Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Uimhir a h_Aon Deireadh Fóghmhair 1922
Title
Uimhir a h_Aon Deireadh Fóghmhair 1922
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1922
Publisher
Muintir an Sguab
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN SGUAB Uimhir a h-Aon DEIREADH FÓGHMHAIR 1922 3p. SA MHÍ RÉIM NA H-UIMHREACH SO AN RUD ATÁ AR INTINN AGAINN 3 IOLSGOIL NA MUMHAN (SCEUL A BHUAIDH) PÁDRAIG Ó CADHLA 4 DÍOGHALTAS NA hOIDHCHE SEÓIRSE MAC CLÚIN 6 AGALLAMH IDIR ÉIRE AGUS SEÁN BUIDHE TOMÁS DE BHIAL 8 TUGTAR CEART DON GHAEDHILG “TADHG GAEDHEALACH” 10 CRAINN “AN CHÚ MHALL” 12 FOGHAIR NA GAEDHILGE PÁDRAIG Ó CADHLA 14 AN GHAEDHEALG OS COMHAIR NA nDAOINE AMACH 16 COMÓRTAS 18 LIOSTA LEABHAR 19 AN LEABHARLAN: An cnúsach is fearr i nÉirinn de shluagh sean-leabhar Éireann, ó na h-úghdaraibh is uaisle agus is úghdarásaighe atá ann. Má tá a leithéid uait, tar isteach chugainn-ne — nó cuir fios ar an gClár. CÚ ULADH 'S A CHUID, 9 SRÁID FHEARDORCHA THUAIDH, ÁTH CLIATH. DÉINIMÍD-NE DABHACHA, PEIGÍNÍ, AGUS FIRCÍNÍ as an adhmud feagha is fearr a fhásann i dtír na hÉireann agus is againn atá ceann de na tighthe cúpaora agus boscaí a dheunamh is mó in Éirinn. Tá bosca an ime, bosca na cáise, bosca na n-ubh, bosca an éisc, a's na barrailí le fagháil annso — an t-adhbhar is fearr agus marga maith. Déintear annso iad. Gach fios agus faisnéis uainn-ne — SEUMAS MAC MATHGHAMHNA (TEOR.) I LUIMNIGH INNILL Deinimíd iad d'ath-dheunamh a's do deisiú. Is féidir linn an obair do dheunamh níos túisge ná aon dream thar sáile; táimíd chó éifeachtamhail & chó reusúnta leo. Tá taithige againn ar an obair seo ar feadh 30 mbliadhna agus níos mó, ar fúd na h-Éireann. Cuirfimíd innealthóirí toghta amhac go dtí aon áit i n-Éirinn gan mórán moille. Geo. WATT, Ltd. Soho Works, Bridgefoot St. Áth Cliath. Guthan: 4268 Telegrama: “WATT DUBLIN.” CONNRADH NA GAEDHILGE, 25 CEARNÓG PHARNAILL, ÁTH CLIATH. Má is Gaedheal thú tá de dhualgas ort cabhrughadh leis an nGaedhilg! An léigheann tú “Fáinne an Lae” gach seachtmhain? An gceannuigheann tú leabhair mhaithe Gaedhilge? Tá Clár sár-leabhar le fagháil annso. Ar thug tú aon tSíntiús do Chiste na Teangan i mbliana? TIONÓLFAR AN ÁRD-FHEIS AN 7adh de MHÍ NA SAMHNA, 1922.
TÁ SÉ RÁIDHTE gur in Aimsir na Síothchána is fusa Gnótha Saothramhla na hÉireann a chur chun cinn. Acht feuch chomh rathamhail a's d'eirigh leis “AN COMHAR-CHUMANN CHUM EUDAIGHE A SHOLÁTHAR” ar feadh an dá bhliain chíréibeach so tá caithte i dTír na hÉireann — tá deagh-obair buanaighthe aige agus slighe maireachtana ag 350 fear dá bharr. Thuit amach nár dhein an raobóseárum so ba dhéidheanaige a thárlaigh i mBaile Átha Cliath aon chuir isteach ar ghnó an Chumainn, agus mar sin is féidir leis na slais-mhargaí so a leanas a chur i láthair an phobuil: CULADHTHA FEAR — deunta, cóirighthe as eudach na hÉireann agus ó láimh an táiliúra amach, ar 4 ghiní, ar 5 ghiní, nó ar 6 ghiní an ceann. CULADHTHA SAGART dá ndeunadh ag táiliúirí eolgaiseacha bhfuil fios a ngnó aca, ar 7 nginí, ar 8 nginí, nó ar 9 nginí an ceann. BRÓGA AGUS BUATAISÍ DEINEADH I nÉIRINN. FEUCH ORRA SO MAR MHARGAÍ — A. (I). — Buataisí Mhic Gabharnaigh — deunta de leathar chroiceann gamhna, gan an barruiscín ró-chaol ná ró-leathan; agus an bhuatais cheudna de leathar gloinidhte glanta as chroiceann mhionáin, ar 27/6. A. (2). — Na buataisí is uaisle ag Mac Gabharnaigh, dath dubh nó dath crón, buinnighthe, buailte, dá ndíol anois ar 32/6. A. (3). — Bróga fir, de leathar gloinidhthe glanta as chroiceann mhionáin nó as chroiceann gamhna le fagháil anois ar 27/6. Do rogha de bhróga Uí Eachaorainn agus Uí Chathaill nó de bhróga Mhic Ghabharnaigh. A. (4). — Buataisí Mhic Gabharnaigh, deunta de leathar láidir, teugartha, agus as chroiceann gamhna: láimh-fuaghailte, dá ndíol anois ar Ghiní. EARRAIDHE EILE ATÁ LE FAGHÁIL ÓN gCUMANN SO. (1). — Culadhtha Ban ón tuise amach. (2). — Culadhtha Fear agus Culadhtha Garsún, deunta is eile; Cótaí Móra, Cótaí Eudtroma, Brístí; Léintreacha Fear agus Léintreacha Garsún. (3). — Eudaighe Fear — gach saghas — deuntús na hÉireann go ró-speisialta. (4). — Eudaighe Ban — gach saghas — Culadhtha Gaolacha agus Earraidhe Olna de dheuntús na hÉireann. Do b'fhiú do gach aoinne a thagann chum na cathrach dul chum an áit d'fheicsin. “COMHAR-CHUMANN TEOR. CHUM EUDAIGHE A SHOLÁTHAR.” ag 98–104 SRÁID MEADHONACH NA MAINISTREACH, BAILE ÁTHA CLIATH. (Tá na dóirse oscailte go dtí n-a sé a chlog ar an Satharn.) EARRAIDHE GAOLACHA DO MHUINTIR NA hÉIREANN. Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason & a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Maunsel & Roberts Teo., Áth Cliath, & foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Cnocán Áthais, 24, Áth Cliath.
AN RUD ATÁ AR INTINN AGAINN Seo é an cheud uimhir den “sguab.” Is mó páipeur tháinig ar an saoghal nár sheasaigh a bhfad. Maidir linn féin, níl fhios againn cad é an saghas beatha atá i ndán dúinn. Dréir mar a dhíoltar an “Sguab” gach mhí is dócha. Coimeádfaimíd an páipeur ar siubhal ar feadh sé mhí ar a luighead pé rud a bhaineann do, ach 'na dhiaidh san — bhel, ní bhac- faimíd leis a thuille maran mbíonn sé ag díol as féin. Má eirigheann linn, 'sé an rud ba mhaith linn ach páipeur seachtaineamhail do dheunamh den “Sguab” luath nó mall. Ní raibh aon fhonn orrainn an uimhir seo do chur amach i n-ao' chor agus an saoghal atá ann, agus ní dheunfaimíst é muireach gur cuireadh ar ath-lá aon uair amháin cheana féin é. Deirimíd anois ná fuilimíd siúráltha go gcuir- fimíd amach an cheud uimhir eile dhe go dtí go mbeidh an saoghal rud beag níos socaire ná mar atá fé láthair. An uimhir seo féin béidir ná sroisfeadh sé ár ndaoine muinteardha i gConndae Chiarraidhe agus i n-áiteanna eile leis, toisg gan traen ná post a bheith ag fritheáladh ar na háiteanna seo. Bhí gach aon choinne againn (agus b'é an rud a bhí uainn) go mbeadh alt nó sgeul nó rud éigin sa “Sguab” ó gach aon cheanntar, ach níl sé le rádh againn go bhfuil an turus seo. Gheobhfaimíd alt ó dhuine éigin i gConnachtaibh i gcóir an cheud uimhir eile, le congnamh Dé. Tugaimíd cuireadh dosna sgríobhnóirí rudaí do chur chughainn. Ní acfuinn dúinn (ar dtúis, pé sgeul é) airgead mór do dhíol, ach ní iarrfaimíd ar aoinne rud do sgríobh dúinn gan cúiteamh éigin do thairisgint do ar son a chuid saothair. Tá súil againn go n-éireoidh linn sár- Ghaedhealg na ndaoine a bheith againn sa “Sguab” gan aon rud suarach, ná mí-shuim- eamhail, ná aon droch-Ghaedhealg d'fhoillsiú. An sguab nuadh is fearr a sguabann an tigh, dar ndóigh, ach tá's againn go maith ná ceannuightear páipeur má théigheann sé i luighead. Dá bhrígh sin cuimhneómuid ar an seanfhocal, “Tabhair aire dod' ghnó agus tabhairfidh do ghnó aire dhuit.” Ní beag linn san, is dócha. Nuair a cromadh ag cur 'na luighe ar mhuintir na hÉireann gurbh cheart dóibh deuntús na hÉireann do chaitheamh agus d'úsáid chidhimís altanna agus fógraí go leor ag innsint dúinn cá bhfuighimíst gach aon saghas roda d'fhághailt gan earraí Shean-Shasana d'úsáid dá mba mhaith linn. Bhel, anois is mithid dúinn an rud ceudna do dheunamh i dtaobh na Gaedhilge, sé sin, liosta de shiopaí do dheunamh arbh fhéidir linn rudaí do cheannach ionnta gan focal Beurla do labhairt an fhaid a's bhímíd ag deunamh ár ngnótha. 'Sa cheud uimhir eile den “Sguab” foill- seoimíd liosta de shiopaí agus d'oifigí den tsaghas sin má chuireann gach aoinne gurbh mhaith leis a bheith sa liosta a ainm isteach chughainn agus a sheoladh agus an saghas siopa nó oifig atá aige. Is dóigh linn go mbeidh a leithéid de liosta an-úsáideach agus an- shuimeamhail leis. Iarraimíd ar luct-léighte an pháipéir seo comhairigheacht a dheunamh leis an lucht stocair- eachta. Bailigheann brobh beart.
IOLSCOIL NA MUMHAN I RINN Ó GCUANACH. SCEUL A BHUAIDH. Gach buaidhirt agus beannacht a thárlaigh dhó le hocht mbliadhna deug anuas. AN CHEUD IARRACHT. I mí na Féil' Michil, 1902, do ghlacadh liom-sa mar thimthire fé Chonnradh na Gaedhilge i nDúthchaigh Déiseach. Im' oide scoile bhí mé ar feadh sé nó seacht de bhliadhanta roimhe sin. Bhí mé tar éis mo theurma a thabhairt i gColáiste na nOidí Scoile agus tháinig sé roinnt cruaidh orm i dtosach a chuir in a luidhe orm féin go raibh mé ag deunamh an chirt agus an post seasmhach sin a thabhairt suas agus dul in iomaidh le slighe maireachtana ná beadh a fhios ó lá go lá cadé an fhaid a sheasochadh sé. “Nach mór an díth-céille dhuit a bheith ag cuimhneamh ar a leithéid,” adeireadh duine dhem' dhaoine muinteardha; “beidh tú in a chathughadh fós,” adeireadh duine eile; “cé bheadh ag bodhradh a chinn leis an nGaedhilg?” adeireadh fear eile liom, “ní sheasochaidh an obair seo bliadhain agus beidh tú ag imeacht annsin agus do mheur id' bheul agat.” Thug mé na hoidhcheannta agus na laetheannta ag pléidhe liom féin ar an sceul agus fuair mé an buaidh orm féin i ndeireadh na scríbe. Bhí an-rud agam leis an nGaedhilg riamh agus i gcomhnuidhe. B'fhada go bhfuair mé aon cheart a bhaint den léigheamh, acht gach aon ghiota Gaedhilge, gach aon phíosa amhráin, gach aon phaidir, agus gach aon leabhar Gaedhilge a thagadh im' líon bhí sé de bheus agam iad a bhailiughadh liom agus iad a leagaint i leath-taobh go mbeinn ábalta ar iad a léigheamh. Ar feadh na haimsire a chaith me ag dul ar scoil tugadh aon leath-bhliadhain amháin dúinn ag léigheamh na Gaedhilge aon leath-uair amháin 'sa tseachtmhain agus is beag an croidhe a cuireadh ann dúinn. Acht mar sin féin, lá breágh éigin d'eirigh liom an léigheamh a thabhairt liom, agus shíl mé nuair a bhí an méid sin deunta agam ná beadh lá bocht go deo agam. Bhain mé pléisiúr agus caitheamh-aimsire aiste, pé sceul é. Is eadh, bhí mé sásta gur cheart dom gníomh éigin do dheunamh ar son na teangan ós rud é gur thug Dia dhom í. Bhí mé sásta gurbh' fhiú í é. D'fhág mé slán ag Gleann na hUidhre, do fheuch mé soir, siar, agus ó dheas, agus d'iarr mé ar Dhia me a chur ar mo leas. Chuir mé craobhacha agus buidheanta Gaedhilge ar siubhal i Sliabh gCua, 'sa Chaisleán Chuanach, 'sa Chaisleán Nua, in Árd Fhíonáin, i gCloichín an Mhargaidh, i mBeulach an Phóirín, i gCathair Dún Iasca, i gCluain Geal Meala, agus i gCarraig na Siúire, as in a lán áiteanna mar sin i nDéise Thuaiscirt. Acht ní fhuil in so go léir acht sceul thairis. An bhliadhain a bhí im' cheann thug mé m'aghaidh anonn ar an Rinn — an áit ba Ghaedhealaighe i nDéisibh, nó béidir i gCúige Mumhan ar fad. Bhí a fhios agam go maith an sagart paróiste ann a bheith go láidir i gcoinne na Gaedhilge. Is minic a bhí sé tar éis í chraobhscaoileadh ón altóir; ní leomhfadh sé focal dí a mhúineadh is na scoileanna; bhí sé tar éis a rádh go puiblidhe gurb' í ba bhun le gach aon aingcise agus bochtanas a bhí ag cur ar mhuintir a pharóiste. Chomhairligh sé dhóibh í chaitheamh uatha chomh luath in Éirinn agus d'fheudfaidís é agus an Beurla d'fhoghluim, agus ná beadh an rath ná an seun orra go ndeunfaidís é. Bhí fírinne na neithe sin buailte glan daingean isteach in a aigne agus ní raibh aon cheilt aige ar an sceul. “Aon áit,” ar sé sin agus é ag labhairt go puiblidhe aon uair amháin, “aon áit a bhfeiceo' tú fraoch agus aiteann agus gall- luachair ag fás isteach go beul an doiris ag daoine gheobha tú a bheith deimhinightheach de go bhfuil an Ghaedhealg ag muintir an tighe sin; aon áit a bhfuil salachar agus aingcise agus bochtanas tá an Ghaedhealg annsin.” Chreid go leor de mhuintir a pharóiste go raibh an ceart aige, nídh nach iongnadh. Na haingciseoirí bochta, bhí go leor aca bocht an uair sin agus gan aon súil aca le maireachtaint a dheunamh in a dtír féin; ní raibh dada in a gceann aca acht Sasana Nua, agus bhí a fhios aca ná beadh aon mheas ar aoinne a raghadh annsin ná beadh an Beurla aige. Bhí a dtuigsint féin aca ar an sceul, agus bhí an tuigsint a bhí ag an sagart paróiste ar an sceul ag cuidiughadh leo. Ní raibh leigheas aca san air, acht badh cheart go mbeadh tuigsint níos fearr aige sin ar an sceul. Sin mar a bhí, pé sceul é, nuair a chaitheas-sa
m'aghaidh a thabhairt orra. Chuige sin a chaith mé dul an cheud uair mar chaithfinn a chead d' fhaghbháil fé thabharfainn fé aon phioc dem' shoisceul a nochtadh 'sa pharóiste. Chuaidh mé chuige lá breágh samhraidh i lár an Mheithimh, agus rángaidh dó a bheith istigh. Fear breágh dathamhail b'eadh é ar dhóigh leat go mbeadh meabhair aige agus go mbeadh éifeacht ann. Níor bhraith me go raibh aon stollaireacht ná boirbeacht ag baint leis; aghaidh chlárach aige agus chuireadh an-chuid daoine i ndeallramh le Napóileon Bónapárt é. Caithfe mé a rádh go deimhin go raibh sé an-dheas, an-mhacánta liom, níor tháinig olc ná ulathainn air chugam. Nuair a nocht mé mo theachtaireacht dó, “díth-céille, a dhuine,” ar sé sin, “ní fhuil aon deallramh ar a leithéid de ghnó, is ar éigin a gheobhaidh na daoine annso maireachtain ní áirighim go raghaidís in iomaidh le haon rud chomh leana- bamhail. Tá a fhios aca go maith ná fuil aon ní eile dá gcoimeád siar 'sa saoghal so acht an Ghaedhealg chéadna; tá an ghráin aca uirre, agus tá súil le Dia agam go bhfuighidh siad í chaitheamh uatha go luath; tabharfaidh mise gach aon chongnamh dhóibh chuige sin, pé sceul é. Ní fhuil leabhar ná léigheann ag baint léi; feuch an páipeur sin,” ar sé sin, agus tharraing sé chuige páipeur an lae sin, “feuch ar sin,” ar sé sin, ag leagaint a mhéire ar an leathanach i raibh cúntas ar Strus agus Scarthacha lucht airgidí an domhain — “feuch an gcuirfeá Gaedhealg ar sin dom,” ar sé sin, “sin comhartha dhuit ná fuil aon mhaith innte. Cá bhfuil na focail atá agat do Telegram, Mar- conigram, Gramaphone, Arithmetic, Grammar, Geometry, agus mar sin? Ní fhuil a leithéid aca 'sa nGaedhilg agus ní raibh riamh. Ní bfuighfidhe caint a dheunamh as Gaedhilg ar aon ealadhain. Ní fhuil aon oideachas ag baint léi ná meudughadh meabhrach ná galántacht,” ar sé sin; “ní fhuil innte acht rud suarach.” Bhí caint na Gaedhilge aige chomh maith agus a bhí agam féin, nó béidir ní ab' fhearr. “Dá bhfuighfidhe aon rud a chur ar bun a thabharfadh slighe mhaireachtain do na daoine thabharfainn gach aon chongnamh dhó sin,” ar sé sin, “acht, maidir le hiad a chur ag foghluim na Gaedhilge ní bhfuighfinn aon chongnamh a thabhairt dó.” Bhí a fhios agam ná raibh aon mhaith dhom a bheith ag dul ag pléidhe ná ag argúint leis, mar sin féin níor leig mé gach aon rud leis. Dubhairt mé leis gurab' é bhí uainn acht an Ghaedhealg a chosaint, a shaothrughadh, agus a leathnughadh ar fuaid na tíre, mar go raibh sé deunta amach againn gurab' í an sciath-cosanta ba mhó bhí ag ár ndaoine í; go raibh meudughadh meanmann agus meabhrach innte; gur mhóide ár meas ar ár dtír agus ar ár muintir í bheith againn go léir; go mbeadh muinghin níos mó againn as a chéile; agus go mbeadh ceangal níos fearr eadrainn í bheith againn. “Cheana féin,” arsaigh mise, “tá sé tabhartha fé ndeara gurb' iad na daoine is mó atá ag cur suim 'sa nGaedhilg gurb' iad sin is mó a chuidigheann leis na rudaí a dhéintear in Éirinn. Nuair a théigheann siad isteach is na siopaithe iarann siad na rudaí a dhéintear in Éirinn agus ní cheannochaidh siad aon rud eile má's féidir leo é d'fhagháil.” Bhí mé im' sheasamh suas leis an gcolamhan agus rángaidh dom mo lámh a leagaint ar bhosca cipíní bhí leagtha in áirde air, “agus,” arsaigh mise, “dá mba fiú na cipíní sin é,” agus thóg mé an bosca im' láimh le linn na cainte dhom, “ní cheannóchaidís iad maran in Éirinn do righneadh iad,” agus dá chomhartha sin féin “Take Me Match” a bhí ar a eudan amuigh. “Acht ní hé sin é acht é seo, a Athair,” arsaigh mise, “an bhfuil cead agam labhairt leis na daoine tar éis an Aifrinn Dé Domhnaigh?” “Ó, tá,” ar sé sin, “Acht geallaim duit go mbeidh tú ag deunamh do ghearráin le bun dúide gan díombáidh.” “Má bhím féin, a Athair,” arsaigh mise, “ní bheidh leigheas air, ní fhuil aon rud mar triail.” Tháinigh mé annsin an Domhnach a bhí im' cheann agus labhair mé leis na daoine tar éis an Aifrinn. Deir mé leat nár chaitheadar aon droch-mheas orm féin ná ar an nGaedhilg. Bhí meas agus urraim aca dhí, agus d'éisteadar go banamhail, séimh le n-a raibh le rádh agam. Chuadhamar isteach i dtigh na scoile annsin, óg agus aosta, mar a bhíodar ann, fir agus mná. Bhí an Ghaedhealg go hiongantach aca go léir, agus ní bheadh uatha acht roinnt taithighe d'fhagháil ar í a léigheamh. Righneamar iarracht de sin, agus annsin bhí amhráin agus sceulta againn insan tslighe go raibh gach aoinne chomh sásta nár airigheamar an lá ag eulódh go raibh dhá uair an chluig caithte againn i gcuideachtain a chéile go meidhreach, meanmannach, mórdhálach. Do shocruigheamar ar an rud a choimeád ar siubhal agus thoghamar roinnt daoine tuig- sionacha éifeachtamhala a bheadh ós cionn na hoibre. Do shocruigh mé féin ar theacht chucha dhá thráthnóna 'sa tseachtmhain go cionn tamaill chum an léigheamh a mhúineadh dhóibh. PÁDRAIG Ó CADHLA. (Tuille le teacht.)
DÍOGHALTAS NA hOIDHCHE An 27adh. lá de Mhí na Samhna a bhí againn. Ní raibh an aimsir ar fóghnamh ar feadh tamaill roimis sin; ach an bháisteach, an tsíor-bháisteach, sa tsiúl ó mhaidin go h-oidhche. Agus dá mb'aon bháisteach chóir é ba chuma liom-sa, ach go h-áirithe, i slí. Ach níor bh'eadh. An saghas san a dh'fhágan pluda ar an mbóthar is fliuchán sa spéir is an lionn-dubh i gcroidhe an duine. Bhíomair istig cois na teine fé mar ba ghnáth linn ó thosnuigh droch-aimsir an cheóigh is na báistí. Sinne cráite canncarach dúr mar bhí an díomhaointeas ag luighe orainn chó trom le h-ainise na síne. “Nách é an dial é do dhuine,” arsa Séamas, “bheith crapaithe cúnlaithe isteach anso i seómra ó cheann ceann na seachtaine, agus gan aon phioc den obair le déanamh? Im' thuairim-se is ag dul siar atá an saol an aimsir seo agus le tamall. Ba dhóigh leat anois go mbéadh dul éigint chun cinn á dhéanamh ag an gcathair seo: borra na tráchtála ins na sráideana agus fuaim an tsaothair ins na tithe móra: go mbéadh na h-árthaighe ag gearra an uisce thíos ansan ins an gcuan ó cheithre áirde an domhain, agus glór na h-oibre ins an aer. Tráchtáil, a dhuine! Sé an meath atá ag teacht orainn chó fada is a chím-se. Fiú amháin na gluaisteáin féinig is anamh a chloisfá ansan amuigh iad anois. Tá ceó éigint ag titim orainn. Agus na robálaithe féinig, nílid ag baint as. Nílid. Ná níor deineadh marú — droch-shaghas ná a mhalairt — le n'fheadar cé'n fhaid aimsire. Níor deineadh; nú má seadh, níor tháinig an cúrsa mo threó-sa. Ag dul siar atáimíd, a dhuine, ag dul siar. Tá ré an mhisnigh agus na meabhrach imithe.” Chaitheas admháil go raibh an ceart aige agus an lán-cheart, agus do thuigeas é sin as mo scéal féinig. Le breis is dhá sheachtain ní raibh cás ar bith agam-sa go raibh aon tábhacht ann. Lasmuigh de chúpla uadhacht a tharac suas agus gnóthaí beaga suaracha mar sin, dh'fhéadfainn an lá a thabhairt sínte ins an leabaidh; agus go deimhin féinig b'fhearra san go mór is go fada ná bheith leathta anuas ar an dteine is ag léigheamh an pháipéir nú ag féachaint amach ar an sráid ainis sin a d'iarraidh an aimsir a mheilt. “Tagaim leat, am briathar. B'fhearra liom bheith ag treabha rómham ins na coillte dúbha …” Ins an gcainnt dom deineadh cnagarnach thréan ar an ndoras thíos, an saghas san a deinfí á chur i n-úil go raibh an tig fé bhárr lasrach. Bhíos ag cuímhneamh dom héinig cé dh'fhéadfadh bheith ag buala isteach an tráth san — mar bhí sé in 'oidhche dhubh cheana — nuair a bhuail an bhean-a'- tíghe isteach chúghainn agus litir aici 'na láimh. “Buachail a thug í seo isteach, a Shéamais,” ar sise, “agus tá sé ag feitheamh le freagra thíos ag an ndoras.” “Gura maith agat, a bhean chóir,” ars' eisean, “chífead féinig é ar ball beag, má seadh.” Agus ansan nuair a bhí an doras dúnta: “Cad é do mheas air seo?” ag caitheamh na litre chúgham. Seo mar a bhí sí: 28 Sráid an Chonallaigh, Bleá Cliath, 27.11.1895. A Dhuine Chóir, Fuair mo rúnaidhe bás aréir i slí ná tuigimse is ná tuigean na dochtúirí. Buailfead isteach chúghat leath- uair tréis a h-ocht (8.30) ag cur an chúrsa féd bhráid má bhíon tú istig. Mise, E. Ó LUINEACHÁIN. “Tá gnó éigint ann, ach go h-áirithe,” arsa mise, “agus muna dtairbhíon sé ar aon tsaghas slí eile deinfidh sé tu chreatha suas. Agus dálta an scéil, tá sé a h-ocht anois. B'fhearra dhúinn cupán tae a thógaint dúinn féinig sar a dtiocfaidh an Luineachánach so, pé h-é é féinig.” “Seadh, buail an clog ansan, led' thoil. Chuala trácht thairis an bhfear so, bíodh is ná h-aithneóin é dá bhfeicfinn é. Tá tig deas slachtmhar aige sa tsráid sin, airgead go leór, agus gach éinní ar a thoil. Ní raibh an tae ach díreach tógtha agus tuitín sa tsiúl againn nuair a deineadh cnaga éad- trom ar an ndoras agus treóruíodh an stróinséar isteach chúghainn. Cuma an deagh- chothú agus na h-uaisleachta ar gach órlach de, agus b'fhuirist a dh'fheiscint i n'aghaidh is 'na ghlór go raibh sé ana-thógtha. “Tusa Mac Uí Luineacháin, is dóch,” arsa mo chara. “Sé seo Antoine Ó Briain, dlíghe- adóir, a chómhnuíon anso im theannta. Tá
seana-chleachta aige ar chúrsaí den tsaghas so agus ní gá dhuit eagla ná scáthmhaireacht 'na láthair. 'Seadh anois, bain díot an cóta mór agus suidh isteach chun na teine. Ní chaithean tu aon tobac! Seo leat, má seadh, agus tabhair amach, led' thoil, cúntas cruínn iomlán ar an gcúrsa fé mar a thárlaigh sé.” Bhain an stróinséar an t-allus dá éadan, thug féachaint 'na thímpal, agus tréis a mheabhair a bhailiú do thosnuigh sé. “Dúbhart leat ins an litir go bhfuair mo rúnaidhe bás aréir. Do fuair. Theastuigh uaim a leithéid tímpal is dhá bhliain ó shoin agus chuireas fógra isteach ar na páipéirí á rá san. Tháinig mórán ag lorg an phuist — níl puínn oibre ag baint leis, an dtuigean tu? — agus sa deire thoghas Aodh Mac Seannaigh amach mar bhí foghluim mhaith air is bhí sé 'na dhuine uasal chó fada le cainnt is scríobh is cleachta aige ar an saol. Bhí sé agam riamh ó shoin go dtí aréir, agus bhíos sásta, agus breis, leis. Is dóigh liom go raibh an scéal céadna aige-sin liom-sa mar ná tagadh aon bhruid air, ná ní dóigh liom go raibh puínn buartha ag imirt air ó tháinig sé chúgham an chéad lá. Níl sa tig againn ach me héinig agus mo bhean agus cailín de sheirbhíseach — sé sin, lasmuigh den rúnaidhe, mar bhíodh seisean 'na chomhnuidhe sa tig, leis. Bhí gach aon scéal go binn againn go dtí aréir. Thánag féinig isteach tímpal is a h-aon tréis cluiche cártaí. Bhí mo bhean imithe a chola; agus Aodh, leis, mar thugas fé ndeara na bróga ar an dtaobh amuigh de n-a dhoras aige agus me ag gabháilt thar n-a sheómra. Sar ar fhágas an chistin thíos do chuireas an doras fé ghlas; do thriaileas an cúl-doras agus bhí san go daingean ag mo bhean: agus nuair a bhí gach rud i bhfearras do chuireas an staighre díom suas. Ba ghearr 'na dhiaidh sin go rabhas ag taidhreamh go binn. “Níor mhothuíos puínn go dtí an mhaidin ach amháin gur samhluíodh dom tráth éigint ins an oidhche gur chuala glór an mhadra, glór feirge. Ach, má seadh, ní im dhúiseacht a bhíos. Leath- uair tréis a h-ocht nú beagáinín thairis, béidir, do sciúrd mo bhean isteach sa tseómra. Bhí sí tréis bheith ag ullmhú an bhreicfeasta thíos ins an gcistin, tá's agat, mar bhí cúpla lá saoire á thógaint ag an gcailín agus ní raibh sí tagtha thar n-ais. Bhí sceón buile 'na dhá súil ar mo bhean nuair a dh'fhéachas uirthi. ‘I gcúntas Dé, Eóin, agus an bhfuil fhios agat cad tá titithe amach? Tá Aodh — Aodh — tá sé marbh — marbh — istig 'na leabaidh, agus an dá shúil ag léime amach as a cheann.’ “Bhí an ceart aici. Bhí sé marbh, chó marbh leis an bhfalla. Thugas féachaint ar an áit go léir. Bhí gach aon ní i bhfearras — éadaighe na leapan, a bhaill éadaigh ar an gcathaoir, a aghaidh, gach blúire de, ach amháin na súile, agus bhíodar san ag léime amach as a cheann le scannra dialta. “Mheághas gur thárlaigh droch-rud éigint dó, agus chuireas fios ar na póilíní. Thánadar san agus tréis scrúdú a dhéanamh thall is i bhfus do chuireadar teachtaire ag triall ar an ndochtúir. Tháinig an dochtúir — beirt díobh — ach níorbh fhéidir leótha a dhéanamh amach cad ba bhun leis an mbás. Ní raibh an corp gortuithe i n-aon bhall: ní raibh aon nimh tógtha: ní raibh aon ní bun-ós-cionn ach amháin na súile. ‘Cúiseana nádúrtha ba thrúin bháis dó,’ an bhreith a thug an cromhnaor is a choiste. “Sin é agat an scéal, a dhuine,” ars' an stróinséar, ag críochnú. “Ach nílim sásta im' aigne mar gheall air. Sé mo thuairim fós go bhfuil droch-obair éigint ins an ngnó, agus táim tagtha chúghat-sa chun go ndeinfá an cheist a réiteach dhom — é réiteach amach — mar fiú amháin anois chím, chím iad, na súile scannruithe uafásacha san, ag féachaint aníos orm ón leabaidh sin.” “Cúntas cruínn soiléir é sin gan aon agó,” arsan braitheadóir, a bhí ag éisteacht go h-aireach, na súile ar an dteine aige is an tuitín múchta 'na láimh. “Ana-shoiléir. Ach ní mór dom cúpla poinnte eile a ghreamú níosa fearr. Seadh anois, cá raibh an rúnaidhe 'na chómhnuidhe sar ar ghaibh sé an bóthar chúghat-sa, agus cad a bhí sa tsiúl aige?” “Ins an bhFrainnc, is dóigh liom, ach n'fheadar cad é an gnó 'na raibh sé gabhtha. Ní raibh puínn fonn air tagairt do sna neithe sin.” “Seadh. Cathain a dh'imigh do sheirbhíseach ar a laetheanta saoire?” “Trí lá ó shoin. Ní ar a laetheanta saoire a dh'imigh sí, ach bhíodh sí ag gearán mar gheall ar phian ins an gceann agus dubhras léithi cúpla lá a thógaint di féinig amuigh fé aer na tuatha, go dtairbheóch san di.” “Mar sin níor iarr sí ort iad?” “Níor iarr.” “Agus conus a réidhtíodh do bhean agus an rúnaidhe?” “Go binn. Bhí sé, fé mar a dúbhart, 'na chómhnuidhe sa tig againn agus bhíomair go léir ana-mhór le n-a chéilig.” “Rud eile. An raibh an rúnaidhe agus an cailín chó mór san le n-a chéilig?”
“Bhíodar; agus 'e bhreis air sin, sé mo thuairim féinig go rabhadar ag cuímhneamh ar phósa. Níl aon deimhniú agam air sin, áfach, ach amháin rudaí beaga a chínn ag imeacht, agus go dtéighidíst amach ag siúl le chéile nuair a bhíodh obair an lae críochnuithe amach aici.” “Seadh. Agus cathain a bheidh sí ag fille?” “Tráth éigint amáireach.” “Agus níorbh fhéidir leis na póilíní aon tuiscint a bhaint as an scéal?” “Níorbh fhéidir. Bhíos ag cainnt leis an gCigire nuair a bhí críochnuithe aca. Bhí an doras fé ghlas agam-sa ón dtaobh istig, agus ní dh'fhéadfadh éinne é sin a dh'oscailt ón dtaobh amuigh mar bhí ana-leithreachas ag baint leis an eochair. Bhí ceann des na finneóga — an ceann a bhí ar an dtaobh deas den ndoras — agus níl sé i n-aon amhras ná gur oibríodh barra iarain uirthi á h-oscailt — nú a d'iarraidh í dh'oscailt ba chóra dhom a rá — mar bhí sí daingean ón dtaobh istig agus níor deineadh aon bhrise. Bhí an fhinneóg atá ar an dtaobh eile den ndoras oscailte suas go breá sa tslí go bhféadfadh capall teacht isteach, agus bíodh is go bhfuil, nú go raibh, rianta ar an dtaobh amuigh den bhfinneóig sin níor ghaibh éinne isteach an bóthar san. Istig i seómra an mhairbh tá gach aon ní mar ba chóir, mar a dúbhart — éadaighe na leapan, an aghaidh, an ghruaig, an scórnach, gach ní.” “Is leór san, a dhuine chóir,” ars' an Barrach. “Muna féidir liom-sa réiteach a dhéanamh ar an gceist ní ort-sa, ach go h-áirithe, a bheidh an locht. An dtógfaidh tu aon ní sar a n-imtheóir? Ní thógfair! Tá go maith. Tá sé ró-dhéanach anois chun féachaint isteach ins an scéal, ach bí ag súil liom ar a h-ocht ar maidin muna bhfuil san ró-luath, nú leath-uair tar éis.” “Is aisteach an scéal é,” arsa mise liom héinig, nuair a bhíodar araon gabhtha síos an staighre, “sé sin, má tá sé aisteach. Ach cá bhfios nách amhlaidh a theip an croidhe air mar a theipfeadh ar éinne eile agus go bhfuair sé cómhartha roim ré le pian géar, abair. Léireóch san na súile scannruithe.” Agus fágadh an tuairim sin agam go dtí lár na mháireach, bíodh is go raibh fhios agam go raibh an Barrach cúnlaithe isteach 'na chathaoir mhór ag scrúdú is ag paistiú is ag socrú na faisnéise a bhí fachta aige ón stróinséar, Eóin Ó Luineacháin. SEOIRSE MAC CLÚIN. (Tuille le teacht). AGALLAMH IDIR ÉIRE AGUS SEÁN BUIDHE. ROIMH-THIONNSCNAMH. Ó tá anois trácht ar namha nár séanadh Is deimhin nach le báidh atá gá dhéanamh, Cheapas comhrádh idir Seán agus Éire, Sin é tá sa dán atá im' dhéidh-se. ÉIRE. Bog díom do ghréim, a chladhaire méirlig, Is fada do laghar le feidhm im' thraochadh. Scrios as mo radharc, a bhréill na n-éitheach, 'S tabhair feasta t'aghaidh ar do théighleach fhéineach. SEÁN. A sheanbhean ársa, is cráidhte an sceul duit, Seán bocht d'fhágaint bánta Éireann. Badh mhaith a lámh am ghábhaidh id' chaomhnadh, Agus beir go tláth go bráth n-a eughmuis. ÉIRE. Nach me tá go sámh fé sgáth do scéithe Nuair atáir-se im' dháil aon namha ní baoghal dom. Is ionnan mo chás agus páirc reamhar-ghéanna mBeadh an ruadh-choileán gach lá gá n-aoidheireacht. B'ait í do shlighe chun daoine chaomhnadh, Gá gcrochadh gan bhrigh gan dlighe gan daoradh, Ag ruagadh oidí a's ag díbirt cléireach, A gcinn ar spícíbh 'measc mictírí craosach. Is deimhin gur ar mhaith liom a fhanann tú taobh liom, Agus gur chun mo leasa na cleasa go léir seo. B'fhearr liom go fada mo bheatha id' eughmuis, Is fada liom seachtmhain a chaitheamh ag pléidhe leat. Nuair a chidhfear i n-árthach tú ag fágaint na hÉireann Beidh croidhthe go hárd gidh an bás i ngaor dóibh, Na sean-mhná gá rádh i n-éinfheacht Nár chasair chugainn slán go bráth, a mhéirlig. Caithfimíd seachtmhain le fleadh a's le féasda, Beidh biadh a's beatha go fairsing id' dhéidh-se, Cé gur críonna caithte me im' sheanbhean aosta Tiocfaidh brigh im' bhallaibh a's rinncfead mo dhaothaint. SEÁN. Cá raibh do phráidhinn fé scéith mo dhlighe-se, Ná tugainn an t-ór as mo phóca aníos duit, Nár chuireas do chlann anonn thar taoide Mar mbeid go sámh go bráth a's choidhche. Nár thugas dóibh léigheann i mBeurla bhríoghmhar A thabharfadh an saoghal go léir iad thimcheall, Ná fuil aca cáil de bhárr mo dhlighe-se Ná beadh go bráth ó thál do chích-se. Tá tighthe chun teagasc go fairsing sa' chríoch-sa, Fir mhaithe 'na gceannas ag teagasc na ndaoine. Múintear an Beurla a's gach aon rud chum tighis dóibh, Nár bh'fhearr san ná 'n Ghaedhilg is sceulta Fiannuidheachta. ÉIRE. A chladhaire gan náire, ná trácht ar an ór liom, Níl aon rud a b'fhearr leat ná práidhinn ar do chomharsain, Nuair a tháinig an gábhtar go láidir 'nár gcomhair-ne D'fhágais 'nár dtáintibh sinn sínte ar na bóithribh. Dá dhéine bheadh gorta agus ocras na nGaedheal mbocht Do chroidhe-se ní bhogfadh gá gcosaint ó'n mbaoghal san. 'Sé an ciapadh bheith ag braith ar do lapa gan daonacht 'S is beag leat a stracair as thalamh na hÉireann.
Sar ar chuiris do chrúb i n-uabhair mo thíre Bhí beatha ar an bhfód so i gcomhair na ndaoine, Ag cosc gacha n-obair b'obair dod' dhlighe-se, Agus chaitheadar bogadh go hobann thar taoide. Cé go bhfuilid scriosta is imthighthe ar dhíbirt Tá aca cealg go daingean 'na gcroidhe dhuit. Má's dul duit go bráth san áird 'na luighid Cuirfid ort treighid má gheibhid an caoi ort. Nár chuirimíd breug ar an léigheann so mhaoidhtear, Chonncamar do mhic-léighinn ag déanamh gníomhthara, Ag briseadh bhoideul a's ag séideadh gaoith' ionnta, Ag fiuchadh uisce is ag briseadh cipíní. Ar thóir cuileóg dóibh ó ló go hoidhche, Ag comhaireamh a n-órdóg 's ag fagháil eoluis ciar' díobh iad, Caithtear an lá leó ag soláthar luibheanna, Cé ar an maith ionnta tá, ní thráchtar choidhche. Bíonn blas ar a dteangain ag canadh an dríodair, 'Gus nósa na Sasanach dá n-aithris le dícheall, Droch-mheas ar gach earradh dá gceaptar sa tír seo, Gan ao' rud ina gceannaibh ach preabadh thar taoide. Sar ar chuiris do cheann anonn thar sáile Bhí scoileanna sa tír seo fá riar na mbráthar, As críochaibh imchian do thriall a lán chugainn, Mar b'fhada ó bhaile a bhí leathta ár gcáil-ne. Is ins na tighthibh seo d'oileadh na treun-fhir, Is leó do chuireadh go minic tú ar éigean, Chríonnadh an bile le stoirm do léighinn-se, Níl againn anois 'na n-ionad ach na preumha. Feuch-sa féin go raibh an saoghal go breagh againn, Tá creach agus leun i n-aghaidh lae ó tháinighis, Níor cuireadh aon fhios ort, a phlisbire ghránnda, B'fhearr dhúinn go fada gur sa bhaile d'fhanfá-sa. SEÁN. Nach feas duit féin an sceul a bhí agat Gur toil le Dia me thriall do'n tír seo, Nach é an Pápa theasbáin an tslighe dhom 'Gus bhronn an t-oileán le fáilte chroidhe orm. Dubhairt an fear beannuighthe go mb'fhearr chun Dé dhíbh Sibh-se do cheangal go daingean fé dhaor-smacht, Nár shuim libh aon phaidir ná teagasc na cléire, 'S gurbh fhada do'n Eaglais go haindheis i nÉirinn. Nár mhac duit féin an té chuaidh go dtí me Agus dubhairt go borb ag doras mo thighe-se Go raibh Innis Fáil gan áird gan dlighe cheart, Gur cogadh é gach lá ar a bántaibh míne. A lios air do leagadh, agus creachadh a chríoch air, Ná raibh aige baile ná leabadh ar a luighfeadh, 'Gus tháinig air aicme do bhain a mhnaoi dhe, 'Gus na bearta so cleachtadh le cead d'árd-Rí-se. Nár le hiomad a choirthe rinneadh a dhíbirt Ach sainnt chun a choda agus sochar a ríoghachta, Gurbh é an duine macánta badh ghnáthach libh luighe air, Agus cladhairí gan náire san árus ab aoirde. Bhog deora óm' roscaibh agus osna óm' chléibh-se Ar gclos dom an obair bhí ag bodaig air deunta, Thugas dó m'fhocal nár chodhladh dom féineach Go mbeadh arís socair i bhfochair a ghaolta. Bhí ar mo shluagh-sa roinnt uaisle scléipeach A raghadh in aon bhualadh ar tuarasdal lae dhuit. Is deimhin nach le truagh dó chuadhadar go hÉirinn, Ach le fiuchadh na fola chun gustal an tsaoghail seo. Chuireas mar gheasa ortha casadh i gcionn tréimhse Gan cleas eile chleachtadh ach ceart agus réidhteach. Níor bh'fhada gur airigh me malairt an scéil sin Gur mheasa iad go fada 'na mbeartaibh ná faol-choin. Thángas le buille is fuinneamh ghá n-éileamh Is an méid leo ghoideadh do roinneas le féile. Fuaireas ód' righthibh-se urraim a's buidheachas, Agus bronnadh gan coinne orm tiodal Rí Éireann. Má bhí do chlann mhac-sa chomh maith agus maoidtear Ba suarach an taca iad ag faire na críche. Le Danair do stracadh do thalamh a's do mhaoin uait Gan aoinne annso bhachadh dóibh fuireach agat choidhche. ÉIRE. Éist, a chladhaire de challaire méirlig, Nó buailfinn le dorn go borb fá'n bhéil tú. Is lán atáim ded' ráidhtibh bréige, Níl agam foidhne chun éisteacht níos sia leat. Badh ghairid an aga do leanais de'n bPápa, D'fhágais gan bhaitheas ar an dtalamh so Tomás bocht, An Eaglais nár cheaduigh duit bean i n-aghaidh an ráithe, A cuinn díot do chaithis, a beatha níorbh áil leat. Bhí mac dom ar mire agus rinne a ghearán leat, Badh le hiomad a choirthe do cuireadh le fán é. Dá mba deamhan é a scriosadh as ifrionn Shátain Badh mhó do chuid suime ann ná i nduine macánta. Is deimhin go ndeaghaidh Diarmuid d'iarradh do shluaighte, Tháinig mac 'na dhiaidh sin gur mhian leis do ruagadh. Nuair badh bheag iad a bhliadhanta do shrian-sa b'fhuath leis, Agus chuir ar feadh cianta pian a's buadhairt ort. Ná tagair do Dhanair id' bheatha go deo liom, B'aindheis do dhranna le heagla rómpa, Badh shuarach an gasra threasgair i ngleo tú, 'Gus chuaidh fear díobh gan mhairg i gceannas do choróinneach. B'fhada iad machtnamh ar theacht go dtí an tír seo Ach eagla bhac dóibh teacht ach san oidhche, Thagaidís snab beag ar thalamh gan chuimhne Agus bheiridís creach leo i gan fhios do dhaoinibh. An tan do mheasadar neadughadh dóibh féineach An Rí bhí i gceannas badh mhaith leis a reubadh, An méid díobh nár threasgair ar shleasaibh Bheinn Éadair Le scáth agus eagla bhascadh sa treun-mhuir. Nuair d'imthigh Rí Bhriain ní raibh srian le hÉirinn, Chailleas mo shlighe im' chríochaibh féineach, Bhí do chlab-sa ar oscailt agus ropas mo mheur ann Agus deir an seanfhocal í bhogadh go réidh as. AN CEANGAL. SEÁN. Is fada sinn ag pléidhe anois, deunaimís síothcháin, Má tá fonn ort réidhteach ní daor ort atáim. Má dhéanair me phósadh is a phógadh go breagh Bronnfad Éire agus a ngabhann léi gan spéis duit go bráth. ÉIRE. Dá mbronnfá-sa an saoghal orm agus is geur í mo phráidhinn, An Ghréig thoir, an Éigipt, agus réim san Iodáil, Dá dtabharfá-sa radharc dom ar theaghlach na ngrás, Níor bhaoghal dom tú phósadh ná ní phógfainn do scáth. TOMÁS DE BHIAL do chúm.
TUGTAR CEART DON GHAEDHILG Tá congnamh agus cabhair ann don Ghaedhilg anois. Tá na comhachtaí go léir ar a taobh. Tá gach aon oifig den Riaghaltas ag breith buaidh ar a chéile le neart cinneáltais agus urraimeachta dhí. Cé dheurfadh le fiche bliadhain anuas go mbeurfadh an gath-gréine chomh obann sin uirre ná go mbeadh an ghrian chomh soillseach chomh glórmhar so ag spalpadh anuas 'sa mullach uirre. Is mó uair a chluig den oidhche agus de chorp an lae ghléigil a chaith mé ag cuimhneamh agus ag maranna ar chúrsaí na Gaedhilge, acht níor thuair mé riamh dí go mbeadh taithneamh na gréine chomh láidir seo uirre le m' linn-se. Bhí sí annsin ar leaba a báis gach aon lá le fiche bliadhain agus ná feadair aoinne cia aca bás nó beatha bhí i ndán dí. Tháinig cuid de na dochtúirí is fearr a bhí le faghbháil dá feuchaint agus choimeádar an t-anam innte. Bhí go leor daoine eile dá feuchaint acht ba chuma leo bás nó beatha dhí, ní raibh uatha acht í a fheicsint agus í a fhágaint annsin. “Galar- rúin, cúram gan chion,” mar adubhairt an té dubhairt é. Fios a bhíodh uatha conus a bhí an sceul aici acht aon chongnamh eile ní thabhar- faidís dí. Dream eile bhí ann agus thabharfaidís an prugóid-nimhe dhí. Is eadh, tá sí anois agus caithfidh gach aoinne feuchaint uirre, caithfidh gach aoinne meas agus urraim a theasbáint dí, acht tá baoghal uirre agus na seacht mbaoghal uirre. Táthar ag cur na hanma innte, acht maran gcurfar an t-anam ceart innte béidir gur amhlaidh a scoiltfeadh uirre. B'fhearr liom bás le hadhairt dí ná sin. Tá croiceann agus cnámh, agus fuil agus féitheacha, croth agus deallramh fé leith ag baint leis an Ghaedhilg agus caithfear gach aon iarracht a dheunamh iad sin a thabhairt dí go fíor agus go nádúrtha. Tá saoghal agus beatha agus iomchur uainn — saoghal agus beatha agus iomchur ár sinnsear d'imthigh romhainn. Maidir liomsa dhe ní bheinn sásta maran dtabharfaimís linn an Ghaedhealg agus gach a ngabhann léi — an croidhe bog lághach, an fhírinneacht aigne, an dírigheacht cainte. Tá an-chuid daoine sásta anois le croiceann na Gaedhilge a chaitheamh ar gach aon rud — an croiceann amháin gan fuil gan feoil gan cnámh. Ní headh acht tá siad sásta leis an sconán ar éigin agus gan fé istigh acht an croidhe cruaidh, cam, mí-nádúrtha, Gallda. Thuthaidís! agus a bheith sásta leis sin. Táthar ag deunamh brúsgar agus easair den Ghaedhilg mar oireamhaint don mBeurla. Is é an náire agus an dearg-náire go mbeadh aon oifig den riaghaltas — riaghaltas sealadach ná riaghaltas Dála — cionntach 'san obair seo. Tá meas agus urraim dá fhagháilt ag an mBeurla. Tá gach aoinne aireachastamhail ar an mBeurla a chur amach deallradhamhail, deas, cóirithe, deagh-chumtha, deagh-ghleusta, gan barr cleite isteach ná bun cleite amach in aon phioc dí. Acht an Ghaedhealg bhocht! fásctar an croidhe agus an t-anam aiste; ní fhágtar lúth, ná brigh, ná fuinneamh innte acht dul agus croth an Bheurla dá cur uirrthe i gcomhnuidhe. Ní fhágtar riaghail ná reacht dá cuid féin aici; ní bhíonn innte acht an rud is craptha agus is mí-nádúrtha a gheobhthaí d'fhaghbháil. Chuirfeadh sé déistean ort feuchaint air. Ní ceart go mbeadh sé ceadtha dhó aoinne an obair seo a dheunamh. Is é rud a dhéintear de ghnáth anois acht an Beurla a scríobhadh an cheud uair agus an Ghaedhealg bhocht annsin a bheith ar aon leigint leis sin. Feuch ar a leithéid seo: “In view of representations made to the Ministry of Education that in several districts of the country the adoption of ‘Summer Time’ has adversely affected the working of the National Schools, Managers and Teachers are informed that they are at liberty to arrange the Time Table so as to bring it into harmony with local conditions.” Seo mar a bhuailtear Gaedhealg ar sin: “Ó thárla go n-innistear do Aire an Oideachais go bhfuil an ‘Aimsir Nua’ ag deunamh dochair d'obair na scoile in áiteanna in Éirinn, tá sé ceaduighthe clár aimsire na scoile d'athrú i gcaoi go mbeidh sé oireamhnach do cheanntar na scoile.” Is bocht ar fad an dul ar an Ghaedhilg é sin, Caitheadh oireamhaint a dheunamh do Bheurla na cheud lae agus sin é an méid. Millfear an Ghaedhealg leis an obair seo. Is dóigh le gach aon dailtín de dhaltaí an Oideachais Idir- mheadhonach ós rud é go bhfuil focail na Gaedhilge agus roinnt beag de ghramadach na Gaedhilge aige nach misde dhó tabhairt fé aon rud a scríobhadh 'san nGaedhilg. Is dóigh leis ná fuil aon rud eile 'sa sceul acht sin. Obhoch! mo léir é, ar bhfallaing. Curtar “Ó thárla go n-innistear do Aire an Oideachais” i dtosach na faisnéise mar go bhfuil sé mar sin
'sa mBeurla. Ní bhaineann a leithéid sin le nádúir na Gaedhilge in aon chor. Ní bhuailfí rud chomh lag sin i dtosach teistimionna. Rud eile, tá tagairt ann d' “aimsir nua” agus do “Chlár aimsire na scoile.” Níor airigh me riamh an focal “aimsir” ar an dul sin. Brigh eugcríochta atá ag baint le h“aimsir” — “nach olc an aimsir í,” “tá an cailín sin in aimsir.” Brigh críochta atá ag baint le h“am” — “ní bheidh tú in am,” “cadé an t-am é?” “an t-am so anuraidh.” Slighe éigint mar seo a chuirfinn-se é — “Deirtear linn go bhfuil an ‘t-am nua’ ag deunamh díoghbhála d'obair scoile in áiteanna in Éirinn. Fógra é seo go bhfuil sé de chead ag lucht riartha oibre scoile Réim na dTráth a leagaint amach ar an gcuma is fearr a oirfidh don cheanntar.” Is mó tslighe do gheobhthaí an chaint a rádh acht gan leigint don mBeurla a bheith ag cur máighistreacht uirre. Tá an píosa cainte seo bhfuil me ag tagairt dó dona go leor, acht, a Mhuintir na Gaedhilge, feuchaidh uirre seo mar chaint: “Ar thógaint suas dom ar son mhuinntire na hÉireann treorú Oifige an Phuist is mian liom a rádh gur b'é tá roimis an Riartha ná an fuireann a bheith ar an bhfuireann is sástaí thar fhuireanna, agus an tseirbhís go hiomlán a bheith ar an tseirbhís is fearr ar roinnt na hEorpa. In a dheighleáil leis an bhfuireann 'sé threoireochaidh an Riartha níos mó ná chéile ná tairbhe na seirbhíse, agus na nithe lasmuigh gur leogadh dóibh cuir isteach ar chomhacht na seirbhíse, ní cheadochfar dóibh oibriú amhlaidh a thuile.” An fhaid is atá práinn leis an mBeurla cuirtear síos an Beurla acht in ainm Dé ná bíodh aon bhaint ag an mBeurla le caint na Gaedhilge. Feuchtar ar an rud atá le rádh trí scaothán ceart na Gaedhilge agus cuirtear an chaint síos 'sa tslighe a mbeadh sí dá mba amhlaidh is ná dubhradh an chaint cheudna riamh 'sa mBeurla. Leig don Ghaedhilg seasamh ar a cosa féin. Maran bhfuighidh sí seasamh ar a cosa féin is olc an tacuigheacht a dheunfaidh an Beurla dhí. Ní théidhfidh a gcuid fola go deo le n-a chéile. Ba chóir go mbeadh sé fuiris go leor don Riaghaltas daoine a fhaghailt a chuirfeadh Gaedhealg chruinn, bhlasta, deallradhamhail ar gach fógra a bheifí le cur amach. Caithfear an rud a dheunamh gan cuimhneamh ar an mBeurla bheadh ag gabháilt leis in aon chor. Tá an Ghaedhealg dá cur amach anois le húdarás gach Aireachta den Riaghaltas agus le congnamh Dé buanófar í, acht mar adeir mé caithfear iarracht a dheunamh í choimeád cóirighthe, gleusta mar ba dhual dí a bheith. Ba cheart í bheith ós comhair an phobail in gach aon áit; dá mhéid a leathan- ófar í is eadh is mó a churfar suim innte. Caithfear na daoine a bhfuil sí uatha agus na daoine ná fuil a dhalladh léi. TADHG GAEDHEALACH. CRAINN Is beag ar fad de dhaoine, is dócha, go bhfuil aon eolas aca ar chrainn: conus mar a chuirtear iad, conus mar a fheuchtar 'na ndiaidh, conus mar a bhaintear iad' agus conus mar a úsáidtear iad. Níl gnó ar bith níos righne ná an gnó bhaineann le crainn. Baineann sé ceud bliadhan den chuid is mó aca fé mbíonn siad i gcóir chun iad leagadh, agus na saghasanna is mire fhásann, mar an learóg, bíonn siad sin ag fás 35 bliadhana ar a luigheadh fé mbain- tear iad. Dá bhrígh sin níl aon mhaitheas d'aoinne a bheith ag cuimhneamh ar crainn do chur agus a bheith ag coinne go ndíol- faidís asta féin le linn a shaoghail féin. “Maireann an tor ar an gclaidhe, ach ní mhaireann an lámh do chuir,” mar adeir an seanfhocal. Níor mhór do a bheith sásta a chuid airgid do thabhairt suas ar fad maidir leis féin agus an brabach d'fhágaint ag a chlann. Ní dheineann aoinne mórán talmhan do chur fé chrann ach amháin fo-dhuine a bhfuil an-chuid talmhan aige agus airgead go leor: a leithéid sin de dhuine nó an Riaghaltas. Sa mbliadhain 1913 do b'í Éire an tír ba lugha fé chrainn de thíorthaibh na hEúróipe. Ní fheadar conus atá an sgeul anois agus an oiread san coillte a bheith bainte in aimsir an chogaidh mhóir, ach tá's agam go raibh an obair cheudna ar siubhal annso againn agus is ar éigin atámuíd níos fearr as seochas na tíortha eile ná mar a bhíomar. Níl aon dabht ná go bhfuil crainn níos gannachúisí arís in Éirinn ná mar do bhí deich mbliadhan ó shoin, agus is ag dul i n-olcas a bheidh an sgeul maran bhfeuchtar chuige. In a lán tíortha cuireann an Riaghaltas an-shuim i gceist Foraoiseachta. Tá na mílte acra, cuiridh i gcás, ag an Riaghaltas fé choillte sa nGearmán, ach is beag an toradh thugann Riaghaltas Shasana ar an rud ceudna
Bhí Roinn na Talmhanuidheachta fútha fé mar a bhíodh gach aon bhórd eile, ach bhí sé níos Gaedhealaighe ná an chuid is mó aca, agus do-ríghneadh an-chuid oibre ar mhaithe le hÉirinn ó cuireadh ar bun é breis is fiche bliadhain ó shoin. Tá foraoiseacht fé n-a gcúram cho maith le feirmeoireacht agus iasgaireacht. Tá fiche miliúin acra in Éirinn ar fad, agus níl ach timpeall 250,000 acra fé choillte, má tá an méid sin féin. Tá 18 estáit fé choillte ag an “Roinn” thall is abhus ar fúd na tíre, agus táid ag cur crainn ionnta leis na blianta: 3,301 acra atá curtha cheana aca; agus tá 18,730 acra insna coillte atá fé n-a gcúram. Tá rud beag deunta ag cúpla Comhairle Conndae leis (Cilldara agus Iarmhidhe), ach is beag é. Tá sgéim i bhfeidhm leis, ages na conndaethe go léir, plean chun congnamh do thabhairt dosna feirmeoirí nuair a bhíonn aon fhonn ortha crainn do chur. Deineann an Coiste Chonndae conradh le fear oileamhna crann éigint agus annsan fuigheann aon fheirmeoir sa chonndae crainn d'fhagháilt ar an bpraghas atá leagtha amach fén conradh. Fé láthair tá cogaidh, dhealbhas na haimsire, costas iompara na mbóithre iarainn, agus rudaí nach iad ag cur stad leis an ndeagh-obair seo. Is mó crann do cuireadh fén sgéim sin, ámhthach, ach ní fhuil ann i ndeire na sgríbe ach paiste annso agus annsúd. Cuireann siad deallramh nuadh ar an ndúthaigh in áiteanna bhíodh fíor-lom, agus bíonn fuithint do bheithidheach agus do Chríostaidhe in áiteanna sgéirdeamhla, ach sin a bhfuil ann. D'aimhdheoin san tá faillighe ceart deunta againn ar bhfor- aoiseacht, agus níl aon choillte againn ach amháin an méid adubhras cheana ag fás, agus caithfimíd a bheith ag braith ar tíortha thar lear níos mó ná riamh as seo amach maidir le hadhmad. Deirtear ná fuil aon mhaitheas in adhmad a fhásann ag baile. Ní fíor é sin, ach a mhalairt. Níl aon adhmad daraighe mar an stuif Gaedhealach. Adhmad daraighe na hÉireann atá i gceann desna hÁruis is mó agus is aosta i Lonndan. Gheobhfuidhe úsáid tairbheach do dheunamh de gach aon saghas adhmaid fhásann in Éirinn, ach amháin an cnó capaill béidir, níl aon mhaith ann sin mar adhbhar teine féin, ná i gcrann chritheach nach oiread maidir le teine. Fuair adhmaid na hÉireann droch-ainm aimsir an chogaidh mhóir nuair a bhí gach aoinne á bhaint agus á úsáid ar an nóimeant dearg agus é úr agus freiseálta. Caithfidh sé a bheith dá fhaghairt ar feadh tamaill mhaith fé n-úsáidtear é, níos sia ná adhmaid Shasana Nuaidh nó an Ioruaidh. Baineann sé seacht mbliadhna d'adhmad daraighe a fhaghairt go ceart fé mbíonn sé sa tslighe go n-oireann sé d'obair chruinn — trosgán do dheunamh de, cuir i gcás. 'Sé an sgeul ceudna é ag na cinéil eile, ach amháin ná bíonn siad cho righin leis sin, dar ndóigh. Insna sean-choillte atá fágtha, 'siad an fhuinnseog, an dair, an cuilinn, an feagha, agus an beithe is flúirsighe, ach na laetheanta seo ní chuirtear mórán desna “adhmaidi cruadha” mar a thugtar ortha, ach na “hadhmaidi boga” (crainn giúise de gach saghas agus an learóg). Is fuiris a thuisgint dé chúis a bhfuil sé sin amhlaidh, mar ní bhíonn na hadhmaidi cruadha i gcóir fé thrí fichid bliadhain an rud is túisge agus bíonn na hadhmaidi boga so-bhainte fiche bliadhain níos túisge ná san. Tá an-chuid costas ag baint leis an obair ó thosach deire. Feuch ar an sgeul anois ó síol go muilleann sábh. Tagann an síol ó Dhanmarg de ghnáth, ach tá áit in Alban 'na sábháltar é leis. Bhíodh síol giúise á shábháilt ag Mainistir Laoighse suas go dtí le déidheannaighe (péaca a bhfuiltear á dheunamh fós nó ná fuiltear ó cailleadh an fear a bhíodh i mbun na hoibre leis an diabhal galair ud, an “flú,” cúpla bliadhan ó shoin). Bíonn ó 10/- go 60/- ar púnt síl (dréir an tsóirt), agus gheobhfuidhe leaba 16 slat ar fhaid agus slat ar leithead do chur le púnt dhe. Obair an-chruinn ar fad iseadh í sin, an síol do chur. Níor mhór don chré a bheith cho mín le gainimh beagnach (le criathar deuntar san), agus annsan teas- tuigheann an-aireachas ósna leapthacha ar feadh an tsamhraidh, iad do choimeád glan agus uisge do chur ortha gach aon oidhche nuair a bhíonnan aimsir tirim. Is ait le duine ná fuil taithighe aige air, an slighe thagann na crainn aníos — reubann siad na síolta suas as an gcré, agus toisg go mbíonn na síolta go léir deargtha le luaidhe dearg feuchann siad mar a bhéidíst ag cur amach bláthanna nó caora. Fágtar insna leapthacha ar feadh dhá bhliadhan iad. Bíonn siad cho tiugh le tuil annsan agus timpeall trí órdlaigh ar aoirde béidir. 'San tríomhadh Earrach cuirtear amach i líní fada iad agus slighe go leor chun fás ag gach crann aca. Nuair a bhíonn gach aon rud idir aimsir agus talamh agus crainn ar fheabhas
is féidir le deichniubhar fear suas le 20,000 díobh do chur sa ló má bhíonn ceuchta agus capaill agus gach cóir i gceart aca. 'San iarthar ní bhíonn níos mó ná mí nó sé seachtmhaine 'san Earrach oireamhnach don obair sin, mar ní féidir é dheunamh tréis an cheud sheachtainmí Bealtaine agus is minic a bhíonn an aimsir an-fhliuch roimhe sin. Eachtra an méid oibre a bhíonn le deunamh annsan. Caithfear an gáirdín oileamhna cho maith leis na leapthacha síl do choimeád glan ar feadh an tsamhraidh. Tá rud eile le deunamh san Earrach leis .i. na crainn d'ath-chur an dara uair, 'sé sin a rádh, na ceannaibh atá dhá bhliadhain cheana insna líní. Fanann siad annsan agus iad cuibhseach mór insna líní sin sa gháirdín oileamhna go dtí go mbíonn siad timpeall sé bliadhain d'aois. Sin an t-am a chuirtear amach insna coillte iad de ghnáth. Nílim a rádh go bhfuil aon riaghal deimhinitheach sa sgeul. Ní i gcomhnuidhe sa séamhadh bliadhan chuirtear amach iad. Dréir an mhéid a bhíonn ionnta, mar fásann cuid aca níos mire ná a chéile, agus bíonn talamh bocht agus talamh saidhbhir ann agus mar sin de. Rud eile, tá daoine ann agus b'fhearr leó crainn beaga óga do chur amach agus daoine eile agus b'fhearr leó ceannaibh níos mó — suas le ceithre troigh ar aoirde uaireanta. Áit a bhfuil fuithint ann nó áit a mbíonn an-chuid coiníní ann is fearr crainn móra do chur, mar ní gádh annsan a bheith ag síor-bhaint an tsalachar (reithineach, feur, agus gach rud a bhíonn ag fás 'na measg), ach ar an taobh eile dhe nuair a bhíonn duine ag cur coille óige ar thaobh sléibhe luime sgéirdeamhla nó in áit a bhfuil an chré éadtrom cuireann sé sin crainn beaga ó 1 go 2 troigh, abairimís. Is fuirist tuigsint ca' na thaobh. Maidir leis an méid crainn ba cheart cur in aon acra amháin bíonn diospóireacht 'na thaobh idir daoine a bhfuil eolas agus taithighe aca ar an obair. Deirtí gurbh cheart na crainn óige do chur go tiugh, trí troighthe ón a chéile, ach deireann cuid desna foreistéirí (anois go mbíonn £5 ar míle crann óg coitchianta in ionad £2 mar a bhíodh roimh an chogaidh mór) go ndeunfadh sé an gnó iad a bheith cúig troighthe ón a chéile: abairimís go gcuirtear ceithre troighthe óna chéile iad, agus fágann san go mbeidh níos lugha ná 3,000 in acra beag (staitiúit): dá gcuirfidhe iad slat ón a chéile do bheadh 4,840 dar ndóigh. Tá obair fé leith ag baint leis na coillte óga, ach níl slighe agam trácht air. Nuair a bhíonn na crainn suas le sé bliadhna deug nó mar sin cromtar ar iad do thanúchaint. Bíonn siad oireamhnach do stacaí le haghaidh cladhthacha agus a leithéid fé'n am sin. Tá's ag urmhór na ndaoine conus a dheuntar crainn do bhaint agus níl aon rud gur fiú d'innsint i dtaoibh na cearraidheachta nach oiread — cho fada is a bhím ag tagairt don ghnáth-choill. Gan dabht tá córacha iongantacha á n-úsáid in áiteanna áirithe chun na crainn d'iompar go dtí an bóthar iarrainn. Chon- naiceas iad i Sasana Nuadh, gach saghas gleus, “overhead wireways,” &rl. Is cuma san pér sa domhan de, mar ní dóigh liom go bhfuilid in aon áit in Éirinn. Tá an obair sin, leagadh agus cearraidheacht na gcrainn, go cruaidh trom, go speisiálta nuair a bhíonn sean-choill daraighe i gceist. 'Sé an crann daraige an t-aon chrann amháin go bhfuighfidhe na buinn d'fhágaint amuigh fé'n aimsir ar feadh tamaill maith tréis iad do leagadh. Dá mhéid í an aimsir fuigheann siad is amhlaidh is fearr é mar go mbíonn clúdach adhmaid buig mór-thimpeall ar an gcroidhe cruaidh (leath istigh den choirt), agus níl aon seasmhacht ann in ao' chor. Ach gach aon saghas eile crann, is éigin iad do bhreith isteach fé sgáth ar eagla go ndreóghfadh siar-fhliucharas na fearthanna iad. Seo iad na cinéil is mó fhásann in Éirinn agus an slighe is gnáthaighe a bhaintear tairbhe as gach saghas adhmaid: DAIR: báid mhóra, spócaí, agus gach aon rud theas- tuigheann adhmad an-bhuan uaidh; agus trosgán, gual confaidh. FUINNSEÓG: camáin, cosa úirlisí feirme, leath- ladhanna agus fellaí; trosgán. FEAGHA: cathaoireacha, gunnaí, gual confaidh. BEITHE: sguabanna, breugáin, bonn adhmaid bróg, trosgán. CRANN GIÚMHAISE (abies, picea, pinus): cinn tighe, dóirse, fuinneoga, agus i mianaigh guail mar tacaí. LEARÓG (larix): báid, páil, cartacha agus cearranna, dréimirí, &rl. LEAMHÁN: coifíní agus beagnach gach aon rud mar a chéile le fuinnseóig ach amháin úirlisí agus camáin. SOICEAMOR: cuigneacha, bheidhlíní, agus trosgán. CNÓ CAPAILL: sguabanna, bosgaí. SAILEACH: geuga breugacha, gual confaidh. CRANN CRITHEACH: bosgaí, cosganna ar thrucaillí na mbóithre iarrainn. FEARNÓG: bonn adhmaid bróg, gual confaidh. CUILEANN: úirlisí tomhais, obair túrneura. TEILE: bosgaí, breugáin, cosganna, &rl. COLL: slata. EÓ (nó IUBHAR): obair túrneura.
Níl aon cheann aca cho deacair a ghearradh le sábh (nó tuireasg) leis an gceann bog — crann giúmhaise nó learóg, cuir i gcás. Dúnann na buinn as a stuaim féin dréir mar a ghearrtar iad, agus is minic a chuireann sin stad ar sábh ná fuil níos mó ná 20 h.p. ann maran dtugann an fear atá in a bhun an-aire don obair. I muileann sábh (ceann a bheidh leagtha amach go ceart an cheud lá) bíonn trí shábh ann ar a luighead, ceann mór chun na crainn do ghearradh dréir mar a thagann siad isteach ón gcoill (rackbench thugtar ar sin), agus annsan ceann níos lugha (pushbench) chun cláracha eudtruime agus scantlings, &rl., do dheunamh desna cláracha móra thagann ón sábh mór: agus annsan arís ceann eile a bhfuil deallramh eile air: sin an sábh-banda, agus is air sin ghearrtar amach píosaí timpeallacha agus píosaí cama, le haghaidh camán nó fellaí, cuir i gcás. 'Sa tslighe bhímíd i gcomhnuidhe, ní bhíonn am ag muintir na hÉireann a gcuid adhmaid do fhaghairt i gceart. Chun an obair seo a dheunamh i gceart is éigin na cláracha go léir do chur treasna a chéile i gcarn mór, agus iad d'fhágaint mar sin ar feadh aon bhliadhain amháin nó as sin go sé nó seacht de bhlianta dréir an cinéil adhmaid athá ann. Nílim ag tagairt don obair a bhíonn ar siubhal i siopa siúinéir anois. Baineann sé sin le sgeul adhmaid, gan dabht, ach tá go leor ráidhte agam nuair atáim tréis an léightheoir do thabhairt liom ó leaba an t-síl go dtí an muileann sábh. AN CHÚ MHALL. Guthán 4804 SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH TTA., 45 SRÁID DASÚN, ÁTH CLIATH. An t-aon tsiopa amháin i nÉirinn go bhfuil le fáil ann gach leabhar go gcuireadh Gaedhil suim ann — i nGaedhilg nó i mBearla. An t-aon tsiopa amháin i nÁth-Cliath gur éigin do gach duine ann eolas bheith aige ar theangain na nGaedheal. FOGHAIR NA GAEDHILGE. CEACHT A I. A, B, C, D, E, F, G, H, I, L, M, N, O, P, R, S, T, U, comharthaí scríobhadh na Gaedhilge; an t-aibightir tugtar orra. Tugtar guthanna ar a, e, i, o, u; agus tugtar consona ar b, c, d, f, g, l, m, n, p, r, s, t. Ní fhuil in h acht séideadh den anáil. Ní fhuil h ag gabháil le haibightir na Gaedhilge acht le cúpla céad bliain. Ní fhuil sé in aon phreumh-fhocal na Gaedhilge. Nuair a bhíonn an comhartha so (') ag gabháil leis na guthanna bíonn foghar fada aca. Foghar gairid nó snabtha bhíonn aca gan an comhartha so ós a gcionn in áirde. Ba chóir taithighe maith ar na guthanna fada agus gairid a thabhairt do na daoinibh bhíonn ag tosnú ar an léigheamh agus na foghair ceart Gaedhilge a thabhairt dóibh ó thosach, na foghair is gnáthaidhe ag guthanna na Gaedhilge. Is minic a chonacamar oidí Gaedhilge agus is iad na foghair a bhíonn ag na leitreacha i mBeurla a mhúineann siad do na leanbhaí i dtosach. Is socra agus is buaine foghair na leitreacha 'sa nGaedhilg ná 'sa mBeurla. Tá a fhios againn go léir godé an trioblóid bhí againn fadó nuair a thosnuigheamar ag foghluim conus an Beurla a léigheamh. Múineadh aibightir an Bheurla dhúinn a cheud uair agus nuair a bhíodar san go glan againn agus ainmneacha againn orra cuireadh go dtí AN OX, MY OX sinn. Dá mbeadh aon réasún ná tabhairt fé ndeara ionainn an uair úd is mór an crádh a thabharfaimís do na hoidí. D'fhoghluimigheamar gur “Ó” bhí againn agus “X,” agus dar ndóigh tá a fhios ag an saoghal má churtar an foghar “Ó” le “X” go mbeidh “Ó + X,” nó “ÓX,” agus gurb' é an foghar céadna bheidh agat agus atá i ndeireadh an fhocail “hoax.” Is ait an focal a bheadh agat as na foghair seo a chuir le chéile: dee + ó + gee, agus is beag an deallramh a bheadh aige leis an bhfocailín “dog”; “t + o,” feuch cad a dheunfá as, agus annsin meabhruigh “d + o,” “s + o.” Is cuimhin liom féin nuair a bhí mé ag dul go dtí an scoil an chéad uair riamh a bhuail an focal “pig” liom gur “peeiigee” a thug mé liom as, agus bhí mé ag rádh an fhocail neamh-choitchionta so ar feadh leath an lae dhom féin gur tháinigh an máighistir agus gur bhuail sé dhe langaire feadh na cluaise mé — “pig,
a mhadáin,” ar sé sin, agus deirim leat nár dhearmhad mé as san amach é. Acht nuair a tháinig mé go dtí an focal “pigeon” in a dhiaidh san dhein mé praiseach den sceul arís. “Bheirim-se don tubaist!” arsa mise liom féin, “cleas na bhfocal so.” Ní bhfuighbheadh aon mhuinghin a bheith agam asam féin as san amach. Ní gádh dhúinn leanamhaint Síol mBrian a dhéanamh ar an sceul so; tuigeann gach aoinne cad atá i gceist agam. Ní mar sin atá an sceul in aon chor 'sa nGaedhilg; béidir go bhfuil rud beag de ann, acht is beag é, agus mar sin is fearr foghair ceart na leitreacha a mhúineadh ó thosach agus deunfaidh sé an-chongnamh chum foghar an fhocail a thabhairt leat in a cheart. Múin a, e, i, o, u, a chéad uair agus annsin á, é, í, ó, ú. Cuir gach eile ceann gairid agus fada le n-a chéile. Teasbáin gur mar a chéile bheidh do bheul socair agat do “a” agus do “á,” aon rud acht go gcoimeádthar an dara ceann ar siubhal níos sia (fé dhó béidir) ná an chéad cheann. Is mar a chéile an sceul i dtaobh “e” agus “é”; i dtaobh “i” agus “í”; “o” agus “ó”; “u” agus “ú.” Tugtar guthanna leathna ar a, o, u, i dtaobh a mbuigeacht; bíonn an beul oscailte bog breagha dhóibh. Ní bhíonn aon tarraing ná crapthacht ar fhéitheacha an bhéil ná an ghéill chum iad a dheunamh; fágtar iad go léir bog, silte. Ní mar sin do “e” agus do “i”; bíonn na féitheacha so craptha dhóibh, bíonn sórt tarraing orra, ní fhuil an fhairsingeacht ag baint leo mar atá ag baint le a, o, u. Guthanna caola tugtar orra. Do b'fhéidir dúinn guthanna boga agus guthanna cruadha a thabhairt orra, nó guthanna fairsinge agus guthanna cumhanga, agus bheadh an sceul chomh so-thuigse dhúinn le guthanna leathna agus guthanna caola. Dob' fhiú roinnt aimsire a chaitheamh ag meabhrughadh na deifreach seo, mar má tuigtear i gceart é is fearrde an léigheamh agus an chaint é; agus an scríobhadh mar aon leo. Chum an foghar “a” a dheunamh ní gádh acht an beul d'oscailt go bog, nádúrtha, agus leigint don ghiall iachtarach tuitim roinnt; bíonn bun na teangan árdaighthe rud beag agus tosach na teangan leagtha. I dtosach do bhéil is eadh bhíonn an follamhas. Is féidir an foghar “o” a dheunamh anois gan aon aistriú eile a dheunamh ar an mbeul acht an dá phus (nó mar adeurfaoí beul an bhéil) a chruinn- iughadh roinnt amach díreach agus chum “u” a dheunamh cruinnightear roinnt eile iad, bíonn an beul iachtarach rud beag níos sia amach ná an beul uachtarach insan tslighe gur suas a shéidtear an anáil. Ní bhíonn aon trioblóid ag duine “e” agus “i” a thabhairt i gceart. Le “a,” “o,” agus “u” a bhíonn an duaidh ar fad ag daoine gurb' í an Beurla an teanga is taitheach leo. Is leithne leathan na Gaedhilge ná an Beurla agus is caoile caol na Gaedhilge ná an Beurla. PÁDRAIG Ó CADHLA. (Tuille Le teacht.) CRAINN ÓGA Níl aon rud níos tábhachtaighe sa tír seo ná crainn do chur. A Ghaedhil, ba mhaith linn ár ngnó do dheunamh as Gaedhilg, agus ní beag san, is dóigh linn. Chuiridh fios ar Chlár na Luach: Crainn Coille, Tuir Gáirdín, agus Crainn Torthaí. Tá teistiméireacht againn ó Aireacht na Talmhan. MUINTIR AN RÁITHÍN, TUAIMGREINE, CO. AN CHLÁIR. NIGHEACHÁN RIABHACH AN tSATHAIRN NÍ BHÍONN SÉ GEAL DÉ DOMHNAIGH. Dá bhrigh sin Cuiridh bhúr gcuid nigheacháin chun TIGH NIGHEACHÁIN NA CÚIRTE (COURT LAUNDRY) SRÁID HARCOURT, BAILE ÁTHA CLIATH. NA CÓRACHA OIFIGE IS DÉIDHEANAÍ CHEAPADH. Hammond Typewriters. — leitriu Romhanach a's leitriu Gaedhealach ar an maisin ceudna. Art Metal Filing Cabinets. — deuntus cruaidhe ar luach adhmaid. Leabhra “Kalamazoo Loose Leaf.” — deuntar iad so do rulail do chlobhualadh i mBaile Ath Cliath. Leabhra “Phoenix Analysis.” — deuntar i mBaile Atha Cliath iad so. Maisini chun seolta a's stampai do chur ar chludaighe leitreacha agus iad do dhunadh. Uirlisi tomhais agus gach saghas gleus chun am do shabhailt. Guthan 2293 J. L. STEWART. Faithche an Cholaiste a 4, Baile Atha Cliath.
PÁIPÉIRÍ GAODHLACHA LE H-AGHAIDH SGRÍOBHNÓIREACHTA. Deinimíd Páipéirí i gcóir Scol agus Úsáid Coitchionn nách féidir a sárughadh ar mianach is eile. Ná bíodh ag do pháisdíbh acht Leabhair Sgríobh- nóireachta agus Garbh-leabhair “An Cheathrair Ollamh.” Nuair a bheidh Páipeur Coitchionn uait, fagh “Árd-Rí” nó “Brehon.” CLÓDÓIREACHT GHAEDHILGE Tá fhios ag cách cad é an cháil atá againn i dtaobh Béarla a chlóbhuaileadh. Is féidir linn a chomh-mhaith a dhéanamh leis an nGaedhilg. An fear a chuireann an Ghaedhilg le chéile, duine de lucht an “Fháinne” is eadh é. LEABHAIR GAEDHILGE Tar éis teacht amach — “Seáinín.” “An Seabhac” do sgríobh. 4/- glan “Eachtra Eibhlís.” (Alice's Adventures in Wonderland.) Pádraig Ó Cadhla do chuir Gaedhealg ar an sgeul so. 4/6 glan “Scríbhinní Phádraig Mhic Phiarais.” 10/- glan “Gaedhilg sa mBaile.” 2/6 glan “Jimin Mháire Thaidhg.” “An Seabhac.” 1/3 glan “Seacht mBuaidh an Eirghe Amach.” Pádraig Ó Conaire 5/- glan MAUNSEL & ROBERTS, TEO., Clódóirí, Foillsightheóirí, Déantóirí Córacha le h-agaidh Sgríobhnóireachta Sráid Bhagóid, Íoch., 50, Baile Átha Cliath AN GHAEDHEALG OS COMHAIR NA NDAOINE AMACH Deirtear gurb í an teanga is dual nádúrtha do dhuine an teanga 'na ndéanann sé a mharana agus is fíor é sin leis in slighe. Is minic adeireadh Conchubhar Mac Clúin (go ndéanaidh Dia trócaire ar a anam) ná raibh sé le rádh aige go raibh an Ghaedhealg aige go ceart fé'n am do chrom sé ar a bheith ag taidhreamh i nGaedhilg, ach mar sin féin tá daoine ar an saoghal, agus gan ach smuit de'n teangan aca, agus deurann siad go mbíd ag stealladh amach na Gaedhilge (agus iad 'na gcodladh) cho pras leis an iasgaire is caintighe i mBaile na nGall, agus dar ndóigh níl sé ar ár gcumas iad do bhreugnú sa méid sin. Bíodh sin mar atá, bím ag cur na ceiste sin trí chéile i m'aigne féin, mar uaireanta fuighim mé féin ag deunamh mo mharana i nGaedhilg i gan fhios dom féin, agus uaireanta eile, agus mé go díreach tréis a bheith ag caint Gaedhilge leis, caithfidh mé a rádh go mbíonn na smaointe á ndeunamh agam i mBeurla. Seo an chúis a bhíonn sé sin amhlaidh, is dóigh liom. Ní bhfuighfá do mharana do dheunamh ar feadh tamaill gan daoine áirithe a theacht isteach i t'aigne agus annsan, cé ná fuil a fhios agat go bhfuil tú á dheunamh go dtí go bhfeuchair isteach sa sgeul go cruinn, annsan cromann tú (id' fho-aigne de ghnáth) ar a bheith ag ceapadh cad dhéarfadh an duine atá i gceist agus cad a dhéarfá féin leis: mar sin a thuiteann sé amach. Má's beurlóir an duine úd is i mBeurla a bheidh tú ag smaoineamh, agus má's gaedhilgeoir é, 'sí an Ghaedhealg an teanga a bheidh it' aigne, agus ní dhéarfainn ná go bhfuil an rud ceudna le rádh ag gach aoinne beagnach a bhfuil an dá theanga (nó aon dá theanga eile sa domhain) go cuibheasach pras aige. Fágann san gan dabht go mbíonn an chuid is mó de Ghaedhilgeoirí féin ag deunamh a marana i mBeurla, 'sé sin a rádh an chuid is mó desna Gaedhilgeoirí atá 'na gcomhnuidhe sa nGalltacht. Maidir liom féin táim i mo chomhnuidhe sa mbreac-Ghaedhealtacht, agus ní dóigh liom gur minicí a labhraim an Beurla ná an Ghaedhealg, ach timpeall cho-mhéid, béidir. Ní dheunfadh aon ní an teanga d'aithbheochaint níos fearr ná í a bheith ag cuid mhaith des na daoine de nádúr, agus ní féidir a rádh go bhfuil teanga ag muintir tíre ar bith de nádúr muran rud é go ndeunann siad a marana innti de ghnáth.
Ní dheunfaidhe murab rud é go gcastar Gaedhilgeoirí ar a chéile go minic gach aon lá. 'Sé an feall é go bhfuil Gaedhilgeoirí na Galltachta ró sgaipighthe ó n-a chéile. Leath is mu de lucht Chonnradh na Gaedhilge, béidir, is ar éigin atá aoinne i mBaile Átha Cliath gur féidir leis a rádh go gcaithean sé a leath dá chuid aimsire ag cainnt na Gaedhilge, ná i n-aon ghiorracht de. Bhel, ní fheicim go bhfuil aon leigheas sa domhain bhraonach air sin. Ach tá rud eile 'na theannta san a chuireann iachall ar dhuine a shmaointe do dheunamh i mBeurla .i. an slighe a chítear Beurla sgríobhtha in áirde i ngach aon áit. Ní misde dhom a rádh go bhfuil leigheas againn air sin. An páipeur laetheamhail an rud is measa amach a's amach, agus caithfimíd cur suas leis sin is dócha go dtí go mbuaileann millionaire éigin an tslighe a bheidh sásta a mhilliún do chaitheamh gan tairbhe ar pháipeur laetheamhail Gaedhilge. Is mór an truagh é mar sin féin an sgeul a bheith mar atá sé. Níl aoinne dá raibh riamh sa Ghaedhealtacht ná fuil a fhios aige an slighe léightear an “Independent” nó an “Examiner” cois teine san oidhche agus an tugthacht a bhíonn agá lucht éisteachta ceisteanna do chur trí chéile sa teanga ceudna 'na raibh fear an phaipéir ag trácht ortha. Canathaobh ná beadh? 'Sé an t-iongnadh ceart é an slighe leantar ag cainnt Gaedhilge dá inneoin san. B'fhearr liom ná rud maith dá gcuirfeadh an Riaghaltas páipeur laetheamhail ar bun gan ach Gaedhealg ann; adhbhar cailleamhna airgid ba eadh é sin gan aon agó, ach nárbh fhiú an Ghaedhealg an méid sin. Saghas taidhrimh is eadh an chainnt sin, is eagal liom. Ach tá a lán rudaí eile agus táid ar ár gcumas iad do dheunamh gan an oiread san trioblóide chun síor-radharc an Bheurla do chur ar neamh-nidh agus an Ghaedhealg do chur os comhair na ndaoine 'na ionad. I sráideanna na mbailte móra 'siad fógraí agus ainmeacha lucht siopadóireachta, &rl., is mó a chidhimíd ar gach taobh. Dá mbeadh mo shlighe féin agam (agus níl) do chuirfinn cáin ar gach fógra puiblidhe (mar a dheuntar sa bhFrainnc), cáin fíor-throm ar fógraí móra i mBeurla amháin, cuibheasach trom ar ceannaibh leath i mBeurla, agus gan aon cháin (nó cáin eudtrom, béidir) ar na ceannaibh a bheadh i nGaedhilg amháin. An rud ceudna arís dosna siopaí agus dosna hoifigí, go mór mór aon fhocal theas- báinean cadé an saghas siopa nó oifige é. Is cuma na hainmeacha seochas iad sin, mar ní chuirfeadh an ainm Yeates, nó Browne & Nolan, nó Lalor ag smaoineamh i mBeurla tu (cé gurbh fhearr Brún & Nualán, Ó Leathlobhair, &rl., d'fheicsint ar na fuinneoga). Ach nuair a chuirfear i gcomparád “Sight tested by skilled opticians,” le “deunfaidh liagh-súl eolgaiseach do radharc a thástáil annso dhuit,” “Wholesale and Retail Stationers” le “Córacha Scríbh — Lucht a ndíolta 'san iomlán agus ina mionn-choda,” “Tobacco Merchants” le “Cean- nuightheoirí Tobac,” chífear ar an nóimeant cad atáim ag tagairt do. Tá ainmeacha na sráid i nGaedhilg cheana, ach cho fada a's atá an Beurla ann leis ní dhéanfaidh sé an gnó. Cad eile anois? Gach saghas ticeud ar an gceud dul síos — ticeudaí na dtramanna, na mbóithre iarrainn, na hamharclainn, agus iad go léir. Chuirfidís an Ghaedhealg 'n luighe ar na daoine ó mhaidin go hoidhche, agus níor mhór dúinn é sin do dheunamh. Feuch ar an mbóthar iarrainn. Ní hamháin atá fógraí, ainmeacha na stáisiún, sgríobhtha suas i mBeurla (tá Dúnlaoghaire agus cúpla ceann eile i nGaedhilg agus níor airigheas gur chuaidh aoinne amú dá bhrígh sin ach an oiread), ach gach saghas fógra leis go léighean agus go n-athléighean na daoine dá n-inneoin féin. Gheobhainn leath-dosaen leathanaigh do líonadh le samplaí dá mba mhaith liom é. (Feuch an comór- tas, L. 18). Is dócha go bhfeudfaimíd talamh slán do dheunamh dhe go ndeunfaidh an Riaghaltas a chion féin i ngach rud a bheidh fé n-a lámh féin — in Oifig an Phuist, cuir i gcás. Tugaim fé ndear ná beidh ar na stampaí nuadh ach Gaedhealg amháin. Tá Fuirm Teleigraf, cártaí puist, agus a lán slighthe eile aige chun na Gaedhilge do chur os comhair na ndaoine má's maith le Máighistir na bPost glacadh leo. Ba cheart do-san a rádh ná beidh an oiread is aon fhocal amháin Beurla le feiscint ar aon rud fé n-a chúram as seo amach, ach amháin béidir cuid desna fuirm neamhchoitchianta go gcaithfidh sé ais triúchán do chur ortha (ach i gcló beag má seadh). Is ar éigin a dheunfaidh na hAireachtaí faillighe ar an bpoinnte sin: a gcuid fógraí do chur amach i nGaedhilg cho maith le Beurla agus an Beurla a bheith sa dara áit i gcomhnuidhe. Ach maidir leis sin do b'fhearr dóibh alt “Thaidhg Ghaedhealaigh” atá san uimhir seo den “Sguab” do léigheamh. Ní dheunfaidh aistriúchán díreach ón mBeurla an gnó. Sgríobh leitir chun Árd-
Oifige an Phuist agus chífidh tú cad é an freagra a gheobha tu mar admháil! Annsan nuair a bheidh an méid sin deunta, agus rudaí nach é leis, caithfear tabhairt fé lucht na seirbhísí puiblidhe, iachall do chur ar cléirigh Oifig an Phuist, checkers, tram conductors, agus ní fheadar cé hiad eile, Gaedhealg a bheith acu. Ach is mithid dom stadadh fé dtosnóchad ar rudaí mar sin do phlé. Ní beag liom don turus seo na smaointe atá ráidhte agam shuas. Tá's agam go maith gurb in áit a chéile dheuntar na caisleáin, ach mar sin féin níor mhór dúinn an liathróid do thógaint ar an gceud luasgadh, anois go bhfuil cúis na Gaedhilge ag dul chun cinn imeasg na ndaoine. ÉAMONN MAC EOIN Teóranta (EDMOND JOHNSON, Ltd.) SEÓDÓIRÍ AGUS GAIBHNE AIRGID. Deintear an obair ar fad ag 94 Sráid Ghrafton, Áth Cliath Guthán 992 CUALLACHT DÚNA EIMER TEOR Sráid Hardbhic, i mBaile Átha Cliath. ÉADAIGHE EAGLAISE, ILGHRÉASACH & ÓIRGHRÉASACH. CULAITHE BAN ÉIREANN. CAIRPÉIDÍ LÁIMH-FHIGHTE. COMÓRTAS Mar adubhramar san alt ar a dtugamar “Gaedhealg os comhair na ndaoine amach,” ceist an-thabhachtach iseadh í, Gaedhealg chruinn a bheith againn ar rudaí coitchianta an lae indiu, go mór mór ar na comharthaí a bhíonn le feicsint ag an bpobal gach aon lá. An focal “Smoking,” cuir i gcás, a bhíonn sgríobhtha ar chuid de charóistí na traeneacha. Níor mhór dúinn focal cho cruinn agus cho gairid leis sin do cheapadh sa nGaedhilg: “Cead tabac” dhéarfaimíst, ach béidir go bhfuil slighe níos fearr chun é rádh. Seo im' dhiaidh liosta beag d'fhocail agus d'abairtí den tsaghas sin agus tabhairfimíd púnt don duine is fearr chuireann Gaedhealg ortha. Níor mhór do gach iarrathóir a ainm agus a sheoladh do sgríobh ar an bhfuirm seo shíos agus é do chur isteach len a iarracht féin. Gach iarracht a gheobhfaimíd annso roimh an 15adh lá Mí na Samhna beidh sí i n-am agus foillseomuíd gach eolas ar an gcomórtas sa tríomhadh uimhir den “Sguab.” Seo chughat istigh annso iarracht ar an gcomórtas atá ar siubhal sa “Scuab.” Ainm Seoladh Don Fhear Eagair, “An Sguab,” Cearnóg Cnocán Áthais, 24, Baile Átha Cliath. Má theastuigheann aon eolas uait i dtaobh FUINNEACH, MÓTOR, CÓRACHA SOILLSE DO THIGHTHE TUAITHE, TEUDA, nó aon chóir eile Teintrighe, scríobh chum F. W. PARKES & CO., Tigh Fhirdiaidh, Lána an Teampuill, Sráid Dáma, Baile Átha Cliath.
NA LEABHRA DO CUIREADH AMACH I mBLIADHNA. Comhlucht Oideachais — “Dia, Diabhail agus Daoine.” — An tAthair G. Ó Nualláin. 5/—, “Duanaire Gaedhilge.” — Rós Ní Ógáin (eag.). 3/6. “Dán Dé.” — An tAth. L Mac Enna (eag.). 10/6. “Réiltíní Óir” (Cuid a 1). — An tAth. S. Mac Clúin. 5/—. “Gnáth-Eólas ar Nádúr.” — Pádraig Ághas. 2/6. “Oidhcheanta Sidhe.” — M. Mac Liam Móir. 2/6. Gaedheal-Chomhlacht — “Mian a Croidhe.” — Pádraig Óg Ó Conaire. 7/6. “Féile na nÓglach.” — Liam P. Ó Riain. 1/-. “Idir na Fleadhanna.” — Áine bean Uí Néill. 1/6. Mac an Ghoill — “Sloinnte Gaedheal agus Gall” (Cuid a II). — An tAth. de Bhulbh. 2/6. “Teachtaire ó Dhia.” — An tAth. Ó Duinnín. 1/6. “Sgeulóga.” — An tAth. Ó Duinnín. 1/—. “Litreacha Gaedhilge.” — An tAth. Ó Duinnín. 1/6. “An Salfathóir Gaedhealach.” — Tomás Ó hAodha. 2/6. Maunsel — “Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas.” — Pádraig Ó Cadhla. 4/6. “Seáinín.” — “An Seabhac.” 4/-. Sin an méid leabhra do fuaireamar ós na foillsigh- theóirí. Do sgríobh “An Seabhac” léirmheas fada ar “Réilthíní Óir.” Shíleas é chur isteach san uimhir seo ach cuaidh se amú sa phost. Beidh sé sa cheud uimhir eile le congnamh Dé. Maidir leis na leirmheasa eile bhí agam i gcóir na h-uimhreach seo, níl slighe agam iad do chur isteach. — F.E. LEABHAIR GHAEDHILGE. Má tá leabhar Gaedhilge ag teastábhail uait, pé'cu Sean- leabhar é nó Leabhar atá díreach tar éis teacht amach, gheobhair a thuairisc acht ceist do chur ar MHÁIRE NI RAGHALLAIGH, (Díoltóir Leabhar ar son Connradh na Gaedhilge), 87 SRÁID UACH. NA DRISEÓIGE, ÁTH CLIATH. N.B. — TÁIBLÍ NA GAEDHILGE (Seán Ó Catháin), 16S. 6d., á ndíol ag an seoladh so thuas. TOBAR NA FÍOR- GHAEDHILGE I RINN Ó gCUANACH I nDÚTHAIGH DÉISEACH. CAITH DO SHAOIRE AR DO SHUAIMH- NEAS ANN AGUS RAGHAIDH SÉ CHUM TAIRBHE DO SHAOGHAIL AGUS DO SHLÁINTE. Tá tigh fada fairsing i gcomhair bhídh, iostais, agus an mhúineadh ag lucht Iolscoile na Mumhan ann — an fhar- raige i mbeul an doiris aca agus cóir folcadh idir Shamhradh agus Gheimhreadh. Tá táisc agus tuairisc an Scoil Samhraidh i mbaile a's i gcéin. SCOIL NA LEANBHAÍ Fé chúram “An Fhir Mhóir” — Fear “An Ghéilín,” Fear “An Bhreugáin,” Fear “An Fhéirín,” agus fear “An tSeanchuis.” “Ní mhúintear Gaedhealg annso, labhartar í” — tuairisc Sheoirse Mhic Niocaill ar obair na scoile. Ta gach fios agus faisnéis le fagháil Ó'N BHFEAR MÓR I RINN Ó gCUANACH. Nó ó PHÁDRAIG Ó CADHLA, I Lúbán Díge, I gCo. an Chláir.
BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA. ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE ÁTHA CLIATH. DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT. Bun-airgead Geallta, £406,000. Bun-airgead Díolta, £203,000. Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1922, £1,900,000. BUNUIGHTHE 1920. BRAINNSÍ:— 68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh, Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis Maghchromtha. THE NATIONAL LAND BANK LTD. Luach Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason & a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Mansuel & Roberts Teo., Áth Cliath, & foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services