Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Órí 'Sé Do Bheatha 'Bhaile!, Scéal, Téarmaíocht

Title
Órí 'Sé Do Bheatha 'Bhaile!, Scéal, Téarmaíocht
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
by Permission of the Army Authorities

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


ÓRÓ 'SÉ DO BHEATHA 'BHAILE!



'Sé do bheatha, a bhean budh léanmhar
Dob é ár gcreach thú bheith i ngéibhinn
Ár ndúthaigh bhreagh i seilbh méirlig,
'S tú díolta leis na Gallaibh.



Curfá



Óró 'Sé do bheatha 'bhaile!
Óró 'Sé do bheatha 'bhaile!
Óró 'Sé do bheatha 'bhaile!
'Nois ar theacht an tsamhraidh.



Tá Gráinne Mhaoil a' triall thar sáile,
Óglaig armtha léi mar ghárda
Gaedhil iad féin, ní Gaill ná Spáinnaigh
'S cuirfid ruaigh ar Ghallaibh.



Óró! 'sé do bheatha 'bhaile, &rl.



A bhuidhe le Rígh na bhfeart go bhfeiceam
— Cé nách beó 'na dheóidh ach seachtain —
Ghráinne Mhaoil a's míle gaisgídheach
'Fógairt fáin ar ghallaibh.



— Ó “nÁr gCeol Féinig,” an t-Athair Padruig Breathnach do
chruinnig. (Brún agus O Nóláin.)



FUDAR FAOI GHAEDHILGEÓIRÍ
AN AIRM.



Mar a dubhrathas san uimhir dheiridh de'n Óglách, tá borradh
agus fás faoi ghluaiseacht na teangan san Arm. Le goirid,
tháinic buidhean de na h-Oifigigh le chéile ag an Árd-Oifig —
Gaedhilgeóirí — agus maraon leó an t-Árd-Chongantóir agus an
t-Árd Sholáthraidhe.



Tráchtadh ar cheist na teangan i gcoitchian san Arm agus
sochraigheadh ar chuid mhór neithe. Orra seo, bhí an sgrúdú speisialta
a chaithfeas gach Fáinneach a sheasamh chun Fáinne an Airm a d' fhághail.
Rinne an t-Árd-Chongantóir tagairt an-speisialta do'n ghádh a
bhí le dian-sgrúdú sul má bronnfaí Fáinne dá leithéid ar shaighdiúr,
agus h-aontuigheadh leis. Leagadh amach cóiriú oibre chun féachaint
chuige nach bhfaighfidh aoinne Fáinne Airm ach iad seo atá ábalta
ar a ngnáth-obair a dhéanamh tríd an Ghaedhilg.



Is deimhin, freisin, go bhfuiltear chun spéis a mhúsgailt i labhairt
agus i n-úsáid na teangan i ngach ball de bhallaibh an Airm,
ó'n Árd-Oifig anuas go dtí na Complachtaí. Beidh cumann láidir
deagh-riaraighthe ag teastáil chuige seo ar nós Cumann Lúith-Chleas
an Airm agus beidh sé sin ann. Tá geallamhaint tugtha ag Árd-
Choiste an Airm go mbeidh gach cabhair agus congnamh le fághail
ins an obair.



Tiubhrfar comhthionól mór le chéile gan mhoill ar a mbeidh teachtaí
ó'n Árd-Oifig agus ó gach roinn i n-Éirinn. Leagfar roimh an
gcruinniú sin Sgéimeanna oibre agus cuirfear an ghluaiseacht
faoi lán t-siubhal ar an toirt.



Táthar ag féachaint chuige go bhfoillseóchar ins an Óglách sreath
d'aistí taithneamhacha i nGaedhilg ar ádhbhair ion-spéise.



Tosnuigheadh an t-seachtain seo ar an Ghaedhilg do mhúineadh
dó na h-oifigigh ag an Árd-Oifig. Ceithre cinn de ranganna
a cuireadh ar bun .i. dhá cheann le h-aghaidh tosnuightheóirí, ceann
meadhónach, agus Árd-rang.



Ar an Árd-Choiste seo atá ag stiúriú oibre na Gaedhilge ó
Bhlá Cliath — tá daoine go bhfuil a ndúthracht caithte le mórán de
bhliadhantaibh ar shaothrú agus ar leathnú na teangan. Ní baoghal
go dteipfidh orra ins na iarracht seo atá dhá thabhairt aca chun na
teangan Gaedhilge a chur ins an áit is dual di ins an Arm.



Go n-éirighidh leó go geal.



Aoinne gur mhaith leó aon eolas d'fhághail i dtaoibh an sgéil,
ba cheart dó sgríobhadh chuig León Ó Broin, Ceann Catha, Oifig an
Árd-Chongantóra.


L. 08


AN LACHA.



CÉARD IS FEÁRR DHOM DHÉANAMH?



PÁDRAIC Ó CONAIRE DO SGRÍOBH.



Níor sháitheas fiacal i n-aon ghreim feóla ariamh a bhí níos blasta
agus níos mílse ná an lacha sin — agus má 's a goid a rinneadh,
céard sin do'n té sin nach mbaineann sin dó? Rud a ghoid
agus an ghadaidheacht admhachtáil, agus a admhachtáil ar pháipéar
freisin — is cinnte go bhfiafróchar dhíom go cé 'n leithsgéal atá
agam. An té go bhfuil an t-eólas sin uaidh, léigheadh sé an
dréacht seo 'mo dhiaidh. Mara maithfidh sé dhom annsin, ná
maithtear dhó i ndeire dála!



Bhíos ag siubhal liom i gcaitheamh na hoidhche, agus mo dhóthain
mhór ar m' aire; rudaí tabhachtacha bhí le déanamh agam cinnte,
acht is rud beag is mó bhí ag déanamh imnidhe dhom — mara mbéinn
'n-a leithéid seo d' áit, roimh a cúig a chlog tráthnóna, ní bhéadh
an t-airgead a raibh súil agam leis ann rómham, mar do horduigheadh
do lucht an phuist gan mo chuid litreacha choinneál níos fuide ná
é sin san oifig.



An raibh deifir orm an oidhche sin? Ná bhí ag cainnt ar dheifir!
Nach raibh fiche míle móra fada siubhalta agam ó thuitim na hoidhche,
agus fiche míle eile rómham sul a bhfeadfainn pighin ruadh d' fhágháil,
le greim bidh a cheannacht dhom féin. Agus bhí a leithéid ag
teasdáil uaim go géar: is beag duine bhéadh sásta le greim
cáise, arán tur agus tae gan bainne gan siúcra. Seadh, bhéadh
orm an fiche míle fada sin chur 'mo dhiaidh roimh a cúig tráthnóna,
nó bhéinn ar an droch-chaoi.



Ag gabháil thar na tighthibh bhí leathtaobh na slighe dhom, nach minic
a bhí éad orm leis na daoine go mba leó iad, agus a chompóirtighe
is bhíodar istigh 'n-a gcuid leapracha teólaidhe, agus mise fuar
follamh amuigh faoi spéirthibh Dé! Adhairt agus piolúr, bráithlín
mín bán ós do chionn, agus ceann eile fút — an oidhche sin, bhíos
ar an mbaramhail nach raibh aon rud ar an saoghal nach dtiubhrainn
ar an ngnáthchompóirt sin. An cor agus an casadh leisgeamhail
d'fhéadfainn thabhairt dhom féin ar maidin ar dhúiseacht dhom!
An chaoi d' fhéadfainn fanacht annsin sa leabaidh theólaidhe ar
chnámh mo dhroma ag féachaint i n-áirde uaim ar na míoltógaibh
ag siubhal ceann-fútha ar an síléar bán! Ní rabhas ariamh ag
tnúth le compóirt mar bhíos an oidhche sin …



Leigeas do na pictiúiribh seo teacht agus imtheacht. Seadh, dá
mbéadh a leithéid sin de theach agam, bhéadh an bhean ann, agus
d' eireóchadh sí roimh an ngréin. Chloisfinn í ag fadú teine,
agus ag ullmhú proinne dhom sa gcistinig; bhéadh baluth an
bhagúin agus na huibheacha 'mo shróin … seadh, néal beag
eile, cor codramánta sa leabaidh — an 'in í bean an tighe ag bualadh
ar an doras, agus a glór caoin ceólmhar ag innseacht dhom go
bhfuil an bricfasta réidh?



Mé ag eirghe amach ar an úrlár go mall spadánta annsin agus
siosgarnach an bhagúin atá ar an teine, chugam thríd an doras
fosgailte! An chéad bhlogam de 'n tae láidir cumhartha 'mo
bhéal, ceól na gcupán agus na spúnóg agus na sgeana 'mo
chluasaibh, goradh ó'n teine móna chugam, mé súghach sáthach i ndiaidh
bidh! Mé dhul amach faoi 'n spéir agus píopa maith tobac 'mo
ghob! Uch! Cé thréigfeadh a leithéid de shaoghal sóghach ar
mhaordhacht na hoidhche, ar réaltógaibh beaga suaracha soillseacha
bhéadh ag deallramh anuas ort go fiodh-mhagamhail?



Ní dhéanfadh aon duine é, ár ndóigh, acht amadán mar mé féin:
agus do cheapas an mhaidin sin go mba binne go mór fada ceól
spúnóg i gcupán, ceól sgine ar phláta ná ceól aon éin dár chuir
a chroidhe amach le gealadh an lae ariamh!



An té thréigfeadh an teach maith agus an leabaidh teólaidhe ar
cheól na gaoithe i mbárraibh crann, nó ar chronán an tsrotháin agus
é ag imtheacht le fánaidh, nó ar dhordán na dtonn agus iad ghá
gcaitheamh féin i n-aghaidh na mullán mór oidhche gála mhóir, ní
bhéadh n-a leithéid siúd acht plaidhce, nó cineál file bhuile, shíleas.



Agus b'in é díreach an rud a bhí déanta agam féin …



D'fháisgeas mo chrios faoi mo lár i dtreó nach ndéanfaidhe
maistreadh de pé ar bith greim bidh bhí fágta 'mo bholg, agus
thosuigheas ag tabhairt mo mhíle mallacht ar ré agus ar réaltóig,
ar chaise chasaoidigh, agus ar dhordán tonn, gur mhealladar ó
leabaidh agus eile mé …



Tháinic baluth na giumhaise chugam ar an ngaoith. Ní fios dom
cé 'n fáth é, acht chuir an baluth breágh cumhartha sin teinte i
gcuimhne dhom. Seadh, teintreacha breághtha teó agus feólta
borba ghá róstadh ós a gcionn!



Thugas mionn nach bhfágfainn an teach go deó arís le dul amach
ag féachaint ar áilneacht agus ar maordhacht an tsaoghail seo.



Ní mise an t-aon chréatúr amhain d' eirigh amach leis an saoghal
iongantach seo fheiceál le breacadh an lae.



D' aithnigh an lacha bhí istigh sa sgioból go raibh gealadh an lae
ann níos túisge ná mé féin. Tháinic sí amach go dtí geata an
chlóis, leis an aér a ghlacadh dhi féin, agus le innseacht dá muinntir
cé'n bharamhail bhí aici de 'n aimsir, nó ar bh'fhiú dhóibh dhul i ndiaidh
na bhfroganna bhíos go glórach sa lochán cois an bhóthair de shiubhal
oidhche.



Agus chonnaic an lacha seo mise sul a raibh fhios agam go raibh
sí ann ar chor ar bith. Bheannuigh sí dhom go múinte maordha
'n-a canamhaint ghairg ghairbh féin. Bheannuigheas dhi sa gcanamhaint
ba shimplidhe dá raibh agam. Sheas mé. Mholas a moch-eirghe.
Labhras léithi mar labharfaidhe le comharsain béil dorais: an raibh
an madra mór faoi ghlas? An raibh aon bhaoghal go ndúiseóchaidhe
fear a' tighe dá bhfanfadh an bheirt againn ag comhrádh mar sin i
mbéal a dhorais mar adeirtheá? Nár bh'fheárr an chainnt dhéanam
sgathamh beag ó'n teach? Greim agam dhi 'mo phóca — ár ndóigh,
tuige nach mbéadh? A' dtiubhrainn dhi an greim?



Thug. Chaitheas ruainne aráin chuig an lachain lághaigh. Shlug
sí an t-arán go halpach agus láib agus puiteach an bhóthair chomh
maith céadna. D' eirigh an tsainnt 'n-a croidhe. Chonnaiceas
faoi n-a súil bhig chruinn duibh í …



Chaitheas píosa de'n arán uaim soir an bóthar. Lean sí é.
D'ith go cíocrach é. Chaitheas spróla eile chomh fada is d' fhéadas
ó'n ngeata. Lean an lacha é, agus bhí 'gá chaitheamh nuair rinneas
féin an gníomh fealltach fuilteach!



An gcreidfear mé? Thógas mo bhata trom, agus tháinic sé
anuas ar cheann daithte gleóite na lachan. Aon “bhá — ác — ác”
amhain níor chuir sí dhi, acht d'éalaigh an dé aisti ar an láthair
sin …



Bhí fosga maith sa gcoill cois an bhóthair nuair tháinic teas agus
brothal an lae. Isteach sa gcoill sin chuadhas féin, agus mo
lacha bhreágh 'mo mhála agam. Bhí mé sáthach fada ó ionad an
dúnmharbhtha, agus ní raibh aon bhaoghal orm go leanfaidhe isteach
sa gcoill mé. Bhailigheas gabhail brosna. D' fhaduigheas teine
mhaith. Rinneas císde leathan de'n láib agus de'n dóib bhuidhe a
bhí faoi mo chosaibh, chuireas thart ar an lachain é, agus sháitheas
idir císde agus lacha isteach sa teine.



Ní raibh morán achair go raibh an biadh sin ullmhaighthe agam
Tharraing mé an lacha amach. Bhain mé an cóta creafóige dhi,
agus tháinic clúmh agus cleite liom ar an iarraidh sin. Lacha
bhreágh rósta bhí agam.



Ní abróchad annseo cé'n deághbhlas bhí ar an lachain sin; ní
chuirfidh mé síos ar dhath a cuid feóla, ná ar mhílse an tsúgha bhí
innti ar eagla go dtiocfadh an tseile 'do bhéal, agus go
n-imtheóchthá féin amach le lachain a ghoid; acht ariamh, níor bhlasas
d' aon fheóil ba thaithneamhaighe liom ná í, agus ariamh roimhe sin
ná ó shoin, ní raibh gabhadh agam le feóil mar bhí agam an mhaidin
bheannaighthe sin.



Cúig cinn agus dá fhichid de lachnaibh maithe bhí ag an bhfeilméara
sin sul a ndeárnas féin an chreach, agus ní móide gur mhothuigh
sé an ceann d' itheas féin ar uaidh ar chor ar bith: acht ó fuaireas
píosa cróinneach ar an mbóthar ar maidin indiu, tá mé ag braith
ar a chur chuige i n-éiric a lochán — céard a mholfá dhom dhéanamh?



(A Chríoch).


L. 24


GAOLUINN DO'N ARM.



Naoi is fiche, deich is fiche.



Aon déag is fiche, naoi déag is fiche.



Dachad, deich is dachad, aon déag is
dachad.



Naoi déag is dachad, trí fichid.



Aon is trí fichid, deich is trí fichid.



Iúl, Meitheamh, Lughnasa, Samhradh.



Sé so an Samradh.



Iúl a seacht, Meitheamh a naoi déag.



Cath a haon déag is dachad.



Cá bhfuil cath a dó déag is fiche?



Níl a fhios agam i gceart.



Cad é an cath atá i Nás anois?



Tá cath a trí déag is fiche.



Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoin.



Luan, Máirt, Céadaoin.



Diardaoin, Dia hAoine, Dia Sathairn



Diardaoin, Aoine, Satharn.



Dia Domhnaigh, lá, mí.



Domhnach, clog, am.



Cad é an lá é? Cad é an mí é?



Indiu an Luan. Sé so an Iúl.



Ní hé seo an Meitheamh.



Cad é an tam é? Cad a chlog é?



An ceathrú, an cúigeadh, an sémhadh.



An seachtú, an tochtú, an naomhadh.



An deicheamhadh, an taonhadh déag.



An dómhadh déag, an trímhadh déag.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services