Tabhair mo bheannacht a phaipeir
Don chliar láin-eagnaigh eolgaigh,
Atá fo ghlas an Mhadaidh
Is fagh a mbeannacht san dóinne.
Tabhair beannacht tre dhuthracht
Foraid Bhrúnaigh an chlaidhimh
Ar son nach bhfuil mar chairneach
Is fearr ná táinte a bheannacht.
Ó nach dtuigeann an Díomsach
Teanga dhílis mo mháthar,
I nGaedhil<g> fudar fadar
Tabhair beannacht don Phater.
Tabhair mo bhlessing dó-san
Inis dó fós gur táim-se
Tríd seisean lán moaning
Shedding deora mar sáile.
Gheabhair blessing 'na mhalairt
Sílim-se 's maith an connradh,
'S fearr aon bhlessing le seisean
Ná míle blessing liom-sa.
An tAthair dílis Mac Aodhagáin
Tá mo ghéar-ghrádh 'tál air,
Ní shílim lena bheannacht
Nach bhfuighe peacach párrthas.
An flaith fír-ghlic Ceallachán
I mbruid is dian-chrádh linne,
Tabhair beannacht uaidh-sean
Is beannacht uainne chuige.
Ruaidhrí an seancha saobhdha
Ghoireas Daoire dhíom-sa,
Daoire a bheith in ionad Táffa
Is leor mar adhbhar iongna.
Má's tre mar racaim earradh
Do bheir an flaith an tár so
Ní bheith féin ní bhus saoire
Ag a díol mar atáimse.
Ar a shon so ná dearmad
'Fhaghail mar almsa dhúinne
Lán beannacht os an tsaoi-si
Is beannacht Chríost dá chumhdach.
Beannacht go Pol Mac Crosain
An flaith bhus folláin crábhadh,
An Pol bhus crodha seasamh
Mar Phol apstoil i ngábhadh.
Beannacht an Phoil-si dhamhsa
Fagh le h-annsacht, a litir,
'S ní h-amhras mé go saorfadh
Ó uilc daonda is spiorad.
Ceangal
Monuar an aicme reachtmhar reidh-cheart cóir
Go cruadh i nglas san Mhada mheighleach mhóir,
Bualadh, basgadh, ladar, léir is cró
Ar shluagh na Sacsan 's mallacht Dé go deoigh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11