Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Unpublished Gaelic Poetry III
Title
Unpublished Gaelic Poetry III
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Watson, W.J.
Composition Date
1645
Publisher
(Aberdeen: University of Aberdeen, 1927)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
1. Mór mo mholadh ar mhac Cholla na ccerd gaisgidh; dar lemsa budh tráth da thuigsin, cách da chlaisdin. 2. Cách da chlaisdin ar fhedh Alban mar fheidhm n-onchoin; mó a leisge a n-ágh ar a ionchuibh nó a ttráigh thorchuir. 3. Fir Alban ar fhaonnal madhma ó mhaicne Cholla; iomdha ann iatha gan urra, triatha troma. 4. Iomdha cúirte fása foilbhe fedh gach n-oirir; dúthchus do shíol Airt an fhoghuil cairt an chloidhimh. 5. Cairt an chloidhimh dhóibh as dúthchus don droing dhána; minic chuirid síos gan séla cíos is cána. 6. Cíos is cána ar úrleith Alban aimsir oile, biaidh sin ag an droing mur dhlighe nó an roinn roimhe.
7. Sgaoiltech uatha ar fheruibh Alban d'éis gach ágha, a leith an cheirt is na córa, 's ní ar bheirt bhágha. 8. Ní ar bheirt bhágha acht ar chruas ccroidhe ag cur comhluinn cuid dob ferr da n-eighrecht inghill deighshliocht Domhnuill. 9. Ógradh uaisle aicme Cholla, cia dar choimes? fir Alban gan chlú mur chinneas, ní rú roinnes.
Agus ní roinn chomhthrom do-rinnedur Fir Alban eidir iad féin agus armailte an ríogh .i. do thairrngedur a sluaigh agus a sochuidhe d'aontaobh chuca féin agus nír fhágbhadur don leith eile acht fíorbhegán do shenfholuibh uaisle arda ionnarpach, agus buaidh agus brisedh aca orrasan 790 gach énlá troda agus tegmhála; agus gé nemhchomhthrom an roinn sin, ní nemhchomhthruime é nó aonaracht an chait agus é ag cogadh a n-aghaidh na luchóg, agus maidhm agus marbhadh aige orrthuibh gach énlá, agus iad féin líonmhur léirthionóil ingach áit agus ingach ionadh. Agus do chualamur sgél fabhuill ar n-a chuma do shenughdaruibh eólghusach .i. lá coinne agus coimhthionóil dar cruinnedur na luchóga do thecht ar macghníomharthuibh an chait, adubhradur gur thár agus gur tharcuisne dhóibh énbhethadhach
baothléimnech barbarda do bhreith buadha agus brisidh orra gach énlá agus gan nert aca díoghaltus do dhénamh air. Adubhuirt cách go coitchenn gur bhfíor sin, agus adubhuirt an cuid ba glioca agus ba gaosmhuire dhíobh nach roibhe do mhisnech ionnta féin lá troda do thabhairt dhó, giodhedh, go ccumdís gliocus agus gérinnlecht chuige do choimédadh iad féin air .i. go solárdís cluigín caintech ceoilbhinn chuirdís fá bhrághuid an chait, ionnus nach bhfédadh léimnech no lúthmhuirecht gan fhios dóibh do dhénamh, agus go mbiodh faill teithimh aca féin uadha. Do mholadur cách an chomhairle sin go coitchenn agus do sgaoil- edur do shiredh agus do sholáthar an chluigín nogo bhfuaradh é; agus do rinnedur tinól agus tiomsughadh as mó dob éidir leó do dhénamh fá choinnimh an cluigín sin do chur, agus tángadur go haonmhaighin agus adubhuirt an tí ba dána agus ba deghlabharta dhíobh: A chuidechta mhaith, ar sé, atá an cluigín ann so, agus cia chuirfes an 789 cluigín? Do luigh socht mór orra uime sin, agus is í chomhairle ar ar chinned leó sgaoiledh ó cheile agus an cluigín d'fágbháil gan chur, agus ó sin atá an senfhocal .i. cia chuiris an cluigín? Agus is cosmhail sin re harmailt Fher Alban, .i. a ndiaigh an chédmhachaire do chúr orra, tionóilid a urad 'na dhó chum an athmhachaire do chur, agus aderuid nach ionann dóibh a lá sin agus a lá roimhe, agus go marbhtur leó an begán sin d'uaislibh Gaoidhiol Eireinn agus Alban, agus go dearbhtha go benuid a chenn d'Alasdair mac Cholla, agus maoidhid na móréchta sin sul fá ndéntur iad, agus ar ttecht do láthair dhóibh a ccenn machaire do chúr, féchuid ar an bhegán armailte sin ar a rabhadar ag dímes roimhe sin, agus do chíd fraoch agus fíoch a bfeirge ag at agus ag fhás agus a menma agus a móraignedh no mórfhola agus na mórurruidhedh ag médughadh, agus cródhacht agus calmacht a ccomanndar agus a n-oifigech arna n-innledh agus arna n-egur, agus luidhfidh socht mór orra, agus is í comhairle tiocfus as sin a ccúl do thabairt risna huaislibh sin agus fulang a marbhtha agus a millte leó mur do níd na luchóga, acht gur mhesa iadsan go mór, go tteithid na luchóga go clisde da pollaibh bega féin; agus ní mur sin dóibhsen, an chuidechta
modorrdha mísgiamhach, tuitid ar aonláthair agus fágbhuid an cluigín gan chur .i. aní fá ttángadur.
10. Ag sin aguibh cur an cluigín fán chat ccródha, ionann is maoidhemh Ghall gruama fá am n-óla 788. 11. Níor dhíol échta d'uaislibh Gaoidhiol a gleó gormlann, daosgurshluagh Gall le nert n-anbhann nár chlecht comhlann. 12. Fuil ríoghraidhe ar fiuchadh feirge fuairfed d'édáil; tug sin asda cerca is cábóin: a n-echtra as égcáir. 13. Ní hionann an bhuighen bholgmhor ar bhruach mberna, 's na Gaoidhil ghasda Chlár Connla is ó thrágh Temhra.
14. Gaoidhil Éireann ocus Alban aimsir oile, ionann a bfrémha is a bfine: sgéla ar sgoile. 15. Sgéla ar sgoile is ughdar eólach d'fhios gach aoinfhir, 's ar chóir don dá dhroing do dhénamh, Goill is Gaoidhil. 16. Fuair Gaoidhil geall gach gaisgidh ar ghort gábhuidh; ní hionann sliochtchroinn a síodhuibh is cniochtghoill cháluidh. 17. Ní samhuil seabhuic is ealta re huair bfeirge; tric a ccenn chatha gan chairde a ndatha a ndeirge. 18. Sgíthe a lámha ar luas a ledradh léir ar lannuimh; a ngruadha datha a ndiaidh a ndonnuidh a ngliaidh ar Ghalluibh. 19. Cuiléin shaora chloinne Cholla cleachtuid doghroinn; tigherna óg fhréimhe Raghnuill, céile comhloinn. 20. Fuair se ligedh a láibh sealga, seal re síoraoibh;
do chuir náimhde go glóir ghlémhin: dhóibh is díomhaoin.
Agus is díomhaoinech an bethadhach beg baoth an damhán allaidh, agus gurab le gliocus agus le gérinnlecht do ní sé a ordughadh 787 más fíor dhó féin .i. tairngidh sé líon gacha taoibhe dhé féin, agus do-ní sé sin go daingen dobhrisde go bfios dó féin, agus gabhuidh sé a lán do chuilóguibh bega gan éfecht ann, agus biaidh dóchus mór aige as féin agus as a líon lán cuilóg, agus ar an bpoinc sin féin tiocfuidh sran gaoithe agus ní bhia fios cáit a mbí sé féin nó a chuid cuilóg, agus an uair do-gheibh sé ciuine 'na dhiaigh sin, buailidh sé fán inneal cédna do dhenumh, agus tairngidh sé líon as láidire nó an líon roimhe, agus as mó thuillfes ann, agus biaidh dóchus mór aige as féin ní as mó nó do bhí aige roimhe; agus an uair shaoilfes sé féin do bheith comhláidir agus comhlíonmhor (agus) bhus mian leis, tiocfuidh sithedh gaoithe gailbhighe chúige ar a nós cédna agus fuaduigher é féin agus brisder agus millter a líon agus a chuid cuilóg le silledh na súla. Agus gé díomhaoinech an bethadhach beg sin, go bfios damhsa nach díomhaoinighe é nó ginarail armailte Fher Alban, agus is rocosmail a n-ordughadh re chéile .i. a ndiaidh gach énmachaire do dhul air, do thionóil sé gach aonduine da raibhe ar (a) chomus an Albain dochum an mhachaire dhéighenuigh-sin Chinn Saighde a ndóchus go ccuirfedh metacht agus mílaochacht ar cách fá mhóran d'fhaigsin fá coinnimh; agus ní mar sin dóibh, acht do mhéduigh a menma fá 'n iomarcaidh d'fhaigsin, agus do arduigh a n-aignedh agus do chruadhuigh a ccroidhedha lán do neimh agus do 786 námhadus agus d'feirg do bhrígh a n-uaisle agus a n-ardfholuidhecht tar chlan- nuibh barún agus bodach; agus ar ndul do chóir a chéile go ttugadar na h-uaisle agus na h-ardfhlatha-sin agus a ccuidecht ar aon rian leó sithimh sanntach agus ruathar nertmar d'ionnsuighe a námhad, agus
dar ndóigh ní diomhbhuaine líon an damháin allaidh ó ghaoith ghailbhigh no na sluaighte móra sin ó armailte an rí annsa mhachair sin.
21. Líon diombuan an damháin allaidh re h-ucht n-anfuidh, ní buaine sluagh sínte ar tulchuibh mílte marbhthuir. 22. Tigid chuca dána diomsach dian na dronga, 's ní fuilngid radharc gach renna acht amarc orra. 23. Ní anuid re fraoch a bfeirge d'fhás re bfaigsin; maith an díol tnúidhe don toisg-sin glúine an ghaisgidh. 24. Da mhéd . . . ccuirter fa ccoinnimh ar chúl mberna; buighen as óige is os ullmha, móide a menma. 25. Cuirp ina ttuar sínte ar sléibhtibh, siad gan saoirdhreach, do fhág bannála Ghall gruaidhfhliuch, 's ní hann aoibhnech.
26. Ní raibhe a ccríochuibh úr Alban a n-ágh da n-anuid, mur tigdís ann acht na huruid, Gall ar nach gabhuid. 27. Níorbh urra d'éirghe 'n a n-aghaidh iad 's níorbh iongnadh, mur dhén an drem adubhradh feall nó fionghal.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services