1. Mór mo mholadh ar mhac Cholla
na ccerd gaisgidh;
dar lemsa budh tráth da thuigsin,
cách da chlaisdin.
2. Cách da chlaisdin ar fhedh Alban
mar fheidhm n-onchoin;
mó a leisge a n-ágh ar a ionchuibh
nó a ttráigh thorchuir.
3. Fir Alban ar fhaonnal madhma
ó mhaicne Cholla;
iomdha ann iatha gan urra,
triatha troma.
4. Iomdha cúirte fása foilbhe
fedh gach n-oirir;
dúthchus do shíol Airt an fhoghuil
cairt an chloidhimh.
5. Cairt an chloidhimh dhóibh as dúthchus
don droing dhána;
minic chuirid síos gan séla
cíos is cána.
6. Cíos is cána ar úrleith Alban
aimsir oile,
biaidh sin ag an droing mur dhlighe
nó an roinn roimhe.
7. Sgaoiltech uatha ar fheruibh Alban
d'éis gach ágha,
a leith an cheirt is na córa,
's ní ar bheirt bhágha.
8. Ní ar bheirt bhágha acht ar chruas ccroidhe
ag cur comhluinn
cuid dob ferr da n-eighrecht inghill
deighshliocht Domhnuill.
9. Ógradh uaisle aicme Cholla,
cia dar choimes?
fir Alban gan chlú mur chinneas,
ní rú roinnes.
Agus ní roinn chomhthrom do-rinnedur Fir Alban eidir iad
féin agus armailte an ríogh .i. do thairrngedur a sluaigh agus a
sochuidhe d'aontaobh chuca féin agus nír fhágbhadur don leith
eile acht fíorbhegán do shenfholuibh uaisle arda ionnarpach,
agus buaidh agus brisedh aca orrasan 790 gach énlá troda agus tegmhála;
agus gé nemhchomhthrom an roinn sin, ní nemhchomhthruime
é nó aonaracht an chait agus é ag cogadh a n-aghaidh na luchóg,
agus maidhm agus marbhadh aige orrthuibh gach énlá, agus iad féin
líonmhur léirthionóil ingach áit agus ingach ionadh. Agus
do chualamur sgél fabhuill ar n-a chuma do shenughdaruibh
eólghusach .i. lá coinne agus coimhthionóil dar cruinnedur na
luchóga do thecht ar macghníomharthuibh an chait,
adubhradur gur thár agus gur tharcuisne dhóibh énbhethadhach
baothléimnech barbarda do bhreith buadha agus brisidh orra gach
énlá agus gan nert aca díoghaltus do dhénamh air. Adubhuirt
cách go coitchenn gur bhfíor sin, agus adubhuirt an cuid ba
glioca agus ba gaosmhuire dhíobh nach roibhe do mhisnech ionnta
féin lá troda do thabhairt dhó, giodhedh, go ccumdís gliocus agus
gérinnlecht chuige do choimédadh iad féin air .i. go solárdís
cluigín caintech ceoilbhinn chuirdís fá bhrághuid an chait,
ionnus nach bhfédadh léimnech no lúthmhuirecht gan fhios
dóibh do dhénamh, agus go mbiodh faill teithimh aca féin uadha.
Do mholadur cách an chomhairle sin go coitchenn agus do sgaoil-
edur do shiredh agus do sholáthar an chluigín nogo bhfuaradh é;
agus do rinnedur tinól agus tiomsughadh as mó dob éidir leó do
dhénamh fá choinnimh an cluigín sin do chur, agus tángadur go
haonmhaighin agus adubhuirt an tí ba dána agus ba deghlabharta
dhíobh: A chuidechta mhaith, ar sé, atá an cluigín ann so,
agus cia chuirfes an 789 cluigín? Do luigh socht mór orra uime
sin, agus is í chomhairle ar ar chinned leó sgaoiledh ó cheile agus an
cluigín d'fágbháil gan chur, agus ó sin atá an senfhocal .i. cia
chuiris an cluigín?
Agus is cosmhail sin re harmailt Fher Alban, .i. a ndiaigh an
chédmhachaire do chúr orra, tionóilid a urad 'na dhó chum an
athmhachaire do chur, agus aderuid nach ionann dóibh a lá sin agus a
lá roimhe, agus go marbhtur leó an begán sin d'uaislibh Gaoidhiol
Eireinn agus Alban, agus go dearbhtha go benuid a chenn
d'Alasdair mac Cholla, agus maoidhid na móréchta sin sul fá
ndéntur iad, agus ar ttecht do láthair dhóibh a ccenn machaire do
chúr, féchuid ar an bhegán armailte sin ar a rabhadar ag dímes
roimhe sin, agus do chíd fraoch agus fíoch a bfeirge ag at agus ag fhás agus
a menma agus a móraignedh no mórfhola agus na mórurruidhedh ag
médughadh, agus cródhacht agus calmacht a ccomanndar agus a n-oifigech
arna n-innledh agus arna n-egur, agus luidhfidh socht mór orra, agus is í
comhairle tiocfus as sin a ccúl do thabairt risna huaislibh sin
agus fulang a marbhtha agus a millte leó mur do níd na luchóga, acht
gur mhesa iadsan go mór, go tteithid na luchóga go clisde da
pollaibh bega féin; agus ní mur sin dóibhsen, an chuidechta
modorrdha mísgiamhach, tuitid ar aonláthair agus fágbhuid an
cluigín gan chur .i. aní fá ttángadur.
10. Ag sin aguibh cur an cluigín
fán chat ccródha,
ionann is maoidhemh Ghall gruama
fá am n-óla 788.
11. Níor dhíol échta d'uaislibh Gaoidhiol
a gleó gormlann,
daosgurshluagh Gall le nert n-anbhann
nár chlecht comhlann.
12. Fuil ríoghraidhe ar fiuchadh feirge
fuairfed d'édáil;
tug sin asda cerca is cábóin:
a n-echtra as égcáir.
13. Ní hionann an bhuighen bholgmhor
ar bhruach mberna,
's na Gaoidhil ghasda Chlár Connla
is ó thrágh Temhra.
14. Gaoidhil Éireann ocus Alban
aimsir oile,
ionann a bfrémha is a bfine:
sgéla ar sgoile.
15. Sgéla ar sgoile is ughdar eólach
d'fhios gach aoinfhir,
's ar chóir don dá dhroing do dhénamh,
Goill is Gaoidhil.
16. Fuair Gaoidhil geall gach gaisgidh
ar ghort gábhuidh;
ní hionann sliochtchroinn a síodhuibh
is cniochtghoill cháluidh.
17. Ní samhuil seabhuic is ealta
re huair bfeirge;
tric a ccenn chatha gan chairde
a ndatha a ndeirge.
18. Sgíthe a lámha ar luas a ledradh
léir ar lannuimh;
a ngruadha datha a ndiaidh a ndonnuidh
a ngliaidh ar Ghalluibh.
19. Cuiléin shaora chloinne Cholla
cleachtuid doghroinn;
tigherna óg fhréimhe Raghnuill,
céile comhloinn.
20. Fuair se ligedh a láibh sealga,
seal re síoraoibh;
do chuir náimhde go glóir ghlémhin:
dhóibh is díomhaoin.
Agus is díomhaoinech an bethadhach beg baoth an damhán
allaidh, agus gurab le gliocus agus le gérinnlecht do ní sé a ordughadh
787 más fíor dhó féin .i. tairngidh sé líon gacha taoibhe dhé
féin, agus do-ní sé sin go daingen dobhrisde go bfios dó féin, agus
gabhuidh sé a lán do chuilóguibh bega gan éfecht ann, agus biaidh
dóchus mór aige as féin agus as a líon lán cuilóg, agus ar an bpoinc sin
féin tiocfuidh sran gaoithe agus ní bhia fios cáit a mbí sé féin nó
a chuid cuilóg, agus an uair do-gheibh sé ciuine 'na dhiaigh sin,
buailidh sé fán inneal cédna do dhenumh, agus tairngidh sé líon
as láidire nó an líon roimhe, agus as mó thuillfes ann, agus biaidh
dóchus mór aige as féin ní as mó nó do bhí aige roimhe; agus an
uair shaoilfes sé féin do bheith comhláidir agus comhlíonmhor (agus)
bhus mian leis, tiocfuidh sithedh gaoithe gailbhighe chúige ar
a nós cédna agus fuaduigher é féin agus brisder agus millter a líon agus a
chuid cuilóg le silledh na súla. Agus gé díomhaoinech an
bethadhach beg sin, go bfios damhsa nach díomhaoinighe é nó
ginarail armailte Fher Alban, agus is rocosmail a n-ordughadh re
chéile .i. a ndiaidh gach énmachaire do dhul air, do thionóil
sé gach aonduine da raibhe ar (a) chomus an Albain dochum an
mhachaire dhéighenuigh-sin Chinn Saighde a ndóchus go
ccuirfedh metacht agus mílaochacht ar cách fá mhóran d'fhaigsin
fá coinnimh; agus ní mar sin dóibh, acht do mhéduigh a menma
fá 'n iomarcaidh d'fhaigsin, agus do arduigh a n-aignedh agus do
chruadhuigh a ccroidhedha lán do neimh agus do 786 námhadus
agus d'feirg do bhrígh a n-uaisle agus a n-ardfholuidhecht tar chlan-
nuibh barún agus bodach; agus ar ndul do chóir a chéile go ttugadar
na h-uaisle agus na h-ardfhlatha-sin agus a ccuidecht ar aon rian leó
sithimh sanntach agus ruathar nertmar d'ionnsuighe a námhad, agus
dar ndóigh ní diomhbhuaine líon an damháin allaidh ó ghaoith
ghailbhigh no na sluaighte móra sin ó armailte an rí annsa
mhachair sin.
21. Líon diombuan an damháin allaidh
re h-ucht n-anfuidh,
ní buaine sluagh sínte ar tulchuibh
mílte marbhthuir.
22. Tigid chuca dána diomsach
dian na dronga,
's ní fuilngid radharc gach renna
acht amarc orra.
23. Ní anuid re fraoch a bfeirge
d'fhás re bfaigsin;
maith an díol tnúidhe don toisg-sin
glúine an ghaisgidh.
24. Da mhéd . . . ccuirter fa ccoinnimh
ar chúl mberna;
buighen as óige is os ullmha,
móide a menma.
25. Cuirp ina ttuar sínte ar sléibhtibh,
siad gan saoirdhreach,
do fhág bannála Ghall gruaidhfhliuch,
's ní hann aoibhnech.
26. Ní raibhe a ccríochuibh úr Alban
a n-ágh da n-anuid,
mur tigdís ann acht na huruid,
Gall ar nach gabhuid.
27. Níorbh urra d'éirghe 'n a n-aghaidh
iad 's níorbh iongnadh,
mur dhén an drem adubhradh
feall nó fionghal.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11