Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An t-ádh ar Hans (ar leanamhaint)
Title
An t-ádh ar Hans (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Patrisc, Seósamh,
Composition Date
1926
Publisher
by Permission of the Army Authorities
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN t-ÁDH AR HANS. (Ar Leanamhaint). D'fhan Hans ag féachaint air ar feadh tamaill, agus fé dheire ar sé leis, “ní foláir nó táir go maith as, a fhaobhruightheóir uasail, 's a rádh go bhfuilir chomh h-áthasach so a's tú ag obair.” “Seadh,” ars an faobhruightheóir, “go deimhin féin, is tairbheach mo cheárd-sa; ní bhíonn a phócaí folamh riamh ag an bhfaobh- ruightheóir mhaith:— acht cá bhfuairis ag gé breágh san?” “Níor cheannuigheas é, acht do dheineas muc do mhalairtiúghadh air.” “Agus cá bhfuairis an mhuc?” “Do thugas bó airthí?” “Agus an bhó?” “Do thugas capall airthí.” “Agus an capall?” “Do thugas píosa airgid a bhí chomh mór lem' cheann air sin.” “Agus an t-airgead?” “Ó do chaitheas seacht mbliadhna seirbhíse ag tuilleamh san.” “D'éirigh leat go maith sa tsaoghal go dtí seo,” ars an faobhruigtheóir, “anois dá mbeadh airgead agat ad' phóca uair ar bith a chuirfeá do lámh ann, do bheadh as séan ar fad agat.” “Tá sin ceart go leór; acht conus is féidir é sin do bhaint amach?” “Ní mór dhuit faobhruightheóir mar mise do dhéanamh díot féin,” ar seisean, “ní theastuigheann uait acht cloch fhaobhair, tioc- faidh an chuid eile dhuit i n-am. Seo ceann atá caithte beagán; ní iarrfainn breis ná luach do ghéadh airthí; an gceannóchaidh tú í?” “Mhuise, cad mar cheist í sin,” arsa Hans, “do bhéinn ar an t-é ba shona sa tsaoghal dá bhfuighinn an t-airgead am phóca pé uair a chuirfinn mo lámh ann; nár leór dhom san? seo dhuit an gé.” Do thug an faobhruightheóir dhó cloch chomónta gharbh a bhí ar an dtalamh le n-a ais. “Féach,” ar sé, “seo cloch tharr-bárr; níl agat le déanamh acht í d'oibriúghadh go cliste agus beidh ar do chumas faobhar do chur ar sheana-thairnge.” Do ghlac Hans an chloch, agus siúd leis go meidhreach; bhí a shúile ag deallramh, agus ar sé leis féin: “Ní foláir nó ba shona an uair 'nar rugadh mé; gach aon rud a bhíonn uaim nó a bhfuil fonn agam air, tagann sé dhom.” Le n-a linn seo bhí sé ag éirighe tuirseach mar do bhí sé ag siubhal ó bhreac an lae; bhí ocras air, leis, óir do bhí sé d'éis a phinginn dheireanach do thabhairt uaidh agus an bród a bhí air toisc an bhó d'fhagháil. Fé dheire níor fhéad sé dul níos sia, agus bhí an chloch 'ghá thnáthadh go mór; do shnáigh sé go dtí bruach an locháin, d'fhonn deoch uisge d'fhagháil, agus a scíth do leigint; do chuir sé an chloch go cúramach ar an mbruach le n-a ais; acht ar chromadh síos dó chun deoch a dh'ól, do dhearmaid sé an chloch, i dtreó is gur shunnc sé í, agus thuit sí isteach agus síos léi go dtí tón an locháin. D'fhan sé tamall ag féachaint airthí agus í ag dul i-n íochtar san uisge dhoimhin ghlan, annsan do léim sé 'na sheasamh le neart áthais, agus d'imthigh sé ar a ghlúinibh, agus é ag sileadh na ndeór, agus do thug sé a bhuidheachas do Dhia na bhFlaitheas, toisc gur árduigh Sé uaidh an t-aon bhuaidheart amháin a bhí air, i., an chloch ghránda throm. “Nach orm-sa atá an t-áthas!” ar sé, “ní raibh a leithéid de shéan ar aoinne beó riamh.” Annsan, d'éirigh sé 'na sheasamh go h-aedhreach croidhe-éadtromach, agus do shiúbhail sé leis, agus é sgartha le n-a bhuaidheartha uilig, nó gur shrois sé tigh a mháthar. SEÓSAMH Ó PAITRISC. (tuille le teacht).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services