Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Súil Uí Dhubhda le hÁrd na Ríogh
Title
Súil Uí Dhubhda le hÁrd na Ríogh
Author(s)
Ua Ruaidhrí, Seaghán / Laoide, Seosamh,
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
“SÚIL UÍ DHÚDA LE ÁRD NA RÍOGH.” Seo sean-fhocal do bíodh 'ghá rádh le mo linn-sa i measg na ndaoinidh fad ó i dtuaith-Chonnacht le aon duine do bheadh ag súil le rud ar bith míodhoicheamhail, do réir cáil. Ba mhinic adubhradh liom fhéin é go deimhin, acht fágamuid sin mar atá sé. An sgéal seo thíos mar ádhbhar leis do chualas ó chailín óg nuair do bhí mé 'mo ghasúr, is tugam doíbh é mar d'innis sí dham é. Fad ó ba le muinntir Dhúda dúithche Thír Amhalghaidh is bhíodar 'n-a gcomhnuidhe i nÁrd na Ríogh ar bhruach na Muaidhe cois na fairrge leis na cianta faoi chliú agus onóir. Thárlaidh tra, go mba fear óg an tighearna do bhí os a gcionn agus ba fear breagh cródha geanamhail é acht ní raibh sé pósta, cí go mb'fhurus dó a rogha de mhnaoi fhagháil i measg uaisle na hÉireann. Bhí a mhuinntir a' síor-ghabháil do chleamhnais do dhéanamh dhó, acht ní raibh deifir ar bith air féin, b'fhearr leis bheith ag fiadhach 's ag iasgaireacht leis fhéin cois na trágha nó a bheith ag éisteacht leó.
Lá dá raibh sé ag dul amach mar seo le n'adharc 's a ghadhar le n-a chois lean a chomhdhalta é go bhfeicfeadh sé cad do bhí ar cois aige, mar go raibh imnidhe air dá thaobh. Chualaidh sé adharc Uí Dhúda Óig dá séideadh gan mhoill ar an tráigh is dhruid sé suas leis i gan fhios dó faoi sgáth na carraicne, is cad do chífeadh sé acht maighdean mara ag tigheacht ar bharr an uisge 's ag siubhal isteach chuig an tighearna óig. Chuir seisean fáilte go caoin roimpi, is b'fhurus do'n ghiolla aithneachtáil go ba mór an grádh do bhí aca ar a chéile. Bhí falluinn dearg ar a brághaid is cochuilín glas-uaithne ar a ceann ar dhath dhoimhneacht na fairrge, 's an cúl gruaige ba bhreaghdha dá bhfacaidh sé ariamh a' tuitim síos taobh thiar dhí. Thug sí barr ar mhná saoghalta an domhain, le sgéimhacht is áil- neacht, acht amháin go mba léur do'n comh- dalta go raibh a dá shúil ar dhath chéadna na fairrge do bhí i gcochuilín a cinn. D'fhan- adar ag comhrádh le chéile ar feadh tamaill fhada, acht faoi dheireadh sgaradar ó chéile, is chuaidh an mhaighdean mara amach ar an sáile as a radharc, is thiompuigh Ua Dúda
ar a chois le dul abhaile. Chonnaic sé an giolla air chúl na carraice, 's ba mhór an fhearg do bhí air leis ar é leanamhaint. Acht má bhí thug seision musán 's comhairle dhó, nár chóir nó ceart dho fhear dá shliocht agus dá chreideamh caidreamh ar bith do bheith aige le bean draoidheachta; acht ní raibh mórán maitheas dó ann. D'iarr sé air comhairle do ghlacan ó shean-draoi do bhí 'n-a chomhnuidhe leis féin i mbothach i lár coille i n-aice leó, mar dubhradh go raibh fios aige (1). Rinne Ua Dúda sin, 's ba hé comhairle an draoi an cochuilín fhagháil uaithi ar chaoi éigin, is gan é a leigean as a radharc, ó is ann do bhí an draoidheacht, is go mbéadh sí toilteanach maireachtáil ar thalamh ó shin amach, gan tnúth dul ar a hais dá tír fhéin choidhche, acht gan é dhóghadh mar go mba baoghalach gur bh'ionann saoghal di fhéin is do'n bhairéidín. Gheall Ua Dúda gach nídh de sin do chóimhlíonadh, is lá ar n-a bhárach nuair do tháinic siad le chéile ar an tráigh, d'iarr sé uirthi an cochuilín do thoisbeint dó. Thug sí dhó é i n-a láimh is chuir sé i n-a phóca é.
Ar an bhall bhreathnuigh sé gur thiompuigh dath a súile ó'n ghlas-uaithne a bhí ionnta go dath nádúrtha, mar shúile dhuine shaoghalta. Thug sé leis í 'un an eaglais annsin agus baisteadh í, is 'réir tamall pósadh iad agus mhaireadar le chéile faoi shéan is aoibhneas ar feadh roinnt mhaith do bhliadhanta. Ní rabh de chloinn aca acht aon mhac amháin, a rabh stró mór aca as, acht choinnigh an t-athair an cochuilín draoidheachta i bhfalach uatha go cúramach faoi ghlas i gcófra iarainn i n-a sheomra fhéin. Nuair do bhí an mac seacht nó ocht mbliadhanta d'aois thárlaidh lá go rabh muinntir Dhúda le sealg mór a dhéanamh, agus ar imtheacht amach do'n tighearna theastuigh earra éigin uaidh as an gcófra. D'fhosgail sé é is thóig sé leis an rud a rabh sé 'na dhiaidh, acht d'fhág sé an eochair sáithte ins in bpoll 'na dhiaidh leis an mhéid deifreach do bhí air. Bhí sé tamall maith ó'n dún nuair do chuimhnigh sé ar an dearmad do rinne sé, is chogruigh sé leis an gcomhdhalta a leith- sgeul do ghlacan le muinntir na sealgan mar b'éigin dó fhéin filleadh ar ais. Thiom-
puigh sé ar an bhall is thiomáin sé a bhaile le luas reatha a chapaill. Nuair do thúirling sé ag a thigh ruith sé isteach, is d'iarr sé de'n mhalrach: “A mhic mo chroidhe, cá bhfuil do mháthair”? “Bhí sí ag an gcófra dubh tá tamall ó shin,” ar san páiste, “agus fuair sí bar- éidín glas-uaithne deas ann, acht chomh luath is chuir sí ar a ceann é ruith sí amach go tapaidh gan labhairt liom.” “Teanam liom-sa 'na diaidh,” ag breith greim láimhe ar an malrach. Chuadar síos 'un na trágha go dtí an cuan 'nar chasadh leis í ar túis. Ní rabhadar abhfad ann go dtáinic sí 'aca os cionn an uisge is d'iarr a fear uirthi theacht a bhaile leis. “Ní rachad,” ar sise, “acht tarraigh thusa liom-sa dho mo thír fhéin is ní thiocfaidh aois nó meath ort fhad is bhéas uisge ins an fhairrge mhóir. Chuir sí i n-umhail dó an t-aoibhneas is an t-áthas do bhéadh aca ann. “Leat-sa ní rachad,” ar seisean, “mar go mb'fhearr liom-sa aon lá amháin i dTír Amhalghaidh, is oidhche i nÁrd na Ríogh nó bliadhain is fiche i dtír eile, dá mhéid a áilneacht is a aoibhneas.”
“Muna dtiocfaidh tú fhein leig mo mhac liom,” ar sí. “Ní leigfeadh,” ar sé, “mar nach bhfuil agam de oighre acht é le fágáil 'mo dhiaidh os cionn muinntir Dhúda nuair rachas mise faoi an gcré.” “Dá mhéid bhur ngean ar Árd na Ríogh,” ar sí, “geallaim-se anois duit go gcaithfidh do shliocht a thréigean is a fhágáil faoi réim na gcoimhthigheach is na nGall; is cuirim mar gheasa ortha nach mbéidh duine aca nach mbeidh súil aige ar ais leis, gan a fhagháil choidhche go dtiocfaidh mise ar ais.” D'imthigh sí léi ar bharr an uisge ag caoineadh ós árd a cinn go ndeachaidh sí as a n-amharc agus ní facas ó shin í. D'fhill Ua Dúda is a mhac abhaile go buartha, agus ní innistear sgéal air fhéin nó ar a shliocht, gur cuireadh as a ndúithche (2) iad i n-aimsir na ndlighthe pianamhla, agus ba mhinic do chualas féin nach raibh duine aca ó shoin gan dóthchas go bhfuigheadh sé áit a ndúthchais ar ais arís. Agus ba hé sin an fáth atá leis an sean-rádh — “'Sé súil Uí Dhúda é le Árd na Ríogh.” Ní mór dham a rádh gur iomdha innsint
eile ar an sgéal seo do chonnacas i bpái- péaraibh Béarla ar feadh mo shaoghail acht is mar seo do chualas é sul má rabhas i riocht mórán Bhéarla do léigheadh. SEAGHÁN UA RUAIDHRÍ.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services