Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uimhir a Dó Mí na Samhna 1922

Title
Uimhir a Dó Mí na Samhna 1922
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1922
Publisher
Muintir an Sguab

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SGUAB



Uimhir a Dó MÍ NA SAMHNA 1922 3p. sa mhí



RÉIM NA H-UIMHREACH SO Leath.



“TÁ AN FHÍRINNE SEARBH, ARSAN CHLOCH LABHRAIS A' PREABADH” 23



IOLSCOIL NA MUMHAN (SCEUL A BHUAIDH) PÁDRAIG Ó CADHLA 24



RÉILTHÍNÍ ÓIR “AN SEABHAC” 26



CIALL CEANNUIGHTHE “AN CHÚ MHALL” 27



AN LITRÍOCHT NUA AGUS AN POBUIL MÍCHEÁL MAC LIAIMMHÓIR 28



DÍOGHALTAS NA hOIDHCHE SEÓIRSE MAC CLÚIN 30



FOGHAIR NA GAEDHILGE — II. PÁDRAIG Ó CADHLA 34



GREANN 35



LEITREACHA 36



LÉIRMHEASA “MARBHÁN,” &c. 37



AN GHAEDHEALG INSNA SIOPAITHE 39



CRAINN
ÓGA



Níl aon rud níos tábhachtaighe
sa tír seo ná crainn
do chur.



A Ghaedhil, ba mhaith linn ár ngnó do dheunamh as
Gaedhilg, agus ní beag san, is dóigh linn.



Cuiridh fios ar Chlár na Luach: Crainn Coille,
Tuir Gáirdín, agus Crann Torthaí.



Tá teistiméireacht againn ó Aireacht na
Talmhanuidheachta.



MUINTIR AN RÁITHÍN,
TUAIMGREINE, CO. AN CHLÁIR.



DÉINIMÍD-NE



DABHACHA, PEIGÍNÍ, AGUS
FIRCÍNÍ



as an adhmud feagha is fearr a fhásann i dtír
na hÉireann agus is againn atá ceann de na
tighthe cúpaora agus boscaí a dheunamh is mó
in Éirinn.



Tá bosca an ime, bosca na
cáise, bosca na n-ubh, bosca an
éisc, a's na barrailí le fagháil
annso — an t-adhbhar is fearr agus
marga maith.



Déintear annso iad.



Gach fios agus faisnéis uainn-ne —



SEUMAS MAC MATHGHAMHNA
(TEOR.)
i LUIMNIGH



Guthán 4804



SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH
TTA.,
45 SRÁID DASÚN, ÁTH CLIATH.



An t-aon tsiopa amháin i nÉirinn go
bhfuil le fáil ann gach leabhar go gcuireann
Gaedhil suim ann — i nGaedhilg nó i mBearla.



An t-aon tsiopa amháin i nÁth-Cliath gur
éigin do gach duine ann eolas bheith aige
ar theangain na nGaedheal.



Tugaidh bhúr gcuid Árachas do'n
Chumann Gaedhealach is Fearr



AN CUMANN IBÉRNEACH
INSIÚRÁLA TEÓ.



I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS
COITCHINNE.



Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN
DÁMA, ÁTH CLIATH.



NA POLASAITHE IS IOMLÁINE LE
FHAGHÁIL.


L. 22


NÍ'L A SHÁRÚGHADH SO ANN



A nDEIR TÚ LIOM É!



DEIRIM, MAR



1. GUR CUMANN GAEDHEAL ó thosach go deireadh é — Gaedhil atá in a bhun,
airgead Gaedheal atá dá chothughadh, Gaedhil atá dá stiúrughadh agus Gaedhil
atá ag obair ann.



2. Gur sinne Cumann Cinn Riain gach Tionnscal dá fheabhus 'sa tír seo; is
againne atá an tslighe is fearr chum gach obair agus gach gnó a bhaineann le
n-ár ndaoine agus leis an náisiún a chur chum cinn .i. le COMHAIR CHUMANN.



3. Má cheannuigheann tú ár gcuid earraidhe-ne ní hamháin go bhfuighe tú
LUACH DO CHUID AIRGID, acht go mbeidh tú ag tabhairt obair agus gnó
le deunamh dod' dhaoine féin in áit a bheith ag cur na milliúin púnt thar lear
fé dhéin preabáin gan tairbhe.



MEABHRUIG



AN MÉID SEO SCAITHIMHÍN AGUS BEIDH DO LEAS AR DHIA; TIOCFAIDH TÚ
ISTEACH CHUGHAINN AGUS CHÍFE TÚ CAD ATÁ AGAINN MAIDIR LE GACH AON
SAGHAS ADHBHAR EUDAIGH, BRÓGA AGUS BUATAISÍ.



Tar isteach chughainn an cheud uair eile a rángóchaidh duit a bheith sa Chathair.



COMHAR-CHUMANN, TEOR.,
SRÁID MHEADHON NA
MAINISTREACH, 98–104



N. K. M.
Irish Cream Toffee



Tabhair rud don pháiste agus
tiocfaidh sé amárach. Maidir
le N.K.M. tabhair rud don
pháiste agus don t-sean-duine
agus tiocfaidh siad araon gach
aon lá. Mílseán blasta agus
fíor-ghlan iseadh an tofaí so.



¼-lb., 7½d.; nó
bosgaí stáin ar
1/- a's 1/5.



Á deunamh ag
North Kerry
Manufacturing
Company,
Ráth ó Máine, Áth
Cliath.



ÓRDUGHADH DHÚINN “AN SGUAB”
A SHEOLADH TRÍD AN bPOST.



Do'n Bhainisteoir,
“An Sguab,”
Cearnóg Cnocán Áthais, a 24,
Baile Átha Cliath.



2/- é seo chun go ndeunfaí “An Sguab”
a sheoladh tríd an bPost chugam gach mí ar
feadh na sé mhí a leanas ón lá indiu



Mise



M'Áit Chómhnuidhthe


L. 23


“TÁ AN FHÍRINNE SEARBH ARSAN CHLOCH
LABHRAIS A' PREABADH.”



Anois go bhfuil “Fáinne an Lae” curtha ar
ath-lá 'sé “An Sguab” an t-aon pháipeur
Gaedhilge amháin in Éirinn — ní áirighim “An
Síoladóir” ná “An Reult” ná “Iris an
Fháinne,” dá fheabhas iad, mar ná tagann siad
amach go reigileálta. Dá bhrígh sin támuid ag
coinne go léighfear “An Sguab” ar fúd na
tíre, agus go mbeidh an-ghlaodhach air. Fuair-
eamar cuid mhaith leitreacha ag gearán ná
raibh “An Sguab” le fagháilt insna siopaithe.
Níl aon leigheas againn air sin. Do fuair
lucht páipeur fuirmeacha órduighthe, ach cé go
bhfuighfidhe an capall do thabhairt go dtí an
uisge ní bhfuighfidhe iachall do chur air é dh'ól.
Deirtear go bhfuil leath-mhiliúin Gaedhilgeoirí
in Éirinn, agus bíodh sin mar atá níl aon dabht
ná go bhfuil 6,000 comhdhaltaí i nGasraí an
Fháinne. Pé Fáinneach ná fuil “An Sguab”
le fagháilt aige sa tsiopa is gnáthach leis a
pháipeur laetheamhail do cheannach, ní misde dho
a shíntiús do chur chun na h-oifige seo agus ní
bheidh aon chúis gearáin aige (feuch fuirm ar
leathanach 22).



Is breágh an rud an Fáinne, an rud is fearr
béidir dá cheapadh fós chun na Gaedhilge do
chur chun cinn. Ach níl aon choill gan an
droch-chrann.



Ag dul abhaile dom aréir ar tram thugas
fé ndeara beirt chailín agus iad araon ag
caitheamh an Fháinne. Bhíodar ag cainnt agus
b'é an Beurla a bhíodar ag stealladh le n-a
chéile.



Lá eile bhíos ag ithe mo dhinéir san restaurant
is taitheach liom. Tháinig beirt Fháinneach
isteach agus shuidheadar síos gairid dom. Ag
cogar le n-a chéile bhíodar san, ach má seadh
níor theip orm an Beurla d'aireachtaint.



Cé ná fuilimíd go léir ar aon aigne le
Cathal Brugha (go ndeineadh Dia trócaire ar a
anam) maidir le ceisteanna áirithe, ní féidir
le haoinne a rádh ná raibh sé ar cheann desna
daoine ab fhearr in Éirinn i dtaobh na Gaedhilge.
Ceann desna daoine ba dh'eadh é (agus 'sé an
feall ná fuil níos mó aca ann) a thóg a chlann
agus an Ghaedhealg aca mar teanga dúthchasach.
Cé mhéid duine de n-a leithéid atá le fághailt,
ní fheadar, leathismuigh den Ghaedhealtacht. Is
dócha nach féidir census do thógaint, census
ceart muinighneach, mar gheall ar an nGaedhilg.
Níl aon mhaitheas sa census do thógadh suas
go dtí so, pioc: mar tá's ag an domhan gur
mó duine ná raibh ach cúpla focail aca a thug
Gaedhilgeoirí ortha féin, agus ar an taobh eile
bhí daoine ann agus an Ghaedhealg aca ón
gcliabhán agus ná raibh focal mar gheall ortha
sa census. Ach 'sé an rud is tábhachtaighe
anois ach eolas a bheith againn cé mhéid páiste
(leathismuigh den Ghaedhealtacht) bhfuil an
Ghaedhealg aca ón gcliabhán.



Bhí gach saghas áthais orm nuair a dh'airigheas
go raibh Cumann Íosa ar aigne sgoil nuadh
do chur ar bun gan moill, sgoil le haghaidh
buachaillí agus gan ach Gaedhealg á labhairt ann.
Pé rud a thuit amach níor righneadh aon rud
den phlean ó shoin, agus is eagal liom go
bhfuil sé curtha ar an méir fada aca anois.
Is mór an truagh é, má thá, mar go bhfuil
práidhinn mór againn le n-a leithéid. Cá
raghaidh na buachaillí a bhíos a rádh nóimeat ó
shoin ar sgoil, iad sin a thógadh sa tslighe
ceart .i. an Ghaedhealg a bheith aca mar teanga
dúthchasach. An bhfuil aon sgoil in Éirinn in
ao' chor ar féidir a rádh gurb i nGaedhilg a
mhúintear gach aon rud innti? Tá Sgoil na
Rinne agus Sgoil Naoimh Bríghde i mBaile
Átha Cliath. Sin a bhfuil ann, is dóigh liom,
agus ní oireann neachtar aca do bhuachaillí
den aois a bhfuilim ag tagairt do anois:
sgoil cosamhail le Coill Chluana na gCuas
(Clongowes), 'na mbíonn na buachaillí suas le
ocht mbliadhna deug d'aois uaireannta.



Deireann lucht an Chumainn Íosa féin go
mbíonn siad i dtosach gach gluaiseachta nuadh.
Béidir go mbíd, ach ní misde dhom a rádh
go mbeidh siad ag caitheamh uatha seans maith
maran ndeunann siad an rud a bhí ar aigne
aca tamall ó shoin. Na Coláistí atá aca


L. 24


cheana, Coill Chluana na gCuas, Belbhidere,
Mungairit, &rl., níl siad-san chó Gaedhealach
go bhfuighfidhe a bheith ag maoimh ró árd asda.
Tá's againn go bhfuil go leor sagart san
Órd in iúl don obair, agus níl aon dabht ná
go bhfuil a lán páistí ag fás suas anois a
líonfadh an sgoil nuadh luath go leor: feuchaidh
ar an méid daoine bhíonn ag iarraidh a gclann
do chur ar sgoil chun an Fhir Mhóir sa Rinn
agus gan slighe ag a leath ann.



Níor mhór don Riaghaltas feuchaint i ndiaidh
ceist na Gaedhilge sa nGárda Síothchána.
Bíonn an rud 'á phlé insna páipéirí laetheamhla
ach mar sin féin is ceart dúinn-ne tagairt don
sgeul chó maith le cách.



Ní páipeur poilitidheachta é seo, agus dá
bhrígh sin níl aon rud le rádh agam i dtaobh
gnó na Dála, ach caithfidh mé a rádh gur ait
an rud é go mbítear ag tagairt don
“Speaker,” don “House,” agus ní fheadar cé
mhéid teurmaí eile fuaradh ar iasacht ó West-
minster. Ná deirtear gurb é an Dáil atá
againn anois is cionntach ach an oiread, mar
go mbíodh an sgeul go díreach mar a chéile in
aimsir De Bhaléra fé chuireadh an Saorstát ar
bun in ao' chor. 'Sé an feall é, leis, ná fuil
cuid desna teachtaí toiltheannach labhairt as
Gaedhilg amháin, in áit cúpla focal a rádh ar
dtúis agus annsan an rud ceudna agus a
thuille leis a stealladh amach i dteanga na
nGall.



Eachtradh an méid “Sweeps” atá ar siubhal
fé láthair. Táimíd tréis dlighe Shean-Shasana
do chaitheamh uainn go ceart sa méid sin. Ach
má thá, níl ach rásana a bhíonn 'á rioth in Sean-
Shasana sa sgeul aca, agus maran féidir
airgead do sholáthar in aon slighe eile ba dhóigh
leat go bhfuighfidhe rud éigint bhaineann le
n-ár dtír féin do cheapadh chuige sin.



IOLSCOIL NA MUMHAN I RINN Ó gCUANACH.



SCEUL A BHUAIDH.



(Tuille dhe).



Gach buaidhirt agus beannacht a thárlaigh dhó le hocht mbliadhna deug anuas.



Do lean an sceul mar sin ar feadh dó nó
trí de sheachtmhainí, agus bhíodh trí fichid nó as
sin go dtí cheithre fichid duine bailighthe againn
istigh i dtigh na scoile ó leath-uair tar éis a
seacht go dtí a naoi a chlog dhá oidhche 'sa
tseachtmhain. Bhítí ag foghluim an léighimh ar
feadh trí ceathramhana uaire agus bhíodh amhráin
agus rinnce againn an chuid eile dhen aimsir.



Bhí an sagart paróiste as baile an cheud
sheachtmhain de mhí an Iúil, agus nuair a chas
sé thug sé órdughadh don mháighistir scoile gan
an scoil d'oscailt dúinn aon tráthnóna eile.
Nuair do shroich mé an áit bhí na daoine go
léir bailighthe mar ba ghnáth agus d'inniseadh
dom conus mar a bhí. Ní raibh dada le deunamh
agam acht dul go dtí sagart an pharóiste.
'Sé an leith-sceul a bhí aige acht gur tháinigh
duine éigin chuige ag deunamh gearáin ná
raibh an cailín aimsire bhí aici istigh in am
istoidhche agus gur ar an Ghaedhilg a bhí a
mhilleán aici agus ná fuighfeadh sé cead na
scoile a thabhairt a thuille. D'innis mé dhó go
mbíodh deireadh leis an obair ag a naoi a chlog
agus ná raibh aon chionnta agam-sa 'sa sceul
ós sin suas. Dubhairt sé in aon tslighe ná
raibh sé sásta ar fhearaibh agus ar mhná a bheith
i dteannta a chéile ag na buidheanta. D'innis
mé dhó nár chuir sé aon choinghill 'sa sceul a
cheud uair, agus mar sin nár chuireas-sa mar
gur thuig mé ná raibh aon phráinn leis. “Ní
bhfuighfinn scaoileadh le rud mar sin,” ar sé
sin, “agus táim dá chros anois.” “Tá go
maith,” arsa mise, “má 'seadh gheobha mé
oidhche 'sa tseachtmhain a thabhairt do na fearaibh
agus an oidhche eile d'fhágaint ag na mná.”
“Ní dheunfadh sin an gnó acht an oiread,” ar
sé sin, “thiocfadh na fir dá dtionnlacann, ní
maith liom go mbeadh na mná ag teacht amach
in aon chor isdoidhche.” “Ní fhuil agam le
deunamh, má 'seadh,” arsa mise, “acht na mná
a chonnladh tar éis an eadarshuth Dé Domhnaigh
agus scríobhadh agus léigheamh na Gaedhilge a
mhúineadh dhóibh.”



“Ní theastuigheann an gnó in aon chor uaim,”
ar sé sin, “agus táim ag cur deireadh leis
as so amach.”



“Tá go maith,” arsa mé féin, “tá mo ghnó-sa
deunta; caithfe mé gach aon chúntas a
scríobhadh go dtí Coiste Gnótha na Gaedhilge
i mBaile Átha Cliath, mar is orra a bheidh


L. 25


na cúrsaí seo a phléidhe as so amach.”
Chuaidh mé go dtí sna daoine bhí bailighthe i
macha na scoile agus d'innis mé dhóibh conus
mar a bhí. D'fhágamair slán agus beannacht
ag a chéile, acht díreach agus me chum bogadh
chum bóthair do ghlaoidh feirmeoir acfuinneach
dhen áit i leath-taobh me agus adubhairt go
dtabharfadh sé féin tigh dom chum an mhúineadh
a dheunamh ann dá mba mhaith liom. Chuir mé
an cúntas go léir go dtí an Coiste Gnótha
agus d'innis mé dhóibh an fuláramh a bhí faghtha
agam ón bhfeirmeoir. B'é an freagra a fuair
mé acht m'aghaidh a thabhairt ar Chathair na gCat,
áit a raibh an fraoch ar lasadh agus an ghaoth
dá shéideadh agus gan fios 'dé mhéid den áit
a raghadh tré theine. Bhí sórt amhras againn ná
deunfadh an Coiste Gnótha a thuille troda i
dtaobh sceul na Rinne, acht do dhein Coiste
Ceanntair na nDéise a dhícheall chum an coiste
eile a fhaobharughadh agus a bhrostughadh agus a
gheurughadh, acht sin a raibh de mhaith ann; ní
raibh an braon fola 'sa Choiste Gnótha. Níor
dheineadh aon rud acht sagart a bhí ar an
gCoiste Gnótha a chuir ó dheas chum cainte le
sagart paróiste na Rinne feuchaint cad a bhí
le rádh aige siúd. Níor chuaidh an sagart
ceudna thar Dhúngarbhán; casadh duine éigin
annsin air a chomhairligh dó gan a bheith dá
bhodhradh féin le sagart paróiste na Rinne,
agus casadh abhaile arís dó féin. Chas sé
abhaile agus d'fhágadh sceul na Rinne ar an
bhfailleun sin ar feadh dhá bhliadhain. Is déine
bhí an sagart i gcoinne na Gaedhilge gach aon
lá ós sin suas agus is tarcuisnidhe agus is
maslamhla. Ní leomhfadh sé focal dí a
mhúineadh insna scoileanna, agus dá mba é an
Teagasc Críostuidhe féin é ní lualfaí é bheith
'sa nGaedhilg i scoil ná i dteampull.



'Sa mbliadhain 1904 chrom muintir Bhaile
Átha Cliath ar a n-aghaidh a thabhairt ar “Bhaile-
na-nGall” na Rinne. Ní “cathair mar a
hainm í ‘Baile na nGall’” acht a mhalairt,
mar is feas do chách anois. Tháinigh Siobhán
Bean an Phaoraigh agus a chlann ann an bhliadhain
sin, agus leanadar orra ag teacht ann ar
feadh na bliadhanta, agus bhí a rian sin orra,
agus ar a gcuid Gaedhilge; thuilleadar cáil
agus clú dhí i mbaile agus i gcéin. Mar
adeir mé tháinigheadar sin agus gasra Gaedheal
leo ó Bhaile Átha Cliath an bhliadhain sin agus
chuireadar fútha i mBaile na nGall. Thógadar
tigh ó Mhuiris Ó Maol Riain, agus 'sé an ainm
a bhaisteadar air acht “Dóchas na hÉireann.”
Níor mhiste é agus is maith a shlánuigheadar an
ainm. Bhíodar ann gan a fhios, geall leis,
an cheud bhliadhain; ní raibh aoinne ag cur
isteach ná amach orra acht muintir an bhaile,
béidir, ag deunamh ionghantas dá ndícéille.
Tháinigheadar agus d'imthigheadar agus bhailigh-
eadar leo mil agus óg-uachtar a chothuigh agus
a bheathuigh an t-anam agus an meanmann in a
gcroidhthe agus in a gcuid fola a thug misneach
dóibh troid a dheunamh chum saoirseachta dhá
bhliadhain deug in a dhiaidh sin. Moladh agus
glóire do Dhia dá bharr, tá a thoradh andiu
againn.



Um Cháisc 'sa mbliadhain a bhí in ár gceann
casadh an Dochtúir Ó Síothcháin orm ar bhóthar
Chill Ruis. Bhí sé ag gabháil don Ghaedhilg le
cúpla bliadhain an uair sin agus do fhuiris a
thuar dó go saothróchadh sé í. Bhí tigh aige fé
chíos ag Ceann Heilbhic amuigh agus is ann a
chaitheadh sé a chuid laetheannta saoire 'sa
samhradh ag treabhadh agus ag fuirseadh leis an
nGaedhilg. Sagart naomhtha, árdléigheanta,
uasalaigeantach an cháil a bhí air i measc
muintir na Rinne; bhí meas air aca agus
urraim aca dhó, agus dob' fhuiris d'fheicsin go
ndeunfaidís rud ar aon rud a dheurfadh sé
leo. Cúpla bliadhain roimhe sin nuair a bhí a
chúrsa léighinn deunta aige agus cáil agus clú
tuillthe aige i measc fear léigheanta na
hEoirpe thárlaigh go raibh sé ar dinneur ag
sagart paróiste na Rinne. Ní raibh aon rud
ba mhó aige an sagart paróiste seo acht lucht
léighinn agus foghluma agus ba bhreágh leis a
bheith in a gcuidreamh agus in a gcuideachtain.
Bhí a fhios aige an cháiligheacht mhór a bheith tuillte
ag an Dochtúir Ó Síothcháin agus 'sa chaint dhóibh
do fhiafraigh sé dhe cadé an t-adhbhar léighinn is
mó a leagfadh sé a aigne air feasta. Nuair
d'innis sé dhó go raibh sé ar aigne a shaoghal
agus a bheatha a chaitheamh ag saothrughadh na
Gaedhilge d'óbair go dtuitfeadh an t-anam as.
Cadé chúis a mbeadh aoinne chomh mór sin ar
mhearbhall a's go gcaithfeadh sé a mheabhair a's
a mheoin ar aon rud chomh suarach. Thuit an
gloine agus bhagair sé gaoth a's gála anoir
andeas; liúigh an cúirliún agus thosnuigh
braonacha fearthanna ag imtheacht i mbeul na
gaoithe; dhorchuigh an spéir, agus níorbh' fhada
gur labhair Faill an Phíobaire. Is cuma dhúinn
anois cad iad na smaointe a bhrostuigh chum
suain thuas i mBarr na Stuac sagart paróiste
na Rinne an oidhche sin ná cad iad na seoda
fuair an Dochtúir i seanchus agus i gcaint
Thomáisín (.i. a oide múinte) in a thigh beag
cluthmhair amuigh ar chliathán Chinn Heilbhic.



PÁDRAIG Ó CADHLA.



(Tuille le teacht).


L. 26


RÉILTHÍNÍ ÓIR.



Do dhuine ó Chorca Dhuibhne is geall le
féachaint sa scáthán air féin an leabhar so,
“Réilthíní Óir,” a léigheamh. Ní cheileann an
scáthán aon ní d'á bhfeiceann — pé 'ca maise
nó mí-mhaise é; agus ar an nós céadna pé ní
fónta nó neamh-fhónta a fuair an tAthair Mac
Clúin i “nGaoluin” tulcanta so-ghluaiste
Chorca Dhuibhne níor cheil sé 'na leabhar é. Tá
cnósta le chéile aige i “Réilthíní Óir,” ó
chainnt dhaoine san Oileán Tiar agus i nDún
Chaoin, roinnt mhór de chainteanna ná fuil
coitianta i n-aon áit eile i nÉirinn; agus
gan aon amhras tá cruinnithe ann, leis, aige
graisiomal d'fhoclaibh agus de ráidhte nach
slachtmhar agus nach maise i mbéalaibh na
ndaoine sa Ghaeltacht san thiar. Má ba cheart
do'n ughdar an leabhar so — nó an staidéar
so — do scríobhadh ní raibh dul uaidh aige gan
an uile rud a bhuail leis a chur síos — gach ní
neamh-choitianta dá bhfuair sé sa chanúint, pé
olc, maith é.



Níl an dara tuairim ar an scéal ná gur
maith is fiú staidéar mar é seo atá déanta
ag an Athair Mac Clúin a dhéanamh ar an
nGaedhilg ar a teinteán féin istigh, san áit ar
mhair sí leis na ciantaibh agus mar a bhfuil sí
fós beo agus fás (nó bás) nádúrtha ag teacht
uirthi. Do dhein ughdar “Seanchainnt na
nDéise” ar Ghaedhilg na nDéiseach é. Tá sé
déanta ag úghdar “Réilthíní Óir” ar Ghaedhilg
Iarthair Dhuibhneach. Cé dhéanfaidh ar Gaedhilg
Bhaile Mhúirne agus Chairbreach é, agus ar
chainnt an Chláir agus Chonamara agus Thíre
Conaill. Níorbh' aon tsaothar i n-aistear na
“canúintí” sin ar fad a mhionfhéachaint agus
toradh an scrúdaithe sin a chur ar fagháil. Is
luaithe de fhásfaidh aon chanúint choitionn amháin
ar fuaid Éireann uile i scoileanna agus
ameasc lucht léighinn agus foghluma. Dá bhrí
sin tá moladh mór tuillte ag an Athair Mac
Clúin ar son “Réilthíní Óir.”



An chéad rud eile le breithniú i dtaobh an
leabhair seo — conus atá éirithe leis an ughdar
an obair, a chuir sé roimis, a dhéanamh. Ba
dheacair do dhuine, ná fuil taithitheach ar Ghaedhilg
na nDuibhneach, aon tuairim le h-eolas a
thabhairt ar an scéal san. Staidéar ar
Ghaedhilg aon pharóiste amháin atá sa leabhar
ach dob' fhíor a rádh gur beag dá bhfuil i
nGaedhilg Dhún Chaoin ná fuil ar gnáthú chomh
fada soir leis an nDaingean agus cuid mhaith
dhe ag gach Gaedhilgeoir ó'n Ínse siar. Tá,
gan aon amhras, beócht agus iomadúlacht sa
chainnt san iarthar d'imigh le dachad bliain as
úsáid na Gaedhilge thoir; agus tá sí ag
ceileabhradh, fós, thoir.



Is beag ní neamhchoitiannta atá i gcainnt
Iarthair Duibhneach nár aimsigh an t-ughdar,
agus, ar iad a mheas le chéile, is ana-chruinn a
thug sé a mbrí agus a ngnáth-chleachtadh leis.
Is mór an iarracht é sin do dhuine nár tógadh
leis an “gcanúint” sin ó n-a óige. Is ar
éigean a bhac sé i n-ao' chor le brí bunúsach
na bhfocal ná na préamha ó dtánadar — agus
locht ar an obair é sin dar linn-ne — ach níl
aon easnamh ar an dteasbánadh atá ann ar
úsáid na bhfocal agus ar an léiriú atá déanta
aige ar chiall na cainnte i mór-chuid de'n
leabhar. “Mór-chuid” adeirimíd, dár ndeoin,
mar níl an scéal amhlaidh sa leabhar uile. Is
iongna linn a neamh-chruinne a deineadh an
obair ar roinnt des na foclaibh: faithne,
falaing, foghmhar, &c. Tá urmhór an leabhair
go cruinn agus is truagh iarrachtaí mar siúd
a bheith thall 's i bhfus ann, mór mór nuair
tugadh fairsinge slí — thar mar ba ghádh, dar
linn — d'fhoclaibh eile .i. barra, bramaire,
caithim, clibirt.



Is truagh gur sheachain an tAthair Mac
Clúin cuid de'n fhírinne ag tagairt do na
foclaibh seo .i. cic, bran, bús, giúmar, bleaist,
beilt, barra-thrip, bagha, crans, cucól, cupa,
déal, droga, éirnis, faoileáil, friseáilte,
geallarsaí, géataí, giulc, glaes, gó, haibil,
hop. I gcead do'n ughdar, ní dóigh linn gur
ceart do bheith ag cur na bhfocal san i “luighe
gaidhte” ar lucht foghluma gan a innsint dóibh
a ghiorra ó bhaile thánadar agus uirísle a
gcoidrimh 'na dteangain féin uaireannta.
Agus ní dóigh linn gur fiú a aistriú thar
teorainn an pharóiste cainnt de shaghas “Ag
breith phisciní.” Ar éigean gur fiú “Wind up”
a chur i bhfoclóir bharántúil Bhéarla!



Tá rud eile sa leabhar atá ag dul dínn a
thuiscint .i. ciaca b'é an t-ughdar nó na
Gaedhilgeoirí i gCorca Dhuibhne thiar a cheap
na cainteanna léiriúcháin agus na habairtí
somplacha atá ann. Má's é an t-ughdar é
conus d'éaluigh “dá gcloisfeadh” agus “dá
gcloisfeá” agus “dá dtaidhseofaí” isteach
sa leabhar, agus “an fear an tighe” agus
“thugas fiacha Aifrinn do go léighfeadh sé
Aifreann dom.” Dá mba deich mbliana ó
shoin nó roimis sin a scríobhfaí iad san do
maithfí do'n ghnáth-scríobhaidhe. Táthar níos


L. 27


eolasaighe anois ar ghramadaigh na teangan so.
Má's é déantús na n-ughdar logánta i gCorca
Dhuibhne na cainteanna atá sa leabhar, is iongna
linn cathain d'fhoghlmuigheadar “sar i bhfad,”
“tigh 'na mbíonn earraí,” “an bórd ag a
raibh na h-uaisle.”



Idir dá thuiscint dúinn fé'n rud a chuir an
t-ughdar roimhis a dhéanamh sa leabhar .i. (1)
focail agus cainteanna neamh-choitiannta na
dúthaighe úd thiar a chnósach agus a léiriú nó
(2) a theasbáint gur leor d'fhearras an Ghaedhilg
chun gach ní atá innte féin a mhíniú. Tá an
chéad ghnó aca déanta go maith — go h-ana-mhaith.
Níor cuireadh an Ghaedhilg chun a díchill ná chun
iomlán a cumais sa dara gnó mar ná fuil
míniú iomlán bunaigh déanta ar na foclaibh.
I gcúrsaí mar sin dá mba ghádh dob' fhéidir
earríocht níos mó a bhaint as an dteangain
seo ná mar do bhain an tAthair Mac Clúin
aisti 'na leabhar.



Ag tagairt do neamhchoitianntacht na bhfocal
agus na gcainnteanna áirithe sin atá i
nGaedhilg Chorca Dhuibhne ba bhaoghal do dhuine
iasachta breith amuich air mara dtugadh sé aire
thar barr ná déanfaí ceapadóireacht ar
leith-i-leith 'na chomhair nuair a braithfí an
cuardach a bheadh ar siubhal aige. Ar a bhfuil
caithte d'á shaoghal ag an té atá 'á scríobhadh
so ní chuala sé “caipín dubh 'á chur ar fhocal”
ná “chuaidh sé go beilt an chlaidhimh air.” Is
é ár dtuairim láidir gur d'aon ghnó do'n
ughdar léigheannta a ceapadh roinnt bheag rudaí
dá leithéidí sin atá sa leabhar aige — “le barr
Gaoluinne, 'dtuigeas tú?”



Beidh ainm an Athar Mac Clúin dá áireamh
ameasc lucht scoláireachta toisc an tsanais
seo atá déanta aige — mac samhail do shaothar
Chormaic agus Uí Dhobharáin. Táimíd ag
feitheamh le Leabhar II.



“AN SEABHAC”



MAISÍNÍ CAINTE & PLÁTAÍ.



GACH AON DEUNTÚS.



Gheobha Lucht Léighte “An Sguab” Locáiste
Speisialta.



Fuigh an Pláta nuadh (Gaedhilge) —



“RAITHEANACH A BHEAN BHIG.”



GEARÓID CROFTS dubhairt an t-amhrán so.



TOMÁS MAC MATHGHAMHNA,
AN SGAIRBH, CO. AN CHLÁIR.



CIALL CEANNUIGHTHE.



Amadán iseadh mise. Is gairid a sheasuigh-
eann airgead an amadáin, ach tá ciall ag
teacht chugham in áit a chéile. Fan go
n-inneosfad mar gheall ar na daoine a bhíonn
ag lorg déirce orm. Nílim ag tagairt do
bhacaigh choitchianta ná do dhaoine bochta, ach
dosna cladhairí cliste a dheineann ceurd agus
ealadha de'n ghnó.



Ní rabhas ach fiche bliadhan d'aois nuair a
bhuaileadh an cheud duine aca umam. Ní raibh
ionnam ach buachaill bog simplidhe an t-am
ceudna, agus b'fhuirist dó mise do mhealladh
le n-a sgeul truaighbhéileach. Aictéir críoch-
nuighthe ba eadh é mar sin féin, agus do chuir
sé an dubh 'na gheal orm go ceart. Ní cuimhin
liom ró mhaith anois cad a bhí mar sgeul aige,
ach do ghlac mé truagh dho. Ba é an feall
fear breágh óg macánta dá shaghas a bheith
caithte le fán an tsaoghail, ní fheadar cad as
— ach amháin go raibh có-mhothú agam do. Ní
misde dhom admháil gur thugas a raibh im' phóca
dó agus d'imthigh sé. Níor bhain an rud
ceudna dhom arís go ceann deich mbliadhanta.
In aimsir na Dubhchrónaí tháinig fear isteach
chugham oidhche san áit a rabhas ag cur fúm.
Dhein sé an-dhána orm; ba dhóigh leat gur
duine liom féin é. Bhí sé tréis a shlighe
maireachtaine do chailleamhaint i Sean-Shasana
toisg é bheith 'na Éireannach, agus bhí gach aon
trioblóid sa mullach air; ní raibh costas a
thuras abhaile aige go dtí Luimneach. Do
thugas an méid sin dó. Do gheall sé go
ndíolfadh sé thar n-ais liom é gan mhoill nuair
a raghadh sé abhaile, go bhfágfadh sé in oifig
duine áirithe agam é. Do chreideas é, go
bhfóiridh Dia orainn. Cúpla mí ó shoin agus
an cogadh ar siubhal i mBaile Átha Cliath,
tháinig fear isteach go dtí an oifig chugham;
d'fhéach sé deallramhail go leor, agus bhí cúpla
focail Gaedhilge aige. Bhí sé i gcruadh-chás;
cad é an díobháil ach go raibh duine áirithe a
raibh aithne aige air as baile, agus mar sin de.
Bíonn eagla ar an té dhóightear, ach ní raibh
taithighe ceart agam ar an obair fós. Bhí
saghas deallraimh ar an sgeul, agus tréis
cúpla ceist do chur air do thugas deich sgil-
linge dó ar iasacht. Dubhras leis ná raibh
mórán muinighin agam as ós rud é gur righneadh
eirighe slighe orm cheana, ach san am ceudna bhí
leath-choinne agam leis an ndeich sgillinge agus
do chuireas a ainm síos i leabhar na bhfiacha!
B'é an sgeul ceudna é, geallaimse dhuit, drae


L. 28


deich sgillinge ó shoin. Ag deunamh mo mharana
ar an rud 'na dhiaidh san do chuimhnigheas go
raibh saghas cosamhlachta eatorra go léir, maidir
leis an slighe chuadar i gceann na hoibre, an
slighe aicillidhe bhíonn siad ag trácht ar daoine
a bhíonn 'na gcomhnuidhe im' dhúthaigh féin. “Tá
aithne agat ar Thomás Mac Uí Rudaí i n-a
leithéid d'áit.” Cuireann sé saghas deallraimh
ar an sgeul a bheith ag éisteacht leis ag cainnt
mar gheall ar dhuine éigint aithneadamhail, tá's
agat. Sin é an slighe a bhaintear de n-a
chosaint duine simplidhe mar mise. An lá fé
dheire bhí deitheanas orm ag dul amach go dtí
cruinniú éigin. Bhuail fear eile isteach. Bhí
costas an turuis go léir aige go dtí 2s. 9d.!
Ní raibh aon chlisteacht ag baint leis an bhfear
so, ach bhí cainnt go leor aige mar gheall ar a
leithéid de dhuine i mo dhúthaigh féin — duine
atá tréis bháis le chúig bliadhna. “Seo
sgilling duit agus sguab leat as mo radharc,
a bheitheamhnaigh,” arsa mise. Tá gach saghas
náire orm gur righneas an méid sin dó, ach bhí
deitheanas an domhain orm an uair ceudna,
agus ní bhfuighinn an teicheadh do chur air in
aon slighe eile. Táim ag tabhairt amadán
orm féin ó shoin, pé sgeul é. Amadán iseadh
mé, ach is truagh liom an cheud chniapaire eile
a thiocfadh isteach chugham — b'fhearrde dhó gan
teacht mara mbíonn pistol aige.



AN CHÚ MHALL.



AN LITRÍOCHT NUA AGUS AN
POBUL.



Is iomdha athrú thiocfas ar shaol inntleachtach
na hÉireann nuair bhéas an tsíocháin a bhfuilimid
uile go léir ag súil léi ar a bonnaibh arís sa
tír. Sinn-ne, a bhfuil grádh againn do na
healadhnaibh, tá súil againn iad fheiceál ag
borra is ag bláthú nuair thiocfas an tsíocháin
sin; tá súil againn go mbéidh spéis agus
suim nua ionnta ag fás i gcroidhthe mhuinntire
na hÉireann; agus sinn-ne, a chreideanns go
gcaithfear an Ghaedhilg thabhairt ar ais arís sul
má bhéidh an tsaoirse is mó agus is luachmhaire
dá bhfuil ann againn, .i. saoirse na spioraide
agus na hinntleachta — ní mór ná go bhfuil
súil againn gur thrídh an nGaedhilge bhéas an
saol nua seo 'á chur i gcéill.



Anois, maidir le cine a bhfuil gean is grádh
aige do cheól agus do bhinneas friotal, a
bhfuil ceann de na sean-litríochtaí is uaisle
's is áilne ar dhruim an domhain aige; maidir
le cine a raibh an sgéaluíocht agus an seanchus
faoi árd-mheas aige ó thús aimsire, níl amhras
ar bith ann nách bhfuil acht fíor-bheagán de féith
na litríochta i gcroidhe furmhór de'n chine
Ghaedhealach. Thug Éire litríocht sár-áluinn
do'n domhan sa tsean-aimsir. Thug sí plód
mór de sgríbhneóirí sár-mhaithe do litríocht an
Bhéarla. Agus anois tá cuid d'á sgríobhnóirí
ag tosnú ar rudaí nua a rá i dteangain na
hÉireann, rudaí a mbíonn fíor-áilneacht ag
baint leó go minic. Acht an gnáth-dhuine, an
“fear sa tsráid” in Éirinn, ní mó í an spéis
atá aige i litríocht ná an spéis chuireanns sé
sna sméara dubha ar an bhfál. Má léigheann
sé leabhar chor ar bith, is cosúil, an-chosúil,
gurab é an sórt leabhair bhéas ann, úirsgéal
ó láimh Ethel M. Dell nó Charles Garvice.
Nó má's rud é nach dtaithnigheann “baois
faoi'n ngrádh” leis, léighfidh sé rud eicínt ó
pheann Nat Gould nó William le Quenx. Nó
má tá sé “very Irish” mar deir sé féin,
treabhfaidh sé go mall righin trí “Chnoc na
nGabha” agus annsin ceapfaidh sé go bhfuil a
dhualgas liteardha cóilíonta aige agus ní
léighfidh sé focal eile go deire a shaoil.
Annsin tá duine eile ann — an duine úd a
bhfuil an oiread sin measa aige ar shaothar na
“sean-údar” mar thugann sé ar Dickens,
Thackeray, agus Scott, nach féidir leis aon
ní eile léigheamh. Duine uathbhásach an duine
sin. Tá grádh is gean aige do shaothar maith;
is léir an méid sin ó'n áird atá aige ar an
triúr sgríbhneóirí sin thuas; acht is amhla tá
sé dall ag á chlaoin-bhreith dícéillí féin. Tá
sé go láidir in aghaidh roda ar bith nach gcuala
sé faoi agus é 'na pháiste beag. Tá sé go
láidir in aghaidh leabhair ar bith nár léigh a athair
agus béidir a shean-athair roimhe. Dá labhróchá
leis faoi sgríbhneóirí na Frainnce nó na Rúise,
dá molfá dhó aithne chur ar a saothar, cheapfadh
sé go rabhais ag iarra é chur ar bhealach a
aimhleasa. Agus is dócha, dá labhróchá leis
faoi sgríbhneóirí a thíre féin, faoi Yeats nó
faoi'n gCraoibhín nó faoi A.E., cuir i gcás:
(ní áirmhighim Pádraic Ó Conaire ná an
Piarsach, ná sgríbhneóirí Gaedhilge eile nach
iad, óir is do'n léightheóir coitchiannta tá mé
ag tagairt, agus níl Gaedhilg ag an léightheóir
coitchiannta in Éirinn go fóill, faraoir!) dá
labhróchá leis fútha-san, adeirim, tá seans
agus seans maith nach mbéadh fhios aige cé bhí
i gceist agat.



'Nois, is brónach an sgéal é béidir, acht is


L. 29


fíor, go gcaithfear lucht léighte, agus lucht
léighte tuigseannach, bheith ann sul má thig leis
an litríocht theacht 'un cinn i dtír ar bith. Ní
mhairfidh litríocht ar bith i dtír nach bhfuil
daoine ann cheannóchas na leabhra agus a
léighfeas iad agus a chuirfeas suim ionnta.
'Sí an cheist is mó dá bhfuil ag baint le
saothrú na litríochta i dtír ghnáthach: “deagh-
dhúil,” nó “taste,” na ndaoine. Ba chóir go
dtuigfimís ne Éireannaigh go bhfuil seans is
buntáiste iongantach againn, maidir leis an
deaghdhúil sin. Óir ní gnáthach an tír í Éire,
mórmhór i gcúrsaí teangain is litríochta. 'Sé
standard Shasana do chum deaghdhúil, nó droch-
dhúil, a lucht léighte. Ag seo an seans atá
againn-ne, na daoine gur mian linn an
Ghaedhilg a thabhairt ar ais .i. go bhfuil Éire
cosúil leis an mbranar san amhrán: “'S an
ithir ag feitheamh le lúth ár lámh.” Níor saoth-
ruigheadh deaghdhúil liteardha a pobuil go fóill,
nó níor milleadh í acht oiread. An deaghdhúil
(nó an drochdhúil) atá ag á pobul i gcúrsaí
litríochta, fás mí-nádúrtha tá innti, agus ní
buan an fás é. Caithfear a leaga agus deagh-
dhúil nua chur 'na ionad. Agus caithfear
féachaint chuige gur maith agus gur fiúntach an
deaghdhúil thiocfas. Le sgéal fada dhéanamh
gearr, caithfear féachaint chuige gur fíor-
litríocht bhéas againn le bronna ar léightheóirí
na Gaedhilge san am atá le theacht, litríocht
chumfas deaghdhúil sa bpobul agus ní drochdhúil.
Níl acht fíor-bheagán de dhrabhuíol gan maith
le léigheamh sa nGaedhilg faoi láthair ar an
ábhar sár-mhaith nach bhfuil acht fíor-bheagán
d'ábhar léighte de chineál ar bith le fáil innti
go fóill. Tá an ithir ag feitheamh, mar sin.
Agus tig linn-ne ár rogha roda dhéanamh leis
an mbranar. Tig linn tosach maith dhéanamh
agus deaghdhúil liteardha chruthú, nó tig linn an
sean-chasán thabhairt orainn féin agus an oiread
sin baoise thabhairt do lucht léighte na Gaedhilge
is nach mbéidh leabhra maithe ag teastáil uatha
ariamh ná go deó. Ní cóir dúinn é seo
dhéanamh. I dtír mar Shasana nó mar an
Spáinn nó mar na céadta tíortha nach iad,
tíortha a bhfuil drochdhúil litríochta fíghte
fuaighte le saol na ndaoine toisg an oiread
sin de leabhra gan maith bheith le fáil sna
siopaí chuile áit, is deacair an rud é brise
leis an sean standard agus standard nua
chur ar bun. Tá fhios go maith ag an bpobal
céard theastuigheas uaidh, agus éirigheann leis
é fháil i gcomhnaidhe. Is eól do lucht foillsithe
agus do lucht sgríobhtha go gcaithfidh siad umhlú
do'n phobul má's mian leó slí beatha dhéanamh
chor ar bith. Acht in Éirinn, áit a bhfuil teanga
eile ar tí a háit thógáil, áit a bhfuil athrú mór
ag teacht ar shaol inntleachtach na ndaoine,
nár cheart dúinn súil bheith againn go mbainfidh
siad tairbhe éigin as an athrú sin? Níl dabht
ar bith ann ná go dtiocfaidh an t-athrú sin ar
mheón na ndaoine nuair bhéas an Ghaedhilg d'á
labhairt de ghnáth aca arís, agus béidh tréimhse
ann agus ní bhéidh “taste” liteardha ar bith
aca, olc nó maith. Ullmhuighimís an bealach i
gcóir na tréimhse sin na socaireachta. Árd-
uighimís an standard. Ní gá' d'éinne umhlú
do'n drochdhúil, ná leabhra sholáthar 'na cóir
má's amhla nach bhfuil dúil de chineál ar bith
ann. Déarfar, béidir: “Acht cá bhfuil na
sgríbhneóirí, nó na foillsitheóirí?” Agus, go
deimhin, cá bhfuil siad? Mórmhór na sgríbh-
neóirí? Acht caithfimid gan dearmad dhéanamh
ar an gceist sár-thábhachtaigh sin .i. ceist an
aistriúcháin. Tá a lán daoine in Éirinn a
thuigeas céard is litríocht ann agus céard is
Gaedhilg ann; nárbh fhéidir sgéim mhór ais-
triúcháin chur ar bun agus leabhra maithe ó
theangachaibh iasachta thabhairt amach acht cur
chuige i gceart? Leabhra maithe, adeirim.
Sin puinnte tábhachtach. 'Sé 'n t-aistriúchán
an rud is mó a chum “taste” na Spáinneach
i gcúrsaí litríochta, acht ní deaghdhúil atá ag
furmhór na ndaoine sa Spáinn acht a mhalairt,
thar é tá an chuid is mó de na leabhra hais-
trigheadh go Spáinnis tá siad go dona. Acht
dá mbéadh fear in Éirinn, abair, agus dúil
sna leabhra aige, agus an Ghaedhilg níos fearr
aige ná aon teanga eile: dá bhfuigheadh sé
amach nach raibh le fáil 'na theangain féin acht
leabhra maithe — cuid aca a sgríobh údair
Gaedhilge, cuid eile a haistrigheadh ó theanga-
chaibh eile; leabhra ó údair mar Tchekoff, nó
Daudet, nó na driotháracha De Goncourt, nó
Ibánez, cá bhfios dúinn-ne nach dtiocfadh rudaí
móra as? An féidir linn bheith lán-chinnte
nach dtaithneóchadh a leithéid de leabhra leis?
Béidir cuid bheag de féith na litríochta bheith
i bhfolach i gcroidhe gach aon duine sa tír
beagnach, acht an féith sin a thabhairt amach agus
a shaothrú go dícheallach. Ní féidir bheith ró-
dheimhnitheach nach bhfuil, ar caoi ar bith, agus
má's amhla go bhfuil, agus má dhéanann lucht
aithbheóchainte na Gaedhilge an tosach maith tá
luaidhte agam, agus fíor-litríocht thabhairt do'n
phobul in ionad baoise suaraighe gan maith, cá
bhfios dúinn ná go dtiocfaidh an lá fós a
mbéidh Éire ar na náisiúin is mó cultúir is
léighinn san Euróip.



MÍCHEÁL MAC LIAIMMHÓIR.


L. 30


DÍOGHALTAS NA HOIDHCHE.



II.



Lár na mháireach bhíomair eirithe go luath, an
breicfeast tógtha againn, agus sinn ag cois-
íocht go tiubh fé dhéin Shráid an Chonallaigh. Bhí
an fliuchán céadna ann, an salachar céadna,
an ceó céadna, ach bhí solus na h-oibre i súilibh
Shéamais Mhóir — sin é a thugaimíst air coitianta.
Ar nós na con fola ag blathuíl roimis a bhí
sé; an lasair 'na ghnúis, an luisne 'na leicne,
an luasca éascaig i ngach géag dá chorp. Ach
ní raibh fonn cainnte air — ní minic a bhíodh i
gcás den tsaghas san — agus thuigeas-sa go
blasta nárbh fhearra dhom brise isteach air, go
labharfadh sé is go léireóch sé nuair a thiocfadh
an t-am.



Leath-uair tréis a h-ocht bhí an ceann sprice
bainte amach. Bhí fear-a'-tighe istig rómhain
ag feitheamh: agus toisc ná raibh aon nuadh-
uíocht aige thugamair aghaidh ar sheómra an
mhairbh i n-áirde an staighre — nú ba chirte a rá
gur dhein Séamas Mór amhlaidh agus gur
leanas é.



Do scannruíodh me ag an ndoras. Na
súile uafásacha millteacha scannruithe san do
chuirfidíst ar baille-chrith thu 'e bhreis ar aon ní
dá bhfaca-sa riamh. Ach lasmuigh de sin bhí gach
aon ní rialta cóir. Má seadh féinig dhein an
Barrach géar-scrúdú ar gach ní — scórnach is
béal is cluasa is gruaig an chuirp: gach blúire
de is de sna h-éadaighe. Corruíodh é aon
trus amháin; thairig sé an anál isteach go
grod; ach ar iompó na baise bhí sé tagtha
chuige féinig aríst.



“Agus níor deineadh athrú ná aistriú ar
faic anso, a Mhic Uí Luineacháin?”



“Níor deineadh. Níor dheineas-sa aon láimh-
seáil ar fuaid an tseómra, agus níor dhein na
póilíní ach an corp a thógaint amach as an
leabaidh agus é infhiúcha. Scrúduíodar na
h-éadaighe 'na mball is 'na mball agus ansan
do chuireadar thar n-ais iad go h-aireach mar
bhíodar meághaite ar theacht aríst indiubh.”



Phreabamair síos ansan. Dhein an fear mór
an glas a scrúdú, scian phóca a chur ag obair
air, an coimeád a thriail, agus gach ní a
dh'fhéachaint go mion leis an ngloineán. Na
finneóga ansan, an fhinneóg a bhí ar an dtaobh
deas den ndoras ar dtúis. Bhí sé soiléir
go leór domh-sa gur cuireadh sparra iarain ag
obair a d'iarraidh í dh'fhoscailt, ach níor deineadh
ach an t-adhmad a bhrú. An fhinneóg ar an
dtaobh clé ansan, gach blúire de n-a leath
íochtarach leis an ngloineán. Bhí cré fé n-a
bun san thíos, cré an gháirdín 'na raibh bláthana
binne ag fás, agus b'fhuirist go maith a
dh'fheiscint go raibh sí brúite go maith fé chosa
daoine. Agus ar feadh na h-aimsire go léir
níor labhramair focal cainnte, ach fear an
bhuilg is me héinig fé mar dá mbeimíst balbh
agus gan fhios ag an bhfear eile go rabhamair
ann i n-aochor, dréir deárthaimh. Thug sé an
tarna féachaint ar an nglas is d'iarr ar
fhear-a'-tighe an casúr a thabhairt dó. Níor
dhein sé aon ghnó leis, áfach, ach é scrúdú go
h-ana-mhion leis an ngloineán. Mheasas go
bhfaca solus, breis sholuis fós, ag teacht ins
an scéal aige, nuair a bhuail an Cigire isteach
go groidhe agus triúr póilíní 'na theannta.



“Aon treóir fós i n-aon bhall?” ars' eisean
go grod le Séamas Mór. “Dheineas féinig
féachaint isteach ins an scéal indé agus níorbh
fhéidir liom puínn a bhaint as. Níl faic ann
ach na súile, agus munar tháinig an Fear Dubh
féinig n'fheadar cad ba bhun leis an bhféachaint
scannruithe. N'fheadar. Seadh, chím go bhfuil
críochnú déanta agat-sa, leis; agus bíodh orm
ná feadair-se puínn ach an oiread. Ní féidir
girriadh a chur as an dtor ná fuil sé ann,”
agus do thosnuigh sé ag gáirí, mion-gháire
beag searúis, mar bhí an Barrach ag machtnamh
dó féinig, na lámha ins na pócaí aige agus é
ag féachaint i bhfad uaidh an doras amach.



“Seadh anois, tugaimíst féachaint ar sheómra
an …,” agus ag iompó deiseal dó do leag
sé a shúil don gcéad uair ar an gCigire.
“Dia dhuit indiubh, a Chigire, agus daoibh go
léir. Seadh, dubhairt an duine cóir seo go
rabhabhair chun teacht aríst indiubh. Cúrsa ait,
dar ndó. Ní cuimhin liom go bhfaca a leithéid
sin de scannra riamh im shiúlta. Bhfuil aon
tuairim agat-sa, a Chigire, muna miste dhom an
cheist a chur?”



“Tá, an tuairim seo, mar a dúbhart nuair
a bhís id chola ansan ar do chosa ag féachaint
na doras amach, ná tuigim cad a thárluigh
muna bhfuil gur theasbáin an Fear Dubh é
féinig dó. Níl ann ach go bhfuair sé bás agus
ní bheidh a thuille bainte agam-sa leis an scéal.”



“Seadh, bhí fear ann agus bhí sé dubh go leór
'na chroidhe, ach go h-áirithe. Ná h-imigh go
fóilín go bhfeicfead an bhfuil aon bhlúire eile
le fáil i seómra an chailín.” Agus do ghluais-
eamair linn.



“Ní gá dhuit é,” ars' an Cigire. “Dhein-
eamair é sin a chuardach, agus a chuardach go


L. 31


maith. Níl ann ach na gnáth-rudaí a bhíon aige
sna cailíní go léir agus dorn beag litreacha
— rínncí is drámaí agus cúpla ceann ó cháirde
thall ins an bhFrainnc. Níor ghá aon litreacha
grádha mar go raibh sí féinig agus an fear
bocht so thuas ana-mhór le n-a chéilig dréir
mar a deirean Mac Uí Luineacháin anso.”



Ach mar sin héinig deineadh iad a chuardach.
Ní raibh mórán díobh ins an mbosca — cúpla
ceann ó n-a máthair, cuireadh nú dhó ag triall
ar rínncí, cuireadh amháin a bhain le dráma.
Do so do thóg Séamas Mór ana-cheann, agus
chó fada leis sin de do thugas féinig, leis.
seo mar a bhí sí:



22 S. MH.,
19.11.'95.



A Bhríd Chóir,



Seachtain ó shoin do chuala nách fada go mbéadh ana-
dhráma ag teacht an treó ag triall ar amharclain Shráid
Phádraig. Tá sé tagtha, agus bead ag súil led theacht
im theannta ANOCHT. Bead ullamh pé tráth is mian
leat. Deineadh é léiriú cheana indiubh ar-a-dó.



Mise,



Is míle beanacht,



SÉAMAS.



Thug an braitheadóir aon léim amháin. “Seo
leat, a dhuine;” ars' eisean liom, “ní mór
dúinn bheith ag imeacht go fóil. Ní fada a
bheimíd, a Chigire, agus idir an dá linn
dh'fhéadfá súil a choimeád ar stad na traenach
go ceann leath-uair a chluig,abair. ‘Fastaoim?’
Ní h eadh, am briathar; ach ná dein má's dóigh
leat a leithéid.” Agus ar iompó na baise
bhíomair imithe.



“Cad a thuigean tu le S. Mh.? S. Sin
Sráid, dar ndó. Ní dh'fhéadfadh sé aon rud
eile a chiallú. Agus Mh. Mhuire, nú Mhaith, nú
Mhór, nú …? Nách shin é, díreach? Mhór.
Sráid Mhór. Bhfuil an gunnán agat? Maith
é sin, a bhuachail, agus coimeád ar teinneal é.
Dein.”



Fén am so bhí 22 Sráid Mhór bainte amach
againn. “Bhfuil Séamas …? Ach ní féidir
liom cuímhneamh ar a shloinne. Séamas Mac
…? Bhfuil sé istig?”



“Seadh! Séamas Ó Brádaigh atá uait.
Tá. Agus ba dhóbair dhaoibh gan breith air,
mar beidh sé féinig a d'iarraidh breith ar an
9.30 go Corcaigh. An nglaodhfad anuas air?”



“Ná dein má tá an deabha san air. Buail-
fimíd suas go dtí n-a sheómra. An tarna
seómra ar an dtaobh clé tréis casa deiseal
aige ceann an staighre? Tuigim. Go raibh
maith agat”: agus bhíomair ag cur dínn go
ciúin socair suas. Níl puínn eile ann.
Léimeamair isteach air, agus sar a raibh fhios
aige cad a bhí ag tárlachtaint bhí sé gabhtha
tógtha againn, agus na greamáin ar na lámha
air. Ní raibh puínn spártha againn. Bhí sé
ag cur a mhála fé ghlas nuair a bhriseamair
isteach. Dhá nóimint eile agus bhí sé imithe.



“A Shéamais Uí Bhrádaigh,” arsan Fear Mór,
nuair a bhí an gnó socair suas againn, “tán
tu tógtha agam mar gheall ar dhún-mharú Aodha
Mhic Sheannaigh, agus ní mór duit a thuiscint
pé cainnt a déarfair anois go dtabharfar id
choinnibh í ar ball.”



“Seadh, táim greamaithe agat, ach go
h-áirithe, péaca marú é nú dún-mharú;” ars'
an Bradach, agus chuir sé alltacht croidhe orm
a neamh-thógtha is a bhí sé a dh'fheiscint. “Agus
fairis sin is cuma liom: is cuma liom cad é
do mheas ar an ngníomh a dheineas, ná meas
dlí na hÉirean. Tuigim im chroidhe istig nár
dheineas ach an ceart; nár thugas don ropaire
ach an bás a bhí tuillte aige; nár dheineas an
peaca ba lúgha i láthair Dé;” agus bhí saghas
éigint aitis ag teacht orm, bhí sé ag labhairt
chó ciúin socair san agus an chroch ós a chionn
— rud a bhí fhios aige féinig go maith.



“A dhaoine, tá sástacht orm anois ná raibh
le fada an lá. Is mó uair a chluig a thugas
ag cuímhneamh air: is mó oidhche a dheineas an
cola briste ag taidhreamh air — an scannra a
bhéadh ar an meathtachán nuair a thuigfeadh sé
go rabhas-sa tagtha suas leis, nuair a dheinfinn
gáire isteach 'na bhéal le fonn díoghaltais,
nuair a bhrúghfainn mo mhéireana ar a scórnaigh
agus an t-anam a chomáint amach as a chorp
gránna. Agus a Thiarna, nár bhínn é? An
sceón a tháinig 'na shúile nuair a dh'aithin sé
me, an scannra a leath ar a cheannacha nuair a
thuig sé cad a bhí fúm, an dá shúil ag léime
as a chloigean nuair a bhraith sé go dtabharfainn
dó an trócaire chéadna a thug sé féinig dom
Mháirín dhílis nuair …”



“Ní mór dom a chur i n-úil duit aríst ná
fuilean tu ach ad chionntú féinig agus pé
cainnt a deir tu go dtabharfar id choinnibh é
ar ball. San am gcéadna má's maith leat
cúntas a thabhairt níl a bhac san ort.”



“Má's maith liom? Seadh, déarfainn gur
maith — is gur bínn. Béidir ná fuighead an
tslí chuige go deó aríst — mar ní bhfuighidh an
chnáib greim go deó ná go bráth ar mo mhuineál.
Agus de bhreis air sin, b'fhearra liom go
scríobhfá síos é ionnus go dtuigidh an saol
mo scéal-sa agus go dtuigidh, leis, go dtagan
an díoghaltas abhaile luath nú mall.”


L. 32


Ansan do thosnuigh sé: “Ins an bhFrainnc
a riugadh is a tógadh me agus Franncach seadh
me dréir dúchais, bíodh is go dtugtar Séamus
Ó Brádaigh orm anso i láthair na h-uaire.



Nuair a bhíos fásta suas thugas m'aghaidh ar
an bpríomh-chathair, Páris, ag foghluim doch-
túireachta. Bhí ag eiriú go blasta liom:
admhuíodh go raibh gach aon deárthamh go ndein-
finn na h-úntaisí nuair a bhéinn críochnuithe
amach. Seadh, má seadh, bhí an bhliain dheireanach
á thabhairt agam agus me ar barra-píce chó
fada le duaiseana is gach aon ní mar sin.
Bhí post breá ins an gcathair tairricthe dhom
cheana féinig: agus gach scéal ag imeacht chun
cinn go seóig.



“Agus ansan go h-oban i mBealtaine na
bliana san 18-- tháinig atharú ins an scéal.
Cuireadh rínnce uasal ar siúl — muintir na
hIollscoile a chuir ar siúl é — agus fuaireas
féinig cuire. Níor chuireas 'na choinnibh. Ní
chuirinn puínn spéise i rudaí mar sin — bhíos
ró-sháite isteach im ghnó féinig chun a leithéidí —
ach ón uair go bhfuaireas an cuire do chuas ann.
Ar an rínnce sin do chonnac don gcéad uair
Máire Ní Cheadaigh (ainm bhréige an tarna cuid
de seo) agus má bhí scéimh na h-aingilíochta ar
éinne riamh is uirthi a bhí. Thuiteamair i ngrá
le chéilig ar an bpoinnte, agus ar feadh
tamaill ni fhaca-sa ach blátha is ceól sa tsaol.
Níorbh fhada, áfach, gur cuireadh i n-úil dom
go raibh cúrsa eile ins an scéal; go raibh
Máire tréis teacht i n-oighreacht mhór; go raibh
fear gur bh'ainm dó Aodh Mac Seannaigh a
d'iarraidh í mhealla chun é phósa; ná cuirfí
suas le h-aon chur-isteach uaim-se. Chun scéal
fada a dhéanamh gearra fuarathas mo Mháirín
uasal aon mhaidin amháin agus scian 'na croidhe.
Bhí sí tréis a rá leis lom díreach dhá lá roimis
sin ná pósfadh sí é go deó; agus 'e bhreis
air sin, go raibh an ghráin mhairbh aici air.



“Seadh, a dhaoine, cuireadh i n-úil dom gurbh
é an ropaire seo gan aon amhras a dhein an
gníomh. Deineadh é dheimhniú. Ach an fhaisnéis
a fuaireas ní dh'fhéadfainn é thabhairt ós cóir
na cúirte. Níor ceaduigheadh dhom é. Cad a
dheinfinn? Mo Mháirín ghleóite dhílis sínte san
uaigh fhuar — agus ná bainfí díoghaltas amach?
Ach! a dhuine, bhí mo chuid fola ag imeacht ag
fliuchaigh 'na caise teine: neartuigh fuinneamh
na feirge beó i ngach ball díom. Ar cheap
sé, an ropaire, go seasóinn é, ná raibh im
chliabh ach fód móna i n-inead croidhe? Seadh,
ní raibh an tarna húistéar air. Dhíolfadh sé.
Ach an dlí? Thuth! Tá dlí ann, a dhaoine is
uaisle ná dlí na Frainnce: tá dlí an chirt
ann, agus chuirfinn-se i bhfeidhm í. Ach níor
mhór dom an aimsir a thógaint — tuigfí gur
mise a dhein é; agus theastuigh uaim gach amhras
a chaitheamh sall díom féinig dá bhféadfainn é.
An bithúnach! d'aistrigh sé as an áit go baile
eile. Níor mhór dom congantóir: duine a
choimeádfadh súil air is a thabharfadh an chaoi
dhom. Agus fuaireas í. Dhein sí é mhealla,
a chur ar a shúilibh go raibh cion aici air. Dhein
san an gníomh. Thánag air sa deire, agus ba
bhinn é an teacht. Fuaireamair — beirt againn
— dul isteach 'na sheómra i lár na h-oidhch.
Agus, a Dhia, nár mhilis é — an ropaire a sháidh
an scian isteach i gcroidhe mo Mháirín féinig
ar an leapain ansan ós cóir mo dhá shúl.
Díoghaltas! Bhí ceól ins an bhfocal. Ba
mhinic i n-uaigneas na h-oídhch agus an saol go
ciúin 'na chola, ba mhinic a chuímhnigheas air —
go bhfuighinn an greim air, go mbéadh an beithíoch
garbh gránna ag screadaíl is ag béicigh a
d'iarraidh trócaire orm: go nochtfainn an
scian dó, an scian chéadna a sháidh sé isteach
i gcroidhe mo stóirín: go dtuigfeadh sé go
raibh tráth an díoltais tagtha: go leathfadh na
súile aige: go mbánóch sé: go séidfeadh an
fuar-allus amach tríd: go n-árdóinn an gléas
gránna maruithe: go dtabharfadh sé fé
labhairt: go bpreabfadh an dá bholg-shúil amach
as na logaill aige le bárr scannraidh: go
mbéadh a chuid féinig fachta thar n-ais aige —
fachta uaim-se toisc gan éinne eile ann chun
é thabhairt.



“Ní fearra dhom an scéal do chur i bhfaid.
Bhí gach ní ciúin socair. Bhíomair ullamh.
Scríobhas ar an bhfalla ag cosa na leapan le
h-earra a dhein spréacharnach mhór soluis an
t-aon fhocal amháin, ‘Díoghaltas,’ agus fé n-a
bhun san i litreacha móra, ‘Séamas Ó Brádaigh.’
Mhúsclóimíst é. Agus ansan? Chífeadh sé
an scríobh. An screadfadh sé? Dhúiseóch
muíntir an tighe, agus níor bh'áil linn é sin.
Cheangluíomair ceirsiúr go maith treasna ar a
bhéal. B'fhuirist na lámha a shocrú. Ach an
fhuil? Thógfadh bean an tíghe scannra agus
bhéadh fhios gur deineadh é mharú. Slí eile?
Seadh, do chuímhnígheas air. Tairngín beag!
Ní bhéadh fhios ag éinne é, ná amhras. Bhí
buidéal beag nímhe agam, an nimh ba láidre
ab fhéidir dhom a dh'fháilt. Thárluigh gach ní fé
mar a bhí meághaite agam roim ré, ach amháin
ná féadfadh sé scread a dhéanamh. Nuair a
bhaineas casa as an sciain mheasamair go
léimfeadh sé as an leabaidh orainn. Bhí na


L. 33


súile ag at amach. Thumas an tairnge i
mbraon den nimh. Cúpla buille beag agus
bhí sé imithe abhaile. Féachaint scannrúil amháin
orm, féachaint mhillteach, agus d'iompuigh an
radharc 'na cheann. Thugamair socrú oiriúnach
ar na h-éadaighe; dheineamhair an ghruaig a
chóiriú: is bhí an gnó déanta.



“Ach ní rabhas ag súil leis seo. Conus a
dheineabhar an tig seo d'aimsiú, sin rud ná
feadar-sa. Dhá nóimint eile agus bhíomair
glanta linn sa traen — triúr againn. Tá na
ticéidí im póca. Ach is cuma liom. Fúibh-se
araon, a dhaoine, atá socrú an scéil seo anois.
Ní dún-mharathóir me. Ná ní raghaidh an chnáib
ar mo mhuineál go deó fé mar a dúbhart cheana.
An bhfeicean sibh an liathróidín bheag seo idir
na fiacla agam? Leath-nóimint eile agus
bead ar an dtaobh eile, ar shluagh na marbh,
má chuirean sibh chuige me. Tá an fhírine ráite
agam. Cad deirean sibh-se? Abraighidh.”



“Ach, a Shéamais Mhóir, ní thuigim i n-aochor
conus a dheinis an scéal do léiriú duit féinig.
Agus, ar an dtaobh eile, ní dócha go raibh aon
draoidheacht ann. Ní bhíon de ghnáth. Ní
fhaca-sa aon rud aisteach ach amháin an S. Mh.
ins an litir sin — má's aon rud aisteach é —
agus ní thógfainn ceann ar bith don litir mura
mbéadh go bhfaca tusa á thógaint.”



“Súile gan radharc, agus feiscint gan
tabhairt-fé-ndeara, agus meabhair gan tuiscint.
An dtuigean tu an méid sin? Tá an cúrsa
chómh soiléir — sé is soiléire fós — ná fuil ann
ach meilt aimsire bheith ag trácht thairis. Is
cuma liom, áfach, mar go mbead ag dul go
hAifrean a dódhéag amáireach agus níl a
mhalairt le déanamh agam. Sláinte chúghat!
Má thugan tu lasán dom anois bead ar mo
thúilín tseabhrach.



“Ar an gcéad dul síos, fé mar a dúbhart
leat go minic cheana, caithean duine gan a
aigne a cheapa roim ré. Má cheapan beidh sé,
i gan fhios dó féinig, a d'iarraidh spallaí an
chúrsa a lúba is a mhúnla chun teacht isteach
leis an aigne sin. Agus ansan nuair a bhíon
duine ar an láthair caithfidh sé gach spalla a
scrúdú ann féinig — gach spalla beag agus
mór — mar ná feadaraís cá mbéadh an tábhacht.



“Bhí sé léir go leór dom nuair a chonac
an corpán gur deineadh marú. Níl aon ní
eile go bhfios domh-sa a mhíneóch an fhéachaint
scannruithe sin. Mheas na dochtúirí gurbh
amhlaidh a theip an croidhe. Do mheasadar!
Cad ba thrúin bháis mar sin? Níor tachtadh é —
bíodh is gur buaileadh rud éigint treasna ar
a bhéal — mar níor stopadh an tsrón ar aon
tsaghas slí. Níor deineadh aon ana-ghearra ar
an gcroicean dréir mar a dúbhairt na póilíní.
Nimh? Béidir é sin, ach níor mhór gach blúire
den gcorpán d'infhiúcha go géar leis an
ngloineán chun é sin a dhéanamh amach. Aon
tslí eile? É ghortú ins an gceann. Seana-
shlí é sin, agus is minicí a deintear é ná
mar a meastar. Ar thugais fé ndeara chómh
cóirithe is a bhí an ghruaig? Ró-chóirithe, a
dhuine. Níor dheineas ach cíor mín a rith tríthi
agus fuaireas an buachail. Dheinfinn an
cuardach san, gan amhras, ach bé cóiriú na
gruaige a thairig me ar dtúis. Cad a dhein
an chomáint? Bíon casúir bheaga póca ag
imeacht a dheinfeadh an gnó go binn. Ach bé
gurbh é casúr an tíghe a dhein an gnó? Bé —
fé mar a chonac nuair a dh'fhéachas air. Tá
go maith: ach conus a fuair sé é? Dhein sé
cuardach dhó, béidir. Béidir: ach nár chosúla
go raibh fhios aige cheana cá raibh sé? Agus
cé déarfadh leis é? Fear-a'-tíghe? Bean
an tíghe? An seirbhíseach? Ní raibh fhios agam.
An Luineachánach féinig? Ní raibh fhios agam
éinní a chuirfeadh chuige é. An bhean? Ní
raibh puínn deárthaimh leis sin. An cailín?
Ní raibh sise sa tig i n-aochor: agus dá mbéadh
féinig ná raibh sí i ngrá le hAodh Mac
Seannaigh? Ná raibh sí luaithte leis? Níor
mhór dom fille ar an scéal muna bhfuighinn
breis sholuis i mball éigint.



“Ansan conus a tháinig an marathóir isteach?
— agus isteach a tháinig, mar níorbh iad rianta
cos an Luineachánaigh a bhí thuas sa tseómra, ach
beirte eile. Deineadh barra iarainn d'oibriú
ar cheann de sna finneóga thíos. Ach níor
deineadh í dh'oscailt, bíodh is go bhféadfaí san
gan puínn fothraim. B'ait liom é sin: agus
'na theannta, ná raibh an fhinneóg ar an dtaobh
eile ar oscailt? Seadh, bhí: ach béidir nár
thugadar san fé ndeara go dtí go raibh tos-
nuithe aca ar an gcéad fhinneóig? Dalla a
theastuigh uatha, a dhuine! Mar chuadar sall:
dheineadar siúl tímpal ar an gcré ag bun na
finneóige: d'fhágadar rianta ar adhmad na
finneóige. Ach níor chuadar isteach. Chuadar
thar n-ais go dtí an ndoras: d'oscluíodar é
le h-eochair, agus do bhuaileadar isteach tréis
na bróga a bhaint díobh féinig. Cad chuige na
geáitsí go léir? Bhí an eochair aca ó thosach:
fuaireadar í ó dhuine éigint: theastuigh uatha
an duine sin a chosaint le n-a chur ar ár súile
nách isteach an doras a chuadar. Agus cuna-


L. 34


thaobh nár thógadar an fhinneóg? Chun ná béadh
fhios againn conus i n-aochor a chuadar isteach.
Bhí duine éigint á chosaint aca mar sin. Cérbh
é féinig, nú í féinig? Duine den dtriúr
istig, dar ndó — an Luineachánach, a bhean, nú
a seirbhíseach. Chríochnuigh an litir an scéal.
Má bhí an cailín i ngrá le hAodh Mac Seannaigh
an dóigh leat go bhfuighfeadh sí cuire ó Shéamas
Mac Uí Rud Éigint chun dul ag triall ar
dhráma nár tháinig an treó i n-aochor, agus
an cuire sin cló-scríobhtha? Tá's agat féinig
an chuid eile.”



“Ach,” arsa mise, “an raibh aon chiall i
n-aochor leis an litir, an cuire, mar sin?”



“Bhí, agus ciall mhaith. Bhí teachtaireacht, nú
eólas, nú faisnéis, nú pé rud is fearra leat
a thabhairt air, ínti. Bhuail smaoineamh me.
Cunathaobh go raibh ‘ar-a-dó’ scríobhtha mar
sin? Agus bhí líne fén bhfocal ‘anocht.’
‘Seadh díreach,’ arsa mise liom héinig, ‘anocht
ar a dó!’ Ach níorbh í sin an oidhche. An 19adh.
lá a scríobhadh an litir. Seachtain 'na dhiaidh
a deineadh an marú. Thath! seachtain! Nárbh
'in é an chéad fhocal? Bhí sé go léir agam.
An chéad fhocal, an focal deireanach, an focal
go raibh an líne fé. ‘Seachtain anocht ar a
dó.’”



SEÓIRSE MAC CLÚIN



NIGHEACHÁN RIABHACH AN tSATHAIRN
NÍ BHÍONN SÉ GEAL DÉ DOMHNAIGH.



Dá bhrigh sin



Cuiridh bhúr gcuid nigheacháin chun



TIGH NIGHEACHÁIN NA CÚIRTE
(COURT LAUNDRY)



SRÁID HARCOURT, BAILE ÁTHA CLIATH.



Má theastuigheann aon eolas uait i dtaobh



FUINNEACH, MÓTOR,
CÓRACHA SOILLSE DO THIGHTHE TUAITHE,
TEUDA, nó aon chóir eile Teintrighe,
scríobh chum



F. W. PARKES & CO.,
Tigh Fhirdiaidh, Lána an Teampuill,
Sráid Dáma, Baile Átha Cliath.



FOGHAIR NA GAEDHILGE.



CEACHT A II.



DEIGHILT AR NA gCONSONA.



Mar seo is cóir na consona a roinnt:



(1). P, B, M, consona béil, nó consona an
chéad dorus na cainte.



(2). T, D, N, consona na bhfiacal agus barr
na teangan, nó consona an dara dorus na
cainte.



(3). C, G, NG, consona lár na teangan
agus an carball cruaidh nó bun na teangan
agus an carball bog, nó consona an tríomhadh
dorus na cainte.



(4). Ní bhacfaimíd den iarracht so le F, L,
R, S; do-gheobhaimíd gabháil thórsta go fóil.



Tá dhá fhoghar ag gach consona — an foghar
leathan agus an foghar caol.



Is féidir iad a theasbáint mar seo: Paou
agus Pei na foghair atá ag “P.”



Tabhair fé ndeara an gaol atá ag gach treibh
le n-a chéile. Ní fhuil in “p” acht greim
d'fhagháil ar an anáil leis an dá bheul (an dá
phus) agus annsin scaoileadh leis. An rud
céadna ta in “b” acht amháin go bhfuil ceol
gutha 'sa scórnach. Agus an sceul céadna ag
“m” acht srónghail a bheith ann.



Tá dhá chiall againn i sceul na bhfoghar-so
leis an bhfocal “guth”; guthanna tugtar ar
a, e, i, o, u, agus guth atá againn ar an gceol
nó an fuaim a bhíonn 'sa scórnach nuair a
bhíonn an sconán-gutha ar crith. Nuair adeir-
tear go bhfuil guth ag gabháil le “b” nó le
“d” nó le “g,” is é rud a chiallaigheann sé
acht go bhfuil an sconán-gutha 'sa scórnach ar
chrith. Agus nuair adeirtear go bhfuil srónghail
ag gabháil le “m” nó le “n” nó le “ng,”
is é brigh atá leis acht go bhfuil an cuas-
srónghail oscailte nuair a bhítear ag rádh an
fhoghair sin.



Seo rud anois gur cheart d'aoinne a bheadh
ag múineadh na foghair a mheabhrú go maith .i.
an sconán-gutha so agus an cuas-srónghail
chum go dtuigfeadh sé i gceart an gaol atá
idir P agus B agus M. Tá an gaol céadna
idir T agus D agus N leis; agus idir C agus
G agus nG. Ní fhuil in P, T, agus C acht greim
ar an anáil; in B, D, agus G tá an greim
ar an anáil agus an ceol gutha 'sa scórnach;
in M, N, agus nG ní fhuil an greim ar an


L. 35


anáil mar tá sé ag dul tríd an cuas-srónghail
agus tá an sconán-gutha ar crith 'sa scórnach.



Má thuigeann an múinteoir an ní seo i
gceart .i. má thuigeann sé an gaol atá ag
P le B agus ag B le M; nó an gaol atá
ag T le D agus ag D le N; nó an gaol atá
ag C le G agus ag G le nG, sin sceul nó
bunús an earchradh (úrdhubhadh) réidhtighthe aige.
B a dhéineann earchradh ar P agus M a dhéin-
eann earchradh ar B; D a dhéineann earchradh
ar T agus N a dhéineann earchradh ar D;
G a dhéineann earchradh ar C agus nG comhartha
an earchradh atá ag gabháilt le G.



Cad is Earchradh ann má seadh? Ní annsa.
Guth a chur le conson ná fuil ann acht anáil
nó srónghail a chur le conson ag a bhfuil guth.
Is dócha gur láidre B ná P ar chuma éigint
agus gur láidre M ná B, mar go dtéigheann
B ar scáth P chun é chosaint ó bhaoghal éigin
agus go dtagann M chum cosanta B féin.
Sean-rud ársa ag baint le ealadhain gach
teangan é seo. Tá sé níos buaine agus níos
soiléire 'sa nGaedhilg ná in aon teangain eile.



Is bocht an cás go bhfuil dhá chomhartha 'sa
scríobhadh atá ar an srónghail atá ag baint le
G .i. nG. Ba dhóigh leis na daoine bhí ag
foghluim na Gaedhilge agus ná raibh an foghar
cainte aca gurb' é rud a chiallaigh nG acht
gur N an earchradh bhí ar G. Ní hamhlaidh é
in aon chor acht nG an scríobhadh atá ar aon
fhoghar amháin .i. an srónghail ar G. Is dóigh
liomsa gurb' shin é an chúis a ndeirtí TÁ ÁR
NAS I NOB BHÚR NÉ do TÁ ÁR nG-GAS
I nG-GOB BHÚR nG-GÉ; agus GO MAIRIDH
ÁR N-ÉILING SLÁN in áit GO MAIRIDH
ÁR nG-GAEDHILING SLÁN.



Dá gceapfaí aon chomhartha amháin don
bhfoghar so badh mhór an ní é.



PÁDRAIG Ó CADHLA.



(Tuille le teacht).



BANDAÍ GLUAISTEÁIN.



AJAX TYRES



Gheibhtear iad go díreach ó Shasana Nuadh
gan aon bhaint le Sean-Shasana. Banndaí
thar barr iseadh iad. Mara bhfuil siad ag
gach aon siopa gluaisteáin ar fúd na
hÉireann ba cheart go mbéidís.



Seo an t-aon dream amháin de lucht
díolta bannda san iomlán a chuireann
suim i gcúrsaí na Gaedhilge.



Oifig — Cae Eden, 7, Baile Átha Cliath



GREANN.



Béarach é seo a tháinig aniar go dtí an
Caisleán Nua uair in aimsir an fhoghmhair. Bhí
an-chuid díobh tar éis teacht an bhliadhain cheudna.



Casadh sagart an pharóiste air seo lá, agus
adubhairt go searbhasach leis:



“Bhel, a Bhéaraigh,” ar sé sin, “cathain a
bheidh bhúr ndeireadh aniar, ní fheadar?”



“Nuair a bheidh ár n-aghaidh siar, a Athair,”
arsa an Béarach.



Fear a dtugaidís Seán an Leacht air bhí in
a chomhnaidhe i dtigh beag cinn tuighe amuigh ar
Chnoc an tSéideáin.



Bhí an tighearna talmhan lá ag fiadhach ar
fuaid an tsléibhe agus tháinig an lá fliuch air.
Bhuail sé isteach chum tighe Sheáin agus thug sé
fé ndeara an braon anuas 'sa díon.



“Mhuise, a Sheáin,” ar sé sin, “dé chúis ná
cuireann tú díon ar do thigh?”



“Muise, ar ndóigh, a dhuine uasail,” arsa
Seán, “ní chuirfeá aoinne amach dá dheunamh
indiu.”



“Ó, ní chuirfinn, a Sheáin, acht gheobhthaí é
dheunamh leis an lá breágh.”



“Mo fhocal duit, a dhuine uasal,” arsa
Seán “ná bíonn aon bhraon anuas an lá san.”



Buachaill a bhí i mBaile Átha Cliath i gcóir
an Teasbántais R. D. S., agus ba é an cheud
uair do bhí sé sa chathair mhór. Istoidhche d'fhág
sé a chuid beithidhthigh agus chuaidh sé isteach i
lár na cathrach. Thug sé fé ndear an comhartha
in áirde ar an tigh in aice Droichid Uí
Chonaill, “Caithigidh a leithéid seo do thoitíní,”
agus é ag teacht agus ag imtheacht i soillse
dearga. “Buidheachas le Dia,” ar seisean,
“sin é an sgríobh is mire dá bhfacaigheas
riamh.” Chuaidh sé go dtí an “Royal” agus
do chaith sé fanamhaint i queue. Bhí fear ann
agus banjo aige mar a bhíonn de ghnáth, agus
tréis cúpla port do sheinnt do chrom sé ar
phingne do bhailiú ós na daoine. Tháinig sé
go dtí mo bhuachaill agus do shín sé a lámh
amach chuige. “Cé mhéid atá agat orm, a
dhuine uasail?” arsa mo bhuachaill.


L. 36


LEITREACHA.



9/10/1922.



A Fhir Eagair na Sguaibe Glaine,



Le hanmainn do mhairbh cé hé an mútóg milleadh
maide a chuaidh in iomaidh le Gaedhilg a chur ar d'áit
chomhnuighthe nó an féidir gur as do stuaim féin a
dheinis é. Má 'seadh, bheil, is baoghal liom dúinn.



Mise,
TADHG GAEDHEALACH.



D'Fhear Eagair “An Sguab.”



Beatha agus sláinte!



Fearaim na mílte fáilte romhat, ach ní fheadar ó
thalamh na cruinne an dtiocfaidh an litir seo suas leat.
'Sé amhras atá orm an í Cearnóg Mountpleasant, i
Raghnallach, nó Cearnóg Mountjoy 'sa chathair, an áit
a mbíonn tú, nó an amhlaidh atá Cearnóg do-aithnid
bainte amach agat duit féin amháin.



Tá tú óg go maith dar ndóigh, mar níl tú ach uimhir
d'aois go fóill, agus ní misde dhuit comhairle carad
a dhéanamh. Faigh crut ceart ar ainm d'oifige agus ná
bí id' staicín aiféise ag an saoghal Gaedhealach.



Go n-éirigh le do chúram.



Is mé,



DUINE DE'N MHUINNTIR.




[Táimíd ar aon aigne amháin le Duine de'n Mhuinntir
agus le Tadhg Gaedhealach. Nuair a osgailighmear an
Oifig seo do sgríobhamar chun Árd-Oifig an Phuist ag
fiafruighe dhíobh cad é an Ghaedhilg oifigiúil bhí aca ar
Mountjoy Square; d'fhreagairighdear gur cheart Cearnóg
Cnocán Áthais do sgríobh. Dá bhrígh sin siad is cionntach.
Ní raibh aon údarás againn ar na focail Montseóigh,
Montseóidhe, &rl., agus do bheadh gach aon leathsgeul
ag muinntir an Phuist dá mbeadh moill ar ár gcuid
leitreacha maran úsáidfimíst an fuirm oifigiúil. Is
amhlaidh ná fuil sé sgríobhtha in áirde i nGaedhilg in aon
áit ag Cumann na Cathrach. 'Sé an feall é gan ainm
nuadh do thabhairt ar an gCearnóig — b'fhuiris ceann
oireamhnach do cheapadh is dócha. — Fear Eagair.]



33 Parád Ghleanngairbh,
Baile Átha Cliath,
11/10/1922.



D'Fhear Eagair na Scuaibe.



A Chara, — Nuair a thosnuigheas ar an “Scuaib” do
léigheamh 'sé an chéad rud do bhuail mo shúile ná “An
rud atá ar intinn againn,” acht tar éis ailt “Tadhg
Gaedhealach” do léigheamh cheapas liom féin go mbéadh
sé ceart agam “an rud atá im intinn féin” do chur
chughat. Deinim chomh maith.



Mise le meas,
DIARMUID Ó DUIBHNE.



AN RUD ATÁ IM' INTINN FÉIN.



Nuair a fuaireas an Scuab do mheabhras féinig,
Go mbéadh sí i n-ann gan dabht ná bréag leis
Ar na cúinní casta greamuithe Gaedhilge,
Do ghlanadh ó dhríb le brigh is éifeacht.



M'fhóiríor fada é, ní mar sin do thaobhuig,
Acht smúit dubh-bhuidhe le gíogras claonmhar
Do scaipeadh mór dtimchioll ar fhír-shliocht Ghaolach
Bhí briste 'na gcroidhe tar éis na díge réabadh.



Má's uaitse atá bheith tráth le Gaolaibh,
Ní mór é an scuab bheith mín deas déanta,
Nú fágfar ar lár mórán de spréidheanna,
Ar leaba a báis gan cáil gan léir-mheas.



Ní cóir é go bráthach a bheith le rádh ag éinne
Go raibh snaidhm gharbh cnáibe le fagháil gan réidhteacht,
Agus má leantar de'n ráib ní fios cá straefidh,
An tarcuisne cáile seo ó Thadhg nea-Ghaolach.



DIARMUID Ó DUIBHNE.



[Comhnuigheann Tadhg fé'n dtuaith, agus dá bhrígh sin
ní'l sé tréis é seo d'fheiscint fós. Is dócha go mbeidh
rud éigint le rádh aige mar gheall air sa cheud uimhir
eile. — F. E.]



Is beag ar fad de leabhra tháinigh isteach chughainn ó
shoin ach o Phreas Dhúin Dealgáin amháin. Coimeád-
famuíd an liosta úd go dtí an cheud uimhir eile.



INNILL



Deinimíd iad d'ath-dheunamh a's do deisiú.
Is féidir linn an obair do dheunamh níos túisge ná aon
dream thar sáile; táimíd chó éifeachtamhail & chó reusúnta
leo.



Ta taithige againn ar an obair seo
ar feadh 30 mbliadhna agus níos
mó, ar fúd na h-Éireann.



Cuirfimíd innealthóirí toghta amach
go dtí aon áit i n-Éirinn gan
mórán moille.



Geo. WATT, Ltd.
Soho Works, Bridgefoot St.
Áth Cliath.



Guthan:
4268



Telegrama:
“WATT
DUBLIN.”


L. 37


EACHTRADH EIBHLÍS
i dTír na niongantas



PÁDRAIG Ó CADHLA do chuir Gaedhealg
ar an sgeul so. C. Ní Bheirsceoil agus Úna
de hÍde a dhein na pictiúirí, 4/6 glan



'Sé bunús an leabhair seo ach “Alice in Wonderland”



SEÁINÍN NÓ
EACHTRA MIC MÍ-RIALTA



“AN SEABHAC” DO SCRÍOBH



Úna De hÍde a dhein na pictiúirí
Díreach tar éis teacht amach, 4/- glan



CLÓDÓIREACHT GHAEDHILGE



Tá fhios ag cách cad é an cháil atá againn i dtaobh
Béarla a chlóbhuaileadh. Is féidir linn a chomh-mhaith
a dhéanamh leis an nGaedhilg. An fear a chuireann
an Ghaedhilg le chéile, duine de lucht an “Fháinne”
is eadh é.



MAUNSEL & ROBERTS, TEO.,
SRÁID BHAGÓID, ÍOCH., 50, BAILE ÁTHA CLIATH



EIBHLÍS I dTÍR NA nIONGANTAS.



Nuair do bhí Pádraig Mac Piarais ag léigheamh “Cnoc
na nGabha” Mhichíl Bhreathnaigh — go ndeinidh Dia grásta
agus trócaire orra araon! — b'éigean dó fios do chur
ar “Knocknagow,” mar nár léigh sé riamh cheana é,
fé ndeanfadh sé comparáid idir an leabhar agus an
tionntódh. Mar sin dom-sa nuair fuair mé Eachtra
so Eibhlís ó Phádraig Ó Cadhla; b'éigean dom fios do
chur ar “Alice in Wonderland.” Tá sé agam anois
agus tá an dá cheann léighte agam.



Ith gráinne siúicre agus annsin blais milseán éigin
as an siopa, nó an mhil féin. Ní mar a chéile an dá
shaghas milseacht, agus is beag ná cuireann siad a chéile
ar neamhnídh ar do chogansach. Sa tslighe ceudna, is
beag ná cuireann Beurla agus Gaedhilg “Eibhlís” a
chéile ar neamh-nídh ort. B'fhearr liom-sa ná léighfinn
acht ceann amháin díobh pé scéal é, agus is dóigh liom
go dtoghfainn mar rogha an Ghaedhilg. Ní hamhlaidh go
gcáinfinn an Beurla seachus na Gaedhilge — ní healadha
dhom a leithéid, agus do b'fhuar uaim é — acht, ó's
Gaedheal mé, is blasda liom an rud Gaedhlach. Gan
dul níos sia, molaim Pádraig Ó Cadhla an mhéid sin
do bheith le rádh agam — dá mbeadh a chuid Gaedhilge
gan bhlas badh shearbh liom í, is dócha!



Crádh croidhe Gaedheal na haimsire seo na leanbhaí.
Nuair tosnuigheadh ar obair seo na Gaedhilge ba bheag
duine chuimhnigh ar na leanbhaibh ar aon chor, agus an
foth-dhuine do chuimhnigh ó shin orra, nuair b'áil leis
freasdal dóibh, ní mó ná maith do tuigeadh cad do bhí
ar siubhal aige. Sin é cúis an saghas múineadh dheintear
i gcraobhachaibh an Chonnartha. Le haghaidh leanbhaí do
ceapadh an múineadh, cé gur daoine fásta atá san
Chonnradh! Adeirtear leis na daoine fásta — cuid aca
agus féasóga go crios orra — “déinidh leanbhaí díbh
féin,” adeirtear leo, “má's maith libh teanga d'fhoghluim.”
Dar ndóigh, ní féidir leó leanbhaí do dhéanamh díobh féin
agus — ní fhoghluimíd an teanga! Annsin arís, an chraobh
fhánach a dtugtar aire dos na leanbhaibh ann, ní bhíonn
spórt ná caitheamh aimsire oireamhnach do leanbhaibh ann,
acht leabhra troma, dúra, diamhara, dorcha, agus grama-
dach, agus — AISTRIUCHÁN. Agus tá a rian ar na
leanbhaibh. Ní fhoghluimíd an Ghaedhilg acht chómh beag
leis na daoinibh fásta. Adeir daoine gurbh í an
Ghaedhilg teanga Ádhaimh agus Ébha. Ní móide nárbh í.
Daoine éigin ná raibh riamh óg ba eadh na céad Gaedhil
do réir deallraimh.



As a mhagadh sin, pé chúis ba bhun leis, ní raibh aon
litridheacht do bhí oireamhnach do leanbhaibh sa Ghaedhilg go
dtí le fíor-déidheannaighe, agus ní'l mórán dí fós
innte. Do bhí na sceulta fiannaidheachta, dar ndóigh,
acht i gcóir a léighte nó a innste dos na leanbhaibh iad
sin; ní fhéadfadh leanbh iad do léigheamh dó féin. Is
dócha gurbh amhlaidh do bhí, nuair do bhí an Ghaedhilg ag
leanbhaibh na hÉireann, ní raibh na leanbhaí i nÉirinn ná
i n-aon áit eile, i n-iúl ar léigheamh. Tháinig na scoil-
eanna annsin, agus leabhra le h-aghaidh leanbhaí le n-a
gcois. Na scoileanna do tháinig i nÉirinn, ní raibh aon
Ghaedhilg ionnta, agus d'fhág sin leanbhaí na hÉireann
gan leabhar gan léigheann Gaedhlach. Anois is eadh
atáimíd ag cuimhneamh ar idir Gaedhilg agus leabhra do
sholáthar dóibh, agus atá de dhallamlóg orrainn go
bhfuilimíd a d'iarraidh an Ghaedhilg do mhúineadh dóibh
tríd na leabhraibh! Dar ndóigh táimíd roimh-ré linn


L. 38


féin. Caithfear an Ghaedhilg do bheith go pras ag leanbh
fé bhfuighidh sé aon taithneamh i leabhar Gaedhilge. An
“Eibhlís i dTír na nIongantas” so féin, is baoghal
liom gur fíor-bheagán leanbhaí i nÉirinn atá i n-iúl ar
é léigheamh. Is fíor, is truagh, agus gur fíor is móide
is truagh, mar gur le h-aghaidh leanbhaí é, agus ná
fuigheadh aoinne acht leanbhaí an taithneamh ceart do
bhaint as.



Is eadh, dá gcuirtí an cheist chugham, adéarfainn
gurab é an “Eibhlís” seo an leabhar Beurla an leabhar
is deacra ann chum Gaedhilg — ná aon teanga eile — do
chur air. An greann, an sult, an dosaireacht cainte,
agus an draoidheacht bhaineann leó, cuid de'n Bheurla
iad, agus is ar éigean is féidir iad do thabhairt amach i
dteangain iasachta. An t-aon rud do dhéanamh le n-a
leithéid, an Ghaedhilg do chur ar an mBeurla ar dtúis,
agus annsin teacht agus Gaedhilg do chur ar an
nGaedhilg sin. Ní fheadar an mar sin do dhein Pádraig
Ó Cadhla é. Pé rud do dhein sé, nó pé chleas d'imir.
sé, tá Eibhlís 'n-a Gaedheal aige, agus, bíodh nár thug
sé leis cuid de'n ghreann atá i ndosaireacht cainte
Lewis Carroll, thug sé dosaireacht Gaedhilge duit 'n-a
h-áit, agus ní deirim ná gur deise an rud Gaedhlach
ná an rud Gallda. Tá fearamhlacht, nó neart, nó
éifeacht éigin, ag baint leis ná fuil sa mBeurla. Nárbh
é an Dochtúir de hIndeberg adubhairt gur teanga
bhfear agus nach teanga ndailtíní an Ghaedhilg? Pé
duine adubhairt é, cuireann an “Eibhlís” seo ag
cuimhneamh air thú. An racaireacht filidheachta go mór
mhór, cé dhéarfaidh nach nádúrtha, breágha, buige “Tá
'n-a lá,” ná “Will you, won't you; will you, won't
you”? Ní dhéarfainn an rud ceudna i dtaobh “Na
Connerys” atá ag Pádraig mar abhrán do'n ollphiast,
acht b'fhéidir gur fearr a thuigsint sin sa scéal ná mo
thuigsint-se, mar, dar ndóigh, an trí-na-chéile cainte
agus ceóil agus eile do bhí uaidh le chur i n-iúl, agus
ar aon tslighe cárbh iongna áiféis i dTír na nIongantas?
Dála an scéil, i n-ionad an Hatter buile, tá Fear Lár
na Gealaighe ag Pádraig. Maith an áit a raibh sé agus
cuimhneamh air.



Ná bím ag déanamh paidir capaill de mar scéal.
Is é an chéad leabhar ó Phádraig é, agus cia a léighfidh
é ná déarfaidh “má's maith is mithid.” Mar tá daoine
ann — ní cháinim iad, mar is é a nádúir é — agus ní
bhíonn bliadhain caithte acu ag foghluim na Gaedhilge
nuair ní fuláir leó leabhar Gaedhilge — gramadach
b'fhéidir — do scríobhadh. Ní mar sin do Phádraig.
An Ghaedhilg an chéad teanga bhí aige, agus tá sé le
fiche bliadhain is breis 'gá múineadh, acht mar sin féin,
ní leómhfadh sé leabhar do scríobhadh go dtí anois. Tá
tosnuighthe aige sa deire agus gura fada gur sos dó



“MARBHÁN.”



Pádraig Ó Cadhla d'aistrigh ó Bhéarla Lewis Carroll.
Maunsel agus Roberts. 5/6.



PRÍOMH-UGHDAR SPÁINNEACH I nGAEDHILG.



In ainm na haimiléise dé chúis an “Synopsis” úd
i mBeurla? Millean sé an leabhar dréir mo thuairm:
sé sin a rádh an leabhar mar a chuireadh amach é. Seo
leabhar breagh tabhachtach, aistriú deunta ar ceann des
na leabhair is mó clú sa domhan agus Gaedhealg breagh
nádúrtha curtha air ag duine gur fiú Gaedhilgeóir do
ghlaodh air, agus i dtosach an leabhair sé nó seacht de
leathanaigh ag innsint éirim an sgéil roimh-ré. Ní
thuigim obair den tsaghas sin.



Tá an Ghaedhealg go breágh. Táim sásta ná fuil aon
phioc dabht mar gheall air sin: agus tá an sgeul
suimeamhail go leór leis. Tá's agam go bhfuil a lán
daoine ag cur síos gach saghas milleáin ar an Athair
Peadar toisc gur ath-innis sé an sgeul 'na shlighe féin.
Níor léigheas riamh an sgeul seo fé bhfuaireas i
nGaedhilg é, agus dá bhrígh sin ní féidir liom aon
tuairm do thabhairt ar an bpoinnte sin. Is amhlaidh is
fearrde dhom é sin is dócha. Bíodh sin mar atá, nach
áluinn an rud é go bhfuil a leithéid le rádh agam
gurb as Gaedhilg do léigheas-sa “Don Quixote” an
cheud uair. Tá áthas orm nach bhfuil mórán desna
“classics” léighte agam in aistrighthe Beurla, anois go
bhfuil seans againn go bhfuighfimíd iad i nGaedhilg in
áit a chéile. Dá mhéid é an cáineadh fuigheann an
tAthair Ó Laoghaire i dtaobh leanbhaidheachta a chuid
Gaedhilge agus mar sin de, agus bíodh nach díthcéille
ar fad é ach an oiread, is mór an truaigh é ná fuil sé
annso againn fós chun cúpla leabhar eile mar “Don
Cíochóté” do thabhairt dúinn.



C. M.



“Don Cíochóté”: An tAthair Peadar Ua Laoghaire do
sgríobh ón sgeul Spáinneach. Brún agus Ó Nóláin
d'fhoillsigh. 1/6 luach.



GNÁTH-EOLAS AR NÁDÚIR.



Fé ughdarás Aireachta an Oideachais d'fhoillsigheadh
an leabhar seo. Ní páiste sgoile me, ach do chuireas
an-shuim ann mar sin féin. Is iongantach an uireasbhaidh
eolais a bhíonn ag an ghnáth-dhuine ar na rudaí coitchianta
a mbíonn trácht ortha sa leabhar seo. Tosnuigheann
Pádraig leis an ainmhídhe is suaraighe agus cuireann sé
i dtuisgint do dhuine conus a mhaireann a leithéid agus
mar sin de suas go dtí an duine daonna. Annsan
mínigheann sé conus oibrigheann an Corp daonna. Sa
dara roinnt bíonn trácht ar an aer, ar an mbarométer,
ar oicsigein, ar dhrúcht, ar shneachta, ar ghal, &rl., agus
sa tríomhadh roinnt ar phlanndaí. Nuair a chuirim 'na
luighe ar an léightheoir gur leabhar suimeamhail do dhuine
fásta é seo, ní hionann san agus a rádh ná fuil sé
oireamhnach don aois óg: ní headh, ach a mhalairt, chó
fada a's a bheadh an Ghaedhealg aca go flúirseach. Níl
an Ghaedhealg atá ann go cruaidh, dar ndóigh, ach níor
mhór do pháiste an Ghaedhealg a bheith aige go nádúrtha
chun an tairbhe ceart do bhaint as an leabhar. Tá na
“plátaí” do dhein “An Buachaillín Buidhe” (cúig cinn
deug ar fad) go h-an-mhaith, ach ní thaithnigheann liom
an leitriú Rómhánach a bheith ortha agus an leabhar féin
clóbhuailte sa leitriú Gaedhealach: ba cheart an rud ar
fad a bheith mar a chéile. Níl aon chúis gearáin eile
ann ach amháin go bhfuil an iomarca dearmhad cló le
fághailt. Molaim an leabhar seo go hárd.



“Gnáth-Eolas ar Nádúir.” Pádraig Ághas do sgríobh.
Comhlucht Oideachais na hÉireann d'fhoillsigh.
leath-choróinn a luach.


L. 39


AN GHAEDHEALG INSNA SIOPAITHE.



Is ait linn nár cuireadh aon phioc suime i gceist na
siopaithe, &rl., 'n-a bhfuil an Ghaedhealg 'á labhairt.
Bhíomar ag coinne le an-chuid ainmeacha, agus seo an
méid fuaramar. Tá saghas náire orrainn an liosta
d'fhoillsiú in ao' chor. Cheapfá go gcaithfidhe díol as
an rud so in áit Fógra d'fhághailt in aisge!



Ághaistín Ó hAodha, Táilliúir, Sráid an Húmaigh a 16,
Baile Átha Cliath.



J. L. Stewart, Siopa Córacha Oifige, Faithche an Choláiste
a 4, Baile Átha Cliath.



Muintir an Ráithín, Gáirdíní Oileamhna Crainn, Tuaim-
gréine, Co. an Chláir.



Siopa na Leabhar nGaedhealach, Sráid Dáson a 45,
Baile Átha Cliath.



H. Ridgeway, (aon duine amháin), Bearrbóir, Sráid
Westmoreland a 22, Baile Átha Cliath.



Bannc na Talmhan, Faithche an Choláiste, Baile Átha
Cliath.



LEABHAIR GHAEDHILGE.



Má tá leabhar Gaedhilge ag
teastábhail uait, pé'cu Sean-
leabhar é nó Leabhar atá díreach
tar éis teacht amach, gheobhair
a thuairisc acht ceist do chur ar



Mháire Ní Raghallaigh,
(Díoltóir Leabhar ar son Connradh
na Gaedhilge),



87 SRÁID UACH. NA
DRISEÓIGE, ÁTH CLIATH.



N.B. — TÁIBLÍ NA GAEDHILGE
(Seán Ó Catháin), 16s. 6d., á
ndíol ag an seoladh so thuas.



TOBAR NA FÍOR-
GHAEDHILGE
I
Rinn Ó gCuanach i
nDúthaigh Déiseach.



CAITH DO SHAOIRE AR DO SHUAIMH-
NEAS ANN AGUS RAGHAIDH SÉ
CHUM TAIRBHE DO SHAOGHAIL AGUS
DO SHLÁINTE.



Tá tigh fada fairsing i gcomhair bhídh,
iostais, agus an mhúineadh ag lucht
Iolscoile na Mumhan ann — an fhar-
raige i mbeul an doiris aca agus
cóir folcadh idir Shamhradh agus
Gheimhreadh.



Tá táisc agus tuairisc an Scoil
Samhraidh i mbaile a's i gcéin.



SCOIL NA LEANBHAÍ



Fé chúram “An Fhir Mhóir” — Fear
“An Ghéilín,” Fear “An Bhreugáin,”
Fear “An Fhéirín,” agus Fear “An
tSeanchuis.”



“Ní mhúintear Gaedhealg annso,
labhartar í” — tuairisc Sheoirse Mhic
Niocaill ar obair na scoile.



Ta gach fios agus faisnéis le fagháil



Ó'N bhFEAR MÓR
I RINN Ó gCUANACH.



Nó ó PHÁDRAIG Ó CADHLA,
I Lúbán Díge,
I gCo. an Chláir.


L. 40


BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA.



ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.



DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT
GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT.



Bun-airgead Geallta, £406,000.



Bun-airgead Díolta, £203,000.



Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1922, £1,900,000.



BUNUIGHTHE 1920.



BRAINNSÍ:—



68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh,
Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis,
Maghchromtha.



THE
NATIONAL
LAND BANK
LTD



Luach Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason & a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Mansuel & Roberts Teo.,
Áth Cliath, & foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services