Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Nótaí ó'n gCéad Chath
Title
Nótaí ó'n gCéad Chath
Author(s)
Kunovalos,
Composition Date
1926
Publisher
by Permission of the Army Authorities
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
NÓTAÍ Ó'N gCÉAD CHATH. Ba mhaith liom a fhághailt amach cad é an fáth ná fuiltear ag leanúnt de na Comór- taisí eadar-Chomplacht sa Chath. An amhlaidh a cheapann Complacht “Bunáithe” go bhfuil an Craobh acu ar fad, ós rud é go bhfuil buaidhte acu ó Chomplacht “A”? An gceapann siad go bhfuil forlámhas déanta acu ar na Complachta uile dá réir sin? Címíd go bhfuil tosnú déanta chun an Mhirleáin a fhághailt ullamh “anois ar theacht an t-Samhraidh.” B'é an caitheamh- aimsire a bfhearr a bhí ann dos na h-oifigigh anuiridh, ach ní chuimhin liom, áfach, go raibh aon chomórtas ag lucht na mBatóg, eatorra féin. Ba cheart go mbéidís á gcur i gcóir ó'n lá so amach mar tá sé cinnte go mbeidh cineál comórtais ag lucht leanúna an Spóirt seo sa Roinn. Do réir mar chonac-sa anuiridh tógfadh sé imirtheóir maith chun buadhchaint ar an De Bálach. Cuirigidh bhúr “mbáiníní” go dtí an nigheachán chun a nighte go luath agus fághaidh ullamh in am. Cuimhnigidh gur leath na h-oibre, tosnú go tráthúl. Níor airigheas riamh gur chuireadh deire leis na gComórtaisí Táiplíse a bhí ar siúl le fada an lá i mbiadhlann na n-oifigeach. Cé an chaoi go ndeineann an Paorach amach go bhfuil sé 'na ghaisgidheach fós? Tá a lán cainnte na laetheannta so i dtaobh na Gaedhilge bheith éiginteach 'sna scoileannaibh ar fud na tíre. Tá a fhios againn go maith agus ní séantar ná ní dearmhadtar é, go bhfuil gach aon rud a déantar san Arm, éiginteach. Is beag nidh sa domhain faoi láthair ná fuil éigin- teacht ar chaoi éicint ag gábháil leis fiú amháin gnáth-obair an lae. Ní h-ionghnadh linn dá réir sin, an t-Órdú a thug an t-Oifigeach i gCeannas na Briogáide a dó, uaidh le déanaí go mbéadh sé éiginteach ar gach oifigeach a ainm do scríobh as Gaedhilge. Ní h-amháin an méid sin, ach caithfear có- fhreagartas oifigiúil uile na briogáide bheith sínithe agus seólta as Gaedhilge feasta, chómh maith le ainm an oifige nó Bunáit an Chatha a chuireann amach an có- fhreagartas a bheith scríbhte nó cló-bhuailte ar bhárr an laethanaigh. Is mór an congnamh an méid sin fhéin do chúis na Gaedhilge agus is maith ach má's maith nach mithid? Fé mar a dubhairt an tSeachtmhain seo caithte, ag cuir síos ar leabhraibh dom, bíonn chuile shaghas daoine ann go mbíonn dúil i léightheóireacht acu. B'féidir ná bh'oirfeadh an cineál céadna de litríocht do dhaoinibh áirithe agus a bh'oirfeadh do dhaoinibh eile, Is maith liom a rádh mar sin féin go bhfuil leabhair scríbhte as Gaedhilge atá oiriúnach chun freastail ar riachtanaisí gach aon saghas aigne d'á bhfuil ann. Ní dhéanfad-sa aon tagairt do leabhraibh teicniciúla annso go fóil. Tabharfad cuntas ar cuid acu-san i ndiaidh a chéile ar ball. Níl aon cóimhriar de rialacháin leogaithe síos maidir leis an slighe is fearr chun brigh agus tuigsint a thabhairt linn i gceart as an méid léighteóireacht atá déanta againn i dtreó is go mbeidh tairbhe éicint againn dá bhárr. Ta an méid seo soiléir go leór go h-áirithe go gcaithfear léigh- theóireacht de chineál éicint a bheith againn chun ár n-aigne d'fheabhsú. Dá bhrígh sin d'féadfaí a rádh gur maith an rud aon saghas léightheóireacht, is cuma cad é an módh 'na déintear í, pé áit — mar a deirtheá — ná fuil dlighe níl aon brise dlighe ann. Ar maidin mhoch, do shiúl' amach, An Saighdiúir groidhe, go h-éadtrom croidhe,’ Le 'n a mhuscaed deas, dá dtug sé meas 'Gus aire maith, é bheith gan salach. Bómait' de gáire, roimh dul ar Pháráid Nuair a cigfí go géar ó bhonn go méar. Nach cruaidh an cás, féasóg ag fás Ó'n oidhche airéir, go tiugh soiléir. Is mairg go deó, beidh fíonáil coróinn' De dheascaibh féasóig' nár bhearras sa ló. Do labhair an Captaen i bhfoclaibh cneasta Ar lochtaibh gléis, annso, annsúd, is treasna Agus d'fhiafruigh sé de 'm shaighdiúir glé, Mar seo, im' dhéidh, go gunta, réidh. A fhir na féasoig', innis gan gó, Cé an fáth go léir nár bhearrais tú féin, Roimh theacht ar chearnóg leis na gcéadta bhfear n-óg. “A dhuine uasail céime” d'fhreagar an saighdiúir é “Bhí an rásúr gan faobhar de mhianach ró-shaor, Ó'n arm a fuaradh, ní ghádh dom é luadh; Is feas do gach n-aon dínn, pé searbh an fhírinne Nach iontaobh aon nídh o láimh an tS'láth- ruidhe.” “KUNOVALOS.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services