Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dán ar an Chléir i bPríosún i mBaile Átha Cliath - 1708
Title
Dán ar an Chléir i bPríosún i mBaile Átha Cliath - 1708
Author(s)
Ó Neachtain, Seán,
Compiler/Editor
Ó Fiaich, Tomás
Composition Date
1708
Publisher
(B.Á.C.: Browne & Nolan Ltd., 1958)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N RepNov2 172-184} {L 181} {B 1708c 18T} {G L} {U 0211} {C Fil.} {M 8} Tabhair mo bheannacht a phaipeir Don chliar láin-eagnaigh eolgaigh, Atá fo ghlas an Mhadaidh Is fagh a mbeannacht san dóinne. Tabhair beannacht tre dhuthracht Foraid Bhrúnaigh an chlaidhimh Ar son nach bhfuil mar chairneach Is fearr ná táinte a bheannacht. Ó nach dtuigeann an Díomsach Teanga dhílis mo mháthar, I nGaedhil
fudar fadar Tabhair beannacht don Phater. Tabhair mo bhlessing dó-san Inis dó fós gur táim-se Tríd seisean lán moaning Shedding deora mar sáile. Gheabhair blessing 'na mhalairt Sílim-se 's maith an connradh, 'S fearr aon bhlessing le seisean Ná míle blessing liom-sa.
An tAthair dílis Mac Aodhagáin Tá mo ghéar-ghrádh 'tál air, Ní shílim lena bheannacht Nach bhfuighe peacach párrthas. An flaith fír-ghlic Ceallachán I mbruid is dian-chrádh linne, Tabhair beannacht uaidh-sean Is beannacht uainne chuige. Ruaidhrí an seancha saobhdha Ghoireas Daoire dhíom-sa, Daoire a bheith in ionad Táffa Is leor mar adhbhar iongna. Má's tre mar racaim earradh Do bheir an flaith an tár so Ní bheith féin ní bhus saoire Ag a díol mar atáimse. Ar a shon so ná dearmad 'Fhaghail mar almsa dhúinne Lán beannacht os an tsaoi-si Is beannacht Chríost dá chumhdach. Beannacht go Pol Mac Crosain An flaith bhus folláin crábhadh, An Pol bhus crodha seasamh Mar Phol apstoil i ngábhadh.
Beannacht an Phoil-si dhamhsa Fagh le h-annsacht, a litir, 'S ní h-amhras mé go saorfadh Ó uilc daonda is spiorad. Ceangal Monuar an aicme reachtmhar reidh-cheart cóir Go cruadh i nglas san Mhada mheighleach mhóir, Bualadh, basgadh, ladar, léir is cró Ar shluagh na Sacsan 's mallacht Dé go deoigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services