Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Irish-Gaelic Poem on the Montrose Wars

Title
An Irish-Gaelic Poem on the Montrose Wars
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Flower, Robin
Composition Date
1645
Publisher
(Aberdeen: University of Aberdeen, 1926)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Beid mar do bhádar roimhe
clann Domhnaill fhóid Iughoine,
laoich gan chruas nach beag buidhne,
suas gan chead don Chomhairle.



An lá is lugha an laochradh lonn,
síol cColla na ccéd ccomhlann,
cath nó a chló an chlann chneasghlan
is ann is mho a meisneachsan.



Atá óigthriath uaisdibh sin
fhóirfeas cruadhchás a chinidh,
féinnidh ghlacfas cóig comha,
Marcas an fhóid Aontromha.



Dá choiméd ar tír 's ar tuinn
dá láimh Mhuire um mac Raghnuill,
soillse síosa is áigh eisean,
is dá láimh Íosa uimesean.


L. 116


Gi bé cúis i ccuirfe a láimh
a Íosa iodhain iomláin
's a righ fhoirfe let fhoghar
bí coidhche da chríochnughadh.



Maith cédchuairt Í Cholla Uais
dár ghabh a los a lánluais
long nách gébhadh aon eile
tréndamh mar Aodh Oirdneidhe.



Claoidhfidh rea nert a námhuid
beid na bhfuigheall fanámhuid
Duibhnigh . . . a ccloinne
fa bharr doilghe is doghrainne.



A rígh na grás glac a sdiúir
bí roimhe ag dénamh deighiúil
múin, a fhlaith na naomh, anos
gach raon bhus maidh don Mharcos.



Ó do fhóiris gach am air
ó tháinig tús an chogaidh
ainic, a Dhé neamhdha, aniugh
é agus a ealbha fhéinneadh.



Dá fpircéd fhlatha Line
's a bhfuil inntibh d' áirighthe
fóir ar ghluais gaoithe is tuinne
nách gluais maoithe ar menmuinne.



Nó go ndíoghla ceana a ccath
díbirt is annró Ultach
crú na ríogh dár Áí Teamhair
bí dá dhíon a dhúileamhain.


L. 117


Sdiúir, a Dhé, an luingse tar lear
na bhfuil ardfhuil fhóid Ghaoidheal
bhacfas a buing rea beannuibh
Marcas an fhuinn Éireannaigh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services