Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Irish-Gaelic Poem on the Montrose Wars
Title
An Irish-Gaelic Poem on the Montrose Wars
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Flower, Robin
Composition Date
1645
Publisher
(Aberdeen: University of Aberdeen, 1926)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Beid mar do bhádar roimhe clann Domhnaill fhóid Iughoine, laoich gan chruas nach beag buidhne, suas gan chead don Chomhairle. An lá is lugha an laochradh lonn, síol cColla na ccéd ccomhlann, cath nó a chló an chlann chneasghlan is ann is mho a meisneachsan. Atá óigthriath uaisdibh sin fhóirfeas cruadhchás a chinidh, féinnidh ghlacfas cóig comha, Marcas an fhóid Aontromha. Dá choiméd ar tír 's ar tuinn dá láimh Mhuire um mac Raghnuill, soillse síosa is áigh eisean, is dá láimh Íosa uimesean.
Gi bé cúis i ccuirfe a láimh a Íosa iodhain iomláin 's a righ fhoirfe let fhoghar bí coidhche da chríochnughadh. Maith cédchuairt Í Cholla Uais dár ghabh a los a lánluais long nách gébhadh aon eile tréndamh mar Aodh Oirdneidhe. Claoidhfidh rea nert a námhuid beid na bhfuigheall fanámhuid Duibhnigh . . . a ccloinne fa bharr doilghe is doghrainne. A rígh na grás glac a sdiúir bí roimhe ag dénamh deighiúil múin, a fhlaith na naomh, anos gach raon bhus maidh don Mharcos. Ó do fhóiris gach am air ó tháinig tús an chogaidh ainic, a Dhé neamhdha, aniugh é agus a ealbha fhéinneadh. Dá fpircéd fhlatha Line 's a bhfuil inntibh d' áirighthe fóir ar ghluais gaoithe is tuinne nách gluais maoithe ar menmuinne. Nó go ndíoghla ceana a ccath díbirt is annró Ultach crú na ríogh dár Áí Teamhair bí dá dhíon a dhúileamhain.
Sdiúir, a Dhé, an luingse tar lear na bhfuil ardfhuil fhóid Ghaoidheal bhacfas a buing rea beannuibh Marcas an fhuinn Éireannaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services