Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Uimhir a Dó Mí na Samhna 1922
Title
Uimhir a Dó Mí na Samhna 1922
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1922
Publisher
Muintir an Sguab
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN SGUAB Uimhir a Dó MÍ NA SAMHNA 1922 3p. sa mhí RÉIM NA H-UIMHREACH SO Leath. “TÁ AN FHÍRINNE SEARBH, ARSAN CHLOCH LABHRAIS A' PREABADH” 23 IOLSCOIL NA MUMHAN (SCEUL A BHUAIDH) PÁDRAIG Ó CADHLA 24 RÉILTHÍNÍ ÓIR “AN SEABHAC” 26 CIALL CEANNUIGHTHE “AN CHÚ MHALL” 27 AN LITRÍOCHT NUA AGUS AN POBUIL MÍCHEÁL MAC LIAIMMHÓIR 28 DÍOGHALTAS NA hOIDHCHE SEÓIRSE MAC CLÚIN 30 FOGHAIR NA GAEDHILGE — II. PÁDRAIG Ó CADHLA 34 GREANN 35 LEITREACHA 36 LÉIRMHEASA “MARBHÁN,” &c. 37 AN GHAEDHEALG INSNA SIOPAITHE 39 CRAINN ÓGA Níl aon rud níos tábhachtaighe sa tír seo ná crainn do chur. A Ghaedhil, ba mhaith linn ár ngnó do dheunamh as Gaedhilg, agus ní beag san, is dóigh linn. Cuiridh fios ar Chlár na Luach: Crainn Coille, Tuir Gáirdín, agus Crann Torthaí. Tá teistiméireacht againn ó Aireacht na Talmhanuidheachta. MUINTIR AN RÁITHÍN, TUAIMGREINE, CO. AN CHLÁIR. DÉINIMÍD-NE DABHACHA, PEIGÍNÍ, AGUS FIRCÍNÍ as an adhmud feagha is fearr a fhásann i dtír na hÉireann agus is againn atá ceann de na tighthe cúpaora agus boscaí a dheunamh is mó in Éirinn. Tá bosca an ime, bosca na cáise, bosca na n-ubh, bosca an éisc, a's na barrailí le fagháil annso — an t-adhbhar is fearr agus marga maith. Déintear annso iad. Gach fios agus faisnéis uainn-ne — SEUMAS MAC MATHGHAMHNA (TEOR.) i LUIMNIGH Guthán 4804 SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH TTA., 45 SRÁID DASÚN, ÁTH CLIATH. An t-aon tsiopa amháin i nÉirinn go bhfuil le fáil ann gach leabhar go gcuireann Gaedhil suim ann — i nGaedhilg nó i mBearla. An t-aon tsiopa amháin i nÁth-Cliath gur éigin do gach duine ann eolas bheith aige ar theangain na nGaedheal. Tugaidh bhúr gcuid Árachas do'n Chumann Gaedhealach is Fearr AN CUMANN IBÉRNEACH INSIÚRÁLA TEÓ. I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS COITCHINNE. Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH. NA POLASAITHE IS IOMLÁINE LE FHAGHÁIL.
NÍ'L A SHÁRÚGHADH SO ANN A nDEIR TÚ LIOM É! DEIRIM, MAR 1. GUR CUMANN GAEDHEAL ó thosach go deireadh é — Gaedhil atá in a bhun, airgead Gaedheal atá dá chothughadh, Gaedhil atá dá stiúrughadh agus Gaedhil atá ag obair ann. 2. Gur sinne Cumann Cinn Riain gach Tionnscal dá fheabhus 'sa tír seo; is againne atá an tslighe is fearr chum gach obair agus gach gnó a bhaineann le n-ár ndaoine agus leis an náisiún a chur chum cinn .i. le COMHAIR CHUMANN. 3. Má cheannuigheann tú ár gcuid earraidhe-ne ní hamháin go bhfuighe tú LUACH DO CHUID AIRGID, acht go mbeidh tú ag tabhairt obair agus gnó le deunamh dod' dhaoine féin in áit a bheith ag cur na milliúin púnt thar lear fé dhéin preabáin gan tairbhe. MEABHRUIG AN MÉID SEO SCAITHIMHÍN AGUS BEIDH DO LEAS AR DHIA; TIOCFAIDH TÚ ISTEACH CHUGHAINN AGUS CHÍFE TÚ CAD ATÁ AGAINN MAIDIR LE GACH AON SAGHAS ADHBHAR EUDAIGH, BRÓGA AGUS BUATAISÍ. Tar isteach chughainn an cheud uair eile a rángóchaidh duit a bheith sa Chathair. COMHAR-CHUMANN, TEOR., SRÁID MHEADHON NA MAINISTREACH, 98–104 N. K. M. Irish Cream Toffee Tabhair rud don pháiste agus tiocfaidh sé amárach. Maidir le N.K.M. tabhair rud don pháiste agus don t-sean-duine agus tiocfaidh siad araon gach aon lá. Mílseán blasta agus fíor-ghlan iseadh an tofaí so. ¼-lb., 7½d.; nó bosgaí stáin ar 1/- a's 1/5. Á deunamh ag North Kerry Manufacturing Company, Ráth ó Máine, Áth Cliath. ÓRDUGHADH DHÚINN “AN SGUAB” A SHEOLADH TRÍD AN bPOST. Do'n Bhainisteoir, “An Sguab,” Cearnóg Cnocán Áthais, a 24, Baile Átha Cliath. 2/- é seo chun go ndeunfaí “An Sguab” a sheoladh tríd an bPost chugam gach mí ar feadh na sé mhí a leanas ón lá indiu Mise M'Áit Chómhnuidhthe
“TÁ AN FHÍRINNE SEARBH ARSAN CHLOCH LABHRAIS A' PREABADH.” Anois go bhfuil “Fáinne an Lae” curtha ar ath-lá 'sé “An Sguab” an t-aon pháipeur Gaedhilge amháin in Éirinn — ní áirighim “An Síoladóir” ná “An Reult” ná “Iris an Fháinne,” dá fheabhas iad, mar ná tagann siad amach go reigileálta. Dá bhrígh sin támuid ag coinne go léighfear “An Sguab” ar fúd na tíre, agus go mbeidh an-ghlaodhach air. Fuair- eamar cuid mhaith leitreacha ag gearán ná raibh “An Sguab” le fagháilt insna siopaithe. Níl aon leigheas againn air sin. Do fuair lucht páipeur fuirmeacha órduighthe, ach cé go bhfuighfidhe an capall do thabhairt go dtí an uisge ní bhfuighfidhe iachall do chur air é dh'ól. Deirtear go bhfuil leath-mhiliúin Gaedhilgeoirí in Éirinn, agus bíodh sin mar atá níl aon dabht ná go bhfuil 6,000 comhdhaltaí i nGasraí an Fháinne. Pé Fáinneach ná fuil “An Sguab” le fagháilt aige sa tsiopa is gnáthach leis a pháipeur laetheamhail do cheannach, ní misde dho a shíntiús do chur chun na h-oifige seo agus ní bheidh aon chúis gearáin aige (feuch fuirm ar leathanach 22). Is breágh an rud an Fáinne, an rud is fearr béidir dá cheapadh fós chun na Gaedhilge do chur chun cinn. Ach níl aon choill gan an droch-chrann. Ag dul abhaile dom aréir ar tram thugas fé ndeara beirt chailín agus iad araon ag caitheamh an Fháinne. Bhíodar ag cainnt agus b'é an Beurla a bhíodar ag stealladh le n-a chéile. Lá eile bhíos ag ithe mo dhinéir san restaurant is taitheach liom. Tháinig beirt Fháinneach isteach agus shuidheadar síos gairid dom. Ag cogar le n-a chéile bhíodar san, ach má seadh níor theip orm an Beurla d'aireachtaint. Cé ná fuilimíd go léir ar aon aigne le Cathal Brugha (go ndeineadh Dia trócaire ar a anam) maidir le ceisteanna áirithe, ní féidir le haoinne a rádh ná raibh sé ar cheann desna daoine ab fhearr in Éirinn i dtaobh na Gaedhilge. Ceann desna daoine ba dh'eadh é (agus 'sé an feall ná fuil níos mó aca ann) a thóg a chlann agus an Ghaedhealg aca mar teanga dúthchasach. Cé mhéid duine de n-a leithéid atá le fághailt, ní fheadar, leathismuigh den Ghaedhealtacht. Is dócha nach féidir census do thógaint, census ceart muinighneach, mar gheall ar an nGaedhilg. Níl aon mhaitheas sa census do thógadh suas go dtí so, pioc: mar tá's ag an domhan gur mó duine ná raibh ach cúpla focail aca a thug Gaedhilgeoirí ortha féin, agus ar an taobh eile bhí daoine ann agus an Ghaedhealg aca ón gcliabhán agus ná raibh focal mar gheall ortha sa census. Ach 'sé an rud is tábhachtaighe anois ach eolas a bheith againn cé mhéid páiste (leathismuigh den Ghaedhealtacht) bhfuil an Ghaedhealg aca ón gcliabhán. Bhí gach saghas áthais orm nuair a dh'airigheas go raibh Cumann Íosa ar aigne sgoil nuadh do chur ar bun gan moill, sgoil le haghaidh buachaillí agus gan ach Gaedhealg á labhairt ann. Pé rud a thuit amach níor righneadh aon rud den phlean ó shoin, agus is eagal liom go bhfuil sé curtha ar an méir fada aca anois. Is mór an truagh é, má thá, mar go bhfuil práidhinn mór againn le n-a leithéid. Cá raghaidh na buachaillí a bhíos a rádh nóimeat ó shoin ar sgoil, iad sin a thógadh sa tslighe ceart .i. an Ghaedhealg a bheith aca mar teanga dúthchasach. An bhfuil aon sgoil in Éirinn in ao' chor ar féidir a rádh gurb i nGaedhilg a mhúintear gach aon rud innti? Tá Sgoil na Rinne agus Sgoil Naoimh Bríghde i mBaile Átha Cliath. Sin a bhfuil ann, is dóigh liom, agus ní oireann neachtar aca do bhuachaillí den aois a bhfuilim ag tagairt do anois: sgoil cosamhail le Coill Chluana na gCuas (Clongowes), 'na mbíonn na buachaillí suas le ocht mbliadhna deug d'aois uaireannta. Deireann lucht an Chumainn Íosa féin go mbíonn siad i dtosach gach gluaiseachta nuadh. Béidir go mbíd, ach ní misde dhom a rádh go mbeidh siad ag caitheamh uatha seans maith maran ndeunann siad an rud a bhí ar aigne aca tamall ó shoin. Na Coláistí atá aca
cheana, Coill Chluana na gCuas, Belbhidere, Mungairit, &rl., níl siad-san chó Gaedhealach go bhfuighfidhe a bheith ag maoimh ró árd asda. Tá's againn go bhfuil go leor sagart san Órd in iúl don obair, agus níl aon dabht ná go bhfuil a lán páistí ag fás suas anois a líonfadh an sgoil nuadh luath go leor: feuchaidh ar an méid daoine bhíonn ag iarraidh a gclann do chur ar sgoil chun an Fhir Mhóir sa Rinn agus gan slighe ag a leath ann. Níor mhór don Riaghaltas feuchaint i ndiaidh ceist na Gaedhilge sa nGárda Síothchána. Bíonn an rud 'á phlé insna páipéirí laetheamhla ach mar sin féin is ceart dúinn-ne tagairt don sgeul chó maith le cách. Ní páipeur poilitidheachta é seo, agus dá bhrígh sin níl aon rud le rádh agam i dtaobh gnó na Dála, ach caithfidh mé a rádh gur ait an rud é go mbítear ag tagairt don “Speaker,” don “House,” agus ní fheadar cé mhéid teurmaí eile fuaradh ar iasacht ó West- minster. Ná deirtear gurb é an Dáil atá againn anois is cionntach ach an oiread, mar go mbíodh an sgeul go díreach mar a chéile in aimsir De Bhaléra fé chuireadh an Saorstát ar bun in ao' chor. 'Sé an feall é, leis, ná fuil cuid desna teachtaí toiltheannach labhairt as Gaedhilg amháin, in áit cúpla focal a rádh ar dtúis agus annsan an rud ceudna agus a thuille leis a stealladh amach i dteanga na nGall. Eachtradh an méid “Sweeps” atá ar siubhal fé láthair. Táimíd tréis dlighe Shean-Shasana do chaitheamh uainn go ceart sa méid sin. Ach má thá, níl ach rásana a bhíonn 'á rioth in Sean- Shasana sa sgeul aca, agus maran féidir airgead do sholáthar in aon slighe eile ba dhóigh leat go bhfuighfidhe rud éigint bhaineann le n-ár dtír féin do cheapadh chuige sin. IOLSCOIL NA MUMHAN I RINN Ó gCUANACH. SCEUL A BHUAIDH. (Tuille dhe). Gach buaidhirt agus beannacht a thárlaigh dhó le hocht mbliadhna deug anuas. Do lean an sceul mar sin ar feadh dó nó trí de sheachtmhainí, agus bhíodh trí fichid nó as sin go dtí cheithre fichid duine bailighthe againn istigh i dtigh na scoile ó leath-uair tar éis a seacht go dtí a naoi a chlog dhá oidhche 'sa tseachtmhain. Bhítí ag foghluim an léighimh ar feadh trí ceathramhana uaire agus bhíodh amhráin agus rinnce againn an chuid eile dhen aimsir. Bhí an sagart paróiste as baile an cheud sheachtmhain de mhí an Iúil, agus nuair a chas sé thug sé órdughadh don mháighistir scoile gan an scoil d'oscailt dúinn aon tráthnóna eile. Nuair do shroich mé an áit bhí na daoine go léir bailighthe mar ba ghnáth agus d'inniseadh dom conus mar a bhí. Ní raibh dada le deunamh agam acht dul go dtí sagart an pharóiste. 'Sé an leith-sceul a bhí aige acht gur tháinigh duine éigin chuige ag deunamh gearáin ná raibh an cailín aimsire bhí aici istigh in am istoidhche agus gur ar an Ghaedhilg a bhí a mhilleán aici agus ná fuighfeadh sé cead na scoile a thabhairt a thuille. D'innis mé dhó go mbíodh deireadh leis an obair ag a naoi a chlog agus ná raibh aon chionnta agam-sa 'sa sceul ós sin suas. Dubhairt sé in aon tslighe ná raibh sé sásta ar fhearaibh agus ar mhná a bheith i dteannta a chéile ag na buidheanta. D'innis mé dhó nár chuir sé aon choinghill 'sa sceul a cheud uair, agus mar sin nár chuireas-sa mar gur thuig mé ná raibh aon phráinn leis. “Ní bhfuighfinn scaoileadh le rud mar sin,” ar sé sin, “agus táim dá chros anois.” “Tá go maith,” arsa mise, “má 'seadh gheobha mé oidhche 'sa tseachtmhain a thabhairt do na fearaibh agus an oidhche eile d'fhágaint ag na mná.” “Ní dheunfadh sin an gnó acht an oiread,” ar sé sin, “thiocfadh na fir dá dtionnlacann, ní maith liom go mbeadh na mná ag teacht amach in aon chor isdoidhche.” “Ní fhuil agam le deunamh, má 'seadh,” arsa mise, “acht na mná a chonnladh tar éis an eadarshuth Dé Domhnaigh agus scríobhadh agus léigheamh na Gaedhilge a mhúineadh dhóibh.” “Ní theastuigheann an gnó in aon chor uaim,” ar sé sin, “agus táim ag cur deireadh leis as so amach.” “Tá go maith,” arsa mé féin, “tá mo ghnó-sa deunta; caithfe mé gach aon chúntas a scríobhadh go dtí Coiste Gnótha na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath, mar is orra a bheidh
na cúrsaí seo a phléidhe as so amach.” Chuaidh mé go dtí sna daoine bhí bailighthe i macha na scoile agus d'innis mé dhóibh conus mar a bhí. D'fhágamair slán agus beannacht ag a chéile, acht díreach agus me chum bogadh chum bóthair do ghlaoidh feirmeoir acfuinneach dhen áit i leath-taobh me agus adubhairt go dtabharfadh sé féin tigh dom chum an mhúineadh a dheunamh ann dá mba mhaith liom. Chuir mé an cúntas go léir go dtí an Coiste Gnótha agus d'innis mé dhóibh an fuláramh a bhí faghtha agam ón bhfeirmeoir. B'é an freagra a fuair mé acht m'aghaidh a thabhairt ar Chathair na gCat, áit a raibh an fraoch ar lasadh agus an ghaoth dá shéideadh agus gan fios 'dé mhéid den áit a raghadh tré theine. Bhí sórt amhras againn ná deunfadh an Coiste Gnótha a thuille troda i dtaobh sceul na Rinne, acht do dhein Coiste Ceanntair na nDéise a dhícheall chum an coiste eile a fhaobharughadh agus a bhrostughadh agus a gheurughadh, acht sin a raibh de mhaith ann; ní raibh an braon fola 'sa Choiste Gnótha. Níor dheineadh aon rud acht sagart a bhí ar an gCoiste Gnótha a chuir ó dheas chum cainte le sagart paróiste na Rinne feuchaint cad a bhí le rádh aige siúd. Níor chuaidh an sagart ceudna thar Dhúngarbhán; casadh duine éigin annsin air a chomhairligh dó gan a bheith dá bhodhradh féin le sagart paróiste na Rinne, agus casadh abhaile arís dó féin. Chas sé abhaile agus d'fhágadh sceul na Rinne ar an bhfailleun sin ar feadh dhá bhliadhain. Is déine bhí an sagart i gcoinne na Gaedhilge gach aon lá ós sin suas agus is tarcuisnidhe agus is maslamhla. Ní leomhfadh sé focal dí a mhúineadh insna scoileanna, agus dá mba é an Teagasc Críostuidhe féin é ní lualfaí é bheith 'sa nGaedhilg i scoil ná i dteampull. 'Sa mbliadhain 1904 chrom muintir Bhaile Átha Cliath ar a n-aghaidh a thabhairt ar “Bhaile- na-nGall” na Rinne. Ní “cathair mar a hainm í ‘Baile na nGall’” acht a mhalairt, mar is feas do chách anois. Tháinigh Siobhán Bean an Phaoraigh agus a chlann ann an bhliadhain sin, agus leanadar orra ag teacht ann ar feadh na bliadhanta, agus bhí a rian sin orra, agus ar a gcuid Gaedhilge; thuilleadar cáil agus clú dhí i mbaile agus i gcéin. Mar adeir mé tháinigheadar sin agus gasra Gaedheal leo ó Bhaile Átha Cliath an bhliadhain sin agus chuireadar fútha i mBaile na nGall. Thógadar tigh ó Mhuiris Ó Maol Riain, agus 'sé an ainm a bhaisteadar air acht “Dóchas na hÉireann.” Níor mhiste é agus is maith a shlánuigheadar an ainm. Bhíodar ann gan a fhios, geall leis, an cheud bhliadhain; ní raibh aoinne ag cur isteach ná amach orra acht muintir an bhaile, béidir, ag deunamh ionghantas dá ndícéille. Tháinigheadar agus d'imthigheadar agus bhailigh- eadar leo mil agus óg-uachtar a chothuigh agus a bheathuigh an t-anam agus an meanmann in a gcroidhthe agus in a gcuid fola a thug misneach dóibh troid a dheunamh chum saoirseachta dhá bhliadhain deug in a dhiaidh sin. Moladh agus glóire do Dhia dá bharr, tá a thoradh andiu againn. Um Cháisc 'sa mbliadhain a bhí in ár gceann casadh an Dochtúir Ó Síothcháin orm ar bhóthar Chill Ruis. Bhí sé ag gabháil don Ghaedhilg le cúpla bliadhain an uair sin agus do fhuiris a thuar dó go saothróchadh sé í. Bhí tigh aige fé chíos ag Ceann Heilbhic amuigh agus is ann a chaitheadh sé a chuid laetheannta saoire 'sa samhradh ag treabhadh agus ag fuirseadh leis an nGaedhilg. Sagart naomhtha, árdléigheanta, uasalaigeantach an cháil a bhí air i measc muintir na Rinne; bhí meas air aca agus urraim aca dhó, agus dob' fhuiris d'fheicsin go ndeunfaidís rud ar aon rud a dheurfadh sé leo. Cúpla bliadhain roimhe sin nuair a bhí a chúrsa léighinn deunta aige agus cáil agus clú tuillthe aige i measc fear léigheanta na hEoirpe thárlaigh go raibh sé ar dinneur ag sagart paróiste na Rinne. Ní raibh aon rud ba mhó aige an sagart paróiste seo acht lucht léighinn agus foghluma agus ba bhreágh leis a bheith in a gcuidreamh agus in a gcuideachtain. Bhí a fhios aige an cháiligheacht mhór a bheith tuillte ag an Dochtúir Ó Síothcháin agus 'sa chaint dhóibh do fhiafraigh sé dhe cadé an t-adhbhar léighinn is mó a leagfadh sé a aigne air feasta. Nuair d'innis sé dhó go raibh sé ar aigne a shaoghal agus a bheatha a chaitheamh ag saothrughadh na Gaedhilge d'óbair go dtuitfeadh an t-anam as. Cadé chúis a mbeadh aoinne chomh mór sin ar mhearbhall a's go gcaithfeadh sé a mheabhair a's a mheoin ar aon rud chomh suarach. Thuit an gloine agus bhagair sé gaoth a's gála anoir andeas; liúigh an cúirliún agus thosnuigh braonacha fearthanna ag imtheacht i mbeul na gaoithe; dhorchuigh an spéir, agus níorbh' fhada gur labhair Faill an Phíobaire. Is cuma dhúinn anois cad iad na smaointe a bhrostuigh chum suain thuas i mBarr na Stuac sagart paróiste na Rinne an oidhche sin ná cad iad na seoda fuair an Dochtúir i seanchus agus i gcaint Thomáisín (.i. a oide múinte) in a thigh beag cluthmhair amuigh ar chliathán Chinn Heilbhic. PÁDRAIG Ó CADHLA. (Tuille le teacht).
RÉILTHÍNÍ ÓIR. Do dhuine ó Chorca Dhuibhne is geall le féachaint sa scáthán air féin an leabhar so, “Réilthíní Óir,” a léigheamh. Ní cheileann an scáthán aon ní d'á bhfeiceann — pé 'ca maise nó mí-mhaise é; agus ar an nós céadna pé ní fónta nó neamh-fhónta a fuair an tAthair Mac Clúin i “nGaoluin” tulcanta so-ghluaiste Chorca Dhuibhne níor cheil sé 'na leabhar é. Tá cnósta le chéile aige i “Réilthíní Óir,” ó chainnt dhaoine san Oileán Tiar agus i nDún Chaoin, roinnt mhór de chainteanna ná fuil coitianta i n-aon áit eile i nÉirinn; agus gan aon amhras tá cruinnithe ann, leis, aige graisiomal d'fhoclaibh agus de ráidhte nach slachtmhar agus nach maise i mbéalaibh na ndaoine sa Ghaeltacht san thiar. Má ba cheart do'n ughdar an leabhar so — nó an staidéar so — do scríobhadh ní raibh dul uaidh aige gan an uile rud a bhuail leis a chur síos — gach ní neamh-choitianta dá bhfuair sé sa chanúint, pé olc, maith é. Níl an dara tuairim ar an scéal ná gur maith is fiú staidéar mar é seo atá déanta ag an Athair Mac Clúin a dhéanamh ar an nGaedhilg ar a teinteán féin istigh, san áit ar mhair sí leis na ciantaibh agus mar a bhfuil sí fós beo agus fás (nó bás) nádúrtha ag teacht uirthi. Do dhein ughdar “Seanchainnt na nDéise” ar Ghaedhilg na nDéiseach é. Tá sé déanta ag úghdar “Réilthíní Óir” ar Ghaedhilg Iarthair Dhuibhneach. Cé dhéanfaidh ar Gaedhilg Bhaile Mhúirne agus Chairbreach é, agus ar chainnt an Chláir agus Chonamara agus Thíre Conaill. Níorbh' aon tsaothar i n-aistear na “canúintí” sin ar fad a mhionfhéachaint agus toradh an scrúdaithe sin a chur ar fagháil. Is luaithe de fhásfaidh aon chanúint choitionn amháin ar fuaid Éireann uile i scoileanna agus ameasc lucht léighinn agus foghluma. Dá bhrí sin tá moladh mór tuillte ag an Athair Mac Clúin ar son “Réilthíní Óir.” An chéad rud eile le breithniú i dtaobh an leabhair seo — conus atá éirithe leis an ughdar an obair, a chuir sé roimis, a dhéanamh. Ba dheacair do dhuine, ná fuil taithitheach ar Ghaedhilg na nDuibhneach, aon tuairim le h-eolas a thabhairt ar an scéal san. Staidéar ar Ghaedhilg aon pharóiste amháin atá sa leabhar ach dob' fhíor a rádh gur beag dá bhfuil i nGaedhilg Dhún Chaoin ná fuil ar gnáthú chomh fada soir leis an nDaingean agus cuid mhaith dhe ag gach Gaedhilgeoir ó'n Ínse siar. Tá, gan aon amhras, beócht agus iomadúlacht sa chainnt san iarthar d'imigh le dachad bliain as úsáid na Gaedhilge thoir; agus tá sí ag ceileabhradh, fós, thoir. Is beag ní neamhchoitiannta atá i gcainnt Iarthair Duibhneach nár aimsigh an t-ughdar, agus, ar iad a mheas le chéile, is ana-chruinn a thug sé a mbrí agus a ngnáth-chleachtadh leis. Is mór an iarracht é sin do dhuine nár tógadh leis an “gcanúint” sin ó n-a óige. Is ar éigean a bhac sé i n-ao' chor le brí bunúsach na bhfocal ná na préamha ó dtánadar — agus locht ar an obair é sin dar linn-ne — ach níl aon easnamh ar an dteasbánadh atá ann ar úsáid na bhfocal agus ar an léiriú atá déanta aige ar chiall na cainnte i mór-chuid de'n leabhar. “Mór-chuid” adeirimíd, dár ndeoin, mar níl an scéal amhlaidh sa leabhar uile. Is iongna linn a neamh-chruinne a deineadh an obair ar roinnt des na foclaibh: faithne, falaing, foghmhar, &c. Tá urmhór an leabhair go cruinn agus is truagh iarrachtaí mar siúd a bheith thall 's i bhfus ann, mór mór nuair tugadh fairsinge slí — thar mar ba ghádh, dar linn — d'fhoclaibh eile .i. barra, bramaire, caithim, clibirt. Is truagh gur sheachain an tAthair Mac Clúin cuid de'n fhírinne ag tagairt do na foclaibh seo .i. cic, bran, bús, giúmar, bleaist, beilt, barra-thrip, bagha, crans, cucól, cupa, déal, droga, éirnis, faoileáil, friseáilte, geallarsaí, géataí, giulc, glaes, gó, haibil, hop. I gcead do'n ughdar, ní dóigh linn gur ceart do bheith ag cur na bhfocal san i “luighe gaidhte” ar lucht foghluma gan a innsint dóibh a ghiorra ó bhaile thánadar agus uirísle a gcoidrimh 'na dteangain féin uaireannta. Agus ní dóigh linn gur fiú a aistriú thar teorainn an pharóiste cainnt de shaghas “Ag breith phisciní.” Ar éigean gur fiú “Wind up” a chur i bhfoclóir bharántúil Bhéarla! Tá rud eile sa leabhar atá ag dul dínn a thuiscint .i. ciaca b'é an t-ughdar nó na Gaedhilgeoirí i gCorca Dhuibhne thiar a cheap na cainteanna léiriúcháin agus na habairtí somplacha atá ann. Má's é an t-ughdar é conus d'éaluigh “dá gcloisfeadh” agus “dá gcloisfeá” agus “dá dtaidhseofaí” isteach sa leabhar, agus “an fear an tighe” agus “thugas fiacha Aifrinn do go léighfeadh sé Aifreann dom.” Dá mba deich mbliana ó shoin nó roimis sin a scríobhfaí iad san do maithfí do'n ghnáth-scríobhaidhe. Táthar níos
eolasaighe anois ar ghramadaigh na teangan so. Má's é déantús na n-ughdar logánta i gCorca Dhuibhne na cainteanna atá sa leabhar, is iongna linn cathain d'fhoghlmuigheadar “sar i bhfad,” “tigh 'na mbíonn earraí,” “an bórd ag a raibh na h-uaisle.” Idir dá thuiscint dúinn fé'n rud a chuir an t-ughdar roimhis a dhéanamh sa leabhar .i. (1) focail agus cainteanna neamh-choitiannta na dúthaighe úd thiar a chnósach agus a léiriú nó (2) a theasbáint gur leor d'fhearras an Ghaedhilg chun gach ní atá innte féin a mhíniú. Tá an chéad ghnó aca déanta go maith — go h-ana-mhaith. Níor cuireadh an Ghaedhilg chun a díchill ná chun iomlán a cumais sa dara gnó mar ná fuil míniú iomlán bunaigh déanta ar na foclaibh. I gcúrsaí mar sin dá mba ghádh dob' fhéidir earríocht níos mó a bhaint as an dteangain seo ná mar do bhain an tAthair Mac Clúin aisti 'na leabhar. Ag tagairt do neamhchoitianntacht na bhfocal agus na gcainnteanna áirithe sin atá i nGaedhilg Chorca Dhuibhne ba bhaoghal do dhuine iasachta breith amuich air mara dtugadh sé aire thar barr ná déanfaí ceapadóireacht ar leith-i-leith 'na chomhair nuair a braithfí an cuardach a bheadh ar siubhal aige. Ar a bhfuil caithte d'á shaoghal ag an té atá 'á scríobhadh so ní chuala sé “caipín dubh 'á chur ar fhocal” ná “chuaidh sé go beilt an chlaidhimh air.” Is é ár dtuairim láidir gur d'aon ghnó do'n ughdar léigheannta a ceapadh roinnt bheag rudaí dá leithéidí sin atá sa leabhar aige — “le barr Gaoluinne, 'dtuigeas tú?” Beidh ainm an Athar Mac Clúin dá áireamh ameasc lucht scoláireachta toisc an tsanais seo atá déanta aige — mac samhail do shaothar Chormaic agus Uí Dhobharáin. Táimíd ag feitheamh le Leabhar II. “AN SEABHAC” MAISÍNÍ CAINTE & PLÁTAÍ. GACH AON DEUNTÚS. Gheobha Lucht Léighte “An Sguab” Locáiste Speisialta. Fuigh an Pláta nuadh (Gaedhilge) — “RAITHEANACH A BHEAN BHIG.” GEARÓID CROFTS dubhairt an t-amhrán so. TOMÁS MAC MATHGHAMHNA, AN SGAIRBH, CO. AN CHLÁIR. CIALL CEANNUIGHTHE. Amadán iseadh mise. Is gairid a sheasuigh- eann airgead an amadáin, ach tá ciall ag teacht chugham in áit a chéile. Fan go n-inneosfad mar gheall ar na daoine a bhíonn ag lorg déirce orm. Nílim ag tagairt do bhacaigh choitchianta ná do dhaoine bochta, ach dosna cladhairí cliste a dheineann ceurd agus ealadha de'n ghnó. Ní rabhas ach fiche bliadhan d'aois nuair a bhuaileadh an cheud duine aca umam. Ní raibh ionnam ach buachaill bog simplidhe an t-am ceudna, agus b'fhuirist dó mise do mhealladh le n-a sgeul truaighbhéileach. Aictéir críoch- nuighthe ba eadh é mar sin féin, agus do chuir sé an dubh 'na gheal orm go ceart. Ní cuimhin liom ró mhaith anois cad a bhí mar sgeul aige, ach do ghlac mé truagh dho. Ba é an feall fear breágh óg macánta dá shaghas a bheith caithte le fán an tsaoghail, ní fheadar cad as — ach amháin go raibh có-mhothú agam do. Ní misde dhom admháil gur thugas a raibh im' phóca dó agus d'imthigh sé. Níor bhain an rud ceudna dhom arís go ceann deich mbliadhanta. In aimsir na Dubhchrónaí tháinig fear isteach chugham oidhche san áit a rabhas ag cur fúm. Dhein sé an-dhána orm; ba dhóigh leat gur duine liom féin é. Bhí sé tréis a shlighe maireachtaine do chailleamhaint i Sean-Shasana toisg é bheith 'na Éireannach, agus bhí gach aon trioblóid sa mullach air; ní raibh costas a thuras abhaile aige go dtí Luimneach. Do thugas an méid sin dó. Do gheall sé go ndíolfadh sé thar n-ais liom é gan mhoill nuair a raghadh sé abhaile, go bhfágfadh sé in oifig duine áirithe agam é. Do chreideas é, go bhfóiridh Dia orainn. Cúpla mí ó shoin agus an cogadh ar siubhal i mBaile Átha Cliath, tháinig fear isteach go dtí an oifig chugham; d'fhéach sé deallramhail go leor, agus bhí cúpla focail Gaedhilge aige. Bhí sé i gcruadh-chás; cad é an díobháil ach go raibh duine áirithe a raibh aithne aige air as baile, agus mar sin de. Bíonn eagla ar an té dhóightear, ach ní raibh taithighe ceart agam ar an obair fós. Bhí saghas deallraimh ar an sgeul, agus tréis cúpla ceist do chur air do thugas deich sgil- linge dó ar iasacht. Dubhras leis ná raibh mórán muinighin agam as ós rud é gur righneadh eirighe slighe orm cheana, ach san am ceudna bhí leath-choinne agam leis an ndeich sgillinge agus do chuireas a ainm síos i leabhar na bhfiacha! B'é an sgeul ceudna é, geallaimse dhuit, drae
deich sgillinge ó shoin. Ag deunamh mo mharana ar an rud 'na dhiaidh san do chuimhnigheas go raibh saghas cosamhlachta eatorra go léir, maidir leis an slighe chuadar i gceann na hoibre, an slighe aicillidhe bhíonn siad ag trácht ar daoine a bhíonn 'na gcomhnuidhe im' dhúthaigh féin. “Tá aithne agat ar Thomás Mac Uí Rudaí i n-a leithéid d'áit.” Cuireann sé saghas deallraimh ar an sgeul a bheith ag éisteacht leis ag cainnt mar gheall ar dhuine éigint aithneadamhail, tá's agat. Sin é an slighe a bhaintear de n-a chosaint duine simplidhe mar mise. An lá fé dheire bhí deitheanas orm ag dul amach go dtí cruinniú éigin. Bhuail fear eile isteach. Bhí costas an turuis go léir aige go dtí 2s. 9d.! Ní raibh aon chlisteacht ag baint leis an bhfear so, ach bhí cainnt go leor aige mar gheall ar a leithéid de dhuine i mo dhúthaigh féin — duine atá tréis bháis le chúig bliadhna. “Seo sgilling duit agus sguab leat as mo radharc, a bheitheamhnaigh,” arsa mise. Tá gach saghas náire orm gur righneas an méid sin dó, ach bhí deitheanas an domhain orm an uair ceudna, agus ní bhfuighinn an teicheadh do chur air in aon slighe eile. Táim ag tabhairt amadán orm féin ó shoin, pé sgeul é. Amadán iseadh mé, ach is truagh liom an cheud chniapaire eile a thiocfadh isteach chugham — b'fhearrde dhó gan teacht mara mbíonn pistol aige. AN CHÚ MHALL. AN LITRÍOCHT NUA AGUS AN POBUL. Is iomdha athrú thiocfas ar shaol inntleachtach na hÉireann nuair bhéas an tsíocháin a bhfuilimid uile go léir ag súil léi ar a bonnaibh arís sa tír. Sinn-ne, a bhfuil grádh againn do na healadhnaibh, tá súil againn iad fheiceál ag borra is ag bláthú nuair thiocfas an tsíocháin sin; tá súil againn go mbéidh spéis agus suim nua ionnta ag fás i gcroidhthe mhuinntire na hÉireann; agus sinn-ne, a chreideanns go gcaithfear an Ghaedhilg thabhairt ar ais arís sul má bhéidh an tsaoirse is mó agus is luachmhaire dá bhfuil ann againn, .i. saoirse na spioraide agus na hinntleachta — ní mór ná go bhfuil súil againn gur thrídh an nGaedhilge bhéas an saol nua seo 'á chur i gcéill. Anois, maidir le cine a bhfuil gean is grádh aige do cheól agus do bhinneas friotal, a bhfuil ceann de na sean-litríochtaí is uaisle 's is áilne ar dhruim an domhain aige; maidir le cine a raibh an sgéaluíocht agus an seanchus faoi árd-mheas aige ó thús aimsire, níl amhras ar bith ann nách bhfuil acht fíor-bheagán de féith na litríochta i gcroidhe furmhór de'n chine Ghaedhealach. Thug Éire litríocht sár-áluinn do'n domhan sa tsean-aimsir. Thug sí plód mór de sgríbhneóirí sár-mhaithe do litríocht an Bhéarla. Agus anois tá cuid d'á sgríobhnóirí ag tosnú ar rudaí nua a rá i dteangain na hÉireann, rudaí a mbíonn fíor-áilneacht ag baint leó go minic. Acht an gnáth-dhuine, an “fear sa tsráid” in Éirinn, ní mó í an spéis atá aige i litríocht ná an spéis chuireanns sé sna sméara dubha ar an bhfál. Má léigheann sé leabhar chor ar bith, is cosúil, an-chosúil, gurab é an sórt leabhair bhéas ann, úirsgéal ó láimh Ethel M. Dell nó Charles Garvice. Nó má's rud é nach dtaithnigheann “baois faoi'n ngrádh” leis, léighfidh sé rud eicínt ó pheann Nat Gould nó William le Quenx. Nó má tá sé “very Irish” mar deir sé féin, treabhfaidh sé go mall righin trí “Chnoc na nGabha” agus annsin ceapfaidh sé go bhfuil a dhualgas liteardha cóilíonta aige agus ní léighfidh sé focal eile go deire a shaoil. Annsin tá duine eile ann — an duine úd a bhfuil an oiread sin measa aige ar shaothar na “sean-údar” mar thugann sé ar Dickens, Thackeray, agus Scott, nach féidir leis aon ní eile léigheamh. Duine uathbhásach an duine sin. Tá grádh is gean aige do shaothar maith; is léir an méid sin ó'n áird atá aige ar an triúr sgríbhneóirí sin thuas; acht is amhla tá sé dall ag á chlaoin-bhreith dícéillí féin. Tá sé go láidir in aghaidh roda ar bith nach gcuala sé faoi agus é 'na pháiste beag. Tá sé go láidir in aghaidh leabhair ar bith nár léigh a athair agus béidir a shean-athair roimhe. Dá labhróchá leis faoi sgríbhneóirí na Frainnce nó na Rúise, dá molfá dhó aithne chur ar a saothar, cheapfadh sé go rabhais ag iarra é chur ar bhealach a aimhleasa. Agus is dócha, dá labhróchá leis faoi sgríbhneóirí a thíre féin, faoi Yeats nó faoi'n gCraoibhín nó faoi A.E., cuir i gcás: (ní áirmhighim Pádraic Ó Conaire ná an Piarsach, ná sgríbhneóirí Gaedhilge eile nach iad, óir is do'n léightheóir coitchiannta tá mé ag tagairt, agus níl Gaedhilg ag an léightheóir coitchiannta in Éirinn go fóill, faraoir!) dá labhróchá leis fútha-san, adeirim, tá seans agus seans maith nach mbéadh fhios aige cé bhí i gceist agat. 'Nois, is brónach an sgéal é béidir, acht is
fíor, go gcaithfear lucht léighte, agus lucht léighte tuigseannach, bheith ann sul má thig leis an litríocht theacht 'un cinn i dtír ar bith. Ní mhairfidh litríocht ar bith i dtír nach bhfuil daoine ann cheannóchas na leabhra agus a léighfeas iad agus a chuirfeas suim ionnta. 'Sí an cheist is mó dá bhfuil ag baint le saothrú na litríochta i dtír ghnáthach: “deagh- dhúil,” nó “taste,” na ndaoine. Ba chóir go dtuigfimís ne Éireannaigh go bhfuil seans is buntáiste iongantach againn, maidir leis an deaghdhúil sin. Óir ní gnáthach an tír í Éire, mórmhór i gcúrsaí teangain is litríochta. 'Sé standard Shasana do chum deaghdhúil, nó droch- dhúil, a lucht léighte. Ag seo an seans atá againn-ne, na daoine gur mian linn an Ghaedhilg a thabhairt ar ais .i. go bhfuil Éire cosúil leis an mbranar san amhrán: “'S an ithir ag feitheamh le lúth ár lámh.” Níor saoth- ruigheadh deaghdhúil liteardha a pobuil go fóill, nó níor milleadh í acht oiread. An deaghdhúil (nó an drochdhúil) atá ag á pobul i gcúrsaí litríochta, fás mí-nádúrtha tá innti, agus ní buan an fás é. Caithfear a leaga agus deagh- dhúil nua chur 'na ionad. Agus caithfear féachaint chuige gur maith agus gur fiúntach an deaghdhúil thiocfas. Le sgéal fada dhéanamh gearr, caithfear féachaint chuige gur fíor- litríocht bhéas againn le bronna ar léightheóirí na Gaedhilge san am atá le theacht, litríocht chumfas deaghdhúil sa bpobul agus ní drochdhúil. Níl acht fíor-bheagán de dhrabhuíol gan maith le léigheamh sa nGaedhilg faoi láthair ar an ábhar sár-mhaith nach bhfuil acht fíor-bheagán d'ábhar léighte de chineál ar bith le fáil innti go fóill. Tá an ithir ag feitheamh, mar sin. Agus tig linn-ne ár rogha roda dhéanamh leis an mbranar. Tig linn tosach maith dhéanamh agus deaghdhúil liteardha chruthú, nó tig linn an sean-chasán thabhairt orainn féin agus an oiread sin baoise thabhairt do lucht léighte na Gaedhilge is nach mbéidh leabhra maithe ag teastáil uatha ariamh ná go deó. Ní cóir dúinn é seo dhéanamh. I dtír mar Shasana nó mar an Spáinn nó mar na céadta tíortha nach iad, tíortha a bhfuil drochdhúil litríochta fíghte fuaighte le saol na ndaoine toisg an oiread sin de leabhra gan maith bheith le fáil sna siopaí chuile áit, is deacair an rud é brise leis an sean standard agus standard nua chur ar bun. Tá fhios go maith ag an bpobal céard theastuigheas uaidh, agus éirigheann leis é fháil i gcomhnaidhe. Is eól do lucht foillsithe agus do lucht sgríobhtha go gcaithfidh siad umhlú do'n phobul má's mian leó slí beatha dhéanamh chor ar bith. Acht in Éirinn, áit a bhfuil teanga eile ar tí a háit thógáil, áit a bhfuil athrú mór ag teacht ar shaol inntleachtach na ndaoine, nár cheart dúinn súil bheith againn go mbainfidh siad tairbhe éigin as an athrú sin? Níl dabht ar bith ann ná go dtiocfaidh an t-athrú sin ar mheón na ndaoine nuair bhéas an Ghaedhilg d'á labhairt de ghnáth aca arís, agus béidh tréimhse ann agus ní bhéidh “taste” liteardha ar bith aca, olc nó maith. Ullmhuighimís an bealach i gcóir na tréimhse sin na socaireachta. Árd- uighimís an standard. Ní gá' d'éinne umhlú do'n drochdhúil, ná leabhra sholáthar 'na cóir má's amhla nach bhfuil dúil de chineál ar bith ann. Déarfar, béidir: “Acht cá bhfuil na sgríbhneóirí, nó na foillsitheóirí?” Agus, go deimhin, cá bhfuil siad? Mórmhór na sgríbh- neóirí? Acht caithfimid gan dearmad dhéanamh ar an gceist sár-thábhachtaigh sin .i. ceist an aistriúcháin. Tá a lán daoine in Éirinn a thuigeas céard is litríocht ann agus céard is Gaedhilg ann; nárbh fhéidir sgéim mhór ais- triúcháin chur ar bun agus leabhra maithe ó theangachaibh iasachta thabhairt amach acht cur chuige i gceart? Leabhra maithe, adeirim. Sin puinnte tábhachtach. 'Sé 'n t-aistriúchán an rud is mó a chum “taste” na Spáinneach i gcúrsaí litríochta, acht ní deaghdhúil atá ag furmhór na ndaoine sa Spáinn acht a mhalairt, thar é tá an chuid is mó de na leabhra hais- trigheadh go Spáinnis tá siad go dona. Acht dá mbéadh fear in Éirinn, abair, agus dúil sna leabhra aige, agus an Ghaedhilg níos fearr aige ná aon teanga eile: dá bhfuigheadh sé amach nach raibh le fáil 'na theangain féin acht leabhra maithe — cuid aca a sgríobh údair Gaedhilge, cuid eile a haistrigheadh ó theanga- chaibh eile; leabhra ó údair mar Tchekoff, nó Daudet, nó na driotháracha De Goncourt, nó Ibánez, cá bhfios dúinn-ne nach dtiocfadh rudaí móra as? An féidir linn bheith lán-chinnte nach dtaithneóchadh a leithéid de leabhra leis? Béidir cuid bheag de féith na litríochta bheith i bhfolach i gcroidhe gach aon duine sa tír beagnach, acht an féith sin a thabhairt amach agus a shaothrú go dícheallach. Ní féidir bheith ró- dheimhnitheach nach bhfuil, ar caoi ar bith, agus má's amhla go bhfuil, agus má dhéanann lucht aithbheóchainte na Gaedhilge an tosach maith tá luaidhte agam, agus fíor-litríocht thabhairt do'n phobul in ionad baoise suaraighe gan maith, cá bhfios dúinn ná go dtiocfaidh an lá fós a mbéidh Éire ar na náisiúin is mó cultúir is léighinn san Euróip. MÍCHEÁL MAC LIAIMMHÓIR.
DÍOGHALTAS NA HOIDHCHE. II. Lár na mháireach bhíomair eirithe go luath, an breicfeast tógtha againn, agus sinn ag cois- íocht go tiubh fé dhéin Shráid an Chonallaigh. Bhí an fliuchán céadna ann, an salachar céadna, an ceó céadna, ach bhí solus na h-oibre i súilibh Shéamais Mhóir — sin é a thugaimíst air coitianta. Ar nós na con fola ag blathuíl roimis a bhí sé; an lasair 'na ghnúis, an luisne 'na leicne, an luasca éascaig i ngach géag dá chorp. Ach ní raibh fonn cainnte air — ní minic a bhíodh i gcás den tsaghas san — agus thuigeas-sa go blasta nárbh fhearra dhom brise isteach air, go labharfadh sé is go léireóch sé nuair a thiocfadh an t-am. Leath-uair tréis a h-ocht bhí an ceann sprice bainte amach. Bhí fear-a'-tighe istig rómhain ag feitheamh: agus toisc ná raibh aon nuadh- uíocht aige thugamair aghaidh ar sheómra an mhairbh i n-áirde an staighre — nú ba chirte a rá gur dhein Séamas Mór amhlaidh agus gur leanas é. Do scannruíodh me ag an ndoras. Na súile uafásacha millteacha scannruithe san do chuirfidíst ar baille-chrith thu 'e bhreis ar aon ní dá bhfaca-sa riamh. Ach lasmuigh de sin bhí gach aon ní rialta cóir. Má seadh féinig dhein an Barrach géar-scrúdú ar gach ní — scórnach is béal is cluasa is gruaig an chuirp: gach blúire de is de sna h-éadaighe. Corruíodh é aon trus amháin; thairig sé an anál isteach go grod; ach ar iompó na baise bhí sé tagtha chuige féinig aríst. “Agus níor deineadh athrú ná aistriú ar faic anso, a Mhic Uí Luineacháin?” “Níor deineadh. Níor dheineas-sa aon láimh- seáil ar fuaid an tseómra, agus níor dhein na póilíní ach an corp a thógaint amach as an leabaidh agus é infhiúcha. Scrúduíodar na h-éadaighe 'na mball is 'na mball agus ansan do chuireadar thar n-ais iad go h-aireach mar bhíodar meághaite ar theacht aríst indiubh.” Phreabamair síos ansan. Dhein an fear mór an glas a scrúdú, scian phóca a chur ag obair air, an coimeád a thriail, agus gach ní a dh'fhéachaint go mion leis an ngloineán. Na finneóga ansan, an fhinneóg a bhí ar an dtaobh deas den ndoras ar dtúis. Bhí sé soiléir go leór domh-sa gur cuireadh sparra iarain ag obair a d'iarraidh í dh'fhoscailt, ach níor deineadh ach an t-adhmad a bhrú. An fhinneóg ar an dtaobh clé ansan, gach blúire de n-a leath íochtarach leis an ngloineán. Bhí cré fé n-a bun san thíos, cré an gháirdín 'na raibh bláthana binne ag fás, agus b'fhuirist go maith a dh'fheiscint go raibh sí brúite go maith fé chosa daoine. Agus ar feadh na h-aimsire go léir níor labhramair focal cainnte, ach fear an bhuilg is me héinig fé mar dá mbeimíst balbh agus gan fhios ag an bhfear eile go rabhamair ann i n-aochor, dréir deárthaimh. Thug sé an tarna féachaint ar an nglas is d'iarr ar fhear-a'-tighe an casúr a thabhairt dó. Níor dhein sé aon ghnó leis, áfach, ach é scrúdú go h-ana-mhion leis an ngloineán. Mheasas go bhfaca solus, breis sholuis fós, ag teacht ins an scéal aige, nuair a bhuail an Cigire isteach go groidhe agus triúr póilíní 'na theannta. “Aon treóir fós i n-aon bhall?” ars' eisean go grod le Séamas Mór. “Dheineas féinig féachaint isteach ins an scéal indé agus níorbh fhéidir liom puínn a bhaint as. Níl faic ann ach na súile, agus munar tháinig an Fear Dubh féinig n'fheadar cad ba bhun leis an bhféachaint scannruithe. N'fheadar. Seadh, chím go bhfuil críochnú déanta agat-sa, leis; agus bíodh orm ná feadair-se puínn ach an oiread. Ní féidir girriadh a chur as an dtor ná fuil sé ann,” agus do thosnuigh sé ag gáirí, mion-gháire beag searúis, mar bhí an Barrach ag machtnamh dó féinig, na lámha ins na pócaí aige agus é ag féachaint i bhfad uaidh an doras amach. “Seadh anois, tugaimíst féachaint ar sheómra an …,” agus ag iompó deiseal dó do leag sé a shúil don gcéad uair ar an gCigire. “Dia dhuit indiubh, a Chigire, agus daoibh go léir. Seadh, dubhairt an duine cóir seo go rabhabhair chun teacht aríst indiubh. Cúrsa ait, dar ndó. Ní cuimhin liom go bhfaca a leithéid sin de scannra riamh im shiúlta. Bhfuil aon tuairim agat-sa, a Chigire, muna miste dhom an cheist a chur?” “Tá, an tuairim seo, mar a dúbhart nuair a bhís id chola ansan ar do chosa ag féachaint na doras amach, ná tuigim cad a thárluigh muna bhfuil gur theasbáin an Fear Dubh é féinig dó. Níl ann ach go bhfuair sé bás agus ní bheidh a thuille bainte agam-sa leis an scéal.” “Seadh, bhí fear ann agus bhí sé dubh go leór 'na chroidhe, ach go h-áirithe. Ná h-imigh go fóilín go bhfeicfead an bhfuil aon bhlúire eile le fáil i seómra an chailín.” Agus do ghluais- eamair linn. “Ní gá dhuit é,” ars' an Cigire. “Dhein- eamair é sin a chuardach, agus a chuardach go
maith. Níl ann ach na gnáth-rudaí a bhíon aige sna cailíní go léir agus dorn beag litreacha — rínncí is drámaí agus cúpla ceann ó cháirde thall ins an bhFrainnc. Níor ghá aon litreacha grádha mar go raibh sí féinig agus an fear bocht so thuas ana-mhór le n-a chéilig dréir mar a deirean Mac Uí Luineacháin anso.” Ach mar sin héinig deineadh iad a chuardach. Ní raibh mórán díobh ins an mbosca — cúpla ceann ó n-a máthair, cuireadh nú dhó ag triall ar rínncí, cuireadh amháin a bhain le dráma. Do so do thóg Séamas Mór ana-cheann, agus chó fada leis sin de do thugas féinig, leis. seo mar a bhí sí: 22 S. MH., 19.11.'95. A Bhríd Chóir, Seachtain ó shoin do chuala nách fada go mbéadh ana- dhráma ag teacht an treó ag triall ar amharclain Shráid Phádraig. Tá sé tagtha, agus bead ag súil led theacht im theannta ANOCHT. Bead ullamh pé tráth is mian leat. Deineadh é léiriú cheana indiubh ar-a-dó. Mise, Is míle beanacht, SÉAMAS. Thug an braitheadóir aon léim amháin. “Seo leat, a dhuine;” ars' eisean liom, “ní mór dúinn bheith ag imeacht go fóil. Ní fada a bheimíd, a Chigire, agus idir an dá linn dh'fhéadfá súil a choimeád ar stad na traenach go ceann leath-uair a chluig,abair. ‘Fastaoim?’ Ní h eadh, am briathar; ach ná dein má's dóigh leat a leithéid.” Agus ar iompó na baise bhíomair imithe. “Cad a thuigean tu le S. Mh.? S. Sin Sráid, dar ndó. Ní dh'fhéadfadh sé aon rud eile a chiallú. Agus Mh. Mhuire, nú Mhaith, nú Mhór, nú …? Nách shin é, díreach? Mhór. Sráid Mhór. Bhfuil an gunnán agat? Maith é sin, a bhuachail, agus coimeád ar teinneal é. Dein.” Fén am so bhí 22 Sráid Mhór bainte amach againn. “Bhfuil Séamas …? Ach ní féidir liom cuímhneamh ar a shloinne. Séamas Mac …? Bhfuil sé istig?” “Seadh! Séamas Ó Brádaigh atá uait. Tá. Agus ba dhóbair dhaoibh gan breith air, mar beidh sé féinig a d'iarraidh breith ar an 9.30 go Corcaigh. An nglaodhfad anuas air?” “Ná dein má tá an deabha san air. Buail- fimíd suas go dtí n-a sheómra. An tarna seómra ar an dtaobh clé tréis casa deiseal aige ceann an staighre? Tuigim. Go raibh maith agat”: agus bhíomair ag cur dínn go ciúin socair suas. Níl puínn eile ann. Léimeamair isteach air, agus sar a raibh fhios aige cad a bhí ag tárlachtaint bhí sé gabhtha tógtha againn, agus na greamáin ar na lámha air. Ní raibh puínn spártha againn. Bhí sé ag cur a mhála fé ghlas nuair a bhriseamair isteach. Dhá nóimint eile agus bhí sé imithe. “A Shéamais Uí Bhrádaigh,” arsan Fear Mór, nuair a bhí an gnó socair suas againn, “tán tu tógtha agam mar gheall ar dhún-mharú Aodha Mhic Sheannaigh, agus ní mór duit a thuiscint pé cainnt a déarfair anois go dtabharfar id choinnibh í ar ball.” “Seadh, táim greamaithe agat, ach go h-áirithe, péaca marú é nú dún-mharú;” ars' an Bradach, agus chuir sé alltacht croidhe orm a neamh-thógtha is a bhí sé a dh'fheiscint. “Agus fairis sin is cuma liom: is cuma liom cad é do mheas ar an ngníomh a dheineas, ná meas dlí na hÉirean. Tuigim im chroidhe istig nár dheineas ach an ceart; nár thugas don ropaire ach an bás a bhí tuillte aige; nár dheineas an peaca ba lúgha i láthair Dé;” agus bhí saghas éigint aitis ag teacht orm, bhí sé ag labhairt chó ciúin socair san agus an chroch ós a chionn — rud a bhí fhios aige féinig go maith. “A dhaoine, tá sástacht orm anois ná raibh le fada an lá. Is mó uair a chluig a thugas ag cuímhneamh air: is mó oidhche a dheineas an cola briste ag taidhreamh air — an scannra a bhéadh ar an meathtachán nuair a thuigfeadh sé go rabhas-sa tagtha suas leis, nuair a dheinfinn gáire isteach 'na bhéal le fonn díoghaltais, nuair a bhrúghfainn mo mhéireana ar a scórnaigh agus an t-anam a chomáint amach as a chorp gránna. Agus a Thiarna, nár bhínn é? An sceón a tháinig 'na shúile nuair a dh'aithin sé me, an scannra a leath ar a cheannacha nuair a thuig sé cad a bhí fúm, an dá shúil ag léime as a chloigean nuair a bhraith sé go dtabharfainn dó an trócaire chéadna a thug sé féinig dom Mháirín dhílis nuair …” “Ní mór dom a chur i n-úil duit aríst ná fuilean tu ach ad chionntú féinig agus pé cainnt a deir tu go dtabharfar id choinnibh é ar ball. San am gcéadna má's maith leat cúntas a thabhairt níl a bhac san ort.” “Má's maith liom? Seadh, déarfainn gur maith — is gur bínn. Béidir ná fuighead an tslí chuige go deó aríst — mar ní bhfuighidh an chnáib greim go deó ná go bráth ar mo mhuineál. Agus de bhreis air sin, b'fhearra liom go scríobhfá síos é ionnus go dtuigidh an saol mo scéal-sa agus go dtuigidh, leis, go dtagan an díoghaltas abhaile luath nú mall.”
Ansan do thosnuigh sé: “Ins an bhFrainnc a riugadh is a tógadh me agus Franncach seadh me dréir dúchais, bíodh is go dtugtar Séamus Ó Brádaigh orm anso i láthair na h-uaire. Nuair a bhíos fásta suas thugas m'aghaidh ar an bpríomh-chathair, Páris, ag foghluim doch- túireachta. Bhí ag eiriú go blasta liom: admhuíodh go raibh gach aon deárthamh go ndein- finn na h-úntaisí nuair a bhéinn críochnuithe amach. Seadh, má seadh, bhí an bhliain dheireanach á thabhairt agam agus me ar barra-píce chó fada le duaiseana is gach aon ní mar sin. Bhí post breá ins an gcathair tairricthe dhom cheana féinig: agus gach scéal ag imeacht chun cinn go seóig. “Agus ansan go h-oban i mBealtaine na bliana san 18-- tháinig atharú ins an scéal. Cuireadh rínnce uasal ar siúl — muintir na hIollscoile a chuir ar siúl é — agus fuaireas féinig cuire. Níor chuireas 'na choinnibh. Ní chuirinn puínn spéise i rudaí mar sin — bhíos ró-sháite isteach im ghnó féinig chun a leithéidí — ach ón uair go bhfuaireas an cuire do chuas ann. Ar an rínnce sin do chonnac don gcéad uair Máire Ní Cheadaigh (ainm bhréige an tarna cuid de seo) agus má bhí scéimh na h-aingilíochta ar éinne riamh is uirthi a bhí. Thuiteamair i ngrá le chéilig ar an bpoinnte, agus ar feadh tamaill ni fhaca-sa ach blátha is ceól sa tsaol. Níorbh fhada, áfach, gur cuireadh i n-úil dom go raibh cúrsa eile ins an scéal; go raibh Máire tréis teacht i n-oighreacht mhór; go raibh fear gur bh'ainm dó Aodh Mac Seannaigh a d'iarraidh í mhealla chun é phósa; ná cuirfí suas le h-aon chur-isteach uaim-se. Chun scéal fada a dhéanamh gearra fuarathas mo Mháirín uasal aon mhaidin amháin agus scian 'na croidhe. Bhí sí tréis a rá leis lom díreach dhá lá roimis sin ná pósfadh sí é go deó; agus 'e bhreis air sin, go raibh an ghráin mhairbh aici air. “Seadh, a dhaoine, cuireadh i n-úil dom gurbh é an ropaire seo gan aon amhras a dhein an gníomh. Deineadh é dheimhniú. Ach an fhaisnéis a fuaireas ní dh'fhéadfainn é thabhairt ós cóir na cúirte. Níor ceaduigheadh dhom é. Cad a dheinfinn? Mo Mháirín ghleóite dhílis sínte san uaigh fhuar — agus ná bainfí díoghaltas amach? Ach! a dhuine, bhí mo chuid fola ag imeacht ag fliuchaigh 'na caise teine: neartuigh fuinneamh na feirge beó i ngach ball díom. Ar cheap sé, an ropaire, go seasóinn é, ná raibh im chliabh ach fód móna i n-inead croidhe? Seadh, ní raibh an tarna húistéar air. Dhíolfadh sé. Ach an dlí? Thuth! Tá dlí ann, a dhaoine is uaisle ná dlí na Frainnce: tá dlí an chirt ann, agus chuirfinn-se i bhfeidhm í. Ach níor mhór dom an aimsir a thógaint — tuigfí gur mise a dhein é; agus theastuigh uaim gach amhras a chaitheamh sall díom féinig dá bhféadfainn é. An bithúnach! d'aistrigh sé as an áit go baile eile. Níor mhór dom congantóir: duine a choimeádfadh súil air is a thabharfadh an chaoi dhom. Agus fuaireas í. Dhein sí é mhealla, a chur ar a shúilibh go raibh cion aici air. Dhein san an gníomh. Thánag air sa deire, agus ba bhinn é an teacht. Fuaireamair — beirt againn — dul isteach 'na sheómra i lár na h-oidhch. Agus, a Dhia, nár mhilis é — an ropaire a sháidh an scian isteach i gcroidhe mo Mháirín féinig ar an leapain ansan ós cóir mo dhá shúl. Díoghaltas! Bhí ceól ins an bhfocal. Ba mhinic i n-uaigneas na h-oídhch agus an saol go ciúin 'na chola, ba mhinic a chuímhnigheas air — go bhfuighinn an greim air, go mbéadh an beithíoch garbh gránna ag screadaíl is ag béicigh a d'iarraidh trócaire orm: go nochtfainn an scian dó, an scian chéadna a sháidh sé isteach i gcroidhe mo stóirín: go dtuigfeadh sé go raibh tráth an díoltais tagtha: go leathfadh na súile aige: go mbánóch sé: go séidfeadh an fuar-allus amach tríd: go n-árdóinn an gléas gránna maruithe: go dtabharfadh sé fé labhairt: go bpreabfadh an dá bholg-shúil amach as na logaill aige le bárr scannraidh: go mbéadh a chuid féinig fachta thar n-ais aige — fachta uaim-se toisc gan éinne eile ann chun é thabhairt. “Ní fearra dhom an scéal do chur i bhfaid. Bhí gach ní ciúin socair. Bhíomair ullamh. Scríobhas ar an bhfalla ag cosa na leapan le h-earra a dhein spréacharnach mhór soluis an t-aon fhocal amháin, ‘Díoghaltas,’ agus fé n-a bhun san i litreacha móra, ‘Séamas Ó Brádaigh.’ Mhúsclóimíst é. Agus ansan? Chífeadh sé an scríobh. An screadfadh sé? Dhúiseóch muíntir an tighe, agus níor bh'áil linn é sin. Cheangluíomair ceirsiúr go maith treasna ar a bhéal. B'fhuirist na lámha a shocrú. Ach an fhuil? Thógfadh bean an tíghe scannra agus bhéadh fhios gur deineadh é mharú. Slí eile? Seadh, do chuímhnígheas air. Tairngín beag! Ní bhéadh fhios ag éinne é, ná amhras. Bhí buidéal beag nímhe agam, an nimh ba láidre ab fhéidir dhom a dh'fháilt. Thárluigh gach ní fé mar a bhí meághaite agam roim ré, ach amháin ná féadfadh sé scread a dhéanamh. Nuair a bhaineas casa as an sciain mheasamair go léimfeadh sé as an leabaidh orainn. Bhí na
súile ag at amach. Thumas an tairnge i mbraon den nimh. Cúpla buille beag agus bhí sé imithe abhaile. Féachaint scannrúil amháin orm, féachaint mhillteach, agus d'iompuigh an radharc 'na cheann. Thugamair socrú oiriúnach ar na h-éadaighe; dheineamhair an ghruaig a chóiriú: is bhí an gnó déanta. “Ach ní rabhas ag súil leis seo. Conus a dheineabhar an tig seo d'aimsiú, sin rud ná feadar-sa. Dhá nóimint eile agus bhíomair glanta linn sa traen — triúr againn. Tá na ticéidí im póca. Ach is cuma liom. Fúibh-se araon, a dhaoine, atá socrú an scéil seo anois. Ní dún-mharathóir me. Ná ní raghaidh an chnáib ar mo mhuineál go deó fé mar a dúbhart cheana. An bhfeicean sibh an liathróidín bheag seo idir na fiacla agam? Leath-nóimint eile agus bead ar an dtaobh eile, ar shluagh na marbh, má chuirean sibh chuige me. Tá an fhírine ráite agam. Cad deirean sibh-se? Abraighidh.” “Ach, a Shéamais Mhóir, ní thuigim i n-aochor conus a dheinis an scéal do léiriú duit féinig. Agus, ar an dtaobh eile, ní dócha go raibh aon draoidheacht ann. Ní bhíon de ghnáth. Ní fhaca-sa aon rud aisteach ach amháin an S. Mh. ins an litir sin — má's aon rud aisteach é — agus ní thógfainn ceann ar bith don litir mura mbéadh go bhfaca tusa á thógaint.” “Súile gan radharc, agus feiscint gan tabhairt-fé-ndeara, agus meabhair gan tuiscint. An dtuigean tu an méid sin? Tá an cúrsa chómh soiléir — sé is soiléire fós — ná fuil ann ach meilt aimsire bheith ag trácht thairis. Is cuma liom, áfach, mar go mbead ag dul go hAifrean a dódhéag amáireach agus níl a mhalairt le déanamh agam. Sláinte chúghat! Má thugan tu lasán dom anois bead ar mo thúilín tseabhrach. “Ar an gcéad dul síos, fé mar a dúbhart leat go minic cheana, caithean duine gan a aigne a cheapa roim ré. Má cheapan beidh sé, i gan fhios dó féinig, a d'iarraidh spallaí an chúrsa a lúba is a mhúnla chun teacht isteach leis an aigne sin. Agus ansan nuair a bhíon duine ar an láthair caithfidh sé gach spalla a scrúdú ann féinig — gach spalla beag agus mór — mar ná feadaraís cá mbéadh an tábhacht. “Bhí sé léir go leór dom nuair a chonac an corpán gur deineadh marú. Níl aon ní eile go bhfios domh-sa a mhíneóch an fhéachaint scannruithe sin. Mheas na dochtúirí gurbh amhlaidh a theip an croidhe. Do mheasadar! Cad ba thrúin bháis mar sin? Níor tachtadh é — bíodh is gur buaileadh rud éigint treasna ar a bhéal — mar níor stopadh an tsrón ar aon tsaghas slí. Níor deineadh aon ana-ghearra ar an gcroicean dréir mar a dúbhairt na póilíní. Nimh? Béidir é sin, ach níor mhór gach blúire den gcorpán d'infhiúcha go géar leis an ngloineán chun é sin a dhéanamh amach. Aon tslí eile? É ghortú ins an gceann. Seana- shlí é sin, agus is minicí a deintear é ná mar a meastar. Ar thugais fé ndeara chómh cóirithe is a bhí an ghruaig? Ró-chóirithe, a dhuine. Níor dheineas ach cíor mín a rith tríthi agus fuaireas an buachail. Dheinfinn an cuardach san, gan amhras, ach bé cóiriú na gruaige a thairig me ar dtúis. Cad a dhein an chomáint? Bíon casúir bheaga póca ag imeacht a dheinfeadh an gnó go binn. Ach bé gurbh é casúr an tíghe a dhein an gnó? Bé — fé mar a chonac nuair a dh'fhéachas air. Tá go maith: ach conus a fuair sé é? Dhein sé cuardach dhó, béidir. Béidir: ach nár chosúla go raibh fhios aige cheana cá raibh sé? Agus cé déarfadh leis é? Fear-a'-tíghe? Bean an tíghe? An seirbhíseach? Ní raibh fhios agam. An Luineachánach féinig? Ní raibh fhios agam éinní a chuirfeadh chuige é. An bhean? Ní raibh puínn deárthaimh leis sin. An cailín? Ní raibh sise sa tig i n-aochor: agus dá mbéadh féinig ná raibh sí i ngrá le hAodh Mac Seannaigh? Ná raibh sí luaithte leis? Níor mhór dom fille ar an scéal muna bhfuighinn breis sholuis i mball éigint. “Ansan conus a tháinig an marathóir isteach? — agus isteach a tháinig, mar níorbh iad rianta cos an Luineachánaigh a bhí thuas sa tseómra, ach beirte eile. Deineadh barra iarainn d'oibriú ar cheann de sna finneóga thíos. Ach níor deineadh í dh'oscailt, bíodh is go bhféadfaí san gan puínn fothraim. B'ait liom é sin: agus 'na theannta, ná raibh an fhinneóg ar an dtaobh eile ar oscailt? Seadh, bhí: ach béidir nár thugadar san fé ndeara go dtí go raibh tos- nuithe aca ar an gcéad fhinneóig? Dalla a theastuigh uatha, a dhuine! Mar chuadar sall: dheineadar siúl tímpal ar an gcré ag bun na finneóige: d'fhágadar rianta ar adhmad na finneóige. Ach níor chuadar isteach. Chuadar thar n-ais go dtí an ndoras: d'oscluíodar é le h-eochair, agus do bhuaileadar isteach tréis na bróga a bhaint díobh féinig. Cad chuige na geáitsí go léir? Bhí an eochair aca ó thosach: fuaireadar í ó dhuine éigint: theastuigh uatha an duine sin a chosaint le n-a chur ar ár súile nách isteach an doras a chuadar. Agus cuna-
thaobh nár thógadar an fhinneóg? Chun ná béadh fhios againn conus i n-aochor a chuadar isteach. Bhí duine éigint á chosaint aca mar sin. Cérbh é féinig, nú í féinig? Duine den dtriúr istig, dar ndó — an Luineachánach, a bhean, nú a seirbhíseach. Chríochnuigh an litir an scéal. Má bhí an cailín i ngrá le hAodh Mac Seannaigh an dóigh leat go bhfuighfeadh sí cuire ó Shéamas Mac Uí Rud Éigint chun dul ag triall ar dhráma nár tháinig an treó i n-aochor, agus an cuire sin cló-scríobhtha? Tá's agat féinig an chuid eile.” “Ach,” arsa mise, “an raibh aon chiall i n-aochor leis an litir, an cuire, mar sin?” “Bhí, agus ciall mhaith. Bhí teachtaireacht, nú eólas, nú faisnéis, nú pé rud is fearra leat a thabhairt air, ínti. Bhuail smaoineamh me. Cunathaobh go raibh ‘ar-a-dó’ scríobhtha mar sin? Agus bhí líne fén bhfocal ‘anocht.’ ‘Seadh díreach,’ arsa mise liom héinig, ‘anocht ar a dó!’ Ach níorbh í sin an oidhche. An 19adh. lá a scríobhadh an litir. Seachtain 'na dhiaidh a deineadh an marú. Thath! seachtain! Nárbh 'in é an chéad fhocal? Bhí sé go léir agam. An chéad fhocal, an focal deireanach, an focal go raibh an líne fé. ‘Seachtain anocht ar a dó.’” SEÓIRSE MAC CLÚIN NIGHEACHÁN RIABHACH AN tSATHAIRN NÍ BHÍONN SÉ GEAL DÉ DOMHNAIGH. Dá bhrigh sin Cuiridh bhúr gcuid nigheacháin chun TIGH NIGHEACHÁIN NA CÚIRTE (COURT LAUNDRY) SRÁID HARCOURT, BAILE ÁTHA CLIATH. Má theastuigheann aon eolas uait i dtaobh FUINNEACH, MÓTOR, CÓRACHA SOILLSE DO THIGHTHE TUAITHE, TEUDA, nó aon chóir eile Teintrighe, scríobh chum F. W. PARKES & CO., Tigh Fhirdiaidh, Lána an Teampuill, Sráid Dáma, Baile Átha Cliath. FOGHAIR NA GAEDHILGE. CEACHT A II. DEIGHILT AR NA gCONSONA. Mar seo is cóir na consona a roinnt: (1). P, B, M, consona béil, nó consona an chéad dorus na cainte. (2). T, D, N, consona na bhfiacal agus barr na teangan, nó consona an dara dorus na cainte. (3). C, G, NG, consona lár na teangan agus an carball cruaidh nó bun na teangan agus an carball bog, nó consona an tríomhadh dorus na cainte. (4). Ní bhacfaimíd den iarracht so le F, L, R, S; do-gheobhaimíd gabháil thórsta go fóil. Tá dhá fhoghar ag gach consona — an foghar leathan agus an foghar caol. Is féidir iad a theasbáint mar seo: Paou agus Pei na foghair atá ag “P.” Tabhair fé ndeara an gaol atá ag gach treibh le n-a chéile. Ní fhuil in “p” acht greim d'fhagháil ar an anáil leis an dá bheul (an dá phus) agus annsin scaoileadh leis. An rud céadna ta in “b” acht amháin go bhfuil ceol gutha 'sa scórnach. Agus an sceul céadna ag “m” acht srónghail a bheith ann. Tá dhá chiall againn i sceul na bhfoghar-so leis an bhfocal “guth”; guthanna tugtar ar a, e, i, o, u, agus guth atá againn ar an gceol nó an fuaim a bhíonn 'sa scórnach nuair a bhíonn an sconán-gutha ar crith. Nuair adeir- tear go bhfuil guth ag gabháil le “b” nó le “d” nó le “g,” is é rud a chiallaigheann sé acht go bhfuil an sconán-gutha 'sa scórnach ar chrith. Agus nuair adeirtear go bhfuil srónghail ag gabháil le “m” nó le “n” nó le “ng,” is é brigh atá leis acht go bhfuil an cuas- srónghail oscailte nuair a bhítear ag rádh an fhoghair sin. Seo rud anois gur cheart d'aoinne a bheadh ag múineadh na foghair a mheabhrú go maith .i. an sconán-gutha so agus an cuas-srónghail chum go dtuigfeadh sé i gceart an gaol atá idir P agus B agus M. Tá an gaol céadna idir T agus D agus N leis; agus idir C agus G agus nG. Ní fhuil in P, T, agus C acht greim ar an anáil; in B, D, agus G tá an greim ar an anáil agus an ceol gutha 'sa scórnach; in M, N, agus nG ní fhuil an greim ar an
anáil mar tá sé ag dul tríd an cuas-srónghail agus tá an sconán-gutha ar crith 'sa scórnach. Má thuigeann an múinteoir an ní seo i gceart .i. má thuigeann sé an gaol atá ag P le B agus ag B le M; nó an gaol atá ag T le D agus ag D le N; nó an gaol atá ag C le G agus ag G le nG, sin sceul nó bunús an earchradh (úrdhubhadh) réidhtighthe aige. B a dhéineann earchradh ar P agus M a dhéin- eann earchradh ar B; D a dhéineann earchradh ar T agus N a dhéineann earchradh ar D; G a dhéineann earchradh ar C agus nG comhartha an earchradh atá ag gabháilt le G. Cad is Earchradh ann má seadh? Ní annsa. Guth a chur le conson ná fuil ann acht anáil nó srónghail a chur le conson ag a bhfuil guth. Is dócha gur láidre B ná P ar chuma éigint agus gur láidre M ná B, mar go dtéigheann B ar scáth P chun é chosaint ó bhaoghal éigin agus go dtagann M chum cosanta B féin. Sean-rud ársa ag baint le ealadhain gach teangan é seo. Tá sé níos buaine agus níos soiléire 'sa nGaedhilg ná in aon teangain eile. Is bocht an cás go bhfuil dhá chomhartha 'sa scríobhadh atá ar an srónghail atá ag baint le G .i. nG. Ba dhóigh leis na daoine bhí ag foghluim na Gaedhilge agus ná raibh an foghar cainte aca gurb' é rud a chiallaigh nG acht gur N an earchradh bhí ar G. Ní hamhlaidh é in aon chor acht nG an scríobhadh atá ar aon fhoghar amháin .i. an srónghail ar G. Is dóigh liomsa gurb' shin é an chúis a ndeirtí TÁ ÁR NAS I NOB BHÚR NÉ do TÁ ÁR nG-GAS I nG-GOB BHÚR nG-GÉ; agus GO MAIRIDH ÁR N-ÉILING SLÁN in áit GO MAIRIDH ÁR nG-GAEDHILING SLÁN. Dá gceapfaí aon chomhartha amháin don bhfoghar so badh mhór an ní é. PÁDRAIG Ó CADHLA. (Tuille le teacht). BANDAÍ GLUAISTEÁIN. AJAX TYRES Gheibhtear iad go díreach ó Shasana Nuadh gan aon bhaint le Sean-Shasana. Banndaí thar barr iseadh iad. Mara bhfuil siad ag gach aon siopa gluaisteáin ar fúd na hÉireann ba cheart go mbéidís. Seo an t-aon dream amháin de lucht díolta bannda san iomlán a chuireann suim i gcúrsaí na Gaedhilge. Oifig — Cae Eden, 7, Baile Átha Cliath GREANN. Béarach é seo a tháinig aniar go dtí an Caisleán Nua uair in aimsir an fhoghmhair. Bhí an-chuid díobh tar éis teacht an bhliadhain cheudna. Casadh sagart an pharóiste air seo lá, agus adubhairt go searbhasach leis: “Bhel, a Bhéaraigh,” ar sé sin, “cathain a bheidh bhúr ndeireadh aniar, ní fheadar?” “Nuair a bheidh ár n-aghaidh siar, a Athair,” arsa an Béarach. Fear a dtugaidís Seán an Leacht air bhí in a chomhnaidhe i dtigh beag cinn tuighe amuigh ar Chnoc an tSéideáin. Bhí an tighearna talmhan lá ag fiadhach ar fuaid an tsléibhe agus tháinig an lá fliuch air. Bhuail sé isteach chum tighe Sheáin agus thug sé fé ndeara an braon anuas 'sa díon. “Mhuise, a Sheáin,” ar sé sin, “dé chúis ná cuireann tú díon ar do thigh?” “Muise, ar ndóigh, a dhuine uasail,” arsa Seán, “ní chuirfeá aoinne amach dá dheunamh indiu.” “Ó, ní chuirfinn, a Sheáin, acht gheobhthaí é dheunamh leis an lá breágh.” “Mo fhocal duit, a dhuine uasal,” arsa Seán “ná bíonn aon bhraon anuas an lá san.” Buachaill a bhí i mBaile Átha Cliath i gcóir an Teasbántais R. D. S., agus ba é an cheud uair do bhí sé sa chathair mhór. Istoidhche d'fhág sé a chuid beithidhthigh agus chuaidh sé isteach i lár na cathrach. Thug sé fé ndear an comhartha in áirde ar an tigh in aice Droichid Uí Chonaill, “Caithigidh a leithéid seo do thoitíní,” agus é ag teacht agus ag imtheacht i soillse dearga. “Buidheachas le Dia,” ar seisean, “sin é an sgríobh is mire dá bhfacaigheas riamh.” Chuaidh sé go dtí an “Royal” agus do chaith sé fanamhaint i queue. Bhí fear ann agus banjo aige mar a bhíonn de ghnáth, agus tréis cúpla port do sheinnt do chrom sé ar phingne do bhailiú ós na daoine. Tháinig sé go dtí mo bhuachaill agus do shín sé a lámh amach chuige. “Cé mhéid atá agat orm, a dhuine uasail?” arsa mo bhuachaill.
LEITREACHA. 9/10/1922. A Fhir Eagair na Sguaibe Glaine, Le hanmainn do mhairbh cé hé an mútóg milleadh maide a chuaidh in iomaidh le Gaedhilg a chur ar d'áit chomhnuighthe nó an féidir gur as do stuaim féin a dheinis é. Má 'seadh, bheil, is baoghal liom dúinn. Mise, TADHG GAEDHEALACH. D'Fhear Eagair “An Sguab.” Beatha agus sláinte! Fearaim na mílte fáilte romhat, ach ní fheadar ó thalamh na cruinne an dtiocfaidh an litir seo suas leat. 'Sé amhras atá orm an í Cearnóg Mountpleasant, i Raghnallach, nó Cearnóg Mountjoy 'sa chathair, an áit a mbíonn tú, nó an amhlaidh atá Cearnóg do-aithnid bainte amach agat duit féin amháin. Tá tú óg go maith dar ndóigh, mar níl tú ach uimhir d'aois go fóill, agus ní misde dhuit comhairle carad a dhéanamh. Faigh crut ceart ar ainm d'oifige agus ná bí id' staicín aiféise ag an saoghal Gaedhealach. Go n-éirigh le do chúram. Is mé, DUINE DE'N MHUINNTIR. [Táimíd ar aon aigne amháin le Duine de'n Mhuinntir agus le Tadhg Gaedhealach. Nuair a osgailighmear an Oifig seo do sgríobhamar chun Árd-Oifig an Phuist ag fiafruighe dhíobh cad é an Ghaedhilg oifigiúil bhí aca ar Mountjoy Square; d'fhreagairighdear gur cheart Cearnóg Cnocán Áthais do sgríobh. Dá bhrígh sin siad is cionntach. Ní raibh aon údarás againn ar na focail Montseóigh, Montseóidhe, &rl., agus do bheadh gach aon leathsgeul ag muinntir an Phuist dá mbeadh moill ar ár gcuid leitreacha maran úsáidfimíst an fuirm oifigiúil. Is amhlaidh ná fuil sé sgríobhtha in áirde i nGaedhilg in aon áit ag Cumann na Cathrach. 'Sé an feall é gan ainm nuadh do thabhairt ar an gCearnóig — b'fhuiris ceann oireamhnach do cheapadh is dócha. — Fear Eagair.] 33 Parád Ghleanngairbh, Baile Átha Cliath, 11/10/1922. D'Fhear Eagair na Scuaibe. A Chara, — Nuair a thosnuigheas ar an “Scuaib” do léigheamh 'sé an chéad rud do bhuail mo shúile ná “An rud atá ar intinn againn,” acht tar éis ailt “Tadhg Gaedhealach” do léigheamh cheapas liom féin go mbéadh sé ceart agam “an rud atá im intinn féin” do chur chughat. Deinim chomh maith. Mise le meas, DIARMUID Ó DUIBHNE. AN RUD ATÁ IM' INTINN FÉIN. Nuair a fuaireas an Scuab do mheabhras féinig, Go mbéadh sí i n-ann gan dabht ná bréag leis Ar na cúinní casta greamuithe Gaedhilge, Do ghlanadh ó dhríb le brigh is éifeacht. M'fhóiríor fada é, ní mar sin do thaobhuig, Acht smúit dubh-bhuidhe le gíogras claonmhar Do scaipeadh mór dtimchioll ar fhír-shliocht Ghaolach Bhí briste 'na gcroidhe tar éis na díge réabadh. Má's uaitse atá bheith tráth le Gaolaibh, Ní mór é an scuab bheith mín deas déanta, Nú fágfar ar lár mórán de spréidheanna, Ar leaba a báis gan cáil gan léir-mheas. Ní cóir é go bráthach a bheith le rádh ag éinne Go raibh snaidhm gharbh cnáibe le fagháil gan réidhteacht, Agus má leantar de'n ráib ní fios cá straefidh, An tarcuisne cáile seo ó Thadhg nea-Ghaolach. DIARMUID Ó DUIBHNE. [Comhnuigheann Tadhg fé'n dtuaith, agus dá bhrígh sin ní'l sé tréis é seo d'fheiscint fós. Is dócha go mbeidh rud éigint le rádh aige mar gheall air sa cheud uimhir eile. — F. E.] Is beag ar fad de leabhra tháinigh isteach chughainn ó shoin ach o Phreas Dhúin Dealgáin amháin. Coimeád- famuíd an liosta úd go dtí an cheud uimhir eile. INNILL Deinimíd iad d'ath-dheunamh a's do deisiú. Is féidir linn an obair do dheunamh níos túisge ná aon dream thar sáile; táimíd chó éifeachtamhail & chó reusúnta leo. Ta taithige againn ar an obair seo ar feadh 30 mbliadhna agus níos mó, ar fúd na h-Éireann. Cuirfimíd innealthóirí toghta amach go dtí aon áit i n-Éirinn gan mórán moille. Geo. WATT, Ltd. Soho Works, Bridgefoot St. Áth Cliath. Guthan: 4268 Telegrama: “WATT DUBLIN.”
EACHTRADH EIBHLÍS i dTír na niongantas PÁDRAIG Ó CADHLA do chuir Gaedhealg ar an sgeul so. C. Ní Bheirsceoil agus Úna de hÍde a dhein na pictiúirí, 4/6 glan 'Sé bunús an leabhair seo ach “Alice in Wonderland” SEÁINÍN NÓ EACHTRA MIC MÍ-RIALTA “AN SEABHAC” DO SCRÍOBH Úna De hÍde a dhein na pictiúirí Díreach tar éis teacht amach, 4/- glan CLÓDÓIREACHT GHAEDHILGE Tá fhios ag cách cad é an cháil atá againn i dtaobh Béarla a chlóbhuaileadh. Is féidir linn a chomh-mhaith a dhéanamh leis an nGaedhilg. An fear a chuireann an Ghaedhilg le chéile, duine de lucht an “Fháinne” is eadh é. MAUNSEL & ROBERTS, TEO., SRÁID BHAGÓID, ÍOCH., 50, BAILE ÁTHA CLIATH EIBHLÍS I dTÍR NA nIONGANTAS. Nuair do bhí Pádraig Mac Piarais ag léigheamh “Cnoc na nGabha” Mhichíl Bhreathnaigh — go ndeinidh Dia grásta agus trócaire orra araon! — b'éigean dó fios do chur ar “Knocknagow,” mar nár léigh sé riamh cheana é, fé ndeanfadh sé comparáid idir an leabhar agus an tionntódh. Mar sin dom-sa nuair fuair mé Eachtra so Eibhlís ó Phádraig Ó Cadhla; b'éigean dom fios do chur ar “Alice in Wonderland.” Tá sé agam anois agus tá an dá cheann léighte agam. Ith gráinne siúicre agus annsin blais milseán éigin as an siopa, nó an mhil féin. Ní mar a chéile an dá shaghas milseacht, agus is beag ná cuireann siad a chéile ar neamhnídh ar do chogansach. Sa tslighe ceudna, is beag ná cuireann Beurla agus Gaedhilg “Eibhlís” a chéile ar neamh-nídh ort. B'fhearr liom-sa ná léighfinn acht ceann amháin díobh pé scéal é, agus is dóigh liom go dtoghfainn mar rogha an Ghaedhilg. Ní hamhlaidh go gcáinfinn an Beurla seachus na Gaedhilge — ní healadha dhom a leithéid, agus do b'fhuar uaim é — acht, ó's Gaedheal mé, is blasda liom an rud Gaedhlach. Gan dul níos sia, molaim Pádraig Ó Cadhla an mhéid sin do bheith le rádh agam — dá mbeadh a chuid Gaedhilge gan bhlas badh shearbh liom í, is dócha! Crádh croidhe Gaedheal na haimsire seo na leanbhaí. Nuair tosnuigheadh ar obair seo na Gaedhilge ba bheag duine chuimhnigh ar na leanbhaibh ar aon chor, agus an foth-dhuine do chuimhnigh ó shin orra, nuair b'áil leis freasdal dóibh, ní mó ná maith do tuigeadh cad do bhí ar siubhal aige. Sin é cúis an saghas múineadh dheintear i gcraobhachaibh an Chonnartha. Le haghaidh leanbhaí do ceapadh an múineadh, cé gur daoine fásta atá san Chonnradh! Adeirtear leis na daoine fásta — cuid aca agus féasóga go crios orra — “déinidh leanbhaí díbh féin,” adeirtear leo, “má's maith libh teanga d'fhoghluim.” Dar ndóigh, ní féidir leó leanbhaí do dhéanamh díobh féin agus — ní fhoghluimíd an teanga! Annsin arís, an chraobh fhánach a dtugtar aire dos na leanbhaibh ann, ní bhíonn spórt ná caitheamh aimsire oireamhnach do leanbhaibh ann, acht leabhra troma, dúra, diamhara, dorcha, agus grama- dach, agus — AISTRIUCHÁN. Agus tá a rian ar na leanbhaibh. Ní fhoghluimíd an Ghaedhilg acht chómh beag leis na daoinibh fásta. Adeir daoine gurbh í an Ghaedhilg teanga Ádhaimh agus Ébha. Ní móide nárbh í. Daoine éigin ná raibh riamh óg ba eadh na céad Gaedhil do réir deallraimh. As a mhagadh sin, pé chúis ba bhun leis, ní raibh aon litridheacht do bhí oireamhnach do leanbhaibh sa Ghaedhilg go dtí le fíor-déidheannaighe, agus ní'l mórán dí fós innte. Do bhí na sceulta fiannaidheachta, dar ndóigh, acht i gcóir a léighte nó a innste dos na leanbhaibh iad sin; ní fhéadfadh leanbh iad do léigheamh dó féin. Is dócha gurbh amhlaidh do bhí, nuair do bhí an Ghaedhilg ag leanbhaibh na hÉireann, ní raibh na leanbhaí i nÉirinn ná i n-aon áit eile, i n-iúl ar léigheamh. Tháinig na scoil- eanna annsin, agus leabhra le h-aghaidh leanbhaí le n-a gcois. Na scoileanna do tháinig i nÉirinn, ní raibh aon Ghaedhilg ionnta, agus d'fhág sin leanbhaí na hÉireann gan leabhar gan léigheann Gaedhlach. Anois is eadh atáimíd ag cuimhneamh ar idir Gaedhilg agus leabhra do sholáthar dóibh, agus atá de dhallamlóg orrainn go bhfuilimíd a d'iarraidh an Ghaedhilg do mhúineadh dóibh tríd na leabhraibh! Dar ndóigh táimíd roimh-ré linn
féin. Caithfear an Ghaedhilg do bheith go pras ag leanbh fé bhfuighidh sé aon taithneamh i leabhar Gaedhilge. An “Eibhlís i dTír na nIongantas” so féin, is baoghal liom gur fíor-bheagán leanbhaí i nÉirinn atá i n-iúl ar é léigheamh. Is fíor, is truagh, agus gur fíor is móide is truagh, mar gur le h-aghaidh leanbhaí é, agus ná fuigheadh aoinne acht leanbhaí an taithneamh ceart do bhaint as. Is eadh, dá gcuirtí an cheist chugham, adéarfainn gurab é an “Eibhlís” seo an leabhar Beurla an leabhar is deacra ann chum Gaedhilg — ná aon teanga eile — do chur air. An greann, an sult, an dosaireacht cainte, agus an draoidheacht bhaineann leó, cuid de'n Bheurla iad, agus is ar éigean is féidir iad do thabhairt amach i dteangain iasachta. An t-aon rud do dhéanamh le n-a leithéid, an Ghaedhilg do chur ar an mBeurla ar dtúis, agus annsin teacht agus Gaedhilg do chur ar an nGaedhilg sin. Ní fheadar an mar sin do dhein Pádraig Ó Cadhla é. Pé rud do dhein sé, nó pé chleas d'imir. sé, tá Eibhlís 'n-a Gaedheal aige, agus, bíodh nár thug sé leis cuid de'n ghreann atá i ndosaireacht cainte Lewis Carroll, thug sé dosaireacht Gaedhilge duit 'n-a h-áit, agus ní deirim ná gur deise an rud Gaedhlach ná an rud Gallda. Tá fearamhlacht, nó neart, nó éifeacht éigin, ag baint leis ná fuil sa mBeurla. Nárbh é an Dochtúir de hIndeberg adubhairt gur teanga bhfear agus nach teanga ndailtíní an Ghaedhilg? Pé duine adubhairt é, cuireann an “Eibhlís” seo ag cuimhneamh air thú. An racaireacht filidheachta go mór mhór, cé dhéarfaidh nach nádúrtha, breágha, buige “Tá 'n-a lá,” ná “Will you, won't you; will you, won't you”? Ní dhéarfainn an rud ceudna i dtaobh “Na Connerys” atá ag Pádraig mar abhrán do'n ollphiast, acht b'fhéidir gur fearr a thuigsint sin sa scéal ná mo thuigsint-se, mar, dar ndóigh, an trí-na-chéile cainte agus ceóil agus eile do bhí uaidh le chur i n-iúl, agus ar aon tslighe cárbh iongna áiféis i dTír na nIongantas? Dála an scéil, i n-ionad an Hatter buile, tá Fear Lár na Gealaighe ag Pádraig. Maith an áit a raibh sé agus cuimhneamh air. Ná bím ag déanamh paidir capaill de mar scéal. Is é an chéad leabhar ó Phádraig é, agus cia a léighfidh é ná déarfaidh “má's maith is mithid.” Mar tá daoine ann — ní cháinim iad, mar is é a nádúir é — agus ní bhíonn bliadhain caithte acu ag foghluim na Gaedhilge nuair ní fuláir leó leabhar Gaedhilge — gramadach b'fhéidir — do scríobhadh. Ní mar sin do Phádraig. An Ghaedhilg an chéad teanga bhí aige, agus tá sé le fiche bliadhain is breis 'gá múineadh, acht mar sin féin, ní leómhfadh sé leabhar do scríobhadh go dtí anois. Tá tosnuighthe aige sa deire agus gura fada gur sos dó “MARBHÁN.” Pádraig Ó Cadhla d'aistrigh ó Bhéarla Lewis Carroll. Maunsel agus Roberts. 5/6. PRÍOMH-UGHDAR SPÁINNEACH I nGAEDHILG. In ainm na haimiléise dé chúis an “Synopsis” úd i mBeurla? Millean sé an leabhar dréir mo thuairm: sé sin a rádh an leabhar mar a chuireadh amach é. Seo leabhar breagh tabhachtach, aistriú deunta ar ceann des na leabhair is mó clú sa domhan agus Gaedhealg breagh nádúrtha curtha air ag duine gur fiú Gaedhilgeóir do ghlaodh air, agus i dtosach an leabhair sé nó seacht de leathanaigh ag innsint éirim an sgéil roimh-ré. Ní thuigim obair den tsaghas sin. Tá an Ghaedhealg go breágh. Táim sásta ná fuil aon phioc dabht mar gheall air sin: agus tá an sgeul suimeamhail go leór leis. Tá's agam go bhfuil a lán daoine ag cur síos gach saghas milleáin ar an Athair Peadar toisc gur ath-innis sé an sgeul 'na shlighe féin. Níor léigheas riamh an sgeul seo fé bhfuaireas i nGaedhilg é, agus dá bhrígh sin ní féidir liom aon tuairm do thabhairt ar an bpoinnte sin. Is amhlaidh is fearrde dhom é sin is dócha. Bíodh sin mar atá, nach áluinn an rud é go bhfuil a leithéid le rádh agam gurb as Gaedhilg do léigheas-sa “Don Quixote” an cheud uair. Tá áthas orm nach bhfuil mórán desna “classics” léighte agam in aistrighthe Beurla, anois go bhfuil seans againn go bhfuighfimíd iad i nGaedhilg in áit a chéile. Dá mhéid é an cáineadh fuigheann an tAthair Ó Laoghaire i dtaobh leanbhaidheachta a chuid Gaedhilge agus mar sin de, agus bíodh nach díthcéille ar fad é ach an oiread, is mór an truaigh é ná fuil sé annso againn fós chun cúpla leabhar eile mar “Don Cíochóté” do thabhairt dúinn. C. M. “Don Cíochóté”: An tAthair Peadar Ua Laoghaire do sgríobh ón sgeul Spáinneach. Brún agus Ó Nóláin d'fhoillsigh. 1/6 luach. GNÁTH-EOLAS AR NÁDÚIR. Fé ughdarás Aireachta an Oideachais d'fhoillsigheadh an leabhar seo. Ní páiste sgoile me, ach do chuireas an-shuim ann mar sin féin. Is iongantach an uireasbhaidh eolais a bhíonn ag an ghnáth-dhuine ar na rudaí coitchianta a mbíonn trácht ortha sa leabhar seo. Tosnuigheann Pádraig leis an ainmhídhe is suaraighe agus cuireann sé i dtuisgint do dhuine conus a mhaireann a leithéid agus mar sin de suas go dtí an duine daonna. Annsan mínigheann sé conus oibrigheann an Corp daonna. Sa dara roinnt bíonn trácht ar an aer, ar an mbarométer, ar oicsigein, ar dhrúcht, ar shneachta, ar ghal, &rl., agus sa tríomhadh roinnt ar phlanndaí. Nuair a chuirim 'na luighe ar an léightheoir gur leabhar suimeamhail do dhuine fásta é seo, ní hionann san agus a rádh ná fuil sé oireamhnach don aois óg: ní headh, ach a mhalairt, chó fada a's a bheadh an Ghaedhealg aca go flúirseach. Níl an Ghaedhealg atá ann go cruaidh, dar ndóigh, ach níor mhór do pháiste an Ghaedhealg a bheith aige go nádúrtha chun an tairbhe ceart do bhaint as an leabhar. Tá na “plátaí” do dhein “An Buachaillín Buidhe” (cúig cinn deug ar fad) go h-an-mhaith, ach ní thaithnigheann liom an leitriú Rómhánach a bheith ortha agus an leabhar féin clóbhuailte sa leitriú Gaedhealach: ba cheart an rud ar fad a bheith mar a chéile. Níl aon chúis gearáin eile ann ach amháin go bhfuil an iomarca dearmhad cló le fághailt. Molaim an leabhar seo go hárd. “Gnáth-Eolas ar Nádúir.” Pádraig Ághas do sgríobh. Comhlucht Oideachais na hÉireann d'fhoillsigh. leath-choróinn a luach.
AN GHAEDHEALG INSNA SIOPAITHE. Is ait linn nár cuireadh aon phioc suime i gceist na siopaithe, &rl., 'n-a bhfuil an Ghaedhealg 'á labhairt. Bhíomar ag coinne le an-chuid ainmeacha, agus seo an méid fuaramar. Tá saghas náire orrainn an liosta d'fhoillsiú in ao' chor. Cheapfá go gcaithfidhe díol as an rud so in áit Fógra d'fhághailt in aisge! Ághaistín Ó hAodha, Táilliúir, Sráid an Húmaigh a 16, Baile Átha Cliath. J. L. Stewart, Siopa Córacha Oifige, Faithche an Choláiste a 4, Baile Átha Cliath. Muintir an Ráithín, Gáirdíní Oileamhna Crainn, Tuaim- gréine, Co. an Chláir. Siopa na Leabhar nGaedhealach, Sráid Dáson a 45, Baile Átha Cliath. H. Ridgeway, (aon duine amháin), Bearrbóir, Sráid Westmoreland a 22, Baile Átha Cliath. Bannc na Talmhan, Faithche an Choláiste, Baile Átha Cliath. LEABHAIR GHAEDHILGE. Má tá leabhar Gaedhilge ag teastábhail uait, pé'cu Sean- leabhar é nó Leabhar atá díreach tar éis teacht amach, gheobhair a thuairisc acht ceist do chur ar Mháire Ní Raghallaigh, (Díoltóir Leabhar ar son Connradh na Gaedhilge), 87 SRÁID UACH. NA DRISEÓIGE, ÁTH CLIATH. N.B. — TÁIBLÍ NA GAEDHILGE (Seán Ó Catháin), 16s. 6d., á ndíol ag an seoladh so thuas. TOBAR NA FÍOR- GHAEDHILGE I Rinn Ó gCuanach i nDúthaigh Déiseach. CAITH DO SHAOIRE AR DO SHUAIMH- NEAS ANN AGUS RAGHAIDH SÉ CHUM TAIRBHE DO SHAOGHAIL AGUS DO SHLÁINTE. Tá tigh fada fairsing i gcomhair bhídh, iostais, agus an mhúineadh ag lucht Iolscoile na Mumhan ann — an fhar- raige i mbeul an doiris aca agus cóir folcadh idir Shamhradh agus Gheimhreadh. Tá táisc agus tuairisc an Scoil Samhraidh i mbaile a's i gcéin. SCOIL NA LEANBHAÍ Fé chúram “An Fhir Mhóir” — Fear “An Ghéilín,” Fear “An Bhreugáin,” Fear “An Fhéirín,” agus Fear “An tSeanchuis.” “Ní mhúintear Gaedhealg annso, labhartar í” — tuairisc Sheoirse Mhic Niocaill ar obair na scoile. Ta gach fios agus faisnéis le fagháil Ó'N bhFEAR MÓR I RINN Ó gCUANACH. Nó ó PHÁDRAIG Ó CADHLA, I Lúbán Díge, I gCo. an Chláir.
BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA. ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE ÁTHA CLIATH. DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT. Bun-airgead Geallta, £406,000. Bun-airgead Díolta, £203,000. Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1922, £1,900,000. BUNUIGHTHE 1920. BRAINNSÍ:— 68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh, Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis, Maghchromtha. THE NATIONAL LAND BANK LTD Luach Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason & a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Mansuel & Roberts Teo., Áth Cliath, & foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services