sgríobhtha ag
an té sgríobh an tuarasgbháil Gaedhilge. Dá
léighfí iad sin gan an Beurla ós do chomhair
amach ciaca aca is túisge a chuirfeadh i dtuis-
gint duit an rud a bhí in aigne an Choimisiúin
(.i. “the relations existing between …”).



Fuair cailín i nDoire an cheud duais sa
Mater Sweep. Ní túisge ghabh sí é ná bhí lucht
páipeur ar a tóir agus lucht ionphósta agus
lucht déirce leis is dócha. Níor chuaidh an
t-airgead san thar lear, pé sgeul é. Ní
thuigimíd go bhfuil aon rud bun os cionn ag
baint le sweeps dá shórt (níor mhór dúinn
focal nuadh do cheapadh do sweep mar go
mbeidh siad againn in áit a chéile go deo anois).
D'fheudfaidhe fiacha na n-oispideul go léir do
dhíol sa tslighe sin. 'Sa bhFrainnc is as cáin


L. 64


na Pari-Mutuels a coimeádtar suas ar fad
iad. Tá lucht rás ar an dream is neamh-
Gaedhealaighe i nÉirinn, béidir, agus ba bhreágh
an rud é tairbhe éigint do bhaint asta ar mhaithe
leis an náisiun.



Thugamar an chraobh do lucht rás nóimeant
ó shoin — maidir le neamh-Ghaedhealtacht. Ba
dheacair iad do shárú, gan dabht, ach chun cothrom
na Féinne do thabhairt i gcomhnuidhe, is dócha
go bhfuil an oiread Fáinneach 'na measg a's
atá i measg ceannuightheoirí muc, cuir i gcás,
nó sa queue a bhíonn ag fanamhaint leathismuigh
den Tivoli gach aon oidhche i mBaile Átha Cliath.
'Sé sin le rádh, aoinne in ao' chor.



Mara bhfuil aon mhaitheas i lucht ceannuighthe
beithidheach i dtaoibh na Gaedhilge is ar lucht
saothruighthe na talmhan atá an tír go léir ag
braith i ndeire na sgríbe. Clann tuatha iseadh
an chuid is mó desna deagh-Ghaedhil atá againn
is dócha, agus nuair a bhíonn na feirmeoirí go
maith as bíonn an náisiun go maith as. Dá
bhrígh sin is breágh linn tabhairt fé ndear go
bhfuil rud beag feabhas tréis teacht ar a sgeul.
Tháinig tosach an gheimhridh go bog breágh (agus
tosach maith leath na hoibre, gan amhras,
maidir le cothú an gheimhridh), agus tá glaodhach
cuibheasach maith ar bheithidhigh arís. Ar sgáth a
chéile maireann na daoine, agus dá bhrígh sin,
má stadtar ón droch-obair mí-ádhmharach so i
nÉirinn ní brisfear an oiread san daoine a's
a shíleamar.



Tréis na nótaí seo a bheith sgríobhtha againn
agus “An Sguab” beagnach fé chló tháinig
sgeul eile isteach ó'n Athair Mac Clúin. Is
maith an rud é, mar go raibh saghas amhras
againn go raibh “An Sguab” ag teacht rud
beag níos troime ná mar ba mhaith linn.



IOLSCOIL NA MUMHAN I RINN Ó gCUANACH.



SCEUL A BHUAIDH.



(Tuille dhe).



Gach buaidhirt agus beannacht a thárlaigh dhó le hocht mbliadhna deug anuas.



Bhíodh an Dr. Ó Síothcháin annsúd go breágh,
naomhtha, uasal ag feuchaint, a chuid eudaigh
agus é féin gan smáchail, gan barr cleite
isteach ná bun cleite amach in aon bhall de,
acht é go maordhamhail, mórdhamhail, maiseamhail;
gach aoinne agus sórt scáth orra roimhe, acht
mar sin féin iad marbh le meas agus le gean dó.
Chuir sé fuath na háite ar lucht an Bheurla
agus raghaidís i bpoll tarrachair uaidh. Ní
raibh uaidh acht an Ghaedhealg, fíor, ceart,
nádúrtha bhí i seilbh muintir na Rinne a
bhailiughadh agus a sholáthar agus a leathnughadh
gan milleadh gan múchadh. Ní raibh aon leabhar
le léigheamh againn an cheud bhliain a bhíomair
ann. Ar a shon go dtuigfeadh muintear na
háite an chaint a bhí in “Seudna” agus in
“Sgothbhualadh,” agus go dtaithnigheadh sí go
maith leo bhí go leor, leor rudaí ionnta ná
rabhadar in a dtaithighe agus ná beidís sásta
leo. Theastuigh uainn an chaint díreach mar a
bhí sí aca féin a chur i gcóir agus a fhrithealadh
dhóibh agus a thabhairt dos na daoine bhí dá lorg.



Fuaireamar ceann des na cainteoirí is
glaine agus is cirte 'san áit, Tomás Ó
Muireadhaigh agus bhaineamar caint as ar
chúrsaí an tsaoghail, na cúrsaí ba thaitheach leis
labhairt orra, iascaireacht, feirmeoireacht, an
aimsir, piseoga, an foghmhar, na prátaí, agus
mar sin, agus chuir lucht páipeur Portláirge
cló orra dhúinn i bhfuirm “Greas Comhrádh.”
Chuireadh lucht na bpáipeur so cúpla scór de
na billeoga chugainn gach aon tseachtmhain.
Bhídís seo mar adhbhar léighimh againn agus
dheineadh leabhar díobh in a dhiaidh sin i bhfochair
bailiughadh eile ó mhuintir na háite. “Cnó
Coilleadh Craobhaighe” an leabhar sin, agus
chuir an Dochtúir Ó Síothcháin leabhar nua de
ghlan-Ghaedhilg na Rinne amach gach bliadhain ar
feadh cúig nó sé dhe bhliadhanta. Is dóigh liom
ná fuigheadh aoinne a bheith ní ba chúramaighe
i dtaobh glaineacht na Gaedhilge ná bhí sé sin
ar an nGaedhilg a chuir sé is na leabhartha sin,
agus is é mo thuairim ná raibh aoinne ba
thuigsionnaidhe ná ba eolgaisidhe ar an obair.
Chuir sé cló ar “Shean-Chaint na nDéise”
roimhe sin, agus thuill sé moladh agus meas
na húdair ba mhó le Gaedhilg san aimsir sin.
Is dócha gur ar éigean atá focal ná abairt
ná casadh cainte i mbeula na gcainteoirí is
fearr 'sa Rinn ná fuil bailighthe agus breactha


L. 65


síos aige, agus is mór an feall gan iad sin
go léir in eagar aige agus leabhar deunta
dhíobh. Badh mhór an congnamh a leithéid chum
saidhbhreacht agus fairsingeacht na Gaedhilge a
chasadh orainn. Ní headh, acht badh cheart a
leithéid a dheunamh do gach aon áit a bhfuil an
Ghaedhealg dá labhairt go beo glórmhar i measc
na ndaoine. Tá rudaí fé leith ag baint leis
an Ghaedhilg in gach aon áit aca so, agus is é
an diombádh gan iad bailighthe. Níor mhór
duine éirimeach, tuigsionnach, cúramamhail a
bheith i mbun na hoibre agus gan an iomarca
deithinis a bheith leis acht gach aon rud a bhail-
iughadh agus a chur in eagar mhaith. Na focail,
an foghar atá aca, an t-úsáid a bhaintear asta,
agus mar sin, a chur síos go cruinn agus go
cúramach. Is mór an díthcéille dho aoinne a
bheith ag cur síos foghar focal na Gaedhilge
i leitreacha Beurla; ní fhuil ann acht cur
i mugha, agus rud eile, ní gábhadh é, mar gur
féidir gach foghar atá 'sa nGaedhilg a chur síos
i leitreacha Gaedhilge.



Dá mbeadh leabhar dá leithéid seo in eagar
i gcóir gach aon cheanntair mar adeir mé badh
mhór an meur-ar-eolas a dheunfadh sé do lucht
Acadaimh na Gaedhilge nuair a thiocfaidh an
t-am do n-a leithéid a bheith againn.



Is eadh, acht 'dé'n áit é siúd a raibh mé ar
mo sceul? Ó, is eadh, Leabhartha na Rinne
agus oidí na Gaedhilge ann.



Bhí an Fear Mór annsúd agus allus ag
sileadh leis d'iarradh an chaint a bhogadh do na
haingciseoirí bochta ná raibh focal den Ghaedhilg
in a mbeul aca. Míorbhail cheart an casadh
agus an t-iompó, an t-athchasadh agus an t-ath-
iompó a bhaineadh sé as gach aon abairt
d'iarradh é chur i dtuigsin dóibh, an tslighe a
tharraingeadh sé isteach ar an gcaint iad gan
fhios dóibh féin, agus an tslighe a chuireadh sé
é féin i dtuigsin dóibh gan aon fhocal Beurla.
Na gothaí bhíodh aige le n-a shúile, le n-a bheul,
le n-a chluasa, le n-a cheann, le n-a lámha,
agus le n-a chosa. Bhíodh gach aon fhéith in a
chorp ag obair aige. Bhí bean ó Londuin ag
cur síos air uair agus ar a chuid múineadh,
agus dubhairt sí fiú amháin órdóga a chos go
mbídís ar siubhal aige 'sa múineadh. Eachtradh
shaoghalta an artha bhí aige chum na Gaedhilge a
mhúineadh, acht mar sin féin is mó braon alluis
dá chorp atá curtha aige léi.



I mBaile Uí Luimín, cheithre mhíle siar ó
Dhúngarbhán ar bhóthar na Ceapaighe, is eadh
rugadh Diarmuid Stócs. Is dóigh liom nár
thug aon bhuachaill eile den áit dá chomhaimsir
an Ghaedhealg leis ó ucht a mháthar. Má thug-
adar is lag é; ní raibh ag an duine is fearr
eile dhíobh acht fíor scanán na cainte. Bhí an
Ghaedhealg ag Diarmuid, bhí sí go bríoghmhar
buacach aige, bhí ceol agus binneas agus
buigeacht na Gaedhilge aige, bhí greann agus
seanchuidheacht na Gaedhilge aige agus an croidhe
bog, lághach a ghabhann léi. Creach don Ghaedhilg
b'eadh a bhás. Bhí sé in a mhúinteóir taisdil
agus annsin in a thimthire agus thug sé allus a
chorp ar son Gaedhilge. Dheunfadh sé gníomh
dá mba é toil Dé é d'fhágaint againn. Fuair
sé bás in aois a shé bliadna fichead. Thug sé
sin agus mórán buachaillí óga agus mná óga
eile nach é allus a gcléibhe agus a gcorp gur
chuadar d'eug in a n-óige ar son na Gaedhilge
le fiche bliadhain anuas, agus ní lugha ba chóra
iad d'áireamh i measc mairtíreach na hÉireann
ná na daoine a thug a gcuid fola ar son
saoirseacht na tíre ar feadh seacht gceud
mbliadhan.



Is mó fear greannmhar agus bean ait a
bhuail chughainn ó am go ham, acht cad adeurfá
leis an bhfear a bhuail chughainn istoidhche agus
a chuir de ar maidin le holc nuair ná labharfaí
Beurla leis.



PÁDRAIG Ó CADHLA



(Críoch an Cheud Chaibidil.)



Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n
Chumann Gaedhealach is Fearr



AN CUMANN IBÉRNEACH
INSIÚRÁLA TEÓ.



I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS
COITCHINNE.



Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN
DÁMA, ÁTH CLIATH.



NA POLASAITHE IS IOMLÁINE LE
FAGHÁIL.


L. 66


BARÁNTAS NA mBRÓG.



Mac Uí Ghliasáin, ón gClochar, a dhein an
barántas so. Tá an Clochar so leath-shlighe
idir an Dúnbeag agus Sráid na Coillte. Is
amhlaigh a ghoid a bhean na bróga ó'n Gliasánach,
d'fhonn is é choimeád istigh ó'n mbáire a bhíodh
gach Domhnach a bhualadh ar an Daibhch Mhóir mar
a bhfuil na cnuic mhóra ghainmhe, lastoir de'n
Dúnbeag. Bhí an t-an-chaitheamh ag an bhfile i
ndiaidh an bháire, agus i ndiaidh an rinnce a
bhíodh ar siúbhal le hais an bháire. Bhí a bhean
ciapaighthe aige agus do chuir sí na bróga i
bhfolach air.



Ó Mháire Mhór Ní Bhraoin ó Chill Árd iseadh
thóg mé síos é. Tá sí taréis bháis anois, go
soillsigh solus na bhFlathas ar a hanam. B'í
Máire máthair Phádraig Mhic Dhómhnaill .i. cura
mhórcháil na gcleas-lúth.



PÁDRAIG ÁGHAS.



BARÁNTAS NA mBRÓG.



Condae an Chláir i dtúis na hÉireann,
Aois Mhic Mhuire anois mar léightear,
Taréis míle bheith caithte agus ocht de chéadta,
Agus fiche bliadhain 'na dhiaidh ar aoncheart,
Tháinig dearbhú de cheartú céille
Máthair ghiúistís go saoieamhail saothrach
Dearbhú limeanta cruimeanta cródha.
Do réir mar a thuigim gur imthigh mo bhróga.
Dá bhrígh sin tugaim le húghdar dána
Dlighe na righeachta agus togha bharántais,
Cuardaigh go dlúth gach cúine 'en stábla,
Luchta na gcearc nú ar phort na sráide iad.
Ná fág cúil ná cúine ar thíortha,
Fé thóin leabthan ná cúil iadharta,
Móinte, bogaighthe, curaighthe 's aibhnte,
Le hais na mara nú 'dir mairbh an teampaill.
Ná fág claidhe ná poll díge,
Béal Chomhraí ná Sráid na Coillte.
Cuardaigh Calán agus Cuilean-Uí-hÍde.
Cuardaigh go ceart i mBléin na Díge.
Dá mba bhróga briste iad gan seile gan sásamh
A bheadh brúighte briste nú rithte lem shálaibh,
Acht mo bhróga greanta thug an-chuid ghrinn dom.
Is áluinn tapa do ghreadfainn leó rinnce,
Ó neóin go maidean is ó mhaidean go faoithe,
Le gach óigbhean chailce dá dteagmhóch im líonta.
Bhíodar suidhtheamhail, croidheamhail, díonmhar,
Fáisgithe socair ar mo chosaibh chum rinnce,
Níl aon oidhche speatair ná soineanaí bhí 'gainn
Fé mar a mheasaim nár chaith mé leó oidhche.
Dá bhfaghainn a dtuairisg ní dhéanfainn suaimh-
neas oidhche,
Thabharfainn coróin nú dó mar dhíol uaim.
Dhéanfainn fiadhna díobhsan á bhfiachadh le peelers
Is do chrochfainn go hárd ar bharr croich Ínnse
iad.
Cuardaigh leasanna Chnoc Donn Fhirinnigh.
Greán do chás go hochlánach le Clíona.
Téighir go dtí an Chraig léi mar a bhfaghaidh tú
Aoibhil.
Seachain, tá abha ag bun cnuic Réithe —
An abha abhí ag Conal an chéad rí abhí ar Eirinn.
Scótia i Laidin ainm na hÉireann,
Gaillimh na mbád agus Ára naomhtha,
Casadh liom an chailleach is ba ghránda an
tseóid í,
A gruaig léi síos agus a buinn gan bróga,
Snódh na gaoithe 'ri fé chríon-bhrat crón,
Í caithte, críona, claoidhte, feóidhthe.
“Fág mo radharc, a chladhaire ghránda,
You impudent lout, you're bould and saucy.”



“Soisg, a chaille, is oth liom do chúinse,
Is lom í do dhreach is tá brath ar do shúile.
Rachad Meighráth nú go Réidhchnoc Aoibhil,
Is ní stadfad go bráth go mbainead páirt de
Chlíona.”



Le Clíona:—



“Beannuighim duit, a bhainríoghan órdha,
A chroidhe na féile is a chraobh an eólais.
Is duine me i ngéibhin 's i ndaorbhruid brónach
Tá cathuightheach diacrach i ndiaidh mo bhróga.”
“Má's duine tú i ngéibhin 's i ndaorbhruid
brónach,
Tá cathuightheach diacrach i ndiaidh do bhróga,
Gheóbhaidh tú buatais uaimse is bróga,
Ainir bhreagh, mhúinte, chúmtha, chórach,
Is each mear súgach i dtúis na slóighte.”
D'árduigh sí léithe lóm a réidhtigh,
Bhí password aici pátlum pétum.
D'oscladh dorus is fiche gan bhréag dhom.
Chonnaic mé seómra lán d'ór is de dhémons,
Seómra lán de chulaithe airm is éide,
Seómra lán d'ógmhná dar las spéir is grian
ortha,
“Here you'll find some jewels more curious
than Venus
And enchanting music that will surely ‘plaze’
you.”


L. 67


Dá mba liom an bogha (bú) bhí ag Murchadh ag
treascairt na dtáinte,
An lomra óir a bhí i gcómhfra Jáson,
An t-ubhal san chraobh do phléidh an bháinchnis
Ar mhaitheas an tsaoghail ní thréigfinn Máire.
Bhí srian is each i láimh gach aoinne;
Fothrom is gleó ag cóistí taobh liom;
Is faobhar nímhe báis i mbarr na gaoithe.
Dob' ionann lem' láir se árd nú íseal.
“Fágaigh ar an dtalamh mé, tá pianta ar mo
ghlúinibh,
Tá fiuchnaí ar mo sála 's mo chnámha bochta
brúighte.
Ní maith an marcach mé i dtosach an chúrsa
Muna bhfaghainn asal nú seanchroc seanda
Mar a bhíodh ag mo athair ag tarrac an mhúraigh.”
Breathain mé an talamh cé gur fada mé
foidhneach
Is sgreadas go lom ar Donn na Daibhche,
D'airigh an bunán ceannárd uasal
Agus dubhairt go hárd leó, “Fágaí(gh) uaibh é,
Dé'n sórt duine thu nú cá bhfuil do bhróga,
Nú an as do chodla do rugadar leó tú.
Tá scannra 'n bháis go gránda id' shúile,
'Sé taithneamh mo cháil gur gránda an tsamhail
tú.”
“Tá scannra 'n bháis go gránda im' shúile,
'Sé taithneamh mo cháil gur gránda an tsamhail
mé.”
Acht le faobhar coin catha bhí an-chuid fiaidh ann,
A's mé os cionn na mara ar mhullach crois'
iarna.
Do shiubhlas gach áird, níl áit nár chuardíos.
Ní fhuaireas mo chás a dtásg ná a dtuairisg,
Nuair a chonnac chúgham Máire mo ghrádh dom'
fhuasgailt,
Is bhíos ar an dtráigh sul a raibh an báire
buailte.



MAIDHC-JÓ.



Garsúinín sa sgoil seo againne iseadh
Maidhc-Jó. Deirtear go bhfuil sé spaid-
eamhlach, agus is fíor ná bíonn a cheacht go
maith aige riamh, ach nach é an leadó atá ábalta
ar an bhfreagra glic do thabhairt ort mar sin
féin. Tá beirt shagart sa pharóiste seo. Is
annamh a sgaoileann an Canónach sinn sul a
dtugann sé seanmóin leath-uair a chluig uaidh
ach bíonn a mhalairt de sgeul ag an bhfear eile.



Téigheann an Canónach go dtí an sgoil go
minic ag ceistiuchán. Bíonn Maidhc-Jó ag
bun na buidhne i gcomhnuidhe, ach, má bhíonn,
gheibheann sé níos mó ná a chuid féin desna
ceisteanna.



“Cadé an deifridheacht,” arsan Canónach leo
lá, “idir Canónach agus sagart óg?”



“Tá's agam é sin,” arsa Maidhc-Jó. “Is
féidir le Canónach Aifrionn fada a rádh agus
ní dheireann sagart óg ach ceann gairid.”



Cuireann an Canónach an-shuim in ainmeacha
na ndaoine. Aon lá amháin chuaidh sé mór-
thimpeall na buidhne ag fiafruighe desna páistí
cadé an naomh pátrún a bhí ag gabháilt le n-a
n-ainm: mar cuimhne ar Naomh Pádraig, nó
Naomh Brighid, nó Naomh Eoin, agus mar sin
de, a baisteadh an chuid is mó díobh.



“Agus tusa?” arsan Canónach ag teacht go
dtí Tadhg.



“Naomh Thaddeus,” arsa Tadhg.



“Agus tusa?” arsan Canónach le Maidhc-Jó.



“Naomh Maidhc-Jó,” arsa seisean.



Lá eile bhí an Canónach ag innsint parabil
an tSamaritánaigh Fhoghanta sa sgoil agus 'á
mhíniú dosna páistí.



“Nárbh' ait an rud é,” arsan Canónach,
“gur chuaidh an sagart thar brághaid gan aon
tsuim do chur sa bhfear bhocht agus é geall
leis fuar marbh sa díg. Conus a mhínigheann
tú é sin, a Mhaidhc-Jó?” arsa sé, “mar ní
mar sin a bhíonn sagairt de ghnáth, dar ndóigh.”



“Muise, a Chanónaigh,” arsa Maidhc-Jó, “is
amhlaidh a cheap an sagart, is dócha, gur ar
dearg-mheisge a bhí sé.”



Bhí Maidhc ag léigheamh an pháipéir le déidh-
eannaighe. Tá an buachaill ceudna cliste go
leor nuair is maith leis.



“Nach greannmhar an sgeul é,” ar seisean,
“drifiur ag fagháilt bháis leis an ocras ag
iarraidh teacht amach as príosún agus drifiur
eile ag fagháilt bháis leis an ocras ag iarraidh
dul isteach ann!”



Baineann sé fiche bliadhain de bhean fear do
dheunamh dena mac, ach ní bhaineann sé ach fiche
nóimeant de bhean eile amadán do dheunamh
de (ní Maidhc-Jó dubhairt é sin, ámhthach).



CILLNUADH.


L. 68


CIONNTACH?



“Ach! cuir uait i n-ainm Dé agus bíodh
tuiscint agat.”



Tháinig an focal san chó tapaidh orm gur
baineadh gearra-phreab asam is thit an páipéar
ar an úrlár. Bhí an Barrach ag féachaint isteach
sa teine is an phíp bainte as a bhéal aige.
Ansan thug sé féachaint im threó-sa is spréa-
charnach feirge is searúis 'na shúile. “Táim
dóthanach is lán suas aige cainnt mar seo.
Páipéirí is nuadhuíocht, mhuis. N'fheadar conus
a shíolruigh a leithéid. Daoine ag léigheamh,
léigheamh, is ag sluga siar as na páipéirí.
Marú anso is pósa uasal galánta ansan is a
leithéid eile seo i mball éigint eile. Ithe
agus ól dóibh iad so go léir indiubh, agus an
tart is an t-ocras céadna amáireach. Nách
minic a dúbhart cheana ná fuil ins na cúrsaí
seo ach an screamh, an t-uachtar, an barra, an
scannán, ná bainean úntas ceart leótha ach
uair fhada fhánach? Téir síos, a mhic ó. Buail
isteach fé bharra na h-ithreach; beir greim ar
na rudaí a bhíon sa tsiúl coitianta is beidh
úntaisí agat; úntaisí go bhfuil an mianach
dílis fóghanta únta ach na daoine a bheith ró-
dhall chun iad a dh'fheiscint. An droch-oideachas
fé ndeár é, is an droch-thuiscint is easba – –.
Ach caithimíst uainn é. Bhfuil aon ní eile
ansan?”



“Níl seóid a bharra ná faic,” arsa mise, is
ní raibh fhios agam cad ba cheart a rá. “Ní
fheicim aon ní eile.”



‘Agus na Cúirteana? Bhfuil aon ní ansan
féinigh? Na sean-pháipéirí seo – –.”



“Fan anois go bhfeicfead. Seadh díreach,
arsa mise, a d'iarraidh an cúrsa a bhoga, “tá
anso. Ach — níl ach cúpla líne. ‘Séamas
Mac Stannaigh; meisce is droch-úmpar; mí
nú £3. (Fuarthas Séamas Mac Stannaigh go
maith fé dhig i Sráid – –.)’”



“Ná bac leis sin. Tiocfaimíd thar n-ais
air aríst. Lean ort.”



“‘Pádraig Ó Ceallacháin: bliain go leith.
Seóirse Mac Séamais: siopa seódóra a
bhrise: trí bliana. Micheál Ó Cuínn: ar
amhras: cuireadh – –.’”



“Tha! Cuireadh cad-é? Aon ní eile.
Micheál Ó Cuínn? Léigh é.”



“‘Cuireadh siar.’ Sin a bhfuil ann ach amháin
an seóla.”



“Seadh! Seadh! Cad é sin?”



“115 Sraid Shéa – –.”



“An dial,” is do dhein sé na focla a
thiomáint amach trí n'fhiacla. “Trom é sin;”
is bhí sé léimthe i n-áirde is an páipéar snap-
aithe aige. “Bheifá ag cainnt – –. Seadh, is
nár cheart go mbeadh fhios a – –? Féach i
leith, Antoine;” is do dhein sé an seana-
pháipéar a raide chúgham i n-aon cheirtlín
amháin, “má chloisean tu a leithéid de chainnt
go deó airíst uaim ní gá dhuit ach ‘Micheál
Ó Cuínn’ a luadha. Mise agat an t-amadán
is crómhnta críochnuithe i n-Éirin indiubh.”



“Ach, a dhuine chrómhnta chríochnuithe,” arsa
mise — bhí an gearra-thaom feirge sin fuar
marbh fé seo — “cuímhnigh, led thoil, ná tuigim-
se cad tá ar bun agat i n-aochor fós. Cé h-é
an Micheál so?”



“Seadh,” ar seisean leis héinig, cheapas,
“ní beag é sin mar dheimhniú. Bhí an ceart
– –. Ó, seadh! an Micheál seo a dúbhraís.



“Tímpal is leath-uair tréis a naoi ar
maidin indiubh — níl anso ach cnámha an scéil —
bhuail bean stróinséartha isteach chúgham. Ní
raibh tusa anso an tráth san. Bhí sí tógtha,
corruithe, cráite. Ach fágaimíst mar sin é.
Cómhnuíon sí i n-uimhir 115, Sráid Shéamais.
Tá go maith. Tráthnóna indé do ghluais a
fear amach as an dtig tréis an tae chun gnó
éigint a dhéanamh — ní raibh fhios aici cad é
féinig — agus tháinig sé thar n-ais tímpal is
leath-uair tréis a naoi. Níor chleachtuigh sé
bheith amuigh an tráth san. D'fhill sé thar n-ais,
ach go h-áirithe, leath-uair tréis a naoi; é
bán, buidhe, dubh, dearg, gach uile dhath riamh i
n'aghaidh, agus scannra an bháis air. 'Ná bí
tógtha, a stóirín,' ar seisean. ‘Ní gá é.
Uair éigint eile deinfidh me – –.’ Is do
rith sé i n-áirde 'on tseómra. Dhein sé é
héinig a nighe ansan is a shlachtú suas, agus
laistig de nóimint nú dhó bhí sé tagtha anuas
airíst ‘Seo, a Bhrídín,’ ar seisean, ‘tóg
iad so,’ tréis a phóca a chuardach, ‘agus ná
teasbáin d'éinne iad ar do bhás’; is do chuir
sé trí cinn de sheóda go raibh spréacharnach
soluis asta a dheinfeadh dalla ort is caocha
isteach 'na láimh. ‘Bead ag imeacht anois.
N'fheadar an mbead – –. Béidir ná tiocfad
thar n-ais airíst anocht. Ach is cuma, a stóirín.
Ná bíodh aon bhuairt ort. Béidir – –. Ach
ní féidir liom a thuille a rá anois. Uair
éigint eile má – –. Ach cuímhnigh ar na seóda
san. Coimeád iad ar do bhás. Uair éigint
– –. Ach is cuma anois. Slán agat.’ Is
bhí sé amuigh fé dhoiritheacht na h-oidhché.


L. 69


“Fágadh an bhean bhocht dall amach istig ins
an gcistin. ‘Cad a bhí ar bun i n-ainm – –?
Cad a bhí déanta aige? Na seóda ansan ar
an mbórd ag spréacharnaigh is ag dlioscarnaigh.
A Mhuire Mháthair, cad a bhí déanta. Goid?
Níor bhéidir é. Agus má seadh — na seóda
san — conus a thánadar? An amhlaidh – –?
I n-ainm Dé ná cuímhnigh air. An droch-bheart,
is ansan é tógtha amach, is na blianta fada
is an tig – –. Ó, a Dhia na bhflathas – –!’



“Do bhris an gol ar an mbean bhocht, gol a
shuathaigh gach órlach di: gol deórach cráite
guirt. ‘A Dhia na ngrást!’ is d'fholuigh sí
a h-aghaidh 'na dhá láimh.



“Cnag! Cnag! Cnag! ar an ndoras.



“Thriomuigh sí na súile is d'oscail. Bhí na
póilíní 'na seasamh ós a cóir amach!



“‘I gcúntas an tsaoil, agus cad do b'áil
libh – –?’



“‘Ná bac le cúntas,’ ars' an Ceann.
‘Bhfuil fear an tighe seo istig?’



“‘Níl, ná istig. An amhlaidh – –?’



“‘Bhfuilean tu cinnte?’



“‘Táim, lán-chínnte.’



“‘Bhuel, táimíd á lorg, a bhean chóir.
Deineadh droch-ní áirithe — marú is goid: is
táimíd i n'amhras – –. Féach anois, má's
maith leat aon ní a rá tá a chead san agat,
ach cuímhnigh pé ní a deirean tu go mbainfar
Úsáid as, má's gá é. Táimíd chun an tig a
chuardach.’



“‘An tig a chuardach! Ó! a Dhia mhóir,
cad tá déanta? Cad tá bun-ós-cionn? Ní
chreidfinn go deó – –.’



“‘Thath,’ ars' an Ceann. ‘Cad iad so?’
is do ghreamuigh sé na seóda a bhí ar an
mbórd. ‘Tá sé chó maith dhom a rádh leat,
a bhean-an-tíghe, gur goideadh dlús luachmhar
seóda ó Mhártan Ó Conláin, 25 Sráid an
Rialtais, aréir, is gur marbhuíodh é le piléar.
Bhí t'fhear-sa i láthair, is oth linn a rá, a Bean
Uí Chuínn.’



“Thosnuigh an bhean ar bheith ag béicigh is ag
screadaigh. Ghluais na póilíní ar fuaid an
tíghe. Thuas sa tseómra bhí an t-uisce salach
sa mbáisín is na giúirléidí caite thall is i
bhfus ar an mbórd fé deifir. Tairigíodar an
tarracán amach. Bhí clúdach gunnáin caite
istig. Thógadar amach é. Uimhir A 6437 a bhí
ar an gclúdach san, is bhí sé — follamh!”



Níorbh fhada go raibh 25 Sráid an Rialtais
bainte amach againn. “Tá náire an domhain
orm, 'Antoine,” ars' an Barrach liom sa tslí.
“Ó leath-uair tréis a naoi go dtí anois” (bhí
sé a trí an uair sin) “is gan faic déanta
tréis an gheallúint a thugas. An dial slaghdáin
seo, is dóch. Ach bé go mbeidh an scéal ar
fóghnamh fós. Bhí an bhean féinig macánta, ach
go h-áirithe.”



Ní raibh puínn aga agam chun uimhir a 25 a
thabhairt fé ndeara. Bhí trí lochtaí ann: táthán
buidhe-ghlas air: fuinneóga breátha móra: an
tig féinig buailte leis an gcasán gan ráil ná
gáirdín eatora.



“Seadh, a Bharraigh,” ars' an Ceann. “An
tu san?” Agus bhí gile is áthas is mórtas
'na ghlór is 'na radharc. “Ba chanta an gnó
beag é. Níor dheineamair ach preaba isteach is
na greamairí a bhuala ar an mbithúnach. Ní
dheinfidh sé – –.”



“Ach cárbh fhios díbh cá raibh sé?”



“Ó! ba réidh an gnó é. Bhuaileamair
isteach 'na thig féinig ath-uair ar maidin indiubh
ceathrú tréis a naoi. Bhí gearra-chailín rómhainn
isteach is litir aici do bhean-an-tíghe. Dhein-
eamair í cheistiú, ach níorbh' áil léi puínn a rá.
Chaitheamair an litir a dh'oscailt mar sin,
féachaint cad a bhí sa tsiúl. Seo dhuit í
Chífidh tu nár theastuigh a thuille uainn.”



Bhí blúire páipéar giobalach istig sa chlúdach
is an scríobh déanta le peann luadha.



“65 Árd na hAbhan.



“A Bhrídín dhílis,



“Thugas an oidhche aréir anso. Ní dh'fhéad-
fainn fille abhaile. Tá cúrsa botúnach tréis
titim amach, is tá scamall dubh anuas orm.
Ach ní gá dhuit aon droch-mhisneach. Beidh an
scéal 'na cheart ar ball, le congnamh Dé.
Misneach airíst, a chroidhe dheoil.



“Micheál.”



“Dhein san scéal socair de,” ars' an
Ceann. “Fuaireamair é, is tá sé déanach
agat-sa bheith ag teacht anois. Ní theastuíon
do chabhair uainn an trus so.”



“Is cuma san,” ars' an Barrach, “agus dá
dteastóch féinig bhéadh fáilte is fiche rómhaibh
fé mar a bhí go minic. Cad é an chéad tuairisc
a fuaireamhair tímpal an chúrsa?”



“Bhí sé mar seo. Tráth éigint aréir, bhí sé
a naoi, measaim, tháinig glaodhach tríd an
dtelefón á rá gur deineadh marú anso is
brostú a dhéanamh. Léimeamair isteach sa
ngluaisteán is sciúrdamair anso. Bhí bean-


L. 70


an-tíghe anso. Tá's agat cad é an deárthamh
a bh uirthi. Thug sí steach sa tseomra go raibh
an marbh ann. Bhí fear istig rómhainn.



“‘Cé h-é tusa?’ arsa mise.



“‘Éamonn Ó Súilleabháin,’ ar seisean.
‘Bhíos anso nuair – –.’”



“Seadh, fan go fóilín,” ars' an Barrach.
“Féachfaimíd chuige sin ar ball beag. Caith-
fidh me tuairisc mhná an-tíghe a thógaint ar
dtúis.”



“Dubhairt sí – –,” ars' an Ceann.



“Leath-nóimint,” ars' an Barrach. “Bhfuil
sí sa tig anso?”



“Tá,” ars' an Ceann. “Cad do b'áil leat
an cheist a chur?”



“Chun na fiosruitheachta a shásamh — muna
bhfuil aon ní eile ann.”



“Ní gá dhuit a dhuadh san a chur uirthi. Pé
fios a theastuíon uait – –.”



“Seadh, tuigim,” ars' an Barrach, “ach b'
fhearra liom é chlos uaithi féinig.”



“Tá go maith, a Bharraigh. ‘Beatha dhuine a
thoil,’ dar ndó, is bíodh do thoil féinig agat-sa.
Ach ní gá dhomh-sa an scéal a chloisint ath-uair.
Slán – –.”



“Ní call duit é thógaint mar sin, a dhuine.
Ní theastuíon uaim-se teacht laistig díot, ach
ón uair gur tháinig Bean an Chuinnigh mo
threó-sa ar maidin – –.”



“Ó, tuigim. Tá an taobh eile agat, is dóch.
Coimeád é, a dhuine, is fáilte. Ach cuímhnigh,
mar a dúbhart-sa cheana, go bhfuil an scéal
socair amach. Slán agaibh.”



“Féach air sin anois,” ars' an Barrach, “is
gan bun ná cúis leis. Níor ghá dhó é. Ach —
feicimíst an bhean anois.”



SEOIRSE MAC CLÚIN.



(Beidh deireadh an sgéil seo sa cheud uimhir eile.)



CRAINN ÓGA



Níl aon rud níos tábhachtaighe
sa tír seo ná crainn
do chur.



A Ghaedhil, ba mhaith ár ngnó do dheunamh as
Gaedhilg, agus ní beag san, is dóigh linn.



Cuiridh fios ar Chlár na Luach: Crainn Coille,
Tuir Gáirdín, agus Crainn Torthaí.



Tá teistiméireacht againn ó Aireacht na
Talmhanuidheachta.



MUINTIR AN RÁITHÍN,
TUAIMGREINE, CO. AN CHLÁIR.



LIOSTA DESNA LEABHRA FUAIREAMAIR
AN MHÍ SEO CAITHTE.



Comhlucht Oideachais —



“Sgeul Ár dTíre.” — Liam Ó Rinn. 2/6.



“Sgeulta Sgoile.” — Pádraig Ághas. 6p.



“Trí Seoda ó Albain.” — An tAth. G. Ó Nóláin. 2/6.



“Sgeul na hÉireann.” — Proinnsias Ó Súilleabháin 8p.



Brún & Ó Nualáin —



“Cosa Buidhe Árda.” — “Finghin na Leamhna.” 6p.



Clodhanna —



“An Baile Seo 'Gainn-ne.” — “Seabhac.” (Ath-
chló.) 1/6.



“Beatha Aodha Uí Néill.” — Mícheál Mhag Ruaidhrí.
(Ath-chló.) 1/6.



agus ón Ughdar (i Mainistir Fhearmuighe) —



“Cnoc na Sidhe.” — Cormac Ó Cadhlaigh. 6p.



ÓRDUGHADH DHÚINN “AN SGUAB”
A SHEOLADH TRÍD AN bPOST.



Do'n Bhainisteoir,
“An Sguab,”
Cearnóg Cnocán Áthais, a 24,
Baile Átha Cliath.



2/- é seo chun go ndeunfaí “An Sguab”
a sheoladh tríd an bPost chugam gach mí ar
feadh na sé mhí a leanas ón lá indiu



Mise



M'Áit Chómhnuidhthe



MAISÍNÍ CAINTE & PLÁTAÍ.



GACH AON DEUNTÚS.



Gheobha Lucht Léighte “An Sguab” Locáiste
Speisialta.



Fuigh an Pláta nuadh (Gaedhilge) —



“RAITHEANACH A BHEAN BHIG.”



GEARÓID CROFTS dubhairt an t-amhrán so.



TOMÁS MAC MATHGHAMHNA,
AN SGAIRBH, CO. AN CHLÁIR.


L. 71


RINCE AGUS CEOL.



“Tá sé sa chroidhe agam, acht ní'l sé sa chois
agam,” an leath-sceul a bheireadh duine desna
sean-andúirí, amba náir leis teasbáinteas do
dheunamh os comhair cuideachtan ar athchuinghe
cháich, den ghliodram agus beartú cos (agus
b'fhéidir geug, leis) ba mhian leis 'na chliabh ag
freagairt do mheadar mheidhreach mheanmnach an
gheantraighe shinseardha. “Nach é an diombailt
ar cheol breágh é,” adeireadh cách, agus diombádh
an domhain orra ná faghadh mear-rince na méar
ar theuda na bheidhlíne nó ar sheannsúir na píbe
an cothrom comh-fhreagartha ba dhual dó ar
chlár bog déil. B'fhéidir nár dhóichighe an leath-
sceul a luadhas á thabhairt ná mian a chroidhe
agus mear-ghríosacht a mheanman ag deunamh
foiréigin ar lúthacha a chos is a gheug ag sean-
duine agus é preabadh 'na sheasamh gan iarraidh
gan athchuinghe, ag deunamh corruighe cos agus
claonadh colna ná raibh gaol ná comhgas aige
le céird ná le cleas snoighte snasta an
mhaighistir rince, acht a chinn ó chroidhe agus a
fuair treoir ó chluais. Tá sompla den ní seo
adeirim arna chlódh go donn doimhin im aigne,
sompla nach baoghal dó meirg na haimsire á
mhúchadh, sa mhéid go mbaineann sé le buan-
chuimhne an tsuaircis agus an aoibhnis a thaithigh
me im óige ag scoruidheachta an tráthnóna i
Sean-Choláiste na Rinne. Ceud slán leis an
aimsir sin agus beannacht dílis Dé le hanam
an té ba mhó b'adhbhar leis an aoibhneas so a
luadhaim .i. Risteard de hEnebre, Sagart do
na Déisibh, agus ceoltóir a thuig cionnus an
t-anam agus an brígh ba dhual dó do chur sa
gheantraighe shinseardha, go gcuireadh sé meidhir
is meagadh agus tochas bonn chum bobhta ar
chlár ar óg agus fós ar shean dá mbíodh i láthair.
Ar eagla nár leor beartú a bhogha féin ag
deunamh tógaint ar chroidhthe na cuideachtan
san ba gheal gleoidhte leis, scaoileadh sé
chughainn as an chóir-aithrise greas ar an bpíp
ó Patsy Tuohy, rí agus ridire na píbreachta.
“Cé gheobhadh foighneamh leis saor ó cheangal na
gcúig gcaol?” arsa seanduine foirbhthe an
tráthnóna so, ag preabadh 'na sheasamh le
bíodhgadh 'na bhallaibh. Agus dóbair, leis, go
gcaithfí ceangal caol a dhá chos ar a luighead
do thabhairt air, ar eagla suathadh an úrláir do
dheunamh dochair don chóir-aithrise.



Sa chroidhe 'seadh bhíonn an rince gan amhras
agus ón chroidhe 'seadh chuaidh sé sa chois ar
túis agus annsan an chos a chur snasa agus
slachta agus eagar filidheachta air le méid
cleachttha agus le imtheacht aimsire, go bhfuil
anois go cliste cóir agus go maiseamhail
riaghalda againn. Ní hamhlaidh don rince gona
cheol agus d'adhb úd na circe gona hubh —
“Ciaca ba thúisce ann?” Ba thúisce an ceol
acht b'fhéidir ná raibh ann acht san agus gur
ar scáth agus le cois a chéile d'fhásadar 'na
dhiaidh san i leith. Ní thráchttar ar rince isna
sean-leabhra sinsir, acht is mó tagairt agus
teastas le fághail i saothar sean-ughdar, idir
Ghaedheal agus coigcríoch, ar a chaoine, a bhuige,
a mheanmnaighe a sheinneadh aos ceoil in Éirinn
anallód agus ar ghrádh agus géilleadh cine
Gaedhil go comh-iomlán do gach cineul ceoil,
idir geantraighe, goltraighe, agus suantraighe.
Maidir liom féin de, is leor liom mar dheimh-
niú agus mar dhíomhnú ar thréithe agus cáilidheacht
ceoil an tsinsir an sompla do luadhas rómham
agus tuille eile mar é dá bhfaca imeasc an
iarsma Gaedhealaigh Ghaedheal úd dár thagras.
Foighneamh ná fuireach socair níorbh' fhéidir leo
ag éisteacht leis an gceol — leis an gceol
dúthchasa adeirim, an ceol nár thaithigheadar,
b'fhéidir, acht nár lughaide a n-aithne air luighead
a dtaithighe air, mar gur théigh an fhuil sa chroidhe
grinn Ghaedhealach aca leis, an nóimeat d'airigh-
eadar é agus d'aithnigheadar ann meon agus
sult agus subhachas an tsean-chine ór chinneadar.



Chuir sé i gcuimhne don chuid aca a chonnaic é,
scoruidheacht an tráthnóna shamhraidh ar an
gcrosaire agus scléip-sult na hoidhche geimhridh
ar úrlár tighe istigh — ógánaigh agus óg-mhná go
geal-gháiriteach gan gruaim ag géilleadh le
fonn do spreagadh spleodrach na píbe nó do
luascadh luaimneach an cheoil bheidhlíne. Nach
mó sceul greannmhar a tháinigh le cois na
cuimhne sin chum a n-aigne. Shamhluigheadh dóibh
Seán na Scléipe ag deunamh i leith ar chrosaire
Bhaile na nGall arís, agus culaith air a dheineadh
gan congnamh ó fhigheadóir ná ó tháiliúir. Seo
mar a bhí — fear b'eadh Seán ná faghadh diúltadh
do shult na scoruidheachta dá mbeadh ar bhain
riamh leis ar an gclár. Chuaidh sé a chodladh
dh'éis eadarshuth an Domhnach so chum bheith
leigthe lúbach ceart i gcóir scléip an tráthnóna
ar an gcrosaire. Cad deirir lena mhnaoi nár
chuir gach aon bhall eudaigh leis i bhfolach nuair
a fuair sí 'na shámh-suan é agus thug sí féin
an chrosaire siar uirre agus í ag gáire 'na
cliabh ag cuimhneamh ar an saoirse agus an
suairceas a thuar sí dhí féin agus ar an ngreim
ráideach a chuir sí ar an scléipire fir a bhí aici,
ar a ball nuair a dhúisigh Seán agus chonnaic


L. 72


sé an chealg d'imrigheadh go foilightheach fealltach
air, dóbair ná fanfadh sé 'na chroiceann. Cé
bhuailfeadh isteach leis an linn cheudna chuige ná
a chomh-scléipire, Micheul an Rince, agus ba
ghairid air sin féith do thabhairt thar fadhb agus
clúdach thar tárnocht. D'fhill sé líon scadán
go córach casta aniar thar chabhail Sheáin ó
chaola a chos go caol a mhuiníl agus as leo
araon gach ndíreach go láthair an rince. Fear
an chulaidh lín ba thúisce thar iontódh an bhóthair,
agus ní túisce chonnaic an chuideachta shuairc
an beithear alltach, dar leo, ag teacht go
hamplach fa n-a ndéin ná theich gach aon mhac
agus inghean máthar aca 'na raon madhma
meathta abhaile agus an píobaire dall chomh
mear le cách.



Fínnéidheacht a fhírinnighe sin ar Mhicil Ó
Muirgheasa, seanchuidhe na Rinne, an té d'each-
traigh dam, maille leis an eachtra eile seo im
dhiaidh: Cailín aimsire a mb'ainm di Cáit
Óinseach bhí i mBaile Uí Chuirrín. Mheall
aisteoir éigin í chum dul leis go dtí scor-
uidheacht an chrosaire an tráthnóna Domhnaigh
seo, agus ó b'fhaision le mná na haimsire sin
fannsa ar íochtar an ghúna aca agus nár
ranguigh sa bhfaision san Cáit, chuir sí sean-
bhanda rotha mar fhannsa uirre féin, ar
chomhairle an fhir. B'shiné an tráthnóna a raibh
an spórt agus an gleo ar an gcrosaire, acht
bhí gol a ngáire ag cuid aca 'na dhiaidh, mar
mhill Cáit glúine agus loirgní a raibh ag rince
ann leis an mbanda trom iarainn.



Ag machtnamh dam amhlaidh ar eachtraí grinn
na sean-mhuintire agus ar mheidhrighe agus
meanmnaighe an oidhreacht ceoil a tháinig
chughainn anuas, m'iongantas ann doimhneacht
agus daingneacht an ghrinn a chaith bheith i gcroidhe
an Ghaedhil, ráidhte nár chlaoidh is nár mhúch
liacht na gcreach d'fhulaing sé leis na bliadhanta
fiara fuara i leith é. Má tá rún agus rian a
bhróin againn sa cheol righin uaigneach, tá nochtadh
a mheidhir in aimhdheoin na géirleanamhna againn
sa cheol mhear shultmhar. Tá, nuair a sheinntear
'na cheart é agus nuair a chuirtear an t-anam
is dual dó ann, mar dob' eol do phíobairí
agus do bheidhleadóirí na gcros-bhóthar a chur,
agus mar is eol fós do roint ceoltóir 'nár
measc ná fuair a dteagosc in acadamh ceoil
ó “Madame Mo-Dhiachair” ná ó “Herr Folt-
Fada.” Nach dealbh dubhach mar sceul é go
bhfaghfá fear nó bean re ceol i ngach cathair
agus baile beag briste in Éirinn a mhúinfeadh
giota éigin de cheol gach cine dhuit agus nár
mhór duit dóigh agus andóigh do chuardach dá
dteastóchadh uait tú theagosc ar cionnus cor,
port, agus corn-phíbe na nGaedheal do sheint.
Nó caith do shúil thar a bhfuil de leabhra
teagosca ceoil againn agus gheobhaidh tú ionta
sompla de gach cineul ceoil atá ag gach cineul
daoine ar fuaid mór-roinne na hEorpe gan
giog ann de cheol na nGaedheal, muna mbeadh
gamall bocht maol éigin de phort nó amadán
de chor, a mb'fhearr leat as ná ann iad, má's
sompla do chách iad ar cad is oidhreacht ceoil
dúinn. Ní hiongnadh san, dar ndóigh, nuair
nach linn na leabhair, mar leabhar teagosca dár
gcuid féin, ní'l againn chum a leagaint os
comhair an bheidhleadóra óig, acht Sasanaigh,
Frangcaigh, agus Gearmáinigh ag tál a leabhar
féin orrainn. Is fíor go bhfuil leabhair mhóra
againn a bhfuil cnuasach agus cnó ceoil an
tsinsir ionta, acht dé méid dár gceoltóirí óga
a chonnaic ceann aca riamh, nó, má chíd, cá
bhfuil a dtairbhe dóibh in eugmais a n-eolais ar
cionnus aon chineul ceoil dá bhfuil ionta do
sheint. Oscail leabhar díobh os a gcomhair amach
agus iarr orra port nó cor nó cornphíbe do
sheint as a chuirfidh dearmhad a dhathacha agus
óige arís ar an sean-andúir Ghaedhil seo led'
ais. Obhoch, mo dhiacar! ní bhainfidís bíodhg
ná béic as.



Agus cionnus atáthar againn i dtaobh an
Rince? B'fhéidir go bhfuil níos fearr agus
nach baoghal dó leadrán agus leimhe an cheoil
dá rochtain. Ní fheadar san. Má's ar scáth
a chéile 'na gcomh-bhráithre d'fhásadar is deimhin
gur baoghal dóibh galar a chéile. Ní haon
chomhartha folláine liom ar an rince ná faghadh
go leor d'ár rinceoirí óga cois do chur thar a
chéile dhuit le haon cheol eile seochas “Miss
McLeod” nó “Father O'Flynn” nó an
“Westend Hornpipe.” Is baoghal dosna
“rincí buidhne” a mbrígh agus a maise dá
dtréigint leis má's i dtaobh le cúpla píosa
ceoil dála “Miss McLeod” agus “The Rakes
of Mallow” a bheimíd chum an líon atá ann
díobh do rince leo. Ní hamháin nár mhór píosa
ceoil fá leith do bheith againn in aghaidh gach
rince díobh acht gach píosa díobh san arís do
bheith fighte fuaidhte 'na chéile i slighe go n-oir-
feadh gach alt de do gach gluaiseacht agus gach
figiúir fa leith atá i gceachtar díobh. Chuirfeadh
san ó bhaoghal iad agus chuirfeadh breachtradh
agus meascadh maiseamhail an cheoil breis brígh
i bhfuirinn a rincthe. B'fhéidir annsan ná beadh
réim fá sna rincí gallda 'nár measc mar atá
agus go dtiocfadh fás agus borradh ar an
sean-rud Gaedhealach in áit an lán-stad atá á


L. 73


dheunamh aige le tamall, agus go mbeadh rincí
nua á gceapadh againn a gheobhadh an clár do
sheasamh le haon Valse no Two-Step nó Fox-
trot, &c., dá gcuirtear orainn anois. Beidh
ár saoirse gan blas uirre ar nós an chaol-
deoch glaise go mbeimíd arís Gaedhealach idir
cheann is croidhe is cos. Dá ghiorracht do
dhuine a theanga is giorra ná san dó a ghuth,
ceol is giorra do ghuth agus rince is giorra
dó san. Dá bhrígh sin, tagaidís, idir theangaidh
is ceol is rince, chughainn thar n-ais, cois ar
chois agus céim ar chéim, agus fásaidís ar scáth
agus d'réir a chéile.



SEÁN Ó CUIRRÍN



AN GHAEDHEALG MAR TEANGA GNÓTHA.



Deireann na daoine so leanas go bhfuilid toiltheannach
a's lán-tsásta a gcuid gnótha do dheunamh i nGaedhilg
le haon duine a thiocfadh chucha nó a sgríobhfadh chucha.



Máire Ní Raghallaigh, Leabhair Ghaedhilge, 87 Sráid na
Driseóige, Baile Átha Cliath.



Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor., 89 Sráid an
Tálbóidigh, Baile Átha Cliath.



Cló-Chomhlucht an Tálbóidigh, Teor., 89 Sráid an
Tálbóidigh, Baile Átha Cliath.



Tomás Mac Mathghamhna, Ceannaidhe, An Sgairbh, Co.
an Chláir.



Domhnall Ó Conchobhair, Cúntaisidhe, 13 Sráid an Fheis-
tighe, Baile Átha Cliath.



Ághaistín Ó hAodha, Táilliúr, 16 Sráid an Húmaigh,
Baile Átha Cliath.



J. L. Stewart, Siopa Córacha Oifige, 4 Faithche an
Choláiste, Baile Átha Cliath.



Muintir an Ráithín, Gáirdíní Oileamhna Crainn, Tuaim-
gréine, Co. an Chláir.



Siopa na Leabhar nGaedhealach, 45 Sráid Dáson, Baile
Átha Cliath.



H. Ridgeway, (aon duine amháin), Bearrbóir, 22 Sráid
an Fheistighe, Baile Átha Cliath.



Banne na Talmhan, Faithche an Choláiste, Baile Átha
Cliath.



NIGHEACHÁN RIABHACH AN tSATHAIRN
NÍ BHÍONN SÉ GEAL DÉ DOMHNAIGH.



Dá bhrigh sin



Cuiridh bhúr gcuid nigheacháin chun



TIGH NIGHEACHÁIN NA CÚIRTE
(COURT LAUNDRY)
SRÁID HARCOURT, BAILE ÁTHA CLIATH.



TOBAR NA FÍOR-
GHAEDHILGE
I
RINN Ó gCUANACH I
nDÚTHAIGH DÉISEACH.



CAITH DO SHAOIRE AR DO SHUAMH-
NEAS ANN AGUS RAGHAIDH SÉ
CHUM TAIRBHE DO SHAOGHAIL AGUS
DO SHLÁINTE.



Tá tigh fada fairsing i gcomhair bhídh,
iostais, agus an mhúineadh ag lucht
Iolscoile na Mumhan ann — an fhar-
raige i mbeul an doiris aca agus
cóir folcadh idir Shamhradh agus
Gheimhreadh.



Tá táisc agus tuairisc an Scoil
Samhraidh i mbaile a's i gcéin.



SCOIL NA LEANBHAÍ



Fé chúram “An Fhir Mhóir” — Fear
“An Ghéilín,” Fear “An Bhreugáin,”
Fear “An Fhéirín,” agus Fear “An
tSeanchuis.”



“Ní mhúintear Gaedhealg annso,
labhartar í” — tuairisc Sheoirse Mhic
Niocaill ar obair na scoile.



Tá gach fios agus faisnéis le fagháil



Ó'N bhFEAR MÓR
I RINN Ó gCUANACH.



Nó ó PHÁDRAIG Ó CADHLA,
I Lúbán Díge,
I gCo. an Chláir.


L. 74


FOGHAIR NA GAEDHILGE.



CEACHT A IV.



CONSONA AN DARA DORUS NA
CAINTE



Taou — déintear an foghar so
le barr na teangan leathta
amach go bog leath istigh de
na fiaclaibh uachtracha.



Tei — le barr na teangan ar
iomaire a dhéintear an foghar
so. Ag daoine bíonn an
teanga leathta go bog ar an
iomaire agus ag daoine eile
ní bhíonn acht ar éigin barr na teangan buailte
ar an iomaire.



Is mar a chéile a dhéintear Daou agus Taou;
agus Dei agus Tei, aon rud acht go mbíonn an
guth 'sa scórnach do D. Ní gádh úirlisí na
cainte d'aistriú in aon tslighe do Taou agus Daou,
ná do Tei agus Dei.



Is mar a chéile dhéintear Naou agus a dhéintear
Daou, agus Nei, agus Dei, aon rud acht go mbíonn
an srónghail ag gabháil le N. Ní gádh úirlisí
na cainte d'aistriú in aon tslighe do Taou, Daou,
agus Naou, ná do Tei, Dei, agus Nei.



Tá snaidhm annso. Dubhra-
mar romhainn annso gur oscailt
ar an gconsona an Tinfeadh.
Má is eadh conus a dheunfaí
Thaou? Déintear Taou le barr
na teangan buailte go bog
leath istigh de na fiaclaibh uach-
tracha; agus badh cheart go ndeunfaí Thaou le
barr na teangan gairid don áit leath istigh
de na fiaclaibh uachtracha. Bheadh foghar agat
annsin mar an “th” atá i “this” agus
“that” agus focail eile mar sin ag lucht
labhartha an Bheurla is cirte. Agus badh cheart
go mbeadh barr na teangan gairid don
iomaire do Thei. Acht ní mar sin a bhíonn anois.
Is amhlaidh bhíonn bun na teangan gairid don
charball bog do Thaou agus lár na teangan
gairid don charball cruaidh do Thei. Tá na
foghair seo as alt nó as ionad. Leigeadh
dóibh sleamhnú ón áit badh cheart dóibh a bheith.
Bhain an ciotrainn ceudna do Dhaou agus do Dei



Mar gheall ar an gciotrainn seo a bhain do
Th agus Dh chífear ar a ball gur mar a chéile
geall leis Th agus Ch, agus gur mar a chéile ar
fad Dh agus Gh.



Cadé a chúis a ndeirtear “beig” in áit
“beidh”? D'réir an méid atá scríobhtha agam
annso thuas badh cheart “beigh” a rádh. Is
eadh ar ndóigh, acht cadé a chúis a ndeirtear
“féig” in áit “fé” agus “roimhig” in áit
“roimhe” in áiteanna. Ní réidheann sé le
cluasa daoine an guth fada so i ndeireadh
focal agus is maith leo stop éigin a chur leis
díreach insan áit is giorra don teangain.
Sin é an chúis ceudna a ndeirtear “arís(t)”
in áit “arís,” “leigin(t)” in áit “leigin,”
“fagháil(t)” in áit “fagháil,” agus mar sin.
Taithnigheann sé níos fearr le cluasa daoine
stop a chur leis na leaghthacha nó le aon fhoghar
eile mar sin i ndeireadh focal.



Deirtear “mórga” agus “maorga” in áit
“mórdha” agus “maordha”; “órga,”
“cróga,” “diaga,” in áit “órdha,” “cródha,”
“diadha,” in áiteanna. Deirtear leis “bhíog”
in áit “bhíodh” insan am foirbhthe ceusta den
mbriathar agus “bhíoch” in áit “bhíodh” insan
am foirbhthe gnáth, agus mar sin. Bíonn a chúis
féin le gach aon rur; chum so-thuigse na cainte
é seo. Agus is minic ná bíonn aon foghar in
aon chor ag Dh i ndeireadh focal.



Deirtear “dach” in áit “dath,” “ách” in
áit “áth,” “brách” in áit “bráth,” “gnách”
in áit “gnáth.” Deirim leat nach ró réidh an
ród atá roimhe lucht “an leitriú simplí.”
Ní bheinn ar dhuine aca ar ór na Mumhan.



PÁDRAIG Ó CADHLA.



(Tuille le teacht.)


L. 75


LÉIRMHEASA.



AN FOCLÓIR NUADH.



Sé an cheud rud, is dócha, a dhéarfadh duine nuair
airigheann sé go bhfuil Foclóir nuadh tréis teacht amach
ach “Cad atá bun-os-cionn le Foclóir Uí Dhuinnín?”
Ag tagairt do Fhoclóirí Gaedhealg-Beurla atáim, dar
ndóigh, mar níl aoinne sásta leis an iarracht suarach do
righne an tAthair Ó Duinnín ar ceann Beurla-Gaedhealg
do fritheáladh dhúinn. Standard na Gaedhilge iseadh an
ceann eile, ámh, agus ní mór do fhear foclóra nuadh
cúis mhaith do theasbáint ca' n-a thaobh a thug sé fé obair
a bhí deunta chó maith san cheana féin. Ní chuirfimíst
aon fháilte roimh fhoclóir nuadh mara mbeadh raison d'être
so-thuigse ag baint leis. Tréis an méid sin cainte ní
misde dhom a rádh go bhfuil fáilte agam roimh an
bhfoclóir atá Pádraig Ó Dálaigh agus S. Ó Duirinne
tréis a chur amach. 'Sí an deifríocht is mó atá idir an
ceann so agus Fochlóir Uí Dhuinnín ach ar an gceud
dul síos go bhfuil foghair gach focail ann, agus sa dara
áit gur leabhrín beag i gcóir an phóca é. Leathismuigh
de sin, níl ann ach focail atá i n-úsáid i gcainnt an
lae indiu.



Deirtear go bhfuil 10,000 focal ann. Ní'l an oiread
san, ach is cuma san. Is iongantach an sgeul é, 8,000
focal féin do sháthadh isteach i 200 leathanach beag agus
míniú soiléir ag gabháilt leo leis, gan trácht ar inscin,
tuiseal geinideach, iolradh, ainm-briathra, &rl., &rl. Is
leor do Mhór a dícheall, agus níl mórán slighe aca
samplaí do thabhairt ar conus is ceart do dhuine focail
áirighthe do úsáid.



Is deacair an leabhar so do cháineadh nuair a chuimh-
nighmíd ar an rud a theastuigh ósna fearaibh a dhin é.
Ach 'sé an rud is mó atá le rádh 'na choinne dar liom
ná go bhfuil sé ró-bheag. Rud fé leith i ngach teanga
iseadh an slighe úsáidtear na reumhsuidhthighthe. Gheobhfá
amach i bhFoclóir Uí Dhuinnín, cuir i gcás, go ngabhann
“le” le héisteacht, “do” le diúltú, “le” agus “ar”
le casadh, agus mar sin de. Níl a leithéid sa bhfoclóir
atáim ag sgrúdú anois. Ach amháin anois is arís; chífidh
tú go magtar “fé” dhuine, ach ní fheiceó tú go mbuail-
tear “uime” nó “air,” ná go ndiúltuighthear “dó”
ná go mbíonn dúil “i” rud ná sainnt “chuige” ná
fonn “ar” dhuine. An focal “bain,” cuir i gcás arís.
Tugtar trí focail Beurla amháin fé “bhain”: touch,
dig, take. Ní bhainfeadh sé mórán slighe díobh an reumh-
suidhiú “le” do chur fé slabhra leis an bhfocal touch;
agus níl aon tagairt ann do “bain do,” &rl., cé go
bhfuil sé sin ar ceann desna rudaí is coithchianta i
ngnáth-chaint na ndaoine. Dála an sgéil, sin brigh eile
an fhocail seo (le “de”), an slighe atáim tréis é d'úsáid
i dtosach na habairte roimhe seo. Tugtar dhá líne do
“bain” agus cúig líne do “gleithearán” agus deich
líne do “Murchadh.” An briathar “gabh” arís, tá
beagnach dhá cholumhan i bhFoclóir Uí Dhuinnín fé mhíniú
an fhocail seo, agus cé go bhfuil sé ar an gceann is
sia beagnach sa bhfoclóir nuadh níl ach dhá líne deug
mar gheall air. San am cheudna tá cuid mhaith spás
bhástáltha le focail do sgríobhadh síos fé dhó agus fé
thrí uaireannta toisg níos mó ná aon slighe amháin a
bheith ann iad do leitriú — copán, cupán, bagáiste,
bogáiste, coireal, cuireal, diliosg, duileasg, eirball,
earball, &rl. Is mairg a bhíonn diomáilteach. Tá ciall
ann gan dabht “diliosg, see duileasg,” a rádh; ach ní
gádh trí líne do thógaint, agus an spás do sábháilfidhe
sa tslighe sin gheobhfuidhe é d'úsáid go tairbheach ag
tabhairt samplaí fé fhocail coitchianta mar bain, gabh,
buail, cas, tóg, tabhair, téidh, leig, agus a leithéidí.



Tugtar samplaí annso a's annsúd, mar “tá sé ag
spiúnadh prátaí,” “tá an coirce ag spealadh,” &rl., &rl.
Ach cúrsaí gearáin iseadh é sin go líontar suas an
leabhar le samplaí de rudaí suaracha neamhchoitchianta,
agus go ndeuntar faillighe ar fhocail tábhachtacha mar
bain, agus cas, agus buail, mar adubhart cheana.



Tréis an méid sin a rádh is mithid dom tosnú ar an
bport eile. B'iongantach liom an méid focal atá ann
ná fuil le fagháilt i bhFoclóir Uí Dhuinnín — focail a
bhíonn le haireachtaint gach aon lá ó bheul na ndaoine.
Seo cúpla ceann aca — áiféiseach, amas, boiceáil,
brocamas, ciotarainn, geáitsí, piadóir. Tá guthán ann,
ach má tá dé chúis ná fuil nua-fhocail eile ann leis,
gluaisteán. Seo cuid desna ceannaibh do bhraitheas
uaim: cionntach, cainncín, Eanair, Feabhra, guideoir-
eacht, leath-chlaidhe, iar, Rómhánach, sgéith, sgeithimíní. Ní
áirighim focail den tsórd so: íce, folca, díoscánach,
cromada, Rúiseánach, agus harta (cé go bhfuil muilleat,
spéireat, agus triuch ann). Rud eile, tá focail annso
is annsúd ann agus tá brígh coitchianta ag baint leo
ná fuil le fagháilt sa mhíniú. Cáith = spray (bíonn an
fhairrge ag cáthadh), adhb nó fadhb = stick (bhí adhb agam),
guagach = changeable (bíonn an ghaoth guagach chó maith
leis na daoine), uachtarán = president, searbhas = sarcasm,
umha = copper, suimeamhail = interesting (le déidheannaighe
cromadh ar an bhfocal so d'úsáid sa tslighe sin, béidir).



Maidir leis an leitriú do tharraingeadar chucha,
molaim é; 'sé sin a rádh, ní fheicim sa domhan braonach
dé cúis ná sgríobhfaidhe leasú in áit leasughadh, cosúil
in áit cosamhail, &rl., &rl. Aontuighim leis an nós san
chó fada a's ná milleann sé an focal. Tá focail ann
leis agus má cheileann an rud so a mbunús, ceileadh;
ní sgríobhfar deirbhshiúr má tá sé de chead drifiúr do
sgríobh, is dócha. Sin gluaiseacht na ficheadh aoise, agus
caithfimíd glacadh le gach rud mar a thagann. Ba mhaith
liom rud seasamhach mar sin féin. Sgríobhann siad
imní in ionad imshníomh: coiscéim fada iseadh é sin,
agus ní léimfidís ó colbhar go dtí colúr dar ndóigh,
Ní fheadar an ceart deisím do sgríobh in áit deisighim.
Má chuirim 'na choinne is dócha go mbeidh sé le rádh
ag Pádraig Ó Dálaigh agus ag a chó-ughdar ná fuilim
seasamhach me féin. Fágaimís mar sin é!



Anois, ceist na bhfoghar. Tá an rud sin deunta aca
chó maith in Éirinn a's a b'fhéidir le héinne é do dheunamh
gan ach leitreacha Beurla agus foghair Beurla le
tarraingt chuige chun foghair na bhfocal Gaedhilge do
chur i dtuisgint don fhoghluimtheoir. B'fhearr liom féin
gan ach leitreacha Gaedhilge d'úsáid chuige sin .i.
aimhdheoin (inniúin), naonbhar (naonúr), agus mar sin de.
Ach bhí fhios aca san cad a bhíodar ag deunamh, agus ní
bhfuighfidís édheunamh ní b'fhearr sa tslighe a thugadar fé.



E. MAC G. I.


L. 76


TRÍ LEABHAIR EILE.



SEÁINÍN.



Bíonn fáilte i láthair Gaedheal i ndán d'aon leabhar
ó'n Seabhac. An leabhar deirionach a gheibhimíd uaidh ná
“Seáinín, nó Eachtra Mic Mí-Rialta.”



'Siad an dá rud a bhaineann le saothar an tSeabhaie,
an ionradharc a dheineann sé ar smaninte éagsúla duine
agus beithidheach agus taithneamh na cainnte 'na luaidheann
sé a chuid. Ní lúgha atá an dá rud seo le feiscint ar
“Seáinín” ná ar leabhraibh eile ó'n ughdar céadna.
An té léighfidh “Seáinín” gheobhaidh sé seo grinn ciúin
agus roinnt mhaith grinn croidheamhail. An fiarsgeó ait
a dheineann na smaointe, agus an géar-léiriú ar mhion-
rudaíbh fé ndeara an greann.



An cuid is sgéal de “Seáinín” tá sé lag go leór,
dar ndóigh, ach tuigimís gurab é teisdeas a thug an
Seabhac air ná “Eachtra” agus ná fuil sé mar sin fé
ghnáth-gheasa ughdar na n-úr-sgéal.



Tá an leabhar féin curtha amach gn deas ag Muinntir
Maunsel agus Roberts. Crut maiseamhail simplidhe
ar an leabhar, cúpla peictiúir tríd, páipéar maith, agus
cló soiléir. Tá an luach rud beag árd, déarfaimís,
ach is mó is locht an méad seo ar laighead na leabhar
Gaedhilge fá cheannach fá láthair. (Maunsel; luach 4/-.)



SGÉAL ÁR dTÍRE.



Leabhar a chuireann breaghthacht orainn an leabhar atá ós
ár gcomhair .i. “Sgéal Ár dTíre,” an leagan Gaedhilge
ó lámh Liaim Uí Rinn ar “Our Country's Story” an
Talbot Press, agus rud curtha leis.



Ní thráchtfaimíd ach thar nuadhacht an sgéil. An
Ghaedhilg atá sa leabhar, tá sí gn deas simplidhe nádúrtha,
gan deallramh an aistriucháin uirthi. Ins na caibidil
deiridh, an cuid de'n leabhar is le Liam Ó Rinn,
deintear glan-innsint díreach ar na rudaibh a thuit
amach le goirid, agus deintear san ar bhealach ná fágann
fiar ar aigne an léightheora. Bheadh sé chomh feileamhnach
araon mar téics staire, nó mar “léightheoir” Gaedhilge
le haghaidh na sgol.



Tá sé curtha amach ar chuma chríochnamhail, clúdach
láidir, cló mór oireamhnach do leabhar sgoile, agus gan
an luach ró-árd air. (Comhlucht Oideachais: luach 2/6).



IDIR NA FLEADHANNA.



Tuairim is fiche píosaí filidheachta atá sa leabhairín
seo, ó láimh Áine, bean Uí Néill. Má 'sé gnó na
filidheachta smaointe nuadha a tharrac as aigne an
duine, deineann siad so an gnó san. Gheibhimíd taith-
neamh as ceol na bhfocal, agus téigheann an aigne leis
an bhfile, ag amharc ar a cuid siúd, agus páirteach 'na
radharc siúd.



Tá an leabhar curtha suas go canthamhail, agus luach
caothamhail air leis. (“An Gaedheal”: luach 1/6).



DUINE DE'N MHUINNTIR.



SEÁINÍN NÓ
EACHTRA MIC MÍ-RIALTA



“AN SEABHAC” DO SCRÍOBH



Úna De hÍde a dhein na pictiúirí



Díreach tar éis teacht amach, 4/- glan



EACHTRADH EIBHLÍS
I DTÍR NA nIONGANTAS



PÁDRAIG Ó CADHLA do chuir Gaedhealg
ar an sgeul so. C. Ní Bheirsceoil agus Úna
de hÍde a dhein na pictiúirí, 4/6 glan



'Sé bunús an leabhar seo ach “Alice in Wonderland”



CLÓDÓIREACHT GHAEDHILGE



Tá fhios ag cách cad é an cháil atá againn i dtaobh
Béarla a chlóbhuaileadh. Is féidir linn a chomh-mhaith
a dhéanamh leis an nGaedhilg. An fear a chuireann
an Ghaedhilg le chéile, duine de lucht an “Fháinne”
is eadh é.



MAUNSEL & ROBERTS, TEO.,
SRÁID BHAGÓID, ÍOCH., 50, BAILE ÁTHA CLIATH


L. 77


LEITREACHA.



SEÓDA LUACHMHARA NA GAEDHILGE.



Duine mé a chuireann an-shuim in leabhar mar
“Réilthíní Óir” an Athar Mac Clúin nó leabhar mar
“Sean-Chaint na nDéise” an Dochtúra Uí Shíothcháin,
agus mar sin ba thaithnimheach liom an méid a bhí le rádh
ag “An Seabhac” ar uimhir dheirionnach “An Scuab.”
Níor mhór gach ann rud d'fhan beo blasta i gcaint na
ndaoine in gach ann áit a bhfuil an Ghaedhealg dá labhairt
a bhailiughadh agus a chnuasach go cúramach agus go
baileach; eagar mhaith a chur orra agus iad a chur i
gcomhad agus i dtaisce sa tslighe go mbeidís le
tarraing chughainn againn lá breágh éigin nuair a bheidh
ár scoláirí Gaedhilge i gcóir chum suidhe síos i gcuid-
eachtain a chéile chum scagadh agus criathairt a dheunamh
do chóiriughadh na teangan. Tá seóda móra luachmhara
i bhfolach i gcaint na ndaoine in gach aon áit nár
bhaineadh fós leo agus nár thugadh chum soluis.



Caithfear daoine muinghineacha, tuigsionacha, éifeacht-
amhla a chur i mbun na hoibre, daoine a mbeidh fios a
gcéirde aca agus a bheidh cúramach 'sa ghnó. Caithfear
iad a thabhairt i dteannta a chéile agus teagosc ceart
a thabhairt dóibh ar chonus é dheunamh. Caithfidh an
riaghaltas roint mhaith airgid a leagaint i leath-taobh
i gcóir na hoibre. Ní fheadar mé fós cé air a chuirfí
cúram feuchaint i ndiaidh na hoibre. Ní dóigh liom
gurbh' mhuinghineach an obair a fhágaint i dtaoibh leis na
hollamhana atá is na hIolscoileanna. Ní fhuil baint
go leor aca le caint na ndaoine agus ní raibh riamh.
Tá an Ghaedhealg ró-chanl aca féin. Tá léigheann agus
tabhairt suas eile orra acht níor fháisgeadh as an
nGaedhilg iad, níor thógadh leis iad. Fágaimís an
Riaghaltas féin agus a gcuid oifigeach fé Tadhg
Gaedhealach.



Deurfainn gur ar chuma éigin mar seo ba cheart
cur chuige. Liosta dhes na háiteanna is Gaolaidhe in
Éirinn a dheunamh amach agus scríobhnóir cliste a mbeadh
Gaedhealg na háite sin go pras aige a thoghadh le haghaidh
na hoibre — duine a rugadh agus a tógadh le Gaedhilg
na háite — agus é chur i mbun an ghnó. Gach aon fhocal
agus gach aon abairt a thógaint síos ó bheul na ndaoine
agus eagar ceart a chur orra.



An focal a bheith agat mar meur-ar-eolus. Badh
cheart é sin a scríobhadh a cheud uair d'réir an fhoclóra
agus cliathánach leis sin é scríobhadh d'réir an fhoghair
atá aige i gcaint na háite, agus gach aon úsáid agus
gach aon chasadh a bhaintear as a chur síos 'na dhiaidh
díreach mar atá in “Réilthíní Óir.” Ní fhuil an focal
d'réir scríobhadh an fhoclóra in “Réilthíní Óir,” agus
im' thuairim-se locht é sin ar an leabhar. Maran mbeadh
aon rud eile 'sa sceul badh mhór an ní dhon aos foghluma
an focal d'fheicsin leis na leitreacha ceudna i gcomh-
nuidhe, agus ní bhfuigh mé a thuigsin 'dé a chúis ná fuigheadh
scríobhnóirí na Gaedhilge an rud sin a dheunamh agus
Foclóir an Athar Uí Dhuinnín aca. Má bhíonn sé dhe
údarás againn go léir an focal a scríobhadh insan
tslighe is maith linn féin beidh an sceul 'na phraiseach,
beidh ár lucht léighte ciaptha againn. Nuair a theastóchaidh
uatha an focal a dheunamh amach 'sa bhfoclóir ní bhfuighidh
siad é d'fhagháil ann. Tá níos mó ná sin 'sa sceul,
acht fágaimís mar sin é.



An cheud rud cibé sceul é acht an scríobhadh stáramhail
a thabhairt don bhfoeal agus cliathánach leis, mar adeir
me, foghar glan an fhocail mar adeir na daoine é agus
an foghar sin scríobhtha le leitreacha Gaedhilge. Sin
locht atá agam ar “Shean-Chaint na nDéise”; le
leitreacha Beurla a thugtar iarracht ar an bhfoghar a
thabhairt dúinn. Dá mbeadh an Dochtúir Ó Síothcháin ag
tabhairt an leabhair sin dúinn anois ní dheunfadh sé mar
sin é. Ní fhuil sé deacair in aon chor an ealadha atá
ag baint le foghar na Gaedhilge a thuigsin agus ní
bhfuigheadh an duine atá ag cur síos caint na ndaoine
an gnó a dheunamh go ceart gan eolas a bheith aige ar
an ealadhain sin.



Cuir i gcás an focal “aimhdheoin.” Tá preumh agus
cóiriúghadh an fhocail agat 'sa scríobhadh sin, acht feuch
mar adeirtear é in áiteanna, “inniúin” — dem' inniúin,
det' inniúin. Tá an rud so d'réir riaghlacha foghar-
focal na Gaedhilge — tá tinfeadh ar “mh” .i. go bhfuil
oscailt ar “m” acht ní chailleann sé an srónghail.
Beidh “ai” annsin agat agus an srónghail ag gabháil
leis. Nuair atá foghar srónghala gairid do “d”
déineann sé “n” de, mar — “ceudna,” “Seudna,”
“indiu,” &rl., agus nuair atá foghar srónghala gairid
do “ó,” “ú,” adeirtear leis mar “nó” (nú), “Nóra”
(núra), “tráthnóna” (tráthnúna), &rl. Mar sin is
fuiris a thuigsin gur foghar nádúrtha ealadhanta
“inniúin” as an focal “aimhdheoin.” Béidir go ndeir
sean-daoine in áit éigin sa nGaedhealtacht rud mar
“aibhdheóin,” acht níor airigh mé riamh acht “inniúin.”



'Sé brígh mo scéil acht go ndeirim gurbh' cheart an
sanas a bheith ar an dul so:—



aimhdheóin (inniúin) —



cloigtheach (cuilctheach) —



uathbhásach (uafásach) —



fágtha (fácatha) —



gabhtha (goite) (gaftha) (guftha), &rl.; d'réir na háite,
&rl., &rl.



Má tá sé de chead ag duine “guftha” do scríobhadh
'dé chúis ná beadh sé de chead ag duine eile “goite”
do scríobhadh nó “gafaí” d'réir mar adeirtear é.
Nó cia aca b'fhearr é sin nó “gabhtha” do scríobhadh
d'réir préimhe an fhocail — agus gach aoinne ag leana-
mhaint d'fhoghar an fhocail mar a chleachtaigh sé.



Níorbh' mhór cuallacht éigin údarásach a thoghadh chum
feuchaint i ndiaidh na rudaí seo agus gan leigint do
gach aoinne a “fú-fá” féin a dheunamh den sceul. Má
is fiú an Ghaedhealg a chosaint is fiú í chosaint idir
chorp agus anam; agus aon aistrighthe a dheunfaí an
t-aistriughadh sin a dheunamh le údarás éigin bunúsach.



Acht, maidir leis an sanas so a raibh mé ag tagairt
dó, dá ndeunfaí é sin go cruinn baileach bheadh na
seoda go léir ar an láimh-sábhála againn — bheadh preumh
an fhocail, foghar an fhocail, úsáid an fhocail, agus
cúrsaí gramadaighe againn; agus mar sin bheadh caru
mór bailighthe againn fé ndeunfaí aon tosnughadh leis
an gcorrán-bearrtha chum leasuighthe na Gaedhilge.



P. Ó C.



Ná Dearmhadaidh Lucht na bhFógraí sa “Sguab.”


L. 78


DÚBHACHAS.



D'Fhear Eagair “An Sguab.”



“Is ait an mac an saoghal,” agus aontuighim leis an
duine a dubhairt é. Uair amháin ba bheag mo thír-ghrádh
agus mo mheas ar an teangain Gaedhilg — roimh Cháisc
1916, b'fhéidir, acht is cuma é. Pé scéal é, chonnacas
gurbh' Éireannach mé; go raibh tír dhúthchas agam; go
raibh gábhadh aici le mo chongnamh, agus nárbh' fhuláir
dom rud éigin do dhéanamh ar a son. Cad a dhéanfas?
dubhras liom féin. Troid — níor mhaith liom riamh daoine
do mharbhughadh. Sgríobh — níorbh' fhéidir liom. Cúis
Éireann do phléidhe os comhair na ndaoine. 'Seadh;
acht ní raibh agam acht Béarla. Cad adéarfaidhe nuair
a chloisfidhe mé ag cainnt is ag pléidhe cúise na hÉireann
agus gan fiú focal amháin de Ghaedhilg agam. “A
dhochtúir, leigheas tú féin.” Níor thuit na rudaí seo
amach i n-aon móiméad amháin. Is iomdha lá a chuaidh
tharm gan toradh. Cosmhail a lán daoine ba mhian liom
an Ghaedhilg d'fhoghluim gan iomarca duadh. Ní raibh an
misneach nó an t-aigne agam tosnughadh uirthi ar feadh
roinnt bliadhan i n-éis sin. Fá dheireadh thiar thall
tháinig an lá, lá ionchuimhnighthe a b'eadh é 'n-ar thosnuigheas
ar an nGaedhilg d'fhoghluim. Bhí obair nárbh' í le déanamh
agam le n-a linn sin freisin, acht d'oibrigheas de ló is
d'oidhche ag gabháil de'n scríobhán. Ba thirim is ba
dheacair an obair é, acht bhí tosnughadh déanta agam,
agus ní bhainfinn de. Ní mór ná go maith d'eirigh sé
liom, mar ní raibh múinteoir agam, acht i gceann dá
bhliadhain nó mar sin bhí “Láimh-Leabhair Gaedhilge”
léighte agam. Acht táim ar fán.



Ba mhian liom GAEDHILG d'fhoghluim, agus cheapas
dom féin nár mhaith an tsíleachtáil é “Misneach” do
cheannach. Do cheannuighcas, acht i n-ionad misneach do
chur orm do chuadhas i n-éadóchas. Bhí an cuid is mó
de'n Ghaedhilg ann ró-dheacair, agus mar sin do leanas
de leabhraibh do léigheamh go dtí gur thaisbeán “An
Sguab” é féin. Bhí áthas thar bárr orm, agus do
shocruigheas ar a léigheamh, má bhí an mí féin ar fad le
caitheamh agam 'ghá dhéanamh. D'eirigh sé liom go han-
mhaith, agus do léigheas na huimhreacha a lean. Acht
cuireadh iongnadh orm an lear mór focal leath-Bhéarla
a bhí leathta ar fuid a leathanach. Do cuirtí i n-a luighe
orm i gcomhnuidhe gur theanga ghlan í an Ghaedhilg, acht
ní chreidim é anois. Ní dóigh liom go mbaineann le
fíor-Ghaedhilg focla mar seo — “úsáid,” “maisíní,”
“polasaithe,” “dabht,” “tram,” “plean,” scéim,”
“bataráil,” “rasgal,” “ábalta,” “estáit,”
“brainnsí.” Ní féidir liom creideamhaint gur Gaedhilg
iad, nó go bhfuil ughdarás ag aoinne feidhm a bhaineadh
asta. Deirtear go bhfuil leath-chéad nó ceithre fichid
míle focal bunadhasach 'san teangain Ghaedhilg, agus cé
go bhfuil an scéal mar sin caithfimíd focail do ghabháil
ar iasacht ó'n mBéarla amhail mar ní raibh breoite
orainn leis agus gach a mbaineann leis.



Acht tá dhá thaobh do'n gceist? Déarfar, an bhfuil
cosc le cur le scríobhadóiribh, toisg nach eol dóibh
beagán focail? Agus má's mar sin atá an scéal ní
bhéad an Ghaedhilg againn riamh. Ní bhéadh aon leabhair
ná páipéir nuaidheachta againn, agus ní cuirfidhe aon
suim 'sa teangain. Deirim 'n-a choinnibh. Acht ar an
taobh eile féach ar a bhfuil de dhíoghbháil 'ghá dhéanamh
do'n teangain. Ní Gaedhilg ná Béarla a leithéid
d'fhoclaibh — ba dheacair ainm a thabhairt ortha, toisc mar
atáid indiu ní bhaineann le haon teangain. B'fhéidir
go ndéanfadh “Hibernicised-Englishisms” an gnó.
Acht dar liom féin seo é an rud is measa, is focla
coitcheanna iad, focla as a bhfuil feidhm 'ghá dhéanamh
gach lá, focla gnáthaighe. Dá bhrigh sin, i gceann tamaill
cailltear na focla fíor-Ghaedhilge agus déantar
“Hybrid” ar ár dteangain fíor-ghlan. D'fhiafruigheas
de Ghaedhilgeoir uair amháin Gaedhilg do chur ar an
bhfocal “driver, or coachman.” “Ó! driabhál,” ar
seisean, agus d'imthigh sé leis sásta go leór i n-a
aigne féin. Nach minic a cloistear freisin, “beidh sch
go h-‘alright’”! Ní deirim gurbh' fhear léigheanta an
fear san, acht taisbeánanu sé dúinn an tslighe 'n-a
déantar na focla so. Níl aon ghádh againn leo, mar
tá ár dteanga chomh maith le haon teangain eile, agus
níos fearr ná a lán aca. Ní ceal focal atá orainn
acht ceal daoine feidhm do bhaineadh asta. Ní fuláir
dúinn focla do dhéanamh, acht nach bhfuil a dhóthain adhbhair
'nár bhfoclóir féin? Nach bhfuil “gluaisteán” chomh
maith le ‘mótor’ agus uíos Gaedhealaighe, nó “aer-
mheadhthóir” chomh maith le “baróméter,” nó “teacht-
aireacht” le “telegram,” agus mar sin de.



Cé is cionntach leis an droch-obair seo? Is doiligh
a rádh, mar gheibhimíd na focla so i leabhraibh scríobhtha
le na ughdaraibh is fearr. Níor cheart milleán do chut
ar na macaibh léighinn, mar ní féidir leo na focla cirn
d'fhagháil. Do scríobh “Tadhg Gaedhealach” i dtaobh as,
droch-Ghaedhilg atá 'ghá foillsiughadh ag an Riaghaltan
agus tá súil agam go ngeobhaid an rabhadh agus an
chomhairle. Mar, cé go dtabhrann siad a lán aire do'n
Ghaedhilg i n-áiteannaibh eile, chítear gur beag an aire
a bheirid dí i n-a ngnó féin, agus gur lugha an iarracht
a ghníd chun focal cireamhnach do sholáthar. Nár mhaith
é, chun cosc do chur leis an droch-bhéas so, clár d'oscail
ins “An Sguab” 'na dtabharfaidhe ua focla fíor-
Ghaedhilge dos na foclaibh leath-Bhéarla so. Ba mhór an
congnamh é do mhacaibh léighinn i gcuma céadna liom
féin — gan oide, gan múinteoir. Is fada go bhfanfadh
an dul Béarla ar ár gcuid cainnte, acht níl aon leith-
scéal againn feidhm do bhaint as a fhoclaibh. Agus,
dar liom féin, má thosnuighimíd ar na foclaibh do scuab
amach, scuabaimíd amach an dul Béarla i ndiaidh a
chéile, i dtreo go bhféadaimíd an teanga do shíneadh
chon ár gclann gan locht gan smál.



“AN DUBHGHALLACH.”



[Ní misde dhom a rádh ná fuilimíd ar aon aigne leis
an ndubhghallach i ngach aon rud adeireann sé. D'fhághas
a leitir gan blúire chur Léithi agus gan blúire bhaint
uaithi. — F.E.]



TIGH-ÓSDA “CLARENS,” ag Cé Ueillington
i mBaile Átha Cliath



Tá gach aon chompórd ann agus é so-lámhach do gach áit
is fiú le rádh 'sa Chathair.



70 Suainliosa.



Solus Eleictric.



An biadh — bog, soghmhail, so-bhlasta
agus an freasdal ar fheabhus.



An díol-fiach réasúnta.



BÍONN TARRAING MHÓR DAOINE AR AN
“RESTAURANT” atá ag gabháil leis.



An Guthán 1217. Telegram: “Clarence Hotel, Dublin”



TIGH-ÓSDA AN ROYAL EXCHANGE
Sráid na Feise, i mBaile Átha Cliath.



Tá sé seo ar cheann des na Tighthe-ósda is compórd-
amhla 'sa Chathair.



Tá gach aon chóir ann agus an díolfiach réasúnta.



Guthán 2678. Telegram: “Comfort, Dublin.”


L. 79


COMÓRTAS DON AOS ÓG.



Níl sé de chead ag aoinne iarracht do chur isteach ar
an gcomórtas so ach amháin daoine óga fé bhun 16
bliadna d'aois.



An cheud duais, 10/-; an dara duais, 8/-; an
tríomhadh duais, 6/-; an ceathramhadh duais, 5/-.



1. — Áirmhigh na beithidhigh, &rl., go léir a d'itheann feur.



2. — Deun liosta desna bailte móra in Éirinn 'na
bhfuil níos mó ná 7,000 duine ionnta.



3. — Cad iad na háiteanna in Éirinn is mó a dheuntar
(a) brioscaí, (b) stocaí, (c) maisíní feirme, (d) brící,
(e) bagún, (f) leathair, (g) páipeur, (h) bróga, (i) cipíní
soluis.



4. — Cad é (a) an abha is sia in Éirinn, (b) an sliabh
is aoirde, (c) an loch is mó, (d) an bóthar iarainn is
sia, (e) an conndae is mó, (f) an conndae is lugha,
(g) an tionnsgal is tábhachtaighe sa tír seo.



5. — Innis dom dé chúis gur bhfearr leat an Ghaedhealg
ná 'n Beurla gan níos mó ná 50 focal sa chainnt agat.



Gearr amach an fuirm seo agus líon é. Níorbh aon
tairbhe duit d'iarracht do chur isteach gan é sin do
chur 'na theannta. Níor mhór duit é bheith istigh roimh an
3adh lá Mí Feabhra.



Mise



m'áit chomhnuighthe.



Táim bliadhanta d'aois.



Seo ainm m'athar (nó ainm duine muinighneach), ag
deimhniú na fírinne seo, agus é féin a chuir leis an
bpáipeur so.



D'fhear Eagair “An Sguab,”
Cearnóg Montseóighe a 24,
Baile Átha Cliath.



Abair iad so go mear:—



'Dé 'r'd é réidhteach an réidhscéil agus
Chlaidheamh Fha Uí Dhubhda.



Luch a rioth ar bharra Falla agus magadh
uirre fé shúsa.



Tá dhá láir ruadh agam ar an dá dhá ruadh
móinteán. Tá ceann aca níos ruadh ná an
ruadh láir. 'Sé deir an láir ruadh leis an
ruadh láir, ach “truaigh” ruadh láir, tar abhaile
láir ruadh.



ROINN NA TALMHUÍOCHTA
AGUS AN CHEÁRD-
OIDEACHAIS



Is mian leis an Roinn go dtuig-
feadh an Pobal cad teagasgtar sna
sgoileanna seo:—



I. — COLÁISTE EOLUÍOCHTA NA
hÉIREANN, ÁTH CLIATH.



Do bheirthear cúrsa iomlán teagaisg
do dháltaí na Coláiste i dTalmhuíocht
agus a Co-ádhbhair, Ceimíocht, Fisi-
ceacht, Innleóracht agus Eoluíocht
Nádúrtha. Bronntar suim áirid
Scoláracht Freisin gach bliain.



Gheobhfar gach eolas ach sgríobh' in a
choinne chun



An Cláraidhe,
Coláiste na hEoluíochta,
Sr. Uach. Mhuirbhtheann,
Áth Cliath.



II. — SGOIL NA nEALADHAN,
ÁTH CLIATH.



Atá deis thar barr sa Sgoil seo
le eolas a chur ar na hÁird-Ealadhna
agus ar Ealadhna Ornáideacha agus
Chearda. Foirbhtear Teagasgthóirí
Ealadhan innti.



Gheobhfar gach faisnéis ach sgríobh' chun



An Cláraidhe,
Sgoil na nEaladhan,
Sr. Chill Dara,
Áth Cliath.



III. — SGOIL TÍOGHBHUIS TIGHE,
TEACH LORGAÍN, ÁTH CLIATH.



Sgoil-chomhnuidhthe í seo a mbíonn
teagasg tíoghbhuis tighe ar siubhal
innti, agus go bhFoirbhtear daoine
innti arbh mhian leo a bheith in a
dTeagasgthóirí san ealadhain sin.



Níor mhór gach sgríbhinn faoi a chur chun



An Rúnaidhe,
Roinn na Talmhuíochta agus an Cheárd-
Oideachais,
Sr. Uach. Mhuirbhtheann,
Áth Cliath.


L. 80


BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA.
ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.



DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT
GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT.



Bun-airgead Geallta, £406,000.



Bun-airgead Díolta, £203,000.



Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1922, £1,900,000.



BUNUIGHTHE 1920.



BRAINNSÍ:—



68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh,
Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis,
Maghchromtha.



THE
NATIONAL
LAND BANK
LTD



Luach Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason & a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Mansuel & Roberts Teo.,
Áth Cliath, & foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services