Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Órí 'Sé Do Bheatha 'Bhaile!, Scéal, Téarmaíocht
Title
Órí 'Sé Do Bheatha 'Bhaile!, Scéal, Téarmaíocht
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
by Permission of the Army Authorities
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ÓRÓ 'SÉ DO BHEATHA 'BHAILE! 'Sé do bheatha, a bhean budh léanmhar Dob é ár gcreach thú bheith i ngéibhinn Ár ndúthaigh bhreagh i seilbh méirlig, 'S tú díolta leis na Gallaibh. Curfá Óró 'Sé do bheatha 'bhaile! Óró 'Sé do bheatha 'bhaile! Óró 'Sé do bheatha 'bhaile! 'Nois ar theacht an tsamhraidh. Tá Gráinne Mhaoil a' triall thar sáile, Óglaig armtha léi mar ghárda Gaedhil iad féin, ní Gaill ná Spáinnaigh 'S cuirfid ruaigh ar Ghallaibh. Óró! 'sé do bheatha 'bhaile, &rl. A bhuidhe le Rígh na bhfeart go bhfeiceam — Cé nách beó 'na dheóidh ach seachtain — Ghráinne Mhaoil a's míle gaisgídheach 'Fógairt fáin ar ghallaibh. — Ó “nÁr gCeol Féinig,” an t-Athair Padruig Breathnach do chruinnig. (Brún agus O Nóláin.) FUDAR FAOI GHAEDHILGEÓIRÍ AN AIRM. Mar a dubhrathas san uimhir dheiridh de'n Óglách, tá borradh agus fás faoi ghluaiseacht na teangan san Arm. Le goirid, tháinic buidhean de na h-Oifigigh le chéile ag an Árd-Oifig — Gaedhilgeóirí — agus maraon leó an t-Árd-Chongantóir agus an t-Árd Sholáthraidhe. Tráchtadh ar cheist na teangan i gcoitchian san Arm agus sochraigheadh ar chuid mhór neithe. Orra seo, bhí an sgrúdú speisialta a chaithfeas gach Fáinneach a sheasamh chun Fáinne an Airm a d' fhághail. Rinne an t-Árd-Chongantóir tagairt an-speisialta do'n ghádh a bhí le dian-sgrúdú sul má bronnfaí Fáinne dá leithéid ar shaighdiúr, agus h-aontuigheadh leis. Leagadh amach cóiriú oibre chun féachaint chuige nach bhfaighfidh aoinne Fáinne Airm ach iad seo atá ábalta ar a ngnáth-obair a dhéanamh tríd an Ghaedhilg. Is deimhin, freisin, go bhfuiltear chun spéis a mhúsgailt i labhairt agus i n-úsáid na teangan i ngach ball de bhallaibh an Airm, ó'n Árd-Oifig anuas go dtí na Complachtaí. Beidh cumann láidir deagh-riaraighthe ag teastáil chuige seo ar nós Cumann Lúith-Chleas an Airm agus beidh sé sin ann. Tá geallamhaint tugtha ag Árd- Choiste an Airm go mbeidh gach cabhair agus congnamh le fághail ins an obair. Tiubhrfar comhthionól mór le chéile gan mhoill ar a mbeidh teachtaí ó'n Árd-Oifig agus ó gach roinn i n-Éirinn. Leagfar roimh an gcruinniú sin Sgéimeanna oibre agus cuirfear an ghluaiseacht faoi lán t-siubhal ar an toirt. Táthar ag féachaint chuige go bhfoillseóchar ins an Óglách sreath d'aistí taithneamhacha i nGaedhilg ar ádhbhair ion-spéise. Tosnuigheadh an t-seachtain seo ar an Ghaedhilg do mhúineadh dó na h-oifigigh ag an Árd-Oifig. Ceithre cinn de ranganna a cuireadh ar bun .i. dhá cheann le h-aghaidh tosnuightheóirí, ceann meadhónach, agus Árd-rang. Ar an Árd-Choiste seo atá ag stiúriú oibre na Gaedhilge ó Bhlá Cliath — tá daoine go bhfuil a ndúthracht caithte le mórán de bhliadhantaibh ar shaothrú agus ar leathnú na teangan. Ní baoghal go dteipfidh orra ins na iarracht seo atá dhá thabhairt aca chun na teangan Gaedhilge a chur ins an áit is dual di ins an Arm. Go n-éirighidh leó go geal. Aoinne gur mhaith leó aon eolas d'fhághail i dtaoibh an sgéil, ba cheart dó sgríobhadh chuig León Ó Broin, Ceann Catha, Oifig an Árd-Chongantóra.
AN LACHA. CÉARD IS FEÁRR DHOM DHÉANAMH? PÁDRAIC Ó CONAIRE DO SGRÍOBH. Níor sháitheas fiacal i n-aon ghreim feóla ariamh a bhí níos blasta agus níos mílse ná an lacha sin — agus má 's a goid a rinneadh, céard sin do'n té sin nach mbaineann sin dó? Rud a ghoid agus an ghadaidheacht admhachtáil, agus a admhachtáil ar pháipéar freisin — is cinnte go bhfiafróchar dhíom go cé 'n leithsgéal atá agam. An té go bhfuil an t-eólas sin uaidh, léigheadh sé an dréacht seo 'mo dhiaidh. Mara maithfidh sé dhom annsin, ná maithtear dhó i ndeire dála! Bhíos ag siubhal liom i gcaitheamh na hoidhche, agus mo dhóthain mhór ar m' aire; rudaí tabhachtacha bhí le déanamh agam cinnte, acht is rud beag is mó bhí ag déanamh imnidhe dhom — mara mbéinn 'n-a leithéid seo d' áit, roimh a cúig a chlog tráthnóna, ní bhéadh an t-airgead a raibh súil agam leis ann rómham, mar do horduigheadh do lucht an phuist gan mo chuid litreacha choinneál níos fuide ná é sin san oifig. An raibh deifir orm an oidhche sin? Ná bhí ag cainnt ar dheifir! Nach raibh fiche míle móra fada siubhalta agam ó thuitim na hoidhche, agus fiche míle eile rómham sul a bhfeadfainn pighin ruadh d' fhágháil, le greim bidh a cheannacht dhom féin. Agus bhí a leithéid ag teasdáil uaim go géar: is beag duine bhéadh sásta le greim cáise, arán tur agus tae gan bainne gan siúcra. Seadh, bhéadh orm an fiche míle fada sin chur 'mo dhiaidh roimh a cúig tráthnóna, nó bhéinn ar an droch-chaoi. Ag gabháil thar na tighthibh bhí leathtaobh na slighe dhom, nach minic a bhí éad orm leis na daoine go mba leó iad, agus a chompóirtighe is bhíodar istigh 'n-a gcuid leapracha teólaidhe, agus mise fuar follamh amuigh faoi spéirthibh Dé! Adhairt agus piolúr, bráithlín mín bán ós do chionn, agus ceann eile fút — an oidhche sin, bhíos ar an mbaramhail nach raibh aon rud ar an saoghal nach dtiubhrainn ar an ngnáthchompóirt sin. An cor agus an casadh leisgeamhail d'fhéadfainn thabhairt dhom féin ar maidin ar dhúiseacht dhom! An chaoi d' fhéadfainn fanacht annsin sa leabaidh theólaidhe ar chnámh mo dhroma ag féachaint i n-áirde uaim ar na míoltógaibh ag siubhal ceann-fútha ar an síléar bán! Ní rabhas ariamh ag tnúth le compóirt mar bhíos an oidhche sin … Leigeas do na pictiúiribh seo teacht agus imtheacht. Seadh, dá mbéadh a leithéid sin de theach agam, bhéadh an bhean ann, agus d' eireóchadh sí roimh an ngréin. Chloisfinn í ag fadú teine, agus ag ullmhú proinne dhom sa gcistinig; bhéadh baluth an bhagúin agus na huibheacha 'mo shróin … seadh, néal beag eile, cor codramánta sa leabaidh — an 'in í bean an tighe ag bualadh ar an doras, agus a glór caoin ceólmhar ag innseacht dhom go bhfuil an bricfasta réidh? Mé ag eirghe amach ar an úrlár go mall spadánta annsin agus siosgarnach an bhagúin atá ar an teine, chugam thríd an doras fosgailte! An chéad bhlogam de 'n tae láidir cumhartha 'mo bhéal, ceól na gcupán agus na spúnóg agus na sgeana 'mo chluasaibh, goradh ó'n teine móna chugam, mé súghach sáthach i ndiaidh bidh! Mé dhul amach faoi 'n spéir agus píopa maith tobac 'mo ghob! Uch! Cé thréigfeadh a leithéid de shaoghal sóghach ar mhaordhacht na hoidhche, ar réaltógaibh beaga suaracha soillseacha bhéadh ag deallramh anuas ort go fiodh-mhagamhail? Ní dhéanfadh aon duine é, ár ndóigh, acht amadán mar mé féin: agus do cheapas an mhaidin sin go mba binne go mór fada ceól spúnóg i gcupán, ceól sgine ar phláta ná ceól aon éin dár chuir a chroidhe amach le gealadh an lae ariamh! An té thréigfeadh an teach maith agus an leabaidh teólaidhe ar cheól na gaoithe i mbárraibh crann, nó ar chronán an tsrotháin agus é ag imtheacht le fánaidh, nó ar dhordán na dtonn agus iad ghá gcaitheamh féin i n-aghaidh na mullán mór oidhche gála mhóir, ní bhéadh n-a leithéid siúd acht plaidhce, nó cineál file bhuile, shíleas. Agus b'in é díreach an rud a bhí déanta agam féin … D'fháisgeas mo chrios faoi mo lár i dtreó nach ndéanfaidhe maistreadh de pé ar bith greim bidh bhí fágta 'mo bholg, agus thosuigheas ag tabhairt mo mhíle mallacht ar ré agus ar réaltóig, ar chaise chasaoidigh, agus ar dhordán tonn, gur mhealladar ó leabaidh agus eile mé … Tháinic baluth na giumhaise chugam ar an ngaoith. Ní fios dom cé 'n fáth é, acht chuir an baluth breágh cumhartha sin teinte i gcuimhne dhom. Seadh, teintreacha breághtha teó agus feólta borba ghá róstadh ós a gcionn! Thugas mionn nach bhfágfainn an teach go deó arís le dul amach ag féachaint ar áilneacht agus ar maordhacht an tsaoghail seo. Ní mise an t-aon chréatúr amhain d' eirigh amach leis an saoghal iongantach seo fheiceál le breacadh an lae. D' aithnigh an lacha bhí istigh sa sgioból go raibh gealadh an lae ann níos túisge ná mé féin. Tháinic sí amach go dtí geata an chlóis, leis an aér a ghlacadh dhi féin, agus le innseacht dá muinntir cé'n bharamhail bhí aici de 'n aimsir, nó ar bh'fhiú dhóibh dhul i ndiaidh na bhfroganna bhíos go glórach sa lochán cois an bhóthair de shiubhal oidhche. Agus chonnaic an lacha seo mise sul a raibh fhios agam go raibh sí ann ar chor ar bith. Bheannuigh sí dhom go múinte maordha 'n-a canamhaint ghairg ghairbh féin. Bheannuigheas dhi sa gcanamhaint ba shimplidhe dá raibh agam. Sheas mé. Mholas a moch-eirghe. Labhras léithi mar labharfaidhe le comharsain béil dorais: an raibh an madra mór faoi ghlas? An raibh aon bhaoghal go ndúiseóchaidhe fear a' tighe dá bhfanfadh an bheirt againn ag comhrádh mar sin i mbéal a dhorais mar adeirtheá? Nár bh'fheárr an chainnt dhéanam sgathamh beag ó'n teach? Greim agam dhi 'mo phóca — ár ndóigh, tuige nach mbéadh? A' dtiubhrainn dhi an greim? Thug. Chaitheas ruainne aráin chuig an lachain lághaigh. Shlug sí an t-arán go halpach agus láib agus puiteach an bhóthair chomh maith céadna. D' eirigh an tsainnt 'n-a croidhe. Chonnaiceas faoi n-a súil bhig chruinn duibh í … Chaitheas píosa de'n arán uaim soir an bóthar. Lean sí é. D'ith go cíocrach é. Chaitheas spróla eile chomh fada is d' fhéadas ó'n ngeata. Lean an lacha é, agus bhí 'gá chaitheamh nuair rinneas féin an gníomh fealltach fuilteach! An gcreidfear mé? Thógas mo bhata trom, agus tháinic sé anuas ar cheann daithte gleóite na lachan. Aon “bhá — ác — ác” amhain níor chuir sí dhi, acht d'éalaigh an dé aisti ar an láthair sin … Bhí fosga maith sa gcoill cois an bhóthair nuair tháinic teas agus brothal an lae. Isteach sa gcoill sin chuadhas féin, agus mo lacha bhreágh 'mo mhála agam. Bhí mé sáthach fada ó ionad an dúnmharbhtha, agus ní raibh aon bhaoghal orm go leanfaidhe isteach sa gcoill mé. Bhailigheas gabhail brosna. D' fhaduigheas teine mhaith. Rinneas císde leathan de'n láib agus de'n dóib bhuidhe a bhí faoi mo chosaibh, chuireas thart ar an lachain é, agus sháitheas idir císde agus lacha isteach sa teine. Ní raibh morán achair go raibh an biadh sin ullmhaighthe agam Tharraing mé an lacha amach. Bhain mé an cóta creafóige dhi, agus tháinic clúmh agus cleite liom ar an iarraidh sin. Lacha bhreágh rósta bhí agam. Ní abróchad annseo cé'n deághbhlas bhí ar an lachain sin; ní chuirfidh mé síos ar dhath a cuid feóla, ná ar mhílse an tsúgha bhí innti ar eagla go dtiocfadh an tseile 'do bhéal, agus go n-imtheóchthá féin amach le lachain a ghoid; acht ariamh, níor bhlasas d' aon fheóil ba thaithneamhaighe liom ná í, agus ariamh roimhe sin ná ó shoin, ní raibh gabhadh agam le feóil mar bhí agam an mhaidin bheannaighthe sin. Cúig cinn agus dá fhichid de lachnaibh maithe bhí ag an bhfeilméara sin sul a ndeárnas féin an chreach, agus ní móide gur mhothuigh sé an ceann d' itheas féin ar uaidh ar chor ar bith: acht ó fuaireas píosa cróinneach ar an mbóthar ar maidin indiu, tá mé ag braith ar a chur chuige i n-éiric a lochán — céard a mholfá dhom dhéanamh? (A Chríoch).
GAOLUINN DO'N ARM. Naoi is fiche, deich is fiche. Aon déag is fiche, naoi déag is fiche. Dachad, deich is dachad, aon déag is dachad. Naoi déag is dachad, trí fichid. Aon is trí fichid, deich is trí fichid. Iúl, Meitheamh, Lughnasa, Samhradh. Sé so an Samradh. Iúl a seacht, Meitheamh a naoi déag. Cath a haon déag is dachad. Cá bhfuil cath a dó déag is fiche? Níl a fhios agam i gceart. Cad é an cath atá i Nás anois? Tá cath a trí déag is fiche. Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoin. Luan, Máirt, Céadaoin. Diardaoin, Dia hAoine, Dia Sathairn Diardaoin, Aoine, Satharn. Dia Domhnaigh, lá, mí. Domhnach, clog, am. Cad é an lá é? Cad é an mí é? Indiu an Luan. Sé so an Iúl. Ní hé seo an Meitheamh. Cad é an tam é? Cad a chlog é? An ceathrú, an cúigeadh, an sémhadh. An seachtú, an tochtú, an naomhadh. An deicheamhadh, an taonhadh déag. An dómhadh déag, an trímhadh déag.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services