Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nótaí ó'n gCéad Chath

Title
Nótaí ó'n gCéad Chath
Author(s)
Kunovalos,
Composition Date
1926
Publisher
by Permission of the Army Authorities

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


NÓTAÍ Ó'N gCÉAD CHATH.



Ba mhaith liom a fhághailt amach cad é an
fáth ná fuiltear ag leanúnt de na Comór-
taisí eadar-Chomplacht sa Chath. An amhlaidh
a cheapann Complacht “Bunáithe” go bhfuil
an Craobh acu ar fad, ós rud é go bhfuil
buaidhte acu ó Chomplacht “A”? An
gceapann siad go bhfuil forlámhas déanta
acu ar na Complachta uile dá réir sin?



Címíd go bhfuil tosnú déanta chun an
Mhirleáin a fhághailt ullamh “anois ar
theacht an t-Samhraidh.” B'é an caitheamh-
aimsire a bfhearr a bhí ann dos na h-oifigigh
anuiridh, ach ní chuimhin liom, áfach, go raibh
aon chomórtas ag lucht na mBatóg, eatorra
féin. Ba cheart go mbéidís á gcur i gcóir
ó'n lá so amach mar tá sé cinnte go
mbeidh cineál comórtais ag lucht leanúna
an Spóirt seo sa Roinn. Do réir mar
chonac-sa anuiridh tógfadh sé imirtheóir
maith chun buadhchaint ar an De Bálach.
Cuirigidh bhúr “mbáiníní” go dtí an
nigheachán chun a nighte go luath agus fághaidh
ullamh in am.



Cuimhnigidh gur leath na h-oibre, tosnú
go tráthúl.



Níor airigheas riamh gur chuireadh deire
leis na gComórtaisí Táiplíse a bhí ar siúl
le fada an lá i mbiadhlann na n-oifigeach.
Cé an chaoi go ndeineann an Paorach amach
go bhfuil sé 'na ghaisgidheach fós?



Tá a lán cainnte na laetheannta so
i dtaobh na Gaedhilge bheith éiginteach 'sna
scoileannaibh ar fud na tíre. Tá a fhios
againn go maith agus ní séantar ná ní
dearmhadtar é, go bhfuil gach aon rud a
déantar san Arm, éiginteach. Is beag
nidh sa domhain faoi láthair ná fuil éigin-
teacht ar chaoi éicint ag gábháil leis fiú
amháin gnáth-obair an lae. Ní h-ionghnadh
linn dá réir sin, an t-Órdú a thug an
t-Oifigeach i gCeannas na Briogáide a dó,
uaidh le déanaí go mbéadh sé éiginteach ar
gach oifigeach a ainm do scríobh as Gaedhilge.
Ní h-amháin an méid sin, ach caithfear có-
fhreagartas oifigiúil uile na briogáide
bheith sínithe agus seólta as Gaedhilge
feasta, chómh maith le ainm an oifige nó
Bunáit an Chatha a chuireann amach an có-
fhreagartas a bheith scríbhte nó cló-bhuailte
ar bhárr an laethanaigh. Is mór an congnamh
an méid sin fhéin do chúis na Gaedhilge
agus is maith ach má's maith nach mithid?



Fé mar a dubhairt an tSeachtmhain seo
caithte, ag cuir síos ar leabhraibh dom,
bíonn chuile shaghas daoine ann go mbíonn
dúil i léightheóireacht acu. B'féidir ná
bh'oirfeadh an cineál céadna de litríocht do
dhaoinibh áirithe agus a bh'oirfeadh do dhaoinibh
eile, Is maith liom a rádh mar sin féin
go bhfuil leabhair scríbhte as Gaedhilge
atá oiriúnach chun freastail ar riachtanaisí
gach aon saghas aigne d'á bhfuil ann. Ní
dhéanfad-sa aon tagairt do leabhraibh
teicniciúla annso go fóil. Tabharfad
cuntas ar cuid acu-san i ndiaidh a chéile
ar ball.



Níl aon cóimhriar de rialacháin leogaithe
síos maidir leis an slighe is fearr chun
brigh agus tuigsint a thabhairt linn i gceart
as an méid léighteóireacht atá déanta
againn i dtreó is go mbeidh tairbhe éicint
againn dá bhárr. Ta an méid seo soiléir
go leór go h-áirithe go gcaithfear léigh-
theóireacht de chineál éicint a bheith againn
chun ár n-aigne d'fheabhsú. Dá bhrígh sin
d'féadfaí a rádh gur maith an rud aon
saghas léightheóireacht, is cuma cad é an
módh 'na déintear í, pé áit — mar a deirtheá
— ná fuil dlighe níl aon brise dlighe ann.



Ar maidin mhoch, do shiúl' amach,
An Saighdiúir groidhe, go h-éadtrom
croidhe,’
Le 'n a mhuscaed deas, dá dtug sé meas
'Gus aire maith, é bheith gan salach.
Bómait' de gáire, roimh dul ar Pháráid
Nuair a cigfí go géar ó bhonn go méar.
Nach cruaidh an cás, féasóg ag fás
Ó'n oidhche airéir, go tiugh soiléir.
Is mairg go deó, beidh fíonáil coróinn'
De dheascaibh féasóig' nár bhearras sa ló.



Do labhair an Captaen i bhfoclaibh cneasta
Ar lochtaibh gléis, annso, annsúd, is
treasna
Agus d'fhiafruigh sé de 'm shaighdiúir glé,
Mar seo, im' dhéidh, go gunta, réidh.
A fhir na féasoig', innis gan gó,
Cé an fáth go léir nár bhearrais tú féin,
Roimh theacht ar chearnóg leis na gcéadta
bhfear n-óg.
“A dhuine uasail céime” d'fhreagar an
saighdiúir é
“Bhí an rásúr gan faobhar de mhianach
ró-shaor,
Ó'n arm a fuaradh, ní ghádh dom é luadh;
Is feas do gach n-aon dínn, pé searbh an
fhírinne
Nach iontaobh aon nídh o láimh an tS'láth-
ruidhe.”



“KUNOVALOS.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services