Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Elegy for Ruaidhrí Mór
Title
An Elegy for Ruaidhrí Mór
Compiler/Editor
Macdonald, John
Composition Date
1626
Publisher
(Aberdeen: University of Aberdeen, 1958)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N SGS08 27-52} {L 30} {B 1626c 17T} {G L} {U 0001} {C Fil.} {M 8} ÉOIN ÓG Ó MUIRGHESÁIN cct 1. Creach Gaoidheal i reilig Rois gan sgaoileadh geimhil a nglais; bráighe gill cháich i gcrois i ráith Rois 's ní fhill tar ais. 2. Lá deabhtha ní dhírghid sluaigh le mílidh dearbhtha 'na dhiaidh; cia an t-aoinfhear is urra dhóibh, cuma fóir Ghaoidheal i ngliaidh. 3. Fear tátha ar dtíri-ne téid, brágha as a sínfidhe ar seóid; mná gan snoighe a mbos ní bhíd i Ros ar líg loighe í Leóid. 4. Mac Tormóid ó 'd-chlos i gcriaidh ba lomród ón chrodh gach cluain, d'éis í Olbhair do dhol dín do shín crodh fa cholbhaidh cuain. 5. Leasg déineamh san mbrugh-sa i mbíodh, ní husa éisteacht a sgéal; slán éinfhir 's a dhol don dún cúl do chor re déinimh déar. 6. Tearc ag mnaoi toirse nách tráigh dom chaoi gion go gcoisgear féin; do shearg cumha ban an bhróin; lugha um nóin a gal san ghréin.
7. Mo ramhuirn-se ó ríoghraidh Sgí le hatuirse íocfaidh mé; cuirfead geall i gceardaibh caoi nár bh'fhearr ó mhnaoi Ealgaigh é. 8. Sgol na Banbha go Ros róinn, sgol Alban ag dol 'na dáil; léigthear tós caoine don chléir, a nós féin is daoire dháibh. 9. Atámaid gan triall dá fhios mar bhrághaid do bhiadh i nglas; cead linn mar do-ním a-nos, bím i Ros agus inn as. 10. Dáileamh buair iomlatach óir, fá thiodhlacadh níor thuair béim; gus an gcomhraidh i bhfoil fúinn níor dhúin soin comhlaidh re gcléir. 11. Críoch gach meadhair déineamh déar; do-bhearair éimdheadh 'nar n-ól; mionca reimhe é fá fhíon, do líon mé an bleidhe do bhrón. 12. Le feadhain daoinigh 'na dhiaidh ní sgaoiltir go mbearair buaidh; ní mhaoidheabh gur daoineach dhóibh fóir Ghaoidheal is aoinneach uain. 13. Iomdha tuirse éisttir uam, ní héidir nách tuillte a dtnúdh; muna bheith gul leam do lón do b'fhearr clódh ná dul don dún.
14. Biodhbha le gceiltear a cháin mionca do bheireadh am buaidh; téid go cách dá gcomhthaibh féin an réir ba gnáth orthaibh uain. 15. Bean nuailí ag caitheamh a clí mar chaitheas Ruaidhrí mo ré, créad asar gheall cur rem chaoi gul ag mnaoi leis nár mheall mé? 16. Tig dod dhul go neimheadh naoimh an t-eineach do chur fá chiaigh; cia as urra 'na ndaoire dháibh cuma do dháimh daoine id dhiaidh. 17. Ní fuighthear le féile nua éinfhear do chuirfeadh id chló; guais nách téid ó theasta tú a clú feasta i méid is mó. 18. Guais do dheóraidhaibh id dhiaidh ar . . . duais daoir; aithne cháigh ar a gcrodh féin do bhéin do dháimh ar ndol daoibh. 19. Gur lighis ar chearchaill chriadh ní hibhthe acht dearbhchuirm san dún; cuid dot fhoghlaibh ar ndol díon fíon cobhlaigh dá chor ar gcúl. 20. Gul gacha fir ní caoi chiúin, mar sin ag maoith do na mnáibh; gion gur laoidheadh inn ar h'uaigh do chuaidh sinn ós caoineadh cháigh.
21. Fine Conaire ó Chliaigh Mháil gan rothoirse id dhiaidh níor dhóigh; Muiligh ó fhéachain ar h'uaigh déanaimh suain is duiligh dhóibh. 22. Ní frith leó do chora i gcriaidh, náid a ngona a ngleó 's a ngéill; ní hí a ndiomdha is dochta dháibh; folta cháigh is iomdha ar t'fhéin. 23. Sirthe biodhbhadh tar bord cuain, ní hiongnadh gur trom an tóir; a bhfríoth linn do cheanaibh cháigh sinn dá dháil id dheaghaidh dhóibh. 24. Líon caoine ag teacht as gach tír, ar ndaoine fán leacht nach léir; slógh Fionnghall dot aithle ar h'uaigh ní thiobhram uaidh aithne ar h'fhéin. 25. Mór is éigean d'aiseag uainn aithreach an t-éigeart 'gat fhéin; beanaid cách dar ndúthaigh dínn an tír ba gnáth fúthaibh féin. 26. Do thréig gaoth a míne ar moirn, fraoch san tír-se ar an dtuinn, fiodh toraidh ní tharla i gcoill, croinn fhalmha a bonaibh dá mbuing. 27. Ní choisg roineimh réallann reóidh, na hoirir fá éanbharr smuail; sí d'fhoghail níor aidhbhsigh tír le bhfoghair tríbh d'aimsir fhuair.
28. Níor an 'na dheóidh sriobh ná sruth a-niogh tre Mhac Leóid nár leath; an feadh do shín moir a-mach a bhrath soin ar thír is-teach. 29. Iothla brughadh ar bruach túir is lugha ná luach a síl; ní thig gort tre thalamh tuair cuma uair 's a thocht i dtír. 30. Siabhraid a ngníomha 's a ngné na síona ad-chiamaid dod chaoi; do neól cumhadh ós clár Sgí dubhadh do-ní i lár an laoi. 31. Táille an ghlasmhara is dá ghníomh asnadha báirce do bhrúdh; téid le confadh tonn i dtrágh an long lán don orchradh úr. 32. Breac feasta ní foighthear ar lionn; ó theasta ní toirtheach call; ionann dó is do tharthaibh tonn ní mó ar chronn san talmhain thall. 33. Do chruinnigh gach sgol do sgaoil go Ros ina bhfuil-sean féin; ar n-anadh d'ó Olbhair uainn ón talamh thuaidh connmhaidh cléir. 34. Dá fhad uadha bhím a-bhos bím 'na ghar ag bualadh bas; gion go bhfuirghinn riamh i Ros triall a-nos ní fhuilngim as.
35. Is é is fhochain deirge im dhéir do-chonnairc mé a mheirge sróill; do luathaigh ar dhéaraibh dhuinn súil ar chuachaibh éanaigh óir. 36. Sgéal a bháis do dhearbhaigh dhamh léim dearmhaid ar dháil na bhfleadh; fáth as nach gabhaim fám ghul cách ag dul tarainn is-teagh. 37. Ní racha tréar mbádhadh bróin ar námha nó ar gcara i gcéin; mór d'fhoghlaibh i gcuimhne cháigh, duilghe dháibh an foghlaidh féin. 38. Cia shirfeas don fhaithche ionn as a aithle i n-Insibh Gall; ó nach mar an urra is fhearr cuma leam gach ar an ann. 39. Cosg foiréigne ré bhfíoch cáigh gníomh bhus doidhéinmhe 'na dhiaidh; aoinfhear do chách mar do chóidh sgáth ar fhóir Ghaoidheal le a ngliaidh. 40. Tús dá fhoghlaidh i n-iath Ír, - nár ba foghlaidh Dia 'na dhiaidh - do bhíodh ós cách in gach céim; níor ghnáth béim dá ghníomh i ngliaidh. 41. Sliocht Bhriain Bhallaigh níor dhíon dóibh a ngalaigh ar ghníomh a shluaigh; 's níor bh'fheirrde i dtealaigh dá dtóir; fóir Eilge um cheanaibh do chuaidh.
42. Áird Uladh d'argain dá fhéin curadh do árdaigh a n-uaill; easbhaidh daoine a theacht don tóir ó neart slóigh an taoibhe thuaidh. 43. ... a chrodh do chuaidh fá ... ar ndul dáibh ag dul ann ní bearar béim d'fhéin na hEaradh i n-am áigh. 44. Tar Drobhaois tar Sligigh siar gan shlighidh rochaoil 'na raon, tug iarraidh ar ndíol na ndámh, a lán díobh triallaidh re a thaobh. 45. Baile an Mhúta adhnaidh uaidh gan adhbhaidh dúnta 'na dhiaidh; comha is í dá déanamh dhóibh fóir Sgí ní ghéabhadh gan gliaidh. 46. Dún Mheic Fheórais airgthear uaidh; - go ndaingne seólais tar sáil - beag da bhfoghlaibh san tír thiar is riar síl Olbhair an áigh. 47. Taibhgheóir a ndíola don dáimh ó daighLeóid le díorma a shlóigh; go bhfuair troimriar as gach taoibh maoir uaidh fán gCorrshliabh do chóidh. 48. Fir Chonnacht mar do an uaidh a gcrodh ar sgolaibh do sgaoil; lorg a fhaghla tré Áth Luain sgáth uaidh mar tharla ar gach taoibh.
49. Tugsad dá gcreachaibh ar gclódh curaidh ba deacair do dhíol; fáth daingin níor bh' fheirrde uadh sluagh Eilge ó Ghaillimh dá ghníomh. 50. Sé an tan-soin dá dtaobhadh tóir dá ghasraidh níor bhaoghal béim; Goill fá Eas Dara 'na dhiaidh treas do ghliaidh nách rabha réidh. 51. Groighe ó Chonnachtaibh ar gcúl - Conallaigh do roinne a ríomh - tug do dháimh daoineallach uadh 's buar Baoigheallach dháibh mar dhíol. 52. Crodh Bóghaineach d' éigsibh uaidh dá óroineach ní hé a-mháin, ní thug ar ais uatha féin réir 's na tuatha lais do láimh. 53. Crodh Fánad i ndíol na ndámh síol nDálaigh do loc a luadh; siris an deóraidh do dhíol díon ag Inis Eóghain uadh. 54. A bhfuair riamh mun ráith-sin Ír do riar buair nó d'fháinnibh óir - gan áireamh ar chrodh do chléir - ag réir sgol do dháileadh dhóibh. 55. Caithréim Mheic Leóid ceann i gceann breith a eóil níor fhaisnéis ghann; ní cheilim-se lorg a long tar bord tonn geilInse Gall.
56. Tar éis teachta ó Tholaigh Ír téid orthaibh le healta slóigh; fine Domhnaill san taobh thuaidh níor shaor buain dá dhoghraing dhóibh. 57. Sluagh go dTrontarnais ag triall uaidh ag móirchreachadh . . . a bhiodhbha tarla re a thaoibh, raoin fhaghla is iomdha ar a húir. 58. Dún Tuilm dá cheanaibh ní chéal deabhaidh a chuilg ar a chúl; grís do chur don fhaithche uadh smual dá aithle ag dul don dún. 59. Meinic a hUibheast le a fhéin an bhuidhean le a mbeirthi buaidh, creacha troma ag teacht i dtír; tar neart síl gColla do chuaidh. 60. Ar éigin nochar ghon i ngleódh as a los ní léigthi uadh d'fhior eólais ar mbreith fán mbiadh; do-chiam creich Leódhais gan bhuadh. 61. D'fhoiléim a ghasradh i ngliaidh fá oiléan ealta bhiodh uaidh, do chuir mar tharadh i dtráigh fuil cháigh fá chaladh an chuain. 62. Sléibhte fá a gceanaibh do chuaidh, ón gcéidchion ní dheachaidh dhíbh; beag do sgíos fhaghla ar a fhéin, fá a gcíos féin tarla 'na dtír.
63. Adhaint uatha ar lar an laoi ar dtabhairt cuarta um chlár Sgí, amhlaidh soin do b'fhuaire é sé uaidhe gan bhoin do bhí. 64. A ruaig chobhlaigh ar Chloinn Eóin ar tonnmhuir do bhoing dá mbrígh; beag ba leanta líon a shlóigh níor dhíon dóibh a dteachta i dtír. 65. Inse Gall fá guais a bhrath, a shluaigh meisde an t-am do leath; gur dheónaigh Dia an deadhail mhoch; fá Loch Feabhail cia nár chreach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services