Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An t-ádh ar Hans (ar leanamhaint)

Title
An t-ádh ar Hans (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Patrisc, Seósamh,
Composition Date
1926
Publisher
by Permission of the Army Authorities

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN t-ÁDH AR HANS.



(Ar Leanamhaint).



D'fhan Hans ag féachaint air ar feadh
tamaill, agus fé dheire ar sé leis, “ní
foláir nó táir go maith as, a fhaobhruightheóir
uasail, 's a rádh go bhfuilir chomh h-áthasach
so a's tú ag obair.”



“Seadh,” ars an faobhruightheóir, “go
deimhin féin, is tairbheach mo cheárd-sa;
ní bhíonn a phócaí folamh riamh ag an bhfaobh-
ruightheóir mhaith:— acht cá bhfuairis ag gé
breágh san?”



“Níor cheannuigheas é, acht do dheineas
muc do mhalairtiúghadh air.”



“Agus cá bhfuairis an mhuc?”



“Do thugas bó airthí?”



“Agus an bhó?”



“Do thugas capall airthí.”



“Agus an capall?”



“Do thugas píosa airgid a bhí chomh mór
lem' cheann air sin.”



“Agus an t-airgead?”



“Ó do chaitheas seacht mbliadhna seirbhíse
ag tuilleamh san.”



“D'éirigh leat go maith sa tsaoghal go
dtí seo,” ars an faobhruigtheóir, “anois
dá mbeadh airgead agat ad' phóca uair
ar bith a chuirfeá do lámh ann, do bheadh
as séan ar fad agat.”



“Tá sin ceart go leór; acht conus is
féidir é sin do bhaint amach?”



“Ní mór dhuit faobhruightheóir mar mise
do dhéanamh díot féin,” ar seisean, “ní
theastuigheann uait acht cloch fhaobhair, tioc-
faidh an chuid eile dhuit i n-am. Seo ceann
atá caithte beagán; ní iarrfainn breis ná
luach do ghéadh airthí; an gceannóchaidh
tú í?”



“Mhuise, cad mar cheist í sin,” arsa
Hans, “do bhéinn ar an t-é ba shona sa
tsaoghal dá bhfuighinn an t-airgead am
phóca pé uair a chuirfinn mo lámh ann;
nár leór dhom san? seo dhuit an gé.”



Do thug an faobhruightheóir dhó cloch
chomónta gharbh a bhí ar an dtalamh le n-a
ais.



“Féach,” ar sé, “seo cloch tharr-bárr;
níl agat le déanamh acht í d'oibriúghadh go
cliste agus beidh ar do chumas faobhar do
chur ar sheana-thairnge.”



Do ghlac Hans an chloch, agus siúd leis
go meidhreach; bhí a shúile ag deallramh,
agus ar sé leis féin: “Ní foláir nó ba
shona an uair 'nar rugadh mé; gach aon
rud a bhíonn uaim nó a bhfuil fonn agam
air, tagann sé dhom.”



Le n-a linn seo bhí sé ag éirighe tuirseach
mar do bhí sé ag siubhal ó bhreac an lae;
bhí ocras air, leis, óir do bhí sé d'éis a
phinginn dheireanach do thabhairt uaidh agus
an bród a bhí air toisc an bhó d'fhagháil.
Fé dheire níor fhéad sé dul níos sia, agus
bhí an chloch 'ghá thnáthadh go mór; do shnáigh
sé go dtí bruach an locháin, d'fhonn deoch
uisge d'fhagháil, agus a scíth do leigint;
do chuir sé an chloch go cúramach ar an
mbruach le n-a ais; acht ar chromadh síos
dó chun deoch a dh'ól, do dhearmaid sé an
chloch, i dtreó is gur shunnc sé í, agus
thuit sí isteach agus síos léi go dtí tón
an locháin. D'fhan sé tamall ag féachaint
airthí agus í ag dul i-n íochtar san uisge
dhoimhin ghlan, annsan do léim sé 'na
sheasamh le neart áthais, agus d'imthigh sé
ar a ghlúinibh, agus é ag sileadh na ndeór,
agus do thug sé a bhuidheachas do Dhia na
bhFlaitheas, toisc gur árduigh Sé uaidh an
t-aon bhuaidheart amháin a bhí air, i., an chloch
ghránda throm.



“Nach orm-sa atá an t-áthas!” ar sé,
“ní raibh a leithéid de shéan ar aoinne
beó riamh.”



Annsan, d'éirigh sé 'na sheasamh go
h-aedhreach croidhe-éadtromach, agus do
shiúbhail sé leis, agus é sgartha le n-a
bhuaidheartha uilig, nó gur shrois sé tigh a
mháthar.



SEÓSAMH Ó PAITRISC.



(tuille le teacht).

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services