Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uimhir a h_Aon Deireadh Fóghmhair 1922

Title
Uimhir a h_Aon Deireadh Fóghmhair 1922
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1922
Publisher
Muintir an Sguab

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SGUAB



Uimhir a h-Aon DEIREADH FÓGHMHAIR 1922 3p. SA MHÍ



RÉIM NA H-UIMHREACH SO



AN RUD ATÁ AR INTINN AGAINN 3



IOLSGOIL NA MUMHAN (SCEUL A BHUAIDH) PÁDRAIG Ó CADHLA 4



DÍOGHALTAS NA hOIDHCHE SEÓIRSE MAC CLÚIN 6



AGALLAMH IDIR ÉIRE AGUS SEÁN BUIDHE TOMÁS DE BHIAL 8



TUGTAR CEART DON GHAEDHILG “TADHG GAEDHEALACH” 10



CRAINN “AN CHÚ MHALL” 12



FOGHAIR NA GAEDHILGE PÁDRAIG Ó CADHLA 14



AN GHAEDHEALG OS COMHAIR NA nDAOINE AMACH 16



COMÓRTAS 18



LIOSTA LEABHAR 19



AN LEABHARLAN:



An cnúsach is fearr i nÉirinn de shluagh
sean-leabhar Éireann, ó na h-úghdaraibh is
uaisle agus is úghdarásaighe atá ann. Má
tá a leithéid uait, tar isteach chugainn-ne —
nó cuir fios ar an gClár.



CÚ ULADH 'S A CHUID,
9 SRÁID FHEARDORCHA THUAIDH, ÁTH CLIATH.



DÉINIMÍD-NE



DABHACHA, PEIGÍNÍ, AGUS
FIRCÍNÍ



as an adhmud feagha is fearr a fhásann i dtír
na hÉireann agus is againn atá ceann de na
tighthe cúpaora agus boscaí a dheunamh is mó
in Éirinn.



Tá bosca an ime, bosca na
cáise, bosca na n-ubh, bosca an
éisc, a's na barrailí le fagháil
annso — an t-adhbhar is fearr agus
marga maith.



Déintear annso iad.



Gach fios agus faisnéis uainn-ne —



SEUMAS MAC MATHGHAMHNA
(TEOR.)
I LUIMNIGH



INNILL



Deinimíd iad d'ath-dheunamh a's do deisiú.
Is féidir linn an obair do dheunamh níos túisge ná aon
dream thar sáile; táimíd chó éifeachtamhail & chó reusúnta
leo.



Tá taithige againn ar an obair seo
ar feadh 30 mbliadhna agus níos
mó, ar fúd na h-Éireann.



Cuirfimíd innealthóirí toghta amhac
go dtí aon áit i n-Éirinn gan
mórán moille.



Geo. WATT, Ltd.
Soho Works, Bridgefoot St.
Áth Cliath.



Guthan:



4268



Telegrama:



“WATT
DUBLIN.”



CONNRADH NA GAEDHILGE,
25 CEARNÓG PHARNAILL, ÁTH CLIATH.



Má is Gaedheal thú tá de dhualgas
ort cabhrughadh leis an nGaedhilg!



An léigheann tú “Fáinne an Lae”
gach seachtmhain?



An gceannuigheann tú leabhair mhaithe
Gaedhilge? Tá Clár sár-leabhar
le fagháil annso.



Ar thug tú aon tSíntiús do Chiste
na Teangan i mbliana?



TIONÓLFAR AN ÁRD-FHEIS AN
7adh de MHÍ NA SAMHNA, 1922.


L. 2


TÁ SÉ RÁIDHTE gur in Aimsir na Síothchána is fusa Gnótha Saothramhla na hÉireann
a chur chun cinn. Acht feuch chomh rathamhail a's d'eirigh leis “AN COMHAR-CHUMANN
CHUM EUDAIGHE A SHOLÁTHAR” ar feadh an dá bhliain chíréibeach so tá caithte i dTír
na hÉireann — tá deagh-obair buanaighthe aige agus slighe maireachtana ag 350 fear dá
bharr. Thuit amach nár dhein an raobóseárum so ba dhéidheanaige a thárlaigh i mBaile Átha
Cliath aon chuir isteach ar ghnó an Chumainn, agus mar sin is féidir leis na slais-mhargaí
so a leanas a chur i láthair an phobuil:



CULADHTHA FEAR — deunta, cóirighthe as eudach na hÉireann agus ó láimh an
táiliúra amach, ar 4 ghiní, ar 5 ghiní, nó ar 6 ghiní an ceann.



CULADHTHA SAGART dá ndeunadh ag táiliúirí eolgaiseacha bhfuil fios a ngnó
aca, ar 7 nginí, ar 8 nginí, nó ar 9 nginí an ceann.



BRÓGA AGUS BUATAISÍ DEINEADH I nÉIRINN.



FEUCH ORRA SO MAR MHARGAÍ —



A. (I). — Buataisí Mhic Gabharnaigh — deunta de leathar chroiceann gamhna, gan an
barruiscín ró-chaol ná ró-leathan; agus an bhuatais cheudna de leathar
gloinidhte glanta as chroiceann mhionáin, ar 27/6.



A. (2). — Na buataisí is uaisle ag Mac Gabharnaigh, dath dubh nó dath crón, buinnighthe,
buailte, dá ndíol anois ar 32/6.



A. (3). — Bróga fir, de leathar gloinidhthe glanta as chroiceann mhionáin nó as
chroiceann gamhna le fagháil anois ar 27/6. Do rogha de bhróga Uí
Eachaorainn agus Uí Chathaill nó de bhróga Mhic Ghabharnaigh.



A. (4). — Buataisí Mhic Gabharnaigh, deunta de leathar láidir, teugartha, agus as
chroiceann gamhna: láimh-fuaghailte, dá ndíol anois ar Ghiní.



EARRAIDHE EILE ATÁ LE FAGHÁIL ÓN gCUMANN SO.



(1). — Culadhtha Ban ón tuise amach.



(2). — Culadhtha Fear agus Culadhtha Garsún, deunta is eile; Cótaí Móra, Cótaí
Eudtroma, Brístí; Léintreacha Fear agus Léintreacha Garsún.



(3). — Eudaighe Fear — gach saghas — deuntús na hÉireann go ró-speisialta.



(4). — Eudaighe Ban — gach saghas — Culadhtha Gaolacha agus Earraidhe Olna de
dheuntús na hÉireann.



Do b'fhiú do gach aoinne a thagann chum na cathrach dul chum an áit d'fheicsin.



“COMHAR-CHUMANN TEOR. CHUM EUDAIGHE A SHOLÁTHAR.”
ag 98–104 SRÁID MEADHONACH NA MAINISTREACH, BAILE ÁTHA CLIATH.



(Tá na dóirse oscailte go dtí n-a sé a chlog ar an Satharn.)



EARRAIDHE GAOLACHA DO MHUINTIR NA hÉIREANN.



Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason & a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Maunsel & Roberts Teo., Áth Cliath,
& foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Cnocán Áthais, 24, Áth Cliath.


L. 3


AN RUD ATÁ AR INTINN AGAINN



Seo é an cheud uimhir den “sguab.” Is
mó páipeur tháinig ar an saoghal nár sheasaigh
a bhfad. Maidir linn féin, níl fhios againn
cad é an saghas beatha atá i ndán dúinn.
Dréir mar a dhíoltar an “Sguab” gach
mhí is dócha. Coimeádfaimíd an páipeur ar
siubhal ar feadh sé mhí ar a luighead pé rud a
bhaineann do, ach 'na dhiaidh san — bhel, ní bhac-
faimíd leis a thuille maran mbíonn sé ag
díol as féin. Má eirigheann linn, 'sé an rud
ba mhaith linn ach páipeur seachtaineamhail do
dheunamh den “Sguab” luath nó mall.



Ní raibh aon fhonn orrainn an uimhir seo do
chur amach i n-ao' chor agus an saoghal atá ann,
agus ní dheunfaimíst é muireach gur cuireadh
ar ath-lá aon uair amháin cheana féin é.
Deirimíd anois ná fuilimíd siúráltha go gcuir-
fimíd amach an cheud uimhir eile dhe go dtí go
mbeidh an saoghal rud beag níos socaire ná
mar atá fé láthair. An uimhir seo féin béidir
ná sroisfeadh sé ár ndaoine muinteardha i
gConndae Chiarraidhe agus i n-áiteanna eile
leis, toisg gan traen ná post a bheith ag
fritheáladh ar na háiteanna seo.



Bhí gach aon choinne againn (agus b'é an rud
a bhí uainn) go mbeadh alt nó sgeul nó rud
éigin sa “Sguab” ó gach aon cheanntar, ach
níl sé le rádh againn go bhfuil an turus seo.
Gheobhfaimíd alt ó dhuine éigin i gConnachtaibh
i gcóir an cheud uimhir eile, le congnamh Dé.
Tugaimíd cuireadh dosna sgríobhnóirí rudaí do
chur chughainn. Ní acfuinn dúinn (ar dtúis,
pé sgeul é) airgead mór do dhíol, ach ní
iarrfaimíd ar aoinne rud do sgríobh dúinn
gan cúiteamh éigin do thairisgint do ar son a
chuid saothair.



Tá súil againn go n-éireoidh linn sár-
Ghaedhealg na ndaoine a bheith againn sa
“Sguab” gan aon rud suarach, ná mí-shuim-
eamhail, ná aon droch-Ghaedhealg d'fhoillsiú.
An sguab nuadh is fearr a sguabann an tigh,
dar ndóigh, ach tá's againn go maith ná
ceannuightear páipeur má théigheann sé i
luighead. Dá bhrígh sin cuimhneómuid ar an
seanfhocal, “Tabhair aire dod' ghnó agus
tabhairfidh do ghnó aire dhuit.” Ní beag linn
san, is dócha.



Nuair a cromadh ag cur 'na luighe ar
mhuintir na hÉireann gurbh cheart dóibh
deuntús na hÉireann do chaitheamh agus d'úsáid
chidhimís altanna agus fógraí go leor ag
innsint dúinn cá bhfuighimíst gach aon saghas
roda d'fhághailt gan earraí Shean-Shasana
d'úsáid dá mba mhaith linn. Bhel, anois is
mithid dúinn an rud ceudna do dheunamh i
dtaobh na Gaedhilge, sé sin, liosta de shiopaí
do dheunamh arbh fhéidir linn rudaí do
cheannach ionnta gan focal Beurla do labhairt
an fhaid a's bhímíd ag deunamh ár ngnótha.



'Sa cheud uimhir eile den “Sguab” foill-
seoimíd liosta de shiopaí agus d'oifigí den
tsaghas sin má chuireann gach aoinne gurbh
mhaith leis a bheith sa liosta a ainm isteach
chughainn agus a sheoladh agus an saghas siopa
nó oifig atá aige. Is dóigh linn go mbeidh
a leithéid de liosta an-úsáideach agus an-
shuimeamhail leis.



Iarraimíd ar luct-léighte an pháipéir seo
comhairigheacht a dheunamh leis an lucht stocair-
eachta. Bailigheann brobh beart.


L. 4


IOLSCOIL NA MUMHAN I RINN Ó GCUANACH.



SCEUL A BHUAIDH.



Gach buaidhirt agus beannacht a thárlaigh dhó le hocht mbliadhna deug anuas.



AN CHEUD IARRACHT.



I mí na Féil' Michil, 1902, do ghlacadh
liom-sa mar thimthire fé Chonnradh na Gaedhilge
i nDúthchaigh Déiseach. Im' oide scoile bhí mé
ar feadh sé nó seacht de bhliadhanta roimhe sin.
Bhí mé tar éis mo theurma a thabhairt i
gColáiste na nOidí Scoile agus tháinig sé
roinnt cruaidh orm i dtosach a chuir in a
luidhe orm féin go raibh mé ag deunamh an
chirt agus an post seasmhach sin a thabhairt suas
agus dul in iomaidh le slighe maireachtana ná
beadh a fhios ó lá go lá cadé an fhaid a sheasochadh
sé. “Nach mór an díth-céille dhuit a bheith ag
cuimhneamh ar a leithéid,” adeireadh duine dhem'
dhaoine muinteardha; “beidh tú in a chathughadh
fós,” adeireadh duine eile; “cé bheadh ag
bodhradh a chinn leis an nGaedhilg?” adeireadh
fear eile liom, “ní sheasochaidh an obair seo
bliadhain agus beidh tú ag imeacht annsin agus
do mheur id' bheul agat.” Thug mé na
hoidhcheannta agus na laetheannta ag pléidhe
liom féin ar an sceul agus fuair mé an buaidh
orm féin i ndeireadh na scríbe. Bhí an-rud
agam leis an nGaedhilg riamh agus i gcomhnuidhe.
B'fhada go bhfuair mé aon cheart a bhaint den
léigheamh, acht gach aon ghiota Gaedhilge, gach aon
phíosa amhráin, gach aon phaidir, agus gach aon
leabhar Gaedhilge a thagadh im' líon bhí sé de
bheus agam iad a bhailiughadh liom agus iad a
leagaint i leath-taobh go mbeinn ábalta ar iad
a léigheamh. Ar feadh na haimsire a chaith me
ag dul ar scoil tugadh aon leath-bhliadhain amháin
dúinn ag léigheamh na Gaedhilge aon leath-uair
amháin 'sa tseachtmhain agus is beag an croidhe
a cuireadh ann dúinn. Acht mar sin féin, lá
breágh éigin d'eirigh liom an léigheamh a thabhairt
liom, agus shíl mé nuair a bhí an méid sin
deunta agam ná beadh lá bocht go deo agam.
Bhain mé pléisiúr agus caitheamh-aimsire aiste,
pé sceul é.



Is eadh, bhí mé sásta gur cheart dom gníomh
éigin do dheunamh ar son na teangan ós rud
é gur thug Dia dhom í. Bhí mé sásta gurbh'
fhiú í é. D'fhág mé slán ag Gleann na hUidhre,
do fheuch mé soir, siar, agus ó dheas, agus
d'iarr mé ar Dhia me a chur ar mo leas.



Chuir mé craobhacha agus buidheanta Gaedhilge
ar siubhal i Sliabh gCua, 'sa Chaisleán Chuanach,
'sa Chaisleán Nua, in Árd Fhíonáin, i gCloichín
an Mhargaidh, i mBeulach an Phóirín, i gCathair
Dún Iasca, i gCluain Geal Meala, agus i
gCarraig na Siúire, as in a lán áiteanna
mar sin i nDéise Thuaiscirt. Acht ní fhuil in
so go léir acht sceul thairis.



An bhliadhain a bhí im' cheann thug mé m'aghaidh
anonn ar an Rinn — an áit ba Ghaedhealaighe i
nDéisibh, nó béidir i gCúige Mumhan ar fad.
Bhí a fhios agam go maith an sagart paróiste
ann a bheith go láidir i gcoinne na Gaedhilge.
Is minic a bhí sé tar éis í chraobhscaoileadh ón
altóir; ní leomhfadh sé focal dí a mhúineadh
is na scoileanna; bhí sé tar éis a rádh go
puiblidhe gurb' í ba bhun le gach aon aingcise
agus bochtanas a bhí ag cur ar mhuintir a
pharóiste. Chomhairligh sé dhóibh í chaitheamh uatha
chomh luath in Éirinn agus d'fheudfaidís é agus
an Beurla d'fhoghluim, agus ná beadh an rath ná
an seun orra go ndeunfaidís é. Bhí fírinne
na neithe sin buailte glan daingean isteach in
a aigne agus ní raibh aon cheilt aige ar an
sceul. “Aon áit,” ar sé sin agus é ag
labhairt go puiblidhe aon uair amháin, “aon áit
a bhfeiceo' tú fraoch agus aiteann agus gall-
luachair ag fás isteach go beul an doiris ag
daoine gheobha tú a bheith deimhinightheach de go
bhfuil an Ghaedhealg ag muintir an tighe sin;
aon áit a bhfuil salachar agus aingcise agus
bochtanas tá an Ghaedhealg annsin.” Chreid go
leor de mhuintir a pharóiste go raibh an ceart
aige, nídh nach iongnadh. Na haingciseoirí
bochta, bhí go leor aca bocht an uair sin agus
gan aon súil aca le maireachtaint a dheunamh
in a dtír féin; ní raibh dada in a gceann aca
acht Sasana Nua, agus bhí a fhios aca ná beadh
aon mheas ar aoinne a raghadh annsin ná beadh
an Beurla aige. Bhí a dtuigsint féin aca ar
an sceul, agus bhí an tuigsint a bhí ag an
sagart paróiste ar an sceul ag cuidiughadh
leo. Ní raibh leigheas aca san air, acht badh
cheart go mbeadh tuigsint níos fearr aige sin
ar an sceul.



Sin mar a bhí, pé sceul é, nuair a chaitheas-sa


L. 5


m'aghaidh a thabhairt orra. Chuige sin a chaith mé
dul an cheud uair mar chaithfinn a chead d'
fhaghbháil fé thabharfainn fé aon phioc dem'
shoisceul a nochtadh 'sa pharóiste. Chuaidh mé
chuige lá breágh samhraidh i lár an Mheithimh,
agus rángaidh dó a bheith istigh. Fear breágh
dathamhail b'eadh é ar dhóigh leat go mbeadh
meabhair aige agus go mbeadh éifeacht ann.
Níor bhraith me go raibh aon stollaireacht ná
boirbeacht ag baint leis; aghaidh chlárach aige
agus chuireadh an-chuid daoine i ndeallramh le
Napóileon Bónapárt é. Caithfe mé a rádh go
deimhin go raibh sé an-dheas, an-mhacánta liom,
níor tháinig olc ná ulathainn air chugam. Nuair
a nocht mé mo theachtaireacht dó, “díth-céille,
a dhuine,” ar sé sin, “ní fhuil aon deallramh
ar a leithéid de ghnó, is ar éigin a gheobhaidh na
daoine annso maireachtain ní áirighim go
raghaidís in iomaidh le haon rud chomh leana-
bamhail. Tá a fhios aca go maith ná fuil aon
ní eile dá gcoimeád siar 'sa saoghal so acht
an Ghaedhealg chéadna; tá an ghráin aca uirre,
agus tá súil le Dia agam go bhfuighidh siad í
chaitheamh uatha go luath; tabharfaidh mise gach
aon chongnamh dhóibh chuige sin, pé sceul é. Ní
fhuil leabhar ná léigheann ag baint léi; feuch
an páipeur sin,” ar sé sin, agus tharraing sé
chuige páipeur an lae sin, “feuch ar sin,” ar
sé sin, ag leagaint a mhéire ar an leathanach i
raibh cúntas ar Strus agus Scarthacha lucht
airgidí an domhain — “feuch an gcuirfeá
Gaedhealg ar sin dom,” ar sé sin, “sin
comhartha dhuit ná fuil aon mhaith innte. Cá
bhfuil na focail atá agat do Telegram, Mar-
conigram, Gramaphone, Arithmetic, Grammar,
Geometry, agus mar sin? Ní fhuil a leithéid
aca 'sa nGaedhilg agus ní raibh riamh. Ní
bfuighfidhe caint a dheunamh as Gaedhilg ar aon
ealadhain. Ní fhuil aon oideachas ag baint léi
ná meudughadh meabhrach ná galántacht,” ar sé
sin; “ní fhuil innte acht rud suarach.” Bhí
caint na Gaedhilge aige chomh maith agus a bhí
agam féin, nó béidir ní ab' fhearr. “Dá
bhfuighfidhe aon rud a chur ar bun a thabharfadh
slighe mhaireachtain do na daoine thabharfainn
gach aon chongnamh dhó sin,” ar sé sin, “acht,
maidir le hiad a chur ag foghluim na Gaedhilge
ní bhfuighfinn aon chongnamh a thabhairt dó.”



Bhí a fhios agam ná raibh aon mhaith dhom a
bheith ag dul ag pléidhe ná ag argúint leis,
mar sin féin níor leig mé gach aon rud leis.
Dubhairt mé leis gurab' é bhí uainn acht an
Ghaedhealg a chosaint, a shaothrughadh, agus a
leathnughadh ar fuaid na tíre, mar go raibh sé
deunta amach againn gurab' í an sciath-cosanta
ba mhó bhí ag ár ndaoine í; go raibh meudughadh
meanmann agus meabhrach innte; gur mhóide
ár meas ar ár dtír agus ar ár muintir í bheith
againn go léir; go mbeadh muinghin níos mó
againn as a chéile; agus go mbeadh ceangal
níos fearr eadrainn í bheith againn. “Cheana
féin,” arsaigh mise, “tá sé tabhartha fé ndeara
gurb' iad na daoine is mó atá ag cur suim
'sa nGaedhilg gurb' iad sin is mó a chuidigheann
leis na rudaí a dhéintear in Éirinn. Nuair a
théigheann siad isteach is na siopaithe iarann
siad na rudaí a dhéintear in Éirinn agus ní
cheannochaidh siad aon rud eile má's féidir
leo é d'fhagháil.” Bhí mé im' sheasamh suas
leis an gcolamhan agus rángaidh dom mo lámh
a leagaint ar bhosca cipíní bhí leagtha in áirde
air, “agus,” arsaigh mise, “dá mba fiú na
cipíní sin é,” agus thóg mé an bosca im' láimh
le linn na cainte dhom, “ní cheannóchaidís iad
maran in Éirinn do righneadh iad,” agus dá
chomhartha sin féin “Take Me Match” a bhí ar
a eudan amuigh. “Acht ní hé sin é acht é seo,
a Athair,” arsaigh mise, “an bhfuil cead agam
labhairt leis na daoine tar éis an Aifrinn Dé
Domhnaigh?” “Ó, tá,” ar sé sin, “Acht
geallaim duit go mbeidh tú ag deunamh do
ghearráin le bun dúide gan díombáidh.” “Má
bhím féin, a Athair,” arsaigh mise, “ní bheidh
leigheas air, ní fhuil aon rud mar triail.”



Tháinigh mé annsin an Domhnach a bhí im'
cheann agus labhair mé leis na daoine tar éis
an Aifrinn. Deir mé leat nár chaitheadar aon
droch-mheas orm féin ná ar an nGaedhilg. Bhí
meas agus urraim aca dhí, agus d'éisteadar
go banamhail, séimh le n-a raibh le rádh agam.
Chuadhamar isteach i dtigh na scoile annsin, óg
agus aosta, mar a bhíodar ann, fir agus mná.
Bhí an Ghaedhealg go hiongantach aca go léir,
agus ní bheadh uatha acht roinnt taithighe d'fhagháil
ar í a léigheamh. Righneamar iarracht de sin,
agus annsin bhí amhráin agus sceulta againn
insan tslighe go raibh gach aoinne chomh sásta
nár airigheamar an lá ag eulódh go raibh dhá
uair an chluig caithte againn i gcuideachtain a
chéile go meidhreach, meanmannach, mórdhálach.
Do shocruigheamar ar an rud a choimeád ar
siubhal agus thoghamar roinnt daoine tuig-
sionacha éifeachtamhala a bheadh ós cionn na
hoibre. Do shocruigh mé féin ar theacht chucha
dhá thráthnóna 'sa tseachtmhain go cionn tamaill
chum an léigheamh a mhúineadh dhóibh.



PÁDRAIG Ó CADHLA.



(Tuille le teacht.)


L. 6


DÍOGHALTAS NA hOIDHCHE



An 27adh. lá de Mhí na Samhna a bhí againn.
Ní raibh an aimsir ar fóghnamh ar feadh tamaill
roimis sin; ach an bháisteach, an tsíor-bháisteach,
sa tsiúl ó mhaidin go h-oidhche. Agus dá
mb'aon bháisteach chóir é ba chuma liom-sa, ach
go h-áirithe, i slí. Ach níor bh'eadh. An saghas
san a dh'fhágan pluda ar an mbóthar is
fliuchán sa spéir is an lionn-dubh i gcroidhe an
duine.



Bhíomair istig cois na teine fé mar ba
ghnáth linn ó thosnuigh droch-aimsir an cheóigh is
na báistí. Sinne cráite canncarach dúr mar
bhí an díomhaointeas ag luighe orainn chó trom
le h-ainise na síne.



“Nách é an dial é do dhuine,” arsa Séamas,
“bheith crapaithe cúnlaithe isteach anso i seómra
ó cheann ceann na seachtaine, agus gan aon
phioc den obair le déanamh? Im' thuairim-se
is ag dul siar atá an saol an aimsir seo
agus le tamall. Ba dhóigh leat anois go
mbéadh dul éigint chun cinn á dhéanamh ag an
gcathair seo: borra na tráchtála ins na
sráideana agus fuaim an tsaothair ins na tithe
móra: go mbéadh na h-árthaighe ag gearra an
uisce thíos ansan ins an gcuan ó cheithre áirde
an domhain, agus glór na h-oibre ins an aer.
Tráchtáil, a dhuine! Sé an meath atá ag teacht
orainn chó fada is a chím-se. Fiú amháin na
gluaisteáin féinig is anamh a chloisfá ansan
amuigh iad anois. Tá ceó éigint ag titim orainn.
Agus na robálaithe féinig, nílid ag baint as.
Nílid. Ná níor deineadh marú — droch-shaghas
ná a mhalairt — le n'fheadar cé'n fhaid aimsire.
Níor deineadh; nú má seadh, níor tháinig an
cúrsa mo threó-sa. Ag dul siar atáimíd, a
dhuine, ag dul siar. Tá ré an mhisnigh agus
na meabhrach imithe.”



Chaitheas admháil go raibh an ceart aige agus
an lán-cheart, agus do thuigeas é sin as mo
scéal féinig. Le breis is dhá sheachtain ní raibh
cás ar bith agam-sa go raibh aon tábhacht ann.
Lasmuigh de chúpla uadhacht a tharac suas agus
gnóthaí beaga suaracha mar sin, dh'fhéadfainn an
lá a thabhairt sínte ins an leabaidh; agus go
deimhin féinig b'fhearra san go mór is go fada
ná bheith leathta anuas ar an dteine is ag
léigheamh an pháipéir nú ag féachaint amach ar
an sráid ainis sin a d'iarraidh an aimsir a
mheilt.



“Tagaim leat, am briathar. B'fhearra liom
bheith ag treabha rómham ins na coillte dúbha
…”



Ins an gcainnt dom deineadh cnagarnach thréan
ar an ndoras thíos, an saghas san a deinfí á
chur i n-úil go raibh an tig fé bhárr lasrach.
Bhíos ag cuímhneamh dom héinig cé dh'fhéadfadh
bheith ag buala isteach an tráth san — mar bhí sé
in 'oidhche dhubh cheana — nuair a bhuail an bhean-a'-
tíghe isteach chúghainn agus litir aici 'na láimh.



“Buachail a thug í seo isteach, a Shéamais,”
ar sise, “agus tá sé ag feitheamh le freagra
thíos ag an ndoras.”



“Gura maith agat, a bhean chóir,” ars' eisean,
“chífead féinig é ar ball beag, má seadh.”
Agus ansan nuair a bhí an doras dúnta:
“Cad é do mheas air seo?” ag caitheamh na
litre chúgham.



Seo mar a bhí sí:



28 Sráid an Chonallaigh,
Bleá Cliath,
27.11.1895.



A Dhuine Chóir,



Fuair mo rúnaidhe bás aréir i slí ná tuigimse is ná
tuigean na dochtúirí. Buailfead isteach chúghat leath-
uair tréis a h-ocht (8.30) ag cur an chúrsa féd bhráid
má bhíon tú istig.



Mise,



E. Ó LUINEACHÁIN.



“Tá gnó éigint ann, ach go h-áirithe,” arsa
mise, “agus muna dtairbhíon sé ar aon
tsaghas slí eile deinfidh sé tu chreatha suas.
Agus dálta an scéil, tá sé a h-ocht anois.
B'fhearra dhúinn cupán tae a thógaint dúinn
féinig sar a dtiocfaidh an Luineachánach so, pé
h-é é féinig.”



“Seadh, buail an clog ansan, led' thoil.
Chuala trácht thairis an bhfear so, bíodh is ná
h-aithneóin é dá bhfeicfinn é. Tá tig deas
slachtmhar aige sa tsráid sin, airgead go leór,
agus gach éinní ar a thoil.



Ní raibh an tae ach díreach tógtha agus tuitín
sa tsiúl againn nuair a deineadh cnaga éad-
trom ar an ndoras agus treóruíodh an
stróinséar isteach chúghainn. Cuma an deagh-
chothú agus na h-uaisleachta ar gach órlach de,
agus b'fhuirist a dh'fheiscint i n'aghaidh is 'na
ghlór go raibh sé ana-thógtha.



“Tusa Mac Uí Luineacháin, is dóch,” arsa
mo chara. “Sé seo Antoine Ó Briain, dlíghe-
adóir, a chómhnuíon anso im theannta. Tá


L. 7


seana-chleachta aige ar chúrsaí den tsaghas so
agus ní gá dhuit eagla ná scáthmhaireacht 'na
láthair. 'Seadh anois, bain díot an cóta mór
agus suidh isteach chun na teine. Ní chaithean
tu aon tobac! Seo leat, má seadh, agus
tabhair amach, led' thoil, cúntas cruínn iomlán
ar an gcúrsa fé mar a thárlaigh sé.”



Bhain an stróinséar an t-allus dá éadan,
thug féachaint 'na thímpal, agus tréis a mheabhair
a bhailiú do thosnuigh sé. “Dúbhart leat ins
an litir go bhfuair mo rúnaidhe bás aréir.
Do fuair. Theastuigh uaim a leithéid tímpal is
dhá bhliain ó shoin agus chuireas fógra isteach
ar na páipéirí á rá san. Tháinig mórán ag
lorg an phuist — níl puínn oibre ag baint leis,
an dtuigean tu? — agus sa deire thoghas Aodh
Mac Seannaigh amach mar bhí foghluim mhaith air
is bhí sé 'na dhuine uasal chó fada le cainnt
is scríobh is cleachta aige ar an saol. Bhí sé
agam riamh ó shoin go dtí aréir, agus bhíos
sásta, agus breis, leis. Is dóigh liom go
raibh an scéal céadna aige-sin liom-sa mar ná
tagadh aon bhruid air, ná ní dóigh liom go raibh
puínn buartha ag imirt air ó tháinig sé chúgham
an chéad lá. Níl sa tig againn ach me héinig
agus mo bhean agus cailín de sheirbhíseach — sé
sin, lasmuigh den rúnaidhe, mar bhíodh seisean
'na chomhnuidhe sa tig, leis. Bhí gach aon scéal
go binn againn go dtí aréir. Thánag féinig
isteach tímpal is a h-aon tréis cluiche cártaí.
Bhí mo bhean imithe a chola; agus Aodh, leis,
mar thugas fé ndeara na bróga ar an dtaobh
amuigh de n-a dhoras aige agus me ag gabháilt
thar n-a sheómra. Sar ar fhágas an chistin thíos
do chuireas an doras fé ghlas; do thriaileas
an cúl-doras agus bhí san go daingean ag mo
bhean: agus nuair a bhí gach rud i bhfearras
do chuireas an staighre díom suas. Ba ghearr
'na dhiaidh sin go rabhas ag taidhreamh go binn.



“Níor mhothuíos puínn go dtí an mhaidin ach
amháin gur samhluíodh dom tráth éigint ins an
oidhche gur chuala glór an mhadra, glór feirge.
Ach, má seadh, ní im dhúiseacht a bhíos. Leath-
uair tréis a h-ocht nú beagáinín thairis, béidir,
do sciúrd mo bhean isteach sa tseómra. Bhí
sí tréis bheith ag ullmhú an bhreicfeasta thíos
ins an gcistin, tá's agat, mar bhí cúpla lá
saoire á thógaint ag an gcailín agus ní raibh
sí tagtha thar n-ais. Bhí sceón buile 'na dhá
súil ar mo bhean nuair a dh'fhéachas uirthi. ‘I
gcúntas Dé, Eóin, agus an bhfuil fhios agat
cad tá titithe amach? Tá Aodh — Aodh — tá sé
marbh — marbh — istig 'na leabaidh, agus an dá
shúil ag léime amach as a cheann.’



“Bhí an ceart aici. Bhí sé marbh, chó marbh
leis an bhfalla. Thugas féachaint ar an áit go
léir. Bhí gach aon ní i bhfearras — éadaighe na
leapan, a bhaill éadaigh ar an gcathaoir, a
aghaidh, gach blúire de, ach amháin na súile, agus
bhíodar san ag léime amach as a cheann le
scannra dialta.



“Mheághas gur thárlaigh droch-rud éigint dó,
agus chuireas fios ar na póilíní. Thánadar
san agus tréis scrúdú a dhéanamh thall is
i bhfus do chuireadar teachtaire ag triall ar
an ndochtúir. Tháinig an dochtúir — beirt díobh
— ach níorbh fhéidir leótha a dhéanamh amach
cad ba bhun leis an mbás. Ní raibh an corp
gortuithe i n-aon bhall: ní raibh aon nimh
tógtha: ní raibh aon ní bun-ós-cionn ach amháin
na súile. ‘Cúiseana nádúrtha ba thrúin bháis
dó,’ an bhreith a thug an cromhnaor is a choiste.



“Sin é agat an scéal, a dhuine,” ars' an
stróinséar, ag críochnú. “Ach nílim sásta im'
aigne mar gheall air. Sé mo thuairim fós go
bhfuil droch-obair éigint ins an ngnó, agus
táim tagtha chúghat-sa chun go ndeinfá an cheist
a réiteach dhom — é réiteach amach — mar fiú
amháin anois chím, chím iad, na súile scannruithe
uafásacha san, ag féachaint aníos orm ón
leabaidh sin.”



“Cúntas cruínn soiléir é sin gan aon
agó,” arsan braitheadóir, a bhí ag éisteacht
go h-aireach, na súile ar an dteine aige is an
tuitín múchta 'na láimh. “Ana-shoiléir. Ach
ní mór dom cúpla poinnte eile a ghreamú
níosa fearr. Seadh anois, cá raibh an rúnaidhe
'na chómhnuidhe sar ar ghaibh sé an bóthar
chúghat-sa, agus cad a bhí sa tsiúl aige?”



“Ins an bhFrainnc, is dóigh liom, ach n'fheadar
cad é an gnó 'na raibh sé gabhtha. Ní raibh
puínn fonn air tagairt do sna neithe sin.”



“Seadh. Cathain a dh'imigh do sheirbhíseach ar
a laetheanta saoire?”



“Trí lá ó shoin. Ní ar a laetheanta saoire
a dh'imigh sí, ach bhíodh sí ag gearán mar gheall
ar phian ins an gceann agus dubhras léithi
cúpla lá a thógaint di féinig amuigh fé aer
na tuatha, go dtairbheóch san di.”



“Mar sin níor iarr sí ort iad?”



“Níor iarr.”



“Agus conus a réidhtíodh do bhean agus an
rúnaidhe?”



“Go binn. Bhí sé, fé mar a dúbhart, 'na
chómhnuidhe sa tig againn agus bhíomair go léir
ana-mhór le n-a chéilig.”



“Rud eile. An raibh an rúnaidhe agus an
cailín chó mór san le n-a chéilig?”


L. 8


“Bhíodar; agus 'e bhreis air sin, sé mo
thuairim féinig go rabhadar ag cuímhneamh ar
phósa. Níl aon deimhniú agam air sin, áfach,
ach amháin rudaí beaga a chínn ag imeacht, agus
go dtéighidíst amach ag siúl le chéile nuair a
bhíodh obair an lae críochnuithe amach aici.”



“Seadh. Agus cathain a bheidh sí ag fille?”



“Tráth éigint amáireach.”



“Agus níorbh fhéidir leis na póilíní aon
tuiscint a bhaint as an scéal?”



“Níorbh fhéidir. Bhíos ag cainnt leis an
gCigire nuair a bhí críochnuithe aca. Bhí an
doras fé ghlas agam-sa ón dtaobh istig, agus
ní dh'fhéadfadh éinne é sin a dh'oscailt ón dtaobh
amuigh mar bhí ana-leithreachas ag baint leis an
eochair. Bhí ceann des na finneóga — an ceann
a bhí ar an dtaobh deas den ndoras — agus níl
sé i n-aon amhras ná gur oibríodh barra iarain
uirthi á h-oscailt — nú a d'iarraidh í dh'oscailt
ba chóra dhom a rá — mar bhí sí daingean ón
dtaobh istig agus níor deineadh aon bhrise.
Bhí an fhinneóg atá ar an dtaobh eile den
ndoras oscailte suas go breá sa tslí go
bhféadfadh capall teacht isteach, agus bíodh is
go bhfuil, nú go raibh, rianta ar an dtaobh
amuigh den bhfinneóig sin níor ghaibh éinne
isteach an bóthar san. Istig i seómra an
mhairbh tá gach aon ní mar ba chóir, mar a
dúbhart — éadaighe na leapan, an aghaidh, an
ghruaig, an scórnach, gach ní.”



“Is leór san, a dhuine chóir,” ars' an
Barrach. “Muna féidir liom-sa réiteach a
dhéanamh ar an gceist ní ort-sa, ach go
h-áirithe, a bheidh an locht. An dtógfaidh tu
aon ní sar a n-imtheóir? Ní thógfair! Tá
go maith. Tá sé ró-dhéanach anois chun féachaint
isteach ins an scéal, ach bí ag súil liom ar a
h-ocht ar maidin muna bhfuil san ró-luath, nú
leath-uair tar éis.”



“Is aisteach an scéal é,” arsa mise liom
héinig, nuair a bhíodar araon gabhtha síos an
staighre, “sé sin, má tá sé aisteach. Ach cá
bhfios nách amhlaidh a theip an croidhe air mar a
theipfeadh ar éinne eile agus go bhfuair sé
cómhartha roim ré le pian géar, abair. Léireóch
san na súile scannruithe.”



Agus fágadh an tuairim sin agam go dtí
lár na mháireach, bíodh is go raibh fhios agam
go raibh an Barrach cúnlaithe isteach 'na chathaoir
mhór ag scrúdú is ag paistiú is ag socrú na
faisnéise a bhí fachta aige ón stróinséar,
Eóin Ó Luineacháin.



SEOIRSE MAC CLÚIN.



(Tuille le teacht).



AGALLAMH IDIR ÉIRE AGUS SEÁN BUIDHE.



ROIMH-THIONNSCNAMH.



Ó tá anois trácht ar namha nár séanadh
Is deimhin nach le báidh atá gá dhéanamh,
Cheapas comhrádh idir Seán agus Éire,
Sin é tá sa dán atá im' dhéidh-se.



ÉIRE.



Bog díom do ghréim, a chladhaire méirlig,
Is fada do laghar le feidhm im' thraochadh.
Scrios as mo radharc, a bhréill na n-éitheach,
'S tabhair feasta t'aghaidh ar do théighleach fhéineach.



SEÁN.



A sheanbhean ársa, is cráidhte an sceul duit,
Seán bocht d'fhágaint bánta Éireann.
Badh mhaith a lámh am ghábhaidh id' chaomhnadh,
Agus beir go tláth go bráth n-a eughmuis.



ÉIRE.



Nach me tá go sámh fé sgáth do scéithe
Nuair atáir-se im' dháil aon namha ní baoghal dom.
Is ionnan mo chás agus páirc reamhar-ghéanna
mBeadh an ruadh-choileán gach lá gá n-aoidheireacht.



B'ait í do shlighe chun daoine chaomhnadh,
Gá gcrochadh gan bhrigh gan dlighe gan daoradh,
Ag ruagadh oidí a's ag díbirt cléireach,
A gcinn ar spícíbh 'measc mictírí craosach.



Is deimhin gur ar mhaith liom a fhanann tú taobh liom,
Agus gur chun mo leasa na cleasa go léir seo.
B'fhearr liom go fada mo bheatha id' eughmuis,
Is fada liom seachtmhain a chaitheamh ag pléidhe leat.



Nuair a chidhfear i n-árthach tú ag fágaint na hÉireann
Beidh croidhthe go hárd gidh an bás i ngaor dóibh,
Na sean-mhná gá rádh i n-éinfheacht
Nár chasair chugainn slán go bráth, a mhéirlig.



Caithfimíd seachtmhain le fleadh a's le féasda,
Beidh biadh a's beatha go fairsing id' dhéidh-se,
Cé gur críonna caithte me im' sheanbhean aosta
Tiocfaidh brigh im' bhallaibh a's rinncfead mo dhaothaint.



SEÁN.



Cá raibh do phráidhinn fé scéith mo dhlighe-se,
Ná tugainn an t-ór as mo phóca aníos duit,
Nár chuireas do chlann anonn thar taoide
Mar mbeid go sámh go bráth a's choidhche.



Nár thugas dóibh léigheann i mBeurla bhríoghmhar
A thabharfadh an saoghal go léir iad thimcheall,
Ná fuil aca cáil de bhárr mo dhlighe-se
Ná beadh go bráth ó thál do chích-se.



Tá tighthe chun teagasc go fairsing sa' chríoch-sa,
Fir mhaithe 'na gceannas ag teagasc na ndaoine.
Múintear an Beurla a's gach aon rud chum tighis dóibh,
Nár bh'fhearr san ná 'n Ghaedhilg is sceulta Fiannuidheachta.



ÉIRE.



A chladhaire gan náire, ná trácht ar an ór liom,
Níl aon rud a b'fhearr leat ná práidhinn ar do chomharsain,
Nuair a tháinig an gábhtar go láidir 'nár gcomhair-ne
D'fhágais 'nár dtáintibh sinn sínte ar na bóithribh.



Dá dhéine bheadh gorta agus ocras na nGaedheal mbocht
Do chroidhe-se ní bhogfadh gá gcosaint ó'n mbaoghal san.
'Sé an ciapadh bheith ag braith ar do lapa gan daonacht
'S is beag leat a stracair as thalamh na hÉireann.


L. 9


Sar ar chuiris do chrúb i n-uabhair mo thíre
Bhí beatha ar an bhfód so i gcomhair na ndaoine,
Ag cosc gacha n-obair b'obair dod' dhlighe-se,
Agus chaitheadar bogadh go hobann thar taoide.



Cé go bhfuilid scriosta is imthighthe ar dhíbirt
Tá aca cealg go daingean 'na gcroidhe dhuit.
Má's dul duit go bráth san áird 'na luighid
Cuirfid ort treighid má gheibhid an caoi ort.



Nár chuirimíd breug ar an léigheann so mhaoidhtear,
Chonncamar do mhic-léighinn ag déanamh gníomhthara,
Ag briseadh bhoideul a's ag séideadh gaoith' ionnta,
Ag fiuchadh uisce is ag briseadh cipíní.



Ar thóir cuileóg dóibh ó ló go hoidhche,
Ag comhaireamh a n-órdóg 's ag fagháil eoluis ciar'
díobh iad,
Caithtear an lá leó ag soláthar luibheanna,
Cé ar an maith ionnta tá, ní thráchtar choidhche.



Bíonn blas ar a dteangain ag canadh an dríodair,
'Gus nósa na Sasanach dá n-aithris le dícheall,
Droch-mheas ar gach earradh dá gceaptar sa tír seo,
Gan ao' rud ina gceannaibh ach preabadh thar taoide.



Sar ar chuiris do cheann anonn thar sáile
Bhí scoileanna sa tír seo fá riar na mbráthar,
As críochaibh imchian do thriall a lán chugainn,
Mar b'fhada ó bhaile a bhí leathta ár gcáil-ne.



Is ins na tighthibh seo d'oileadh na treun-fhir,
Is leó do chuireadh go minic tú ar éigean,
Chríonnadh an bile le stoirm do léighinn-se,
Níl againn anois 'na n-ionad ach na preumha.



Feuch-sa féin go raibh an saoghal go breagh againn,
Tá creach agus leun i n-aghaidh lae ó tháinighis,
Níor cuireadh aon fhios ort, a phlisbire ghránnda,
B'fhearr dhúinn go fada gur sa bhaile d'fhanfá-sa.



SEÁN.



Nach feas duit féin an sceul a bhí agat
Gur toil le Dia me thriall do'n tír seo,
Nach é an Pápa theasbáin an tslighe dhom
'Gus bhronn an t-oileán le fáilte chroidhe orm.



Dubhairt an fear beannuighthe go mb'fhearr chun Dé dhíbh
Sibh-se do cheangal go daingean fé dhaor-smacht,
Nár shuim libh aon phaidir ná teagasc na cléire,
'S gurbh fhada do'n Eaglais go haindheis i nÉirinn.



Nár mhac duit féin an té chuaidh go dtí me
Agus dubhairt go borb ag doras mo thighe-se
Go raibh Innis Fáil gan áird gan dlighe cheart,
Gur cogadh é gach lá ar a bántaibh míne.



A lios air do leagadh, agus creachadh a chríoch air,
Ná raibh aige baile ná leabadh ar a luighfeadh,
'Gus tháinig air aicme do bhain a mhnaoi dhe,
'Gus na bearta so cleachtadh le cead d'árd-Rí-se.



Nár le hiomad a choirthe rinneadh a dhíbirt
Ach sainnt chun a choda agus sochar a ríoghachta,
Gurbh é an duine macánta badh ghnáthach libh luighe air,
Agus cladhairí gan náire san árus ab aoirde.



Bhog deora óm' roscaibh agus osna óm' chléibh-se
Ar gclos dom an obair bhí ag bodaig air deunta,
Thugas dó m'fhocal nár chodhladh dom féineach
Go mbeadh arís socair i bhfochair a ghaolta.



Bhí ar mo shluagh-sa roinnt uaisle scléipeach
A raghadh in aon bhualadh ar tuarasdal lae dhuit.
Is deimhin nach le truagh dó chuadhadar go hÉirinn,
Ach le fiuchadh na fola chun gustal an tsaoghail seo.



Chuireas mar gheasa ortha casadh i gcionn tréimhse
Gan cleas eile chleachtadh ach ceart agus réidhteach.
Níor bh'fhada gur airigh me malairt an scéil sin
Gur mheasa iad go fada 'na mbeartaibh ná faol-choin.



Thángas le buille is fuinneamh ghá n-éileamh
Is an méid leo ghoideadh do roinneas le féile.
Fuaireas ód' righthibh-se urraim a's buidheachas,
Agus bronnadh gan coinne orm tiodal Rí Éireann.



Má bhí do chlann mhac-sa chomh maith agus maoidtear
Ba suarach an taca iad ag faire na críche.
Le Danair do stracadh do thalamh a's do mhaoin uait
Gan aoinne annso bhachadh dóibh fuireach agat choidhche.



ÉIRE.



Éist, a chladhaire de challaire méirlig,
Nó buailfinn le dorn go borb fá'n bhéil tú.
Is lán atáim ded' ráidhtibh bréige,
Níl agam foidhne chun éisteacht níos sia leat.



Badh ghairid an aga do leanais de'n bPápa,
D'fhágais gan bhaitheas ar an dtalamh so Tomás bocht,
An Eaglais nár cheaduigh duit bean i n-aghaidh an ráithe,
A cuinn díot do chaithis, a beatha níorbh áil leat.



Bhí mac dom ar mire agus rinne a ghearán leat,
Badh le hiomad a choirthe do cuireadh le fán é.
Dá mba deamhan é a scriosadh as ifrionn Shátain
Badh mhó do chuid suime ann ná i nduine macánta.



Is deimhin go ndeaghaidh Diarmuid d'iarradh do shluaighte,
Tháinig mac 'na dhiaidh sin gur mhian leis do ruagadh.
Nuair badh bheag iad a bhliadhanta do shrian-sa b'fhuath
leis,
Agus chuir ar feadh cianta pian a's buadhairt ort.



Ná tagair do Dhanair id' bheatha go deo liom,
B'aindheis do dhranna le heagla rómpa,
Badh shuarach an gasra threasgair i ngleo tú,
'Gus chuaidh fear díobh gan mhairg i gceannas do
choróinneach.



B'fhada iad machtnamh ar theacht go dtí an tír seo
Ach eagla bhac dóibh teacht ach san oidhche,
Thagaidís snab beag ar thalamh gan chuimhne
Agus bheiridís creach leo i gan fhios do dhaoinibh.



An tan do mheasadar neadughadh dóibh féineach
An Rí bhí i gceannas badh mhaith leis a reubadh,
An méid díobh nár threasgair ar shleasaibh Bheinn Éadair
Le scáth agus eagla bhascadh sa treun-mhuir.



Nuair d'imthigh Rí Bhriain ní raibh srian le hÉirinn,
Chailleas mo shlighe im' chríochaibh féineach,
Bhí do chlab-sa ar oscailt agus ropas mo mheur ann
Agus deir an seanfhocal í bhogadh go réidh as.



AN CEANGAL.



SEÁN.



Is fada sinn ag pléidhe anois, deunaimís síothcháin,
Má tá fonn ort réidhteach ní daor ort atáim.
Má dhéanair me phósadh is a phógadh go breagh
Bronnfad Éire agus a ngabhann léi gan spéis duit
go bráth.



ÉIRE.



Dá mbronnfá-sa an saoghal orm agus is geur í mo
phráidhinn,
An Ghréig thoir, an Éigipt, agus réim san Iodáil,
Dá dtabharfá-sa radharc dom ar theaghlach na ngrás,
Níor bhaoghal dom tú phósadh ná ní phógfainn do scáth.



TOMÁS DE BHIAL do chúm.


L. 10


TUGTAR CEART DON GHAEDHILG



Tá congnamh agus cabhair ann don Ghaedhilg
anois. Tá na comhachtaí go léir ar a taobh.
Tá gach aon oifig den Riaghaltas ag breith
buaidh ar a chéile le neart cinneáltais agus
urraimeachta dhí. Cé dheurfadh le fiche bliadhain
anuas go mbeurfadh an gath-gréine chomh obann
sin uirre ná go mbeadh an ghrian chomh soillseach
chomh glórmhar so ag spalpadh anuas 'sa mullach
uirre. Is mó uair a chluig den oidhche agus de
chorp an lae ghléigil a chaith mé ag cuimhneamh
agus ag maranna ar chúrsaí na Gaedhilge, acht
níor thuair mé riamh dí go mbeadh taithneamh na
gréine chomh láidir seo uirre le m' linn-se.
Bhí sí annsin ar leaba a báis gach aon lá le
fiche bliadhain agus ná feadair aoinne cia aca
bás nó beatha bhí i ndán dí. Tháinig cuid de
na dochtúirí is fearr a bhí le faghbháil dá
feuchaint agus choimeádar an t-anam innte.
Bhí go leor daoine eile dá feuchaint acht ba
chuma leo bás nó beatha dhí, ní raibh uatha acht
í a fheicsint agus í a fhágaint annsin. “Galar-
rúin, cúram gan chion,” mar adubhairt an té
dubhairt é. Fios a bhíodh uatha conus a bhí an
sceul aici acht aon chongnamh eile ní thabhar-
faidís dí. Dream eile bhí ann agus thabharfaidís
an prugóid-nimhe dhí.



Is eadh, tá sí anois agus caithfidh gach aoinne
feuchaint uirre, caithfidh gach aoinne meas agus
urraim a theasbáint dí, acht tá baoghal uirre
agus na seacht mbaoghal uirre. Táthar ag cur
na hanma innte, acht maran gcurfar an t-anam
ceart innte béidir gur amhlaidh a scoiltfeadh
uirre. B'fhearr liom bás le hadhairt dí ná sin.



Tá croiceann agus cnámh, agus fuil agus
féitheacha, croth agus deallramh fé leith ag
baint leis an Ghaedhilg agus caithfear gach aon
iarracht a dheunamh iad sin a thabhairt dí go fíor
agus go nádúrtha. Tá saoghal agus beatha
agus iomchur uainn — saoghal agus beatha agus
iomchur ár sinnsear d'imthigh romhainn. Maidir
liomsa dhe ní bheinn sásta maran dtabharfaimís
linn an Ghaedhealg agus gach a ngabhann léi —
an croidhe bog lághach, an fhírinneacht aigne, an
dírigheacht cainte. Tá an-chuid daoine sásta
anois le croiceann na Gaedhilge a chaitheamh ar
gach aon rud — an croiceann amháin gan fuil
gan feoil gan cnámh. Ní headh acht tá siad
sásta leis an sconán ar éigin agus gan fé
istigh acht an croidhe cruaidh, cam, mí-nádúrtha,
Gallda. Thuthaidís! agus a bheith sásta leis
sin.



Táthar ag deunamh brúsgar agus easair den
Ghaedhilg mar oireamhaint don mBeurla. Is é
an náire agus an dearg-náire go mbeadh aon
oifig den riaghaltas — riaghaltas sealadach ná
riaghaltas Dála — cionntach 'san obair seo. Tá
meas agus urraim dá fhagháilt ag an mBeurla.
Tá gach aoinne aireachastamhail ar an mBeurla
a chur amach deallradhamhail, deas, cóirithe,
deagh-chumtha, deagh-ghleusta, gan barr cleite
isteach ná bun cleite amach in aon phioc dí.
Acht an Ghaedhealg bhocht! fásctar an croidhe
agus an t-anam aiste; ní fhágtar lúth, ná brigh,
ná fuinneamh innte acht dul agus croth an
Bheurla dá cur uirrthe i gcomhnuidhe. Ní fhágtar
riaghail ná reacht dá cuid féin aici; ní bhíonn
innte acht an rud is craptha agus is mí-nádúrtha
a gheobhthaí d'fhaghbháil. Chuirfeadh sé déistean
ort feuchaint air. Ní ceart go mbeadh sé
ceadtha dhó aoinne an obair seo a dheunamh.



Is é rud a dhéintear de ghnáth anois acht an
Beurla a scríobhadh an cheud uair agus an
Ghaedhealg bhocht annsin a bheith ar aon leigint
leis sin. Feuch ar a leithéid seo: “In view
of representations made to the Ministry of
Education that in several districts of the
country the adoption of ‘Summer Time’ has
adversely affected the working of the National
Schools, Managers and Teachers are informed
that they are at liberty to arrange the Time
Table so as to bring it into harmony with
local conditions.”



Seo mar a bhuailtear Gaedhealg ar sin:
“Ó thárla go n-innistear do Aire an Oideachais
go bhfuil an ‘Aimsir Nua’ ag deunamh dochair
d'obair na scoile in áiteanna in Éirinn, tá sé
ceaduighthe clár aimsire na scoile d'athrú i
gcaoi go mbeidh sé oireamhnach do cheanntar na
scoile.”



Is bocht ar fad an dul ar an Ghaedhilg é sin,
Caitheadh oireamhaint a dheunamh do Bheurla na
cheud lae agus sin é an méid. Millfear an
Ghaedhealg leis an obair seo. Is dóigh le gach
aon dailtín de dhaltaí an Oideachais Idir-
mheadhonach ós rud é go bhfuil focail na
Gaedhilge agus roinnt beag de ghramadach na
Gaedhilge aige nach misde dhó tabhairt fé aon
rud a scríobhadh 'san nGaedhilg. Is dóigh leis
ná fuil aon rud eile 'sa sceul acht sin. Obhoch!
mo léir é, ar bhfallaing. Curtar “Ó thárla
go n-innistear do Aire an Oideachais” i
dtosach na faisnéise mar go bhfuil sé mar sin


L. 11


'sa mBeurla. Ní bhaineann a leithéid sin le
nádúir na Gaedhilge in aon chor. Ní bhuailfí
rud chomh lag sin i dtosach teistimionna. Rud
eile, tá tagairt ann d' “aimsir nua” agus
do “Chlár aimsire na scoile.” Níor airigh me
riamh an focal “aimsir” ar an dul sin. Brigh
eugcríochta atá ag baint le h“aimsir” —
“nach olc an aimsir í,” “tá an cailín sin in
aimsir.” Brigh críochta atá ag baint le h“am”
— “ní bheidh tú in am,” “cadé an t-am é?”
“an t-am so anuraidh.”



Slighe éigint mar seo a chuirfinn-se é —
“Deirtear linn go bhfuil an ‘t-am nua’ ag
deunamh díoghbhála d'obair scoile in áiteanna
in Éirinn. Fógra é seo go bhfuil sé de chead
ag lucht riartha oibre scoile Réim na dTráth
a leagaint amach ar an gcuma is fearr a
oirfidh don cheanntar.”



Is mó tslighe do gheobhthaí an chaint a rádh
acht gan leigint don mBeurla a bheith ag cur
máighistreacht uirre.



Tá an píosa cainte seo bhfuil me ag tagairt
dó dona go leor, acht, a Mhuintir na Gaedhilge,
feuchaidh uirre seo mar chaint:



“Ar thógaint suas dom ar son mhuinntire
na hÉireann treorú Oifige an Phuist is mian
liom a rádh gur b'é tá roimis an Riartha ná
an fuireann a bheith ar an bhfuireann is sástaí
thar fhuireanna, agus an tseirbhís go hiomlán a
bheith ar an tseirbhís is fearr ar roinnt na
hEorpa. In a dheighleáil leis an bhfuireann 'sé
threoireochaidh an Riartha níos mó ná chéile ná
tairbhe na seirbhíse, agus na nithe lasmuigh gur
leogadh dóibh cuir isteach ar chomhacht na seirbhíse,
ní cheadochfar dóibh oibriú amhlaidh a thuile.”



An fhaid is atá práinn leis an mBeurla
cuirtear síos an Beurla acht in ainm Dé ná
bíodh aon bhaint ag an mBeurla le caint na
Gaedhilge. Feuchtar ar an rud atá le rádh
trí scaothán ceart na Gaedhilge agus cuirtear
an chaint síos 'sa tslighe a mbeadh sí dá mba
amhlaidh is ná dubhradh an chaint cheudna riamh
'sa mBeurla. Leig don Ghaedhilg seasamh ar
a cosa féin. Maran bhfuighidh sí seasamh ar a
cosa féin is olc an tacuigheacht a dheunfaidh an
Beurla dhí. Ní théidhfidh a gcuid fola go deo
le n-a chéile.



Ba chóir go mbeadh sé fuiris go leor don
Riaghaltas daoine a fhaghailt a chuirfeadh
Gaedhealg chruinn, bhlasta, deallradhamhail ar
gach fógra a bheifí le cur amach. Caithfear an
rud a dheunamh gan cuimhneamh ar an mBeurla
bheadh ag gabháilt leis in aon chor. Tá an
Ghaedhealg dá cur amach anois le húdarás gach
Aireachta den Riaghaltas agus le congnamh Dé
buanófar í, acht mar adeir mé caithfear iarracht
a dheunamh í choimeád cóirighthe, gleusta mar ba
dhual dí a bheith. Ba cheart í bheith ós comhair
an phobail in gach aon áit; dá mhéid a leathan-
ófar í is eadh is mó a churfar suim innte.
Caithfear na daoine a bhfuil sí uatha agus na
daoine ná fuil a dhalladh léi.



TADHG GAEDHEALACH.



CRAINN



Is beag ar fad de dhaoine, is dócha, go
bhfuil aon eolas aca ar chrainn: conus mar a
chuirtear iad, conus mar a fheuchtar 'na
ndiaidh, conus mar a bhaintear iad' agus
conus mar a úsáidtear iad.



Níl gnó ar bith níos righne ná an gnó
bhaineann le crainn. Baineann sé ceud
bliadhan den chuid is mó aca fé mbíonn siad
i gcóir chun iad leagadh, agus na saghasanna is
mire fhásann, mar an learóg, bíonn siad sin
ag fás 35 bliadhana ar a luigheadh fé mbain-
tear iad. Dá bhrígh sin níl aon mhaitheas
d'aoinne a bheith ag cuimhneamh ar crainn
do chur agus a bheith ag coinne go ndíol-
faidís asta féin le linn a shaoghail féin.
“Maireann an tor ar an gclaidhe, ach ní
mhaireann an lámh do chuir,” mar adeir an
seanfhocal. Níor mhór do a bheith sásta a
chuid airgid do thabhairt suas ar fad maidir
leis féin agus an brabach d'fhágaint ag a
chlann. Ní dheineann aoinne mórán talmhan do
chur fé chrann ach amháin fo-dhuine a bhfuil
an-chuid talmhan aige agus airgead go leor:
a leithéid sin de dhuine nó an Riaghaltas.



Sa mbliadhain 1913 do b'í Éire an tír ba
lugha fé chrainn de thíorthaibh na hEúróipe. Ní
fheadar conus atá an sgeul anois agus an
oiread san coillte a bheith bainte in aimsir
an chogaidh mhóir, ach tá's agam go raibh an
obair cheudna ar siubhal annso againn agus is
ar éigin atámuíd níos fearr as seochas na
tíortha eile ná mar a bhíomar. Níl aon dabht
ná go bhfuil crainn níos gannachúisí arís in
Éirinn ná mar do bhí deich mbliadhan ó shoin,
agus is ag dul i n-olcas a bheidh an sgeul
maran bhfeuchtar chuige.



In a lán tíortha cuireann an Riaghaltas
an-shuim i gceist Foraoiseachta. Tá na mílte
acra, cuiridh i gcás, ag an Riaghaltas fé
choillte sa nGearmán, ach is beag an toradh
thugann Riaghaltas Shasana ar an rud ceudna


L. 12


Bhí Roinn na Talmhanuidheachta fútha fé mar a
bhíodh gach aon bhórd eile, ach bhí sé níos
Gaedhealaighe ná an chuid is mó aca, agus
do-ríghneadh an-chuid oibre ar mhaithe le hÉirinn
ó cuireadh ar bun é breis is fiche bliadhain ó
shoin. Tá foraoiseacht fé n-a gcúram cho
maith le feirmeoireacht agus iasgaireacht.



Tá fiche miliúin acra in Éirinn ar fad, agus
níl ach timpeall 250,000 acra fé choillte, má
tá an méid sin féin. Tá 18 estáit fé
choillte ag an “Roinn” thall is abhus ar
fúd na tíre, agus táid ag cur crainn ionnta
leis na blianta: 3,301 acra atá curtha cheana
aca; agus tá 18,730 acra insna coillte
atá fé n-a gcúram.



Tá rud beag deunta ag cúpla Comhairle
Conndae leis (Cilldara agus Iarmhidhe), ach
is beag é.



Tá sgéim i bhfeidhm leis, ages na conndaethe
go léir, plean chun congnamh do thabhairt dosna
feirmeoirí nuair a bhíonn aon fhonn ortha
crainn do chur. Deineann an Coiste Chonndae
conradh le fear oileamhna crann éigint agus
annsan fuigheann aon fheirmeoir sa chonndae
crainn d'fhagháilt ar an bpraghas atá leagtha amach
fén conradh. Fé láthair tá cogaidh, dhealbhas
na haimsire, costas iompara na mbóithre iarainn,
agus rudaí nach iad ag cur stad leis an
ndeagh-obair seo. Is mó crann do cuireadh fén
sgéim sin, ámhthach, ach ní fhuil ann i ndeire
na sgríbe ach paiste annso agus annsúd.
Cuireann siad deallramh nuadh ar an ndúthaigh
in áiteanna bhíodh fíor-lom, agus bíonn fuithint
do bheithidheach agus do Chríostaidhe in áiteanna
sgéirdeamhla, ach sin a bhfuil ann. D'aimhdheoin
san tá faillighe ceart deunta againn ar bhfor-
aoiseacht, agus níl aon choillte againn ach
amháin an méid adubhras cheana ag fás, agus
caithfimíd a bheith ag braith ar tíortha thar lear níos
mó ná riamh as seo amach maidir le hadhmad.



Deirtear ná fuil aon mhaitheas in adhmad a
fhásann ag baile. Ní fíor é sin, ach a mhalairt.
Níl aon adhmad daraighe mar an stuif
Gaedhealach. Adhmad daraighe na hÉireann atá i
gceann desna hÁruis is mó agus is aosta i
Lonndan. Gheobhfuidhe úsáid tairbheach do
dheunamh de gach aon saghas adhmaid fhásann in
Éirinn, ach amháin an cnó capaill béidir, níl
aon mhaith ann sin mar adhbhar teine féin, ná
i gcrann chritheach nach oiread maidir le teine.
Fuair adhmaid na hÉireann droch-ainm aimsir an
chogaidh mhóir nuair a bhí gach aoinne á bhaint
agus á úsáid ar an nóimeant dearg agus é
úr agus freiseálta. Caithfidh sé a bheith dá
fhaghairt ar feadh tamaill mhaith fé n-úsáidtear
é, níos sia ná adhmaid Shasana Nuaidh nó
an Ioruaidh. Baineann sé seacht mbliadhna
d'adhmad daraighe a fhaghairt go ceart fé
mbíonn sé sa tslighe go n-oireann sé d'obair
chruinn — trosgán do dheunamh de, cuir i gcás.
'Sé an sgeul ceudna é ag na cinéil eile,
ach amháin ná bíonn siad cho righin leis sin, dar
ndóigh.



Insna sean-choillte atá fágtha, 'siad an
fhuinnseog, an dair, an cuilinn, an feagha,
agus an beithe is flúirsighe, ach na
laetheanta seo ní chuirtear mórán desna
“adhmaidi cruadha” mar a thugtar ortha, ach
na “hadhmaidi boga” (crainn giúise de gach
saghas agus an learóg). Is fuiris a thuisgint
dé chúis a bhfuil sé sin amhlaidh, mar ní bhíonn
na hadhmaidi cruadha i gcóir fé thrí fichid
bliadhain an rud is túisge agus bíonn na
hadhmaidi boga so-bhainte fiche bliadhain níos
túisge ná san.



Tá an-chuid costas ag baint leis an obair
ó thosach deire.



Feuch ar an sgeul anois ó síol go
muilleann sábh. Tagann an síol ó Dhanmarg
de ghnáth, ach tá áit in Alban 'na sábháltar é
leis. Bhíodh síol giúise á shábháilt ag Mainistir
Laoighse suas go dtí le déidheannaighe (péaca
a bhfuiltear á dheunamh fós nó ná fuiltear ó
cailleadh an fear a bhíodh i mbun na
hoibre leis an diabhal galair ud, an
“flú,” cúpla bliadhan ó shoin). Bíonn
ó 10/- go 60/- ar púnt síl (dréir an tsóirt),
agus gheobhfuidhe leaba 16 slat ar fhaid agus slat
ar leithead do chur le púnt dhe. Obair an-chruinn
ar fad iseadh í sin, an síol do chur. Níor
mhór don chré a bheith cho mín le gainimh beagnach
(le criathar deuntar san), agus annsan teas-
tuigheann an-aireachas ósna leapthacha ar feadh
an tsamhraidh, iad do choimeád glan agus
uisge do chur ortha gach aon oidhche nuair a
bhíonnan aimsir tirim. Is ait le duine ná
fuil taithighe aige air, an slighe thagann na
crainn aníos — reubann siad na síolta suas as
an gcré, agus toisg go mbíonn na síolta go
léir deargtha le luaidhe dearg feuchann siad
mar a bhéidíst ag cur amach bláthanna
nó caora. Fágtar insna leapthacha ar feadh
dhá bhliadhan iad. Bíonn siad cho tiugh le tuil
annsan agus timpeall trí órdlaigh ar aoirde
béidir. 'San tríomhadh Earrach cuirtear amach
i líní fada iad agus slighe go leor chun fás
ag gach crann aca. Nuair a bhíonn gach aon rud
idir aimsir agus talamh agus crainn ar fheabhas


L. 13


is féidir le deichniubhar fear suas le 20,000 díobh
do chur sa ló má bhíonn ceuchta agus capaill
agus gach cóir i gceart aca. 'San iarthar ní
bhíonn níos mó ná mí nó sé seachtmhaine 'san
Earrach oireamhnach don obair sin, mar ní féidir é
dheunamh tréis an cheud sheachtainmí Bealtaine
agus is minic a bhíonn an aimsir an-fhliuch
roimhe sin.



Eachtra an méid oibre a bhíonn le deunamh
annsan. Caithfear an gáirdín oileamhna cho
maith leis na leapthacha síl do choimeád glan
ar feadh an tsamhraidh. Tá rud eile le deunamh
san Earrach leis .i. na crainn d'ath-chur an
dara uair, 'sé sin a rádh, na ceannaibh atá dhá
bhliadhain cheana insna líní. Fanann siad annsan
agus iad cuibhseach mór insna líní sin sa
gháirdín oileamhna go dtí go mbíonn siad
timpeall sé bliadhain d'aois. Sin an t-am
a chuirtear amach insna coillte iad de ghnáth.



Nílim a rádh go bhfuil aon riaghal deimhinitheach
sa sgeul. Ní i gcomhnuidhe sa séamhadh
bliadhan chuirtear amach iad. Dréir an mhéid
a bhíonn ionnta, mar fásann cuid aca níos
mire ná a chéile, agus bíonn talamh bocht agus
talamh saidhbhir ann agus mar sin de. Rud
eile, tá daoine ann agus b'fhearr leó crainn
beaga óga do chur amach agus daoine eile
agus b'fhearr leó ceannaibh níos mó — suas le
ceithre troigh ar aoirde uaireanta. Áit a
bhfuil fuithint ann nó áit a mbíonn an-chuid
coiníní ann is fearr crainn móra do chur,
mar ní gádh annsan a bheith ag síor-bhaint an
tsalachar (reithineach, feur, agus gach rud a
bhíonn ag fás 'na measg), ach ar an taobh eile dhe
nuair a bhíonn duine ag cur coille óige ar
thaobh sléibhe luime sgéirdeamhla nó in áit a
bhfuil an chré éadtrom cuireann sé sin crainn
beaga ó 1 go 2 troigh, abairimís. Is fuirist
tuigsint ca' na thaobh.



Maidir leis an méid crainn ba cheart cur
in aon acra amháin bíonn diospóireacht 'na
thaobh idir daoine a bhfuil eolas agus taithighe
aca ar an obair. Deirtí gurbh cheart na crainn
óige do chur go tiugh, trí troighthe ón a chéile,
ach deireann cuid desna foreistéirí (anois go
mbíonn £5 ar míle crann óg coitchianta in
ionad £2 mar a bhíodh roimh an chogaidh mór)
go ndeunfadh sé an gnó iad a bheith cúig
troighthe ón a chéile: abairimís go gcuirtear
ceithre troighthe óna chéile iad, agus fágann san
go mbeidh níos lugha ná 3,000 in acra beag
(staitiúit): dá gcuirfidhe iad slat ón a chéile
do bheadh 4,840 dar ndóigh.



Tá obair fé leith ag baint leis na coillte
óga, ach níl slighe agam trácht air. Nuair a
bhíonn na crainn suas le sé bliadhna deug nó
mar sin cromtar ar iad do thanúchaint. Bíonn
siad oireamhnach do stacaí le haghaidh cladhthacha
agus a leithéid fé'n am sin.



Tá's ag urmhór na ndaoine conus a dheuntar
crainn do bhaint agus níl aon rud gur fiú
d'innsint i dtaoibh na cearraidheachta nach
oiread — cho fada is a bhím ag tagairt don
ghnáth-choill. Gan dabht tá córacha iongantacha
á n-úsáid in áiteanna áirithe chun na crainn
d'iompar go dtí an bóthar iarrainn. Chon-
naiceas iad i Sasana Nuadh, gach saghas gleus,
“overhead wireways,” &rl. Is cuma san pér
sa domhan de, mar ní dóigh liom go bhfuilid
in aon áit in Éirinn. Tá an obair sin, leagadh
agus cearraidheacht na gcrainn, go cruaidh
trom, go speisiálta nuair a bhíonn sean-choill
daraighe i gceist.



'Sé an crann daraige an t-aon chrann amháin
go bhfuighfidhe na buinn d'fhágaint amuigh fé'n
aimsir ar feadh tamaill maith tréis iad do
leagadh. Dá mhéid í an aimsir fuigheann siad
is amhlaidh is fearr é mar go mbíonn clúdach
adhmaid buig mór-thimpeall ar an gcroidhe
cruaidh (leath istigh den choirt), agus níl aon
seasmhacht ann in ao' chor. Ach gach aon saghas
eile crann, is éigin iad do bhreith isteach fé
sgáth ar eagla go ndreóghfadh siar-fhliucharas na
fearthanna iad. Seo iad na cinéil is mó
fhásann in Éirinn agus an slighe is gnáthaighe a
bhaintear tairbhe as gach saghas adhmaid:



DAIR: báid mhóra, spócaí, agus gach aon rud theas-
tuigheann adhmad an-bhuan uaidh; agus trosgán,
gual confaidh.



FUINNSEÓG: camáin, cosa úirlisí feirme, leath-
ladhanna agus fellaí; trosgán.



FEAGHA: cathaoireacha, gunnaí, gual confaidh.



BEITHE: sguabanna, breugáin, bonn adhmaid bróg,
trosgán.



CRANN GIÚMHAISE (abies, picea, pinus): cinn tighe,
dóirse, fuinneoga, agus i mianaigh guail mar tacaí.



LEARÓG (larix): báid, páil, cartacha agus cearranna,
dréimirí, &rl.



LEAMHÁN: coifíní agus beagnach gach aon rud mar a
chéile le fuinnseóig ach amháin úirlisí agus camáin.



SOICEAMOR: cuigneacha, bheidhlíní, agus trosgán.



CNÓ CAPAILL: sguabanna, bosgaí.



SAILEACH: geuga breugacha, gual confaidh.



CRANN CRITHEACH: bosgaí, cosganna ar thrucaillí na
mbóithre iarrainn.



FEARNÓG: bonn adhmaid bróg, gual confaidh.



CUILEANN: úirlisí tomhais, obair túrneura.



TEILE: bosgaí, breugáin, cosganna, &rl.



COLL: slata.



EÓ (nó IUBHAR): obair túrneura.


L. 14


Níl aon cheann aca cho deacair a ghearradh
le sábh (nó tuireasg) leis an gceann bog —
crann giúmhaise nó learóg, cuir i gcás.
Dúnann na buinn as a stuaim féin dréir mar
a ghearrtar iad, agus is minic a chuireann sin
stad ar sábh ná fuil níos mó ná 20 h.p. ann
maran dtugann an fear atá in a bhun an-aire
don obair.



I muileann sábh (ceann a bheidh leagtha amach
go ceart an cheud lá) bíonn trí shábh ann ar
a luighead, ceann mór chun na crainn do
ghearradh dréir mar a thagann siad isteach ón
gcoill (rackbench thugtar ar sin), agus annsan
ceann níos lugha (pushbench) chun cláracha
eudtruime agus scantlings, &rl., do dheunamh
desna cláracha móra thagann ón sábh mór:
agus annsan arís ceann eile a bhfuil deallramh
eile air: sin an sábh-banda, agus is air sin
ghearrtar amach píosaí timpeallacha agus píosaí
cama, le haghaidh camán nó fellaí, cuir i
gcás.



'Sa tslighe bhímíd i gcomhnuidhe, ní bhíonn am
ag muintir na hÉireann a gcuid adhmaid do
fhaghairt i gceart. Chun an obair seo a
dheunamh i gceart is éigin na cláracha go léir
do chur treasna a chéile i gcarn mór, agus
iad d'fhágaint mar sin ar feadh aon bhliadhain
amháin nó as sin go sé nó seacht de bhlianta
dréir an cinéil adhmaid athá ann.



Nílim ag tagairt don obair a bhíonn ar
siubhal i siopa siúinéir anois. Baineann sé
sin le sgeul adhmaid, gan dabht, ach tá go leor
ráidhte agam nuair atáim tréis an léightheoir
do thabhairt liom ó leaba an t-síl go dtí an
muileann sábh.



AN CHÚ MHALL.



Guthán 4804



SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH
TTA.,
45 SRÁID DASÚN, ÁTH CLIATH.



An t-aon tsiopa amháin i nÉirinn go
bhfuil le fáil ann gach leabhar go gcuireadh
Gaedhil suim ann — i nGaedhilg nó i mBearla.



An t-aon tsiopa amháin i nÁth-Cliath gur
éigin do gach duine ann eolas bheith aige
ar theangain na nGaedheal.



FOGHAIR NA GAEDHILGE.



CEACHT A I.



A, B, C, D, E, F, G, H, I, L, M, N, O, P,
R, S, T, U, comharthaí scríobhadh na Gaedhilge;
an t-aibightir tugtar orra.



Tugtar guthanna ar a, e, i, o, u; agus
tugtar consona ar b, c, d, f, g, l, m, n, p,
r, s, t. Ní fhuil in h acht séideadh den anáil.
Ní fhuil h ag gabháil le haibightir na Gaedhilge
acht le cúpla céad bliain. Ní fhuil sé in aon
phreumh-fhocal na Gaedhilge.



Nuair a bhíonn an comhartha so (') ag gabháil
leis na guthanna bíonn foghar fada aca. Foghar
gairid nó snabtha bhíonn aca gan an comhartha
so ós a gcionn in áirde.



Ba chóir taithighe maith ar na guthanna fada
agus gairid a thabhairt do na daoinibh bhíonn ag
tosnú ar an léigheamh agus na foghair ceart
Gaedhilge a thabhairt dóibh ó thosach, na foghair
is gnáthaidhe ag guthanna na Gaedhilge. Is
minic a chonacamar oidí Gaedhilge agus is iad
na foghair a bhíonn ag na leitreacha i mBeurla
a mhúineann siad do na leanbhaí i dtosach. Is
socra agus is buaine foghair na leitreacha 'sa
nGaedhilg ná 'sa mBeurla. Tá a fhios againn
go léir godé an trioblóid bhí againn fadó
nuair a thosnuigheamar ag foghluim conus an
Beurla a léigheamh.



Múineadh aibightir an Bheurla dhúinn a cheud
uair agus nuair a bhíodar san go glan againn
agus ainmneacha againn orra cuireadh go dtí
AN OX, MY OX sinn.



Dá mbeadh aon réasún ná tabhairt fé
ndeara ionainn an uair úd is mór an crádh a
thabharfaimís do na hoidí. D'fhoghluimigheamar
gur “Ó” bhí againn agus “X,” agus dar
ndóigh tá a fhios ag an saoghal má churtar an
foghar “Ó” le “X” go mbeidh “Ó + X,”
nó “ÓX,” agus gurb' é an foghar céadna
bheidh agat agus atá i ndeireadh an fhocail
“hoax.” Is ait an focal a bheadh agat as na
foghair seo a chuir le chéile: dee + ó + gee,
agus is beag an deallramh a bheadh aige leis
an bhfocailín “dog”; “t + o,” feuch cad a
dheunfá as, agus annsin meabhruigh “d + o,”
“s + o.”



Is cuimhin liom féin nuair a bhí mé ag dul
go dtí an scoil an chéad uair riamh a bhuail
an focal “pig” liom gur “peeiigee” a thug
mé liom as, agus bhí mé ag rádh an fhocail
neamh-choitchionta so ar feadh leath an lae dhom
féin gur tháinigh an máighistir agus gur bhuail
sé dhe langaire feadh na cluaise mé — “pig,


L. 15


a mhadáin,” ar sé sin, agus deirim leat nár
dhearmhad mé as san amach é. Acht nuair a
tháinig mé go dtí an focal “pigeon” in a
dhiaidh san dhein mé praiseach den sceul arís.
“Bheirim-se don tubaist!” arsa mise liom
féin, “cleas na bhfocal so.” Ní bhfuighbheadh
aon mhuinghin a bheith agam asam féin as san
amach. Ní gádh dhúinn leanamhaint Síol mBrian
a dhéanamh ar an sceul so; tuigeann gach
aoinne cad atá i gceist agam.



Ní mar sin atá an sceul in aon chor 'sa
nGaedhilg; béidir go bhfuil rud beag de ann,
acht is beag é, agus mar sin is fearr foghair
ceart na leitreacha a mhúineadh ó thosach agus
deunfaidh sé an-chongnamh chum foghar an fhocail
a thabhairt leat in a cheart.



Múin a, e, i, o, u, a chéad uair agus annsin
á, é, í, ó, ú. Cuir gach eile ceann gairid agus
fada le n-a chéile. Teasbáin gur mar a chéile
bheidh do bheul socair agat do “a” agus do
“á,” aon rud acht go gcoimeádthar an dara
ceann ar siubhal níos sia (fé dhó béidir) ná
an chéad cheann. Is mar a chéile an sceul i
dtaobh “e” agus “é”; i dtaobh “i” agus
“í”; “o” agus “ó”; “u” agus “ú.”



Tugtar guthanna leathna ar a, o, u, i dtaobh
a mbuigeacht; bíonn an beul oscailte bog
breagha dhóibh. Ní bhíonn aon tarraing ná
crapthacht ar fhéitheacha an bhéil ná an ghéill
chum iad a dheunamh; fágtar iad go léir bog,
silte. Ní mar sin do “e” agus do “i”;
bíonn na féitheacha so craptha dhóibh, bíonn sórt
tarraing orra, ní fhuil an fhairsingeacht ag
baint leo mar atá ag baint le a, o, u.
Guthanna caola tugtar orra.



Do b'fhéidir dúinn guthanna boga agus
guthanna cruadha a thabhairt orra, nó guthanna
fairsinge agus guthanna cumhanga, agus bheadh
an sceul chomh so-thuigse dhúinn le guthanna
leathna agus guthanna caola. Dob' fhiú roinnt
aimsire a chaitheamh ag meabhrughadh na deifreach
seo, mar má tuigtear i gceart é is fearrde
an léigheamh agus an chaint é; agus an
scríobhadh mar aon leo.



Chum an foghar “a” a dheunamh ní gádh acht
an beul d'oscailt go bog, nádúrtha, agus
leigint don ghiall iachtarach tuitim roinnt;
bíonn bun na teangan árdaighthe rud beag
agus tosach na teangan leagtha. I dtosach do
bhéil is eadh bhíonn an follamhas. Is féidir an
foghar “o” a dheunamh anois gan aon aistriú
eile a dheunamh ar an mbeul acht an dá phus
(nó mar adeurfaoí beul an bhéil) a chruinn-
iughadh roinnt amach díreach agus chum “u”
a dheunamh cruinnightear roinnt eile iad,
bíonn an beul iachtarach rud beag níos sia
amach ná an beul uachtarach insan tslighe gur
suas a shéidtear an anáil.



Ní bhíonn aon trioblóid ag duine “e” agus
“i” a thabhairt i gceart. Le “a,” “o,” agus
“u” a bhíonn an duaidh ar fad ag daoine
gurb' í an Beurla an teanga is taitheach leo.
Is leithne leathan na Gaedhilge ná an Beurla
agus is caoile caol na Gaedhilge ná an
Beurla.



PÁDRAIG Ó CADHLA.



(Tuille Le teacht.)



CRAINN ÓGA



Níl aon rud níos tábhachtaighe
sa tír seo ná crainn
do chur.



A Ghaedhil, ba mhaith linn ár ngnó do dheunamh as
Gaedhilg, agus ní beag san, is dóigh linn.



Chuiridh fios ar Chlár na Luach: Crainn Coille,
Tuir Gáirdín, agus Crainn Torthaí.



Tá teistiméireacht againn ó Aireacht na Talmhan.



MUINTIR AN RÁITHÍN,
TUAIMGREINE, CO. AN CHLÁIR.



NIGHEACHÁN RIABHACH AN tSATHAIRN
NÍ BHÍONN SÉ GEAL DÉ DOMHNAIGH.



Dá bhrigh sin



Cuiridh bhúr gcuid nigheacháin chun



TIGH NIGHEACHÁIN NA CÚIRTE



(COURT LAUNDRY)



SRÁID HARCOURT, BAILE ÁTHA CLIATH.



NA CÓRACHA OIFIGE IS DÉIDHEANAÍ
CHEAPADH.



Hammond Typewriters. — leitriu Romhanach a's leitriu Gaedhealach ar
an maisin ceudna.



Art Metal Filing Cabinets. — deuntus cruaidhe ar luach adhmaid.



Leabhra “Kalamazoo Loose Leaf.” — deuntar iad so do rulail do
chlobhualadh i mBaile Ath Cliath.



Leabhra “Phoenix Analysis.” — deuntar i mBaile Atha Cliath iad so.



Maisini chun seolta a's stampai do chur ar chludaighe leitreacha agus
iad do dhunadh.



Uirlisi tomhais agus gach saghas gleus chun am do shabhailt.



Guthan 2293



J. L. STEWART.



Faithche an Cholaiste a 4,
Baile Atha Cliath.


L. 16


PÁIPÉIRÍ GAODHLACHA LE
H-AGHAIDH SGRÍOBHNÓIREACHTA.



Deinimíd Páipéirí i gcóir Scol agus Úsáid
Coitchionn nách féidir a sárughadh ar mianach is
eile. Ná bíodh ag do pháisdíbh acht Leabhair Sgríobh-
nóireachta agus Garbh-leabhair “An Cheathrair
Ollamh.” Nuair a bheidh Páipeur Coitchionn uait,
fagh “Árd-Rí” nó “Brehon.”



CLÓDÓIREACHT GHAEDHILGE



Tá fhios ag cách cad é an cháil atá againn i dtaobh
Béarla a chlóbhuaileadh. Is féidir linn a chomh-mhaith
a dhéanamh leis an nGaedhilg. An fear a chuireann
an Ghaedhilg le chéile, duine de lucht an “Fháinne”
is eadh é.



LEABHAIR GAEDHILGE



Tar éis teacht amach —



“Seáinín.” “An Seabhac” do sgríobh. 4/- glan



“Eachtra Eibhlís.” (Alice's Adventures
in Wonderland.) Pádraig Ó Cadhla
do chuir Gaedhealg ar an sgeul so. 4/6 glan



“Scríbhinní Phádraig Mhic Phiarais.” 10/- glan



“Gaedhilg sa mBaile.” 2/6 glan



“Jimin Mháire Thaidhg.” “An Seabhac.” 1/3 glan



“Seacht mBuaidh an Eirghe Amach.”
Pádraig Ó Conaire 5/- glan



MAUNSEL & ROBERTS, TEO.,
Clódóirí, Foillsightheóirí, Déantóirí
Córacha le h-agaidh Sgríobhnóireachta



Sráid Bhagóid, Íoch., 50, Baile Átha Cliath



AN GHAEDHEALG OS COMHAIR NA
NDAOINE AMACH



Deirtear gurb í an teanga is dual nádúrtha
do dhuine an teanga 'na ndéanann sé a mharana
agus is fíor é sin leis in slighe.



Is minic adeireadh Conchubhar Mac Clúin (go
ndéanaidh Dia trócaire ar a anam) ná raibh sé
le rádh aige go raibh an Ghaedhealg aige go
ceart fé'n am do chrom sé ar a bheith ag
taidhreamh i nGaedhilg, ach mar sin féin tá
daoine ar an saoghal, agus gan ach smuit de'n
teangan aca, agus deurann siad go mbíd ag
stealladh amach na Gaedhilge (agus iad 'na
gcodladh) cho pras leis an iasgaire is caintighe
i mBaile na nGall, agus dar ndóigh níl sé ar
ár gcumas iad do bhreugnú sa méid sin.
Bíodh sin mar atá, bím ag cur na ceiste sin
trí chéile i m'aigne féin, mar uaireanta fuighim
mé féin ag deunamh mo mharana i nGaedhilg i
gan fhios dom féin, agus uaireanta eile,
agus mé go díreach tréis a bheith ag caint
Gaedhilge leis, caithfidh mé a rádh go mbíonn
na smaointe á ndeunamh agam i mBeurla.
Seo an chúis a bhíonn sé sin amhlaidh, is dóigh
liom. Ní bhfuighfá do mharana do dheunamh ar
feadh tamaill gan daoine áirithe a theacht isteach
i t'aigne agus annsan, cé ná fuil a fhios agat
go bhfuil tú á dheunamh go dtí go bhfeuchair
isteach sa sgeul go cruinn, annsan cromann
tú (id' fho-aigne de ghnáth) ar a bheith ag ceapadh
cad dhéarfadh an duine atá i gceist agus cad
a dhéarfá féin leis: mar sin a thuiteann sé
amach. Má's beurlóir an duine úd is i
mBeurla a bheidh tú ag smaoineamh, agus má's
gaedhilgeoir é, 'sí an Ghaedhealg an teanga a
bheidh it' aigne, agus ní dhéarfainn ná go bhfuil
an rud ceudna le rádh ag gach aoinne beagnach
a bhfuil an dá theanga (nó aon dá theanga eile
sa domhain) go cuibheasach pras aige.



Fágann san gan dabht go mbíonn an chuid
is mó de Ghaedhilgeoirí féin ag deunamh a marana
i mBeurla, 'sé sin a rádh an chuid is mó desna
Gaedhilgeoirí atá 'na gcomhnuidhe sa nGalltacht.
Maidir liom féin táim i mo chomhnuidhe sa
mbreac-Ghaedhealtacht, agus ní dóigh liom gur
minicí a labhraim an Beurla ná an Ghaedhealg,
ach timpeall cho-mhéid, béidir. Ní dheunfadh
aon ní an teanga d'aithbheochaint níos fearr ná
í a bheith ag cuid mhaith des na daoine de
nádúr, agus ní féidir a rádh go bhfuil teanga
ag muintir tíre ar bith de nádúr muran rud
é go ndeunann siad a marana innti de ghnáth.


L. 17


Ní dheunfaidhe murab rud é go gcastar
Gaedhilgeoirí ar a chéile go minic gach aon lá.



'Sé an feall é go bhfuil Gaedhilgeoirí na
Galltachta ró sgaipighthe ó n-a chéile. Leath
is mu de lucht Chonnradh na Gaedhilge,
béidir, is ar éigin atá aoinne i mBaile
Átha Cliath gur féidir leis a rádh go
gcaithean sé a leath dá chuid aimsire ag cainnt
na Gaedhilge, ná i n-aon ghiorracht de. Bhel,
ní fheicim go bhfuil aon leigheas sa domhain
bhraonach air sin.



Ach tá rud eile 'na theannta san a chuireann
iachall ar dhuine a shmaointe do dheunamh i
mBeurla .i. an slighe a chítear Beurla sgríobhtha
in áirde i ngach aon áit. Ní misde dhom a rádh
go bhfuil leigheas againn air sin.



An páipeur laetheamhail an rud is measa
amach a's amach, agus caithfimíd cur suas
leis sin is dócha go dtí go mbuaileann
millionaire éigin an tslighe a bheidh sásta a
mhilliún do chaitheamh gan tairbhe ar pháipeur
laetheamhail Gaedhilge. Is mór an truagh é
mar sin féin an sgeul a bheith mar atá sé.
Níl aoinne dá raibh riamh sa Ghaedhealtacht ná
fuil a fhios aige an slighe léightear an
“Independent” nó an “Examiner” cois teine
san oidhche agus an tugthacht a bhíonn agá lucht
éisteachta ceisteanna do chur trí chéile sa
teanga ceudna 'na raibh fear an phaipéir ag
trácht ortha. Canathaobh ná beadh? 'Sé an
t-iongnadh ceart é an slighe leantar ag cainnt
Gaedhilge dá inneoin san. B'fhearr liom ná
rud maith dá gcuirfeadh an Riaghaltas páipeur
laetheamhail ar bun gan ach Gaedhealg ann;
adhbhar cailleamhna airgid ba eadh é sin gan
aon agó, ach nárbh fhiú an Ghaedhealg an méid sin.



Saghas taidhrimh is eadh an chainnt sin, is eagal
liom. Ach tá a lán rudaí eile agus táid ar
ár gcumas iad do dheunamh gan an oiread san
trioblóide chun síor-radharc an Bheurla do
chur ar neamh-nidh agus an Ghaedhealg do chur
os comhair na ndaoine 'na ionad.



I sráideanna na mbailte móra 'siad fógraí
agus ainmeacha lucht siopadóireachta, &rl., is
mó a chidhimíd ar gach taobh. Dá mbeadh mo
shlighe féin agam (agus níl) do chuirfinn cáin
ar gach fógra puiblidhe (mar a dheuntar sa
bhFrainnc), cáin fíor-throm ar fógraí móra
i mBeurla amháin, cuibheasach trom ar ceannaibh
leath i mBeurla, agus gan aon cháin (nó cáin
eudtrom, béidir) ar na ceannaibh a bheadh i
nGaedhilg amháin.



An rud ceudna arís dosna siopaí agus
dosna hoifigí, go mór mór aon fhocal theas-
báinean cadé an saghas siopa nó oifige é.
Is cuma na hainmeacha seochas iad sin, mar
ní chuirfeadh an ainm Yeates, nó Browne &
Nolan, nó Lalor ag smaoineamh i mBeurla tu
(cé gurbh fhearr Brún & Nualán, Ó Leathlobhair,
&rl., d'fheicsint ar na fuinneoga). Ach nuair
a chuirfear i gcomparád “Sight tested by
skilled opticians,” le “deunfaidh liagh-súl
eolgaiseach do radharc a thástáil annso dhuit,”
“Wholesale and Retail Stationers” le “Córacha
Scríbh — Lucht a ndíolta 'san iomlán agus ina
mionn-choda,” “Tobacco Merchants” le “Cean-
nuightheoirí Tobac,” chífear ar an nóimeant
cad atáim ag tagairt do.



Tá ainmeacha na sráid i nGaedhilg cheana,
ach cho fada a's atá an Beurla ann leis ní
dhéanfaidh sé an gnó.



Cad eile anois? Gach saghas ticeud ar an
gceud dul síos — ticeudaí na dtramanna, na
mbóithre iarrainn, na hamharclainn, agus iad
go léir. Chuirfidís an Ghaedhealg 'n luighe ar
na daoine ó mhaidin go hoidhche, agus níor mhór
dúinn é sin do dheunamh.



Feuch ar an mbóthar iarrainn. Ní hamháin
atá fógraí, ainmeacha na stáisiún, sgríobhtha
suas i mBeurla (tá Dúnlaoghaire agus cúpla
ceann eile i nGaedhilg agus níor airigheas gur
chuaidh aoinne amú dá bhrígh sin ach an oiread),
ach gach saghas fógra leis go léighean agus go
n-athléighean na daoine dá n-inneoin féin.
Gheobhainn leath-dosaen leathanaigh do líonadh le
samplaí dá mba mhaith liom é. (Feuch an comór-
tas, L. 18). Is dócha go bhfeudfaimíd talamh
slán do dheunamh dhe go ndeunfaidh an Riaghaltas
a chion féin i ngach rud a bheidh fé n-a lámh féin —
in Oifig an Phuist, cuir i gcás. Tugaim fé ndear
ná beidh ar na stampaí nuadh ach Gaedhealg amháin.
Tá Fuirm Teleigraf, cártaí puist, agus a lán
slighthe eile aige chun na Gaedhilge do chur os
comhair na ndaoine má's maith le Máighistir
na bPost glacadh leo. Ba cheart do-san a
rádh ná beidh an oiread is aon fhocal amháin
Beurla le feiscint ar aon rud fé n-a chúram
as seo amach, ach amháin béidir cuid desna
fuirm neamhchoitchianta go gcaithfidh sé ais
triúchán do chur ortha (ach i gcló beag má seadh).
Is ar éigin a dheunfaidh na hAireachtaí faillighe
ar an bpoinnte sin: a gcuid fógraí do chur
amach i nGaedhilg cho maith le Beurla agus an
Beurla a bheith sa dara áit i gcomhnuidhe. Ach
maidir leis sin do b'fhearr dóibh alt “Thaidhg
Ghaedhealaigh” atá san uimhir seo den “Sguab”
do léigheamh. Ní dheunfaidh aistriúchán díreach
ón mBeurla an gnó. Sgríobh leitir chun Árd-


L. 18


Oifige an Phuist agus chífidh tú cad é an
freagra a gheobha tu mar admháil!



Annsan nuair a bheidh an méid sin deunta,
agus rudaí nach é leis, caithfear tabhairt fé
lucht na seirbhísí puiblidhe, iachall do chur ar
cléirigh Oifig an Phuist, checkers, tram
conductors, agus ní fheadar cé hiad eile,
Gaedhealg a bheith acu. Ach is mithid dom
stadadh fé dtosnóchad ar rudaí mar sin do
phlé. Ní beag liom don turus seo na
smaointe atá ráidhte agam shuas. Tá's agam
go maith gurb in áit a chéile dheuntar na
caisleáin, ach mar sin féin níor mhór dúinn an
liathróid do thógaint ar an gceud luasgadh,
anois go bhfuil cúis na Gaedhilge ag dul chun
cinn imeasg na ndaoine.



ÉAMONN MAC EOIN
Teóranta



(EDMOND JOHNSON, Ltd.)



SEÓDÓIRÍ AGUS GAIBHNE AIRGID.



Deintear an obair ar fad ag



94 Sráid Ghrafton, Áth Cliath



Guthán 992



CUALLACHT DÚNA EIMER TEOR



Sráid Hardbhic, i mBaile Átha Cliath.



ÉADAIGHE EAGLAISE, ILGHRÉASACH &
ÓIRGHRÉASACH.



CULAITHE BAN ÉIREANN.



CAIRPÉIDÍ LÁIMH-FHIGHTE.



COMÓRTAS



Mar adubhramar san alt ar a dtugamar “Gaedhealg
os comhair na ndaoine amach,” ceist an-thabhachtach iseadh
í, Gaedhealg chruinn a bheith againn ar rudaí coitchianta
an lae indiu, go mór mór ar na comharthaí a bhíonn le
feicsint ag an bpobal gach aon lá. An focal
“Smoking,” cuir i gcás, a bhíonn sgríobhtha ar chuid de
charóistí na traeneacha. Níor mhór dúinn focal cho
cruinn agus cho gairid leis sin do cheapadh sa
nGaedhilg: “Cead tabac” dhéarfaimíst, ach béidir go
bhfuil slighe níos fearr chun é rádh. Seo im' dhiaidh
liosta beag d'fhocail agus d'abairtí den tsaghas sin
agus tabhairfimíd púnt don duine is fearr chuireann
Gaedhealg ortha. Níor mhór do gach iarrathóir a ainm
agus a sheoladh do sgríobh ar an bhfuirm seo shíos agus
é do chur isteach len a iarracht féin. Gach iarracht a
gheobhfaimíd annso roimh an 15adh lá Mí na Samhna
beidh sí i n-am agus foillseomuíd gach eolas ar an
gcomórtas sa tríomhadh uimhir den “Sguab.”




Seo chughat istigh annso iarracht ar an gcomórtas atá
ar siubhal sa “Scuab.”



Ainm



Seoladh



Don Fhear Eagair, “An Sguab,” Cearnóg Cnocán
Áthais, 24, Baile Átha Cliath.



Má theastuigheann aon eolas uait i dtaobh



FUINNEACH, MÓTOR,
CÓRACHA SOILLSE DO THIGHTHE TUAITHE,
TEUDA, nó aon chóir eile Teintrighe,
scríobh chum



F. W. PARKES & CO.,
Tigh Fhirdiaidh, Lána an Teampuill,
Sráid Dáma, Baile Átha Cliath.


L. 19


NA LEABHRA DO CUIREADH AMACH I mBLIADHNA.



Comhlucht Oideachais —



“Dia, Diabhail agus Daoine.” — An tAthair G. Ó
Nualláin. 5/—,



“Duanaire Gaedhilge.” — Rós Ní Ógáin (eag.). 3/6.



“Dán Dé.” — An tAth. L Mac Enna (eag.). 10/6.



“Réiltíní Óir” (Cuid a 1). — An tAth. S. Mac Clúin. 5/—.



“Gnáth-Eólas ar Nádúr.” — Pádraig Ághas. 2/6.



“Oidhcheanta Sidhe.” — M. Mac Liam Móir. 2/6.



Gaedheal-Chomhlacht —



“Mian a Croidhe.” — Pádraig Óg Ó Conaire. 7/6.



“Féile na nÓglach.” — Liam P. Ó Riain. 1/-.



“Idir na Fleadhanna.” — Áine bean Uí Néill. 1/6.



Mac an Ghoill —



“Sloinnte Gaedheal agus Gall” (Cuid a II). — An
tAth. de Bhulbh. 2/6.



“Teachtaire ó Dhia.” — An tAth. Ó Duinnín. 1/6.



“Sgeulóga.” — An tAth. Ó Duinnín. 1/—.



“Litreacha Gaedhilge.” — An tAth. Ó Duinnín. 1/6.



“An Salfathóir Gaedhealach.” — Tomás Ó hAodha. 2/6.



Maunsel —



“Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas.” — Pádraig
Ó Cadhla. 4/6.



“Seáinín.” — “An Seabhac.” 4/-.



Sin an méid leabhra do fuaireamar ós na foillsigh-
theóirí.



Do sgríobh “An Seabhac” léirmheas fada ar “Réilthíní
Óir.” Shíleas é chur isteach san uimhir seo ach cuaidh se amú sa
phost. Beidh sé sa cheud uimhir eile le congnamh Dé. Maidir
leis na leirmheasa eile bhí agam i gcóir na h-uimhreach seo, níl
slighe agam iad do chur isteach. — F.E.



LEABHAIR GHAEDHILGE.



Má tá leabhar Gaedhilge ag
teastábhail uait, pé'cu Sean-
leabhar é nó Leabhar atá díreach
tar éis teacht amach, gheobhair
a thuairisc acht ceist do chur ar



MHÁIRE NI RAGHALLAIGH,



(Díoltóir Leabhar ar son Connradh
na Gaedhilge),



87 SRÁID UACH. NA
DRISEÓIGE, ÁTH CLIATH.



N.B. — TÁIBLÍ NA GAEDHILGE
(Seán Ó Catháin), 16S. 6d., á
ndíol ag an seoladh so thuas.



TOBAR NA FÍOR-
GHAEDHILGE
I
RINN Ó gCUANACH I
nDÚTHAIGH DÉISEACH.



CAITH DO SHAOIRE AR DO SHUAIMH-
NEAS ANN AGUS RAGHAIDH SÉ
CHUM TAIRBHE DO SHAOGHAIL AGUS
DO SHLÁINTE.



Tá tigh fada fairsing i gcomhair bhídh,
iostais, agus an mhúineadh ag lucht
Iolscoile na Mumhan ann — an fhar-
raige i mbeul an doiris aca agus
cóir folcadh idir Shamhradh agus
Gheimhreadh.



Tá táisc agus tuairisc an Scoil
Samhraidh i mbaile a's i gcéin.



SCOIL NA LEANBHAÍ



Fé chúram “An Fhir Mhóir” — Fear
“An Ghéilín,” Fear “An Bhreugáin,”
Fear “An Fhéirín,” agus fear “An
tSeanchuis.”



“Ní mhúintear Gaedhealg annso,
labhartar í” — tuairisc Sheoirse Mhic
Niocaill ar obair na scoile.



Ta gach fios agus faisnéis le fagháil
Ó'N BHFEAR MÓR
I RINN Ó gCUANACH.



Nó ó PHÁDRAIG Ó CADHLA,
I Lúbán Díge,
I gCo. an Chláir.


L. 20


BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA.



ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.



DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT
GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT.



Bun-airgead Geallta, £406,000.



Bun-airgead Díolta, £203,000.



Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1922, £1,900,000.



BUNUIGHTHE 1920.



BRAINNSÍ:—



68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh,
Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis
Maghchromtha.



THE
NATIONAL
LAND BANK
LTD.



Luach Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason & a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Mansuel & Roberts Teo.,
Áth Cliath, & foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services