Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Elegy for Ruaidhrí Mór

Title
An Elegy for Ruaidhrí Mór
Compiler/Editor
Macdonald, John
Composition Date
1626
Publisher
(Aberdeen: University of Aberdeen, 1958)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



ÉOIN ÓG Ó MUIRGHESÁIN cct



1. Creach Gaoidheal i reilig Rois
gan sgaoileadh geimhil a nglais;
bráighe gill cháich i gcrois
i ráith Rois 's ní fhill tar ais.



2. Lá deabhtha ní dhírghid sluaigh
le mílidh dearbhtha 'na dhiaidh;
cia an t-aoinfhear is urra dhóibh,
cuma fóir Ghaoidheal i ngliaidh.



3. Fear tátha ar dtíri-ne téid,
brágha as a sínfidhe ar seóid;
mná gan snoighe a mbos ní bhíd
i Ros ar líg loighe í Leóid.



4. Mac Tormóid ó 'd-chlos i gcriaidh
ba lomród ón chrodh gach cluain,
d'éis í Olbhair do dhol dín
do shín crodh fa cholbhaidh cuain.



5. Leasg déineamh san mbrugh-sa i mbíodh,
ní husa éisteacht a sgéal;
slán éinfhir 's a dhol don dún
cúl do chor re déinimh déar.



6. Tearc ag mnaoi toirse nách tráigh
dom chaoi gion go gcoisgear féin;
do shearg cumha ban an bhróin;
lugha um nóin a gal san ghréin.


L. 32


7. Mo ramhuirn-se ó ríoghraidh Sgí
le hatuirse íocfaidh mé;
cuirfead geall i gceardaibh caoi
nár bh'fhearr ó mhnaoi Ealgaigh é.



8. Sgol na Banbha go Ros róinn,
sgol Alban ag dol 'na dáil;
léigthear tós caoine don chléir,
a nós féin is daoire dháibh.



9. Atámaid gan triall dá fhios
mar bhrághaid do bhiadh i nglas;
cead linn mar do-ním a-nos,
bím i Ros agus inn as.



10. Dáileamh buair iomlatach óir,
fá thiodhlacadh níor thuair béim;
gus an gcomhraidh i bhfoil fúinn
níor dhúin soin comhlaidh re gcléir.



11. Críoch gach meadhair déineamh déar;
do-bhearair éimdheadh 'nar n-ól;
mionca reimhe é fá fhíon,
do líon mé an bleidhe do bhrón.



12. Le feadhain daoinigh 'na dhiaidh
ní sgaoiltir go mbearair buaidh;
ní mhaoidheabh gur daoineach dhóibh
fóir Ghaoidheal is aoinneach uain.



13. Iomdha tuirse éisttir uam,
ní héidir nách tuillte a dtnúdh;
muna bheith gul leam do lón
do b'fhearr clódh ná dul don dún.


L. 34


14. Biodhbha le gceiltear a cháin
mionca do bheireadh am buaidh;
téid go cách dá gcomhthaibh féin
an réir ba gnáth orthaibh uain.



15. Bean nuailí ag caitheamh a clí
mar chaitheas Ruaidhrí mo ré,
créad asar gheall cur rem chaoi
gul ag mnaoi leis nár mheall mé?



16. Tig dod dhul go neimheadh naoimh
an t-eineach do chur fá chiaigh;
cia as urra 'na ndaoire dháibh
cuma do dháimh daoine id dhiaidh.



17. Ní fuighthear le féile nua
éinfhear do chuirfeadh id chló;
guais nách téid ó theasta tú
a clú feasta i méid is mó.



18. Guais do dheóraidhaibh id dhiaidh
ar . . . duais daoir;
aithne cháigh ar a gcrodh féin
do bhéin do dháimh ar ndol daoibh.



19. Gur lighis ar chearchaill chriadh
ní hibhthe acht dearbhchuirm san dún;
cuid dot fhoghlaibh ar ndol díon
fíon cobhlaigh dá chor ar gcúl.



20. Gul gacha fir ní caoi chiúin,
mar sin ag maoith do na mnáibh;
gion gur laoidheadh inn ar h'uaigh
do chuaidh sinn ós caoineadh cháigh.


L. 36


21. Fine Conaire ó Chliaigh Mháil
gan rothoirse id dhiaidh níor dhóigh;
Muiligh ó fhéachain ar h'uaigh
déanaimh suain is duiligh dhóibh.



22. Ní frith leó do chora i gcriaidh,
náid a ngona a ngleó 's a ngéill;
ní hí a ndiomdha is dochta dháibh;
folta cháigh is iomdha ar t'fhéin.



23. Sirthe biodhbhadh tar bord cuain,
ní hiongnadh gur trom an tóir;
a bhfríoth linn do cheanaibh cháigh
sinn dá dháil id dheaghaidh dhóibh.



24. Líon caoine ag teacht as gach tír,
ar ndaoine fán leacht nach léir;
slógh Fionnghall dot aithle ar h'uaigh
ní thiobhram uaidh aithne ar h'fhéin.



25. Mór is éigean d'aiseag uainn
aithreach an t-éigeart 'gat fhéin;
beanaid cách dar ndúthaigh dínn
an tír ba gnáth fúthaibh féin.



26. Do thréig gaoth a míne ar moirn,
fraoch san tír-se ar an dtuinn,
fiodh toraidh ní tharla i gcoill,
croinn fhalmha a bonaibh dá mbuing.



27. Ní choisg roineimh réallann reóidh,
na hoirir fá éanbharr smuail;
sí d'fhoghail níor aidhbhsigh tír
le bhfoghair tríbh d'aimsir fhuair.


L. 38


28. Níor an 'na dheóidh sriobh ná sruth
a-niogh tre Mhac Leóid nár leath;
an feadh do shín moir a-mach
a bhrath soin ar thír is-teach.



29. Iothla brughadh ar bruach túir
is lugha ná luach a síl;
ní thig gort tre thalamh tuair
cuma uair 's a thocht i dtír.



30. Siabhraid a ngníomha 's a ngné
na síona ad-chiamaid dod chaoi;
do neól cumhadh ós clár Sgí
dubhadh do-ní i lár an laoi.



31. Táille an ghlasmhara is dá ghníomh
asnadha báirce do bhrúdh;
téid le confadh tonn i dtrágh
an long lán don orchradh úr.



32. Breac feasta ní foighthear ar lionn;
ó theasta ní toirtheach call;
ionann dó is do tharthaibh tonn
ní mó ar chronn san talmhain thall.



33. Do chruinnigh gach sgol do sgaoil
go Ros ina bhfuil-sean féin;
ar n-anadh d'ó Olbhair uainn
ón talamh thuaidh connmhaidh cléir.



34. Dá fhad uadha bhím a-bhos
bím 'na ghar ag bualadh bas;
gion go bhfuirghinn riamh i Ros
triall a-nos ní fhuilngim as.


L. 40


35. Is é is fhochain deirge im dhéir
do-chonnairc mé a mheirge sróill;
do luathaigh ar dhéaraibh dhuinn
súil ar chuachaibh éanaigh óir.



36. Sgéal a bháis do dhearbhaigh dhamh
léim dearmhaid ar dháil na bhfleadh;
fáth as nach gabhaim fám ghul
cách ag dul tarainn is-teagh.



37. Ní racha tréar mbádhadh bróin
ar námha nó ar gcara i gcéin;
mór d'fhoghlaibh i gcuimhne cháigh,
duilghe dháibh an foghlaidh féin.



38. Cia shirfeas don fhaithche ionn
as a aithle i n-Insibh Gall;
ó nach mar an urra is fhearr
cuma leam gach ar an ann.



39. Cosg foiréigne ré bhfíoch cáigh
gníomh bhus doidhéinmhe 'na dhiaidh;
aoinfhear do chách mar do chóidh
sgáth ar fhóir Ghaoidheal le a ngliaidh.



40. Tús dá fhoghlaidh i n-iath Ír,
- nár ba foghlaidh Dia 'na dhiaidh -
do bhíodh ós cách in gach céim;
níor ghnáth béim dá ghníomh i ngliaidh.



41. Sliocht Bhriain Bhallaigh níor dhíon dóibh
a ngalaigh ar ghníomh a shluaigh;
's níor bh'fheirrde i dtealaigh dá dtóir;
fóir Eilge um cheanaibh do chuaidh.


L. 42


42. Áird Uladh d'argain dá fhéin
curadh do árdaigh a n-uaill;
easbhaidh daoine a theacht don tóir
ó neart slóigh an taoibhe thuaidh.



43. ... a chrodh do chuaidh
fá ... ar ndul dáibh
ag dul ann ní bearar béim
d'fhéin na hEaradh i n-am áigh.



44. Tar Drobhaois tar Sligigh siar
gan shlighidh rochaoil 'na raon,
tug iarraidh ar ndíol na ndámh,
a lán díobh triallaidh re a thaobh.



45. Baile an Mhúta adhnaidh uaidh
gan adhbhaidh dúnta 'na dhiaidh;
comha is í dá déanamh dhóibh
fóir Sgí ní ghéabhadh gan gliaidh.



46. Dún Mheic Fheórais airgthear uaidh;
- go ndaingne seólais tar sáil -
beag da bhfoghlaibh san tír thiar
is riar síl Olbhair an áigh.



47. Taibhgheóir a ndíola don dáimh
ó daighLeóid le díorma a shlóigh;
go bhfuair troimriar as gach taoibh
maoir uaidh fán gCorrshliabh do chóidh.



48. Fir Chonnacht mar do an uaidh
a gcrodh ar sgolaibh do sgaoil;
lorg a fhaghla tré Áth Luain
sgáth uaidh mar tharla ar gach taoibh.


L. 44


49. Tugsad dá gcreachaibh ar gclódh
curaidh ba deacair do dhíol;
fáth daingin níor bh' fheirrde uadh
sluagh Eilge ó Ghaillimh dá ghníomh.



50. Sé an tan-soin dá dtaobhadh tóir
dá ghasraidh níor bhaoghal béim;
Goill fá Eas Dara 'na dhiaidh
treas do ghliaidh nách rabha réidh.



51. Groighe ó Chonnachtaibh ar gcúl
- Conallaigh do roinne a ríomh -
tug do dháimh daoineallach uadh
's buar Baoigheallach dháibh mar dhíol.



52. Crodh Bóghaineach d' éigsibh uaidh
dá óroineach ní hé a-mháin,
ní thug ar ais uatha féin
réir 's na tuatha lais do láimh.



53. Crodh Fánad i ndíol na ndámh
síol nDálaigh do loc a luadh;
siris an deóraidh do dhíol
díon ag Inis Eóghain uadh.



54. A bhfuair riamh mun ráith-sin Ír
do riar buair nó d'fháinnibh óir
- gan áireamh ar chrodh do chléir -
ag réir sgol do dháileadh dhóibh.



55. Caithréim Mheic Leóid ceann i gceann
breith a eóil níor fhaisnéis ghann;
ní cheilim-se lorg a long
tar bord tonn geilInse Gall.


L. 46


56. Tar éis teachta ó Tholaigh Ír
téid orthaibh le healta slóigh;
fine Domhnaill san taobh thuaidh
níor shaor buain dá dhoghraing dhóibh.



57. Sluagh go dTrontarnais ag triall uaidh
ag móirchreachadh . . .
a bhiodhbha tarla re a thaoibh,
raoin fhaghla is iomdha ar a húir.



58. Dún Tuilm dá cheanaibh ní chéal
deabhaidh a chuilg ar a chúl;
grís do chur don fhaithche uadh
smual dá aithle ag dul don dún.



59. Meinic a hUibheast le a fhéin
an bhuidhean le a mbeirthi buaidh,
creacha troma ag teacht i dtír;
tar neart síl gColla do chuaidh.



60. Ar éigin nochar ghon i ngleódh
as a los ní léigthi uadh
d'fhior eólais ar mbreith fán mbiadh;
do-chiam creich Leódhais gan bhuadh.



61. D'fhoiléim a ghasradh i ngliaidh
fá oiléan ealta bhiodh uaidh,
do chuir mar tharadh i dtráigh
fuil cháigh fá chaladh an chuain.



62. Sléibhte fá a gceanaibh do chuaidh,
ón gcéidchion ní dheachaidh dhíbh;
beag do sgíos fhaghla ar a fhéin,
fá a gcíos féin tarla 'na dtír.


L. 48


63. Adhaint uatha ar lar an laoi
ar dtabhairt cuarta um chlár Sgí,
amhlaidh soin do b'fhuaire é
sé uaidhe gan bhoin do bhí.



64. A ruaig chobhlaigh ar Chloinn Eóin
ar tonnmhuir do bhoing dá mbrígh;
beag ba leanta líon a shlóigh
níor dhíon dóibh a dteachta i dtír.



65. Inse Gall fá guais a bhrath,
a shluaigh meisde an t-am do leath;
gur dheónaigh Dia an deadhail mhoch;
fá Loch Feabhail cia nár chreach.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services