Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teanga Thíoramhuil na h-Eireann
Title
Teanga Thíoramhuil na h-Eireann
Author(s)
Ruiséal, Tomás O Néill,
Pen Name
TÓ.R
Composition Date
1899
Publisher
Sealy, Bryers & Walker
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
RÉAMH-FHOCAL. 1. Measaim gurab é so an chéad leabhar do foillsigheadh go léir a nGaedhilg ar feadh mórán bliadhan, in nach bhfuil aon fhocal Beurla. Rinne mé mo dhithchioll d'a sgriobhadh a nGaedhilig cheirt, agus lorg Chéitinn, Bhedel, Ui Mhaolmhuidh agus deagh sgriobhnorach d'a n-aois do leanmhuin. Ní furas é sin do dheunamh anois, óir ta bearna tri céad bliadhan, beagnach, sa nGaedhilig, ó nar sgriobhadh í le daoinibh fíor-fhoghlumtha innte ar feadh an fhaid sin d'aimsir. Tuile fós,is mór an t-atharrughadh tháinic ar an saoghal ó aimsir Chéitinn; is iomad na neithe ar a bhfuil riachtanach sgriobhadh anois nar aithnigheadh tri céad bliadhain ó shoin; agus dá mairfeadh Céitinn anois, ní fheudfadh
sgriobhadh go beacht sa gcanamhuin in ar sgriobh sé san seachtmhadh aois deug, óir ní fhanann aon teanga in aon chuma a gcomhnuidhe; muna gclaochluighid a focail, claochluighidh an modh in a gcuirthear a bhfeidhm iad. 2. Is éigean a rádh go bhfuil mórán dithfre san modh in ar cleachtadh séimhiughadh le Céitinn, Bedel, etc., agus an modh in a gcleachtar anois e, a labhairt agus a sgriobhadh. Ag so líne as "Trí Bior Ghaoithe an Bháis" nach deirfeadh a's nach sgriobhfadh daoine in aon áit in Eirinn anois, "Do leith fhlaithis Dhe." Ní chuirfidhe punc ar an "d" san bhfocal sin san gcás geineamhnach, óir deirimid "beannachd Dé," "trócaire Dé." Chítear dham go raibh an cleachtadh a dtaoibh séimhighthe miriaghalta sa t-sean Ghaedhilig, agus go bhfuil sé miriaghalta fós. 3. Rinne mé iarraidh in san leabhrán so an t-eidir- dhealughadh eidir "re" agus "le" do choimeud. Ní furas é sin do dheunamh, óir is fad ó d'eirigh mio-ordughadh eidir an dá fhocal so, agus b'fhéidir nach dearnas an nidh ba cheart ins na h-uile áitibh. Is mór an náire dhúinn go gcoimeudaid na h-Alba-
nuigh ceart úsáid na bhfocal so níos feárr 'na sinne. Ní'l acht beagán níos mó 'na céad bliadhain ó chaill na h-Eireannuigh an t-eidirdhealughudh eidir "re" agus "le." 4. Tá focal éigin sa nGaedhilig dá nach lán riaghalta a litriughadh fós. 'Sí an roinn is líonmhaire dhíobh anmna cineadhach sa gcás tabhartach iolradh, mar "Eireannachaibh," "Albanachaibh," "Laigheanachaibh," etc., atá litrighthe "Eireannuighibh," "Albanuighibh," "Laigheanuibh" le h-úghdaraibh éigin. Tá an dá mhodh so litrighthe re fághail a sgribhinnibh na n-úghdar is feárr. Do leanas féin an dá mhodh, mar nach raibh úghdaras agam cia aca is feárr, agus rinneas mar sin le foclaibh éigin eile. 5. Rinne mé iarraidh mar an gceudna, an riaghal um an dá "nn" a ndeireadh briathar san uimhir uatha, am láthaireach, do leanmhuin do réir mar foillsighthear í leis an Saoi R. Aitcinson a gcoimhcheangal "Tri Bior Ghaoithe an Bháis," óir is soilléir go dtugadh fá deara leis na sean úghdaraibh í. 6. Ní cuirthear aon ghné neamhchoitcheann ná nuadh ar litriughadh Gaedhilge an leabhair so, óir leanas chómh
dluth a's d'fheudas, litriughadh na n-úghdar do sgriobh an teanga an tan so bhí sí faoi bhláth agus d'a labhairt go coitcheann ar fud na tíre go léir. Sgriobhaid daoine éigin "a lár an tighe," agus sgriobhaid daoine eile "i lár an tighe;" tá an dá fhocal, "i" agus "a," re fághail a sgribhinnibh deagh úghdar; ní'l fhios agam cia aca is feárr, agus ar an ádhbhar sin, chuireas an dá fhocal a bhfeidhm, óir measaim gur ceart iad araon. 7. Tá beagán áinm-fhocal sa nGaedhilig ar a bhfuil níos mó ná aon fhoirm díoclaonta, agus tá an t-ainm- fhocal "teanga" 'n a measg. Deuntar "teangan" de sa gcás geineamhnach i gcúige-Mhumhain, agus "teangaidh" i gcúige Chonnacht, acht 'sí "teanga" foirm an gheineamhnaigh tugthar le Coneys in a fhoclóir, agus do leanas ar a lorg. 8. Rinne mé mo dhithchioll úsáid focal cruaidh agus neamhchoitcheann do sheachnadh; agus do lean mé, chómh dluth a's d'fheud mé, cleachtadh na n-úghdar Gaedhilge is feárr. Má do theb sé orm ar uaraibh, an eiseom- pláir thug siad dúinn do leanamhuin, measaim go ndearfar nach bhfuil líne san leabhar so nach soilléir dóibh so thuigeas an teanga in a sgriobhthar é.
9. Rinne mé mo dithchioll, mar an gceudna, earrá- dacha chló do dhíbirt as an leabhar so; nidh nach furas 'nuair nach tuigeann an clodhadóir an teanga in a sgriobhthar é. Má do chuaidh cuid díobh thar m' aire — acht measaim nach líonmhar iad — tá aon leithsgeul agam leis an bhfear do sgriobh an chéad leabhar do clobhuaileadh i nGaedhilig, "nach raibh aon fhocal di ag fear buailte an chló." 10. Tá súil agam go leanfaidh daoine eile ar lorg an leabhráin so, agus go ndeunfaid iarraidh litreacht nuadh Gaedhilge do chur ar bun. Tá sean sgeulta maith go leor, acht measaim go bhfuil go leor dhíobh againn cheana, agus measaim nach aithbheochar an Ghaedhilig go deo le litreacht de'n chineul sin. 'Sé an nidh atá teastuighthe uainn, nidh éigin nuadh sa n- Gaedhilig nuaidh as a dtig linn nidh éigin d'fhoghluim. T. O. R. Rinneas dearmad re rádh ins an reamh-fhocal céid rolla an leabhráin seo gur sgríobhas ar uairibh an t-ainmneach uatha agus ar uairibh eile an geineamhnach
iolradh a ndiaigh meuduightheorach deich, óir tá an dá chleachdadh re fághail a sgríbhinnibh na n-úghdar is feárr. Sgríobhaid cuid díobh "fiche bliadhain, céad duine;" agus sgríobhaid cuid eile "fiche bliadhan," "céad daoineadh." T. O. R.
CLÁR. AN CHÉAD ALT, duille 1 Seandachd na Gaedhilge. — An sgribhinn dá ngoirthear Ogham. — An Dagda. — Deaslámhachd an Oghaim. — Sean- dachd stáire na h-Eireann. — Lúghnasadh. — Tailtean. — Seandachd anmann áiteadh in Eirinn. AN DARA h-ALT, duille 8. Troid a dtaoibh na Litreadh. — Tá na litre Romhán- acha níos deaslámhaighe. — Mór-chosdus na sean litreadh. — Tá na sean litre níos deise; an chuid is mó de na daoinibh tugtha dhóibh. — An troid a dtaoibh na litreadh a nGearmáin. — Deise sgribhinne sna sean litribh. — Díoghbháil na troda a dtaoibh na litreadh. AN TREAS ALT, duille 12. Dreoghadh na Gaedhilge. — Tá sí ag eulóghadh gan cúis. — Gaedhilig in Ath-Luain caogad bliadhain ó shoin. — Gaedhilge d'a labhairt a gCondae Ath'-cliath sa mbliadhain 1837. — Is éigean an Ghaedhilig do thabhairt fá mheas. — Dith litreachta nuaidhe innte. — Teanga na Breataine. Cionnus do saoradh í. — Gaedhilig teanga na mbocht. — An Ghearmáinis agus an Ruisis. — Cionnus do saoradh iad.
AN CEATHRAMHADH ALT, duille 19. An Ghaedhilig ag eulóghadh uainn anois níos luaithe 'na fad ó. — Na daoine isle d'a dearmad; na daoine árda d'a foghluim. — "Trí Bior Ghaoithe an Bháis." — "Silva Gadelica." — A bhfuighfidh an Ghaedhilig bás? AN CÚIGEADH ALT, duille 24. Riachtanas leabhar sa nGaedhilig. — Litreacht mhór na Breathnuise. — Na mín-theangthá atá faoi Austria. — Ní'l siad fághail báis. — Seandachd agus mórdhacht na Gaedhilge a g-comórtus leo. — Mín-theangtha Mór-thíre na h-Eorpa beo fós agus faoi bhláth. — Gaedhilig in Albain. — 'Sé tíorghrádh saoras teangtha. AN SEISEADH ALT, duile 32. Mimheas na ndaoineadh isiol ar an Gaedhilig. — An gasún bocht nach labhairfeadh Gaedhilig. — Mímheas ar an Gaedhilig re fághail a measg na nEireannach. — Gaedhilig in America dáfhichid bliadhain ó shoin. — Mímheas ar an mBeurla a Sasain a n-allód. — 'Sé an claidheamh leathnuigheas teangtha. — Mórán cumann Gaedhilge ar na gcur ar bun go déigheanach. — Tá leabhar Gaedhilge teasduighthe uainn. AN SEACHTMHADH ALT, duille 39. Stáid mhío-adhmhar na Gaedhilge ar feadh mórán aois. — Sgriosda deunta leis na Lochlannuighibh. — Troid a measg na riogh cúigeach. — Léirsgrios na h-Eireann tar éis gabhála Luimnigh. — Teirce daoineadh eolach ar an
Gaedhilig san ochtmhadh aois deug. — Seáan O Donnabhain an fear do chuir aithbheoghadh na Gaedhilge ar bun ar dtús. — Eamon O Raghailligh. — Eoghan O Comharaidhe. — Stáid bhocht na Gaedhilge anois. — An Saoi Stócs, — Ní'l mórán maitheas do'n Ghaedhilig aistriughadh sean leabhar. — Dánta le O Donnabháin. — Píosa beg sean Gaedhilge leis an Saoi Stócs. AN T-OCHTMHADH ALT, duille 53. Feall na na n-Albanach ar an Gaedhilig. — Rinneadar atharrughadh innte gan cúis. — An "Leabhar Dier." — Somplaidhe Gaedhilge ceirte do sgriobhadh in Albain. — Adhbhar f'a ndearnadar na h-Albanaigh atharrughadh sa nGaedhilig. — An leithsgeul bacach deunaid d'a h-athar- rughadh. — An Tiomna Nuadh déigheanach a nGaedhilig na h-Alban. — Rinne na h-Albanaigh nidh nach dearnadh le h-aon chineadh eile. AN NAOMHADH ALT, duille 67. Riachtanas páipeur nuaidheacht a nGaedhilig. — Ní'l acht aon cheann san domhan, "An Mac Talla." — Riach- tanas airgid chum páipéir do chur ar bun. — Glaine teanga. — Focail nuadha. — Modha nuadha labhartha. — Ait-anmanna na h-Eireann. — Litre nuadha. — Teirce clódhadórach thuigeas Gaedhilig; ba chóir dhóibh í fhoghluim. AN DEACHMHADH ALT, duille 75. An t-sean Ghaedhilig. — Baramhala coithcheanna d'a taoibh. — Ní ceart an modh in a bhfoillsighthear an chuid
is mó de'n t-sean Ghaedhilig. — Sompla Gaedhilge de'n aonmhadh aois deug. — Sompla as an Leabhar Breac. — Rainn ó'n "bhFéilire." AN T-AONMHADH ALT DÉAG, duile 82. Cá h-áit a labharthar an Ghaedhilig is feárr? — Gaedhilig cúige Mhumhan. — Gaedhilig cúige Chonnacht. Gaedhilig cuige Uladh. — Gaedhilig Dúin-na-nGall. — Mallacht de "Locánacht." AN DARA h-ALT DEUG, duille 91. Sompla Gaedhilge sgriobhtha le Seáan O Neill san seiseadh aois deug. — Ní furas í thuigsin. AN TREAS ALT DEUG, duille 96. Ní h-áil le luchd an Bheurla teangtha coigcriocha. — Fraincigh na Canada. — Mórdhachd an Bheurla. — Meud daoineadh dá-theangach a nEuróip. — Binneas na Gaedh- ilge.
TEANGA THÍORAMHUIL NA h-ÉIREANN. Tá ádhbhar re meas go bhfuil an Ghaedhilig níos sine 'na aon teanga eile na h-Eorpa, gidh nach bhfuil aon sgribhinn innte chómh sean le sgribhinn atá sa nGréigis no san Laidinn. Feudtar a rádh nach tig linn dearbhadh do thabhairt go bhfuil an Ghaedhilig níos sine no chómh sean le Gréigis no le Laidinn, óir ní fheudamuid aon sgribhínn Gaedhilge do thais- beunadh do sgriobhadh roimh aimsir Naoimh Phátraic. Is fíor nach bhfuil aon leabhar Gaedhilge láimh-sgriobhtha 'gainn chómh sean le aimsir an naoimh sin féin; acht is cóir dhúinn cuimhniughadh gur labharadh gach uile theanga sul sgriobhadh iad, agus nach iad na teangtha ba thaosga do sgriobhadh, na teangtha is sine. Acht ní'l aon dearbhadh againn nar sgriobhadh an Ghaedhilig míle bliadhain sul thosuigh na h-Eireannuigh úsaid do dheunamh de na litribh
Romhánacha in a sgriobhthar an leabhrán so. Tá lán eolais againn go raibh modh sgribhinne aca in Eirinn a bhfad sul sgriobh daoine sna litribh dá ngoirthear litre Gaodhalacha no Eireannacha, eadhon, an sgribhinn Oghaim. Ní'l aon eolas ag aon duine cá h-am do cleachtadh an modh sin sgribhinne ar dtús leis na h-Eireannachaibh. Acht deir Nennius do sgriobh stáir Breataine agus Eireann san naomhadh aois, gurab é Ogma dearbhrathair an righ dá ngoirthear "an Dagda" do bhí ós cionn Tuaithe de Danann, do thug eolas litreadh d' Eirean- nuighibh ar dtús; agus do mhair "an Dagda" mórán níos mó 'na míle bliadhain roimh Criosd, do réir na seanchaidh Eireannach. Ní h-inmheasta go g-cuirfidhe síos Nennius nidh do bhí gan ughdaras, agus é 'na Bhreathnach ag sgriobhadh ar Eirinn. Is ó'n Ogma sin goirthear an cineul sgribhinne dá dtugthar "Ogham" mar ainm. Ní'l aon ádhbhar againn re meas nach raibh eolas ag na h-Eireannachaibh ar sgribhinn Oghaim míle bliadhain roimh Criosd. 'Sí baramhuil na ndaoineadh is eolaighe ar an g-cúis so gurab in aimsir Naomh Phátraic tháinic eolas na litreadh Romhánach chum Eireann; óir gan amhrus 'siad litre Romhánacha na litre dá ngoirthear go coitcheann, litre Gaodhalacha. Tá gach aon litir na h-aibgitre Romhánaighe re fághail sa t-sean Gaedhilig;
acht sí baramhuil mórán daoineadh foghlumtha gurab iad na h-Eireannuigh do chum ar dtús na litre Gaodh- alacha as na litribh Romhánacha. Chídhtear dhamhsa, agus ba h-í baramhuil móran nach mé, nach raibh aon mhodh sgribhinne níos deas-lámhaighe 'na níos aoinfhilte na an t-Ogham. Má do bhí duine ann riamh darab chóir a bharamhuil do chlos ar an gcúis so, ba h-é Eoghan O Comharaidhe; agus ag labhairt ar an Ogham dubhairt sé nar bhféidir le h-aon duine dith inneall sgribhinne do bheith air chómh fhad a's do bheidheadh bata 'na láimh, agus sgian in a phóca; óir leosan amháin bhí na h-uile neithe aige do bheidheadh a dteasdáil uaidh chum sgribhinne Oghaim do chumadh. 'Sí mo bharamhuil féin agus 'sí baramhuil moran daoineadh eile, go raibh eolas ar an Ogham, no ar chineul sgribhinne eile, ag na h-Eireannachaibh ó'n aimsir imchéin; agus cuirfead síos beagán de na h-ádhbharaibh f'a measaim go raibh eolas ar chineul sgribhinne aca níos mó 'na míle bliadhain roimh geineamhuin Chriosd. Tá mé cinnte go mbeidh baramhuil na coda is mo de na daoinibh atá eolach ar neithibh bheanas leis an Gaedhilig, "Aoinfhilte,"ionann an focal so agus "simplidhe," acht measam nach cóir an focal déigheannach do chleachtadh, óir ní fad ó tháinic sé asteach sa nGaedhilig. Tá "aonfhilte" re fághail i nGaedhilig na h-Alban. Is maith an focal é, agus is ionann a chiall le céill na fréimhe Laidne as a dtáinic "simplidhe."
am aghaidh; acht 'sí cúis í nach socróchar, bfhéidir, go deo, agus tá ceart d'a bharamhuil féin ag gach aon duine. Tá a fhios ag gach uile dhuine eolach ar stáir na h-Eireann go dtéidheann sí ar ais go dti beagnach dá mhíle bliadhain roimh geineamhuin Chriosd; agus go luaidhtear anmna mórán riogh, na catha in a dtroideadar, agus mórán d'a n-eachtraibh, do bhean ris na Fearaibh Bolg agus na Tuathaibh de Danann sul tháinic meic Miledh chum Eireann, agus tháinic siadsan innte níos mó 'na míle bliadhain roimh geineamhuin Chriosd. B'fhéidir go ndearfar le daoinibh éigin nach cóir aon t-suim do chur san nidh dá ngoirthear "seanchus bárdach"; acht 'nuair chídhmid go mairid in ár measg andiu, focail éigin, eidir anmnaibh daoineadh, anmnaibh áiteadh 'gus anmnaibh neitheadh, in a gcoiméadtar anmna daoineadh do mhair níos mó na ocht gcéad bliadhain deug roimh Geineamhuin Chriosd, is éigean dúinn a rádh go bhfuil bunait fírinne san "seanchus bárdach" so. Tá a fhios ag gach aon thuigeas Gaedhilig nach bhfuil acht aon ainm san teanga sin ar an ochtmhadh mí sa mbliadhain, eadhon, "Lúghnasadh." Cas is ciall de'n fhocal sin? "Ní annsa," mar a deirthi é leis na daoinibh fad ó, na daoinibh do sgriobh an "Dinseanchus" ins na sean leabhraibh Eireann. 'Sí ciall an fhocail "Lúghnasadh,"
na cluichthe, nó cleasa de Lúgh. Agus cia h-é an Lúgh so? Rí de Thuathaibh de Dannan do mhair níos mó 'na ocht gcéad bliadhain deug sul rugadh ár Slánuigh- theoir! Cá h-áit a bhfuair na h-Eireannuigh an focal so atá beo anois in gach áit in Eirinn agus in Albain in a bhfuil an Ghaedhilig d'a labhairt? Fuaradar é ó'n Lúgh sin, agus is uaidh do goireadh an t-ochtmhadh mí, óir is 'na tosach do céileabharthaoi na cluichthe do rinneadh leis a n-onóir a mháthar. Acht tá focal eile níos tábhachtaighe fós, óir is ainm áite é. 'Sé an focal "Tailtean" is mian liom luadh. Tá a fhios ag gach aon go bhfuil Tailtean ceithre mhíle ó Cheannanus a gCondae na Midhe. Cad f'a bhfuil an t-ainm sin uirri? De bhrigh gurab ó "Thailte," máthair an Lúigh sin dá ngoirthear Tailtean; agus is geineamhnach de "Thailte" Tailtean; óir tá cás geineamhnach an fhocail "Tailte" deunta le cur an litir "n" in a dheireadh, mar mórán focal eile sa nGaedhilig. 'Sí Tailtean atá ar an áit sin fós 'nuair labharthar uirri a nGaedhilig; agus 'sé truailleadh an anma Gaedhilge an t-ainm Beurla atá ar an áit sin andiu. Cionnos is féidir le h-aon duine dá bhfuil míniughadh no ciall an dá fhocal so, Lúghnasadh agus Tailtean, eolach, gan creideamh do chur san stáir no "seanchus
bárdach" na h-Eireann? Ní'l aon mhodh in a dtig linn marthuinn an dá fhocal so do mhíniughadh go dti an lá so, muna gcuirimid suim san "seanchus bárdach" na h-Eireann. Ní h-iad an dá fhocal so amháin in a bhfuighmid dearbhadh go dtéidheann stáir na h-Eireann níos faide ar ais a n-eadarsholus an t-saoghail 'na stáir aoin tíre eile na h-Eorpa, óir tá mórán áiteadh eile ar fud na tíre d'fheudamuid chómharthughadh ó n-a n-anamnaibh, le anamnaibh daoineadh do mhair níos mó 'na dhá mhíle bliadhain ó shoin. A n-aon fhocal, ní bhfuil aon tír eile na h-Eorpa in a bhfeudamuid an meud sin áiteadh do chómharthughadh le daoinibh do mhair fad ó, a's d'fheudamuid in Eirinn; agus ní'l aon fhear ciallmhar a's cneasda re fághail nach dearfadh go bhfuil fírinne choitcheann sean stáire na tíre beagnach dearbhtha le somplaibh mar iad so tugthar shuas. Cionnos do tharlaigh go raibh seanchuidhe na h-Eireann cumasach ar anmanaibh dáfhichid riogh do mhair níos mó 'na míle bliadhain roimh an Ioncholnughadh do thabhairt dúinn muna raibh eolas ar chineul éigin sgribhinne aca? So ceist nach furas freagradh do chur uirri. B'fhéidir gur fheudadar cunntas do choimeud ar stáir na tíre ó bheuloideas amháin; acht ní inmheasta sin,. D'fheudadar é sin do dheunamh ar feadh céad no dá chéad
bliadhan; acht cionnos d'fheudadar é sin do dheunamh ar feadh míle bliadhan? Ar chur gach uile nidh le chéile, ar smuaineadh go geur ar an gceist, agus ar fheicsin go bhfuil dearbhadh againn ar mórán dá ndúbhairt siad a dtaoibh neitheadh do tharlaigh níos mó' ná míle bliadhain roimh an Ioncholnughadh, is éigean dúinn do mheas go raibh cineul éigin sgribhinne ar na chleachdadh leis na h-Eireannuighibh ó'n aimsir imchéin.
AN DARA H-ALT. Ní'l aon cheist bheanas ris an Gaedhilig ar a bhfuil na daoine atá eolach urri níos mó roinnte 'na ar cheist na litreadh in ar cóir í do sgriobhadh. Tá 'n troid so in Eirinn um na litribh an chosamhuil ris an troid ar an gceist ceudna do bhí a nGear- main ceud, no ceud go leith bliadhain ó shoin. Ní'l an cheist socruighthe i nGearmain níos mó 'ná in Eirinn, agus is cosamhuil nach mbeidh sí socruigthe annso ná annsud go deo. Tá mórán taobh ar an gceist so na litreadh, agus tá móran ionráidh ar gach taoibh aca. Acht is cinnte go bhfuil aon nidh bheanas ria ar nach bhfuil aon amhrus, eadhon, go bhfuil an chuid is mó de na h-Eireannuighibh ar thaoibh na sean litreadh agus a n-aghaidh cleachdaidh na litreadh Romhánach a sgribhinn Gaedhilge.
Tá dá ádhbhar f'a bhfuil usáid na sean litreadh diobhálach do'n Ghaedhilig; an chéad ádhbhar, mar gheall ar mhór chosdus díobh a gcomórtus le cosdus na litreadh Romhánach. Cuir a gcás go raibh dúil ag duine leabhar do dheunamh clobhuailte sa nGaedhilig, do bheidheadh a chosdus aon cheathramhadh níos mó dá gclobhuailfidhe sna sean litribh é, i n-áit na litreadh Romhánach; an dara ádhbhar atá a n-aghaidh na sean litreadh, ní'l aon chló italacach ionnta; agus is eol do gach aon úghdar gur riachdanach dhó ar uairibh cló italicach do chur a bhfeidhm. Ar an dtaoibh eile is éigean dúinn admháil go bhfuil an chuid is mó de litreacht na Gaedhilge sgriobhtha sna sean litribh, agus go bhfuil sean litreacht na teanga sgriobhtha ionnta go léir. Tuilleadh fós, is fíor gurab an dheas iad na sean litre; agus gidh go scanruighid daoine éigin ó fhoghluim na Gaedhilge, cuirid dúil ar dhaoinibh eile d'a foghluim. Ní fheicim féin aon t-slighe as an deacrachd, acht leigean do gach aon a rogha féin. Leig dóibh so thoiligheas sgribhinne no leabhair do dheunamh sna sean litribh no sna litribh Romhánacha, a rogha féin do bheith aca. Is mar sin ata sé a nGearmáin. Tá an Ghearmáinis sgriobhtha san dá mhodh. Tá an chuid is mó de na páipeuraibh nuaidheachta san gcló Goticach no Gearmánach, agus tá an chuid is mó de na leabhraibh thráchtas ar ealadhain, san gcló Romhánach.
Deirthear nach bhfuil aon dithfir eidir cosdus de chlóbhualadh san dá litir a nGearmáin; agus dá mbeidheadh an cló Gaodhalach chómh líonmhar leis an gcló Romhánach san tír so, ní bheidheadh aon dithfir in a gcosdus. Is fíor é go bhfuil na leabhair Gaedhilge atá clobhuailte sna sean litribh mórán níos deise do'n t-súil iona na leabhair foillsighthear san gcló Romhánach; acht tá níos mó earrád re fághail ionnta, go coitcheann, óir brisid na puinc ós cionn na litreadh go furasda ag dul tres an bhfáisgean. Ní'l aon fhear beo anois d'aistrigh no do sgriobh an meud Gaedhilge leis an Saoi Stócs, acht níor fhoillsigh sé riamh aon leabhar Gaedhilge nar clobhuaileadh sna litribh Romhánacha. Tabhairid na litre Gaedhilge faill mhór do dheagh sgriobhadoir chum sgéimhe a sgribhinne d'fhoillsiughadh. Ní fhacas riamh sgribhinne chómh deas le sgribhinn Gaodhalaigh. Ní thráchdaim anois ar na sean leabhraibh móra, mar Leabhar Laighean agus Leabhar na h-Uidhre, acht an leabhraibh sgriobhtha taobh isdigh dá chéad no trí chéad bliadhan, agus atá re feicsin sa gColáiste na Trionóide agus a n-áitibh eile a n-Ath-cliath. 'Sé an nidh is aistighe a dtaoibh sgribhinne Gaodhailighe nach iad na daoine is feárr sgriobhas na litre Romhánacha is feárr sgriobhas na litre Gaodhalacha. Tá nidh eile a dtaoibh sgribhinne sna sean litribh atá níos aistighe fós,
tá mórán díobh so sgrobhas í go h-áluinn, agus iad gan aon eolas ar bith ar an Gaedhilig! Ba chóir gan aon troid níos mó do bheith in ár measg a dtaoibh na litreadh in a sgriobhfar no in a gclobhuail- fear an Ghaedhilig. Deunidh troid um an gcúis so mórán dioghbhála; agus mar a dúbhras cheana, ní bheidh an cheist socruighthe go deo. Chómh fhad a's maireann an Ghaedhilig, beidh sí sgriobhtha agus clobhuailte san dá mhodh. Ba mhaith liom go mbeidheadh níos mó Gaedhilge a gclo againn, is cuma cad iad na litre in a sgriobh- fidhe í. 'Siad leabhair agus litreacht na neithe atá teasdail uainn má's mian linn an Ghaedhilig do shaoradh ó bhás. Dá mbeidheadh gach duine in Eirinn eolach uirru, agus í do bheith gan go leor leabhar de gach aon chineul litreachta innte, ní féidir lei marthainn acht ar feadh tamaill. Ba h-í dith leabhar innte ar feadh na dtri aois déigheanach do thug ar an Gaedhilig do bheith san stáid in a bhfuil sí, cadhon, ar bhruach bháis. Acht saorfear ó bhás í má's mian linn a saoradh.
AN TREAS ALT. Gidh go bhfuil an Ghaedhilig níos sine 'na aon teanga eile atá d'a labhairt in Eoróip anois, taobh amuigh na Gréigise, agus gidh go bhfuil sean litreacht innte atá níos mó agus níos fáirsinge 'na sean litreacht aoin teanga na roinne sin domhain, taobh amuigh na Laidne, ní'l aon teanga san domhan, agus ní raibh aon teanga ann ariamh, do chuaidh ar euloghadh chómh luath lei, gan cath gan cogadh. Bhí teangtha san domhan fuair bás go h-obann, de bhrigh gur marbhadh go h-obann iad sin do labhair iad. Is mar sin fuair teanga Chartago bás, óir do marbhadh na daoine dar teanga í leis na Romhánachaibh. Ní'l aon sompla dhi re fághail anois, acht na beagán línteadh atá san úghdar Romhánach, Plautus. Ní mór an t-iongnadh go bhfuil teanga Chartago marbh. 'Sé an t-iongnadh
d'a chineul is mó dá bhfuil san domhan, Gaedhilig Eireann agus Alban do bheith mar atá sí. Gan cogadh, gan geirleanmhuin, tá sí ag euloghadh, ní amháin as beul acht as cuimhne na ndaoineadh dar máthair-theanga í; agus rud níos iongantaighe fós, is le ciuineas stáide na tíre, le feabhas stáide na ndaoineadh, agus le díolaithir cogaidh, atá "Teanga Thíoramhuil na h-Eir- eann," ag dul níos luaithe ar euloghadh! 'Nuair bhí cogadh agus troid san tír, an tan ba "bhród na beathadh" iad, bhí an Ghaedhilig d'a labhairt ó bhárr go bun na h-Eireann. Is iongantach é, agus is truagh re smuaineadh ar an luas le'r euloigh an Ghaedhilig as áitibh in ar labharadh í go coitcheann caogad bliadhain ó shoin. Bhí mé in Ath- luain ar an t-Sionainn ar lá mhargaidh sa mbliadhain 1841, no 42. Bhí an baile lán de dhaoinibh; agus chonnarcas dam go raibh deich ndaoine ag labhairt Gaedhilge a n-aghaidh aoin duine do labhair Beurla. Is cinnte go raibh móran níos mó Gaedhilge 'na Beurla d'a labhairt ag an uair sin a n-Ath-Luain; acht a nois, is féidir le duine bheith sa mbaile sin ar feadh bliadhna gan aon fhocal acht Beurla do chlos. Deirthear é go raibh mórán Gaedhilge d'a labhairt a gCondae Ath'- cliath chómh déigheanach le tosach na h-aoise so. Deir
Eoghan O Comharaidhe a n-aon d'a litribh atá re feicsin san Ard Sgoil Rioghamhuil a n Ath-cliath, go "bhfaca sé fear agus bean do bhí 'na gcomhnuidhe timcheall míle go leith ó Thamhlacht a gCondae Ath'-cliath agus do mhair in sin ar feadh a mbeathadh go léir, do labhair deagh Ghaedhilg ris sa mbliadhain 1837. Ba h-iongnadh mór é d' O Comharaidhe, Gaedhilig do chlos uatha, agus d' fhiafruigh sé dhíobh cá h-áit a bhfuaradar a nGeadhilig, agus cá h-áit as a dtangadar. Dúbhradar ris go rugadh agus gur tógadh suas san áit sin iad; agus 'nuair do bhadar óg, nach cualadar focal Beurla acht ó tiománuighibh capull ó Ath-cliath. Bhí na daoine so 'na gcomhnuidhe timcheall cúig míleadh Eireannach ó cheart lár cathrach Ath'-cliath. Ní eulóchadh an Ghaedhlig chómh luath sin uainn má do bhí sí d'a labhairt le daoinibh foghlumtha, agus má do bhí níos mó leabhar agus Irisleabhar innte. Má's mian linn an Ghaedhilíg do mharthainn, is éigean dúinn í do thabhairt fa mheas. Má saorfar an Ghaedhilig ó bhás, saorfar í mar do saoradh na h-uile theangtha eile atá faoi bhláth anois, agus do bhí, ní fad ó 'ndiú, a stáid tinnis agus laige níos measa go mór iona an stáid in a bhfuil teanga na h-Eireann anois. Tá trí theangtha in Euróip agus ba h-éigean do gach aon
Eireannach bhreathnughadh go maith orra, agus d'a dtabhairt faoi deara; 'siad so an teanga Breathnuise, an teanga Gearmáinise, agus an teanga mhór sin atá a ndán re bheith 'na teanga bhus mó san domhan, eadhon, an Ruisis. Cionnos do saoradh na teangtha so ó bhás? Ní'l acht aon fhreagra 'mháin ar an gceist so. Do saoradh iad le n-a ndeunamh measamhuil; 'sé sin, le cur a gcló na bhfocal agus na bhfoirm dob fheárr agus ba cheirte do bhí ionnta; gan canamhuin daoineadh aineolach do chlobhualadh; aon cheann theanga do dheunamh as gach teanga dhíobh, agus gan teanga acht í do chur a gcló. Céad go leith bliadhain ó shoin bhí teanga na Breataine níos laige agus níos tinne 'na tá an Ghaedhilig anois. Níor labharadh í acht leis na daoinibh isle agus aineolacha. Bhí an meud sin dithfre eidir canamhuin tuaiscirt agus deiscirt na Breataine, nar bhféidir le daoiníbh tuaiscirt agus deiscirt na tíre, thuigsin a chéile. Ní raibh leabhair clóbhuailte ag na Breathnuighibh acht an Biobla agus beagán leabhar urnuighe. Ní raibh mórán measta ag na Breathnachaibh* féin ar a dteanga, agus ní raibh meas ar bith ag na cineadhaibh eile uirri. Acht d'eirigh suas fear do shaor teanga na Breataine ó bhás, agus níor ba Bhreathnach é, acht Sacsanach darbh ainm * Feuch Réamhfhocal, míonalt 4.
Bhesli. Chonnairc sé nach raibh aon ghrádh ag na Breathnachaibh ar an Eagluis Shacsanaigh do bhí suidhte 'na measg; agus ba mhian leis baill d'a eagluis féin do dheunamh dhióbh. Do thogh sé sé no seacht bhfir óga, cuid aca Sacsanach agus cuid eile Breathnach. Chuir sé iad go coláiste a mBreatain chum na teanga Breathnuise d'fhoghluim. Chómh luath as bhiodar a ndán seanmóiridhe do dheunamh a mBreathnuis, do sgaoil sé iad ar fud na tíre. Ba dhaoine deagh labhartha iad, agus do rinneadar atharrughadh mór a n-inntinnibh na m- Breathnach, óir níor labhair na cléirigh do bhean le h- eagluis na Sacsan, a mBreathnuis acht go h-anamh; acht níor labhair cléirigh Bhesli acht Breathnuis ar fad. Ní fad go raibh leabhair Breathnuise chómh líonmhar a m- Breatain a's tá leabhair Ghaedhilge gann in Eirinn anois. D'fhás suas litreacht mhór nuadh Breathnuise san tír; agus anois, ní bhfuil cine eile san domhan, d'a meud, ag a bhfuil litreacht chómh mór a's atá ag na Breathna- chaibh. Ní le clobhualadh canamhuin truaillighthe do saoradh teanga na Breataine ó bhás, acht le feabhas na teanga do chur ós comhair na ndaoineadh a leabhraibh agus a seanmóiribh. Deunadh na h-Eireannuigh an meud sin ar son a dteanga a's do rinne na Breathnuigh ar son a dteanga, agus ní fad go mbeidh an Ghaedhilig faoi bhláth arís.
Ní thiocfaidh an Ghaedhilig chum chinn go deo chómh fhad a's nach innte acht teanga na mbocht agus na n- aineolach. Bhí am ann nuair nar labharadh an Ghear- máinis agus an Ruisis acht le daoinibh gan fhoghluim. Do labhair na daoine móra Fraincis a nGearmáin agus a Ruisia; agus dá labharfaidís a dteanga féin ar uairibh is us na bocht agus ris na searbhoghantaibh do labhara- daois í. Bhí sé mar sin i nGearmáin go dtí an seiseadh aois deug, agus bhí sé mar sin a Ruisia go dti tosach na h-aoise déigheanaighe. Dúbhradh nar fheud an cheud Nicholas, an té do mhair a n-aimsir cogaidh na Crimea, a theanga féin do labhairt, agus nar thuig sé í acht go h-olc. Ní raibh aon mheas ar an Gearmáinis ná ar an Ruisis no gur cleachdadh iad leis na daoinibh foghlumtha agus mínighthe. Beidh sé mar sin leis an Gaedhilig. Is inmheasta é agus do réir céille, nach feudaid daoine neamhfhoghlumtha aon teanga do thabhairt fá mheas gan congnamh na ndaoineadh foghlumtha. 'Siad na daoine eolacha, agus iadsan amháin le bhféidir a dheunamh. Da mbeidheadh an Ghaedhilig d'a labhairt ar fud Eireann go léir, agus í do bheith gan leabhar 's gan litreacht innte, ní bheidheadh lide níos mó measta uirri na tá anois. B'fhéidir nach bhfuil ceart agam 'nuair a deirim nach tabhairfinn traithnín í do bheith mar bhí sí
leath-chéad bliadhain ó shoin, eadhon, d'a labhairt le níos mó 'na tri millíunaibh daoineadh, agus gan meas ag aon duine foghlumtha uirri, agus gan leabhar clobhuailte ná irisleabhar innte acht an Biobla, beagán leabhar urnuighe, agus leabhar sgeultadh. Ní'l mórán measta ar an Ghaedhilig anois, faraoir, acht tá seacht n-uair níos mó measta uirri anois iona do bhí céad bliadhain ó shoin 'nuair a bhí sí d'a labhairt le tri millíunaibh duine; agus creud fáth? De bhrigh go bhfuil na daoine foghlumtha d'a tabhairt fá deara anois. Caogad bliadh- ain ó shoin dearfuidhe gurabh ar buile an té do chaith- feadh aimsir ag foghluim Gaedhilge. Dá mbudh muintear ná h-Eireann, 'sé sin, na daoine foghlamtha, cúaramach um an Gaedhilig fad ó, agus d'a foghluim mar atá mór chuid diobh d'a foghluim anois, do bheidheadh litreacht mhór innte anois, ag cómháireamh páipeur nuaidheacht agus irisleabhar de gach cineul, mar atá san teanga Bhreathnuis a mBreatain. A bhfoclaibh eile, má tháinic dúil d'aithbheoghadh na Gaedhilge caogad bliadhain níos moiche nuair do bhí milliún go leith níos mó daoineadh d'a labhairt, do bheidheadh mórán níos mó maitheasa deunta. Acht tá sé a gcumas na nEireannach fós, a dteanga thíoramhuil d'aithbheoghadh agus do thabhairt faoi mheas a rís.
AN CEATHRAMHADH H-ALT. Feudtar a rádh nar cuireadh móran leasuighthe ar an nGaedhilig fós ó mhór chuid na ndaoineadh mór agus foghlamtha atá d'a foghluim; oir tá sí ag dreoghadh agus ag eulóghad níos luaithe anois ameasg na ndaoineadh dar teanga í ó aimsir imchéin, iona in aon aois ó labharadh ar dtús í. Cuirid cathaoire Gaedhilge ar bun ar feadh na Gearmáine agus tírtheadh eile, agus ní meastar aon fhear do bheith fíor fhoghlamtha 'nois muna bhfuil eolas ar Ghaedhilig aige; acht a n-aimhdheoin na neitheadh so, tá an Ghaedhilig ag dul uainn níos luaithe 'nois iona do chuaidh sí uainn a riamh. B'fhéidir go bhfuil sí ag fás ins na cathrachaibh móra agus a measg na bhfoghlumtha; acht tá sí ag crionadh agus ag dreoghadh ar na máchairibh 's ar na sléibhtibh ameasg na ndaoineadh isa* a sinsear bhí d'a *"Isa"; sean fhocal é so ba cheart do thabhairt ar ais chum usáide coitchinne; ionann a chiall leis an bhfocal Fraincis dont. Deirthear "dá" 'n a áit anois.
labhairt ar feadh milteadh bliadhan. Cionnos is féidir linn an rud iongantach so do mhíniughadh? Ní fheicim féin aon ádhbhar f'a nach bhfuil na daoine chomhnuigheas ar na sléibhtibh 's ar na máchairibh ag cur níos mó suime ins a nGaedhilig, acht amháin nar mhothuigh siad agus nar airigh siad an aith-bhreith so d'a dteanga fós. Is mall ghluaiseas inntinne daoineadh. 'Nuair leanaid slíghe éigin ar feadh mórán bliadhan, is cuma ma's slighe cheart no micheart í, is cruaidh an nidh é thabhairt orra d'a fágail agus slighe eile do leanamhuin. Caithfidh sinn bheith foighdeach. 'Nuair chítear leis na daoinibh chomhnuigheas ar na sléibhtibh agus ar na máchairibh, go bhfuil daoine móra foghlumtha atá fá mheas agus fá chlú, ag foghluim na Gaedhilge agus d'a múnadh d'a gcloinn, agus 'nuair chífid leabhair agus irisleabhair innte, beidhid níos cúramaighe d'a taoibh; agus mar do tharla a mBreatain, a nGearmáin agus a Rusia do theangthaibh na dtírtheadh so, saorfar teanga eile ó bhás. 'Sé an baoghal is mó atá roimh an Gaedhilig, go n-eugfaidh sí sul thiocfas laethe seunmhara a fíor-aithbheodhtha. Bhí mórán deunta ar son ár dteanga tíoramhla ar feadh na cúig a's fichead bliadhan chuaidh thart. Do cuiredh ar bun mórán comann chum í do chúmhdach, agus cum leathnaighthe eolais di. Bhí mórán leabhar foill-
sighthe innte agus mórán sean sgribhinn Gaedhilge aistrighthe ó Ghaedhilig go Beurla. 'Siad an dá leabhar Gaedhilge is mó agus is tábhachtaighe do clobhuaileadh ar feadh mórán bliadhan, "Tri Bior Ghaoithe an Bháis" agus "Silva Gadelica." Ní fheudann aon neach aon locht d'fhághail ar an gceud leabhar diobh so, acht amháin do rádh go bhfuil mórán earrád cló ann. Ba mhaith liom go bhfeudfainn an céadna do rádh a dtaoibh "Silva Gadelica." Tá a chuid Beurla maith go leor; acht is soilléir nar chuir a fhear eagair mórán suime sa nGaedhilig, óir tá sí do-thuigsin acht do mhacaibh maithe léighinn. Tá iomad alt ann, as sean litreacht na h Eireann, thráchtas ar bheartaibh ba mhó 's ba thábhacht- uighe a stáir na tíre, agus is truaghe mhór í nach bhfuil an Ghaedhilig ann a gcuirthear síos iad, níos soilléire agus níos usa re tuigsin dóibh so nach raibh faill ná am aca na sean leabhair Gaedhilge do scrúdadh ná do léigheadh. An aimhdheoin an mhéid do rinneadh ar son na Gaedhilge ar feadh na gcúig a's fichead bliadhan chuaidh thart, ní chluinimíd go bhfuil na daoine óga ar fud na tíre, sna h-áitibh in a bhfuil an t-sean theanga d'a labhairt fós, ag cur níos mó suime innte; acht go contrárdha cluinimid go bhfuilid ag eirghe as a labhairt ó ló go
ló, a modh go bhfásaid suas 'na bhfearaibh agus 'na mnáibh gan focal de theanga a dtuismightheorach do thuigsin. Má leanaid na daoine óga atá 'na gcomhnuidhe a nGaedhealtacht na h-Eireann ('sé sin na h-áite in a labharthar an Ghaedhilig fós) an t-slighe ar a bhfuilid anois, ní bheidh focal Gaedhilge fíor beo in Eirinn a gceann caogad bliadhan. Cionnos is féidir linn thabhairt ar na daoinibh óga ar feadh na tíre níos mó suime do chur sa nGaedhilig? So ceist chruaidh, agus ní furas freagradh do thabhairt di. Chítear é gur chaill mórán Eireannach an nidh tábhachadach sin d'á ngoirthear "uabhar cinidh" leis na Sacsanachaibh. Dá mbeidheadh an t-uabhar cinidh sin is cóir do gach cine do bheith aca, ní dheunfadaois dearmad ar an nidh amháin thaisbeunas gur cine iad; oir má chaillid a dteanga thíoramhuil, ní bheidh aon cheart aca aon eidirdhealughadh do dheunamh eatorra féin agus daoinibh na Sacsan. Is mór an truaghe í nach bhfuil fear óg éigin againn cumasach ar oráideachaibh breágha do dheunamh a nGaedhilig, ionnus gur fheud sé dul ameasg na muintear labharas í fós, d'a mbrosdughadh a dteanga dhileas do choimeud; acht, faraoir, is tearc iad, labhairtheoiridhe maithe na Gaedhilge. Tá aon rud cinnte, eadhon, gur le labhairt agus leis sin amháin is féidir aon mhaitheas do dheunamh
a dtaoibh na Gaedhilge ameasg na ndaoineadh labharas í. Is an bheagán díobh a d'fhéadas í léigheadh; is tré n-a gcluais acht ní le n-a súil brosdóchthar iad meas do chur ar a dteanga, agus d'a coimeud ó bhás. Is mór an t-iongnadh é nach bhfuil níos mó deagh labhairtheorach Gaedhilge re fághail in Eirinn. Tá mórán daoineadh léigheas agus sgriobhas í go h-an mhaith; acht is pionúsach d'a gclos 'nuair deunaid iarraidh oráid do dheunamh innte. 'Sé ádhbhar de so, dith cleachdaidh ar labhairt na teanga. Cleachdaid sgriobhadh agus léigheadh; ní chleachdaid labhairt, agus ar an ádhbhar sin ní labhairid go maith.
AN CÚIGEADH ALT. Ní fheudann aon teanga martainn anois gan leabhair. Bhí am ann 'nuair a d'fheud teanga marthainn gan leabhair, gan litreacht; acht tá mórán dithfre eidir an diú agus an allód, agus tá 'n t-am imighthe go deo, in ar fheud teanga marthainn gan litreacht. Ní raibh mórán daoineadh a d'fheud léigheadh no sgriobhadh sa t-sean aimsir, go h-airighthe sul clobhuaileadh leabhair, 'nuair ba riachtanach iad do sgriobhadh le peann. Ní raibh aon leabhar san domhan a n-allód a n-aghaidh na mílteadh leabhar atá ann anois. Ba h éigean, ar an ádhbhar sin, do theangthaibh marthainn gan litreacht sa t-sean aimsir mar gheall ar teirce leabhar; acht anois, nuair tig leis na h-uile dhaoinibh léigheadh agus sgriobhadh. ní
féidir le h-aon teanga marthainn gan litreacht innte. 'Siad leabhair agus seanmóiridhe do chongbhaigh teanga na Breataine beo; agus má mhairfidh an Ghaedhilig, is le leabhraibh, seanmóiribh agus litreacht coimeudfar beo í. Ní'l mórán eolais ag na h-Eireannuighibh ar an meud litreachta Breathnuise atá a mBreatain; agus cuirthear síos annso cunntas dí, tógthar as Ensiclo- pédia Chambers de'n bhliadhain míle, ocht gcéad, nochad a dó. Do réir an fhoillsighthe sin atá a mBreatain fiche páipeur nuaigheacht seachtmhaineach; eidir cúig deug agus fiche irisleabhair míosamhala; dá cheann eile foillsighthear dá uair sa mí; agus ceann amháin thigeas amach ceithre uaire sa mbliadhain. Tá na páipeura so agus na h-irisleabhair so go léir a mBreath- nuis. Ní leigthear aon fhocal amháin de Bhearla ionnta, má feudthar a sheachnadh. Taoibh amuigh an mhéid sin litreacht' aimsire, atá leabhair de'n uile chineul a dteanga na Breataine. Deirthear é le daoinibh ag a bhfuil eolas cinnte ar Bhreatain go gcaitear beagnach dá chéad míle punt sa mbliadhain ar leabhraibh Breathnise a mBreatain! Ní mór an t-iongnadh é go bhfuil teanga na tíre sin faoi mheas agus faoi bhláth. Taobh amuigh de litreacht agus de leabharaibh, 'siad
seanmóiridhe na neithe is feárr chum teanga do choimeud beo. Dá dtabhairfidhe seanmóiridhe a nGaedhilig gach Dómhnach ar fud Eireann mar tabharthar ar fud Breataine a mBreathnuis, ní fad sul chuirfidhe beatha nuadh sa nGaedhilig. 'Siad seanmóiridhe, níos mó 'na litreacht féin choimeudas beo na h-il-theangtha atá d'a labhairt in Austria. 'Sí Gearmáinis ceann-theanga agus riaghail-theanga na tíre. Ní ghéirleanann Austria na mín theangtha atá fuithe; tá sí ro ghlic amadánachd mar sin do dheunamh, óir tá fhios aice is móide d'fhásfadois dá ngéirleunfaidhe iad, tar cheann gur mian lei a marbhadh, agus Gearmáinis do dheunamh d'a labhairt ar fud na tíre go léir. Chonnarcas in America fear do bhí 'na oifgeach san armailte Austria, agus d'iarras air creud fá nar fheud Austria na h-il- theangtha míne so do dhibirt, agus do thabhairt ar na h-il- chineadhachaibh fuithe, Gearmáinis do labhairt. Dubhairt sé nar fheud Austria iad do dhíbirt chómh fhad a's beidh na sagairt d'a labhairt ó'n altóir. D'iarras air nach fíor é go bhfuil na mín-theangtha so ag dreoghadh, agus nach fíor é go bhfuil an Ghearmáinis ag leathnughadh agus ag marbhadh, beagán ar bheagán, na dteangthadh eile. Dubhairt sé nár fíor; acht go contrárdha go raibh an Ghearmáinis ag dreoghadh a gcuid de na
tírthibh as a ndeuntar impireacht na h-Austria, go h-airighthe a n-Ungarai agus a mBohemia. Tá cinn éigin de na tírthibh so faoi chúmhachd Austria ar feadh ceithre céad bliadhan; agus is éigean do gach fear san armailte Austria na focail orduighthe Gearmáinise do thuigsin; ní féidir le h-aon duine, suighiughadh ná oifig d'fhághail faoi riaghail na tíre muna dtuigeann sé Gearmáinis; gideadh, tá níos mó Polise, Bohéimise agus Ungaraise d'a labhairt in Austria anois iona do bhí in aon aimsir ó thús an domhain! Ní'l aon teanga de na teangthaibh nach bhfeudann Austria do mharbhadh, ná do dhibirt, níos mó 'na beagán aois d'a sgriobhadh; ní acht fáis aoin oidhche iad a g-comórtus leis an Gaedhilig. Ní''l aon t-sean litre- acht ionnta. Bhí an Ghaedhilig faoi bhláth, le míltibh leabhar innte sul rugadh aon teanga de na teangthaibh nach feudann Austria do mharbhadh ná do dhíbirt, agus díbreóchadh agus mharbhóchadh sí iad le casa súla dá dtiocfadh lei é sin do dheunamh; acht leanaid d'a labhairt na daoine dar teangtha iad. Ní féidir le mallacht, bagart ná bríb thabhairt orra d'a dtréigean; acht gan mallacht, bagart ná bríb, tréigid na h-Eirean- nuigh a dteanga uasal ársaigh bhinn mhín féin; agus deirid an chuid is mó dhíobh gur tíorghrádhuightheoiridhe iad! Is cine neamhchoitcheann sinn go deimhin!
Ní bhfuil aon teanga do labharadh ar mhór-thír na h-Eoirpe a n-allód nach labharthar ann anois. Má d'eug aon teanga thíoramhuil a n-Euróip ar feadh na cúig céad bliadhan chuaid thart, ní'l aon eolas agam uirri, agus ní chualas trácht uirri a riamh. Mairidh teanga na Breataine Bege a bhFrainc, gidh nach bhfuil mórán gráidh ag na Francaibh uirri, agus ba mhaith leo í do bheith marbh. Tá teanga na mBasg, muintear bheg chomhnuigheas a bhFrainc agus a Sbáin, beo agus faoi bhláth a n-aimhdheoin gach iarrata deuntar le Frainc agus le Sbáin chum na teanga sin do dhíbirt. Tá teangtha d'a labhairt in Austria nach labharthar le níos mó 'na beagán céad míle daoineadh, agus máirid a n-aimhdheoin iarrata Austria d'a marbhadh. Nach truagh an cás é gurab in Éirinn, agus innte amháin, atá teanga thíoramhuil ag fághail báis? Is fíor go bhfuil an Ghaedhilig ag dreoghadh, agus dar liom ag fághail báis a n-Albain chómh luath, agus b'fhéidir níos luaithe 'na a n-Eirinn; acht is deacair re radh má do bhí sí riamh 'na teanga thíoramhuil Alban mar ba theanga thíoramhuil Eireann í. Is fíór go raibh an Ghaedhilig, no canamhuin éigin do bhean ria, d'a labhairt ar fud Alban go léir a n allód; ta sin dearbhtha le anmnaibh áiteadh Iochtair Alban, a n-áitaibh in nar labharadh focal Gaedh-
ilge ar feadh níos mó na míle bliadhan. Bhí cine láidir Sacsanach a ndeasceart na h-Alban ó aimsir imchéin, ó 'n gcúigeadh nó ó'n seiseadh aois, gan amhrus; agus meastear é, a's tá sé inmheasta, gur dibreadh iad so do labhair Gaedhilig as soir-dheas na h-Alban ins an seiseadh aois, nó trí céad bliadhain deug ó shoin. Is follus, ar an ádhbhar sin, nach teanga thíoramhuil in Eirinn í. Ba h-aithis d'Albain an Ghaedhilig d'eug innte; acht ba h-aithis ceud uair níos measa d'Eirinn dá n-eugfadh a teanga féin sa bhfód in ar fhás sí ar dtús, agus in nar labharadh teanga eile ó thús an domhain go h-aimsir a claoite. 'Sé tíorghrádh shaoras teangtha ó bhás, agus bheireas orra do bheith cleachdtha agus saothruighthe. Is fíor é go bhfásaid teangtha beagnach amhuil fásaid baill an chuirp; acht muna bhfuil grádh orra ag na daoinibh darab teangtha iad, ní thiocfaidh siad bheith faoi mheas. Impoighmís ar súile an Ghearmáin, agus cad do chídhmid? Aon de na teangthaibh is mó dá bhfuil san domhan ar n-a saoradh beagnach ó bhás taoibh astigh dá nó trí céad bliadhan. Dá chéad bliadhain ó shoin, ba thruagh an stáid ann a raibh an Ghearmáinis; agus dá chéad bliadhain roimhe sin, bhí sí a stáid níos measa fós. Níor labharadh í go
coitcheann leis na daoinibh móra; 'siad Laidionn agus Fraincis do labharadaois níos mó 'na a dteanga féin. Ní raibh acht beagán leabhar innte. Bhí sí roinnte a mórán de chanamhnuibh. Níor thuigeadar a chéile daoine tuaiscirt agus deiscirt na tíre; acht faoi dheire chonnairc daoine críona gurab éigean aon teanga 'mháin do bheith san tír, agus gurab éigean na leabhair do bheith sgriobhtha innte, agus innte amháin. Do leann na daoine aineolacha a gcanamhuin féin do labhairt ar ais na teineadh, acht níor cleachdadh acht teanga na leabhar a n-áitibh publidhe, agus níor clobhuaileadh acht aon teanga 'mháin ins na leabhraibh, no ins na páipeu- raibh; agus anois, a n-aimhdheoin an mhéid de chanamhanaibh atá sa nGearmáinis, ní'l acht aon teanga san tír — an teanga in a sgriobhthar a litreacht go léir. 'Nuair innistear sgeul na Gearmáinise innistear sgeul na Ruisise mar an gceudna. Céad bliadhain ó shoin ní raibh an Ruisis faoi mheas a Ruisia féin, ná a dtír ar bith eile. Ní raibh sí d'a labhairt leis na h-uaislibh Ruiseacha, acht 'nuair ba h-éigean dóibh í labhairt ris na daoinibh do bhí futha, nar thuig Francais, ná aon teanga eile acht a gcanamhuin féin. Ní raibh acht an bheagán leabhar san Ruisis céad bliadhain ó shoin. Ní chuala an domhan ainm aoin úghdair Ruisigh, óir ní
raibh aon úghdar Ruiseach ann. Acht tá úghdair a Ruisia anois, sgriobhas a Ruisis; agus tá an meud sin measta ar na leabhraibh sgriobhaid go n-aistrighthear iad go Fraincis, agus go beagnach gach teanga eile.
AN SEISEADH ALT. Sé an nidh is iongantuighe a dtaoibh na Gaedhilge an mimheas agus an déistin atá ag an chuid is mó de na daoinibh uirri sna h-áitibh féin in a maireann sí fós, agus in a labharthar, no in a dtuigthear í go coitcheann. Ní féidir le h-aon duine dul in aon áit in iarthar na tíre gan an nidh so do thabhairt fa deara. Chídhfidh sé, mar an gceudna, gurab iad na daoine is aineolaighe 'gus is tuatachaighe ag a bhfuil an mimheas is troime ar theanga a sinnsear agus a n-dúthaighe. Is minic do beanadh gáire asam a gcúig Chonnacht, agus a gcúig-Mhumhain leis, ar chlos na ndaoineadh óg ag deunamh leithsgeul gan Gaedhilig do labhairt 'nuair ba h-éigean dóibh í do labhairt le sean daoinibh, agus ar fheicsin na n-iarradh do ghnidís re Beurla labhairt 'n a h-ait, agus iad ag tuigsin Gaedhilge maith go leor. Bhí mé a n-áit éigin a gCondae Mhuigheo um fichid bliadhain ó shoin. Chonnairc mé buachaill óg bocht,
agus é a ngiobailibh. Bhí madadh deas aige, agus thosuigh mé labhairt ris a nGaedhilig a dtaoibh an mhadaidh "An leatsa an madadh sin?" "a ndiolfá é?" "bhfuil grádh mór agad air?" Do thuig sé go h-an mhaith gach aon fhocal a dubairt mé, acht níor fheud mé aon fhocal amháin Gaedhilge do bhuain as. Bhí sé a ngiobailibh agus ag iarraidh na déirce, acht bhí sé a bhfad ro uabhrach re Gaedhilig do labhairt! Muna mbeith go bhfuilim faoi gheis gan aon fhocal amháin de Bheurla do chur ins an leabhrán so, bhainfeadh gáire as an léightheoir le scriobhadh an droch Bheurla in a dtug sé freagradh dham. Tá an mimheas so ar an Gaedhilig re fághail in gach áit in Eirinn agus in gach tír in a bhfuil Eireannuigh. Ní deirim go bhfuil mimheas ar a dteanga thíoramhuil re fághail sna h-uile cineulaibh de mhuintir na h-Eireann, óir tá mór chuid díobh ag deunamh a n-dithchill chum na Gaedhilge do leathnughadh agus do shaoradh ó bhás; acht faroir! tá mór chuid eile nach cuireann aon t-suim innte, agus do bhiadh níos luathgháirighe na brónach dá n-eugfadh sí amárach. Biodh súil againn go mbeidh an cineul sin d'Eireannuighibh ag eirghe níos teirce gach aon lá. Bhí eolas agam ar mórán daoineadh in America nar
labhair acht an bheagán Beurla sa mbaile in Eirinn, acht níor bh'féidir le h-aon duine aon fhocal Gaedhilge do bhuain asda in America. 'Nuair bhí mé in America an chéad uair, nios mó 'na dáfhichid bliadhain ó shoin, ní raibh baile ann, beg no mór, in a rabhas, agus in a raibh Eireannuigh, in nar cluinti Gaedhilig go coitcheann; acht anois, a n-aimhdheoin na n-uile scol Gaedhilge do cuireadh ar bun ann, taobh a stigh fichead bliadhan, is anamh cluintear daoine ag labhairt Gaedhilge, acht amháin ins na bailtibh bege ar fud Sacsan Nuadh in a bhfuil mórán Eireannach. Acht is inmheasta go mbeidh na h-Eireannuigh, ní amháin in America acht ar fud an domhain go léir, níos cúaramaighe a dtaoibh a dteanga ó so amach. Thugas faoi deara beagán ama sul fhágas America, go raibh mórán Eireannach nar chuir aon t-suim sa nGaedhilig ó fhágadar Eire, ag tosughadh d'a labhairt a rís; agus deirthear go bhfuil na h- Eireannuigh in Australia féin d'a tabhairt faoi deara, agus go gcuireadh mórán scol Gaedhilge ar bun ann sin go déigheaneach. Ná meastar é le h-aon duine nach raibh cinn éigin de na teangthaibh is mó agus is leathnuighthe dá bhfuil san domhan anois, faoi dhimheas agus déistin a n-allód. Bhí an Beurla féin faoi dhimheas a Sacsain ar feadh
níos mó 'na tri céad bliadhan. Ba h-iad na bochta agus isle, 'gus iad sin amháin, do labhair Beurla. 'Sí Fraincis do labharadh leis na daoinibh móra, óir ba h-iad na Francaigh rug buaidh ar na Sacsanaibh san aonmhadh aois deug, agus beidh teanga na mbuaidhtheorach faoi mheas a gcomhnuidhe. Bhí an Beurla faoi dhimheas a Sacsain ar feadh fad-aimsire; agus a deirthi go minic a dtaoibh fir boicht Sacsanaigh, "Do bheidheadh Seaán 'na dhuine uasal dá mbeith Fraincis aige." Is iontuigthe de so nach cóir do na h-Eireannuighibh do bheith eudóchasach um a dteanga, dá thruaighe a stáid anois. Bhí an Beurla faoi dhimheas no gur eirigh suas filidh agus feallsamhain do sgríobh leabhair mórá ann; agus ó bheith 'n a theanga gan meas, 'sé an teanga is mó dá bhfuil san domhan anois, mar gheall ar an litreacht mhóir atá ann, agus mar gheall ar meud na dtírtheadh in a labharthar é, agus in ar ghabh sé freumh. Is éigean admháil gurab é an claidheamh, no cúmhacht politicach, níos mó, b'fhéidir, 'na litreacht, do leathnuigh an Beurla; agus ba h-é an claidheamh, no cúmhacht politicach, do leathnuigh an Laidionn a n-allód; agus is fíor é, le cúmhacht politicach go n-aithbheochaidhe an Ghaedhilig níos úsa agus níos luaithe. Gidheadh, is féidir é dheunamh gan cúmhacht politicach ar bith, agus in a h-aimhdheoin
féin, mar do rinneadh a mBreatain leis an mBreathnuis. 'Nuair do mhoghthuigh na h-Eireannuigh gur riachtanach dhóibh a dteanga thíoramhuil do shaoradh ó bhás, agus 'nuair do cuireadh ar bun an "Comann re cúmhdach na Gaedhilge," agus ní'l sé acht beagán níos mó na fiche bliadhain ó shoin, dúbhradh le mórán nach raibh aon fhreumh ná bunáit san corrughadh a dtaoibh aithbheoghtha na Gaedhilge do thosuigh um an am luaidhtear shuas; agus nach cuirfidhe aon t-suim ann, a gceann beagán de bhliadhantaibh. Ní raibh san mbliadhain 1875, acht dá chomann san domhan tabhartha d'aithbheoghadh na Gaedhilge, eadhon, an ceann luaidhtear cheana do cuireadh suas in Ath-cliath, agus ceann eile a gcathair Nuadh Eabhroc in America. Ba glic an fear é inneosadh an meud comann re cúmhdach, re teagasg agus re cleachtadh na Gaedhilige atá in Eirinn, a mBreatain mhóir agus in America anois. Cúig 'as fichid bliadhana ó shoin ní raibh duine a bhFrainc ná a nGearmáin, dá fhoghlumtha, ag a raibh aon eolas ar an Gaedhilig, taobh amuigh de Zeus, úghdar an leabhair mhóir sin, Grammatica Celtica, agus b'fhéidir aon no dó eile mar Bop no Ebel, d'fhoghluim beagán ó ghraimeur Gaedhilge de Zeus; acht anois tá sgoláiridhe Gaedhilge beagnach chómh líonmhar a nGearmáin a's atáid in Eirinn. Agus in Eirinn féin, ba bheg an meud daoineadh do bhí
innte cúig a's fichid bliadhna ó shoin ag a raibh fíor eolas ar an Gaedhilig; acht anois tá sluagh dhíobh re fághail ar fud na tíre go léir. Tá an "teanga thíoramhuil" d'a teagasg a níos mó 'ná caogad de sgoltaibh tíoramhala. Tá na maighstridhe sgol díolta d'a teagasg; acht muna bhfuil dúil agus mian a foghlumtha a gcridhthibh na n-Eireannach, ní thiocfaidh sí chum cinn go deo, cuir a gcás go raibh sí d'a teagasg in gach sgoil agus coláiste ó bhárr go bun na tíre. Ma's mian linn an Ghaedhilig do shaoradh, caithfimid leabhair do thabhairt do na daoinibh ag a bhfuil dúil í fhoghluim. Caithfimid leabhair nuadha do sgriobhadh, no na sean leabhair do chur a nGaedhilig na h-aimsire so. Ní féidir leis an Gaedhilig marthainn gan leabhair. 'Sé an nidh deirid na daoine ag nach bhfuil grádh uirri, Creud fá foighleómaois Gaedhilig? Ní bhfuil nidh innte re léigheadh acht an Biobla agus beagán leabhar urnuighe, muna léighimíd an Leabhar Laighean, an Leabhar Breac, no sean leabhar éigin eile lámh-sgriobhtha atá ro chruaidh ní amháin dúinne, acht do na sgoláiribh Gaedhilge is feárr san tír. 'Sé so an nidh bhuaileas an Ghaedhilig, eadhon, dith leabhar. Muna bhfuil na sgoláiridhe Gaedhilge toileamhuil leabhair Gaedhilge do sgriobhadh, ní fheicim féin aon mhodh in a dtiocfaidh linn leabhair do mheudughadh
acht na sean leabhair lámhsgriobhtha d'fhoillsiughadh a nGaedhilig nuaidh. Deuntar so agus beidh go leor re léigheadh sa nGaedhilig. Nach bhfuil a leitheid deunta le sean litreacht na dteangthadh eile? Nach deuntar é a mBeurla? Ní fheicimid filidheacht Sécspír mar sgriobhadh leis í. Tá an meud sin dithfire eidir Beurla Sécspír agus Beurla Tenison a's atá eidir Gaedhilig Leabhair na h-Uidhre agus an teanga sgriobhaim féin anois. Acht do bheidheadh sé níos deacra agus níos daora na sean leabhair lámh-sgriobhtha do chur sa nGaedhilig láthairigh iona leabhair lán nuadh do sgriobhadh. Is éigean a rádh nach bhfuil móran dúile ag úghdar ar bith leabhair Gaedhilge do sgriobhadh 'nuair nach mbidheann dóchas aige airgead do dheunamh asta. Ní bheidh go leor leabhar Gaedhilge againn no go ndéinid daoine airgead le n-a sgriobhadh. Dá mbeidheadh iarraidh ar leabhraibh sa nGaedhilig, is geárr go mbeidheadh go leor dhíobh againn.
AN SEACHTMHADH ALT. Má do bhí, ó thús an domhain, aon teanga do bhí mio-adhmhar níos mó 'na aon teanga eile, ba h-í an Ghaedhilig. Is fad, an fhad ó shoin, tháinic an chéad miodhadh uirri, eadhon, san naomhadh aois, 'nuair tháinic na Lochlannaigh chum Eireann d'a milleadh agus d'a sgrios. Is inmheasta go raibh níos mó leabhar a nGaedhilig ins an am sin in Eirinn iona do bhí in aon teanga eile na h-Eorpa taoib amuigh na Gréigise 'gus na Laidne; agus is inmheasta mar an gceudna go raibh an chuid is mó aca sgriosta leis na Lochlannachaibh; óir ní raibh mainisdir in Eirinn uile nar goideadh 'gus nar sgriosadh leo seachd nuair ar feadh dá chéad bliadhan; agus is ins na mainisdribh do bhí an chuid is mó de na
leabhraibh. Má tháinic na Lochlannaigh chum Eireann d'a h-áitiughadh mar tháinic na Sacsanaigh chum Breataine, ní dheunfaidís an meud dioghbhála uirri a's do rinneadar; acht ní tháinic siad d'a h-áitiughadh, ná fós buaidh do bhreith uirri, act a maoin, a h-ór, a h-airgead agus a greasa do ghabháil. Níor bhféidir leo na mainisdreacha do sgrios agus do loscadh gan na leabhair do bhí ionnta do sgrios agus do loscadh mar an gceudna. Is iongantach agus is aibhseach an meud dioghbhála do rinneadh ar Eirinn leis na Lochlannuighibh, agus an meud leabhar do loscadh agus do bathadh leo; óir is de leathar do rinneadh leabhair a n-allód 'nuair nach raibh eolas ag daoinibh ar pháipeur. Is deacar é leathar do loscadh; ar an ádhbhar sin is eadh do ghnidhdís na Lochlannaigh, na leabhair do theilgean a steach a n-abhainn, a loch, no a bpoll móna, agus is cinnte nach rugadh ar ais acht an bheagán díobh. 'Nuair d'fhágadar na Lochlannaigh Eire, no an tan do sguireadar a sean nós do sgrios agus do mhilleadh, tháinic buaidhirt mhór ar an tír mar gheall ar chogadh d' eirigh a measg na ríogh cúigeach, gach aon díobh ag troid re bheith 'na árd rí é féin. Do mhair an troid sin ar feadh níos mó 'na céad bliadhan, no, a bhfoclaibh na gCeithre Maighisdear, go raibh Eire 'na "fód crithigh."
Is inmheasta go raibh mórán leabhar losctha 'gus caillte ar feadh na h-aimsire tríoblóidighe sin. Tháinic na Sacsanaigh faoi dheireadh, agus ní raibh ciuineas in Eirinn ar feadh ceithre céad bliadhan, féadtar a rádh go dti gabháil Luimnigh sa mbliadhain 1691. Tár éis cogadh an Righ Sheurlais agus an Righ Sheumuis do bheith criochnuighthe, níor fágadh in Eirinn acht na daoine bochta 'gus aineolacha, agus níor bh'fhéidir leosan aon nidh do dheunamh chum a dteanga do shaothrughadh, chum leabhar do sgriobhadh, no chum litreachta do chur ar bun. Bhí saidhbhreas agus maitheas na tíre a láimh daoineadh coigcrioch nar chuir aon t-suim sa nGaedhilig. Ní mór an t-iongnadh sin, óir ní raibh aon eolas aca uirri. Ba h-éigean do na daoinibh bochta de'n t-sean chine d'fhágadh in Eirinn, an Beurla d'fhoghluim, dá mba mian leo marthainn. Muna mbeith go raibh Annala na gCeithre Maighisdear sgriobhtha san aimsir in ar sgriobhadh iad, dá gcuirfeadh a gcuma ar gcúl fiche bliadhain, ní sgríobhfuidhe go deo iad; óir beagán aimsire tar éis a sgriobhtha, tháinic cogadh 'gus tríoblóid ar an tír; d'eirigh Fearghail O Gara a n-aghaidh na riaghla Sacsanaighe, agus tógadh a fhearann uaidh. Is é do dhíol agus do chothuigh na Ceithre Maighisdridhe ar feadh ceithre bliadhan 'nuair bhí siad ag sgriobhadh na n-annal. Chídhfear, ar an
ádhbhar sin, muna mbeidheadh gur sgriobhadh na h-annala so ins an am in ar sgriobhadh iad, ní sgriobhfuidhe go deo iad. Ní móran t-iongnadh go bhfuil an Ghaedhilig ag dreoghadh; acht is iongnadh níos mó é go bhfuil na daoine darab teanga thíoramhuil i, chómh miochuaramach d'a taoibh. Is beg an meud leabhar do clobhuaileadh a nGaedhilig ar feadh na h-ochtmhadh aoise deug; agus ba bheg an meud deagh sgoláiridh Gaedhilge do bhí in Eirinn ar feadh na h-aoise sin. Féadtar a rádh nach raibh aon duine in Eirinn ó aimsir Chéitinn agus na gCeithre Maigisdear go dti aimsir Eamuin Ui Raghallaigh do sgriobh an foclóir, ba chumasach ar duille amháin Leabhair Laighean no Leabhair na h-Uidhre d'aistriughadh go ceart. Bhí go leor daoineadh ag labhairt Gaedhilge in Eirinn ar feadh an ama sin, tri uaire níos mó 'na atá anois; acht ní raibh duine ar mhíle aca d'fheud léigheadh ná sgriobhadh na teanga, agus ba bheg an meud leabhar do bhí aca re léigheadh. Gidh go raibh an chuid is mó de mhuintir na h-Eireann ag labhairt Gaedhilge ar feadh na seachtmhadh agus na h-ochtmhadh aois deug, ní raibh acht beagán leabhar Gaedhilge clobhuailte ionnta in Eirinn ná in Albain. Bhí na daoine darabh teanga í chómh bocht sin, agus bhí an meud sin mioshuaimhnis ar an tír
nár bhféidir leo aon t-suim do thabhairt do nidh ar bith do bhean re litreacht. Má tá aon fhear os cionn gach aoin fhir do mhair in Eirinn riamh darab cóir na h-Eireannuigh do bheith buidheach mar gheall ar an meud do rinne sé ar son a dteanga, 'sé Seáan O Donnabháin. Is é do chuir an t-aithbheoghadh ar an Gaedhilig ar bun. Rinne sé níos mó ar son na teanga sin iona aon duine do rugadh riamh. Is fíor é go bhfuair sé mórán cabhra ó Eamon O Raghallaigh luaidhtear cheana; óir ní raibh foclóir maith Gaedhilge ann sul sgriobh seisan a fhocloir; agus gan é níor fheud O Donnabháin an meud sin aistriughadh do rinne sé, do dheunamh. Ba fir móra iad araon, acht ba h-é O Donnabháin an té ba mhó. Gidh go raibh foclóir Ui Raghailligh foillsighthe mórán bliadhan sul thosaigh O Donnabháin a obair ar an Gaedhilig, ba bheg an meas do bhí ar an leabhar mór sin Ui Raghallaigh roimh aimsir Ui Dhonnabháin. 'Siad na h-aistrighthe do rinne sé do thaisbéan do'n domhan saidhbhreas agus oirdhearcas sean litreachta na h-Eireann. Tár éis mórachda inntleachta Ui Dhonnabhain, is é meud na h-oibre do rinne sé, an nidh is iongantaighe d'a thaoibh. Is deacar re meas cionnos dob fhéidir leis buaidh do bhreith ar an meud oibre chuir sé roimhe. Ba fear bocht é, le teaghlach mór,
agus d'eug sé óg — ní raibh mórán níos mó 'na caogadh an tan fuair bás — acht rinne sé níos mó ar son na Gaedhilge 'na aon fhear do mhair ó thús an domhain. Ba h-é d'osgail an t-slighe roimh gach sgoláire Gaedhilge do tháinic 'na dhiaigh. Tar éis Uí Dhonnabháin, is cóir ainm Eoghain Ui Comharaidhe do luadh. Muna ndearna sé an meud oibre do rinne O Donnabháin, ba fear iongantach é, mar an gceudna. Bhí bár mór ag O Donnabháin ar O Comharaidhe a dtaoibh foghlumtha, óir ba bheg an teagasg fuair O Comharaidhe a láithibh a óige. Níor thuig se Laidionn ná Gréigis, agus deirthear nach raibh eolas aige ar ghraimeur fein. Ní chreidim so, óir ba h-iongantach re meas go dtiocfadh le h-aon duine Beurla do sgriobhadh mar sgriobhadh le O Comharaidhe é, agus é do bheith aineolach ar ghraimeur. 'Sí an obair is mó do rinne O Comharaidhe an leabhar mór sin do sgriobhadh, eadhon, "Adhbhair láimhsgriobhtha Stáire na h-Eireann." Níor foillsigheadh riamh aon leabhar eile as a dtig linn an méad eolais d'fhághail ar stáid na tíre a n-allód, a's gheibhimíd as an leabhar sin. 'Sé an leabhar sin thaisbéanas foghluim Uí Chomharaidhe ar theanga 'gus ar stáir na h-Eireann, mar thaisbeunas aistriughadh na "gCeithre Maighisdear" foghluim Ui Dhonnabháin ar na neithibh ceudna. Nach
mór an truagh í, agus nach náire mhór dhúinn í, nach bhfuil aon iomháigh cuirthe suas a n-onóir cuimhne an dá fhear mór so? Agus nach truagh agus náire níos mó í, nach bhfuil aon fhocal na teanga sin ar a raibh grádh aca, re feicsin ar a leacht? Cuirid na h-Eireannuigh mórán iomháigh suas a gcuimhne fear narbh acht abhacáin a gcomórtus le O Donnabháin agus le O Comharaidhe. Gidh mór an saothar do rinneadh ar an Gaedhilig le O Donnabháin agus le O Comharaidhe, is truagh an stáid in a bhfuil sí fós. Tá sé cómh fhad sin ó tháinic mioráth uirri, agus bhí sí chómh fhad sin a ndearmad nar bh'féidir le dá fhear dá mhó, í do bhreith ar ais chum beatha folláine. Tá sí tinn fós, agus beidh sí tinn chómh fhad a's nach bhfuil litreacht nuadh againn innte. D'aistrigh O Donnabháin agus O Comharaidhe mórán as Gaedhilig go Beurla; tá an Saoi Stócs ag oibriughadh go maith agus gan stad ag an saothar ceudna, agus tá móran daoineadh eile d'a dheunamh; acht tar cheann de sin, tá'n teanga thíoramhuil ag eulóghadh as beul agus as cuimhne urmhór muintear na h-Eireann. Dá mbeidheadh gach duine san tír cumasach ar an Gaedhilig is deacra do sgriobhadh riamh, d'aistriughadh go Beurla no go Gréigis, ní thiocfaidh an Ghaedhilig chum cinn, ní bheidh aon mheas ag an bpubal go coitcheann uirri no go
bhfeicid leabhair, iris leabhair, agus páipeura nuai- dheachta innte, agus go dtabharaid fá deara go bhfuil na daoine uaisle d'a cleachdadh. Feuch an meud sean litreachta Gaedhilge d'aistrigheadh ar feadh na leath-chéad bliadhan chuaidh thart; acht leath-chéad bliadhain ó shoin bhí cúig daoine ag labhairt Gaedhilge in Eirinn a n-aghaidh an aoin atá d'a labhairt anois. Ní fheicim féin aon mhaitheas ná tairbhe do'n Ghaedhilig ar aistriughadh leabhar do sgriobhadh míle bliadhain ó shoin má tá bás i n-dán do'n teanga in ar sgriobhadh iad. 'Sé an nidh atá i gceann na n-uile dhaoineadh ag a bhfuil aon ghrádh ar an Gaedhilig, í do choimeud beo, í do shaoradh ó bhás; acht cionnos saorfar í muna labharthar agus muna sgriobhthar í? Ní choimeudfar beo í dá n-aistreóchaidhe go Beurla agus go h-uile theangthaibh an domhain, gach focal do sgriobhadh innte ó aimsir an Dagda go dti aimsir na gCeithre Maighisdear. Do dheunfaidhe níos mó maitheasa do'n Ghaedhilig dá g-cuirfidhe suas aon pháipeur beg seachtmhuineach innte 'na dá n-aistreóchaidhe gach focal do sgriobhadh sa dteanga ó thús an domhain. Sin an dearmad mór do rinne O Donnabháin agus Ó Comharaidhe. Sin an dearmad dheunas scoláiridhe Gaedhilge anois; ní sgriobhaid acht an bheagán de
Ghaedhlig na h-aimsire so. Tá rainn Gaedhilge Ui Dhonnabháin re fághail in a litribh neamh-fhoillsighthe atá san Ard Sgoil Righeamhuil in Ath-cliath. Léigheas féin mórán díobh, agus tá cuid aca an mhaith. Cuirthear síos sompla dhíobh annso, agus is follus uatha go raibh sé 'na mhaighisdir ar Ghaedhilig, agus d'fheud í sgriobhadh chómh usa le Beurla. Rinne na línte leannas sa mbliadhain 1837, 'nuair bí sé ar Riaghail-Thómhas na h-Eireann. 'Sé ar an radharc áluinn ó mhullach Chnuic Ailline, a gcondae Chilledara do chum sé an dán so. Is ar an gcnoc so atá an dún is mó dá bhfuil in Eirinn. Is ann a raibh suidhe riogh Laighean a n-allód: — Dán i moladh Chnuic Aillinne, Le Seáan O Donnabháin; nar foillsigheadh roimhe.
Dochífear go bhfuil Gaedhilig an dáin shuas sean goleor. Do sgriobhadh í a gcosamhlachd na sean Gaedhilge. Tá "for" in-áit "ar," agus "co" in-áit "go," agus ní cleachdhtar ann an riaghail nuadh litrighthe, "Caol le caol agus leathan le leathan," de bhrigh nar leanadh an riaghail sin leis na sean úghdaraibh acht go h-anamh. Níl aon eolas agam ar aon phíosa fad sgribhinne Gaedhilge eile do cumadh le h- O Donnabháin, acht beagán rann in nach bhfuil acht sé no seacht línte atá scaptha ameasg a litreadh nuair bhí sé ar an Tómhas Mór. So cuid aca. Táid cumtha a gcosamhlacht filidheachta Ui Dhúgain do sgriobh an dán fáda sa gceathramhadh
aois deug ag deunamh tuarasgabhla de chriochaibh na h-Eireann. Níor foillsigheadh na rain so riamh roimhe "Triallam, ní le tuar coga, Soir go Bruighin Da Choga,* Cnoc is aobhinn ó'n h-iomdha radharc, 'Na gcluinti siodh-scal na n-adharc. Cuirtigheam Machaire Cuirc, † Clár uaithne is taobh trom meith thuirc; Féacham a fad 's a leithid, A dúnta, a feadha 's a droichid; — O Ath Braon go h-Eithne‡ a dtuath, O Chálraighe an Locha Luath, Go Cairbre, crioch na gcam abhann, 'S ó Shéimhdigh síar go Seanann. Triallam — gurab triall leasa — D'fheuchan gach fidh 's gach leasa O Uisneach go Loch Seimhdidhe,§ 'S ibheam de gach séimh-dighe; —
Anbhroth, mil, miodh, bainne, uisci, Acht ná blaiseam braon de'n "bhfuisci," Ná deoch cruithuigheas misci, Ná mhaoluigheas faobhar na tuigsi." Chídhfear gur furas locht d'fhághail ar chuid mhaith de'n Ghaedhilig shuas; acht do sgriobhadh na rainn so ins an tír; agus ní cosamhuil go raibh foclóir ná graimeur aige. Ag cur gach nidh le chéile, feudamaid rádh nach cumthar go h-olc na rainn so; agus go dtaisbeuntar leo go raibh ádhbhar filidh breágh in O Donnabháin; acht ní raibh am ag an fear mór bocht sin, aon fhilidheacht Gaedhilge do chleachtadh. Tá na rain shuas sgriobhtha go beacht mar sgriobhadh le O Donnabháin iad. Ní fheudaim a rádh má chonnarcas aon sgribhinn Gaedh- ilge ar a raibh eolas cinnte agam gur sgriobhadh le O Comharadhie í. Acht so píosa Gaedhilge phriomhamhla sgriobhthar leis an té is primh ameasg na sgoláiridh Gaedhilge mhaireas anois, eadhon, an Saoi W. Stócs. Tá na línte leanas re fághail i leabhar do sgriobh sé 'nuair do bhí sé in India, darb ainm "Tógáil Troi." Is aistriughadh tráchda as an Leabhar Laighean é: — "Atá indopair becso iarnachrichnugad isimla itír na coicabann anoenmad lá fichit domís Septimber mbliadain dáes Crist mdccclxxxi lasinmac sinem Uilliam stócs árdlega herenn inn a aimsirsom ó
baliu átha cliath Duiblinne. agus is trom mochríde arismarb mo banchélese rocharfad in labránso. agus is galrach mingen baid beccsa i. medb. agus itile mocharait mairb acht ituaiti mocharait bu. agus is truag hériu tri intleda agus bréic agus fingail agus saraigthiu dogniat drochdoini etir sacsanchu agus herennchu." Sin an píosa 'mháin primh Ghaedhilge, ar a bhfuil eolas agam, do sgriobhadh riamh leis an Saoi Stócs, agus is píosa breágh é, go deimhin. Dochítear gurab do réir nóis na Gaedhilge is sine sgriobhthar é. Ag so, beagnach, mar do bheidheadh sé i nGaedhilig láthairigh: — "Atá an obair bheg so ar na criochnughadh i Simla i tír na gCúig Abhann an t-aonmhadh lá fichid de mhís Septimber, an bhliadhain d' aois Criosd, míle, ocht gcéad, ochtmhoghadh a h-aon, leis an mac is sine d' Uilliam Stócs, ceann liaigh Eireann in a aimsir- san, ó Bhaile Atha Cliath Duibhlinne; agus is trom mo chridhe, óir is marbh mo bhean-chéile-se charfadh (gráidheóchadh) an leabhrán so; agus is galrach m' in- gean dhil bheg-sa, eadhon, Maebh; agus is líonmhar mo charaid marbha, agus is gann mo charaid beo; agus is truagh Eire tres an slada agus bréig agus fionghail agus sarughadh doghnid droch dhaoine, eidir Sacsanachaibh agus Eireannachaibh." Dochífear go bhfuil Gaedhilig an t-Saoi Stócs níos sine agus níos deacra 'na Gaedhilig Ui Dhonnabháin, agus go bhfuil sí sgriobhtha níos mó do réir an t-sean
nóis. Bhí nós aca san t-sean aimsir, ní i nGaedhilig amháin acht ins na teangthaibh eile, tri no ceithre focail, agus níos mó ar uairibh, do sgriobhadh gan aon eidirdhealughadh eatorra; agus má théidhmíd ar ais níos faide, faghmaoid nach mbiodh aon áit 'na eidirdhealughadh ar bith eidir na foclaibh, agus go mbiodh leabhair go léir sgriobhtha in aon fhocal. Is iongantach re smuaineadh ar an am fada théidheas thart sul chítear le daoinibh an leasughadh is aoinfhilte. Chitear, mar an gceudna, nach raibh uasáid cinn litreadh coitcheann a n-allód, acht a dtús na n-alt.
AN T-OCHTMHADH ALT. Sé an nidh ba mheasa do theagmhaigh do 'n Ghaedhilig ar feadh dá aois, an t- atharrughadh rinneadh uirri leis na h- Albanachaibh taobh astigh céid go leith bliadhan. Níor sgriobh siad agus níor léigh siad focal acht Gaedhilig na h-Eireann ar feadh níos mó 'na míle bliadhan go dtí meádhan na h-aoise déigheanaighe. Ba h-ionann le Gaedhilig na h-Eireann an teanga do cleachtadh 'na measg. Ní raibh leabhar clobhuailte na láimh-sgriobhtha aca narbh ionann le Gaedhilig na h-Eireann. 'Sé an leabhar Gaedhilge is sine do sgriobhadh in Albain, "An Leabhar Dier." Tá an chuid is mó de'n leabhar sin sgriobhtha i Laidinn; acht tá beagán duilleóg Gaedhilge ann do sgriobhadh a n-aimsir an chéid Dhaibhi, righ Alban san dara aois deug. Ní'l aon dithfir eidir an Ghaedhilig atá i Leabhar Dier agus Gaedhilig na h-aimsire céadna do sgriobhadh in Eirinn. Admhuighid na hAlbanaigh féin gurab ionann iad.
Ag so sompla Gaedhilge do sgriobhadh in Albain sa mbliadhain 1406. Is connradh é eidir Mac Dómhnaill, Tighearna Inseadh Gall, agus fear darbh ainm Magaodh. Is Gaedhilig na h-Eireann ar fad í; acht tá beagán dithfre eidir a litriughadh agus litriughadh an ama látharaigh; agus do bheidheadh an dithfir céadna ann, dá sgriobhfaidhe in Eirinn í. Do sgriobhadh sna sean litribh í: "Atáimse Mac Dómhnaill, ag bronnagh agas ag tabhairt aon mhairg dég go leith d' fhearann uaim féin agus ó'm oighribh do Bhrian Bhicaire Mhagaogh agas d'a oighribh 'na dhiaigh, go síorthuigh suthan ar son a sheirbhise dham féin agas dom athair rómham, agus 'sé ar chunnragh agas ar chongill: — Go dtabhraidh sé féin agas iadsan damhsa agus dom oighribh am dhiaigh go bliadhan- amhuil, ceithre bá ionmharbhtha chum mo thighe; agas a (g)cás nach biadh na bá soin ar fághail, bhearadh an Brian huas agas a oighriogh dhamsa agas dom oighribh am dhiaigh, dá mharg agas dá fhichid marg ar son na mbo céadna huas." Ag so sompla eile de Ghaedhilig sgriobhadh in Albain sa mbliadhain 1567. Is as leabhar darb ainm "Leabhar Urnuighe Gaedhilge" é. Tá a úghdar, Carsuel, ag deunamh gearáin mar gheall ar teirce leabhar diadha Gaedhilge in Albain in a aimsir, agus a deir sé: "Cuid mhór eile d'ár n-ainbhfios agas d'ár n-
aineolas, dith teagaisg fírindigh oraind agus leabhar maith neoch dá tuigfidís cach go coitcheand as a mbriathruibh féin, agus as a dteangaidh ghnáthaidh Gaoidheilge." Deir sé i n-áit eile: "Is tearc neach ag a bhfuil ceart canamhna na Gaoidhilge; agas ní a n- Albain amháin acht a n-Eirind féin, acht mar a bhfuil sé ag beagán d' aois ealadhna maith re dán agas ré Seanchus, agas méid éigin do mhacaibh léighind; ar an adhbhar sin, dá bhfaghadh saoi re ealadhan locht sgriobhtha sa leabhar beg-sa, gabhadh sé mo leithsgélsa, óir ní dhearna mé saothar ná foghluim sa nGaoidheilig acht amháin mar gach nduine do'n phobal coitcheand." Tá dá nidh tábhachta re fághail as na foclaibh so de Charseul; an chéad nidh, gur sgriobh sé sa gcanamhain do labharadh leis na daoinibh in Albain an tan do sgriobh sé; gurabh í teanga "do thuigfidís cach go coitcheand as a mbriathruibh féin, agas as a dteangaidh ghnáthaidh Gaoidheilge;" an dara nidh; nach raibh sé 'na dhuine an fhoghlumtha sgriobhfadh a sean chanamhuin na Gaedhilge ba dhorcha do na daoinibh isle agus gan fhoghluim. Chídhfear go bhfuil litriughadh Charseil beagán neamh-ionann de'n litriughadh láthaireach. Sgriobhaidh sé "d" i n-áit "n" i ndeireadh focal mar "coitcheand," agus c; acht bhí nós céadna de litriughadh ar n-a chleachdadh in Eirinn in aimsir Charseil.
As so sompla Gaedhilge do sgriobhadh in Albain níos déigheanaighe fós. Is marbhna í do chum duine éigin neamh-aitheanta ar bhás fir darab ainm O Duibhne, no, mar ghoirthear air anois, Cambeul. Tá an dán re feicsin san leabhar mór sin "Láimhsgribhinne Naisiún- tacha Alban." Fuair an fear ar ar cumadh é, bás sa mbliadhain 1631. Is píosa filidheachta breágh é. Tá sé sgriobhtha ins na sean litribh: — "Mór an brón sgeul, bas I Dhuibhne, deaghmhac Chailin, cean na ndruagh; Fear do chuir a chlú go h-Almhuin, mo ghuin an
u a adhbhui fuar; Mór an easbaidh do iath Alban, úr mhac Chailin nár ghabh geis; An deabhuidh dian, an dreach-dhonn, níor dhealaidh cliar leathlom leis. Donnchadh O Duibhne, ághmhór uasal, aon dar uamhailidh fiodh is fonn; Ceann an cheoil, "romchra." a éigbhreith; moladh leom an déidgheal donn." Ní'l acht aon fhocal cruaidh agus neamh aitheanta 'nois san dán so, eadhon, "romchra." Is é a chiall "ba bhrónach dham." Ní spéisialta do Ghaedhilig na h- Alban an fhoirm sin. Is sean-fhoirm Gaedhilige í ba choitcheann in Eirinn agus in Albain in allód.
Ag so alt as leabhar d'fhoillsigheadh go déigheanach in Albain darb ainm Reliquiae Celticae, no iarsmacha sgribhinne Gaedhilge, do sgriobhadh in Albain le Albanach do Albanchaibh. Do sgriobhadh an píosa so leanas timcheall na bliadhna, 1700. 'Sé cunntus catha no troide in Albain in aimsir Mhontróis: "Do bhí Aongus Mac Ailin Duibh ar deiredh a chuideachta féin ar mhuin eich, gan phillín gan diolad, agus guna fada trasda 'n a ucht ar a bhélaibh. Ní do (de) mhuin eich fa gnáth leis congnamh do gheunamh acht d'a chois. Tar leis gur mhothaigh an marcach ag denamh uair no dó, air. Uair d'uairibh dá dtáinic a n-diaigh Aonguis, tug Aongus an chos re lár, agas do leig a each féin uaidh; do chuir (sé) a ghuna ar chloich go h- athlamh, agas do losg an t-urchur, agus do thuit fear an trusgáin dheirg fó chosaibh a eich." Ní'l aon lorg Gaedhilge nuaidhe na h-Alban ar an Gaedhilig sin. Is teanga na h-Eireann ar fad í, gidh go bhfuil litriughadh coda dhi beagán ársa, mar "tar leis" in áit "dar leis"; "fa" in áit "ba," etc; acht ní'l aon dithfir ó Ghaedhilig láthairigh ann nach bhfuil re fághail i nGaedhilig úghdar Eireannach do bhí chómhaim- sireach leis an bhfear do sgriobh í. Ag so píosa eile as an leabhar ceudna do sgriobhadh
níos déigheanaighe fós, no timcheall na bliadhna, 1740 no 50, no b'fhéidir níos déigheanaighe: "Da mbighinn fein ann san Eiphte, (Eigipt.) Mo ghradh sa Greig no 'san Spainn, Gu b'ait liom faghail deagh sgeula, Air ainnir bheil dhearg an eadainn bhain. O nach dean do luadh dhamh eifeachd, 'S leam is feidir bhith am thamh; Leigidh me mo mhile beannachd Gus an ainnir ur gu bas." Chídhfear é nach bhfuil aon síne fada, no Cómhartha luidhe gotha, ó bhár go bun an phíosa so; acht ní dearbhadh Gaedhilge Albanaighe é sin, óir tá mórán deagh Ghaedhilge Eireannuighe re fághail a leabhraibh do sgriobhadh fad ó, ann nach bhfeicthear aon t-síne fada 'mháin. Ní dhearbhann "gu" in áit "go" gur Gaedhilig Albanach í, óir is minic faghmaoid "gu" in áit "go" no "co" a nGaedhilig na h-Eireann, agus a sean Ghaedhilig mar an gceudna. Is éigean a rádh go bhfuil an píosa so micheart a n-áitibh, acht ní dhearbhann sin nach Gaedhilig na h-Eireann í. Tugthar anois go leor sompla Gaedhilge do sgriobhadh in Albain le Albanachaibh re dearbhadh gurab ionann le Gaedhilig na h-Eireann an teanga do sgriobhadar agus do léigheadar in Albain go dti meádhan na h-aoise
déigheanaighe. Deir an sgoláire Gaedhilge is feárr do bhí aca, eadhon, Tomás Mac Lachlain, ins an Encyclo- paedia Britannica, "Nil aon duilleog amháin in Albain do sgriobhadh a gcanamhuin eile acht a nGaedhilig na h- Eireann roimh meádhan na h-aoise déigheanaighe." Deir sé mar an gceudna, "go raibh an Biobla sa nGaedhilig Eireannaigh aithnighthe go maith, agus léighte a dteam- pulaibh agus a dteachlachaibh ar fud Gaedhealtachda na h-Alban." B'fhéidir go bhfiafróchar, Cad do thug ar na h- Albanachaibh teanga a sinnsear d'atharrughadh, óir sgriobhaid cineul Gaedhilge anois nach féidir le h-aon Eireannach do thuigsin gan fad aire airighthe do thabhairt d'a fhoghluim? Is eadh a deirid na h-Albanaigh gurabh éigean an chanamhuin Eireannach do thréigean de bhrigh nar bhféidir leis na daoinibh coitcheanna neamhfhoghlumtha í thuigsin; agus gurabh éigean an Ghaedhilig do sgriobhadh in a gcanamhuin féin ionnas go dtuigfidhe leo í. Is leithsgeul ionganta sin, go deimhin, óir bhí Gaedheal na h-Alban ag léigheadh agus ag sgriobhadh Gaedhilge na h-Eireann (gan teanga ar bith eile do léigheadh no do sgriobhadh) ar feadh míle bliadhan; acht a n-deireadh na h-aimsire sin, agus tár éis an mhéid sin
cleachdaidh léi, fuaradar amach go h-obann nár bhféidir leo í thuigsin níos mó!! Tá mé brónach gurab éigean dam a rádh nach bhfeicim aon mhodh le bhfeudaim gniomh na n-Albanach a dtaoibh a dteanga do mhíniughadh acht re meas go ndearnadh é as fuath do na h-Eireannachaibh, agus dúil leis na h- Albanachaibh roinn agus idirdhealughadh do dheunamh eatorra féin agus na h-Eireannachaibh. Acht, ar an dtaoibh eile, cad í an mhaitheas dheunfadh sin dóibh? Bhí eolas ag na h-uile dhaoinibh ar feadh míle bliadhan go dtáinic Gaedheal Alban agus Eireann as aon fhréimh, agus gurabh ionann an teanga labharadar. Tuilleadh fós, ní thugas faoi deara go raibh aon fhuath ná déisdin ag daoinibh as Gaedhealtacht na h-Alban ar na h- Eíreannachaibh. Chonnarcas go leor díobh in America, agus bhí siad lán cháirdeamhuil le h-Eireannachaibh. Is dóigh liom go ndearnadh an t-atharrughadh a nGaedhilig na h-Alban le dornán beg daoineadh do bhí feargach a n-aghaidh na n-Eireannach mar gheall ar neithibh do bhean re creidheam agus re riaghaileolas, no neithibh politi- cacha; agus bhí siad féin chómh aineolach sin ar Ghaedhilig, agus bhí an domhan go léir chómh aineolach uirri mar an gcéadna ins an am sin, gur mheasadar nach dtiocfadh an t-am go deo in a nochtfaidhe agus in a dtuigfidhe an feall
do rinneadar ar a dteanga féin. Acht is mór an t- iongnadh é nar ghlaodh aon duine in Albain a n-aghaidh amadánachda d'a chineul, óir ní dearnadh le h-aon chineul daoineadh amadánachd ba mhó 'na í. Is eadh a deirid na h-Albanaigh anois go raibh caint no canamhuin aca a g-comhnuidhe do bhí eugsamhuil ó'n teanga do sgriobh siad, agus nar sgriobh siad a g- canamhuin féin ins an t-sean aimsir de bhrigh go raibh cáil agus ceannus litreachta na h-Eireann chómh trom orra nar fheudadar a gcanamhuin féin do sgriobhadh na do dheunamh clobhuailte; no i bhfoclaibh eile, gur labharadar aon teanga agus gur sgriobhadar teanga eile, agus go raibh sé mar sin leo a riamh go dtí an t-am in ar thosuigh siad a gcanamhuin féin do sgriobhadh um meádhan na h-aoise déigheanaighe. Níor cumadh riamh leithsgeul no breug níos bacaighe, níos amadánaighe 'ná níos laige 'na an leithsgeul so. Ins an chéad áit, ní raibh rud mar sin re fághail ná re féicsin in aon tír; ní'l aon teanga gan canamhna, agus tá mórán canamhuin a nGaedhilig na h-Eireann; acht ní chualamar riamh tráchd ar aon tír in ar mhair dá theanga, teanga na leabhar agus teanga an teallaigh, taobh le taoibh ar feadh míle bliadhan. Ins an dara h-áit, dá mbeith teanga ag na h-Albanachaibh eugsamhuil ó theanga na
leabhar, cad fá, 'nuair thosuigheadar d'a sgriobhadh, nar sgriobhadar ar fad í? Ní dhearnadar mórán athar- rughadh ar dtús. 'Sé Tiomna Nuadh an cheud leabhar fiú luadh do clobhuaileadh a nGaedhilig na h-Alban, agus sa mbliadhain 1767, do clodhbhuaileadh é; acht tá dá uair, ceithre uaire, níos mó dithfre eidir é agus Tiomna Nuadh Gaedhilge na h-Alban de 1875, iona eidir Tiomna 1767, agus Gaedhilig na h-Eireann. Níor fheud aon Albanach do mhair sa mbliadhain 1767, Tiomna Gaedhilge Alban de 1875, do thuigsin go léir. Nach taisbeuntar de so, nach raibh canamhuin fa leith de Ghaedhilig ag na h- Albanachaibh sa mbliadhain 1767, nuair nar chlobhuaile- adar ar fad í? Tá na h-Albanaigh ag dul ó olc go h- olc le n-a nGaedhilig, agus d'a h-atharrughadh níos mó 'gus níos mó ó'n ló in a ndearnadar an chéad atharrughadh innte. Má mhaireann sí céad bliadhain níos mó, agus má deuntar an meud sin malart innte a's do rinneadh ar feadh na gcéad bliadhan chuaidh tharrainn, beidh sí níos cosamhla re Arabic 'na re Gaedhilig. Do chuaidh Gaedheal na h-Alban níos faide in a bhfuath a n-aghaidh an chinidh ó'r fhásadar, iona do chuaidh aon chine eile ó thús an domhain. 'Nuair do sgaoileadh na h- Americánaigh ó chuing Sacsan tar éis mórán bliadhan de chogadh, níor chuir siad aon mhalairt ar an mBeurla;
agus anois tar éis níos mó na céad bliadhan ó saoradh ó chúmhachd Sacsan iad, is ionann an teanga labharthar agus sgrobhthar a Lúndun agus a Waisington. Ní raibh fuath eidir dá chine riamh níos seirbhe 'na 'n fuath do bhí ag muintir Deas-America agus Meádhan- America ar na Sbáineachaibh; acht 'nuair do saoradh muintear na dtíreadh sin ó chúmhachd agus ó ghéirleanmhuin na Sbáineach, níor atharraighdear teanga ns Sbáine, agus is ionann teanga sgriobhthar andiú ar fud gach tíre ó'n rio Grande go Ceann Horn, agus teanga na Sbáineach. Cuirthear a gcéill de so go ndearnadar na h-Albanuigh nidh nach ndearnadh le cine ar bith eile. Dá mbeith canamhuin ag na h-albanachaibh eugsamhuil ó'n teanga do sgriobhadar agus do léigheadar ar feadh mórán aois, is inmheasta go bhfeicfidhe í 'nuair thosuigh siad chlobhualadh na Gaedhilge in albain; acht ní feacadh í go ceann dá chéad bliadhan tar éis clobhuailte an chéid leabhair Gaedhilge in Albain! Nach soilléir de so gur canamhuin "Lamh-deunta" an chanamhuin Gaedhilge sgriobhaid na h-albanuigh anois? Is é aistriughadh na Gaedhilge in Albain, an buille is truime d'fhuair an teanga sin a riamh. Do bhí faill níos feárr ag na h-Albanachaibh litreacht nuadh Gaedhilge do chur ar bun ar feadh leithe déigheanaighe na h-aoise
déigheanaighe 'na do bhí ag na h-Eireannachaibh. Bhi Eire faoi bhruid agus faoi bhrón 'nuair bhí Alba fá shíth. Bhí chuid mhór de dhaoinibh na h-Eireann faoi gheirlean- mhuin 'nuair do bhí na h-Albanuigh saor ó chuing an bhuaidhtheora. Da mba áil leo, agus dá leanfaidís sgriobhadh na Gaedhilge mar sgriobhadar a sinnsear í, do bheidheadh ar a gcumas brigh agus meas do chur ar a dteanga nach raibh uirri ar feadh mórán aois roimh an aimsir sin. Do bhí móran fear litreacht in Albain ó mheádhan na h-aoise déigheanaighe go meádhan na h- aoise láthairighe, níos mó, b'fhéidir, iona in aon tír d'a meud san domhan; acht níor chuir fear de na fearaibh litreachta so aon suim sa nGaedhilig a dtíre. Bhí dá ádhbhar fá nar chuireadar suim innte; an cheud ádhbhar, de bhrigh gur cuireadh gráin agus déisdin orra tre breugnughadh agus tre dánachd Mhic Phearsain agus na mealltóireach do thaobhaigh leis; an dara ádhbhar, de bhrigh gur scanruigheadh iad leis an teanga Fhrancenstínigh do chum na mealltóiridhe as deasgadh na Gaedhilge. Mairfidh Gaedhilig na h-Eirreann de bhrigh go bhfuil freumh agus bunáit aice san aimsir imchéin thábhairfeas í fá deara; acht ní'l aon fhreumh ná bunáit san aimsir imchéin ag Gaedhilig nuaidh na h-Alban; ní'l aon mheas ag aon duine foghlumtha uirri; is scannail le daoinibh
cneasda í, is náire do'n chine ar fad í; ar na h-ádhbhraibh so ní féidir lei marthainn. Tá sé beagnach tri caogad bliadhain ó aistrigheadh Gaedhilig in Albain ar dtús, acht tá daoine ann fós nach leanas teanga láimh-deunta na leabhar, acht labharas Gaedhilig a sinnsear. D'iarr mé, uair amháin nuair bhí mé in Albain, ar shean fhear ó'n Gaodhaltacht, la ville des rois do rádh an Gaedhilig. Dubhairt sé "cathair na riogh" gan stad. "Cad fá nach dubhairt tú cathair nan riogh, óir is mar sin tá sé sgriobhtha in bhur leabhraibh?" ar mise. "Maiseadh," a dubhairt sé a mBeurla, "Ní leanamaoid Gaedhilig na leabhar a gcómhnuidhe; agus measaim nach leantar Gaedhilig na leabhar le mórán daoineadh acht na ministéribh in a seanmóiribh." Ba fíor dhó; agus is iad na ministéridhe do chuir an cheud míorath ar Ghaedhilig in Albain. Tá dá theanga 'nois sna h-áitibh in nach raibh acht aon teanga 'mháin beagán níos mó 'na céad bliadhain ó shoin. Ní imthigheann aon leabhar Gaedhilge na h-Eireann in Albain anois, agus ní imthigheann aon leabhar Gaedhilge na h-Alban in Eirinn. Is díoghbháil mhór í sin do'n Ghaedhilig; acht 'sí díoghbháil níos measa dhi, an eisiom- pláir thug na h-Albanaigh do mhuintir eile; óir má cheart dhóibh teanga no canamhuin nuadh do chumadh, ba cheart é
do na Muimhneachaibh, na Connachtaibh agus na h-Ultaibh an nidh ceudna do dheunamh, agus dá n-deunfaidhe sin, cá fad mhairfeadh an Ghaedhilig? Ní'l aon teanga san domhan gan canamhna; acht muna mbeidh ceann-theanga, no teanga litreachta in gach aon tír thoiligheas teanga dhileas do bheith aice, ní fad go mbeidheadh mio-ordughadh ar fud an domhain, agus is geárr nach mbeidheadh cine ar bith ann, óir 'sí teanga bunáit cineadhachta.
AN NAOMHADH H-ALT. Ní bhfuil aon nidh bheanas re litreacht chómh maith re páipeur nuaidheachta chum teanga do leathnughadh agus chum í do thabhairt fá deara do na daoinibh go coitcheann. Tá a lán de dhaoinibh ann do léighfeadh páipeur nuaidheachta, nach léighfeadh leabhar d'aon chineul, dá fheabhas; agus is inmheasta agus is iontuigthe nach mbeidh Teanga Thíoramhuil na h-Eireann ar bun daingean ins an tír so no go gcuirthear suas páipeur seachtmhuineach innte. Ní bhfuil mórán maitheas' a bhfoillsiughadh míosamhuil, óir is dodheunta nuaidheacht do chur ann. Tuille fós, is í an chuid is aoinfhilte 'gus is coitchinne de theangthaibh bhios ins na páipeuraibh, go h-airighthe sa bpáirt tabhartha do nuaidheacht. Ní raibh páipeur nuaidheachta sa nGaedhilig a riamh no go cuireadh suas ceann beg in America beagán bliadhan
ó shoin a mbaile beg darb ainm Sidni, i Nova Scotia. Is a nGaedhilig Albanaigh sgriobhthar é; 'sé an Mac Talla is ainm de, agus is iontuigthe gurab uathbhásach an chanamhuin in a bhfoillsighthear é; acht is cuma; is ceart agus cóir gach moladh do thabhairt dóibh so le'r cuireadh ar bun é. Thug siad samplóir do na h- Eireannachaibh ba cheart dóibh leanmhuin má's mian leo a dteanga do shaoradh ó bhás obann. Ag so an áit in a gcuirthear sinn a ndochar le usáid an t-sean cló. Ní bheidheadh cosdus páipéir san litir Romhánaigh mórán níos mó 'na leath cosduis páipéir san litir Ghaodhalaigh. Acht is cinnte go mbeidheadh mórán daoineadh nach gcuir- feadh aon t-suim ann muna gclobhuaileadh é sna sean litribh; agus má chuirthear páipeur ar bun sa nGaedhilig, budh h-éigean é do bheith san sean cló. D'eirigh na h- Albanaigh as usáid an t-sean cló timcheall dá chéad bliadhan ó shoin, acht níor clobhuaileadh leabhar ann in Albain riamh, gidh go raibh mórán pean-sgribhinne deunta le Albanachaibh ann, go dtí an t-am luaidhtear shuas. Ní féidir páipeur Gaedhilge do chur ar bun gan airgead, agus cá h-áit as a dtiocfaidh sé? 'Sí mo bharamhuil féin go mba feárr gan páipeur do chur ar bun ar bith muna gcuirthear ar bun daingean é; agus
gidh cóir do gach aon lán mholadh do thabhairt dhóibhsan do chuir an duilleog bheg ar bun i Nova Scotia, measaim go ndeunfadh níos mó d'olc 'na de mhaitheas dá gcuir- feadh suas páipeur suarach mar é i nGaedhilig na h- Eireann. Ní thiocfaidh linn duilleog chómh mór leis na páipeuraibh laetheamhula d' Ath-cliath do chur ar bun; acht ba h-éigean é do bheith measamhuil agus deas, — clobhuailte leis an gcló is feárr agus ar an bpáipeur is feárr, agus sgriobhtha sa nGaedhilig is feárr, gan aon fhocal ná line do bheith ann, dá nach bhfaghthar dearbhadh sa n-Gaedhilig do sgriobhadh le daoinibh ag a raibh maighisdreachd uirri, mar Céitinn, O Maolmhuaidh, O Cleirigh, O Donnshleibhe, Bedel agus daoine eile d'a gcineul. Acht tá mórán neitheadh ar a bhfuil riachtanus tráchtadh anois nar tuigeadh agus nar aithnigheadh a n-aimsir na Saoitheadh Gaedhilge luaidh- tear shuas. Má cuirthear suas litreacht nuadh Gaedhilge, budh h-éigean dúinn mórán focal do chumadh ar nach raibh eolas ag na daoinibh a n-allód, mar "bothar iarainn," "long gaile," agus a leitheid; agus budh h-éigean, mar an gceudna, modh nuadh Gaedhilge do chleachtadh, óir luaidhfear neithe nuadha nar tuigeadh agus nar aithnigheadh 'nuair do sgriobhadh Gaedhilig leis na daoinibh foghlumtha ina n-anmna tugthar shuas.
Mar dubhradh i réamh-rádh an leabhair so, tá bearna tri chéad bliadhan sa nGaedhilig, óir níor cleachtadh í le daoinibh foghlamtha ar feadh na h-aimsire sin. D'fhágadh ar gcúl í an tan d' imthigh na teangtha eile ar aghaidh. Ní h-ionann Beurla na h-aimsire so agus Beurla Sécspír. Tuille fós, tigid modha labhartha nuadha isteach in gach aon teanga bheo, agus tigid go minic ó theanga go teanga. Tá mórán modh labhartha sa mBeurla tháinic innte ó 'n bhFraincis, agus tá mórán modh labhartha sa bhFraincis tháinic innte ó'n mBeurla. Tá mórán díobh a nGaedhilig tháinic ó'n mBeurla, agus ní fheicim cionnus is féidir linn d'a ndíbirt, óir is fad ó tháinic siad innte. Tógamaois an rádh so mar shompla, "Do thuit sí a ngrádh leis." Measaim nach bhfuil aon áit in Eirinn in a labhar- thar Gaedhilig in nach gcluinfear an rádh so. Is modh labhartha Beurla é ar na chur a nGaedhilig. Tá mórán rádh mar sin re fághail ar fud na tíre d'eirigh ó'n mBeurla, agus mairfidh siad chómh fhad a's mairfeas an Ghaedhilig; acht is cinnte go bhfuil deich modh' labhartha a mBeurla na h-Eireann d'eirigh ó'n Gaedhilig a n-aghaidh aoin modh' a nGaedhilig do thainic ó'n mBeur- la. Muna mbeith go bhfuilim faoi gheis gan aon fhocal beurla do sgriobhadh san leabhar so, d'fheudas céad
sompla thabhairt de mhodhaibh labhartha atá i n-usáid ar fud Eireann go léir, agus ameasg sliochd na n-Eireannach ar fud an domhain, d'eirigh ó'n Gaedhilig. Dogheibhthear na modha labhartha so ní amháin ameasg daoineadh tuatach ar fud na tíre, acht a measg daoineadh foghlumtha ins na cathrachaibh féin, nar labhair aon fhocal Gaedhilge riamh. Is iontuigthe agus is soilléir de so gur deacar é teanga do mharbhadh go léir. Acht is a n-anmnaibh áiteadh atá an greim is daingne ag a nGaedhilig ar Eirinn. Má éageann sí, agus má eulóigheann sí ó'n teaghlach, mairfidh sí go deo ar chnoc, ar ghleann, ar mhágh, ar mhachaire, ar loch, ar lios ar bhaile 'gus ar bhothar. Ta níos mó áitanmann in Eirinn iona in aon tír eile d'a meud san domhan. Dá mbeith an Ghaedhilig marbh ar fad, agus í gan cáil gan clú gan leabhair, do bheidheadh leor tarronga innte do'n té ag a raibh grádh ar an duthaigh in a rugadh é, do thabhairt air, teanga na duthaighe sin d'fhoghluim. Is cuma cad tiocfas, tá teanga na h-Eireann steria- típe in áitanmnaibh ar a h-aghaidh go deo. Is féidir "Steriatípe;" tá mórán focal mar so bhus riachtanach leigion isteach sa nGaedhilig má's mian linn í fheicsin faoi bhláth a rís. Caithfidh sinn deunamh mar deuntar leis na teangthaibh eile. Ní'l aon teanga mhínighthe in Euróip in nach bhfuil an focal shuas re fághail. Deirid stereotypé a bhFraincis, stercotyperte a nGearmáinis, agus stereotipo in Eadailis. Is ó fhreumh Gréighise tháinic sé.
Leis na coimhightheachaibh agus na cábógaibh cuid na n-anmann so do mhalairt agus do dhíbirt; acht ní fheudaidh d'a malairt agus d'a ndibirt go léir níos mó 'na tiocfaidh leo do chosg abhráin gach fuiseóige sheineas ós na h-áitibh so san spéir. Má chuirthear páipeur nuaidheachta Gaedhilge ar bun, budh riachtanach gach uile litir na h-aibgitre Romháinighe do chur a bhfeidhm; budh h-éigean na litre j, k, q, x, y, agus z, nach bhfuil san aibgitir Gaedhilge anois, do dheunamh a gcuma agus a bhfoirm na litreadh Gaedhilge eile, le h-aghaidh litrighthe focal coimhightheach, anmann daoineadh agus áiteadh, nach féidir a sgriobhadh leis na litribh atá ins a nGaedhilig anois. Ní budh úroibriughadh so, óir mar dubhradh cheana, tá na litre so uile re fághail in san t-sean Ghaedhilig. Acht tá nidh eile, agus measaim gurab é an deacrachd is mó a dtaoibh páipéir seachtmhuinigh do chur ar bun sa nGaedhilig, 'sí sin teirce na gclódhadórach thuigeas Gaedhilig. Ní'l aon eolas ar aon chlódhadóir agam acht ceann amháin ag a bhfuil aon eolas ar Ghaedhilig. Dá mbeith am go leor ag feareagair páipéir chum na ndearbhadh do cheartughadh mar do bheidheadh ag fear sgriobhtha leabhair, ní bheidheadh an chaill aimsire chómh dioghbhálach; acht 'nuair cuirthear páipeur ar
bun, dob éigean a bheith clódhbuailte i gceann ama air- ighthe, budh riachtanach do'n chuid is mó de na clódhadóiribh do bheidheadh ag oibriughadh air, eolas na teanga do bheith aca. Acht cá bhfuil na clodhadóiridhe so re fághail, óir ní féidir páipeur seachtmhuineach Gaedhilge do chur ar bun gan iad? Tá fhios ag na h-uile dhaoinibh go bhfuil sé ar chumas gach aoin chlódhadóra cló Gaedhilge do chur suas, cuir a gcás nach tuigeann sé focal amháin de'n teanga. Tá an chuid is mó de'n Ghaedhilig clóbhuailtear in Eirinn agus in gach uile áit eile, cuirthe suas le daoinibh nach tuigean focal amháin de'n teanga; acht ní oibrighid ar pháipeur nuaidheachta atá go léir a nGaedhilig; ní deirthear riu, "Caithfidh sibh an t-airtiogal sin do chur a gcló taobh istigh uaire go leith," mar dear- fuidhe riu go minic dá mbeidís ag oibriughadh ar pháipeur seachtmhuineach. Dá mba páipeur Gaedhilge san litir Romháinigh é, ar a mbeidheadh clódhadóir gan eolas Gaedhilge ag oibriughadh, ghéabhadh sé an meud trioblóide obair luath do dheunamh air a's do ghéabhadh le páipeur san t-sean litir. Ní féidir le h-aon cló- dhadóir aon teanga chlóbhualadh go luath ná go ceart muna bhfuil eolas aige uirri. Measaim nach bhfuil mórán daoineadh beo ar ar cuireadh níos mó trioblóide 'na oram féin le clobhualadh Gaedhilge. Is minic ba h-éigean
dam tri dearbhaidh d'fhághail, agus tar éis mo shaothair go léir, do bheidheadh an Ghaedhilig lán d'earrádaibh. Ní'l aon amhrus ar bith, dar liom, nach mbeidh páipeura nuaidheachta amháin, acht uile chineul litreachta nuadh sa nGaedhilig go goirid againn, agus is mór an t-iongnadh é, nach bhfuil cinn éigean de na clódhadóiribh in Ath- cliath ag foghluim na teanga. An tan cuirfear páip- eur Gaedhilge ar bun — agus ní fad sul cuirfear ar bun é — 'siad na clódhadóiridhe le eolas ar an teanga toghfar ar dtús re oibriughadh air.
AN DEACHMHADH ALT. Is baramhuil choitcheann í, go h-airighthe a measg daoineadh nach tuigean Gaedhilig ar aon chor, agus a measg na ndaoineadh nach tuigean acht an t-sean Gaedhilig amháin, go bhfuil bearna domhain eidir í 'gus an Ghaedhilig láthairigh. Is fíor go bhfuil mórán dithfre eidir an t-sean Ghaedhilig agus an Ghaedhilig nuaidh, acht ní'l an dithfir chómh mór a's saoilid daoine éigin. Feudhtar a bheith go bhfuil cuid de'n t-sean teanga do sgriobhadh i n-aimsir Naomh Phátraic agus níos déigheanaighe fós, in a bhfuil mórán focal re fághail nach tuigfidhe anois, agus mórán foirmeadh graiméir neamhchoitcheann; acht ba cheart do chuimhniughadh nach bhfuil aon t-sean Ghaedhilig chómh deacair ná chómh cruaidh a's feuchann sí ar an gceud amharc. Tá daoine ann, aistrigheas sean
Ghaedhilig go Beurla, agus deunaid a n-dithcheall chum na Gaedhilge do sgriobhadh a modh in nach tuigfear í acht leis na sgoláiribh cliste agus na daoinibh do thug fad shaothar d'a meamhrughadh. Ní chuirid puinc ná cinn litre innte, mar gheall ar í do bheith gan puinc agus gan cinn-litre san láimh-sgribhinn in ar sgriobhadh í míle bliadhain, b'fhéidir, ó shoin. Ní amháin nach mbionn puinc ná cinn-litre a mórán Gaedhilige aistrigheadh 'gus foillsigheadh go déigheanach, acht ní bhíonn eidirdhealughadh eidir na focalaibh a mórán áiteadh; óir chídhmid go minic go mbid tri no ceithre focail sgriobhtha le chéile, ionnus go bhfeicid mar aon fhocal. Ní ceart do'n Ghaedhilig an cleachtad so, óir scanruighthear mórán ó fhoghluim na teanga, leis. 'Siad na craptha na neithe is deacra 'gus is amadánaighe sa t-sean Gheadhilig mar aon leis an Gaedhilig nuaidh. Do bhí beagán leithsgéil ag na sgriobhnóiribh ins an t-sean aimsir d'a gcleachtadh, óir bhi meamhram, no croiceann sgiobhnóireachda, an daor; acht ní'l aon leithsgeul ag sgriobhnóir Gaedhilge aon chrapadh do chleachtadh 'nois mar gheall ar saoirse páipéir. Ag so sompla Gaedhilge do sgriobhadh timcheall na bliadhna 1050 le Gialla Caemhghin, éigeas Eireannach, fuair bás sa mbliadhain 1072. Ní'l aon duine thuigeas
an Ghadhilig láthaireach, nach tuigfeas í go furas. Is aistriughadh go Gaedhilig é deunta leis an bhfear luaidhtear shuas. Do sgriobhadh ar d-tús é le fear darbh ainm Nenius do mhair san naomhadh aois. Is stáir Breataine agus Eireann í, agus ba Bhreathneach an té lér sgriobhadh ar dtús a Laidinn í, agus d'aistrigh Giolla Caomhghin ó Laidinn go Gaedhilig í: "Iar n-il aimsiribh, tra, ro ghabhsat Romáin flaithus in domhain, ocus ro fhaedsat teachtaire co h-inis Breatan do chuingidh giall ocus eithre, amhail thugsat as gach tír. Do chuadar, imorro, na teachta co dim- dach
gan giall. Ro feargaidheadh in righ. i. Iuil Cesair, re Breathnu, ocus thánig co LX cuile (Long) co indbhear srotha Tamais. Beallinos, imorro, ba righ Breatan in tan sin. Do chuaidh Delabealus, consul righ Breatan, a comhdháil Iuil Ceasair, ocus ro teasga milidh in righ. Is in aimsir sin ro bhris donind ocus anfadh a longa (Ceasair) ocus do rathchuir in righ (Iuil Ceasair) gan cosgur di a thír. Tánig (sé), imorro, a rís, a cinn tri mbliadhan co tri céad long cos in indbhear cédna." Ní'l aon riachtanas an píosa so shuas do chur i nGaedhilig láthairigh, óir is furas a thuigsin, agus is beg an dithfir eidir é agus an Ghaedhilig sgriobhaim féin anois. Is fíor go bhfuil focail éigin ann nach tuigfear go coitcheann anois; acht táid uile re fághail
i bhfoclóir Uí Raghallaigh, acht aon cheann amháin, eadhon "cuile;" sé bád no long is ciall de; acht dubhairt an t-Ollamh Tod, an té lér aistrigheadh Leabhar Nennius ó Ghaedhilig go Beurla, nach Gaedhilig an focal "cuile," gur Gearmáinis é, dar leis.
Is éigin a rádh go bhfuil Gaedhilig an phíosa tugthar faoi dheireadh, an dheacair, gidh gur sgriobhadh é trí chéad bliadhain níos déigheanaighe 'na an píos, as Nennius. Is cosamhuil, b'fhéidir, go raibh an trácht a dtaoibh Naoimh Bhrighde sgriobhtha il-chéad bliadhain sul sgriobhadh san Leabhar Breac é. Chídhfear go bhfuil litriughadh an sgéil um Naoimh-Bhrighid agus righ Laighean, an aosda. Tá "adbhert" in áit "dubhairt;" "foghenaind" in áit "foghnainn;" "fors" ináit "ar;" "fris" in áit "ris;" "in" in áit "an;" "fot" in áit "fad;" "macu" san gcás tabhartach iolradh in áit "macaibh," "coccadh" in áit "cogadh;" "fri" in áit "ri" no "re." Tá mórán focal ann, na tuigfidhe anois, mar "luidh" in ait "do chuaidh;" "dánamsaerthasa" in áit "dá saorfá mé;" "ní cunchim" in áit "ní fhiafruighim," etc. Acht ba chóir dhúinn cuimhniughadh dá mbeidheadh an Ghaedhilig mar na teangthaibh eile, eadhon, d'a labhairt agus d'a sgriobhadh ar fud na tíre dar teanga dhileas í, ní chuir- fidhe a ndearmad na sean fhocail so nach tuigthear anois. Dá mbeidheadh uile shórt leabhar agus uile shórt litreachta sa nGaedhilig mar atá sa mBreathnuis féin, do bheidheadh lán eolais ar na sean fhoclaibh so nach tuigthear anois níos mó 'na Gréigis.
Ag so sompla eile sean Ghaedhilge as an dán is mó, is sine agus is breágha san teanga, eadhon, an "Féilire Oengusa" do sgriobhadh timcheall na bliadhna 800 d'aois Chríosd. Budh deacair filidheacht níos breágha d'fhághail in aon teanga nuaidh no arsaigh 'na cuid de na rannaibh atá i mbrollach an dáin sin. Ní chuirfear síos annso acht na ranna in a labhrann sé a dtaoibh sgriosda dún agus daingean na bPáganach, agus eirghe faoi bhláth de na h-áitibh in ar tógadh na Teampuill Críosduighe:
Chífear é nar cuireadh mórán suime san riaghail litrighthe "Caol le caol agus leathan le leathan" ins an t-sean aimsir, óir éignighthear í a mbeagnach gach líne de na rannaibh shuas. Tá na ceithre priomh-dhuín Eireann luaidhte ins na rannaibh, eadhon, Teamhair, Ráth Chruachain, Dún Aillinne agus Eamhain Mácha; agus chítear go raibh siad chómh falamh agus chómh fásamhuil a n-aimsir Oengusa a's atáid anois. Níor chuireas aon leasughadh ná nuaidheacht ar an t- sean Ghaedhilig d'a dtugadh somplaidhe, acht amháin an punc do chur ar na litribh ar a mbeidheadh punc anois, agus na h-anmna dilse do thosughadh le cinn litribh.
AN T-AONMHAD ALT DÉAG Cá h-áit a labharthar an Ghaedhilig is feárr? Is minic do chualas an cheist so, agus ní furas freagradh ceart do thabhairt di. Do labhair mé Gaedhilig le daoinibh as gach condae in Eirinn agus in Albain in a bhfuil si d'a labhairt, agus tar cheann de sin, ní'lim lán cinnte cá h-áit a chualas an Ghaedhilig dob fheárr. Chítear dam is mar gheall ar an té labharas í go bhfuil sí maith no olc, agus ní mar gheall ar an áit as a dtig sé. Tá daoine ann, sgriobhas Gaedhilig beagnach chómh usa 's chómh ceart a's sgriobhaid Beurla; acht ní féidir leo í labhairt ar aon chor, de bhrigh nar chuireadar rompa í do labhairt. Is nidh tábhachtach é so; óir mar nach feudann teanga marthainn gan leabhair, ní fheudann sí marthainn muna labharthar í. Is í an mhiothoil so d'a labhairt, an
mio-adh airighthe atá ar an teanga. Ní'l aon fhocal di a mbeulaibh na sgoláiridh Gaedhilge is feárr atá againn. Is iongantach an meud daoineadh atá ar fud na n-áiteadh in a maireann sí fós, thuigeas í maith go leor, acht ní labhairfid focal di, má's féidir leo a sheachnadh. Ní tearc, faroir, daoine mar an gasún bocht chonnarcas a gCondae Mhuigheo do luaidheadh san seiseadh alt. Bhí sé ag iarraidh na déirce, acht bhí se a bhfad ro uaibhreach chum Gaedhilge labhairt. 'Siad 'na Breathnuigh na daoine ar nach mbionn náire teanga a sinnsear do labhairt. Ní labhairid na daoine oibrigheas ar na bothraibh iarrainn a mBreatain, focal ar bith acht Breathnuis re chéile, agus is cuma leo cia chluineas iad, má's é a maighisdear Sacsanach féin atá 'na láthair. Meastar go coitcheann gurab a gcúige Chonnacht labharthar an Ghaedhilig is feárr; b'fhéidir gurab eadh; acht deunaid na Connachtaigh féin móran earrád in a labhairt, agus 'siad so na cinn is measa dhíobh: Labhairid na focail "cnoc," "mná," "cnáimh," "tuisleadh," etc., mar sgriobhfuidhe "cruc," "mrá," "cráimh," a's truisleadh" iad. Labhairid "duine," "deunta," "caithte," "measta," "dóirte," mar do sgriobhfuidhe "duini," "deunti," "caithti," "measti,"
"doirti" iad. Acht is ins a mbriatharaibh deunaid an fhaillighe is mó, óir deirid go coitcheann "chuaidhmid," "labharamuid," "chualamuid," "choncamuid" in áit "chuadhmar," "labharamar," "chualamar," "choncamar." Acht is fíor go labhairid na Connachtuigh níos soilléire 'na na daoine as na cúigighibh eile, agus le blas níos taithneamhaighe. 'Siad na lochta labhartha is measa deuntar a gcúige-Mhumhain an son tabhraid na Muimhnigh do na litribh "dh" agus "gh" a ndeireadh focal. Labhairid go coitcheann na focail "cruaidh," ruaidh, "tigh," "dalladh," "mealladh" mar do sgriobhfidhe" "cruaig," "ruaig," "tig," "dallag," "meallag" iad. Cuirid, beagnach a gcomhnuidhe, an son de "g" ar "dh" 'nuair tig "dh" a ndeireadh focal; ar an ádhbhar sin, labharthar leo na h-uile bhriathra an ghotha fhulangigh san am chuaidh thart chriochnuigheas le "dh" mar do chriochnuigh siad le "g." Lochd labhartha eile nach gcluintear acht a gcúige-Mhumhain agus in Albain, labharthar na focail "cuimhne," "doimhneacht," "geimhreadh" beagnach mar do sgriobhfuidhe "cíne," "doineacht," "géara" iad. Acht is éigean a rádh go gcoimeudthar sean fhoirme na mbriathar mórán níos feárr a gcúige- Mhumhain iona in aon áit eile in a labharthar an
Ghaedhilig. 'Sí baramhuil mórán daoineadh foghlamtha gurab i gCondae an Chláir labharthar an Ghaedhilig is feárr. Seachnuid daoine na condae sin mórán droch labhartha cúige Chonnacht agus deiscirt cúige Mhuamhan. Dála Gaedhilge cúige Uladh, ní furas baramhuil do thabhairt uirri, óir is beg an meud Gaedhilge labharthar ann anois acht a gcondae Dúin-na-nGall amháin. Cúig a's fiche bliadhna ó shoin do cluinti móran Gaedhilge san Iubhar, a gCarraig mac Rois, a nDúndalgan agus in iomad áiteadh eile ar fud oirthir cúige Uladh; acht is beg, faraoir, an meud Gaedhilge cluintear sna h-áitibh sin anois. Tá Gaedhilig deiscirt condae Dúin-na-nGall an chosamhuil re canamhuin cúige Chon- nacht; féadtar a rádh gurab ionann canamhna deiscirt Dúin-na-ngall agus tuaiscirt Chonnacht; acht nuair téidhmid níos faide a dtuaigh go bruachaibh Locha Súile, ní chluinimid an chanamhuin ceudna. 'Sí Gaedhilig na h-Alban agus blas na canamhna sin cluintear ann, labhairt cúige Mhumhan chuirid na h-Albanuigh ar fhoc- laibh mar "crann," "dall," "cuimhne," etc. Tá focail an chinéil sin ar na labhairt ar feadh cúige Uladh go léir mar labharthar iad a gcúige Chonnacht. 'Sí an
dithfir is mó eidir Gaedhilig cúige Uladh agus Gaedhilig na gcúigeadh eile, an son geárr chuireas na h-Ulaidh ar na gothaibh; labhairid na focail "arán," amadán," "folláin," mar sgriobhfaidhe "aran," "amadan," "follan" iad, gan síne fada ar an goth "a" Ní'l aon chondae eile in Eirinn in a bhfuil an meud sin dithfre eidir canamhuin Gaedhilge d'a tuaisceart agus d'a deasceart a's atá a gcondae Dúin-na-nGall. Dubhairt an Saoi O Bradaigh riom níos mó 'na fiche bliadhain ó shoin gurabh éigean dó uair amháin (ba feadh- manach iasgaireachd é) eidirtheanguightheoir do bheith aige ar aisdear do rinne sé a nDún-na-nGall, óir ní raibh Gaedhilig aige féin. Thug sé Gaedhealgóir maith leis, fear ó áit éigin a gcúige Chonnacht. Do thuig sé daoine deiscirt Dúin-na-nGall an mhaith; acht bhí sé buailte go léir a n-InisEoghain, agus ar bhruachaibh Locha Súile. Tuigthear de so go bhfuil móran dithfre sa n- Gaedhilig deiscirt agus tuaiscirt Dúin-na-nGall. Ba h-éigean d' O Bradaigh eidirtheanguightheoir eile d' fhaghail, agus an Connachtach do chur a bhaile. Nach taisbeuntar de so amadánachd canamhna na Gaedhilge do chur a gcuimhne le n-a gclobhualadh. Chómh luath a's tig faillighe 'gus dreioghteachd ar theanga, scoiltidh sí a gcanamhnaibh, agus bíd mórán teangadh
ins na h-áithibh in nach raibh acht aon teanga 'mháin. Dá gclobhuailfidhe gach uile canamhuin Gaedhilge atá in Eirinn, ní h-é aon fhoclóir acht leath-fhichead ba riach- tanach d'fhághail chum na teanga do thuigsin. Ní'l aon nidh bhaineas ris an Gaedhilig, ná chuireas bac níos measa ar a foghluim, ar a fás agus ar a leathnughadh 'na na canamhna suaracha so. Muna gcuirthear síos iad le baramhuil phubluidhe na nEireannach go léir, ní thiocfuidh leo a dteanga thíoramhuil do shaoradh ó bhás. Ní cóir ar an ádhbhar sin, aon chineul Gaedhilge do chur a gcló dá nach bhfaghmaoid a samhuil a leabhraibh do sgriobhadh le fearaibh mar Céitinn, mar O Maolmhuaidh do sgriobh "Lochrann na gCreidmheach," no Lucerna Fidelium, dá ngoirthear níos coitchinne air; mar Dunshléibhe do sgriobh an "Teagasg Criosduighe;" mar O Domhnaill d'aistrigh an tiomnadh Nuadh, mar Charseul do sgriobh an "Leabhar Urnuighe Gaedhilge;" agus na h-iomad úghdar eile dá dtáinic a leabhair síos chughainn. B'fhéidir nach féadaid na h-uile dhaoine Gaedhilig do sgriobhadh chómh maith ná chómh ceart leis na daoinibh ainmnighthear; acht má dheunann sgribhneoir a dhithchioll chum na teanga do sgriobh siad do sgriobhadh, agus chum an t-sompla do thug siad, do leanmhuin, ní cóir lochd d'fhághail air. Acht 'nuair sgriobhaid daoine cineul
Gaedhilge nach bhfuil re fághail in aon leabhar, agus nach tuigeann aon duine acht iad so as aon áit amháin, a deirim go ndeunaid daoine mar iad dioghbháil ar an teanga in a sgriobhaid; agus is deacair re meas go bhfuil fíor ghrádh ag aon neach ar a theanga no ar a thír 'nuair is mian leis a chanamhum thruaillighthe féin do chur ós cionn Gaedhilge na ndaoineadh foghlumtha ain- mnighthear shuas, agus a chondae no a phairáisde féin do chur ós cionn Eireann uile. Ní bhfuil aon ádhbhar againn re meas go raibh canamhna san t-sean Ghaedhilig. Má do bhí, ní'l aon dearbhadh dhe re fághail san t-sean litreacht Gaedhilge tháinic anuas chughainn. Is cuma cá h-áit in Eirinn no in Albain in a sgrióbhfaidhe leabhair, ba h-ionnan an teanga in a sgriobhfaidhe iad dá sgriobhfaidhe san am céadna iad. Acht is éigean a radh nar sgriobh na Ceithre Maighisdridhe a dteang a an-aimsire. Do sgriobh siad san seachtmhadh aois deug acht is a dteanga na deachmhadh aoise, no níos moiche, in a sgriobhadar, agus tá cuid d'a sgribhinn níos deacra re tuigsin iona sgribhinn na h-aonmhadh aoise deug dá dtugthar sompla cheana. Ní bheidh an Ghaedhilig ar an slighe threoruigheas chum slánuigheachta no go mbeidh gach duine foghlumtha innte, agus iad so ag a bhfuil aon eolas litreach, dá lugha,
uirri, toileamhuil gach nidh micheart a gcanamhuin a n-áiteadh féin do sheachnadh, agus do chur ar gcúl, agus foirme agus focail cearta do chleachdadh, is cuma cad é an cúige no cad í an chondae as a dtigid. 'Sí an "Locánacht" so ba mhallacht na h-Eireann ó thús na h-aimsire, agus is í mallacht na Gaedhilge anois. Ní mheasann an chuid is mó dhíobh so labharas í fós, aon nidh lán ceart innte, muna gcualadar é san áit in ar tógadh suas iad féin. 'Sé sin do thug ar fhear ar a raibh eolas agam in America do rádh go n-aithbheoghaidhe an Ghaedhilig níos usa, í do bheith marbh; óir dá mbeidheadh sí marbh, ní bheidheadh níos mó troda a dtaoibh a labhartha ná a graiméir. Ní aontuighim leis an mbaramhuil sin ar aon chor; acht chuireas síos í re taisbeunadh na díoghbhála deuntar ar an Gaedhilig le "Locánacht." Le sompla Gaedhilge na h-Alban ós ár súilibh, agus na stáide uathbhásaighe in a bhfuil sí, ag malairt ó ló go ló, a riocht go sganruigheann sí, ní amháin na coigcriocha, acht na daoine féin dar teanga dhileas í, is cóir dhúinne ar ndithchioll do dheunamh teanga mhínighthe na h-Eireann do choimeud glan. Ar labhairt a dtaoibh labhartha na Gaedilge 'gus na n-áiteadh in a labharthar an chanamhuin is feárr dhi, ní budh móran as bealach do rádh nach cualas riamh an
Ghaedhilig d'a labhairt níos feárr iona le sean fhear Albanach do rugadh a gCanada. Chuaidh a shinnsear go Canada timcheall na bliadhna 1790, sul cuireadh a foirm láthaireach ar Gaedhilig na tíre sin, no sul milleadh í. Ba Ghaedhilig na h-Eireann do labhair an fear sin; níor bhféidir leis léigheadh ná sgriobhadh; agus mar gheall ar sin, do labhair sé go ceart; óir bhí Gaedhilig nuadh na leabhar Albanach, neamhaitheannta dhó. Is fíor go ndubhairt sé "cha" in áit "ní" beagnach a gcomhnuidhe; acht tá a fhios ag gach aon le eolas ar an Gaedhilig go bhfuil "cha" lán ceart, agus go gcluintear é ar feadh cúige Uladh ar fad, in gach áit in a labharthar an t-sean theanga fós.
AN DARA H-ALT DEUG. Tá mórán Gaedhilge nar fhoillsi- gheadh fós re fághail ins na "Sgribhinnibh Naisiúntacha Eire- annacha" atá ins an Ard Sgoil Rioghamhuil, in Ath-cliath. Tá Gaedhilig ann ó'n ochtmhadh aois gus an seachtmhadh aois déag, agus is truagh nach bhfuil níos mó eolais uirri, óir bhiadh cuid dhí lan tairbheach dóibh so ag a bhfuil mian d'fhoghluim Gaedhilge, agus a n-eolas ar stáir na h-Eireann do mheudughadh. Tá an litir leanas re feicsin ins an bhfoillsiughadh mór luaidhtear shuas. Do sgriobhadh í le Seáan O Neill chum fir ionad na bainrighna sa mbliadhain 1561. Chídhfear gur sgriobhadh a nGaedhilig cheirt í, agus nach bhfuil acht beagán eugsamhulachd eidir an Gaedhilig atá innte agus an chanamhuin láthairigh. Tugthar mar sgriobhadh le O Néill í; ní deuntar aon mhalairt innte
acht cinn-litre do chur a dtosach anmann dileas, agus beagán stad do chur a bhfeidhm, óir ní bhfuil stad ar bith sa bprimh-litir:
Ní mheasaim go bhfuil aon Ghaedhilig ann, dá shine, atá mórán níos deacra re tuigsin iona an litir so Sheáain Ui Néill. Mar dubhradh cheana, ni'l aon stad innte ó thús go deireadh, agus ní'l aon chinn-litir innte acht an ceann le 'dtosuigheann an litir. Re tabhairt uirri bheith níos deacra fós, is iomadach na crapaidh atá innte. Ní mór an t-iongnadh, ar an ádhbhar sin, go ndearnadh an té le'r aistrigh í agus le'r aithsgriobhadh í 'sna "Sgribhinnibh Naisiúntacha Eirean- nacha," mórán dearmad innte. 'Sí cóib photograiphe* dhi atá san Ard Sgoil Ríoghamhuil, agus is iontuigthe go bhfuil an sgribhinn seargtha tar éis tuillidh a's tri céad bliadhan; agus má tá dearmuid san aithsgriobhadh dhi, tá go leor leith-sgeul ag an té le'r dearnadh iad. Is ionann teanga na litre so Ui Néill agus Gaedhilic an lae 'ndiu, acht tá'n litriughadh an shean. Is anamh ata "nn" re fághail innte, tá "nd" cuirthe 'n a áit beagnac a gcomhnuidhe, mar "cend" in áit "ceann;" "Eirind" in áit "Eirinn," etc. 'Sé an nidh is measa innte, dar liom, litriughadh an cháis ainmnigh iolraidh de "litir;" 'sé "literachadh" a n-áit "litre" no "litreacha" deuntar dhe le O Néill. 'Sí "litreacha" *Photograiphe; so focal eile is riachdanach do leigion sa nGaedhilig. Ní'l aon teanga in Euróip in nach faghthar é.
an fhoirm is coitchinne sgriobhthar anois; acht measaim féin go bhfuil "litre" an fhoirm is feárr do'n ainmneach iolradh, agus do'n gheineamhnach uatha, agus is mar sin sgriobaid na Ceithre Maighisdridhe í. Is ó'n bhfocal Laidne, litera, tháinic an focal Gaedhilge, litir. Tá litir eile ó Sheáan O Néill chum fir-ionaid na bainrioghna Elisabet re feicsin san leabhar as ar tógbhadh an ceann shuas. Ní'l aon dearbhadh 'gainn má sgriobhadh na litre so le O Néill féin no le n-a rún- cléireach; is dócha gur sgriobhadh le n-a rún-cléireach iad, óir ní h-ionnan sgribhinn an chomhartha agus sgribhinn na litreadh féin.
AN TREAS ALT DÉAG. Ní'l aon chine daoineadh fhoghluimeas teangtha coigcriocha chómh mall le luchd an Bheurla. Deirthear go bhfuil na Fraincigh níos measa fós d'a bhfoghluim, acht ní mheasaim go bhfuilid. Is iongantach an luas le foghluimid Fraincigh na Canada an Beurla. Chonnarcas mórán Francach a gCanada 'gus ins na Stáidibh Aontuighthe do labhair Beurla a modh nach saoil- fidhe le h-aon duine gurbh Fraincaigh iad; acht ní dheunaid dearmad ar a dteanga féin go deo. Saoilid an chuid is mó dhíobh so dá bhfuil an Beurla a dteanga dhileas, go h-airighthe a Sacsain agus in America, go bhfuil an Beurla i n-dán re bheith 'na teanga labhar- far leis na h-uile dhaoiníbh ar fud an domhain go goirid. Níor smuaineadh riamh smuaineadh níos amad-
ánaighe 'na 'n smuaineadh sin; ní féidir le h-aon teanga bheith catoileaca, 'sé sin, ar na labhairt go coitecheann arfud an domhain go léir. Sul thiocfadh nidh mar sin, ba h-éigean do'n domhan go léir do bheith 'n a aon chine agus faoi aon riaghail, nidh nach tiocfaidh go dti deireadh an domhain. Cia mheasas go n-éireóchaidh na Fraincigh, na Gearmáinigh, na Sbáinigh, agus na Ruisigh as a dteangthaibh féin chum Beurla labhairt? Ní mheasfaidhe é le h-aon duine ag a mbeidheadh lide céille coitchinne. Is fíor gur mór, an mhór an teanga an Beurla. Tá sé in Eirinn, agus fanfaidh sí innte. Ní cóir na teangtha bege do sgrios, mar nach cóir na cineadhacha bege do sgrios. Má h-aithbheoghaid na h-Eireannuigh a dteanga, ní bheidh riachtanach dhóibh an Beurla do dhibhirt; acht budh cheart dóibh a mbeith dá-theangach mar atá mórán cineadhach eile. Deunamaois aireamh garbh ar an meud daoineadh dá-theangach atá ar Mór-thír na h-Eorpa: Tá sé milliún daoineadh i mBelgium agus tá, ar an laighead, tri milliún díobh so labharas dá theanga, eadhon, Fraincis agus Flemis. Tá tri milliún daoineadh a Suitserland, agus tá ar an laighead, milliún go leith dhíobh so labharas Fraincis agus Garmáinis. Tá dá milliún daoineadh in Alsas-Lorréin
agus Lucsemburg, agus tá ar an laighead milliún díobh so labharas dá theanga, eadhon, Fraincis agus Gearmáinis. Tá níos mó na dá fhichid milliún daoineadh in impireacht na h-Austria, dá bhfuil Gear- máinis n'a ceann-theanga, agus tá, ar an laighead, cúig milliúin díobh so labharas Gearmáinis agus ceann éigin de na h-il-theangthaib atá d'a labhairt leis na h- il-chineadhachaibh atá faoi chumhachd Austria. Do réir an chunntais so, agus ní mheasaim go bhfuil sé a bhfad ar seachrán, tá deich milliún go leith daoineadh 'sa Mór-thír na h-Eorpa labharas dá theanga. Creud fá nach féidir leis na h-Eireannachaibh do dheunamh an neithe deuntar le deich milliún go leith de dhaoinibh eile? B'fhéidir go ndearfar go bhfuil níos mó dithfre eidir Beurla 'gus Gaedhilig iona tá eidir Fraincis agus Gearmáinis. Go deimhin ní bhfuil. Ní'l dá theanga in Euróip eidir a bhfuil dithfir níos doimhne 'na eidir an dá theanga shuas; agus tá gach aon cheann de na h-iltheangthaibh atá faoi chumhacht Austria eugsamhuil go léir ó Ghearmáinis. In aimhdheoin na h-uile mío-adh, 'gus miófhortún do lean an Ghaedhilig ar feadh níos mó 'na tri chéad bliadhan; in aimhdheoin an dearmaid rinneadh uirri leo so darbh chóir a cuimhniughadh agus a cothughadh; agus
in aimhdheoin an déistin agus an dimheasta fuair sí ó n-a cloinn féin, is mór agus is mínighthe an teanga í, — freagarach do'n óráididhe 'gus do'n fhile, do'n fhealsamh agus do'n sheanmóiridhe. Acht 'sé an seinnteoir abhrán darab cóir an Ghaedhilig do ghrádhughadh; agus deirthear le h-aos ceoil do chuala abhráin d'a ngabháil innte, nach bhfuil aon teanga eile chómh binn lei a mbeul an abhránuidhe. Sin an seod luachmhar ar a bhfuil déistion agus dímheas ag mórán de mhuintir na h-Eireann. CRIOCH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services